An Bhruiséil,28.7.2023

COM(2023) 461 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

Tuarascáil leathbhliantúil maidir le cur i bhfeidhm oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe gaolmhara de bhun Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)9700 ón gCoimisiún




1 Eanáir 2023 - 30 Meitheamh 2023


Clár Ábhar

1.Réamhrá

2.Cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta sa chéad leath de 2023

3.Costas an chistithe agus fuílligh leachtachta

4.Garspriocanna eile i L1 2023

5.Céimeanna chun éiceachóras Bhannaí an Aontais a fhorbairt tuilleadh

6.Ionchas eisiúna don dara leath de 2023

7.Conclúid

Iarscríbhinn: Straitéis Maoinithe an Aontais Eorpaigh – Cuspóirí, Acmhainn agus Táscairí Cur Chun Feidhme

1.Réamhrá

Tá an Coimisiún ag fáil cistí ar iasacht thar ceann an Aontais Eorpaigh le breis agus 40 bliain. Le 3 bliana anuas, tá claochlú mór tagtha ar láithreacht an Aontais i margaí caipitil na hEorpa agus ar an úsáid a bhaineann sé astu toisc go bhfuil cláir mhóra i bhfeidhm mar SURE 1 , NextGenerationEU, agus Cúnamh Macra-Airgeadais (MFA)+ don Úcráin á gcur i bhfeidhm aige. Tá dliteanais díreach os cionn EUR 400 billiún gan íoc ag an Aontas i láthair na huaire mar thoradh ar eisiúint bannaí a rinne sé. Eisíodh thart ar EUR 370 billiún de ó 2020.

Bhí leabhar beartaíochta nua ar fad ag teastáil ón gCoimisiún chun eisiúintí bannaí a mhaoiniú go rathúil ar a leithéid de scála. Nuair a bhunaigh sé NextGenerationEU, dhréachtaigh sé straitéis cistiúcháin éagsúlaithe den chineál a chuir na heisitheoirí ceannasacha is mó sa limistéar euro i bhfeidhm. I gcomhréir leis na cleachtais is fearr a úsáideann na heisitheoirí sin, úsáidtear sa straitéis maoinithe éagsúlaithe ionstraimí maoinithe éagsúla (bannaí an Aontais agus billí an Aontais) agus teicnící maoinithe (sindeacáití agus ceantanna) chun riachtanais mhaoinithe fhadtéarmacha agus ghearrthéarmacha a chlúdach.

Leathnaíodh raon feidhme na straitéise maoinithe éagsúlaithe i mí na Nollag 2022 chun a chur ar chumas an Choimisiúin na buntáistí a bhaineann leis an straitéis bainistithe fiachais seo atá níos solúbtha agus níos éifeachtaí ó thaobh costais de a leathnú amach go MFA+ don Úcráin agus do chláir iasachtaíochta agus iasachtaithe eile a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, rud a chruthaíonn cur chuige maoinithe aontaithe do chláir iasachtaíochta agus iasachtaithe uile an Aontais. Faoin gcur chuige maoinithe aontaithe seo, eisíonn an Coimisiún bannaí aon‑bhranda an Aontais, seachas eisiúintí arna n‑ainmniú ar leithligh a chur ar fáil trí pholasaí mar a bhíodh á dhéanamh roimhe seo.

Bosca 1: Úsáid fáltas ó eisiúint Bannaí an Aontais

Faoi Next GenerationEU (NGEU), féadfaidh an Coimisiún suas le EUR 806.9 billiún a thiomsú idir lár 2021 agus 2026 trí Bhannaí an Aontais a eisiúint, rud a fhágann go mbeidh an tAontas ar cheann de na heisitheoirí fiachais is mó sa tréimhse seo maidir le heisiúint fiachais arna sloinneadh in euro. Go dtí eo, íocadh amach breis agus EUR 183 bhilliún: EUR 153.4 billiún leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus EUR 29.8 billiún le buiséad an Aontais. Tá na Ballstáit ag athbhreithniú a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi láthair chun machnamh a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an leithdháileadh tacaíochta athbhreithnithe neamh-inaisíoctha, chun iasachtaí breise a iarraidh más inmhianaithe, nó chun oiriúnú do thosaíochtaí nua agus do dheiseanna maoinithe breise, faoi REPowerEU. Mar thoradh ar athbhreithniú na bpleananna seo, glacfar le níos mó iasachtaí NGEU. Nuair a chuirtear isteach iad, ní mór don Choimisiún na pleananna seo a mheas agus ansin ní mór don Chomhairle iad a cheadú.

Ina theannta sin, in 2023, tá an tAontas ag cur suas le EUR 18 mbilliún ar fáil mar iasachtaí MFA+ ar ardleibhéal lamháltais don Úcráin. Íocfar amach na hiasachtaí seo i dtráthchodanna rialta lena gclúdófar tuairim is an leathchuid de riachtanais chistithe ghearrthéarmacha na hÚcráine do 2023 mar a mheasann údaráis na hÚcráine agus an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta iad. Sa chéad leath de 2023, íocadh amach EUR 9 mbilliún leis an Úcráin cheana féin faoin gclár MFA+.

An 20 Meitheamh 2023, mhol an Coimisiún ionstraim maoinithe thiomnaithe a chur ar bun don Úcráin ina bhfuil deontas agus iasachtaí suas le EUR 50 billiún don tréimhse 2024 -2027. Meastar go mbeidh EUR 33 bhilliún i bhfoirm iasachtaí, a mhaoineofar le heisiúint bannaí an Aontais a thosóidh in 2024 faoi réir an chomhaontaithe idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle.

Leis an tuarascáil leathbhliantúil seo, a tháirgtear i gcomhréir le hAirteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)9700 ón gCoimisiún, déantar athbhreithniú ar an gcéad 6 mhí de chur chun feidhme an chur chuige aontaithe cistithe. Ní dhéantar meastóireacht inti ar an mbealach ar úsáideadh na fáltais, lena n‑áirítear le haghaidh caiteachas glas, mar go gcumhdófar é sin i dtuarascálacha ar leith faoi na Rialacháin le haghaidh gach ionstraime. Scrúdaítear freisin na céimeanna atá á nglacadh ag an gCoimisiún chun éiceachóras Bhannaí an Aontais a fhorbairt tuilleadh – agus é mar aidhm leachtacht Bhannaí an Aontais a mhéadú agus cóireáil mhargaidh a éascú a léiríonn méideanna eisiúna agus neart creidmheasa an Aontais. Ar deireadh, cuirtear ionchas d’eisiúint Bhannaí an Aontais sa dara leath de 2023 ar fáil inti.

San iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo cuirtear i láthair freisin an straitéis uileghabhálach bainistithe fiachais lena dtreoraítear cur chun feidhme an chur chuige aontaithe atá ag an gCoimisiún i leith cistithe. Chuir an Coimisiún an méid sin le chéile mar fhreagra ar mholadh ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) inar iarradh go ndéanfaí straitéis den sórt sin a cheapadh agus go sonrófaí táscairí is féidir a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar a cur chun feidhme. Cuirtear na cuspóirí agus na modhanna a thacaíonn leis an straitéis i láthair san iarscríbhinn, mar aon leis na táscairí a úsáidfidh an Coimisiún chun faireachán a dhéanamh ar a cur chun feidhme.

Is cuid de shreabhadh faisnéise rialta chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle í an tuarascáil leathbhliantúil, trína gcuirtear trédhearcacht agus cuntasacht ar fáil maidir le hoibríochtaí bainistíochta fiachais an Aontais a chur i bhfeidhm. Ó tharla go bhfuil cur chuige lárnach d’oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais Eorpaigh á dhéanamh den straitéis chistiúcháin éagsúlaithe sa Rialachán Airgeadais, tá an tuarascáil seo á hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 220a den Rialachán Airgeadais agus déanfar amhlaidh le gach tuarascáil amach anseo. Ceanglaítear leis an Rialachán seo tuairisciú tráthrialta cuimsitheach ar gach gné de straitéis iasachtaíochta agus bainistithe fiachais an Aontais Eorpaigh.

2.Cur chun feidhme oibríochtaí iasachtaíochta sa chéad leath de 2023

Sa chéad leath de 2023 lean an Coimisiún dá chuspóirí cistí a thiomsú sna margaí ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil trína chur chuige aontaithe maoinithe a chur i bhfeidhm. Agus é sin á dhéanamh aige, bhí an Coimisiún in ann, in ainneoin luaineacht an mhargaidh, a ghealltanais go léir maidir le híocaíocht amach a chomhlíonadh faoi NextGenerationEU agus MFA+ in am. Ag an am céanna, d’fhan méideanna eisiúna agus aibíochtaí laistigh de na paraiméadair réamhshocraithe, agus bhí téarmaí maoinithe i gcomhréir le téarmaí eisitheora de mhéid agus de rátáil fhabhrach an Aontais. Cuirtear i láthair sna míreanna thíos cuid de na príomh-chomhpháirteanna d’oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Choimisiúin sa chéad leath de 2023. Tugtar tuilleadh sonraí maidir le cur i bhfeidhm straitéis cistiúcháin an Choimisiúin le linn na tréimhse sin san Iarscríbhinn.

Forghníomhú an phlean maoinithe don chéad leath de 2023

I mí na Nollag 2022, d’fhógair an Coimisiún a phlean cistithe don tréimhse ó mhí Eanáir go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023. Ba é seo an chéad phlean cistithe a chlúdaigh ní hamháin NextGenerationEU, ach cláir iasachtaíochta agus iasachtaithe eile freisin, go háirithe MFA+ don Úcráin.

Sa chéad leath de 2023, d’fhógair an Coimisiún oibríochtaí cistithe fadtéarmacha suas le EUR 80 billiún agus d’eisigh sé EUR 78 billiún mar Bhannaí an Aontais faoi dheireadh, le meánaibíocht thart ar 14 bliana. D’úsáid an Coimisiún meascán sindeacáití (60 %) agus ceantanna (40 %). Scaipeadh na 15 idirbheart thar na sé mhí iomlána chun láithreacht rialta sa mhargadh a áirithiú. Sa chéad leath de 2023 (L1 2023), cuireadh líon níos airde idirbheart i bhfeidhm ná mar a cuireadh i bhfeidhm sa dara leath de 2022, rud a léiríonn an sprioc cistithe níos airde i L1 2023 (suas le EUR 80 billiún i L1 2023 i gcomparáid le EUR 50 billiún i L2 2022). Bhí meánmhéid níos ísle i gceist le hidirbhearta freisin i bhfianaise na ndálaí dúshlánacha agus luaineacha sa mhargadh a bhí i réim sa chéad leath de 2023.

Leis na hidirbhearta sna chéad sé mhí de 2023, shroich méid iomlán na mBannaí AE gan íoc díreach os cionn EUR 400 billiún ar tiomsaíodh os cionn EUR 44 bhilliún de trí bhannaí glasa NGEU a eisiúint. Sa chéad leath de 2023, thiomsaigh an Coimisiún EUR 7.732 billiún trí dhá bhanna glasa atá ann cheana a thapáil. Mhéadaigh an dá idirbheart an méid a bhí amuigh i leith an dá bhanna sin agus ar an gcaoi sin chuir siad le cuar bannaí glasa NextGenerationEU atá an‑leachtach a thógáil agus an chuma air go mbeidh sé ar an gclár bannaí glasa is mó ar domhan.

Sa chéad leath de 2023, d’eisigh an Coimisiún Billí 3 mhí an Aontais agus Billí 6 mhí an Aontais trí cheantanna démhíosúla chun riachtanais chistithe ghearrthéarmacha a chomhlíonadh, agus bhí EUR 18.7 billiún i mbillí an Aontais gan íoc ag deireadh mhí an Mheithimh 2023. Úsáideadh dhá cheant déag chun 24 Bhille AE a eisiúint ag a raibh meánmhéid thart ar EUR 1 billiún an ceann.

Íocaíochtaí amach

De thoradh na n‑idirbheart seo, d’éirigh leis an Aontas leanúint de mhaoiniú réidh a dhéanamh ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát tríd na fáltais a íoc amach go tráthúil. Rinne an Coimisiún na híocaíochtaí amach ar fad leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a luaithe a bhí siad dlite, taobh istigh de 6 lá oibre tar éis an íocaíocht amach a údarú ar an meán. Ní raibh aon mhoilleanna ann.

Sa chéad leath de 2023, d’íoc an Coimisiún amach EUR 14.7 billiún leis na Ballstáit faoi RRF. Is mar thacaíocht neamh-inaisíoctha a tugadh EUR 12.7 billiún den mhéid sin agus is mar iasachtaí a tugadh an EUR 2.0 billiún de. Sa chéad leath de 2023, d’aistrigh an Coimisiún EUR 6.9 billiún chuig buiséad an Aontais chun ranníocaíocht a dhéanamh le cláir amhail Fís Eorpach, Ciste InvestEU, ReactEU, an Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU), an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), agus an Ciste um Aistriú Cóir.

Tríd is tríd, ó thús NextGenerationEU i samhradh 2021, chuir an Coimisiún EUR 184.2 billiún ar fáil: EUR 153.4 billiún de thacaíocht agus d’iasachtaí neamh-inaisíoctha do Bhallstáit (EUR 106.3 billiún mar thacaíocht neamh-inaisíoctha agus EUR 47.1 billiún mar iasachtaí) faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus EUR 30.9 billiún do chláir chaiteachais eile arna maoiniú ag NextGenerationEU.

De bhreis ar na híocaíochtaí amach sin le haghaidh NextGenerationEU, sa chéad leath de 2023, d’íoc an Coimisiún amach EUR 9 mbilliún leis an Úcráin faoin gclár MFA+, arna chistiú trí eisiúint bannaí faoin gcur chuige cistithe aontaithe. Ar an iomlán, d’íoc an Coimisiún amach thart ar EUR 30 billiún san iomlán le haghaidh NGEU agus an MFA+ don Úcráin le chéile sa chéad leath de 2023. Bhí tionchar ag an athbhreithniú leanúnach na mBallstát ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta ar luas íocaíochtaí amach NGEU. De réir an chreata dhlíthiúil, tá am ag na Ballstáit go dtí mí Lúnasa 2023 chun iasachtaí breise a iarraidh agus ní mór don Choimisiún an 30 % eile den tacaíocht neamh-inaisíoctha agus na hiasachtaí breise a ghealladh faoi dheireadh 2023. Ag an am céanna, ní mór tosaíochtaí nua REPowerEU, mar aon leis na hacmhainní breise, a léiriú freisin. Dá bhrí sin, tá na Ballstáit uile ag díriú ar athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid pleananna chun na spriocdhátaí dlíthiúla agus na tosaíochtaí nua sin a chomhlíonadh.

Éileamh Infheisteoirí agus leachtacht margaidh thánaistigh

Dainneoin luaineacht sna rátaí a breathnaíodh le linn na tréimhse, lean idirbhearta de thacaíocht margaidh láidir a bheith acu, agus bhí idirbhearta sindeacáitithe sa chéad leath de 2023 ró-shuibscríofa idir 6 agus 15 uaire. Téann bonn infheisteoirí cothrom, éagsúlaithe ina bhfuil ionadaíocht mhaith ar chineálacha éagsúla infheisteoirí, agus arb as gach cearn den domhan iad, chun tairbhe don Aontas 2 .

Léirítear an tacaíocht láidir sin i bpréimheanna eisiúna nua (NIPanna) 3 atá íseal go seasta agus a bhíonn á néileamh ag infheisteoirí mar lamháltas nuair a eisíonn an tAontas bannaí trí shindeacáitiú. Bhí NIPanna beagán níos ísle ná mar a bhí sa dara leath de 2022. Maidir leis na hoibríochtaí maoinithe sa chéad leath den bhliain seo, bhí an mheánphréimh eisiúna nua beagán faoi bhun 2 bhonnphointe, agus an ceann is ísle ag 1 bhonnphointe agus an ceann is airde ag 3 bhonnphointe. Léiriú atá sa lamháltas praghais réasúnta íseal tráth na heisiúna gur eisitheoir rialta intuartha a bhí san Aontas i gcónaí le linn na tréimhse seo. Is comhartha iontaoibhe ó na margaí é sin, in éineacht leis an éileamh láidir leanúnach ó infheisteoirí, agus is ábhar muiníne é gur féidir leis an Aontas leanúint dá chuid bannaí a dhíol.

Láimhdeachas ráithiúil margaidh thánaistigh Bhannaí an Aontais agus bhannaí rialtais Eorpacha (% den mhéid gan íoc)

Foinse: An Coimisiún Eorpach, bunaithe ar shonraí Bloomberg.

Nóta: Tá margadh na mBannaí Rialtais Eorpacha anseo comhdhéanta de bhannaí ceannasacha de chuid an limistéir euro, den tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais agus den Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE).

Ní raibh sonraí maidir leis an margadh seo ar fáil do R1 2023.

Tá leachtacht margaidh thánaistigh Bhannaí an Aontais ar aon dul le leachtacht margaidh thánaistigh na mbannaí rialtais Eorpacha, i gcoibhneas leis na suimeanna atá gan íoc. Cuireadh borradh faoin leachtacht sin sa chéad leath de 2023 trí thapáil fhorleathan a dhéanamh ar na línte cistiúcháin atá ann cheana, agus baineadh leas as 70 % den mhéid cistiúcháin trí thapanna. Seoladh línte cistiúcháin nua freisin chun línte tagarmhairc nua a thabhairt don mhargadh.

3.Costas an chistithe agus fuílligh leachtachta

Costas an chistithe

Sa chéad leath de 2023, tháinig méadú ar chostais úis agus bainistithe fiachais de réir choinníollacha ginearálta an mhargaidh. Meastar go bhfuil costas an chistithe don tréimhse ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2023 4 gar do 3.2 %, i gcomparáid le 2.6 % sa seimeastar roimhe sin.

Ó thús 2022, tá luas an mhéadaithe ar rátaí úis i gcás gach eisitheora, an tAontas san áireamh, ar cheann de na luasanna is géire a chonacthas sna margaí airgeadais le blianta fada anuas. Tháinig méadú ar rátaí úis ar Bhannaí an Aontais 10 mbliana ó 0.09 % tráth an bhanna tionscnaimh 10 mbliana NextGenerationEU i mí an Mheithimh 2021 go 1.53 % i mí na Bealtaine 2022, 2.82 % i mí na Samhna 2022 agus 3.05 % san eisiúint is déanaí i mí an Mheithimh 2023. Tugadh méaduithe inchomparáide faoi deara i gcás eisitheoirí ceannasacha euro a bhfuil ardrátáil acu. Mar shampla, mhéadaigh rátaí úis ar bhannaí rialtais 10 mbliana de chuid na Gearmáine ó thart ar -0.20 % i mí an Mheithimh 2021 go 1.0 % nach mór, i mí na Bealtaine 2022, 2.56 % ag deireadh mhí na Nollag 2022 agus 2.39 % i mí an Mheithimh 2023. Chun aghaidh a thabhairt ar an méadú géar gan fasach ar chostais iasachta, mhol an Coimisiún mar chuid den athbhreithniú meántéarma ar chreat ilbhliantúil 2021 -2027 ionstraim speisialta a bhunú chun sárú an chostais úis a chumhdach go heisiach 5 .

Bhí an táirgeacht ar Bhannaí an Aontais níos airde go seasta ná an táirgeacht a díoc eisitheoirí móra ceannasacha, in ainneoin leachtacht fheabhsaithe, ardacmhainneacht creidmheasa agus soláthar seasta Bhannaí an Aontais. Is féidir an éagsúlacht idir táirgeacht ar Bhannaí an Aontais agus táirgeacht mórcheannasach a mhíniú den chuid is mó trí choinbhinsiún bunaithe an mhargaidh arb é Bannaí an Aontais a phraghsáil i gcoinne an chuair bhabhtála. Léirigh anailís a rinne Bruegel 6 le déanaí gurb í an phraghsáil bhabhtála an príomhspreagadh don chuid is mó den phréimh a íocann an tAontas agus eisitheoirí eile ar phraghas cosúil leis le Bannaí Rialtais Eorpacha agus roinnt comharthaí ann go bhfuil sé seo ina chúis le 90 % den phréimh.

Tá gluaiseachtaí sa chuar babhtála i gcoibhneas le praghas mórcheannasach á spreagadh ag réimse tosca teicniúla agus struchtúracha nach mbaineann le cáilíocht bhunúsach na mbannaí nó le héifeachtúlacht chlár eisiúna an Aontais. Is é an breithniú is tábhachtaí rogha thosaíochta an infheisteora maidir le bannaí ceannasacha seanbhunaithe is féidir a úsáid go héasca agus go saor mar chomhthaobhacht, rogha thosaíochta a gcuirtear béim uirthi nuair a bhíonn strus ar an margadh. Bhí na tosca seo i gceist go mór i dtreo dheireadh an chéad ráithe, tar éis suaitheadh baincéireachta sna Stáit Aontaithe agus táthcheangal Credit Suisse ag UBS san Eoraip 7 . De réir mar a laghdaigh an chobhsaíocht airgeadais, dfhill an leathadh idir bannaí focheannasacha nó fornáisiúnta (SSA) agus bannaí rialtais Eorpacha ar leibhéil a chonacthas ag tús an tseimeastair. Bhí leathadh Bhannaí AE 10 mbliana i gcoinne bannaí Gearmánacha 10 mbliana ag 62 bhonnphointe an 30 Meitheamh 2023, síos ó bhuaic 83 bhonnphointe i mí an Mhárta 2023, agus i gcomhréir leis na leibhéil a chonacthas ag tús an tseimeastair.

Chun praghsáil Bannaí an Aontais a chur ar aon dul le méideanna foluiteacha, leachtacht agus acmhainneacht creidmheasa an chláir, tá céimeanna á nglacadh ag an gCoimisiún (féach Cuid 5) chun coinníollacha a chruthú a chabhródh le trádáil agus praghsáil Bhannaí an Aontais, cosúil leo siúd a bhíonn ag eisitheoirí móra ceannasacha leachtacha. Chun an toradh sin a bhaint amach tá ar rannpháirtithe sa mhargadh freisin a measúnú ar Bhannaí an Aontais agus a ngnásanna ina dtaobh a oiriúnú. Cé go bhfuil an dealramh ann, agus is ábhar misnigh é seo, go bhfuil an t‑athrú seo ar siúl, tá seans go dtógfaidh sé tamall.

Bainistiú leachtachta

Choinnigh an Coimisiún láithreacht rialta agus intuartha sna margaí airgeadais i gcomhréir leis an bplean maoinithe a fógraíodh i mí na Nollag 2022 agus tá dátaí beartaithe le haghaidh ceantanna agus sindeacáití ag gabháil léi seo. Mar sin féin, bhí eis‑sreafaí airgid níos moille ná mar a bhí beartaithe ar dtús, rud a d’fhág go raibh meánsealúchais airgid thirim níos airde sa chéad leath de 2023, is é sin, EUR 36.8 billiún ar an meán i gcomparáid le EUR 25.1 billiún sa seimeastar roimhe sin. Laghdaigh an Coimisiún a iontógáil airgid thirim trí Bille a eisiúint chun láithreacht leanúnach sa mhargadh a chinntiú agus an méadú ar iarmhéideanna airgid thirim a íoslaghdú ag an am céanna.

Ní raibh costais ábhartha do na cláir a dtacaítear leo i gceist mar thoradh ar mhéideanna níos airde na sealúchas leachtachta. B’ionann iad sin agus EUR 23.3 milliún ar na sealúchais airgid thirim ó mhí Eanáir go mí an Mheithimh 2023. Roinnfear na costais sin go comhréireach idir buiséad an Aontais agus tairbhithe iasachta ag deireadh 2023.

4.Garspriocanna eile i L1 2023

An 12 Meitheamh 2023, d’fhoilsigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa torthaí a tuarascála speisialta maidir le hoibríochtaí bainistithe fiachais NextGenerationEU. Sa tuarascáil seo, rinne CIE measúnú an raibh córais éifeachtacha forbartha ag an gCoimisiún chun an fiachas a bailíodh chun NextGenerationEU a mhaoiniú. Soláthraíonn an tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach ar bhunú agus ar bhainistiú oibríochtaí maoinithe an Aontais go dtí seo, in éineacht le moltaí úsáideacha do ghníomhartha amach anseo.

Tháinig CIE ar an gconclúid ‘gur fhorbair an Coimisiún córas bainistíochta fiachais go tapa lenar féidir na cistí a theastaíonn le haghaidh NextGenerationEU a fháil ar iasacht ar bhealach tráthúil (…)' agus gur léirigh '(…) costais iasachtaíochta seasamh margaidh an Choimisiúin. Chomhlíon an Coimisiún freisin na príomhcheanglais rialála go léir a bhaineann le punann fiachais agus bainistiú riosca.’

Áiríodh sa tuarascáil freisin cúig mholadh le haghaidh feabhsuithe breise ar bhainistiú fiachais an Choimisiúin: (i) feidhm mheánoifige ar leith a bhunú; (ii) ról an Phríomhoifigigh Riosca a threisiú; (iii) straitéis don lucht saothair a chur i bhfeidhm; (iv) cuspóirí soiléire bainistíochta fiachais agus táscairí gaolmhara a cheapadh; agus (v) comhsheasmhacht ar dhoiciméadacht inmheánach a áirithiú.

Cuirtear fáilte roimh mholtaí CIE maidir le hiarrachtaí an Choimisiúin lena sheasamh ar mhargaí caipitil a fheabhsú (féach Cuid 5 thíos). Tá an Coimisiún ag obair cheana féin chun na moltaí seo a chur i bhfeidhm ar bhealach tráthúil.

Freagraíonn an tuarascáil seo cheana féin don cheathrú moladh ó CIE, ina n‑éilítear go ndéanfar straitéis uileghabhálach bainistithe fiachais a fhorbairt chun bonn eolais a chur faoi chur chun feidhme an chur chuige aontaithe atá ag an gCoimisiún i leith cistithe. San iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo cuirtear i láthair straitéis bainistithe fiachais den sórt sin, ag tosú ó na príomhchuspóirí atá á treorú, agus ón bhealach a gcuirtear na príomhghiarálacha atá ar fáil don Choimisiún i bhfeidhm. Tacaítear leis an straitéis trí shraith táscairí a úsáidfear chun monatóireacht a dhéanamh ar an mbealach a gcuirtear an straitéis i bhfeidhm. Déanfar na táscairí seo a nuashonrú agus déanfar trácht orthu in eagráin amach anseo.

5.Céimeanna chun éiceachóras Bhannaí an Aontais a fhorbairt tuilleadh

Ba gharsprioc thábhachtach é cur chuige maoinithe aontaithe a bhunú amhail Eanáir 2023 chun creat láidir a thógáil chun freastal ar riachtanais mhaoinithe an Aontais ar shlí chomh héifeachtúil agus is féidir. Cuireann an cur chuige seo ar chumas an Choimisiúin gach eisiúint a phleanáil, a dhéanamh agus a chur in iúl ar bhealach sofhreagrúil, comhleanúnach, faoi chomhchreat riosca, comhlíonta agus rialachais do gach oibríocht iasachtaíochta.

Mar sin féin, in ainneoin an chlaochlaithe leanúnaigh seo ar an Aontas mar eisitheoir agus an athraithe de réir a chéile i gcóireáil Bhannaí an Aontais, leanann margaí de bheith ag caitheamh le Bannaí an Aontais 8 agus á bpraghsáil i gcoinne an chuair bhabhtála. Dfhonn tacú le haistriú i dtreo modh praghsála lena léirítear ar bhealach níos fearr buneilimintí eisiúintí an Aontais, tá roinnt bearta á nglacadh ag an gCoimisiún chun tacú le héabhlóid agus leachtacht Bhannaí an Aontais.

Chun trádáil Bhannaí an Aontais sa mhargadh tánaisteach a éascú, cuirfidh an Coimisiún creat i bhfeidhm i R4 2023 chun luachaintí praghsála i leith urrúis de chuid an Aontais a chur ar fáil d’infheisteoirí. Cuirfear an creat i bhfeidhm trí phríomhdhéileálaithe an Aontais a sholáthróidh na luachaintí seo trí ardáin trádála a úsáidtear go forleathan. Ar an gcaoi sin cuirfear feabhas ar aimsiú praghsanna urrúis an Aontais agus laghdófar éiginnteacht do dhéileálaithe agus d’infheisteoirí maidir le trádálacha a fhorghníomhú. Cuirfidh an córas luachana seo ar chumas infheisteoirí muinín a bheith acu go bhfuil na praghsanna margaidh a luaitear le haghaidh urrúis AE ar ardáin trádála iontaofa agus go dtacaíonn príomhdhéileálaithe an Aontais leo. Rinneadh an Cinneadh ón gCoimisiún lena mbunaítear Líonra na bPríomhdhéileálaithe a leasú chun na socruithe nua seo a bhunú. Tiocfaidh na socruithe seo i bhfeidhm san fhómhar agus úsáidfear iad mar chuid den chóras chun príomhdhéileálaithe a roghnú le bheith i gceannas agus i gcomhcheannas ar shainorduithe ón mbliain seo chugainn.

De bhreis air sin, tá tús curtha ag an gCoimisiún le hullmhúcháin a dhéanamh do shaoráid athcheannaigh (‘repo’) chun tacú le rannpháirtithe an mhargaidh a gcuid bannaí a thrádáil. Tríd an tsaoráid athcheannaigh, cuirfidh an Coimisiún a chuid urrús ar fáil ar bhonn sealadach. Ar an gcuma sin cuideoidh sé le príomhdhéileálaithe an Aontais leachtacht a chur ar fáil i mbannaí an Aontais. Ní mór don Choimisiún na hacmhainní is gá chun saoráid athcheannaigh den sórt sin a chur chun feidhme a fháil agus a thógáil ar dtús, agus beidh an tsaoráid sin gníomhach i lár 2022.

Lena chois sin tá an Coimisiún ag leanúint dá rannpháirtíocht ghníomhach le rannpháirtithe sa mhargadh chun an bealach is éifeachtaí a aithint chun leachtacht Bhannaí an Aontais a fheabhsú tuilleadh agus chun a chinntiú gur féidir iad a thrádáil agus a phraghsáil ar bhealaí atá cosúil le bannaí rialtais Eorpacha. Chuige sin, i mí an Mheithimh 2023, sheol an Coimisiún a chéad suirbhé infheisteoirí, inar lorg sé aiseolas ó infheisteoirí maidir le ról innéacsanna Bhannaí Rialtais Eorpacha mar thagarmharcanna i gcinntí infheistíochta na n‑infheisteoirí agus maidir leis an ábharthacht a bhraitear a bhaineann le cuimsiú Bhannaí an Aontais in innéacsanna den sórt sin. Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag leanúint de bheith ag féachaint ar bhealaí chun feabhas a chur ar úsáid Bhannaí an Aontais mar chomhthaobhacht in idirbhearta urraithe déthaobhacha.

Tá dul chun cinn á dhéanamh freisin i gcur i bhfeidhm sheirbhís eisiúna an Aontais (EIS), a chuirfear i bhfeidhm go luath i mí Eanáir 2024. Tríd an tseirbhís seo a chur i bhfeidhm, athróidh an Coimisiún ó chóras socraíochta a úsáid a bhfuil soláthróirí tráchtála seirbhísí socraíochta i gceist leis chuig bonneagar socraíochta atá bunaithe ar an Eurochóras agus a úsáidfear le haghaidh bannaí de chuid an Aontais a eiseofar tar éis an dáta sin. Beidh sé ina bhuntáiste do bhannaí an Aontais a shocraítear tríd an EIS go ndéanfar iad a chomhtháthú i mbonneagar íocaíochta agus socraíochta an Eurochórais (Target/Target2S) – ina mbannaí rialtais Eorpacha – rud a éascóidh a n‑úsáid mar chomhthaobhacht sa Eurochóras.

6.Ionchas eisiúna don dara leath de 2023

Ar an 28 Meitheamh 2023, d’eisigh an Coimisiún a phlean cistithe leathbhliantúil don tréimhse mí Iúil go dtí deireadh mhí na Nollag 2023. Sa dara leath de 2023, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún bannaí an Aontais dar luach EUR 40 billiún a eisiúint, agus iad a chomhlánú le billí AE gearrthéarmacha. Bainfidh an Coimisiún leas as na cistí sin chun NextGenerationEU (lena n‑áirítear íocaíochtaí féideartha faoi REPowerEU) agus MFA+ don Úcráin a mhaoiniú. Is féidir eisiúintí breise a dhéanamh ar scála i bhfad níos lú freisin faoi chláir MFA agus Sásra Cobhsaíochta Eorpaigh atá ann cheana.

Cé go mbeidh eisiúint bhreise i gceist le heisiúint nua chun tacú leis an Úcráin trí Shaoráid Airgeadais na hÚcráine chun tuilleadh iasachtaí a chur ar fáil don Úcráin, ní thosóidh an eisiúint seo ach in 2024 nuair a bheidh an reachtaíocht lena mbunaítear an tSaoráid glactha.

Léiríonn an sprioc chistiúcháin don dara leath de 2023 na riachtanais íocaíochta amach a bhfuiltear ag súil leo ó thairbhithe éagsúla, go háirithe Ballstáit an Aontais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. Tá na Ballstáit ag athbhreithniú a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta faoi láthair chun machnamh a dhéanamh ar leithdháiltí tacaíochta athbhreithnithe neamh-inaisíoctha, chun iasachtaí breise a iarraidh más mian leo, nó chun oiriúnú do thosaíochtaí nua agus do dheiseanna maoinithe breise, faoi REPowerEU. Ina fhianaise sin, cuirfidh eisiúint bannaí EUR 40 bille ar chumas an Aontais na méideanna riachtanacha a thiomsú agus láithreacht rialta sa mhargadh a choinneáil ar feadh an dara leath den bhliain.

7.Conclúid

Sna chéad 6 mhí de 2023, chuir an cur chuige cistithe aontaithe ar a chumas don Choimisiún gar do EUR 80 billiún a thiomsú le haghaidh NextGenerationEU agus le haghaidh MFA+ don Úcráin ag rátaí atá i gcomhréir lena seasamh sa mhargadh. Faoin 30 Meitheamh 2023, tiomsaíodh beagnach EUR 250 billiún faoin gcur chuige maoinithe aontaithe chun NextGenerationEU agus MFA+ don Úcráin a mhaoiniú. Maidir le hinfhaighteacht iarmhéideanna móra ag tús an dara leath den bhliain, in éineacht le moilliú sealadach ar luas na n‑íocaíochtaí amach de réir mar a dhéanann na Ballstáit athbhreithniú ar a bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, léirítear í in eisiúint bannaí cláraithe níos lú (EUR 40 billiún) sa dara leath den bhliain.

Le linn an chéad leath de 2023, tháinig méadú beag ar rátaí úis, ní hamháin don Aontas ach do gach eisitheoir (ceannasach). Tá luas an mhéadaithe níos moille ná mar a bhí sé an bhliain seo caite, agus tá rátaí tar éis tosú ag cobhsú de réir mar a bhíonn margaí ag súil go bhfuil cuid mhaith den ardú rátaí bainc ceannais a theastaíonn chun boilsciú a bhaint amach críochnaithe. Chonacthas luaineacht shuntasach sa tréimhse mar fhreagra ar ionchais mhargaidh a bheith ag athrú faoi mhéaduithe breise ar rátaí. Freagraíodh eisiúint bannaí an Aontais le héileamh láidir seasta ó infheisteoirí le linn na tréimhse seo, in ainneoin luaineacht an mhargaidh a bhí ann i gcónaí.

Is é toradh an choinbhinsiúin margaidh trína ndéantar an tAontas a phraghsáil i gcoinne an chuair bhabhtála go n‑íocann an tAontas préimh os cionn na rátaí a íocann eisitheoirí ceannasacha Bhannaí Rialtais Eorpacha. Chuir sé seo leis an méadú bunúsach ar rátaí margaidh. Is céim mhór chun cinn é an cur chuige aontaithe cistithe nua d’eisiúint Bhannaí an Aontais chun láithreacht mhargaidh an Aontais a chomhdhlúthú. Tá bearta breise á nglacadh ag an gCoimisiún, áfach, chun praghsáil Bhannaí an Aontais a spreagadh i gcomhréir le praghsáil bhannaí eisitheoirí ceannasacha ardráta chun an phréimh a íocann sé ar a eisiúint a laghdú. I measc na mbeart seo tá córas lua praghsanna a bheith i bhfeidhm an fómhar seo agus saoráid athcheannaigh a bhunú (i lár 2024). Chomh maith leis sin, tá sé ag spreagadh an mhargaidh chun feabhas a chur ar úsáid Bhannaí an Aontais mar chomhthaobhacht agus aitheantas a thabhairt dóibh gur fiú iad a áireamh in innéacsanna margaidh bannaí ceannasacha.

Is ionchuir iad na conclúidí agus na moltaí i dtuarascáil speisialta CIE ar oibríochtaí bainistithe fiachais NextGenerationEU maidir le hiarrachtaí an Choimisiúin chun seasamh an Aontais i margaí caipitil an euro a fheabhsú. Tá an Coimisiún ag obair cheana féin chun na moltaí a chur i bhfeidhm ar bhealach tráthúil, agus na cuspóirí agus na táscairí a thuairiscítear san iarscríbhinn a ghabhann leis an tuarascáil seo mar chéim tosaigh.



Iarscríbhinn: Straitéis Maoinithe an Aontais Eorpaigh – Cuspóirí, Acmhainn agus Táscairí Cur Chun Feidhme

Cuspóir na hiarscríbhinne seo

San iarscríbhinn seo tá na príomhchuspóirí a threoraíonn cur chun feidhme straitéis maoinithe éagsúlaithe an Choimisiúin chun cláir iasachtaíochta agus iasachtaithe uile an Aontais a mhaoiniú (i.e. an cur chuige maoinithe aontaithe). Cuireann sé sraith táscairí i láthair chun cur chun feidhme phríomhghnéithe na straitéise a rianú, is é sin, eisiúint bannaí, eisiúint billí, bainistíocht leachtachta agus cumarsáid.

Cuspóirí le cistiú ón Aontas

Cumhachtaítear don Choimisiún le creat dlíthiúil an Aontais iasacht a fháil ó mhargaí caipitil idirnáisiúnta thar ceann an Aontais chun cláir shonracha de chuid an Aontais a chur chun feidhme. Sonraítear sa reachtaíocht lena mbunaítear na cláir sin na méideanna agus na tréimhsí ama ar cheart méideanna a thiomsú iontu, agus leagtar síos inti rialacha maidir le húsáid na bhfáltas. Agus cistí á mbailiú laistigh den chreat seo, tá dhá phríomhchuspóir ag an gCoimisiún:

·Éifeachtacht: A chinntiú go bhfuil an tAontas in ann gealltanais faoi na cláir chúnaimh airgeadais ghaolmhara a chomhlíonadh de réir mar a bheidh siad dlite le haghaidh íocaíochta.

·Éifeachtúlacht: Na dálaí airgeadais is buntáistí a fháil don AE sa mheántéarma agus san fhadtéarma:

I.trí idirbhearta a phleanáil go fónta agus a chur i gcrích go rianúil,

II.tríd na téarmaí is fearr is féidir a fháil sna dálaí margaidh atá ann faoi láthair,

III.agus na nithe seo á ndéanamh aige, fanacht laistigh dacmhainn riosca bhuiséad an Aontais mar atá leagtha amach, go háirithe, leis an gcumhdach buiséadach atá ar fáil do na hoibríochtaí ábhartha agus laistigh den chreat bainistithe riosca doibríochtaí maoinithe an Aontais, mar atá leagtha amach i mBeartas ardleibhéil riosca agus comhlíonta an Choimisiúin 9 . 

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, chuir an Coimisiún straitéis chistiúcháin éagsúlaithe i bhfeidhm in 2021 chun NextGenerationEU (Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2021) 2502 ón gCoimisiún) a mhaoiniú mar a thuairiscítear sa phríomhthuarascáil.

Is é an aidhm uileghabhálach cuar toraidh iomlán agus fíor-leachtach a chruthú agus a choinneáil ar fud na n‑aibíochtaí tagarmhairc go léir a sholáthraíonn sócmhainn airgeadais inrochtana agus iontaofa d’infheisteoirí le haghaidh infheistíochta agus trádála. Áirithítear leis sin, dá réir sin, na dálaí cistiúcháin is buntáistí don Aontas mar eisitheoir agus bainistítear na rioscaí gaolmhara go cuí ag an am céanna.

Modhanna chun na cuspóirí a bhaint amach

Agus a chur chuige cistiúcháin á chur chun feidhme aige, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún an úsáid is fearr a bhaint as na heilimintí go léir a bhfuil smacht aige orthu d’fhonn a phríomhchuspóirí éifeachtúlachta agus éifeachtachta a bhaint amach. Clúdaíonn na heilimintí seo cúig phríomhghné:

a)Cur chun feidhme an chláir Bhannaí an Aontais: Eagraíonn an Coimisiún a eisiúint bannaí trí úsáid a bhaint as na haibíochtaí tagarmhairc go léir ar fud an chuair (suas le 30 bliain). Agus na aibíochtaí iomchuí á roghnú aige le haghaidh na neisiúintí, ní mór don Choimisiún a áirithiú go bhfanfaidh na leibhéil fhuascailte a bheidh ann amach anseo laistigh de na leibhéil is gá chun uasteorainneacha lamhála bhuiséad an Aontais agus rátáil chreidmheasa an Aontais a chosaint. Ag an am céanna coinníonn sé súil ghéar ar thosaíochtaí na ninfheisteoirí agus ar phróifíl na mbannaí atá gan íoc, mar go soláthraíonn sé sraith aibíochtaí dea-chothromaithe don mhargadh ar bhonn rialta. Agus an eisiúint á heagrú aige, úsáideann an Coimisiún idirbhearta agus ceantanna sindeacáitithe. Tá gnéithe éagsúla ag baint leis na formáidí éagsúla ach tá meascán oiriúnach den dá cheann á lorg chun na cláir maoinithe a chur i gcrích go rathúil. De réir mar a bhunaítear an clár eisiúna go daingean, ba cheart go leanfadh úsáid ceantanna le haghaidh eisiúintí bannaí de bheith ag teacht chun cinn agus ag fás le himeacht ama go leibhéil atá inchomparáide le leibhéil eisitheoirí ceannasacha den chaighdeán céanna leis an Aontas agus le haird chuí ar dhálaí an mhargaidh agus ar riachtanais maoinithe.

b)Cur chun feidhme clár Bhillí an Aontais: Cuireann an Coimisiún clár Bhillí an Aontais i bhfeidhm a thugann rochtain don Aontas ar an margadh airgid (aibíochtaí suas le 1 bhliain trí cheant). Úsáidtear an clár seo mar uirlis riachtanach bainistíochta riosca chun leibhéil leordhóthanacha airgid thirim a choinneáil i gcónaí agus chun déileáil le dálaí margaidh airgeadais nó le riachtanais chistiúcháin nach féidir a thuar.

c)Bainistiú leachtachta Glacann an Coimisiún cur chuige stuama maidir le bainistiú inmheánach sreafaí airgid thirim, lena náirithítear go nurraimítear na gealltanais íocaíochta go léir in am agus go seachnaítear easnaimh leachtachta. Féachann sé freisin le hiarmhéideanna leachtachta a bhainistiú bunaithe ar íocaíochtaí amach réamhaisnéise chun iarmhéideanna leachtachta a choinneáil ar aon dul le riachtanais agus chun aon chostais réadacha nó aon chostais deise a eascraíonn as na hiarmhéideanna a theorannú.

d)Líonra na bPríomhdhéileálaithe: Éilíonn cur chun feidhme rathúil na straitéise maoinithe tacaíocht ó Líonra laidir Príomhdhéileálaithe atá in ann na heisiúintí a dháileadh ar bhonn infheisteoirí domhanda agus na rioscaí airgeadais a bhaineann le ceantanna agus sindeacáití a bhainistiú agus a stórasú. Féachann an Coimisiún lena Líonra Príomhdhéileálaithe a choinneáil ar oscailt, chun go mbeidh réimse leathan institiúidí airgeadais in ann páirt a ghlacadh. Ag an am céanna, tá sé mar aidhm aige scileanna iomaíochta agus giarála a chothú laistigh den ghrúpa chun cabhrú le cur chun feidhme agus forbairt rathúil na straitéise cistiúcháin a chinntiú, lena náirítear tacú le leachtacht an mhargaidh thánaistigh maidir le híocaíochtaí amach an Aontais.

e)Cumarsáid le geallsealbhóirí éagsúla agus le piareisitheoirí sa mhargadh: Áirithíonn an Coimisiún cumarsáid rialta, thráthúil agus oscailte le rannpháirtithe sa mhargadh, ar réamhchoinníoll í chun bheith ina heisitheoir iontaofa ar féidir brath air/uirthi. Dá bhrí sin, déanann an Coimisiún cumarsáid thrédhearcach maidir le gnéithe dá phleananna cistiúcháin agus le forghníomhú na nidirbheart cistiúcháin. Is iad na pleananna maoinithe sé mhí príomhthacaíocht na cumarsáide seo, agus iad ag fógairt spriocmhéideanna agus dátaí le haghaidh sindeacáití agus ceantanna sna 6 mhí amach romhainn. Trí chumarsáid chomhsheasmhach, éifeachtach maidir lena ghníomhaíochtaí mar eisitheoir rialta ar mhórscála, féachann an tAontas lena bhonn infheisteoirí a dhoimhniú agus é a leathnú (go geografach). Trí bhainistíocht réamhghníomhach ar chaidrimh le hinfheisteoirí, coinníonn an Coimisiún muinín lena bhonn infheisteoirí agus faigheann sé tuiscint chríochnúil ar a gcuid riachtanas.

Tacaítear le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí thuas trí shraith rialuithe, ina bhfuil dhá ‘líne chosanta’ atá neamhspleách ó thaobh eagraíochta de. Dá mbarr sin is féidir idirbhearta a fhorghníomhú agus a shocrú go héifeachtúil agus cabhraíonn siad le hiompar na bpáirtithe ar fad a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an chláir a choinneáil i bhfráma. Áirithítear leis na rialuithe ex ante agus ex post freisin go ndéantar eisiúintí an Aontais i gcomhréir leis an rialachas agus go gcuirtear san áireamh na dálaí margaidh atá ann faoi láthair.

Breithnithe deiridh

Cuireann príomhghiaráil an chláir ar chumas an Aontais an úsáid is fearr a bhaint as a ardrátáil chreidmheasa agus sraith rialta intuartha d’eisiúintí suntasacha a sholáthar d’infheisteoirí ag an am céanna. Cruthaíonn sé sin ardán don Aontas chun éileamh láidir a mhealladh ó infheisteoirí a bhfuil fonn riosca íseal orthu agus a bhfuil riachtanais mhóra infheistíochta acu, agus ó infheisteoirí a bhfuil riachtanais infheistíochta acu atá á spreagadh ag rialacháin (bainc cheannais, státchistí bainc, bainisteoirí sócmhainní, cistí pinsin agus cuideachtaí árachais).

Cuirtear i láthair i dTábla 1 thíos roinnt táscairí is féidir a mheas agus rianú á dhéanamh ar an gcur chun feidhme a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiúin ar na cúig phríomhghné de chur chuige maoinithe an Aontais agus dá bhrí sin ar an dul chun cinn atá déanta aige i dtreo a chuspóirí uileghabhálacha éifeachtachta agus éifeachtúlachta. Tuairisceoidh an Coimisiún ar na táscairí sin ina thuarascáil leathbhliantúil ar chur chun feidhme na n‑oibríochtaí iasachtaíochta, bainistithe fiachais agus iasachtaithe gaolmhara de bhun Airteagal 12 de Chinneadh Cur Chun Feidhme C(2022)9700 ón gCoimisiún agus tabharfaidh sé trácht ar aon fhorbairtí suntasacha a breathnaíodh.

Tríd na gníomhaíochtaí thuasluaite a dhéanamh go hinniúil, is féidir leis an gCoimisiún na torthaí is éifeachtaí ó thaobh costais de a sheachadadh óna eisiúint thar ceann tairbhithe, lena n‑áirítear buiséad an Aontais, a sheasann na costais ar thacaíocht neamh-inaisíoctha a mhaoinítear le hiasachtaí. Cinntear costas an mhaoinithe d’eisiúint an Aontais, arna ríomh ar bhonn mheán ualaithe a chuid idirbheart maoinithe, go príomha de réir tosca nach bhfuil smacht ag an Aontas orthu – go príomha, rátaí margaidh níos leithne ach i láthair na huaire gluaiseachtaí sa chuar babhtála i gcoibhneas le ráta an mhargaidh freisin. Dá bhrí sin, is iad go príomha tosca seachas cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil an chur chuige aontaithe a imríonn tionchar ar chostas iomlán an mhaoinithe le haghaidh oibríochtaí AE. Mar sin féin, tá cur chun feidhme marthanach, éifeachtach tábhachtach do sheasamh an Aontais sa mhargadh agus dá chuid iarrachtaí trádáil agus praghsáil Bhannaí an Aontais a thabhairt de réir a chéile i gcomhréir níos mó leis na próisis a úsáidtear do cheannasaigh leachtacha Bhannaí Rialtais Eorpacha. Is ar an gcúis sin nach meastar méadrach costais a bheith ina tháscaire iomchuí chun measúnú a dhéanamh ar an úsáid a bhaineann an Coimisiún as na modhanna a bhfuil smacht aige orthu chun príomhchuspóirí éifeachtúlachta agus éifeachtachta a bhaint amach.

Cé nach táscairí iad ar féidir leo a bheith faoi thionchar ag an gcaoi a n‑úsáideann an Coimisiún an ghiaráil atá ar fáil dó faoin straitéis maoinithe, is léir go bhfuil tábhacht lárnach ag baint le faisnéis ar mhéideanna agus ar chostais chun tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil an clár maoinithe ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, áireoidh an Coimisiún faisnéis ar mhéideanna foriomlána agus ar mheánchostas an mhaoinithe ina thuarascálacha leathbhliantúla.

Meabhraítear go bhfuil gnéithe na noibríochtaí iasachtaíochta agus bainistithe fiachais atá le déanamh leagtha amach i gcinneadh bliantúil an Choimisiúin maidir le hiasachtaí a fháil agus i bpleananna maoinithe leathbhliantúla a ghabhann leis, rud a chuireann teorainn le neamhchosaint fhoriomlán bhuiséad an Aontais agus tairbhithe na niasachtaí 10 .

Tábla 1: Táscairí cur chun feidhme maidir le húsáid na modhanna chun cuspóirí éifeachtúlachta agus éifeachtachta an Choimisiúin a bhaint amach

Modhanna

Táscaire

Luach i L1 2023 (mura gcuirtear a mhalairt in iúl)

Trácht ar fhorghníomhú i L1 2023

1)Cur chun feidhme an chláir Bhannaí an Aontais

a)Eisiúintí rialta ar fud an chuair

Eisiúintí rialta bhannaí rialta an Aontais (agus banna glas NGEU) i ngach aibíocht ar fud an chuair (suas le 30 bliain) chun deiseanna infheistíochta a sholáthar do chineálacha éagsúla infheisteoirí mar shlí chun éileamh láidir infheisteoirí a choinneáil agus ar an gcaoi sin an tsolúbthacht a choinneáil chun méideanna eisiúna agus aibíochtaí a chinneadh le haghaidhidirbhearta aonair, ar bhonn dhálaí an mhargaidh.

I.Scoilt aibíochta an chláir eisiúna

1-4 bhliain: 22 %

4-8 bhliain: 15 %

8-12 bhliain: 17 %

12 bhliain 17 mbliana: 11 %

17-23 bhliain: 16 %

23-31 bhliain: 19 %

I L1 2023 shaothraigh an Coimisiún a chuspóir trí eisiúintí bannaí rialta ar fud aibíochtaí éagsúla chun leachtacht a chur ar fáil do chuar an Aontais ar gach deighleog. Scaipeadh na hidirbhearta maoinithe thar an seimeastar iomlán chun láithreacht rialta sa mhargadh a chinntiú. Le linn an tseimeastair, rinneadh líon níos mó idirbheart ná mar a rinneadh sa seimeastar roimhe sin mar gheall ar a) sprioc maoinithe L1 2022 suas le EUR 80 billiún (i gcomparáid le EUR 50 billiún i L1 2022) agus b) meánmhéid níos ísle na n‑idirbheart i bhfianaise dhálaí dúshlánacha, luaineacha an mhargaidh nuair a dréachtaíodh an plean maoinithe don chéad leath de 2023.

Agus láithreacht i ngach buicéad aibíochta tagarmhairc á háirithiú, bhí na heisiúintí, ar an meán, dírithe beagán i dtreo dheireadh fada an chuair (le meánaibíocht eisiúintí 13.5 bliana), i bhfianaise an ghá atá le fuascailtí a scaipeadh le himeacht ama ach éileamh níos láidre freisin ó infheisteoirí ar Bhannaí AE fad-aimseartha.

Chomh maith leis sin, coinníodh eisiúintí bannaí glasa, ar leibhéal níos ísle ná an seimeastar seo caite, áfach, i gcomhréir le caiteachas glas carnach tuairiscithe na mBallstát agus calabrú iomchuí eisiúintí bannaí glasa chuig na caiteachais sin.

II.Eisiúintí a dháileadh go tráthúil

7 sindeacáitiú agus 8 gceant bannaí, rud a fhágann go ndéantar 2-3 eisiúint in aghaidh na míosa.

III.Eisiúintí glasa 11

Thart ar EUR 8 mbilliún trí thapálacha bhannaí 2048 agus 2033.

b)Cothromaíocht chuí ceantanna agus sindeacáití a bhaint amach

Teicnící maoinithe éagsúla a úsáid le cothromaíocht chuí, ag brath ar mhéideanna iomlána eisiúna agus dálaí an mhargaidh, chun rioscaí forghníomhaithe a bhainistiú, leachtacht an mhargaidh thánaistigh a fheabhsú agus costais iasachtaithe a fheabhsú.

IV.Roinn ceant / sindeacáitiú i %

Thart ar 40 % d’eisiúintí bannaí trí cheant.

I L1 2023, mhéadaigh an Coimisiún sciar na mbannaí a eisíodh trí cheantanna go 40 % nach mór. Leibhéal níos airde é seo ná sna seimeastar maoinithe roimhe sin. Bhí sé sin i gcomhréir leis an gcuspóir úsáid na teicníochta seo a leathnú, agus sainiúlachtaí margaidh (e.g. acmhainn ionsúcháin margaidh) agus riachtanais eisiúna á gcur san áireamh (e.g. cumas bannaí atá ann cheana a thapáil trí cheant vs gá le línte nua a eisiúint trí shindeacáití).

c)Bannaí tagarmhairc móra, leachtacha a bhunú

Bannaí an Aontais a thapáil chun an méid atá gan íoc de línte éagsúla a thabhairt chuig leibhéil atá i gcomhréir le línte tagarmhairc móra, leachtacha.

I.Eisiúintí trí bhannaí nua vs méid arna neisiúint trí thapálacha

·EUR 18 mbilliún trí bhannaí nua

·EUR 60.2 billiún trí thapálacha

Agus leachtacht a chuid urrús á cur san áireamh, dúsáid an Coimisiún a idirbhearta chun línte cistiúcháin atá ann cheana a thapáil, agus baineadh leas as 70 % den mhéid cistiúcháin trí thapáil.

Seoladh línte cistiúcháin nua chun línte tagarmhairc nua a thabhairt don mhargadh nuair is gá ar an gcuar, bunaithe ar mholtaí phríomhdhéileálaithe an Aontais. Seoladh bannaí nua 3 bliana, 10 mbliana agus 15 bliana le linn an tseimeastair.

Mar thoradh air sin, tháinig méadú thart ar EUR 4 bhilliún ar an meánmhéid atá gan íoc in aghaidh an bhanna go dtí os cionn EUR 13 bhilliún faoi dheireadh an tseimeastair, rud a chuidigh le leachtacht na mbannaí a fheabhsú.

d)

II.An luas a bhaineann le bannaí nua a thapáil 12

2 mhí

e)

III.Meánmhéid na mbannaí atá gan íoc 13

13 -14 billiún

f)

IV.Láimhdeachas i gcoibhneas le méid na heisiúna

Thart ar 80 % le linn L2 2022

g)

V.Dearbh-láimhdeachas

EUR 241 billiún i L2 2022 i gcomparáid le EUR 236 billiún i L1 2022

d)Próifíl aibíochta eisiúintí Bhannaí an Aontais a bhainistiú agus aird chuí á tabhairt ar an méid seo a leanas:

·An lamháil bhreise sealadach (le haghaidh iasachtaíocht a bhaineann le NGEU) agus an lamháil bhuan (le haghaidh MFA+) faoi bhuiséad an Aontais Eorpaigh

·Íocaíochtaí amach a fhuascailt amach anseo in aon bhliain ar leith

·Riachtanais maidir le tar-rolladh cobhsaí sa todhchaí

·An gá atá le rátáil an Aontais a chosaint chun costais iasachtaíochta ísle a chinntiú san fhadtéarma mar aon le héileamh láidir ón bhonn croí-infheisteoirí.

I.Meánaibíocht na heisiúna

13 -14 bliana

I L1 2023, bhí meánaibíocht 13 -14 bliana ag na heisiúintí bannaí. Léiríodh leis sin cuspóir an Choimisiúin arb í próifíl na bhfuascailtí a scaipeadh le himeacht aimsire agus, ag an am céanna, infheisteoirí a mhealladh chuig idirbhearta i mbunmhargadh an Aontais ag an am céanna. Dfhan an mheánaibíocht faoi bhun na meánaibíochta uasta 17 mbliana atá leagtha amach sa chinneadh bliantúil maidir le hiasachtaíocht do 2023.

Dfhan an tréimhse mheánach go haibíocht an fhiachais atá gan íoc cobhsaí (thart ar 12 bhliain) – rud atá á spreagadh ag eisiúintí roimhe seo den chuid is mó.

Dfhan an t‑athmhaoiniú cobhsaí freisin, rud a léiríonn na heisiúintí a rinneadh roimhe seo agus a bhain leis an bpróifíl fuascailte. 

2)

II.Tréimhse mheánach go haibíocht an fhiachais atá gan íoc

Thart ar 12 bhliain.

3)

III.Athmhaoiniú sa ghearrthéarma, i.e. céatadán de stoc bannaí gan íoc agus billí a aibíonn laistigh den 12 mhí amach romhainn

Níos lú ná 10 %

4)

IV.Athmhaoiniú sa mheántéarma, i.e. céatadán de stoc bannaí gan íoc agus billí a aibíonn laistigh den 5 bliana amach romhainn

Níos lú ná 30 %.

5)Cur chun feidhme clár Bhillí an Aontais

Eisiúint rialta Billí AE a bhfuil aibíochtaí suas le 1 bhliain acu trí cheant chun infheisteoirí breise a mhealladh (nó punanna breise infheisteoirí atá ann cheana) agus chun tacú le bainistiú leachtachta.

I.Méid Bhillí an Aontais atá gan íoc

EUR 15 -20 billiún

Choinnigh an Coimisiún eisiúintí faoi chlár Bhillí an Aontais ar an leibhéal íosta i bhfianaise riachtanas íseal leachtachta agus cistiú fadtéarmach leordhóthanach. Reáchtáladh dhá cheant in aghaidh na míosa, díreach chun fuascailtí a chlúdach. Dá bhrí sin, dfhan fiachas a bhí gan íoc faoi chlár Bhillí an Aontais cobhsaí ag thart ar EUR 15 -20 billiún thar an tréimhse.

6)

II.Líon na gceantanna maidir le Billí an Aontais

12

7)Bainistiú Leachtachta

Comhthiomsú leachtachta a bhainistiú i bhfianaise oibleagáidí íocaíochta, riachtanais maidir le híocaíocht amach agus costais sealbhaíochta airgid, agus aird chuí á tabhairt ar dhálaí margaidh cuntas atá i réim.

I.Líon na dteipeanna íocaíochta de bharr easpa leachtachta

Dada

Déirigh leis an gCoimisiún freastal ar riachtanais eisíocaíochta agus ní raibh teipeanna socraíochta ann le linn an tseimeastair.

8)Líonra na bPríomhdhéileálaithe

Réimse leathan institiúidí airgeadais a mhealladh a léiríonn tiomantas láidir chun tacú le heisiúintí an Aontais

I.Líon na ninstitiúidí a shínigh gealltanais frithgheallta le haghaidh idirbheart le 6 mhí anuas

19

Lean príomhdhéileálaithe an Aontais ag tacú leis an gCoimisiún agus chabhraigh uainíocht ag na siondacáití leis an gCoimisiún an úsáid is fearr a bhaint as na bainc go léir atá incháilithe le bheith mar chuid de shiondacáit.

9)Cumarsáid le geallsealbhóirí agus le piareisitheoirí éagsúla sa mhargadh

Muinín a choinneáil agus a chothú le bonn na n‑infheisteoirí, rannpháirtithe margaidh agus eisitheoirí piaraí chun tacú leis an éileamh ar fhiachas Aontais agus chun tuiscint an Aontais ar dhinimic an mhargaidh agus ar riachtanais infheisteoirí a fheabhsú

I.Imeachtaí ó na hamanna réamhfhógartha maidir le foilsiú pleananna maoinithe

Dada

Choinnigh an Coimisiún cumarsáid rialta agus intuartha leis na margaí ar siúl, i gcomhréir le fógraí roimhe seo. Ní raibh aon imeacht ón sprioc maoinithe thosaigh a fógraíodh le linn an tseimeastair.

Ar bhonn rialta, d’fhoilsigh an Coimisiún staidreamh faoi infheisteoirí a d’fhan cobhsaí agus a thaispeáin go raibh méadú ag teacht i gcónaí ar a bhonn infheisteoirí éagsúlaithe.

II.Imeacht ó na méideanna a fógraíodh sa phlean maoinithe

Níos lú ná EUR 2 bhilliún nó níos lú ná 2 %.

III.Staidreamh dáileacháin infheisteoirí

In aghaidh an chineáil: bainisteoirí cistí 31.4 %, státchistí bainc 30.3 %, bainc cheannais/institiúidí oifigiúla 16.4 %, cistí árachais agus pinsean 14.7 %, bainc 5.2 %, cistí fálaithe 2.0 %

In aghaidh na tíre/an réigiúin: An Ríocht Aontaithe 21.0%, an Ghearmáin 12.9 %, an Fhrainc 12.9 %, Benelux 9.7 %, na Tíortha Nordacha 8.7 %, an Iodáil 8.4 %, an Áise - Aigéan Ciúin 5.5 %, an Ibéir 9.6 %, tíortha AE eile 7.0 %, tíortha eile na hEorpa 2.2 %, Meiriceá 0.4 %, an Meán‑Oirthear agus an Afraic 1.5 %

(1) An Ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE).
(2) Go dtí seo, mheall eisiúintí an Aontais níos mó ná 1600 infheisteoir éagsúil as 70 tír éagsúil san iomlán. Tá tuairim is 65 % de na hinfheisteoirí lonnaithe san Aontas Eorpach, is infheisteoirí idirnáisiúnta atá ag feidhmiú as an Ríocht Aontaithe thart ar 20 % díobh, agus is infheisteoirí idirnáisiúnta eile iad an chuid eile díobh, atá lonnaithe san Áis go príomha. Tá beagnach 70 % de Bhannaí an Aontais a eisíodh ag dul d’infheisteoirí ceannaigh agus coinnigh (i.e. bainisteoirí cistí, cuideachtaí árachais, cistí pinsin agus bainc cheannais). Tá ionadaíocht mhaith ann freisin ar infheisteoirí a éilíonn aibíochtaí éagsúla. Is iad bainc cheannais agus státchistí bainc (ar fearr leo de ghnáth infheistiú a dhéanamh in aibíochtaí suas le 10 mbliana) a cheannaíonn 45 % de Bhannaí an Aontais sna bunmhargaí agus is cistí pinsin agus cuideachtaí árachais (ar fearr leo aibíochtaí os cionn 10 mbliana) a cheannaíonn thart ar 15 % díobh.
(3) Is préimh í an phréimh eisiúna nua seo (NIP) a íocann an teisitheoir dfhonn a chur ina luí ar infheisteoirí a bhannaí a cheannach sa bhunmhargadh seachas sa mhargadh tánaisteach.
(4)  Leithdháiltear na costais úis a thabhaítear ar an mbuiséad agus ar na Ballstáit a fhaigheann iasachtaí i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1095 ón gCoimisiún agus an cinneadh a rinneadh ina dhiaidh sin, Cinneadh (AE) 2022/9701. Leis an modheolaíocht sin, déantar idirdhealú idir trí chatagóir costais éagsúla: (i) costas an chistithe chun íocaíochtaí amach tacaíochta agus iasachta neamh-inaisíoctha a mhaoiniú arna ríomh d’urranna ama leathbhliantúla, (ii) an costas a bhaineann le leachtacht a choinneáil agus a bhainistiú, agus (iii) costais riaracháin.
(5)  Tá tuilleadh eolais le fáil anseo: Doiciméid(europa.eu)
(6)   Costais iasachtaíochta an Aontais: Spreagadh agus dinimic nuair a bhíonn na rátaí ag ardú (europa.eu)
(7)  Is iondúil go mbíonn ath-leithdháileadh láidir ar shócmhainní traidisiúnta sábháilte, amhail bannaí rialtais, mar thoradh ar ghluaiseachtaí seach-riosca, rud a fhágann go leathnóidh leathadh SSA - Bannaí Rialtais Eorpacha.
(8) Mar shampla, bannaí an Aontais a ath-shannadh chuig catagóir chaolchorrlaigh I, mar an gcéanna leis an ath-shannadh a úsáidtear le haghaidh ionstraimí fiachais a eisíonn rialtais láir, i gcreat rialaithe riosca le haghaidh oibríochtaí creidmheasa an BCE amhail an 29 Meitheamh 2023.
(9)   Beartas Ardleibhéil Riosca agus Comhlíonta NGEU (europa.eu)  
(10)   C_2022_9702_F1_COMMISSION_IMPLEMENTING_DECISION_EN_V7_P1_2416109.PDF (europa.eu)
(11) Is féidir tuilleadh faisnéise faoi bhannaí glasa NGEU a fháil i nDeais na mBannaí Glasa NGEU anseo: Deais (europa.eu)
(12) Bunaithe ar mheánlíon na míonna idir eisiúint nua agus an chéad tapáil agus na línte nua a tapáladh le linn an tseimeastair á nglacadh san áireamh
(13) Bannaí atá gan íoc os cionn líon na mbannaí amhail ag deireadh an tseimeastair. Bunaithe ar bhannaí a eisíodh faoin straitéis maoinithe éagsúlaithe