An Bhruiséil,25.7.2023

COM(2023) 456 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar leithdháilte buiséid agus maidir le tionchar na n-aistrithe buiséid ar éifeachteacht Scéim Scoile an Aontais Eorpaigh chun Torthaí, Glasraí agus Bainne a Sholáthar


CLÁR

1.    Réamhrá    

2.    Critéir leithdháilte    

2.1.    An cúlra dlíthiúil    

2.2.    Modheolaíocht chun leithdháiltí táscacha de chabhair an Aontais a shocrú in aghaidh na scoilbhliana tar éis an 1 Lúnasa 2023    

2.2.1.    Foinsí sonraí    

2.2.2.    Ríomhanna    

2.3.    Toradh chur i bhfeidhm na gcritéar leithdháilte    

3.    Tionchar na naistrithe    

3.1.    An cúlra dlíthiúil    

3.2.    Aistrithe arna dtabhú le linn na tréimhse cur chun feidhme 2017-2023    

4.    Conclúidí    



1.Réamhrá

Faoi Airteagal 225(e) agus (f) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 1 , comhlíontar leis an tuarascáil seo dhá cheann d’oibleagáidí tuairiscithe gaolmhara an Choimisiúin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le scéim scoile an Aontais Eorpaigh chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar (‘scéim scoile an Aontais’).

Baineann an chéad oibleagáid le cur i bhfeidhm na gcritéar leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 23a(2), i gcás ina leagtar síos sraith critéar oibiachtúil chun méid foriomlán na cabhrach ón Aontas a leithdháileadh ar scéim scoile an Aontais i measc na mBallstát.

Baineann an dara hoibleagáid le tionchar na naistrithe dá dtagraítear in Airteagal 23a(4) ar éifeachtacht scéim scoile an Aontais i ndáil le dáileadh torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna. Cuireann na forálacha sin ar chumas na mBallstát suas le 20 % dá leithdháiltí táscacha a aistriú uair amháin in aghaidh na scoilbhliana, d’fhéadfaí an céatadán sin a mhéadú go 25 % i gcásanna a bhfuil údar cuí leo 2 .

2.Critéir leithdháilte

2.1.An cúlra dlíthiúil

De réir Airteagal 23a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013, socraítear méid foriomlán na cabhrach ón Aontas do scéim scoile an Aontais ag EUR 220 804 135 in aghaidh na scoilbhliana, EUR 130 608 466 de sin le haghaidh torthaí agus glasraí agus EUR 90 195 669 le haghaidh bainne.

Leithdháiltear na méideanna ar na Ballstáit bunaithe ar na critéir oibiachtúla seo a leanas.

a)Líon na leanaí idir 6 bliana agus 10 mbliana d’aois sa Bhallstát lena mbaineann. Ós rud é go meastar go bhfuil sé ríthábhachtach an sciar de na táirgí sin in aistí bia leanaí a mhéadú go marthanach nuair a bhíonn a nósanna itheacháin á bhfoirmiú. Ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóirí an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) a bhaint amach i margaí a chobhsú agus infhaighteacht soláthairtí reatha agus soláthairtí a bheidh ann amach anseo a áirithiú (féach Aithris 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013).

b)Leibhéal na forbartha réigiúnaí laistigh den Bhallstát lena mbaineann chun a áirithiú go leithdháilfear leibhéal níos airde de chabhair ón Aontas ar réigiúin bheagfhorbartha agus ar na hOileáin Aeigéacha bheaga i gcomhréir le hAirteagal 1(2) de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.

c)Úsáid stairiúil na cabhrach ón Aontas chun bainne agus táirgí bainne a sholáthar do leanaí sa bhreis ar na critéir dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b).

Bunaithe ar na critéir oibiachtúla sin, leag an Chomhairle amach leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas de réir Ballstáit ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 31 Iúil 2023 i Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle 3 .

Foráiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 5(4) den Rialachán sin nach mór don Choimisiún, amhail ón 1 Lúnasa 2023, leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas a shocrú de réir na scoilbhliana ar gach Ballstát. Ní mór an chabhair ón Aontas a bheith de réir na gcritéar leithdháilte céanna agus ní mór an t‑íosmhéid a bhfuil na Ballstáit ina theideal a chur san áireamh (EUR 290 000 le haghaidh torthaí agus glasraí do scoileanna agus EUR 193 000 le haghaidh bainne do scoileanna) ionas gur féidir le Ballstáit a bhfuil méid déimeagrafach teoranta acu scéim chostéifeachtach a chur chun feidhme.

Ar an mbonn sin, tá na leithdháiltí táscacha socraithe ag an gCoimisiún don tréimhse 6 bliana ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2029. Cumhdaítear leis sin an tréimhse cur chun feidhme a leagtar amach sna straitéisí nach mór do na Ballstáit a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Aibreán 2023, i gcomhréir le hAirteagal 2(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún 4 .

2.2.Modheolaíocht chun leithdháiltí táscacha de chabhair an Aontais a shocrú in aghaidh na scoilbhliana tar éis an 1 Lúnasa 2023

2.2.1.Foinsí sonraí

a)Baineadh líon na leanaí idir 6-10 mbliana d’aois as na sonraí is déanaí ó Eurostat ‘Daonra an 1 Eanáir de réir aoise agus gnéis’. Tháinig méadú 2 % ar an líon iomlán leanaí idir 6-10 mbliana d’aois in AE-27 in 2021 i gcomparáid le 2012. Bhí na méaduithe is mó (sa réimse + 20 %) cláraithe sa tSlóivéin, sa tSuasalainn, i Málta, i Lucsamburg agus i bPoblacht na Seice. Tháinig laghdú 13 % ar an daonáireamh sa Phortaingéil, idir 5 % agus 8 % sa Rómáin, san Ísiltír, sa Danmhairg, san Iodáil agus san Ungáir, agus 4 % sa Ghréig agus sa Chróit araon.

b)Réigiúin bheagfhorbartha: sainítear na catagóirí i gcreat reachtach ‘2021-2027’ an Bheartais Chomhtháthaithe 5 . Is iad seo na réigiúin ar leibhéal NUTS2 ina bhfuil OTI/ceann (in CCC — Caighdeán Cumhachta Ceannaigh) níos lú ná 75 % de mheán AE-27. Sainmhínítear na hOileáin bheaga Aeigéacha in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 6 a bheith ann mar na hoileáin uile sa Mhuir Aeigéach cé is moite d’oileáin na Créite agus Evia (comhfhreagraíonn siad sin don réigiún ag NUTS 2 a léirítear mar an Ghréig 42, Notio Aigaio agus cuirtear san áireamh iad mar na réigiúin bheagfhorbartha eile).

c)Baintear an úsáid stairiúil as dearbhuithe míosúla caiteachais na mBallstát arna seoladh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 7 ón gCoimisiún (míreanna buiséid 05 02 18 agus 08 02 03 04). Is iad na figiúirí a úsáideadh meánchaiteachas an Aontais arna dhéanamh ag gach Ballstát ar bhainne do scoileanna sna ceithre scoilbhliain dheireanacha: 2017/2018, 2018/2019, 2019/2020 agus 2020/2021. I gcomparáid leis an tréimhse 2012 go dtí 2014, tugtar méadú suntasach ar chaiteachas faoi deara (os cionn 100 %) sa Bhulgáir, i bPoblacht na Seice, in Éirinn, san Iodáil, i Lucsamburg, i Málta agus sa tSlóivéin. Mhéadaigh an tSlóvaic caiteachas faoi 71 %. Mar sin féin, thit an úsáid go mór sa Fhrainc (-96 %) agus sa Bheilg (-54 %). Léiríonn ráta iomlán na húsáide stairiúla ar leibhéal an Aontais go bhfuil méadú 3 % 8 tagtha air.

2.2.2.Ríomhanna

I gcás torthaí agus glasraí scoile, leithdháileadh méid iomlán na cabhrach ón Aontas (EUR 130 608 466) ar na Ballstáit ar dtús, i gcomhréir le critéar a) líon na leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois.

Ina dhiaidh sin, ríomhadh bónas suas le 20 % i gcomhréir le sciar na leanaí idir 6-10 mbliana d’aois sna réigiúin bheagfhorbartha/na hOileáin bheaga Aeigéacha i ngach Ballstát (critéar b). Is é an toradh a bhíonn ar an gcur chuige sin ualú nach mór 5 % don chritéar seo (bónas EUR 7 028 176 ar iomlán EUR 137 636 642).

Rinneadh leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas a eascraíonn as suim na méideanna arna ríomh bunaithe ar chritéir a) agus b) a laghdú go comhréireach chun go mbeadh siad in oiriúint do mhéid iomlán chabhair an Aontais EUR 130 608 466.

Rinneadh leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas ar gach Ballstát a choigeartú freisin chun cloí leis an gceanglas atá ar gach Ballstát EUR 290 000 ar a laghad a fháil. Fuair an Chipir, Lucsamburg agus Málta suim sa bhreis. Laghdaíodh leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas do gach ballstát eile i gcomhréir leis an méid iomlán.

Maidir le bainne do scoileanna, bunaithe ar chritéar a), rinneadh 60 % de mhéid iomlán cabhrach ón Aontas a leithdháileadh ar na Ballstáit i gcomhréir leis an líon leanaí atá idir 6-10 mbliana d’aois. Bunaithe ar chritéar b), leithdháileadh 5 % de mhéid iomlán na cabhrach ón Aontas le haghaidh bainne scoile ar na Ballstáit i gcomhréir le líon na leanaí idir 6-10 mbliana d’aois i réigiúin bheagfhorbartha/oileáin bheaga Aeigéacha.

Sa bhreis ar an dá chritéar sin, leithdháileadh 35 % de mhéid iomlán na cabhrach ón Aontas le haghaidh bainne do scoileanna ar Bhallstáit a raibh meánchaiteachas cabhrach an Aontais in aghaidh an linbh os cionn mheán an Aontais acu i gcomhréir leis an úsáid a baineadh as cabhair ón Aontas sna Ballstáit sin, i gcomhréir le critéar c). Is iad seo a leanas an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Danmhairg, an Eastóin, an Chipir, an Chipir Lucsamburg, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, an tSualainn.

Rinneadh leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas ar gach Ballstát a choigeartú freisin bunaithe ar chritéar a), b), agus c) chun cloí leis an gceanglas atá ar gach Ballstát EUR 193 000 ar a laghad a fháil. Fuair Lucsamburg agus Málta suim sa bhreis. Laghdaíodh leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas do na Ballstáit eile go léir i gcomhréir leis an méid iomlán a urramú (ríomhanna mionsonraithe in Iarscríbhinn II).

2.3.Toradh chur i bhfeidhm na gcritéar leithdháilte

I gcás 10 mBallstát (an Danmhairg, an Eastóin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Liotuáin, an Ungáir, an Ísiltír, an Phortaingéil agus an Rómáin), tá an leithdháileadh táscach nua cabhrach ón Aontas do thorthaí agus glasraí scoile níos ísle ná mar a bhí sa tréimhse roimhe sin. Tá an laghdú níos lú ná 5 % i gcás na Gréige, na Liotuáine agus na hUngáire, tá sé idir 5 % agus 10 %i gcás an Danmhairg, na hEastóine, na Cróite, na hIodáile, na hÍsiltíre, agus na Rómáine, agus is é 15 % an laghdú sin don Phortaingéil.

I gcás 14 Bhallstát (an Bheilg, an Bhulgáir, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, Éire; an Spáinn, an Fhrainc, an Laitvia, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Fhionlainn, agus an tSualainn), is airde atá an leithdháileadh nua táscach cabhrach ón Aontas do thorthaí agus glasraí scoile ná mar a bhí sa tréimhse roimhe sin. Tá an méadú sin níos lú ná 5 % i gcás na Bulgáire, na Gearmáine, na Spáinne, na Fraince, na Laitvia, na hOstaire, na Polainne agus na Fionlainne, ó 5 % go 10 % i gcás na Beilge, Phoblacht na Seice, na hÉireann, agus na Slóvaice, ionann é agus 19 % i gcás na Sualainne agus 20 % i gcás na Slóivéine.

Is é an príomhspreagadh don laghdú nó don mhéadú ar leithdháileadh táscach cabhrach ón Aontas an t‑athrú ar líon na leanaí idir 6 agus 10 mbliana d’aois sna Ballstáit lena mbaineann, agus i gcás na hEastóine ar stádas limistéar mídheisiúil aitheanta.

Maidir leis an gCipir, Lucsamburg agus Málta, níl aon athrú ar an leithdháileadh táscach, a eascraíonn as an gceanglas de minimis (i.e. gheobhaidh gach Ballstát méid EUR 290 000 ar a laghad).

Maidir le bainne do scoileanna, tá leithdháiltí táscacha cabhrach ón Aontas níos ísle faighte ag 15 Bhallstát (an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Ísiltír, an Ostair,an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn) ná mar a fuair siad sa tréimhse roimhe sin.

Tá an laghdú níos lú ná 5 % i gcás na Beilge agus na Spáinne, ó 5 % go 10 % i gcás na Gearmáine, na hÉireann, na Gréige, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Slóivéine agus na Sualainne, agus 14 % i gcás na hIodáile, téann sé ó 20 go 30 % i gcás na Fraince, na Cróite agus na Fionlainne, agus 41 % i gcás na Portaingéile agus 49 % i gcás na Cipire. Tháinig laghdú 13 % ar líon na leanaí idir 6-10 mbliana d’aois sa Phortaingéil agus tháinig laghdú suntasach ar a úsáid stairiúil. Bhí méid níos airde cabhrach faighte ag an gCipir don tréimhse roimhe sin ná mar a bheadh sí i dteideal critéir leithdháilte a chur i bhfeidhm go docht, mar chuid den phlé idirinstitiúideach.

Ar an iomlán, tá athruithe ar na leithdháiltí táscacha do bhainne scoile i bhfad níos suntasaí ná na hathruithe le haghaidh torthaí agus glasraí. Is é is cúis leis sin an tríú critéar a bhaineann le húsáid stairiúil a bhaint as cabhair ón Aontas (thug roinnt Ballstát le fios gur tháinig laghdú suntasach ar an úsáid a bhaintear as cabhair ón Aontas faoin scéim nua).

Nuair a bhreathnaítear ar mhéid táscach iomlán na cabhrach ón Aontas (torthaí agus glasraí, agus bainne), tháinig laghdú suntasach ar thrí Bhallstát: An Chipir (-31 %), an Phortaingéil (-25 %) agus an Fhionlainn (-19 %), nár éirigh le haon cheann acu 100 % den leithdháileadh táscach a úsáid sna ceithre scoilbhliain dheireanacha.

3.Tionchar na naistrithe 

3.1.An cúlra dlíthiúil

Ba scéimeanna ar leithligh iad scéim bainne scoile an Aontais agus scéim torthaí agus glasraí scoile an Aontais go dtí go ndearnadh iad a chumasc ina gcomhchreat dlíthiúil agus airgeadais faoi Rialachán (AE) 2016/791 9 . Mheas Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go gcuirfeadh cur chuige coiteann ar chumas na mBallstát tionchar an dáileacháin a uasmhéadú laistigh de bhuiséad socraithe agus éifeachtúlacht bainistíochta a mhéadú. D’fhonn difríochtaí idir na scéimeanna (agus a slabhraí soláthair) a chur san áireamh, áfach, d’fhan gnéithe áirithe ar leithligh, amhail na buiséid seachtrach.

Ón 1 Lúnasa 2017 i leith, chuir na Ballstáit ar mian leo páirt a ghlacadh sa scéim scoile isteach gach bliain a n‑iarratas ar chabhair ón Aontas ina sonraítear an méid a iarradh do na torthaí agus na glasraí scoile agus an méid a iarradh ar an mbainne scoile. Mar a luadh thuas, le Rialachán (AE) 1308/2013 tugtar an deis do na Ballstáit suas le 20 % de cheann amháin nó den cheann eile dá leithdháiltí táscacha a aistriú uair amháin in aghaidh na scoilbhliana chun gur fearr a bheidh siad in oiriúint dá dtosaíochtaí agus dá riachtanais agus an scéim á cur chun feidhme. Féadfar aistrithe a dhéanamh mar a leanas:

(a)

sula socrófar na leithdháiltí cinntitheacha don chéad scoilbhliain eile, idir leithdháiltí táscacha an Bhallstáit; nó

(b)

tar éis thús na scoilbhliana, idir leithdháiltí cinntitheacha an Bhallstáit, i gcás inar socraíodh leithdháiltí den sórt sin don Bhallstát atá i gceist.

3.2.Aistrithe arna dtabhú le linn na tréimhse cur chun feidhme 2017-2023

Léiríodh sa mheastóireacht ar scéim scoile an Aontais ó 2017/18 go 2020/21 gur bhain 14 Bhallstát úsáid as an bhféidearthacht cabhair ón Aontas a aistriú idir an dá chuid de scéim an Aontais (bunaithe ar athbhreithniú ar dhoiciméid oibre a cuireadh faoi bhráid thoscairí na mBallstát sa Choiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta, táirgí ainmhithe). Baineadh úsáid as den chuid is mó chun cistí a aistriú ó bhainne go torthaí agus glasraí (i 10 mBallstát as na 14 Bhallstát a bhain úsáid as aistrithe). Ba é an phríomhchúis a bhí leis an aistriú ná freastal ar éileamh níos airde ar thorthaí agus ar ghlasraí, i gcomhthráth le tearcúsáid an bhuiséid bainne 10 . 

Níor iarradh gach bliain aistrithe ó na leithdháiltí bainne chuig na leithdháiltí torthaí agus glasraí don 10 mBallstát lena mbaineann agus tháinig athrú ar úsáid an bhuiséid a aistríodh ó bhliain amháin go bliain eile, mar a léirítear sa tábla thíos.

MS

AN BHLIAIN INA nDEARNEADH AN tAISTRIÚ

% ÚSÁIDTE DEN MÉID AISTRITHE

An Bheilg

2017/2018- 2020/2021

0 %

An Danmhairg

2020/2021

0 %

An Ghearmáin

2018/2019

2017/2018, 2019/2020 agus 2020/2021

100 %

0 %

Éire

2017/2018

60 %.

An Spáinn

2017/2018

2018/2019 agus 2019/2020

30 %

0 %

An Chipir

2017/2018

2018/2019

2019/2020

2020/2021

0 %

82 %

0 %

60 %

Lucsamburg

2017/2018- 2020/2021

100 %

Málta

2017/2018

0 %

An Ísiltír

2017/2018

2018/2019

2019/2020 agus 2020/2021

27 %

70 %

0 %

An Ostair

2017/2018-2018/2019 agus 2019/2020

0 %

D’úsáid líon teoranta Ballstát (an Fhrainc, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSualainn) aistrithe ó na leithdháiltí torthaí agus glasraí chuig na leithdháiltí bainne, ach tá na méideanna a aistríodh níos airde. Gach bliain, baineann an tSualainn úsáid as an bhféidearthacht sin ós rud é nach gcuirtear scéim scoile an Aontais Eorpaigh maidir le torthaí agus glasraí i bhfeidhm ansin; mar sin féin, ní úsáidtear an tsuim aistrithe iarbhír. Aistríonn an Fhrainc gar do EUR 4.5 milliún gach bliain chun go mbeidh buiséid chomh suntasach céanna acu do bhainne agus do thorthaí agus glasraí araon. Mar sin féin, níor úsáideadh an dá leithdháileadh den chuid is mó le linn na tréimhse cur chun feidhme ceithre bliana a cumhdaíodh leis an meastóireacht. Ach amháin i gcás na Rómáine, baineadh úsáid iomlán as an méid a aistríodh, mar gheall ar mhinicíocht mhéadaithe i ndáileadh (ar bhonn laethúil).

4.Conclúidí

Chuir an Chomhairle na critéir a leagtar síos i Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 chun méid foriomlán na cabhrach ón Aontas a leithdháileadh ar scéim scoile an Aontais i measc na mBallstát i bhfeidhm, nuair a ghlac sí Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle (maidir leis an tréimhse ón 1 Lúnasa 2017 go dtí an 31 Iúil 2023), agus chuir an Coimisiún i bhfeidhm iad trí bhíthin Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/106 (maidir leis an tréimhse ón 1 Lúnasa 2023 go dtí an 31 Iúil 2029). Glacadh an dara ceann sin tar éis tuairim dhearfach a fháil ón gCoiste um Chomheagrú na Margaí Talmhaíochta an 15/12/2022, inar léirigh 24 Bhallstát, arb ionann iad agus 83 % de dhaonra an Aontais, a dtacaíocht. Is é sin le rá, formhuiníodh cur i bhfeidhm na gcritéar le tromlach mór.

Tá na critéir ábhartha i gcónaí toisc go gcuimsíonn siad trí phríomhphrionsabal: comhréireacht (líon na ndaltaí i ngach Ballstát); comhtháthú (céim forbartha na réigiún); agus éifeachtacht (úsáid stairiúil). Leis an athbhreithniú atá ar siúl faoi láthair ar scéim scoile an Aontais, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar raon feidhme an tríú critéar (úsáid stairiúil) a leathnú chuig torthaí agus glasraí do scoileanna, toisc go bhfuil sé teoranta do bhainne do scoileanna faoi láthair.

Baineadh úsáid as an bhféidearthacht cabhair ón Aontas a aistriú ón mbainne scoile go dtí torthaí agus glasraí scoile den chuid is mó. Rinneadh é sin chun déileáil leis an éileamh atá ag dul i méid ar thorthaí agus ar ghlasraí, rud atá ag teacht, de réir cosúlachtaí, leis an treocht aníos i líon na leanaí a ghlacann páirt sa chuid sin de scéim scoile an Aontais maidir le torthaí agus glasraí agus leis an treocht íslitheach i líon na leanaí a ghlacann páirt i gcuid an bhainne de scéim scoile an Aontais 11 .

Go praiticiúil, níor úsáideadh na méideanna a aistríodh ach suas le 15 % le haghaidh na n‑aistrithe ó bhainne go torthaí agus glasraí, agus 12 % le haghaidh aistrithe ó thorthaí agus glasraí go bainne. Mar sin féin, chuir an fhéidearthacht ar chumas na mBallstát úsáid níos fearr a bhaint as an gcabhair ón Aontas a leithdháileadh i gcás inar gá chun cumhdach a mhéadú i dtéarmaí cainníochta agus minicíochta dáilte. Leis an athbhreithniú leanúnach ar scéim scoile an Aontais, d’fhéadfaí machnamh a dhéanamh ar an gcur chuige a shimpliú trí chead a thabhairt do na Ballstáit a leithdháiltí náisiúnta a úsáid de réir a riachtanas agus mar a thuairiscítear ina straitéisí náisiúnta.

(1) ()    Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena naisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle.
(2) ()    Na Ballstáit a bhfuil na réigiúin is forimeallaí a liostaítear in Airteagal 349 CFAE acu agus i gcásanna eile lena náirítear cásanna inar gá do Bhallstát aghaidh a thabhairt ar staid shonrach mhargaidh san earnáil a chumhdaítear leis an scéim scoile, na hábhair imní ar leith atá aige maidir le tomhaltas íseal ceann amháin de na grúpaí táirgí, nó athruithe eile ar an tsochaí.
(3) ()    Rialachán (AE) Uimh. 1370/2013 ón gComhairle an 16 Nollaig 2013 lena gcinntear bearta maidir le cabhair agus aisíocaíochtaí áirithe a shocrú a bhaineann le comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta.
(4) ()    Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/40 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cabhair ón Aontas chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 907/2014 ón gCoimisiún.
(5) ()     https://cohesiondata.ec.europa.eu/2021-2027-Finances/2021-2027-IJG-Categories-of-NUTS2-regions/uxj2-277b/data
(6) ()    Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha maidir leis an talmhaíocht i bhfabhar na n‑oileán beag Aeigéach agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 Uimh. 1405/2006 ón gComhairle.
(7) ()    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 908/2014 ón gCoimisiún an 6 Lúnasa 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile a íoc, bainistíocht airgeadais, imréiteach cuntas, rialacha maidir le seiceálacha, urrúis agus trédhearcacht.
(8) ()    Leagtar amach in Iarscríbhinn I na táblaí oibre gaolmhara agus na ríomhanna do na trí chritéar.
(9) ()    Rialachán (AE) 2016/791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 maidir leis an scéim cabhrach chun torthaí agus glasraí, bananaí agus bainne a sholáthar i bhforais oideachais.
(10) ()    Tá tábla mionsonraithe d’aistrithe cabhrach ón Aontas idir torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna in Iarscríbhinn III.
(11) ()    Ar an iomlán, sa tréimhse 2017/18-2020/21, tháinig laghdú 2.5 % ar líon na leanaí a bhaineann tairbhe as an gcuid F&V (a bhfuil baint mhór acu le bearta srianta sláinte chun leathadh phaindéim COVID-19 a theorannú). Mar sin féin, léiríonn líon na leanaí a bhaineann tairbhe as cuid an bhainne den scéim titim leanúnach ó 2017/18.

An Bhruiséil,25.7.2023

COM(2023) 456 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann le

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm na gcritéar leithdháilte buiséid agus maidir le tionchar na n-aistrithe buiséid ar éifeachteacht Scéim Scoile an Aontais Eorpaigh chun Torthaí, Glasraí agus Bainne a Sholáthar





Iarscríbhinn I: Táblaí oibre le haghaidh critéir leithdháilte

Iarscríbhinn II: Leithdháileadh táscach cabhrach ón Aontas don scéim scoile chun torthaí, glasraí agus bainne a sholáthar a ríomh

Iarscríbhinn III: Aistriú cabhrach ón Aontas idir torthaí agus glasraí do scoileanna agus bainne do scoileanna

Ballstáit

2017/2018

2018/2019

2019/2020

2020/2021

An phríomhchúis leis na haistrithe (foinse: Suirbhé PA)

Úsáid nó neamhúsáid le haghaidh na méideanna aistrithe

Euro

Euro

Euro

Euro

An Bheilg

22 450

37 529

37 529

37 529

-

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid an bhainne go dtí an chuid F&V.

An Danmhairg

2 987

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid an bhainne go dtí an chuid F&V.

An Ghearmáin

451 361

177 929

384 706

162 902

Éileamh níos airde ar F&V ná ar bhainne ag na scoileanna i gcomhréir leis an leithdháileadh.

Baineadh úsáid as méid na n‑aistrithe, lena dtreisítear cabhair ón Aontas do chuid F&V den scéim in 2018/2019 ach níor úsáideadh é in 2017/2018, 2019/2020 agus 2020/2021.

Éire

117 052

Tearcúsáid an bhuiséid bainne agus cistí neamhleora in F&V.

Baineadh úsáid as méid an aistrithe a rinneadh ó chuid an bhainne go dtí an chuid F&V ag 60 %.

An Spáinn

1 575 696

1 114 961

165 874

Srianta ar údaráis sláinte náisiúnta/réigiúnacha.

Baineadh úsáid as an méid a aistríodh ón gcuid bainne chuig cuid F&V den scéim ag 30 % in 2017/2018 ach níor úsáideadh é in 2018/2019 agus 2019/2020.

An Fhrainc

4 497 617

4 497 617

4 497 617

4 497 617

Coibhéis a bhunú sna buiséid do F&V agus do bhainne d’fhonn rannchuidiú comhionann le tomhaltas táirgí talmhaíochta a bhaint amach.

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid F&V go cuid an bhainne.

An Chipir

100 044

100 044

100 044

100 044

Baineadh úsáid as an méid a aistríodh ó chuid an bhainne chuig cuid F&V den scéim ag 82 % in 2018/2019 agus ag 60 % in 2020/2021.

Níor úsáideadh an méid a aistríodh ó chuid an bhainne chuig cuid F&V den scéim in 2017/2018, baineadh úsáid as ag 82 % in 2018/2019, nár úsáideadh in 2019/2020 agus a úsáideadh ag 60 % in 2020/2021.

Lucsamburg

4 000

30 000

35 000

40 950

Glacadh níos moille le haghaidh bainne agus táirge bainne ná mar a bhíothas ag súil leis.

Baineadh úsáid iomlán as an méid a aistríodh ón gcuid bainne chuig an gcuid F&V den scéim.

Málta

48 250

-

Níor úsáideadh an méid a aistríodh ón gcuid bainne chuig an gcuid F&V den scéim.

An Ísiltír

480 212

480 212

480 212

480 212

-

Baineadh úsáid as an méid a aistríodh ó chuid an bhainne chuig cuid F&V den scéim ag 27 % in 2017/2018, 70 % in 2018/2019 agus in 2019/2020 agus 2020/2021 níor úsáideadh é.

An Ostair

112 546

130 000

150 000

Níos mó éilimh ar thorthaí agus ar ghlasraí ná ar bhainne.

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid an bhainne go dtí an chuid F&V.

An Phortaingéil

426 842

-

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid F&V go cuid an bhainne.

An Rómáin

1 373 370

1 373 370

Bhí go leor údarás conarthach (comhairlí cathrach) a roghnaigh dáileadh bainne de 5 lá in aghaidh na seachtaine. 

Baineadh úsáid iomlán as méid na n‑aistrithe a rinneadh ón gcuid F&V go dtí an chuid bainne.

An tSualainn

570 994

570 994

570 994

570 994

Ní chuireann an tSualainn an chuid torthaí agus glasraí i bhfeidhm den scéim scoile.

Níor úsáideadh méid na n‑aistrithe a rinneadh ó chuid F&V go cuid an bhainne.

Aistrithe M go FV

(9) = 2 911 611

(7) = 2 070 675

(7) = 1 353 365

(6) = 824 354

Aistrithe FV go M

(4) = 6 868 823

(3) = 6 441 981

(2) = 5 068 611

(2) = 5 068 611

Foinse: Doiciméid oibre a chuirtear faoi bhráid thoscairí na mBallstát sa Choiste um chomheagrú na margaí talmhaíochta, táirgí ainmhithe