AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.7.2023
COM(2023) 405 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA, CHUIG AN GCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA HEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN AGUS CHUIG AN GCÚIRT INIÚCHÓIRÍ
Plean Gníomhaíochta Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin - athbhreithniú 2023
{SWD(2023) 245 final}
1.RÉAMHRÁ
Tá dúshláin mhóra roimh an Aontas, lena n‑áirítear boilsciú, téarnamh tar éis na paindéime, an t‑athrú aeráide agus an cogadh foghach ar an Úcráin. Cuireann dúshláin den sórt sin brú ollmhór ar bhuiséad an Aontais. Dá bhrí sin, tá sé níos tábhachtaí ná riamh go dtabharfar cosaint mhaith don bhuiséad agus go sroichfidh cistí an Aontais na faighteoirí atá beartaithe dóibh. I gcás ina dteiptear déanamh amhlaidh, déantar creimeadh ar an muinín atá ann as institiúidí an Aontais agus as an Aontas ina iomláine.
I bhfianaise an mhéid sin, is tráth iomchuí anois é chun machnamh a dhéanamh ar iarrachtaí an Choimisiúin calaois agus neamhrialtachtaí a chomhrac, agus spreagadh úr a thabhairt d’iarrachtaí den sórt sin.
Cé gur freagracht chomhroinnte idir an tAontas agus a Bhallstáit é buiséad an Aontais a chosaint, tá ról ceannasach ag an gCoimisiún Eorpach maidir leis na caighdeáin a leagan síos agus maidir leis an gcreat don fhreagracht chomhroinnte sin a chruthú. Príomhionstraim chun an ról sin a chur chun feidhme is ea Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin (SFC) agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi, an ceann is déanaí ó mhí Aibreáin 2019.
I SFC 2019 sonraíodh go ndéanfaí an plean gníomhaíochta a athbhreithniú agus a leasú de réir mar is iomchuí. Sa lá atá inniu ann, ní mór athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh mar thoradh ar na réaltachtaí nua atá roimh an gCoimisiún agus é ag iarraidh buiséad an Aontais a chosaint. Is é an aidhm atá ann plean gníomhaíochta spriocdhírithe a bheith ann lena n‑imreofar tionchar agus lena dtabharfar aghaidh ar na dúshláin mhéadaithe atá roimh an Aontas i réimse na frithchalaoise agus ag an am céanna cur leis an obair a rinneadh faoi phlean gníomhaíochta 2019.
Dála a réamhtheachtaí, féachann an plean gníomhaíochta athbhreithnithe le gach cuid den timthriall frithchalaoise a neartú: cosc, brath, imscrúdú agus ceartú. Leis an bplean comhlánaítear roinnt tionscnaimh bheartais eile a rinneadh le déanaí agus atá ar siúl i gcónaí, amhail an togra le haghaidh Comhlacht Eitice idirinstitiúideach, an pacáiste Frith-Éillithe, an t‑athmhúnlú ar an Rialachán Airgeadais atá ar siúl, Sásra an Smachta Reachta agus an córas coinníollachta.
Ina theannta sin comhlánaítear leis na himscrúduithe neamhspleácha a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE).
Tá an plean gníomhaíochta athbhreithnithe ag gabháil leis an Teachtaireacht seo.
2.AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA ATHBHREITHNITHE A ULLMHÚ
Is toradh é an plean gníomhaíochta athbhreithnithe ar phróiseas forleathan comhairliúcháin inmheánaigh de chuid an Choimisiúin, go háirithe tríd an Líonra chun Calaois a Bhrath agus a Chosc (FPDNet) ina ndéantar ionadaíocht ar gach roinn agus gach Gníomhaireacht Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin. Is é OLAF a bhí i gceannas ar an bpróiseas, ina cháil mar phríomhroinn an Choimisiúin maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus mar chathaoirleach ar FPDNet. De réir phríomhchonclúid an phróisis chomhairliúcháin sin, cé go bhfuil SFC 2019 fós bailí is gá an plean gníomhaíochta a ghabhann leis a thabhairt cothrom le dáta ar roinnt cúiseanna.
Ar an gcéad dul síos, tá cur chun feidhme phlean gníomhaíochta 2019 curtha i gcrích den chuid is mó. Go dtí seo, tá 60 ceann as na 63 ghníomh curtha i gcrích nó, i gcás gníomhaíochtaí atriallacha nó leanúnacha amhail oiliúint, fós ar siúl. Tá gá le gníomhaíochtaí nua chun dul chun cinn marthanach a áirithiú maidir le cúrsaí frithchalaoise.
Ar an dara dul síos, tharla roinnt forbairtí tábhachtacha ó bhí 2019 ann, lena n‑áirítear tús le creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua do 2021-2027, seoladh NextGenerationEU agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF), agus tús oibríochtaí OIPE.
Chun ullmhú i gcomhair athbhreithniú an phlean gníomhaíochta, rinne OLAF meastóireacht ar chur chun feidhme phlean gníomhaíochta 2019 trí shuirbhé i measc ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin. De réir an tsuirbhé, baineann na bearta is úsáidí i bplean gníomhaíochta 2019 le hoiliúint agus múscailt feasachta maidir le cúrsaí calaoise, le huirlisí coiscthe calaoise atá bunaithe ar TF a neartú, le hobair FPDNet agus le straitéisí frithchalaoise a fheabhsú.
Cuireadh roinnt smaointe ar fáil sa mheastóireacht freisin maidir le gníomhaíochtaí nua a bheidh le cur san áireamh sa phlean athbhreithnithe, go háirithe maidir le húsáid mianadóireachta sonraí agus uirlisí TF eile, comhar le OIPE agus leis na gníomhaireachtaí díláraithe.
Thairis sin, bhailigh agus rinne OLAF anailís ar na príomhrioscaí calaoise a d’aithin ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin, chun na rioscaí calaoise is coitianta agus is suntasaí a shainaithint. Sainaithníodh na príomhrioscaí calaoise seo a leanas:
·dearbhuithe agus doiciméid maidir le soláthar, deontais agus caiteachas riaracháin a fhalsú;
·cistiú dúbailte;
·coinbhleacht leasa, éilliú, fabhraíocht nó claonpháirteachas;
·mí-úsáid a bhaint as faisnéise ón taobh istigh;
·bradaíl;
·tionchar míchuí;
·contrapháirtithe neamhiontaofa;
·rochtain mhíchuí ar ghairis TF, ar chórais, ar chuntais bhainc agus haiceáil.
Foinsí tábhachtacha ábhair don phlean gníomhaíochta athbhreithnithe is ea rúin bhliantúla Pharlaimint na hEorpa maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, tuarascálacha speisialta Chúirt Iniúchóirí na hEorpa chomh maith le himscrúduithe OLAF.
Trí chruinnithe déthaobhacha agus iltaobhacha, agus trí chomhairliúchán i scríbhinn le roinn agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin, bhailigh OLAF breis agus 200 smaoineamh maidir leis na gníomhaíochtaí nua a bheidh le cur san áireamh agus na gníomhaíochtaí dá leanfar ó phlean gníomhaíochta 2019.
Tá roghnú agus foirmliú deiridh na ngníomhaíochtaí faoi threoir ag an uaillmhian maidir le plean gníomhaíochta spriocdhírithe lena n‑imrítear tionchar a bheith ann. Thairis sin, cuireadh an gá le leanúnachas sa mheá i gcoinne an ghá atá le hathnuachan agus nuálaíocht. Tugadh tús áite do ghníomhaíochtaí atá nasctha le forbairtí nua agus le gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar rioscaí tábhachtacha calaoise.
3.NA SEACHT dTÉAMA DE CHUID AN PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA ATHBHREITHNITHE
Cuireadh na 44 ghníomhaíocht i ngrúpaí de réir 7 dtéama a léiríonn tosaíochtaí an Choimisiúin sa chomhrac in aghaidh na calaoise.
1.Digitiú agus úsáid uirlisí TF a chothú chun calaois a chomhrac
De réir chonclúid an phróisis comhairliúcháin ba cheart an digitiú a bheith ina thosaíocht thábhachtach don Choimisiún maidir lena chlár oibre frithchalaoise a chur ar aghaidh. Go háirithe, tá gá le réitigh TF níos corparáidí chun an comhrac i gcoinne na calaoise a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún d’fhéidearthachtaí a fhiosrú chun an digitiú agus an idir-inoibritheacht a mhéadú. Is gá freisin an úsáid a bhaintear as uirlisí TF atá ann cheana amhail Arachne, EDES, SUMMA agus IMS a neartú agus a leathnú a thuilleadh chun calaois a chosc, a bhrath agus a imscrúdú. Déanfar Arachne corparáideach a bheidh ann amach anseo a fhorbairt chun críocha scórála riosca agus mianadóireachta sonraí ar fud na modhanna bainistíochta go léir, agus déanfaidh OLAF iniúchadh ar roghanna digiteacha chun cumarsáid níos fearr a dhéanamh maidir lena chuid imscrúduithe le ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin eile de chuid an Choimisiúin.
2.Tacú leis na Ballstáit cosaint na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, cistí comhtháthaithe, talmhaíochta agus iascaigh a dhaingniú
Ionstraim nua is ea an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, a bhfuil sásraí sonracha rialaithe agus frithchalaoise aici. Dá bhrí sin, ní mór aird ar leith a thabhairt uirthi chun a áirithiú go mbraitear aon lúb ar lár ná aon leochaileachtaí i leith na calaoise. Dá bhrí sin, leanfaidh an Coimisiún dá iarrachtaí calaois RFF a chosc agus a bhrath, go háirithe trí anailís chúramach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le calaois, éilliú, cistiú dúbailte agus coinbhleacht leasa agus trí iniúchtaí atá dírithe ar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Maidir le bainistíocht chomhroinnte, tá ról tábhachtach ag an gCoimisiún go háirithe trí thacaíocht agus treoraíocht a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le réimse ábhar, amhail maidir le straitéisí frithchalaoise a fhorbairt agus maidir le neamhrialtachtaí agus calaois a thuairisciú sa Chóras Bainistíochta Neamhrialtachta (IMS). Foráiltear sa phlean gníomhaíochta go gcuirfidh ranna an Choimisiúin lena mbaineann an bhainistíocht chomhroinnte agus OLAF feabhas ar an tacaíocht spriocdhírithe a thugann siad d’údaráis na mBallstát.
3.Cosaint cistí faoi bhainistíocht indíreach agus i réimse an chaidrimh sheachtraigh a dhaingniú
Cuirtear cosaint cistí faoi bhainistíocht indíreach de chúram ar eagraíochtaí comhpháirtíochta. Mar sin féin, tá an Coimisiún cuntasach i gcónaí agus ní mór dó ardleibhéal cosanta a ráthú le haghaidh cistí den sórt sin. Dá bhrí sin, ní mór do chomhpháirtithe cur chun feidhme calaois a bhraitear a thuairisciú go córasach don Choimisiún. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún níos mó tacaíochta agus múscailt feasachta ar fáil a bheidh dírithe ar na comhpháirtithe sin agus, ag an am céanna, leagfaidh sé béim ar a n‑oibleagáidí dlíthiúla chun comhoibriú.
4.Acmhainneacht an Aontais a dhaingniú chun calaois chustaim a chomhrac agus ioncam an Aontais a chosaint
Tá ról tábhachtach ag uirlisí anailíse agus ag comhroinnt sonraí chun borradh a chur faoi chumas an Aontais dul i ngleic go héifeachtach le calaois chustaim. Déanfaidh an Coimisiún tuilleadh forbartha ar uirlisí anailíseacha den sórt sin agus méadóidh sé comhroinnt sonraí. Chun an t‑ioncam a eascraíonn as an gComhaontú Glas don Eoraip a chosaint, cuirfidh an Coimisiún bearta ar bun chun íoslaghdú a dhéanamh ar na rioscaí calaoise a bhaineann leis an Sásra Coigeartaithe Carbóin ar Theorainneacha, le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus le hacmhainní dílse nua eile.
5.Struchtúr frithchalaoise an Aontais a dhaingniú
Tá líon mór gníomhaithe in ailtireacht frithchalaoise an Aontais Eorpaigh ar gá dóibh oibriú le chéile ar bhealach comhordaithe chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint a mhéid is féidir. Mar gheall ar an tírdhreach frithchalaoise atá ag éirí níos casta agus mar gheall ar shofaisticiúlacht na gcalaoiseoirí, tá comhar agus comhordú thar theorainneacha eagraíochtúla níos tábhachtaí ná riamh. Leanfaidh an Coimisiún de chomhar a fhorbairt le príomh-chomhpháirtithe amhail údaráis na mBallstát agus OIPE chun calaois a chomhrac. Cuirfidh sé borradh freisin faoin tacaíocht a thugann sé do ghníomhaireachtaí díláraithe agus do chomhghnóthais, tabharfaidh sé cosaint d’iriseoirí iniúchta mar fhoinse thábhachtach faisnéise, agus fiosróidh sé an bhféadfaí rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa chomhrac i gcoinne na calaoise a mhéadú.
6.Rialachas frithchalaoise an Choimisiúin a threisiú agus ardleibhéal comhordaithe agus comhair a choinneáil ar bun i measc ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin
Cé go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta maidir le rialachas frithchalaoise a neartú agus comhordú, comhar agus próisis sa Choimisiún a fheabhsú, ní mór na hiarrachtaí sin a choinneáil ar bun agus a neartú i réimsí spriocdhírithe chun go bhfanfaidh siad éifeachtach agus éifeachtúil san fhadtéarma. Leanfaidh OLAF de thacaíocht a thabhairt do ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin trí FPDNet agus trína chomhairle maidir le straitéisí frithchalaoise. Ina theannta sin, ní mór beartas frithchalaoise a chur san áireamh i gcomhthéacs bheartais níos leithne an Aontais. Ní mór cúrsaí frithchalaoise a chomhtháthú a thuilleadh i réimsí beartais eile atá nasctha go dlúth leis an bhfrith-chalaois, mar shampla frith-éilliú agus an smacht reachta, agus sineirgí a shaothrú a thuilleadh.
7.Cultúr na heitice agus na frithchalaoise sa Choimisiún a neartú
Is gá i gcónaí an t‑eolas a neartú agus leibhéal ard feasachta a choinneáil ar bun i measc bhaill foirne an Choimisiúin maidir le cúrsaí eitice agus frithchalaoise. Ba cheart cúrsaí frithchalaoise agus eiticiúla a bheith in uachtar intinne go nádúrtha i gcás fhoireann uile an Choimisiúin, go háirithe dóibh siúd a mbaineann a gcúraimí le cistí an Aontais a bhainistiú nó a rialú, agus i gcás Chomhaltaí an Choimisiúin chomh maith. De réir a chéile, neartóidh an Coimisiún an oiliúint agus an t‑ardú feasachta maidir le cúrsaí eitice agus frithchalaoise ar bhealach iomlánaíoch, ó tharla go bhfuil an dá ábhar fite fuaite ina chéile. Ina theannta sin, neartóidh an Coimisiún bonn eolais na frithchalaoise agus déanfaidh sé cúrsaí frithchalaoise a chomhtháthú ina phróiseas earcaíochta.
4.AN PLEAN GNÍOMHAÍOCHTA ATHBHREITHNITHE A CHUR CHUN FEIDHME AGUS FAIREACHÁN A DHÉANAMH AIR
Déanfaidh OLAF comhordú agus faireachán ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta athbhreithnithe agus tabharfaidh sé an fhaisnéis is déanaí do bhord bainistíochta corparáidí an Choimisiúin go rialta maidir lena dhul chun cinn. Chun a áirithiú go ndéanfar iarrachtaí leanúnacha chun calaois i leith bhuiséad an Aontais a laghdú, oibreoidh OLAF le ranna agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin chun a áirithiú go léireofar gníomhaíochtaí ábhartha i straitéisí frithchalaoise ar leibhéal seirbhíse, i bpleananna bainistíochta agus i dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta.
Gach bliain, tuairisceoidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais agus don phobal maidir leis na bearta a rinneadh ar leibhéal an Aontais agus sna Ballstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n‑áirítear cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta. Déanfar táscairí a fhorbairt go hinmheánach chun súil a choinneáil ar an dul chun cinn.
Dá bhrí sin, áiritheoidh an Coimisiún go gcuirfear ar fáil don phobal torthaí na ngníomhaíochtaí a dhéantar chun dul i ngleic leis an gcalaois. Ba cheart go gcuideodh sé sin chun cur le muinín na ndaoine in institiúidí an Aontais agus chun a áirithiú go mbeidh an comhrac i gcoinne na calaoise fós mar ard-thosaíocht ar chlár oibre polaitiúil an Aontais.
Cuirfear an plean gníomhaíochta athbhreithnithe chun feidhme in 2023-2026 agus féadfar é a leasú, más gá.