An Bhruiséil,1.6.2023

COM(2023) 268 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Sábháilteacht mhuirí: i gcroílár na loingseoireachta glaine agus nua-aimseartha


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Sábháilteacht mhuirí: i gcroílár na loingseoireachta glaine agus nua-aimseartha

Tá tábhacht straitéiseach ag baint leis an muiriompar do gheilleagar an Aontais agus do na naisc idir na Ballstáit agus laistigh díobh. Ós rud é gur trádáil ar muir é 75 % de thrádáil sheachtrach an Aontais, tá earnáil mhuirí atá feidhmiúil, sábháilte, slán agus níos inbhuanaithe riachtanach dár n‑iomaíochas trádála agus chun earraí agus ábhair a fhoinsiú chuig ár margadh aonair. Ní hamháin gurb é an muiriompar mórbhealach tráchta ár ngeilleagair dhomhandaithe ach is é freisin an líne tharrthála dár n‑oileáin agus do réigiúin mhuirí imeallacha agus iargúlta. Bhí teacht aniar ar leith san earnáil le linn phaindéim COVID‑19, rud a cheadaigh trádáil leanúnach earraí riachtanacha, amhail bia agus soláthairtí míochaine. Meabhrúchán láidir a bhí sa phaindéim ar an ról lárnach atá ag an muiriompar agus ag na daoine atá ag obair ann agus ar an ngá tábhacht na hearnála a chur san áireamh i mbeartais an Aontais. Léirigh na cúinsí geopholaitiúla nua a d’eascair ó chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus na hathruithe ar phatrúin trádála agus fuinnimh mar thoradh air, an phráinn atá le huathriail straitéiseach an Aontais a threisiú, lena n‑áirítear a earnáil mhuirí.

Tá leibhéal na sábháilteachta muirí in uiscí an Aontais anard faoi láthair, gan mórán básanna agus gan aon doirteadh mór ola de mhéid thimpistí na dtancaer ola Erika agus Prestige 1 . Mar sin féin, tuairiscítear níos mó ná 2 000 timpiste agus eachtra muirí gach bliain 2 . D’fhéadfadh tionchar tubaisteach a bheith ag aon timpiste amháin a bhaineann le soitheach paisinéirí nó le soitheach lasta a iompraíonn ábhar contúirteach nó díobhálach ar oibrithe, ar shaoránaigh i gcoitinne, agus ar an muirthimpeallacht. Mar thoradh ar an aistriú chuig loingseoireacht níos glaine agus níos uathrialaithí tá dúshláin nua ann freisin. Tá sábháilteacht, slándáil agus inbhuaine comhshaoil an chórais iompair fíorthábhachtach agus níor cheart iad a chur i mbaol. Ba cheart don Aontas beartais réamhghníomhacha agus choisctheacha a fhorbairt agus fanacht mar cheannaire domhanda sa réimse seo bunaithe ar iarrachtaí leanúnacha le húdaráis idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúla, agus páirtithe leasmhara lena náirítear an tsochaí shibhialta.

Éilíonn an taistriú dúbailte digiteach agus inbhuanaitheachta go ndéantar claochlú mór ar an muiriompar. Is é is cúis le 3 % d’astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa (GCT), dá bhrí sin ní mór don earnáil aistriú go teicneolaíochtaí, córais tiomána agus breoslaí lena mbaineann astaíochtaí ísle agus nialasacha gás ceaptha teasa. Ba cheart don earnáil a astaíochtaí truailleán aeir agus a thionchar foriomlán ar an muirthimpeallacht lena náirítear bruscar plaisteach muirí agus torann faoi uisce a laghdú freisin. Ag an am céanna, tugann an digitiú agus an taistriú i dtreo córais loingseoireachta chliste agus uathrialacha deiseanna agus dúshláin. Éilíonn na claochluithe seo timpeallacht thacúil don nuálaíocht, lena náirítear maoiniú mar a fhoráiltear faoin gcomhpháirtíocht Iompair Uisce Astaíochtaí Nialasacha 3 . Ní mór iad a mheaitseáil freisin le hiarracht ollmhór athoiliúna agus forbairt ghairmiúil an lucht saothair, chomh maith le bearta chun oibrithe a mhealladh chuig an earnáil, go háirithe daoine óga. Is iad maraithe agus oibrithe muiriompair na sócmhainní is luachmhaire atá ag an earnáil agus ní mór dóibh a bheith i gcroílár aistriú sábháilte agus inbhuanaithe.

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an straitéis soghluaisteachta inbhuanaithe agus chliste 4 agus leis an bplean gníomhaíochta maidir le truailliú nialasach 5 , leagadh síos an treo ar leibhéal an Aontais, agus uaillmhian fhoriomlán ann maidir le muiriompar atá saor ó thionóiscí, saor ó dhramhaíl, saor ó thruailliú, dícharbónaithe, cliste agus athléimneach. Leis an tsraith reachtaíochta “Oiriúnach do 55”, rinneadh dul chun cinn mór chun an earnáil a chur ar chonair níos inbhuanaithe. Tríd an Rialachán maidir le “FuelAE Maritime” de chuid an Aontais 6 - a bhfuil sé mar aidhm aige glacadh breoslaí inbhuanaithe sa mhuiriompar a spreagadh - agus Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais (CTA) a leathnú chuig an muiriompar 7 , tá bearta glactha ag an Aontas a spreagfaidh infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i mbreoslaí glana agus a áiritheoidh go gcuirfidh an earnáil le sprioc Chomhaontú Pháras, is é sin téamh domhanda 1.5°.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún cúig phíosa reachtaíochta a athbhreithniú chun rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht mhuirí a nuachóiriú agus uirlisí a sholáthar don Aontais chun tacú le loingseoireacht ghlan agus nua-aimseartha. Is í an aidhm a áirithiú go bhfuil earnáil mhuirí an Aontais oiriúnach don fheidhm. I dteannta a chéile, is iad na tograí seo bunús ár n‑iarrachtaí chun trácht agus muiriompar atá éifeachtúil, inbhuanaithe agus sábháilte a áirithiú in uiscí an Aontais agus níos faide i gcéin, chun leasa ár saoránach, pobal cósta, an chomhshaoil mhuirí agus na n‑aigéan sláintiúil. Comhthreomhar leis an gcreat dlíthiúil láidir seo, tá an tAontas tiomanta d’oibriú laistigh den Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) chun ardchaighdeán a leagan síos maidir le cúrsaí sábháilteachta agus slándála, digitiú, agus glasú agus dícharbónú na loingseoireachta. Áirithítear le cómhaireachtáil na rialacha Eorpacha sin agus le gníomhaíocht an Aontais laistigh den IMO go gcoinneofar cothrom iomaíochta laistigh den Mhargadh Aonair agus ar fud an domhain, rud a sheachnóidh na rioscaí a bhaineann le bratach a aistriú agus cailliúint ar leasanna Eorpacha.

Tá cúig thogra athbhreithnithe sa phacáiste muirí seo a bhaineann leis an méid seo a leanas:

-Treoir 2009/21/CE maidir le ceanglais Stát brataí a chomhlíonadh;

-Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt;

-Treoir 2009/18/CE maidir le himscrúdú ar thionóiscí muiriompair;

-Treoir 2005/35/CE maidir le truailliú ó longa agus maidir le pionóis a thabhairt isteach ina leith; agus,

-Rialachán (CE) 1406/2002 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí.

1.Creat reatha an Aontais Eorpaigh maidir le sábháilteacht agus inbhuanaitheacht mhuirí: tacar láidir reachtaíochta nach mór a nuachóiriú

Is iad na trí Threoir maidir le ceanglais Stát brataí, rialú Stáit ar chalafoirt agus imscrúdú ar thionóiscí príomhcholúin na sábháilteachta muirí. Léiríonn siad na hoibleagáidí idirnáisiúnta atá ar Bhallstáit mar Stáit bhrataí, Stáit an chalafoirt agus Stáit chósta a leagtar síos i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhlí na Farraige (UNCLOS), a bhfuil an tAontas féin ina pháirtí conarthach ann. Déanann gníomhaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta muirí an creat dlíthiúil idirnáisiúnta a chomhlánú agus a chur chun feidhme, go háirithe na rialacha agus na caighdeáin mhionsonraithe a leagtar amach i bpríomhchoinbhinsiúin IMO. Mar gheall ar ionchorprú na rialacha agus na gcaighdeán sin i gcóras dlí an Aontais, tá na forálacha sin inghníomhaithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus ar an gcaoi sin áirithítear a bhforfheidhmiú aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus áirithítear cothroime iomaíochta do na Ballstáit agus do na hoibreoirí san earnáil araon. Ag an am céanna, áirithíonn ionchorprú rialacha idirnáisiúnta i ndlí an Aontais agus ar an gcaoi sin dlí an Aontais a ailíniú le rialacha idirnáisiúnta go mbaineann ár stáit bhrataí agus ár n‑oibreoirí leas as cothroime iomaíochta ar fud an domhain agus coinnímid iomaíochas loingseoireacht an Aontais.

Eagraítear sábháilteacht mhuirí thart ar thrí bheart cosanta le haghaidh gníomhaíocht phoiblí agus tá dualgas ar úinéirí agus ar oibreoirí long a longa a choinneáil oiriúnach don fheidhm i gcónaí. Is ar an Stát brataí atá an phríomhfhreagracht agus ní mór dó a áirithiú go bhfuil an long oiriúnach le seoladh agus go bhfuil na deimhnithe riachtanacha aici lena léirítear go gcomhlíontar na rialacha agus na caighdeáin idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, is é an Stát brataí an chéad líne chosanta. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuil feidhm ag rialacha Stát brataí ach amháin maidir le soithí a bhfuil an bhratach sin ar foluain orthu agus ós rud é nach bhfuil roinnt Stáit bhrataí toilteanach nó in ann na rialacha is infheidhme maidir lena gcabhlaigh a fhorfheidhmiú, déanann oifigigh rialaithe Stáit ar chalafoirt cigireachtaí ar longa eachtracha nuair a bhíonn siad i gcalafoirt. Dá bhrí sin, is é rialú an Stáit calafoirt an dara líne cosanta. In ainneoin an dá shraith choisctheacha sin, is féidir timpistí agus sáruithe, bídís d’aon ghnó nó trí fhaillí, ar oibleagáidí ábhartha a bheith ann fós. Ba cheart a gcúiseanna a imscrúdú chun feabhsú leanúnach a áirithiú, chun atarlú timpistí comhchosúla a sheachaint agus chun pionóis a ghearradh ar lucht déanta gníomhaíochtaí neamhdhleathacha. Is é seo an tríú beart cosanta.

I dteannta a chéile, is é is aidhm do na línte cosanta sin a ráthú go ndéanfar na rialacha a fhorfheidhmiú mar is ceart agus, dá bhrí sin, ba cheart laghdú ar theagmhais agus ar thionóiscí a bheith ann agus ba cheart cosc a bheith ann ar bhásanna daoine agus ar thruailliú comhshaoil sa deireadh.

Tháinig seiceáil oiriúnachta a rinneadh in 2018 ar an gconclúid go raibh breisluach ag baint leis na trí Threoir sin, go háirithe maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhchuibhithe rialacha idirnáisiúnta, agus go raibh a gcuspóirí beartaithe bainte amach acu. Mar sin féin, thug an tseiceáil oiriúnachta le fios freisin go raibh go leor le feabhsú agus deiseanna ann le haghaidh tuilleadh digitithe, comhar idir na Ballstáit agus tacaíocht mhéadaithe ón nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA).

Ní hamháin go mbíonn timpistí muirí ina gcúis le taismigh agus caillteanais eacnamaíocha ach bíonn tionchar díreach acu ar an gcomhshaol. Truailliú a scaoileann longa, de thaisme, d’aon ghnó nó go faillíoch, amhail ola, séarachas dramhaíola nó substaintí ceimiceacha, bíonn tionchar diúltach aige ar an muirthimpeallacht agus is féidir leis gnáthóga muirí agus cósta a thruailliú go mór. Dá bhrí sin, tugtar aghaidh ar thruailliú den sórt sin trí reachtaíocht shonrach chomhlántach AE maidir le sceitheadh neamhdhleathach, eadhon an Treoir maidir le truailliú ó longa.

Ní leagtar síos leis an Treoir seo caighdeáin maidir le sonraíocht an sceite sin. Rialaítear na sonraíochtaí sin go hidirnáisiúnta trí Choinbhinsiún MARPOL IMO (um Chosc ar Thruailliú ó Longa), lena gcinntear an bhfuil sceitheadh údaraithe nó neamhdhleathach. Is é ról na Treorach, den pháirt eile, a cheangal ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos, lena n‑áirítear cinn choiriúla, le haghaidh sceitheadh neamhdhleathach. Déantar foráil ann freisin do chomhoibriú maidir le forfheidhmiú ar fud an Aontais le tacaíocht ó EMSA. Comhlánaíonn an Treoir an córas idirnáisiúnta trí thacú le ballstáit an Aontais na ciontóirí a aithint trí fhaisnéis faireachais satailíte maidir le doirteadh ola a d’fhéadfadh a bheith ann agus trína córas dliteanais, rud a éascaíonn pionós a chur ar na truaillitheoirí.

Léiríodh sa mheastóireacht ar an Treoir roinnt easnamh a bhfuil sé mar aidhm ag an athbhreithniú atá beartaithe aghaidh a thabhairt orthu. Áirítear leis sin a áirithiú go mbraitear go leordhóthanach sceitheadh neamhdhleathach, go saothraítear sáruithe, go ngearrtar pionós ar lucht déanta gníomhaíochtaí neamhdhleathacha, agus, dá bhrí sin, go laghdaítear sceitheadh neamhdhleathach sa deireadh chun na tionchair chomhshaoil a ísliú. Tá sé mar aidhm ag an athbhreithniú, mar aon leis an Treoir maidir le saoráidí glactha calafoirt, gach úinéir agus oibreoir long (beag beann ar bhratach) a dhíspreagadh ó aon chineál sceitheadh mídhleathach isteach i bhfarraigí na hEorpa. Ba cheart é a bheith mar ghnáthnós i gcónaí gach dramhaíl a ghintear ar longa a sheachadadh chuig saoráidí glactha calafoirt an Aontais.

Tá ról lárnach ag EMSA i gcreat an Aontais maidir le sábháilteacht mhuirí agus chuir sé go mór leis na torthaí spreagúla a baineadh amach san Aontais maidir le loingseoireacht ardchaighdeáin agus cultúr sábháilteachta a áirithiú. Bunaíodh an Ghníomhaireacht in 2002, i ndiaidh thubaistí muirí Prestige agus Erika, agus é mar aidhm shonrach aici tacú leis an gCoimisiún Eorpach agus leis na Ballstáit reachtaíocht AE maidir le sábháilteacht mhuirí a chur i bhfeidhm agus faireachán a dhéanamh uirthi. Trína chuairteanna agus trína chigireachtaí (cumas iniúchóireachta), tá an Ghníomhaireacht i gcroílár bhreisluach an Aontais maidir le sábháilteacht mhuirí a bhuíochas dá cúnamh le forfheidhmiú agus le cur chun feidhme éifeachtach agus éifeachtúil na rialacha a éascú. Ní mór don Ghníomhaireacht leanúint d’acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh don phríomhchúram sin in ainneoin a punainne gníomhaíochtaí atá ag leathnú, chun leanúint de sheirbhísí ardchaighdeáin a sholáthar do na Ballstáit, don Choimisiún agus don phobal muirí níos leithne.

Ó 2002 i leith, tá méadú tagtha ar chúraimí na Gníomhaireachta agus cuireann EMSA cúnamh teicniúil, eolaíoch agus oibríochtúil ar fáil anois i raon leathan réimsí a bhaineann le muiriompar, go háirithe maidir leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Rinneadh athbhreithniú go deireanach ar shainordú na Gníomhaireachta, seachas leasú ar chomhar an Gharda Cósta, in 2013 agus is gá é a nuashonrú chun raon feidhme reatha gníomhaíochtaí EMSA, an creat rialála atá ag teacht chun cinn, go háirithe an pacáiste muirí seo, agus forbairtí san earnáil mhuirí a léiriú.

2.Ailíniú le rialacháin idirnáisiúnta agus raon feidhme leathnaithe le haghaidh creat níos éifeachtaí

Ceann de na príomhchúiseanna le hathbhreithniú na gcúig théacs reachtacha is ea an gá atá le hailíniú le rialacháin idirnáisiúnta nuashonraithe agus na buntáistí a bhaineann leis sin. Cruthaíonn cómhaireachtáil na gcaighdeán agus na rialacha mí‑ailínithe ualach agus éiginnteacht dhlíthiúil don tionscal agus do riaracháin náisiúnta agus baineann sé an bonn den chothroime iomaíochta agus d’iomaíochas loingseoireacht an Aontais. Ba cheart rialacháin idirnáisiúnta a ionchorprú i ndlí an Aontais ar bhealach lena n‑áirithítear infheidhmeacht éifeachtach, aonfhoirmeacht agus forfheidhmiú cuí, agus dá bhrí sin loingseoireacht ardchaighdeáin.

Mar chuid lárnach san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Stát brataí, tá ionchorprú “chód Cur Chun Feidhme Ionstraimí IMO” (cód III) a glacadh in 2013 agus a tháinig i bhfeidhm in 2016. Ba mhórfhorbairt IMO é cód III toisc go n‑áirithítear leis go bhfuil na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá ag údaráis náisiúnta mar Stát brataí chun a n‑oibleagáidí idirnáisiúnta a ghlacadh orthu féin. Cé go bhfuil an cás ann cheana féin do Bhallstáit an Aontais ó 2009 i leith, le cód III rinneadh iniúchadh cuimsitheach IMO gaolmhar éigeantach do gach páirtí IMO gach 7 mbliana.

I bhfianaise a thábhachtaí atá sé, tugadh isteach cheana féin i ndlí an Aontais Eorpaigh forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí idirnáisiúnta lena rialaítear gach ábhar a bhaineann le dálaí oibre agus maireachtála maraithe trí ghníomh dlí ar leithligh 8 a bhfuil feidhm aige maidir le Stáit bhrataí 9 . Tá rialacha sóisialta ríthábhachtach go deimhin maidir le folláine na bhfoirne agus maidir le sábháilteacht mhuirí (an toisc dhaonna atá freagrach as formhór na dteagmhas).

Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt, déantar rialacha an Aontais a nuashonrú agus a ailíniú le hionstraimí dlí idirnáisiúnta nua-infheidhme, eadhon Bainistiú Uisce Ballasta IMO agus coinbhinsiúin um Aistriú Raice Nairobi. Chun éifeachtacht a fheabhsú, rinne Stáit chalafoirt a dhéanann cigireachtaí rialaithe Stáit ar chalafoirt a gcuid oibre a chomhordú go córasach ar bhonn réigiúnach. Is é Meabhrán Tuisceana Pháras maidir le rialú Stáit ar chalafoirt 10 (dá ngairtear “Meabhrán Tuisceana Pháras” anseo feasta) a bunaíodh in 1982 an chéad cheann de naoi struchtúr idir-rialtasacha den sórt sin. Tá gach ceann de 24 Bhallstát an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) a bhfuil calafoirt acu, chomh maith le Ceanada, Cónaidhm na Rúise 11 agus an Ríocht Aontaithe, ina mbaill de Mheabhrán Comhthuisceana Pháras. Níl an tAontas Eorpach ina bhall de.

Tá rialú Stáit ar chalafoirt an Aontais bunaithe ar nós imeachta agus uirlisí Mheabhrán Comhthuisceana Pháras ó 2009 nuair a glacadh an Treoir. Dá bhrí sin, tá roinnt forbairtí agus feabhsuithe a cinneadh le 14 bliana anuas faoi Meabhrán Comhthuisceana Pháras le hionchorprú freisin. I ndáil leis an Treoir maidir le himscrúdú tionóiscí, déantar roinnt sainmhínithe agus tagairtí a nuashonrú chun athruithe sa timpeallacht rialála idirnáisiúnta a chur san áireamh, go háirithe Cód IMO maidir le hImscrúdú Taismeach, agus chun aird chuí a thabhairt ar staid na soithí i gcalafoirt agus na dtionóiscí a dhéanann difear d’oibrithe calafoirt.

Molann an Coimisiún raon feidhme na dTreoracha maidir le Stát an chalafoirt agus imscrúdú tionóiscí a leathnú maidir le soithí iascaireachta i gcás ina bhfuil imní shuntasach i leith sábháilteachta ann fós. Déanfar foráil do chóras deonach um rialú Stáit ar chalafoirt maidir le soithí iascaireachta atá níos mó ná 24 mhéadar ar fhad agus a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais do na Ballstáit sin ar mian leo na cigireachtaí sin a dhéanamh, ag tairiscint an dara beart cosanta don chineál sin soithí. Go deimhin, is ar an Stát brataí atá an phríomhfhreagracht as sábháilteacht soithí iascaireachta, toisc nach dtugann soithí iascaireachta níos lú cuairt ar chalafoirt choigríche de ghnáth agus, i mórán cásanna, ní thagann siad faoi raon feidhme na gcoinbhinsiún idirnáisiúnta. Ní hamháin go gcumhdóidh imscrúdú tionóiscí soithí iascaireachta níos mó ach leathnófar é go páirteach chun na tionóiscí is tromchúisí a bhaineann le soithí iascaireachta níos lú, iad siúd atá níos lú ná 15 mhéadar a chumhdach, agus ag áirithiú go gcoinnítear an t‑ualach riaracháin chomh híseal agus is gá.

Maidir le truailliú ó longa, leathnaítear raon feidhme na Treorach chun na cúig Iarscríbhinn de Choinbhinsiún MARPOL IMO a chumhdach go hiomlán 12 . Chomh maith le sceitheadh neamhdhleathach ola agus substaintí leachtacha díobhálacha (a raon feidhme reatha), cumhdófar leis an Treoir sceitheadh neamhdhleathach substaintí díobhálacha i bhfoirm phacáistithe, séarachas, dramhaíl, agus uiscí sceite agus iarmhair ó Chórais Glanta Gáis Sceite (sciúrthóirí). Is rannchuidiú tábhachtach é seo freisin le cuspóirí Chomhaontú Glas an Aontais, a shaothraíonn truailliú nialasach agus uaillmhianta soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste lena náirítear na substaintí díobhálacha eile sin freisin.

Tá an tailíniú seo le Coinbhinsiún MARPOL lárnach d’athbhreithniú na Treorach maidir le truailliú ó longa. D’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in 2019 é nuair a glacadh an Treoir athbhreithnithe maidir le saoráidí glactha calafoirt d’iarmhair lasta agus dramhaíl 13 . Ba é an rún a bhí ann na rialacha maidir le saoráidí glactha calafoirt níos láidre a comhaontaíodh a chomhlánú trí chás a sheachaint ina bhféadfaidís níos mó sceitheadh neamhdhleathach ar muir a dhreasú go neamhbheartaithe.

Mar gheall ar na hathbhreithnithe a leagtar amach thuas agus na forbairtí níos leithne sa timpeallacht rialála fhoriomlán ó 2013 i leith, éilítear le sainordú EMSA nuashonrú freisin chun léiriú níos fearr a thabhairt ar an ról méadaitheach atá ag an nGníomhaireacht chun tacú le go leor réimsí muiriompair, lena n‑áirítear an tsábháilteacht, cosc ar thruailliú agus cosaint an chomhshaoil, gníomhaíocht ar son na haeráide, an tslándáil, an faireachas agus bainistiú géarchéime agus an digitiú. Ní hamháin go léireofar leis an sainordú athbhreithnithe na cúraimí a chuir an Coimisiún agus na Ballstáit de chúram ar an nGníomhaireacht ó 2013 i leith, ach léireofar freisin na cúraimí nua sábháilteachta agus inbhuanaitheachta a eascraíonn as an bpacáiste reachtach seo. Cuirfidh sé an Ghníomhaireacht in oiriúint don todhchaí freisin, trí fhorbairtí a réamh‑mheas, go háirithe maidir le digitiú agus uathoibriú.

3.Ag dul i dtreo inbhuaine comhshaoil níos fearr

Tá muiriompar ar cheann de na modhanna iompair is glaine faoi láthair, ag cur san áireamh méid agus sciar na nearraí a iompraítear agus an méid a chuireann sé leis an Aontas agus leis an ngeilleagar domhanda 14 . Tá sé riachtanach a áirithiú go bhfuil loingseoireacht ar ardchaighdeán agus earnáil mhuirí shábháilte agus shlán ann chun a tarraingteacht a choinneáil. Mar sin féin, tá an earnáil mhuirí ina mórastaíre GCT freisin agus tá sí freagrach as truailliú suntasach aeir agus muirí atá díobhálach don mhuirthimpeallacht agus dá bithéagsúlacht agus dá athléimneacht charbóin, chomh maith le sláinte daonraí cósta. Ós rud é go gcuireann earnálacha eile den gheilleagar, amhail iompar de bhóthar, dícharbónú nó laghdú tapa ar astaíochtaí truailleán eile, beidh ar mhuiriompar rannchuidiú níos mó le hastaíochtaí agus truailliú den sórt sin a laghdú. Dá bhrí sin, ní mór leanúint d’aird agus de ghníomh.

Leis an bpacáiste seo, tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún loingseoireacht ardchaighdeáin agus earnáil mhuirí nua-aimseartha, ghlan agus rathúil a chur chun cinn, ag comhlíonadh oibleagáidí idirnáisiúnta agus AE ábhartha. Ba cheart do chreat reachtach an Aontais iad siúd nach mbacann leis na rialacha ar fad, nó a mbeadh claonadh acu gan bacadh leo, a dhíspreagadh agus smachtbhannaí a chur orthu agus, ag an am céanna, dreasacht a thabhairt d’infheistíochtaí i nglacadh teicneolaíochtaí glana agus cleachtas inbhuanaithe. Is é seo an t‑aon bhealach chun cabhrú le hardchaighdeáin dhomhanda a leagan síos agus seasamh ceannródaíoch ar an leibhéal domhanda a choinneáil maidir le loingseoireacht an Aontais.

Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Stát na brataí, tugtar isteach creat níos éifeachtaí bunaithe ar leibhéal agus cáilíocht leordhóthanach cigireachtaí long agus maoirseacht fhoriomlán ar an gcabhlach, forbairt acmhainne riarachán na Stát brataí agus tomhas níos fearr ar a bhfeidhmíocht. Beidh sé seo ag freastal ar shábháilteacht ar dtús ach ba cheart go rachadh sé chun leasa cosaint an chomhshaoil freisin. Nuair a thagann rialacha comhshaoil níos láidre i bhfeidhm faoi na coinbhinsiúin idirnáisiúnta, leathnaítear an fhreagracht atá ar an Stát brataí iad a fhorfheidhmiú go huathoibríoch. Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt, cuirfear feabhas breise ar chumas na mBallstát easpa comhlíonta a bhrath agus a cheartú, ní hamháin maidir le sábháilteacht ach maidir le rialacha agus caighdeáin i ndáil le cosc ar thruailliú freisin.

Ina theannta sin, leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt, leasaítear go sonrach an phróifíl riosca long ar a bhfuil spriocdhíriú long le haghaidh cigireachtaí bunaithe, chun tosca comhshaoil a chur san áireamh níos mó. I gcás soithí lasta agus paisinéirí os cionn 5 000 tona comhlán (a mheastar a bheith ar an gceann is mó truailliú), cuirfidh próifíl riosca na long táscaire déine carbóin IMO an tsoithigh san áireamh. I gcás gach long atá incháilithe do rialú Stáit ar chalafort, déantar an fachtóir ualúcháin a choigeartú chun níos mó tábhachta a chur ag gabháil le heasnaimh agus coinneáil a sainaithníodh roimhe sin a bhaineann leis an gcomhshaol (faoi Choinbhinsiún MARPOL, faoin gCoinbhinsiún um Bainistiú Uisce Ballasta agus faoin gCoinbhinsiún ar Chórais Dhíobhálacha Frithsmálaithe) a bhaineann leis an long atá faoi chigireacht.

Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le truailliú ó longa, cuirfear feabhas ar chosaint na muirthimpeallachta ní hamháin trína raon feidhme a ailíniú le caighdeáin idirnáisiúnta, ach freisin trí fhorfheidhmiú rialacha idirnáisiúnta maidir le truailliú ó longa trasteorann a dhéanamh níos éifeachtaí. Tá sé mar aidhm ag an Treoir nua a chumhachtú d’údaráis náisiúnta atá freagrach as truailliú a bhrath agus a fhíorú, go háirithe sceitheadh neamhdhleathach, gníomhú níos dícheallaí agus ar bhealach comhordaithe. Bainfear é sin amach a bhuí le huirlisí digiteacha feabhsaithe, le fothú acmhainneachta agus le hoiliúint shaincheaptha, agus trí oibleagáid tuarascálacha a uaslódáil ar chóras comhtháite arna óstáil ag EMSA. Leis an athbhreithniú, ba cheart gníomhaíocht náisiúnta leormhaith a chumasú freisin i gcás sáruithe trí chreat níos láidre do phionóis a bhunú agus a chur i bhfeidhm, gan difear a dhéanamh don fhéidearthacht smachtbhannaí coiriúla a fhorchur faoi chuimsiú na Treorach maidir le coireacht chomhshaoil 15 .

Cé nach n‑áirítear astaíochtaí truailleán aeir i raon feidhme reatha na Treorach maidir le truailliú ó longa, i bhfianaise a dtionchar ar cháilíocht an aeir i gcalafoirt agus i limistéir chósta, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar conas iad sin a áireamh amach anseo bunaithe ar shonraí agus ar thaithí nua arna mbailiú ag EMSA i ndáil le ceanglais dhlíthiúla ábhartha a fhorfheidhmiú maidir le truailliú aeir ó ocsaídí sulfair (SOx) agus ocsaídí nítrigine (NOx) a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le MARPOL. Chuige sin, leagtar béim níos mó sa rialachán athbhreithnithe atá beartaithe maidir le sainordú EMSA ar chumas na Gníomhaireachta cúnamh teicniúil a sholáthar chun rialacha infheidhme NOx agus SOx a fhorfheidhmiú sa réimse seo.

Thar na blianta, iarradh níos mó agus níos mó ar EMSA cabhrú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit inbhuaine comhshaoil an mhuiriompair a fheabhsú. Ó bunaíodh í, chumhdaigh an Ghníomhaireacht truailliú muirí agus chuir sí cúnamh oibríochtúil ar fáil trí acmhainn oibríochtúil bhreisithe anéifeachtach de shoithí freagartha ar thruailliú ola, atá ar fáil ar fuireachas i gcás doirteadh ola. Leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le sulfar in 2012, thosaigh EMSA de ról lárnach a bheith aige maidir le cuidiú le rialacha an Aontais i ndáil le hastaíochtaí aeir ó longa a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Tá cúnamh den sórt sin teicniúil, le hóstáil bunachar sonraí ábhartha a thacaíonn leis na rialuithe ag na Ballstáit, agus atá oibríochtúil le seirbhísí faireacháin astaíochtaí RPAS 16 a iarrann na Ballstáit nó a chomhlánaíonn a gcumas faireachais atá ann cheana. Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa, tá EMSA ina óstach ar an gcóras maidir le tuairisciú, faireachán agus fíorú an Aontais 17 . Cuidíonn EMSA freisin leis na Ballstáit na hoibleagáidí athchúrsála long a chur chun feidhme chomh maith leis na hoibleagáidí maidir le torann faoi uisce agus truailliú plaisteach.

Cuireann EMSA saineolas teicniúil agus eolaíoch ar fáil don Choimisiún agus do na Ballstáit freisin chun obair laistigh den IMO a chur chun cinn ar gach ábhar comhshaoil faoin gComhaontú Glas agus trí thuarascálacha úrscothacha a eisiúint, trí staidéir a dhéanamh ar shaincheisteanna ó thaobh inbhuaineachta de atá ag teacht chun cinn (caillteanas coimeádán, díghású lasta, carbón dubh) chomh maith le treoir d’údaráis mhuirí agus chalafoirt amhail an ceann ar leictreachas cois cladaigh.

Ní mór na cúraimí nua a leagtar amach sa phacáiste seo a ionchorprú níos fearr sa sainordú athbhreithnithe agus a mheaitseáil le hacmhainní leordhóthanacha. Ina theannta sin, treiseoidh an creat dlíthiúil nua le haghaidh muiriompair a shocrófar mar chuid den phacáiste “Oiriúnach do 55” an feachtas i dtreo na hinbhuanaitheachta tuilleadh. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag brath ar thacaíocht EMSA le haghaidh cur chun feidhme Rialachán MRV an Aontais agus le haghaidh leathnú CTA an Aontais chuig muiriompar. Beidh cúnamh maidir le forbairtí rialála faoin IMO chomh tábhachtach céanna. Príomhthosaíocht don todhchaí is ea anailís réamhghníomhach a sholáthar ar na rioscaí sábháilteachta a bhaineann le húsáid breoslaí malartacha GCT ísle agus nialasacha agus leanúint ar aghaidh ag cabhrú agus ag éascú glacadh agus imscaradh oibríochtúil na mbreoslaí sin le treoirlínte agus le taighde.

4.Digitiú mar chumasóir

Tá an digitiú i gcroílár an phacáiste mhuirí. Is príomhchumasóirí iad forbairtí TF agus teicneolaíochtaí cliste chun comhroinnt faisnéise agus trédhearcacht a mhéadú agus, dá bhrí sin, forfheidhmiú rialacha. Leis an digitiú, laghdaítear an t‑ualach ar oibreoirí agus ar riaracháin, agus baintear amach creat AE níos éifeachtaí ar an iomlán agus tionchar níos fearr i dtéarmaí éifeachtúlachtaí sa slabhra lóistíochta. Tá ról lárnach ag EMSA mar óstach agus mar fhorbróir teicniúil ar chórais agus seirbhísí faisnéise agus faireacháin mhuirí a áirithíonn idir-inoibritheacht agus comhoiriúnacht. Leis na córais agus na seirbhísí sin neartaítear an tacaíocht do Bhallstáit a bhfuil freagrachtaí orthu mar Stáit brataí, Stáit chalafoirt agus/nó Stáit chósta.

Bhí an spleáchas ar nósanna imeachta páipéarbhunaithe thar a bheith neamhleor le linn phaindéim COVID‑19 toisc nach raibh aon bhealach ann síneadh sealadach ar dheimhnithe a sheiceáil agus a éascú. Leis na tograí maidir le rialú Stát brataí agus rialú Stát calafoirt, déantar foráil maidir le glacadh níos airde réiteach digiteach agus dreasaítear an glacadh sin. Tá sé mar aidhm ag an Treoir athbhreithnithe maidir le Stát brataí bratacha na mBallstát a dhigitiú trí ríomhdheimhnithe a roinnt i gcláir ríomhdheimhnithe, ag tógáil ar réitigh TF atá bunaithe ar EMSA agus prótacal teicniúil atá ar fáil go coitianta lena gcumasaítear idir-inoibritheacht ar leibhéal an Aontais.

Ag an am céanna, spreagfaidh an Treoir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt úsáid deimhnithe leictreonacha (go háirithe trína n‑úsáid a nascadh le próifíl riosca na long) agus forálfar d’uirlis choiteann sonraí, d’uirlis bhailíochtaithe agus do stór ar leibhéal an Aontais. Déanfar eisiúint ríomhdheimhnithe ag Stáit brataí (nó ag eagraíochtaí aitheanta atá ag gníomhú thar a gceann) a dhreasú trí pharaiméadar nua a chur le próifíl riosca na long lena gceadófar nach ndíreofar cigireachtaí maidir le rialú Stáit ar chalafoirt chomh minic céanna ar na longa deimhnithe sin.

Is féidir le húsáid teicneolaíochtaí atá ann cheana agus teicneolaíochtaí nua cuidiú leis an earnáil cur leis an aistriú glas freisin. Cuirfidh digitiú nósanna imeachta chun a áirithiú go gcuirfear an Treoir maidir le truailliú ó longa i bhfeidhm feabhas ar a héifeachtacht. Éascófar sainaithint truailleoirí líomhnaithe le hacmhainn chomhtháite na gcóras éagsúil arna nóstáil ag EMSA (faire na cruinne chun truailliú a bhrath - CleanSeaNet 18 , uirlis iniúchta calafoirt - THETISEU 19 agus córas faireacháin agus faisnéise um thrácht árthach chun cabhrú le truaillithe líomhnaithe a aithint - SafeSeaNet 20 ). Mar thoradh ar thuairisciú córasach sonraí agus ar chomhroinnt faisnéise spriocdhírithe le riaracháin náisiúnta beidh forfheidhmiú níos fearr ann, rud a fhágann gur lú truailliú a bheidh ann dá bharr.

Tá dul chun cinn suntasach déanta ag EMSA cheana féin maidir le digitiú a chuid oibríochtaí agus seirbhísí a thairgtear don Choimisiún, do na Ballstáit agus don phobal muirí i gcoitinne le blianta beaga anuas. Tá a gcórais agus a n‑uirlisí digiteacha ina dtagairt ar fud an domhain. Déanfar athbhreithniú ar shainordú na Gníomhaireachta chun a hacmhainn dhigiteach leathnaithe a léiriú. Áirítear leis sin cur chun feidhme thimpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí tríd an tacar sonraí lena soláthraítear sonraíochtaí comhchoiteanna le haghaidh oibleagáidí tuairiscithe na mBallstát i gcalafoirt agus sa bhunachar sonraí long ina bhfuil faisnéis maidir le sainaithint long chomh maith le taifid ar dhíolúintí tuairiscithe long. Tá an Ghníomhaireacht ag forbairt a cuid seirbhísí muirí comhtháite go leanúnach freisin chun tacú le faireachas ó na Ballstáit agus ó ghníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais le haghaidh raon leathan feidhmeanna garda cósta.

Faoin bpacáiste “Oiriúnach do 55”, fuair an Ghníomhaireacht cúraimí nua, amhail uirlisí comhlíonta a chur ar bun le haghaidh CTA an Aontais agus an Rialachán maidir le “FuelAE Maritime” de chuid an Aontais, ag tógáil ar na córais agus na seirbhísí atá ann cheana. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach agus sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Straitéis Slándála Muirí an Aontais 21 , tá ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht i soláthar acmhainn faireachais fheabhsaithe trína seirbhísí muirí comhtháite agus leis an gComhéadan Coiteann chun Faisnéis a Mhalartú (CISE) deonach chomh maith le cúnamh le haghaidh athléimneacht cibearshlándála. Léirigh cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus paindéim COVID19 an breisluach a bhaineann le EMSA a thacaíonn le hiarrachtaí faireachais mhuirí an Aontais, pleanáil theagmhasach, agus ullmhacht géarchéime agus freagairt d’imeachtaí muirí trí ionad feasachta muirí treisithe 24/7. Teastaíonn acmhainní leordhóthanacha sa Ghníomhaireacht chun soláthar leanúnach seirbhísí ardchaighdeáin den sórt sin a chur ar fáil.

5.Iontaoibh agus comhar a chur chun cinn

Bhí beartas sábháilteachta muirí an Aontais ag brath i gcónaí ar chomhar feabhsaithe idir na gníomhaithe uile lena mbaineann - an Coimisiún, Ballstáit an Aontais, agus páirtithe leasmhara. Leathnaíodh é seo le himeacht ama freisin chun reachtaíocht chomhshaoil a fhorfheidhmiú. Go deimhin, tá iontaoibh san earnáil mhuirí riachtanach, mar gan é, ní féidir loingseoireacht atá sábháilte agus ar ardchaighdeán a bheith ann, agus - ag teacht as sin - ní féidir aon trádáil mhuirí a bheith ann.

Cruthaíodh EMSA chun obair chomhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag Ballstáit an Aontais a éascú chun an leibhéal is airde sábháilteachta a áirithiú in uiscí an Aontais agus feadh chóstaí an Aontais. Cuidíonn cuairteanna EMSA ar riaracháin mhuirí leis an gCoimisiún a fhreagrachtaí a chomhlíonadh maidir le seiceáil a dhéanamh go gcuireann na Ballstáit reachtaíocht AE i bhfeidhm agus go ndéanann na Ballstáit í a fhorfheidhmiú go leordhóthanach. Ina theannta sin, ceadaítear leo dea-chleachtais chomh maith le dúshláin a chomhroinnt idir na Ballstáit. Feabhsaíonn gníomhaíochtaí agus seirbhísí EMSA malartú faisnéise agus méadaíonn siad comhoibriú chomh maith le muinín a chothú i measc riaracháin mhuirí san Eoraip, le tíortha comharsanachta agus ar fud an domhain, go háirithe trí ghníomhaíocht chomhpháirteach Bhallstáit an Aontais laistigh den IMO.

Is é is aidhm do na tionscnaimh a áirítear sa phacáiste muirí an iontaoibh agus an comhar idir na páirtithe uile a dhoimhniú tuilleadh. Éascófar leis an Treoir maidir le Stáit bhrataí comhroinnt faisnéise idir stáit bhrataí maidir le torthaí cigireachtaí, saincheisteanna ar ábhair leasa choitinn iad, maoirseacht ar eagraíochtaí aitheanta agus saincheisteanna comhlíonta Stát brataí i gcoitinne. Éascóidh córais óstáilte EMSA amhail THETIS é seo chomh maith leis an gCoimisiún, a bhunóidh sainghrúpa tiomnaithe.

Le hathbhreithniú na Treorach maidir le rialú Stáit ar chalafoirt feabhsófar comhordú atá bunaithe den chuid is mó ar phrionsabal an chomhroinnte dualgas agus an chomhchuibhithe cigireachta. Tacóidh EMSA le cur chun feidhme trí chlár nua agus feabhsaithe um fhorbairt ghairmiúil agus oiliúint ghairmiúil (iarcháilíocht) do chigirí um rialú stáit ar chalafoirt agus do chigirí / suirbhéirí / iniúchóirí Stát brataí.

Mar a bhaineann le rialú Stáit ar chalafoirt, rinneadh foráil sa Treoir maidir le himscrúdú tionóiscí ón tús do chreat comhair idir na Ballstáit chun faisnéis a mhalartú maidir le ceachtanna a foghlaimíodh agus dea-chleachtais. Méadóidh EMSA tuilleadh a thacaíocht do chomhlachtaí náisiúnta um imscrúdú tionóiscí trí chomhthiomsú saineolaithe ó dhisciplíní éagsúla a chur ar fáil a d’fhéadfadh a bheith i mbun seirbhíse arna iarraidh sin. Beidh an Ghníomhaireacht in ann uirlisí agus trealamh speisialaithe a thabhairt ar iasacht do Bhallstáit a bhfuil tacaíocht bhreise de dhíth orthu, rud a chumasóidh barainneachtaí scála ar fud an Aontais.

Cuirfidh EMSA feabhas freisin ar chomhar idir na Ballstáit maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú níos éifeachtaí na Treorach maidir le truailliú ó longa. Easnamh mór a sainaithníodh sa mheastóireacht ar an Treoir ba ea an easpa malartaithe agus saineolais chomhsheasmhaigh faisnéise chun truailliú a bhrath, a fhíorú, a fhorfheidhmiú agus a phionósú go héifeachtach. Cuirfidh EMSA uirlisí faireacháin feabhsaithe ar fáil maidir le malartú faisnéise, treorach agus oiliúna d’údaráis atá freagrach as brath, fíorú agus bailiú fianaise. Áireofar leis an athbhreithniú freisin sainghrúpa tiomnaithe a bhunú chun comhar a éascú. Ar deireadh, freastalóidh sé ar chur chun feidhme reachtaíochta comhshaoil eile a thugann aghaidh ar thruailliú aeir agus uisce chomh maith le hathchúrsáil long.

Tá liosta na gcúraimí a shanntar do Stáit chalafoirt, Stáit bhrataí agus Stáit chósta ag fás, go háirithe mar gheall ar an aistriú dúbailte digiteach agus glas, agus dá réir sin tá borradh ar na scileanna a theastaíonn ó na heintitis fhreagracha. Tá sé seo ag tarlú i gcomhthéacs níos lú acmhainní agus acmhainní níos gainne a bheith ag na Ballstáit. Mar thoradh air sin, leanfaidh an t‑éileamh ar threoir, cúnamh teicniúil agus saineolas ó EMSA de bheith ag fás. Ba cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil don Ghníomhaireacht chun freastal ar an éileamh breise sin.

Cuidíonn EMSA leis an gCoimisiún réitigh agus caighdeáin AE a chur chun cinn ar fud an domhain. Sampla amháin den sórt sin is ea an chaoi a bhfuil an creat láidir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt a forbraíodh san Aontais anois ina fhoinse tagartha ar fud an domhain. Tá forbairt déanta ar an gcomhar idir EMSA agus Meabhráin Chomhtuisceana réigiúnacha eile maidir le rialú Stáit ar chalafoirt amhail Meabhrán Comhthuisceana Tóiceo agus Meabhrán Comhthuisceana na Meánmhara trína roinntear sonraí maidir le cigireachtaí idir na Meabhráin Chomhthuisceana. Chomh maith lena chuid oibre le Meabhrán Comhthuisceana Pháras, bainistíonn EMSA an bunachar sonraí tuairiscithe spriocdhírithe agus cigireachta do Mheabhrán Comhthuisceana na eánmhara.

Trína thacaíocht theicniúil, cuireann EMSA le comhordú an Aontais laistigh den IMO agus cuireann sé comhoibriú domhanda chun cinn chun loingseoireacht shábháilte, ghlan agus nua-aimseartha a fheabhsú. Is féidir cúnamh seachtrach ad hoc a sholáthar do riaracháin mhuirí tríú tíortha, ag tógáil ar phunann gníomhaireachta na seirbhísí fothaithe acmhainneachta. Éascófar cúnamh den sórt sin, atá buan cheana féin do thíortha comharsanachta agus do thíortha is iarrthóirí, faoin sainordú athbhreithnithe.

6.Conclúid

Déanann creat sábháilteachta muirí an Aontais foráil do loingseoireacht ardchaighdeáin in uiscí an Aontais, a chosnaíonn trádáil agus paisinéirí, saoránaigh i gcoitinne chomh maith leis an gcomhshaol, a thacaíonn leis an margadh aonair agus a threisíonn ról ceannaireachta idirnáisiúnta an Aontais agus a uathriail straitéiseach. Feabhsaíonn beartas muirí an Aontais an chothromaíocht do Bhallstáit an Aontais agus breithnítear ann an gá atá le hiomaíochas ár dtionscal agus leasanna an Aontais a chosaint ar fud an domhain. Bíonn tionchar ag reachtaíocht áirithe AE ar an tsábháilteacht mhuirí ar fud an domhain, mar shampla dlíthe AE maidir le híoschaighdeáin d’eagraíochtaí aitheanta agus maidir le hoiliúint agus deimhniú maraithe. Ina theannta sin, trína shaineolas, a thaithí agus a uaillmhian pholaitiúil, tá ról lárnach ag an Aontas laistigh den IMO, ag cabhrú leis an eagraíocht caighdeáin sábháilteachta agus comhshaoil níos airde a bhaint amach.

Tá uair na cinniúna ann don earnáil mhuirí. Tá tús curtha aici le claochlú mór chun a hinbhuaine comhshaoil a mhéadú agus chun cur le hiarrachtaí chun an t‑athrú aeráide a mhaolú. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, bhí an tAontas réamhghníomhach trína phacáiste “Oiriúnach do 55” agus tá iarrachtaí leanúnacha déanta aige laistigh den IMO chun a áirithiú go soláthraíonn loingseoireacht ar fud an domhain a sciar cothrom dár n‑iarrachtaí chun maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus chun truailliú a laghdú. Tá sé fíorthábhachtach feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an dlí idirnáisiúnta comhshaoil trí rialacha maidir le comhlíonadh agus dliteanais as iompar neamhdhleathach agus truailliú a oiriúnú. Leis an digitiú tugtar deis ollmhór chun sábháilteacht agus inbhuanaitheacht a fheabhsú, ach ní mór leas iomlán a bhaint as. Tá gá le hullmhúchán, tástáil, nuashonruithe rialála, agus oiliúint agus athoiliúint chun gur féidir longa uathrialacha agus córais chliste a bheith ann. Ní mór aird níos mó a thabhairt freisin ar shláinte agus ar shábháilteacht, ar dhálaí oibre agus maireachtála maraithe agus oibrithe muiriompair i gcoitinne.

Chuir paindéim COVID‑19 agus an timpeallacht gheopholaitiúil nua tar éis chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine béim ar an ngá atá le dlúthchomhar agus na buntáistí a bhaineann le dlúthchomhar idir an Coimisiún, na Ballstáit agus páirtithe leasmhara i gcoitinne. Trí chreat láidir sábháilteachta muirí AE a bheith i bhfeidhm agus EMSA seiftiúil, éascófar agus feabhsófar an comhar sin agus cabhrófar le riaracháin mhuirí AE a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh. Ag an am céanna, cuirfidh sé le hEoraip níos láidre ar domhan, ag cur le guth an Aontais laistigh den IMO agus fóraim idirnáisiúnta eile.

Iarrann an Coimisiún ar reachtóirí an Aontais na tionscnaimh reachtacha atá sa phacáiste seo a ghlacadh go tapa chun tacú le loingseoireacht ardchaighdeáin, ghlan agus nua-aimseartha an Aontais.

(1)

Timpiste MV Erika in 1999, an Fhrainc (20,000 tona ola), timpiste MV Prestige in 2002, an Spáinn (63,000 tona ola).

(2)

Forléargas Bliantúil ar Thaismigh agus Teagmhais Mhuirí, Ardán Eorpach um Fhaisnéis faoi Thaismigh Mhuirí EMCIP

(3)

  Partnership - waterborne.eu

(4)

https://transport.ec.europa.eu/system/files/2021-04/2021-mobility-strategy-and‑action‑plan.pdf

(5)

COM(2019)640, COM/2021/400 final

(6)

COM(2021) 562 final – Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid breoslaí in‑athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

(7)

 COM(2021) 551 final - Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2003/87/CE lena mbunaítear scéim um liúntais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil laistigh den Aontas

(8)

Treoir 2013/54/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le freagrachtaí áirithe Stát brataí maidir le comhlíonadh agus forfheidhmiú an Choinbhinsiúin Oibreachais Mhuirí, 2006 (IO L 329, 10.12.2013, lch. 1).

(9)

Agus trí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le rialú Stáit ar chalafoirt don chuid forfheidhmithe de Stát an chalafoirt - Treoir 2013/38/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Lúnasa lena leasaítear Treoir 2009/16/CE maidir le rialú Stáit ar chalafoirt (IO L 218, 14.8.2013, lch. 1).

(10)

  www.parismou.org  

(11)

Tar éis ionradh na hÚcráine, cuireadh ballraíocht Chónaidhm na Rúise i Meabhrán Tuisceana Pháras ar fionraí i mí na Bealtaine 2022.

(12)

Cumhdaíonn an séú ceann astaíochtaí truailleán aeir agus tá sé cumhdaithe go páirteach cheana féin ag reachtaíocht AE (an Treoir maidir le Sulfar) nó breithneofar é níos déanaí agus beidh sé faoi réir clásail athbhreithnithe sa Treoir athbhreithnithe maidir le truailliú ó longa (NOx, bruscar muirí agus torann faoi uisce).

(13)

Treoir (AE) 2019/883 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le saoráidí glactha calafoirt don seachadadh dramhaíola ó longa, lena leasaítear Treoir 2010/65/AE agus lena n‑aisghairtear Treoir 2000/59/CE (IO L 151, 7.6.2019, lch. 116).

(14)

   Iompar iarnróid agus uisce - is iad is fearr le haghaidh mótariompar ísealcharbóin, Staidéar ag an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, 2021

(15)

 Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil agus a chuirtear in ionad Threoir 2008/99/CE - COM/2021/851 final

(16)

Córais aerárthaí cianrialaithe

(17)

Modúl Théatas maidir le Tomhas, Tuairisciú agus Fíorú (MRV) - https://www.emsa.europa.eu/tackling-air-emissions/greenhouse-gas.html

(18)

  Seirbhísí Satailíte - seirbhís CleanSeaNet - EMSA - An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (europa.eu)

(19)

  THETIS EU - EMSA - An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

(20)

  SafeSeaNet - EMSA - An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

(21)

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an nuashonrú ar Straitéis Slándála Muirí an Aontais agus ar a Phlean Gníomhaíochta “Straitéis Slándála Muirí fheabhsaithe an Aontais maidir le bagairtí muirí atá ag teacht chun cinn”, JOIN(2023) 8