An Bhruiséil,22.6.2023

COM(2023) 326 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long







TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN

CHUIG AN gCOMHAIRLE AGUS CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna tabhairt don Choimisiún de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 maidir le hathchúrsáil long

1. RÉAMHRÁ

Le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hathchúrsáil long( 1 ) (an Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long) leagtar síos rialacha chun tionóiscí, gortuithe agus éifeachtaí díobhálacha eile ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol arb í athchúrsáil long is cúis leo a chosc, a laghdú, a íoslaghdú agus, a mhéid is féidir, deireadh a chur leo. Chuige sin, ceanglaítear leis an Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long go háirithe ar longa fardal ábhar guaiseach a iompar ar bord, ó dhátaí éagsúla a leagtar amach in Airteagal 32 den Rialachán agus ag brath ar stádas na loinge.

Leis an Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long tugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, dá dtagraítear in Airteagal 5(8), d’fhonn ‘an liosta ítimí ar fhardal na n‑ábhar guaiseach atá in Iarscríbhinn I agus in Iarscríbhinn II a thabhairt cothrom le dáta lena áirithiú go mbeidh ar a laghad na substaintí a liostaítear in Aguisín 1 agus in Aguisín 2 den Choinbhinsiún Hong Cong san áireamh ar an liosta’. Sonraítear an méid seo a leanas in Airteagal 5(8) freisin; ‘glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe eile maidir le gach substaint a bheidh le cur isteach in Iarscríbhinn I nó in Iarscríbhinn II nó le scrios uathu.’

2. BUNÚS DLÍ

Tá gá leis an tuarascáil seo faoi Airteagal 24(2) den Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long. Faoin Airteagal sin, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 30 Nollaig 2013. Ceanglaítear ar an gCoimisiún freisin tuarascáil a ullmhú maidir le cumhachtaí tarmligthe, 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana. I gcomhréir le hAirteagal 24(2), déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

 

3. AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

Eisíodh an chéad tuarascáil an 22 Márta 2018 2 . Le linn na tréimhse a cumhdaíodh leis an tuarascáil seo, níor bhain an Coimisiún úsáid as an gcumhacht tharmligthe dá dtagraítear in Airteagal 5(8). Is amhlaidh atá toisc nár tháinig Coinbhinsiún Hong Cong, a bhfuil an tAontas ina Pháirtí ann agus a chuirtear chun feidhme leis an Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long laistigh de dhlíchóras an Aontais, i bhfeidhm go fóill. Dá bhrí sin, ní féidir a bhfuil ann a athbhreithniú go fóill agus ní féidir substaintí breise a chur lena Fhoscríbhinní. Ós rud é go náirítear faoi láthair sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán maidir le hAthchúrsáil Long gach substaint a liostaítear i bhFoscríbhinní Choinbhinsiún Hong Cong, níl aon ghá le gníomhartha tarmligthe.

(1)

IO L 330, 10.12.2013, lgh. 1–20. 

(2)

COM(2018) 145 final