An Bhruiséil,12.5.2023

COM(2023) 249 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu






CLÁR 

1.    RÉAMHRÁ    

2.    TRÉDHEARCACHT AGUS INCHOMPARÁIDEACHT TÁILLÍ CUNTAS ÍOCAÍOCHTA    

3.    ROCHTAIN AR CHUNTAIS ÍOCAÍOCHTA    

3.1.    Rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar chuntais íocaíochta    

3.2.    Rochtain ar PABF    

3.3.    Liosta seirbhísí    

4.    CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A MHALARTÚ    

5.    MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR BHEARTA BREISE FÉIDEARTHA MAIDIR LE MALARTÚ    

5.1.    A indéanta a bheadh sé an tseirbhís malartaithe in Airteagal 10 a leathnú chuig malartú trasteorann    

5.2.    Indéantacht creata um atreorú uathoibrithe íocaíochtaí    

5.3.    Measúnú ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le hinaistritheacht iomlán uimhreacha cuntais íocaíochta a chur chun feidhme ar fud an Aontais    

6.    ÉIFEACHTACHT BEART ATÁ ANN CHEANA AGUS AN GÁ LE BEARTA BREISE CHUN CUIMSIÚ AIRGEADAIS A MHÉADÚ AGUS CÚNAMH A THABHAIRT DO DHAOINE LEOCHAILEACHA I nDÁIL LE RÓFHÉICHIÚNAS    

7.    SAMPLAÍ DE NA CLEACHTAIS IS FEARR I MEASC NA mBALLSTÁT CHUN LÍON NA dTOMHALTÓIRÍ A FHÁGTAR GAN ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA A LAGHDÚ.    

8.    CONCLÚID    


GIORRÚCHÁIN 

AML    An sciúradh airgid a chomhrac    

AML/CFT    An sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac

AMLD            An Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid a Chomhrac (Treoir (AE) 2015/849) 1

BIC            Cód Aitheantais Gnólachta

ÚBE            An tÚdarás Baincéireachta Eorpach

FID            Doiciméad faisnéise maidir le táille

IBAN            Uimhir idirnáisiúnta chuntas bainc

PAD            An Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta (Treoir 2014/92/AE) 2

PABF            Cuntas íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha aige

PSP            Soláthraí Seirbhísí Íocaíochta



1.RÉAMHRÁ

Glacadh an Treoir maidir le Cuntais Íocaíochta (PAD, nó an Treoir) an 23 Iúil 2014 mar chuid d’iarrachtaí an Aontais trédhearcacht agus inchomparáideacht táillí a ghearrtar ar thomhaltóirí as a gcuntais íocaíochta a fheabhsú; malartú cuntas íocaíochta a fheabhsú; agus oscailt agus úsáid PABFanna san Aontas a fheabhsú.

Tháinig PAD i bhfeidhm an 17 Meán Fómhair 2014. Na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus na caighdeáin theicniúla rialála 3 chun ceanglais trédhearcachta na Treorach a chur chun feidhme, tháinig siad i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair 2018.

Níor mhór do na Ballstáit na dlíthe, na rialacháin agus na forálacha riaracháin is gá chun an Treoir seo a chomhlíonadh a bheith trasuite agus foilsithe acu faoin 18 Meán Fómhair 2016. Níor dhearbhaigh ach naoi mBallstát 4 , áfach, go raibh siad sin trasuite ina n‑iomláine acu laistigh den sprioc‑am (nó go gairid ina dhiaidh). Thionscain an Coimisiún Eorpach imeachtaí um shárú in aghaidh na 18 mBallstát eile as gan cumarsáid a dhéanamh maidir le trasuí. Tar éis do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún gur thug siad a dtrasuí i gcrích (agus tar éis don Choimisiún an trasuí sin a mheasúnú agus a dheimhniú), dúnadh na cásanna sin uile um shárú as gan cumarsáid a dhéanamh. Ní sheol an Coimisiún go fóill aon nós imeachta um shárú as neamhchomhlíonadh PAD.

Glacadh an tuarascáil seo mar fhreagairt ar Airteagal 28 den Treoir, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm na Treorach a sholáthar faoin 18 Meán Fómhair 2019. Cuireadh moill ar eisiúint na tuarascála mar gheall ar an ngá a áirithiú go raibh an Treoir i bhfeidhm ar feadh tréimhse áirithe ama. Go comhthreomhar leis sin, ghlac an Coimisiún an tuarascáil a cheanglaítear le hAirteagal 27 den Treoir (tuarascáil Airteagal 27).

Sheol an Coimisiún dhá staidéar chun tacú leis an tuarascáil seo. Leis an gcéad staidéar (Staidéar Deloitte 1 5 ), déantar meastóireacht ar an Treoir agus soláthraítear ionchur chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach. Cumhdaíodh 16 Bhallstát leis 6 . Leis an dara staidéar (Staidéar Deloitte 2 7 ), déantar measúnú ar uirlisí nua a d’fhéadfadh malartú trasteorann a éascú agus tá sé mar bhunús le Caibidil 5, lena ndéantar measúnú ar bheartais bhreise a d’fhéadfadh malartú a éascú. Sholáthair na Ballstáit sonraí/ionchur tábhachtach le haghaidh na tuarascála seo freisin. Chuaigh an Coimisiún i ngleic le roinnt dúshlán mar sin féin agus é ag ullmhú na tuarascála seo – go háirithe gan sonraí inchomparáide a bheith ar fáil. Is é is cuspóir do PAD an margadh aonair a chothú le haghaidh seirbhísí airgeadais miondíola, agus le haghaidh cuntais íocaíochta go háirithe. Leis an Treoir, féachadh leis an méid sin a dhéanamh ach (1) trédhearcacht táillí cuntas íocaíochta a chruthú agus a n‑inchomparáideacht a áirithiú; (2) rochtain tomhaltóirí ar chuntais íocaíochta (a bhfuil gnéithe bunúsacha acu) a áirithiú agus (3) malartú cuntas íocaíochta a éascú. Déantar measúnú leis na caibidlí seo a leanas ar chur i bhfeidhm na Treorach agus ar na heilimintí breise a cheanglaítear in Airteagal 28.

2.TRÉDHEARCACHT AGUS INCHOMPARÁIDEACHT TÁILLÍ CUNTAS ÍOCAÍOCHTA 

Le hAirteagal 7 den Treoir ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain, saor in aisce, ag tomhaltóirí ar shuíomh gréasáin comparáide amháin ar a laghad. Leagtar amach le hAirteagal 7(3) liosta ceanglas maidir leis an suíomh gréasáin comparáide, is iad sin go reáchtálfar ar bhealach neamhspleách é; go nochtfar aitheantas úinéir an tsuímh gréasáin ann; go leagfar amach critéir shoiléire oibiachtúla ann le haghaidh na comparáide; go n‑úsáidfidh sé focail atá soiléir agus gan débhríocht; go mbeidh sé cothrom le dáta; go gcumhdófar cuid shuntasach den mhargadh leis; agus go gcuirfidh sé nós imeachta éifeachtach ar fáil le faisnéis mhícheart faoi tháillí foilsithe a thuairisciú.

Tar éis don Choimisiún dul i gcomhairle leis na Ballstáit tríd an nGrúpa Saineolaithe ábhartha (GEGREFS), is é tuairim an Choimisiúin tríd is tríd go bhfuil na ceanglais a liostaítear faoi láthair in Airteagal 7(3) den Treoir leordhóthanach agus nach bhfuil aon ghá práinneach ann an liosta a leasú. Tugadh le fios le Staidéar Deloitte 1, áfach – ar bhonn athbhreithniú ar na suíomhanna gréasáin sainaitheanta a chomhlíonann ceanglais na Treorach – nach bhfuil an dá cheanglas seo a leanas a liostaítear i mír 3 ag feidhmiú go hiomlán: (1) an ceanglas go leagfar amach na critéir oibiachtúla le haghaidh na comparáide; agus (2) an ceanglas go dtuairisceofar faisnéis mhícheart maidir le táillí foilsithe. Ina theannta sin, bhí fadhbanna leis an bhfaisnéis maidir leis an uair dheireanach a tugadh suíomh gréasáin cothrom le dáta. Bíodh sin mar atá, is le gné oibríochtúil an tsuímh gréasáin, seachas leis an liosta féin, is mó a bhaineann na saincheisteanna a léirítear le Staidéar Deloitte 1. Sa chomhthéacs sin, leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán cúramach a dhéanamh ar an gcás chun a áirithiú go mbeidh suíomhanna gréasáin comhlíontacha na mBallstát ag comhlíonadh i ndáiríre na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 7(3) den Treoir.

Ceanglaítear le hAirteagal 28(3) den Treoir go ndéanfar measúnú leis an tuarascáil ar cé acu atá nó nach bhfuil gá le creidiúnú le haghaidh suíomhanna gréasáin comparáide. Tá na Ballstáit den tuairim go ginearálta nach gcuirfeadh sé sin mórán luacha leo, ar an ábhar, go príomha, go bhfuil na táblaí comparáide comhlíontachta atá ann faoi láthair ar fáil go poiblí agus iontaofa iontu féin dá bharr. Ina theannta sin, bheadh an próiseas deimhniúcháin costasach agus fadálach. Níor cláraíodh aon fhadhb leis an suíomh gréasáin comparáide i bhformhór na mBallstát, mar sin níl aon ghá an córas atá ann faoi láthair a leasú.

A mhéid a bhaineann le bearta maidir le ‘tairiscintí pacáistithe’, le hAirteagal 4 den doiciméad faisnéise, le hAirteagal 5 den ráiteas maidir le táillí agus le hAirteagal 8 tagraítear do choincheap na bpacáistí. Thug Staidéar Deloitte 1 faoi deara, ar bhonn sonraí a bailíodh, go léirmhíníonn na páirtithe leasmhara an téarma ‘pacáiste’ ar dhá bhealach atá go hiomlán éagsúil: (i) teaglaim de chuntas íocaíochta agus na seirbhísí éagsúla atá nasctha leis lena gcumasaítear a úsáid (e.g. cárta nó rótharraingt); nó (ii) teaglaim de chuntas íocaíochta agus cineálacha eile táirgí airgeadais (e.g. árachas agus morgáistí). Sa chomhthéacs sin, chuir 16 Bhallstát (BE, BG, DE, IE, ES, IT, LV, LU, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SI agus SK) in iúl go dtacaíonn siad leis an smaoineamh go dtabharfaí sainmhíniú ar an téarma ‘pacáiste’ isteach sa Treoir chun tuilleadh soiléirithe a dhéanamh air sin (go háirithe i gcásanna díola nasctha agus cleachtas cuachta díolacháin). Tugann roinnt Ballstáit eile rabhadh in aghaidh cur chuige den sórt sin, áfach, á áitiú go bhfuil an téarma soiléir go leordhóthanach cheana agus gur chiallmhaire aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist in Airteagal 4 den Treoir. Sa chomhthéacs sin, maidir le hAirteagal 4 den doiciméad faisnéise, d’fhéadfadh an roinn den doiciméad faisnéise atá tiomnaithe do ‘phacáistí seirbhísí’ a bheith rófhada i roinnt cásanna. Is amhlaidh sin toisc go bhfuil pacáistí iomadúla luaite ag roinnt banc ina ndoiciméad faisnéise agus go bhfuil an doiciméad faisnéise roinnt leathanach ar fhad dá dheasca – ní a sháraíonn an rud is cuspóir don doiciméad faisnéise a bheith gearr neamhspleách. Creideann siad dá bhrí sin gur cheart aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar choincheap na bpacáistí a dhíriú ar Airteagal 4. Maidir le hAirteagal 4 ar bhealach níos leithne, tá iarmhairt neamhbheartaithe ann go ndearnadh doiciméid maidir le leibhéil táillí cuntas íocaíochta a dhúbláil sna Ballstáit úd inarbh ann cheana do dhoiciméid ina raibh an fhaisnéis chéanna sin. Go deimhin, ar bhonn bharúlacha na mBallstát, is é an iarmhairt neamhbheartaithe is tábhachtaí atá aige sin go ndearnadh doiciméid maidir le leibhéil táillí cuntas íocaíochta a dhúbláil sna Ballstáit inarbh ann cheana do dhoiciméid ina raibh an fhaisnéis chéanna sin. Is maith mar a thug an Coimisiún na saincheisteanna sin dá aire agus coinneoidh sé na moltaí a fuarthas i gcuimhne san athbhreithniú a dhéanfar faoi dheireadh ar an Treoir.

3.ROCHTAIN AR CHUNTAIS ÍOCAÍOCHTA  

3.1.Rochtain neamh‑idirdhealaitheach ar chuntais íocaíochta 

Le hAirteagal 15 den Treoir ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh institiúidí creidmheasa idirdhealú in aghaidh tomhaltóirí atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas Eorpach ar bhonn a náisiúntachta nó a n‑áite cónaithe (nó ar bhonn aon fhoras eile dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh) nuair a dhéanann na tomhaltóirí sin iarratas ar chuntas íocaíochta laistigh den Aontas nó nuair a fhaigheann siad rochtain air. Luaitear freisin le hAirteagal 15 nach ceadmhach na coinníollacha is infheidhme maidir le PABF a shealbhú a bheith idirdhealaitheach ar aon bhealach.

Rinne na Ballstáit an fhoráil neamh‑idirdhealaithe a thrasuí go sonrach nó tháinig siad ar an gconclúid go gcumhdaítear an pointe sin leis an reachtaíocht atá i bhfeidhm acu cheana. Ní dhearna ach roinnt Ballstát, áfach, prionsabal an neamh‑idirdhealaithe a chomhtháthú ina ndlí náisiúnta, ní hamháin chun an rochtain ar chuntais íocaíochta a chumhdach ach chun na coinníollacha is infheidhme a chumhdach go sonrach freisin.

D’ainneoin na rialach sin, d’fhéadfadh sé fós féin nach mbeadh an rochtain ar chuntais íocaíochta mar a chéile i gcás tomhaltóirí ar de náisiúntachtaí éagsúla iad nó atá ina gcónaí in áiteanna cónaithe éagsúla. Ceangal maidir le doiciméad aitheantais náisiúnta sonrach a chur i láthair, mar shampla, d’fhéadfadh sé sin difear a dhéanamh do thomhaltóirí as Ballstáit éagsúla ar bhealaí éagsúla. Mar a léirítear le Staidéar Deloitte 1 agus leis na gearáin a fuair an Coimisiún, d’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann freisin a mhéid a bhaineann le cuntais íocaíochta a oscailt ar bhealach trasteorann, go háirithe a mhéid a bhaineann le hoscailt trasteorann ar líne, rud nach mbíonn ar fáil uaireanta do thomhaltóirí as Ballstáit eile. 8 . Fuair an Coimisiún gearáin freisin maidir le leibhéil éagsúla táillí do neamhchónaitheoirí sa Bhallstát. Cleachtas idirdhealaitheach a bheadh ann táillí níos airde a ghearradh ar neamhchónaitheoirí as PABF mura mbeadh na táillí breise bunaithe ar chostais ar féidir údar a thabhairt leo go hoibiachtúil.

D’fhéadfadh sé, in go leor cásanna, go mbeadh cóireáil éagsúil ann mar thoradh ar na ceanglais éagsúla sin, agus d’fhéadfaidís difear a dhéanamh freisin do chuntais íocaíochta, lena n‑áirítear PABFanna. Tugtar tuairisc níos mionsonraithe ar chásanna den sórt sin i Roinn 3.2.

3.2.Rochtain ar PABF

§An ceart rochtana ar PABF

Chun cuimsiú airgeadais a chothú, leagtar síos le hAirteagal 16 den Treoir an ceart rochtana ar PABF ag gach tomhaltóir a chónaíonn go dlíthiúil san Aontas. Áirítear orthu sin tomhaltóirí nach bhfuil aon seoladh seasta acu, iarrthóirí tearmainn agus tomhaltóirí ar diúltaíodh cead cónaithe dóibh ach nach féidir iad a dhíbirt ar chúiseanna dlí nó fíorasacha  9 . Le hAirteagal 16(1) ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh gach institiúid chreidmheasa nó líon leordhóthanach institiúidí creidmheasa PABFanna ar fáil do thomhaltóirí chun a ráthú go mbeidh rochtain ag gach tomhaltóir ar a gcríoch orthu.

Rinne na Ballstáit an ceart rochtana sin ar PABF a thrasuí ina reachtaíocht náisiúnta. I bhformhór na mBallstát, cuirtear PABF ar fáil mar tháirge ar leithligh nach ionann é agus gnáthchuntas íocaíochta. I roinnt Ballstát 10 , áfach, ní sholáthraíonn gach institiúid chreidmheasa (nó roinnt institiúidí creidmheasa) PABF mar tháirge ar leithligh agus is fearr leo gnáthchuntas a chur ar fáil do gach tomhaltóir.

I bhformhór na mBallstát, ceanglaítear ar gach institiúid chreidmheasa a chuireann cuntais íocaíochta ar fáil PABF a chur ar fáil, ach i roinnt Ballstát 11 ní cheanglaítear ach ar roinnt institiúidí creidmheasa a chomhlíonann critéir áirithe PABF a chur ar fáil. Go ginearálta, áfach, bíonn rochtain fhairsing á soláthar ag institiúidí creidmheasa den sórt sin atá faoi oibleagáid. Ina theannta sin, bíonn PABFanna á gcur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta eile i roinnt Ballstát.

Tá comhaontú ginearálta ag eagraíochtaí earnálacha agus eagraíochtaí tomhaltóirí dá bhrí sin go bhfuil rochtain leordhóthanach ag tomhaltóirí ina dtír ar PABFanna 12 .

Le hAirteagal 16 soláthraítear roinnt maoluithe (féideartha) ar an gceart rochtana sin ar PABF. Sa chleachtas, baineann an maolú is tábhachtaí le AML. Ceanglaítear le hAirteagal 16(4) de PAD go n‑áiritheoidh na Ballstáit go ndiúltóidh institiúidí creidmheasa diarratas dá mbeadh mar thoradh ar chuntas den sórt sin a oscailt sárú ar na forálacha maidir le sciúradh airgid a chosc agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac, a leagtar síos i dTreoir 2005/60/CE 13 . D’fhéadfadh sé sin a bheith i gcoinbhleacht leis an gceart rochtana ar PABF agus d’fhéadfadh sé nach mbeadh an idirghníomhaíocht iomlán soiléir. Cuirtear i dtábhacht le haithris 34 de PAD nár cheart rialacha PAD a úsáid mar chúis lena bheith ag diúltú do thomhaltóirí nach bhfuil chomh tarraingteach céanna ó thaobh tráchtála de. Ní aon treoraíocht eile ar leibhéal an Aontais ann faoi láthair maidir leis an idirnascthacht idir na rialacha éagsúla.

Rinneadh amach go bhfuil deacrachtaí sna réimsí seo a leanas go háirithe maidir le PABF a oscailt.

1)Doiciméid aitheantais shonracha a bheith in easnamh: sainaithníodh i roinnt tuarascálacha 14 go raibh deacrachtaí ann maidir le PABF a oscailt mar gheall ar dhoiciméid aitheantais shonracha a bheith in easnamh, rud ab ábhar freisin do ghearáin a rinne an pobal i gcoitinne leis an gCoimisiún. Is ar bhonn doiciméid aitheantais go ginearálta a dhéantar an fíorú ar aitheantas custaiméara a cheanglaítear le treoracha maidir le AML/CFT. Ceanglas go mbeifear i seilbh doiciméid aitheantais chaighdeánaigh arna eisiúint ag an mBallstát, d’fhéadfadh sé sin deacrachtaí ar leith a chruthú d’iarrthóirí tearmainn agus do dhídeanaithe, agus (ag brath ar an gceanglas sonrach) do náisiúnaigh de Bhallstáit eile. Tugadh aghaidh ar an tsaincheist sin go páirteach cheana i dtuairim ÚBE maidir le bearta díchill chuí custaiméara a chur i bhfeidhm, ar custaiméirí iad atá ina n‑iarrthóirí tearmainn ó chríocha nó ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a mbaineann riosca níos airde leo agus sa ráiteas maidir le ‘cuimsiú airgeadais i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin’, a d’eisigh ÚBE i mí Aibreáin 2022. 15 Ina theannta sin, bíonn deacrachtaí ag daoine gan dídean uaireanta cuntas íocaíochta a oscailt (e.g. nuair a iarrtar orthu seoladh a sholáthar).

2)Rochtain trasteorann ar chuntais íocaíochta: sainaithníodh i Staidéar Deloitte 1 freisin go raibh deacrachtaí ann maidir le PABF a oscailt i mBallstát eile (lena n‑áirítear ar líne), rud ab ábhar freisin do ghearáin a rinne an pobal i gcoitinne leis an gCoimisiún. Is féidir cúiseanna éagsúla a bheith leo sin. D’fhéadfadh na deacrachtaí sin a bheith ann mar gheall ar dhoiciméid shonracha a bheith in easnamh, mar shampla, nó mar gheall ar an ngá a léiriú go bhfuil spéis dháiríre ann, ach d’fhéadfadh baint a bheith acu freisin le cúiseanna AML/CFT i bhfianaise go bhféadfaí a bhreithniú sa mheasúnú ar riosca AML/CFT gur imthoisc neamhghnách lena mbaineann riosca a d’fhéadfadh a bheith níos airde é cuntas íocaíochta a oscailt i mBallstát eile 16 .

3)Cleachtais dí‑rioscaithe ar fhorais AML: tá deacrachtaí maidir le PABF a oscailt tagtha chun solais freisin mar gheall ar chleachtais dí‑rioscaithe institiúidí creidmheasa (i.e. nuair a dhéanann siad cinneadh cuntais íocaíochta a oscailt (nó a dhúnadh) a bhfuil catagóirí sonracha custaiméirí acu toisc go mbaineann riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta níos airde leo). Mar a leagtar amach i dtuairim ÚBE maidir le ‘dí‑rioscú’ 17 , d’fhéadfadh an dí‑rioscú a bheith ina ábhar imní go háirithe do thomhaltóirí a bhfuil naisc acu le tíortha sonracha (ardriosca) nach Ballstáit den Aontas iad agus le daoine atá faoi riteacht pholaitiúil. Fuair an Coimisiún gearáin ina leith sin freisin.

4)Cleachtais dí‑rioscaithe mar gheall ar Acht na Stát Aontaithe um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA): bhí deacrachtaí freisin ag tomhaltóirí ar dénáisiúnaigh (AE/SAM) iad, a rinne achainíocha le Parlaimint na hEorpa agus gearán leis an gCoimisiún. Mar a luaigh ÚBE ina thuairim maidir le dí‑rioscú, d’fhéadfadh sé go ndearna roinnt institiúidí creidmheasa an cinneadh gan cuntais íocaíochta a sholáthar do náisiúnaigh de na Stáit Aontaithe i bhfianaise na n‑oibleagáidí agus na smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi FATCA.

Sholáthair ÚBE roinnt treoraíochta cheana a d’fhéadfadh a bheith ina cuidiú agus aghaidh á tabhairt ar dhí‑rioscú nach bhfuil inmhianaithe 18 . Shoiléirigh ÚBE go háirithe nach bhfágann cur i bhfeidhm an chur chuige rioscabhunaithe go gceanglaítear ar ghnólachtaí diúltú do chaidrimh ghnó le catagóirí iomlána tomhaltóirí, nó iad a fhoirceannadh, má bhreithnítear riosca sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta níos airde a bheith ag baint leo. Tá an méid sin curtha san áireamh ag údaráis inniúla roinnt Ballstát ina dtreoraíocht féin dá bhrí sin.

Chun riosca an dí‑rioscaithe ar fhorais AML a mhaolú, tá forálacha sonracha molta ag an gCoimisiún sa phacáiste reachtach maidir le AML/CFT a chuir sé i láthair i mí Iúil 2021 19 . Go sonrach, chun é a chur ar a gcumas d’údaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna institiúidí calabrú iomchuí ar a gcleachtais maidir le dícheall cuí custaiméara, áirítear sa togra um rialachán AML 20 ceanglas maidir le hinstitiúidí a dhéanann cinneadh gan dul isteach i gcaidreamh gnó le custaiméir ionchasach taifid faoi na forais atá leis an gcinneadh sin a choimeád. Ina theannta sin, áirítear leis an togra i ndáil leis an séú treoir maidir le AML 21 ceanglas go rachaidh maoirseoirí AML i gcomhar le maoirseoirí atá i gceannas ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Seirbhísí Íocaíochta 22 agus PAD.

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann freisin maidir leis an gceart rochtana ar PABF a fhorfheidhmiú ós minic nach dtarlaíonn sé go gcuirtear an tomhaltóir ar an eolas láithreach faoin diúltú agus faoin gcúis shonrach atá leis an diúltú sin, d’ainneoin na hoibleagáide ginearálta in Airteagal 16(7) PAD sin a dhéanamh, mar gheall ar an toirmeasc ar ‘leid a thabhairt’ i rialacha AML lena maolaítear ar an oibleagáid ghinearálta sin.

Áirítear ar mhaoluithe eile dá bhforáiltear in PAD an rogha go gceanglófaí ar thomhaltóirí ar mian leo PABF a oscailt spéis dháiríre a léiriú ann (Airteagal 16(2)). Níor fheidhmigh ach roinnt Ballstát 23 an rogha sin. Os a choinne sin, d’fheidhmigh go leor Ballstát an rogha dá bhforáiltear in Airteagal 16(5) go gceadófaí d’institiúidí creidmheasa diúltú d’iarratas ar PABF má tá cuntas íocaíochta arna shealbhú ag tomhaltóir cheana in institiúid chreidmheasa atá lonnaithe ar a gcríoch.

Ina theannta sin, d’fheidhmigh roinnt Ballstát an rogha go sainaithneofaí cásanna breise teoranta sonracha inar féidir, nó inar cheart, diúltú d’iarratais – ar choinníoll go bhfuil na heisceachtaí sin beartaithe rochtain ar PABF saor in aisce a éascú faoi shásra Airteagal 25 PAD nó chun mí‑úsáidí ag tomhaltóirí a sheachaint (Airteagal 16(6) PAD). Mar shampla, tá critéir leagtha síos ag roinnt Ballstát lena gceanglaítear ar iarratasóirí fianaise a sholáthar nach ndearna siad calaois nó cionta coiriúla eile, nó tá eisceacht slándála náisiúnta bunaithe acu. An rogha in Airteagal 19(3) go sainaithneofaí cásanna breise teoranta sonracha ina bhféadfaidh an institiúid chreidmheasa creatchonradh maidir le PABF a fhoirceannadh go haontaobhach, tá úsáid bainte ag go leor Ballstát aisti sin le haghaidh cásanna comhchosúla (agus eile) (e.g. i gcás cionta coiriúla áirithe a rinneadh d’aon ghnó nó i gcás gníomhaíochtaí tráchtála).

§Na meántáillí bliantúla a thoibhítear as PABFanna

Le hAirteagal 18(1) PAD ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh institiúidí creidmheasa PABFanna ar fáil ‘saor in aisce nó ar tháille réasúnta’. Tá sé sin curtha chun feidhme ar bhealaí éagsúla ag na Ballstáit. Tá cinneadh déanta ag roinnt Ballstát 24 nach mór PABF a sholáthar saor in aisce nó nach mór teorainneacha soiléire a leagan síos maidir leis an táille nó paraiméadair bheachta a shocrú chun é a ríomh. Ceanglaíonn Ballstáit eile nach mór na cuntais a chur ar fáil saor in aisce nó ar tháille réasúnta, ach ní shocraíonn siad aon chritéar eile thairis sin (thar na critéir in Airteagal 18(3) maidir leis an rud a bhreithneofaí a bheith ‘réasúnta’).

Tá éagsúlacht mhór sna leibhéil táillí a ghearrtar as PABFanna sna Ballstáit éagsúla.  25 . Bíonn bearna mhór ann freisin uaireanta idir na táirgí is saoire agus is daoire a chuirtear ar fáil, fiú laistigh den Bhallstát céanna. I gcomparáid leis na táillí ar ghnáthchuntais íocaíochta 26 , d’fhéadfadh PABFanna a bheith níos saoire ach ní mórán níos saoire.

Mar sin féin, léirigh na heagraíochtaí earnálacha agus cuid de na heagraíochtaí tomhaltóirí 27 i Staidéar Deloitte 1 go mbeadh PABFanna inacmhainne do chách go ginearálta.

§Cur i bhfeidhm sa chleachtas/ráta úsáide PABF

Mar a léiríonn tuarascáil Airteagal 27, le haghaidh na tréimhse 2016-2021, tá PABFanna á n‑úsáid cuid mhór i roinnt Ballstát. Mar shampla, táthar á n‑úsáid cuid mhór anois i roinnt Ballstát 28 nach raibh cuntas íocaíochta ag céatadán ard dá ndaonra roimhe sin. B’íseal go maith an ráta úsáide i gcinn eile, áfach 29 . Ina theannta sin, léiríonn an leagan is déanaí de Bhunachar Sonraí Domhanda Findex ó 2021 30 gur mhéadaigh an sciar den daonra a bhfuil cuntas bainc acu (15 bliana d’aois nó níos sine) i bhformhór na mBallstát ó 2017 go 2021 – agus gur bhain cuid díobh sin 100 % amach in 2021.

Tá roinnt cúiseanna éagsúla ann a d’fhéadfadh an líon PABFanna réasúnta íseal a mhíniú. Ar an gcéad dul síos, bhí an céatadán de dhaoine a raibh cuntas íocaíochta acu an‑ard cheana i mórán Ballstát nuair a glacadh PAD. Ar an dara dul síos, bhí uirlisí comhchosúla i bhfeidhm ag roinnt Ballstát cheana. Ar an tríú dul síos, ós rud é go bhfuil rochtain an‑éasca ar ghnáthchuntais (lena n‑áirítear cuntais saor in aisce ar líne), d’fhéadfadh sé nach bhfuil PABFanna ábhartha do thomhaltóirí a bhfuil rochtain acu ar na cuntais sin. D’fhéadfadh sé gur cúis eile le ráta íseal úsáide í easpa feasachta i measc tomhaltóirí. Tá an fhaisnéis is gá ar fáil do thomhaltóirí trí chainéil amhail suíomhanna gréasáin nó feachtais feasachta, ach measann eagraíochtaí tomhaltóirí go bhfuil leibhéal feasachta tomhaltóirí faoina gceart rochtana ar PABF fós réasúnta íseal agus nach gcuireann go leor banc PABF ar fáil go réamhghníomhach do thomhaltóirí. I roinnt cásanna, d’fhéadfadh costas PABF teorainn a chur leis an ráta úsáide freisin. Mar a léiríonn Bunachar Sonraí Domhanda Findex, tá cistí neamh‑leordhóthanacha, easpa muiníne in institiúidí airgeadais agus institiúidí airgeadais a bheith lonnaithe rófhada ar shiúl ar na cúiseanna luaite eile nach bhfuil cuntas íocaíochta ag tomhaltóirí sna Ballstáit sin ina bhfuil céatadán níos lú de dhaoine a bhfuil cuntas bainc acu. 

Os a choinne sin, ní cosúil gurb é an rud is cúis leis an ráta íseal úsáide sin gan dóthain PABFanna iad féin a bheith á gcur ar fáil. Tá PABFanna á gcur ar fáil ag na hinstitiúidí creidmheasa uile sna Ballstáit aonair, nó ag líon mór de na hinstitiúidí creidmheasa, agus, de réir Staidéar Deloitte 1, tá comhaontú ginearálta ann i measc eagraíochtaí earnálacha agus earnálacha tomhaltóirí go bhfuil rochtain leordhóthanach ag tomhaltóirí ar PABFanna. Ní hé an phríomhchúis leis an ráta íseal úsáide ach oiread é institiúidí creidmheasa a bheith ag diúltú PABFanna a sholáthar – mar a leagtar amach i dtuarascáil Airteagal 27, is cosúil go bhfuil an líon iarratas ar diúltaíodh dóibh sna Ballstáit aonair réasúnta íseal 31 , cé go bhfuil roinnt eisceachtaí ann.

Ní gá gurb é is cuspóir do PABF ráta ard úsáide PABFanna a bhaint amach, ach, os a choinne sin, cuimsiú airgeadais a mhéadú agus rochtain ar PABF a áirithiú do gach tomhaltóir. I bhfianaise infhaighteacht ghinearálta PABFanna, is cosúil gur baineadh an cuspóir sin amach go ginearálta. Ina theannta sin, mar a léiríonn an leagan is déanaí de Bhunachar Sonraí Domhanda Findex ó 2021, tháinig méadú sna Ballstáit go 95 % ar an meán – agus gar do 100 % i roinnt Ballstát – ar an gcéatadán den daonra a bhfuil cuntas íocaíochta acu.

D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann mar sin féin sna cásanna sonracha a leagtar amach thuas. Is é is cuspóir do phacáiste reachtach AML/CFT riosca an dí‑rioscaithe a mhaolú. Sholáthair ÚBE treoraíocht bhreise maidir leis an idirghníomhaíocht idir rialacha PAD agus AML 32 .

3.3.Liosta seirbhísí

Le hAirteagal 17(1) ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go n‑áireofar roinnt seirbhísí in PABF (lena n‑áirítear aistarraingtí airgid thirim, aistriú creidmheasa, dochair dhíreacha agus idirbhearta íocaíochta trí chárta íocaíochta) a mhéid a chuirtear ar fáil cheana féin iad do thomhaltóirí a bhfuil gnáthchuntais íocaíochta acu. Cumhdaítear le PABF na seirbhísí uile a leagtar amach in Airteagal 17(1) i bhformhór na mBallstát. Cuid de na seirbhísí a áirítear in Airteagal 17(1) (buanorduithe agus dochair dhíreacha), áfach, níor cuireadh ar fáil mar chuid de PABF iad i roinnt Ballstát 33 toisc nach gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil mar chuid de ghnáthchuntas sna Ballstáit sin. I roinnt cásanna, soláthraíonn institiúidí creidmheasa seirbhísí breise le haghaidh PABFanna (lena n‑áirítear saoráidí rótharraingthe, cártaí creidmheasa agus íocaíochtaí meandracha), cé nach gceanglaítear sin leis an dlí.

Dá gceanglófaí ar na Ballstáit oibleagáid a chur ar institiúidí creidmheasa gnéithe breise de PABF a sholáthar, ba ghá údar a thabhairt leis sin ar chúiseanna cuimsithe airgeadais. Ní mór é sin a mheá go cúramach freisin ó thaobh an chostais bhreise a bheadh ar institiúidí creidmheasa as PABF a sholáthar mar go bhféadfadh sé sin costas PABF a mhéadú agus dochar a dhéanamh do chuimsiú airgeadais dá réir. D’fhéadfadh íocaíochtaí meandracha a bheith ina ngnéithe de PABF amach anseo, ach – cé go mbíonn íocaíochtaí meandracha á n‑úsáid níos minice anois – ní gnéithe caighdeánacha go fóill iad 34 . Rochtain ar airgead tirim a áirithiú, d’fhéadfadh gné bhreise fhéideartha eile a bheith bainteach leis sin. Ceanglaítear cheana le hAirteagal 17(1) gur cheart aistarraingtí airgid thirim ag an gcuntar nó ag uathmheaisíní bainc (UMBanna) a áireamh mar sheirbhís in PABF, ach d’fhéadfadh an laghdú ar an líon brainsí agus UMBanna (i roinnt limistéir iargúlta, mar shampla) cur isteach ar chuimsiú airgeadais go ginearálta (ní ar PABFanna amháin). Mar a leagtar amach leis an straitéis íocaíochta miondíola 35 , is ábhar imní don Choimisiún freisin é an riosca atá ann go bhfágfaidh an méadú ar dhigitiú seirbhísí go mbeidh daoine nach bhfuil rochtain acu ar sheirbhísí digiteacha inniu níos eisiata fós amach anseo. Tá measúnú á dhéanamh ar an rochtain ar airgead tirim agus ar an nglacadh le hairgead tirim mar shaincheisteanna i bhfóraim éagsúla (ar leibhéal an Choimisiúin sa Ghrúpa Saineolaithe maidir le Dlíthairiscint Euro (ELTEG) 36 agus ag an mBord um Íocaíochtaí Miondíola Euro). De réir na tuarascála a ghlac ELTEG an 6 Iúil 2022, tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún ar bhealaí a bhféadfar a áirithiú go mbeidh airgead tirim euro ar fáil agus go nglacfar leis 37 .

Creideann eagraíochtaí tomhaltóirí agus eagraíochtaí earnálacha araon, is cosúil, go bhfuil tomhaltóirí sásta leis na seirbhísí atá ar fáil faoi láthair de réir ceanglais náisiúnta 38 . Is cosúil freisin nach dóigh le mórán Ballstát gur gá PAD a leasú.

4.CUNTAIS ÍOCAÍOCHTA A MHALARTÚ

B’ann cheana, i roinnt Ballstát, do sheirbhís malartaithe bunaithe ar phrionsabail choiteanna Choiste Thionscal Baincéireachta na hEorpa (EBIC) maidir le malartú cuntas bainc 39 sular tháinig PAD i bhfeidhm, ach le hAirteagal 10 tugadh isteach ceanglas ar gach Ballstát a áirithiú go mbeidh seirbhís malartaithe éigeantach i bhfeidhm 40 . De réir Staidéar Deloitte 1, chuir PAD ar a gcumas do na tomhaltóirí uile san Aontas dá réir sin cuntais intíre a mhalartú go héasca agus saor in aisce go minic. Tomhaltóirí a bhain úsáid as an bpróiseas, mheas siad go raibh sé sásúil. Baineann na laigí a thuairiscigh eagraíochtaí tomhaltóirí le fadhbanna teicniúla maidir le cur i bhfeidhm an phróisis i gcásanna aonair, ní leis an bpróiseas féin 41 .

Mar a léirítear le tuarascáil Airteagal 27, tá éagsúlacht mhór sa líon malartuithe in aghaidh na bliana a dhéantar sna Ballstáit éagsúla. Tá líon suntasach malartuithe i roinnt Ballstát 42 agus iad ag dul i líonmhaireacht i gcuid díobh sin, ach tá líon fíoríseal malartuithe i mBallstáit eile 43 .

D’fhéadfadh roinnt tosca a bheith ag déanamh difear don leibhéal malartaithe 44 . Tá feidhm, mar shampla, ag an tseirbhís malartaithe maidir le cuntais íocaíochta, ach ní maidir le táirgí airgeadais eile (e.g. iasachtaí morgáiste agus infheistíochtaí) a bhféadfadh an cuntas íocaíochta a bheith nasctha leo. Ina theannta sin, d’fhéadfadh sé nach bhfuil ach méid teoranta feasachta ag tomhaltóirí faoin tseirbhís nó nach mbíonn siad ar an eolas fúithi i gcónaí – nó go ndíspreagtar iad óna bheith á húsáid fiú. Cúiseanna eile a d’fhéadfadh a bheith ann is ea gan litearthacht airgeadais a bheith leordhóthanach agus an toimhde nach mbeadh de thoradh ar mhalartú ach coigilteas teoranta; an mhian ag duine gan uimhir a chuntais íocaíochta a chailleadh; agus an riosca go bhféadfadh íocaíochtaí dul amú.  45

Ní gá, áfach, gurbh é ab aidhm d’fhorálacha PAD maidir le malartú an líon malartuithe a mhéadú – ach malartú a dhéanamh níos éasca chun iomaíochas a mhéadú. I bhfianaise seirbhís malartaithe (dhea‑fheidhmiúil) a bheith ar fáil go ginearálta, is cosúil gur baineadh amach an cuspóir sin go mbeadh sé níos éasca malartú a dhéanamh. D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach mar sin féin bearta breise a dhéanamh, go háirithe chun feasacht tomhaltóirí faoina gceart chun malartú chuig cuntas íocaíochta a mhúscailt.

Murab ionann agus i gcásanna intíre, níl aon seirbhís malartaithe ann faoi láthair le haghaidh cásanna a bhaineann le soláthraithe seirbhísí íocaíochta as Ballstáit éagsúla. Ina ionad sin, ní chuirtear d’oibleagáid le hAirteagal 11 ar an soláthraí seirbhísí íocaíochta aistritheach ach cúnamh a sholáthar (e.g. faisnéis a sholáthar agus cistí a aistriú) do thomhaltóirí nuair a deir siad go bhfuil rún acu cuntas íocaíochta a oscailt le soláthraí seirbhísí íocaíochta atá lonnaithe i mBallstát eile. Mar a léirítear le Staidéar Deloitte 1, is beag an leibhéal spéise ag tomhaltóirí ar rochtain trasteorann ar chuntas íocaíochta, cé go bhféadfadh sé sin a bheith ag dul i méid mar gheall ar leathadh nua‑bhanc 46 . Ar roinnt tosca a d’fhéadfadh a bheith ag déanamh difear don leibhéal spéise tá gurbh fhearr le tomhaltóirí a bheith gar do bhanc go fisiceach, go bhfuil bacainní teanga ann agus gur féidir cuntais intíre a úsáid ar fud an Aontais.

5.MEASÚNÚ A DHÉANAMH AR BHEARTA BREISE FÉIDEARTHA MAIDIR LE MALARTÚ

5.1.A indéanta a bheadh sé an tseirbhís malartaithe in Airteagal 10 a leathnú chuig malartú trasteorann 

B’éasca cuntais íocaíochta a mhalartú chuig Ballstáit eile dá leathnófaí an tseirbhís malartaithe chuig cásanna trasteorann, agus bheadh sé chomh héasca céanna lena bheith á malartú laistigh den Bhallstát céanna.

Tá roinnt bealaí éagsúla ann chun an tseirbhís malartaithe atá ann faoi láthair le haghaidh cásanna laistigh de Bhallstát amháin a leathnú chuig cásanna malartaithe idir dhá Bhallstát (e.g. na seirbhísí malartaithe éagsúla a idirnascadh ar an leibhéal náisiúnta nó seirbhís malartaithe chaighdeánach uile‑Aontais a chruthú a rachadh in ionad na gcóras atá ann cheana le haghaidh malartú intíre). Bheadh próiseas níos éifeachtúla ann de bharr an dara rogha sin, ach bheadh ar na páirtithe leasmhara éagsúla claochlú TF níos radacaí a dhéanamh 47 .

Bheadh an dá rogha indéanta go teicniúil. Bunaithe ar na rátaí malartaithe measta, áfach, ba mhó go mór an costas a mbeadh coinne leis (costas aonuaire móide costas athfhillteach) ná na tairbhí a mbeadh coinne leo: measadh costais aonuaire an dá rogha a bheith thart ar EUR 840 milliún, agus na costais athfhillteacha a bheith thart ar EUR 158 milliún in aghaidh na bliana 48 . Ní bheadh sna tairbhí (athfhillteacha) (do thomhaltóirí go príomha 49 ), áfach, ach thart ar EUR 41 mhilliún in aghaidh na bliana 50 . Ina theannta sin, i bhfianaise leibhéal íseal malartaithe trasteorann, ní dóigh leis na heagraíochtaí tomhaltóirí gur tosaíocht é leathnú na seirbhíse malartaithe chuig cásanna trasteorann (agus ní dóigh le hinstitiúidí creidmheasa go bhfuil aon bhuntáiste ann agus díríonn siad ar bhacainní teanga, fad fisiceach agus constaicí eile).

5.2.Indéantacht creata um atreorú uathoibrithe íocaíochtaí 

Le creat um atreorú uathoibrithe íocaíochtaí, d’áiritheofaí go mbeadh íocaíochtaí leis an seanchuntas á n‑atreorú chuig an gcuntas nua ar feadh tréimhse ama tar éis do thomhaltóir cuntais íocaíochta a mhalartú. Laghdódh sé sin an t‑ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith ann trí dheimhniú breise a thabhairt go dtiocfaidh na híocaíochtaí isteach sa chuntas ceart. B’éasca cuntais a mhalartú dá bharr sin freisin agus mhéadófaí iomaíochas dá réir. Tá seirbhís atreoraithe uathoibrithe den sórt sin ann cheana san Ísiltír mar ghné bhreise dá seirbhís malartaithe intíre. D’fhéadfaí creat um atreorú uathoibrithe íocaíochtaí a bhunú go hintíre laistigh de na Ballstáit aonair nó laistigh den Aontas ina iomláine. Ba ghá seirbhís malartaithe trasteorann a bhunú ar dtús chun creat den sórt sin a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh. D’fhéadfaí creat den sórt sin a bhunú ar roinnt bealaí éagsúla (e.g. córas ina gcuirfí mionsonraí cuntais nua san áireamh sna teachtaireachtaí earráide a sheoltar chuig bainc a dhéanann iarracht aistriú a dhéanamh chuig cuntas atá dúnta; córas ina mbeadh táblaí atreoraithe comhtháite i gcórais ródúcháin banc; agus inneall imréitigh láir ar leithligh a bhunú chun bainistíocht a dhéanamh ar an bhfaisnéis malartaithe).

Bunaithe ar rátaí malartaithe measta, áfach, ba mhó go mór na costais a mbeadh coinne leo (costas aonuaire móide costais athfhillteacha) ná na tairbhí a mbeadh coinne leo. Measadh go bhfuil costais aonuaire aon cheann de na roghanna idir EUR 1 bhilliún agus EUR 5 bhilliún. Tá costais athfhillteacha bhliantúla na roghanna idir EUR 228 milliún agus EUR 782 mhilliún i gcás atreorú uathoibrithe ar an leibhéal intíre, agus idir EUR 461 mhilliún agus EUR 1 bhilliún i gcás atreorú uathoibrithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh in éineacht le seirbhís malartaithe 51 . Ní bheadh sna tairbhí (athfhillteacha bliantúla) (do thomhaltóirí go príomha), áfach, ach thart ar EUR 80 milliún i gcás atreorú uathoibrithe ar an leibhéal intíre agus EUR 154 mhilliún i gcás atreorú uathoibrithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh 52 .

5.3.Measúnú ar na costais agus na tairbhí a bhaineann le hinaistritheacht iomlán uimhreacha cuntais íocaíochta a chur chun feidhme ar fud an Aontais

Is éard a chiallódh inaistritheacht iomlán uimhreacha cuntais ar fud an Aontais go mbeifí in ann an uimhir chuntais íocaíochta chéanna a choimeád agus cuntais íocaíochta á malartú laistigh den Aontas. Níor ghá do thomhaltóirí fógra faoina n‑uimhir chuntais íocaíochta nua a thabhairt a thuilleadh do chreidiúnaithe agus/nó féichiúnaithe a bhfuil idirbhearta athfhillteacha acu leo, agus níor ghá dá gcreidiúnaithe/bhféichiúnaithe a gcórais chuntasaíochta a thabhairt cothrom le dáta. Agus an uimhir chuntais chéanna á coimeád acu, gheobhadh tomhaltóirí deimhniú go dtiocfaidh na híocaíochtaí uile isteach sa chuntas íocaíochta ceart. Laghdódh sé sin ar aon ábhar imní a d’fhéadfadh a bheith ann agus bheadh malartú intíre agus thar theorainneacha araon ní b’éasca. Chuirfeadh sé sin iomaíochas chun cinn.

D’fhéadfaí inaistritheacht uimhreacha cuntais a eagrú ar roinnt bealaí. Rogha amháin a bheadh ann inaistritheacht IBAN atá ann cheana a cheangal sa chóras cúil le IBAN nua (ní gá go mbeadh an tomhaltóir ar an eolas faoi sin). Mar rogha mhalartach, chruthófaí ailias a d’fhéadfaí a nascadh le IBAN atá ann cheana agus a chur in iúl do chreidiúnaithe/fhéichiúnaithe. Agus cuntais á malartú, d’fhéadfaí an t‑ailias (i.e. an córas tosaigh) a nascadh sa chóras cúil le IBAN nua (arís, ní gá go mbeadh an tomhaltóir ar an eolas faoi sin). Mar thríú rogha agus rogha níos bunúsaí, d’fhéadfaí IBANanna nua Aontais a chur in ionad na IBANanna uile atá ann cheana (uimhir chuntais inaistrithe nua). Is é sin an t‑aon rogha ina mbeadh an uimhir chuntais inaistrithe i ndáiríre, agus ní bheadh ag teastáil lena haghaidh ach BIC mar aitheantóir cúil chun é a chur ar a gcumas do bhainc an áit a bhfuil an cuntas lonnaithe a shainaithint.

Bunaithe ar rátaí malartaithe measta, ba mhó go mór na costais a mbeadh coinne leo (costas aonuaire móide costais athfhillteacha) ná na tairbhí a mbeadh coinne leo. Measadh na costais aonuaire a bheith idir EUR 7 mbilliún agus 22 bhilliún 53 agus costais athfhillteacha na roghanna sin a bheith thart ar EUR 1 bhilliún in aghaidh na bliana 54 . Ar an taobh eile, ní bheadh sna tairbhí (athfhillteacha) (do thomhaltóirí go príomha) ach idir EUR 151 mhilliún agus EUR 242 mhilliún in aghaidh na bliana 55 .

Mar a léirítear le Staidéar Deloitte 1, ní dóigh le heagraíochtaí earnálacha go mbeadh inaistritheacht uimhreacha cuntais ina mórdheis chinniúnach i bhfabhar an mhalartaithe. Tá meascán tuairimí 56 ag eagraíochtaí tomhaltóirí ach ní dóigh leo go bhfuil cruthú seirbhíse malartaithe trasteorann ina thosaíocht.

Ar bhonn thoradh an staidéir, tá sé soiléir go bhféadfadh sé a bheith ní b’éasca fós cuntais íocaíochta a mhalartú laistigh den Aontas de bharr na mbeart breise féideartha sin. Ach ós rud é go mbeadh an costas níos mó go mór ná na tairbhí a mbeadh coinne leo faoi láthair, d’fhéadfadh sé gur cosúil nach féidir údar a thabhairt leo ag an gcéim seo.

6.ÉIFEACHTACHT BEART ATÁ ANN CHEANA AGUS AN GÁ LE BEARTA BREISE CHUN CUIMSIÚ AIRGEADAIS A MHÉADÚ AGUS CÚNAMH A THABHAIRT DO DHAOINE LEOCHAILEACHA I nDÁIL LE RÓFHÉICHIÚNAS

Tá rochtain ar chuntas íocaíochta fíor‑riachtanach chun go mbeidh daoine rannpháirteach sa gheilleagar agus sa tsochaí. Is uirlis ríthábhachtach le haghaidh cuimsiú airgeadais é. San Aontas, tá céatadán na dtomhaltóirí a bhfuil cuntas íocaíochta acu ard (an‑ard) go ginearálta. De réir an leagain is déanaí de Bhunachar Sonraí Domhanda Findex ó 2021, tá cuntas íocaíochta amháin, ar a laghad, ag 95 % de shaoránaigh an Aontais atá 15 bliana d’aois nó níos sine 57 . Tá méadú tagtha ar an gcion sin le blianta beaga anuas (faoi cheithre phointe céatadáin ó 2017). D’fhéadfadh sé sin a bheith mar gheall ar thosca éagsúla: airgeadas digiteach, cuntais dhigiteacha saor in aisce a bheith ann anois agus an ceart rochtana ar chuntas bainc bunúsach a sholáthraítear le PAD.

Léirítear le Bunachar Sonraí Domhanda Findex 2021, áfach, go bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit. Cé go bhfuil cuntas íocaíochta ag níos mó ná 95 % den daonra (atá 15 bliana d’aois nó níos sine) i mórán Ballstát, tá an cion sin níos ísle go mór i roinnt Ballstát eile 58 . Cuirtear i dtábhacht i mBunachar Sonraí Domhanda Findex freisin na difríochtaí idir cineálacha tomhaltóirí, go háirithe daoine leochaileacha 59 . Léiríodh le Staidéar Deloitte 1 freisin go measann eagraíochtaí earnálacha agus eagraíochtaí tomhaltóirí go bhfuil an riosca is airde nach bhfuil cuntas íocaíochta ag duine bainteach leis an duine sin a bheith gan dídean agus ina inimirceach. Soláthraítear le PAB cheana ceart dlíthiúil rochtana ar PABF (lena n‑áirítear le haghaidh daoine leochaileacha) ar tháille réasúnta. An cheist maidir le cé acu is gá nó nach gá PAD a leasú chun cuimsiú airgeadais a neartú a thuilleadh, i ndáil le táillí PABF mar shampla, déanfar measúnú níos mionsonraithe air sin i gcomhréir le caighdeáin rialála níos fearr. D’fhéadfadh bearta neamhreachtacha breise, amhail treoirlínte ÚBE maidir leis an idirghníomhaíocht idir AMLD agus PAD, chomh maith le bearta múscailte feasachta i roinnt Ballstát a bheith úsáideach.

D’fhéadfadh an digitiú bacainní breise ar chuimsiú airgeadais a chruthú. D’fhéadfadh an digitiú cuidiú leis an gcuimsiú airgeadais a mhéadú ar bhealaí áirithe (e.g. trí rochtain ar líne ar sheirbhísí baincéireachta tráth ar bith), ach d’fhéadfadh an digitiú méadaithe a bheith bainteach freisin le rochtain fhisiceach níos lú (ar bhrainsí agus UMBanna) agus d’fhéadfadh sé deacrachtaí a chruthú do thomhaltóirí nach bhfuil litearthacht dhigiteach nó rochtain acu ar sheirbhísí digiteacha. Go deimhin, is lú infhaighteacht bunseirbhísí íocaíochta anois de dheasca an laghdaithe ar an líon UMBanna agus oifigí brainse le blianta beaga anuas 60 . Tá an Coimisiún ag obair chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar roinnt bealaí. Go sonrach, tá an Coimisiún ag obair chun litearthacht airgeadais a chothú (laistigh de theorainneacha a inniúlachta Conartha). In éineacht le ECFE, d’fhorbair an Coimisiún creat inniúlachta airgeadais d’aosaigh 61 , lena gcumhdaítear go sonrach an litearthacht airgeadais dhigiteach. Tá an Coimisiún agus ECFE ag obair anois ar chreat inniúlachta don óige atá comhchosúil leis sin. Mar a leagtar amach i bplean gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil 62 , tá measúnú á dhéanamh ag an gCoimisiún freisin ar an bhféidearthacht go dtabharfaí isteach ceanglas ar na Ballstáit bearta foghlama a chur chun cinn chun tacú leis an oideachas airgeadais. Thairis sin, tá an Coimisiún réidh chun leanúint den tacaíocht a thugann sé do na Ballstáit i réimse na litearthachta airgeadais agus an chuimsithe airgeadais tríd an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla.  63 Faoin lá atá inniu ann, tá 20 tionscadal tacaíochta teicniúla tugtha i gcrích aige a bhaineann le réimsí leathana amhail tacaíocht do chur chun feidhme straitéisí náisiúnta um litearthacht airgeadais agus réimsí níos dírithe lena gcumhdaítear aosú an daonra, infheisteoirí miondíola nó litearthacht airgeadais 64 .  Mar a leagtar amach thuas (pointe 3.3), táthar ag obair freisin ar an rochtain ar airgead tirim agus a inghlacthacht.

Sheol an Coimisiún staidéar le déanaí maidir le rófhéichiúnas tomhaltóirí an Aontais agus na himpleachtaí atá aige sin. Tabharfar forléargas leis an staidéar ar rófhéichiúnas theaghlaigh agus thomhaltóirí an Aontais, agus tionchar phaindéim COVID‑19 ar rófhéichiúnas teaghlach á chur san áireamh.

7.SAMPLAÍ DE NA CLEACHTAIS IS FEARR I MEASC NA mBALLSTÁT CHUN LÍON NA dTOMHALTÓIRÍ A FHÁGTAR GAN ROCHTAIN AR SHEIRBHÍSÍ ÍOCAÍOCHTA A LAGHDÚ. 

Tá roinnt bearta éagsúla déanta ag na Ballstáit – chun PAD a thrasuí agus chun eisiamh airgeadais ón rochtain ar sheirbhísí íocaíochta a sheachaint nó a theorannú – atá fónta mar dhea‑chleachtas.

Chun rochtain ar PABF a éascú agus eisiamh a sheachaint, tá sásra ag Ballstát amháin ar a laghad chun institiúid chreidmheasa shonrach a ainmniú chun PABF a sholáthar do thomhaltóir ar diúltaíodh dá iarratais ar PABF. D’fhéadfadh sásra den sórt sin é a dhéanamh i bhfad níos éasca rochtain a fháil ar PABF sa chleachtas, go háirithe ag tomhaltóirí atá leochaileach nó dí‑rioscaithe ag roinnt banc. D’eisigh líon beag Ballstát treoraíocht d’institiúidí creidmheasa maidir leis an idirghníomhaíocht idir ceanglais PAD agus AML/CFT i gcás custaiméirí nach bhfuil seoladh seasta nó doiciméadacht chaighdeánach acu. Chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na ndoiciméad aitheantais, bunaíodh córas i mBallstát amháin chun go bhféadfaidh oibrithe sóisialta fírinne aitheantais a dheimhniú ar son duine gan dídean atá ag iarraidh cuntas íocaíochta a oscailt.

Chun teorainn a chur le costas PABF, ceanglaíonn roinnt Ballstát go soláthrófar PABFanna saor in aisce do chách nó gan ach do ghrúpaí fíorleochaileacha. I gcásanna eile, chuir Ballstáit teorainneacha soiléire ísle leis na táillí – i ndearbhthéarmaí nó i dtéarmaí coibhneasta, mar shampla (e.g. i ndáil le cuntais íocaíochta eile). Bhunaigh Ballstáit eile scéimeanna praghsála éagsúla chun coinníollacha níos buntáistí a dheonú do thomhaltóirí leochaileacha.

Chun feasacht a mhéadú, rinne roinnt Ballstát gníomhaíocht chun tomhaltóirí a chur ar an eolas agus a bhfeasacht a mhúscailt maidir le PABFanna, go háirithe trí bhileoga eolais, treoirleabhair agus faisnéis ar shuíomhanna gréasáin. D’fhorbair Ballstáit go leor tionscnamh freisin chun feabhas a chur ar chuimsiú airgeadais trí chláir litearthachta airgeadais éagsúla 65 .

8.CONCLÚID 

Is iad cuspóirí PAD (1) trédhearcacht táillí cuntas íocaíochta a chruthú agus a n‑inchomparáideacht a áirithiú, (2) rochtain tomhaltóirí ar chuntais íocaíochta (a bhfuil gnéithe bunúsacha acu) a áirithiú agus (3) malartú cuntas íocaíochta a dhéanamh níos éasca.

Go ginearálta, bhí PAD ina chuidiú agus trédhearcacht agus inchomparáideacht táillí cuntas íocaíochta á gcruthú. Áirithítear íosleibhéal comhchuibhithe leis, go háirithe trí théarmaíocht chaighdeánaithe a leagan síos (rud atá aonfhoirmeach go páirteach ar leibhéal an Aontais Eorpaigh), teimpléid choiteanna a bhunú chun tuairisciú a dhéanamh ar tháillí atá nasctha le cuntais íocaíochta, agus próiseas aonfhoirmeach malartaithe agus ceart rochtana ar PABFanna ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a bhunú. Chruthaigh roinnt Ballstát leibhéal breise reachtaíochta nua agus PAD á thrasuí acu, áfach – seachas an reachtaíocht atá ann cheana a ionadú – agus tá an creat rialála náisiúnta agus creat rialála an Aontais níos deighilte dá thoradh. Is é an iarmhairt neamhbheartaithe is tábhachtaí atá aige sin go ndearnadh doiciméid maidir le leibhéil táillí cuntas íocaíochta a dhúbláil sna Ballstáit inarbh ann cheana do dhoiciméid ina raibh an fhaisnéis chéanna sin. Na bearta atá curtha chun cinn ag PAD (go háirithe suíomhanna gréasáin comparáide), is féidir gur fearr an trédhearcacht agus cumas tomhaltóirí comparáid a dhéanamh idir táillí dá mbarr. Is gá feabhas a chur ar roinnt gnéithe de fós, áfach, agus ní féidir trédhearcacht agus comparáid thrasteorann a dhéanamh go fóill mar gheall ar dhifríochtaí téarmaíochta a úsáidtear agus bacainní teanga.

Áirithítear le PAD freisin go bhfuil rochtain ag tomhaltóirí ar PABFanna a sholáthraíonn na hinstitiúidí creidmheasa uile, nó go leor díobh, i ngach Ballstát. Tá an céatadán de thomhaltóirí an Aontais a bhfuil cuntas íocaíochta acu ard (an‑ard) go ginearálta, agus tá tuilleadh méadaithe tagtha air sin ó tháinig PAD i bhfeidhm. Tá PABFanna á n‑úsáid cuid mhór i roinnt Ballstát. Mar shampla, táthar á n‑úsáid cuid mhór anois i roinnt Ballstát nach raibh cuntas íocaíochta ag céatadán ard dá ndaonra roimhe sin. B’íseal go maith an ráta úsáide i gcinn eile, áfach. D’fhéadfadh cúiseanna éagsúla a bheith le rátaí úsáide réasúnta íseal (e.g. rochtain an‑éasca a bheith ar ghnáthchuntais, cuntais ar líne saor in aisce, easpa tomhaltóirí agus an costas a bhaineann le PABF a shealbhú i gcásanna áirithe). Ní gá gurbh é ab aidhm do PABF ráta ard úsáide PABFanna a bhaint amach, áfach, ach cuimsiú airgeadais a fheabhsú agus rochtain ar PABF a áirithiú do gach tomhaltóir. I bhfianaise infhaighteacht ghinearálta PABFanna, is cosúil gur baineadh an cuspóir sin amach go ginearálta. D’fhéadfadh deacrachtaí a bheith ann i gcásanna sonracha mar sin féin. Sholáthair ÚBE treoraíocht bhreise maidir leis an idirghníomhaíocht idir rialacha PAD agus rialacha maidir leis an sciúradh airgid a chomhrac. D’fhéadfadh bearta breise a bheith úsáideach freisin, go háirithe chun feasacht tomhaltóirí faoina gceart rochtana ar PABF a mhúscailt.

Chuir PAD ar a gcumas do na tomhaltóirí uile san Aontas cuntais intíre a mhalartú go héasca freisin, agus saor in aisce go minic. Mar a léirítear le tuarascáil Airteagal 27, tá difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit ó thaobh an líon malartuithe in aghaidh na bliana. Rinneadh méid áirithe malartaithe i roinnt Ballstát (agus an treocht ag dul i méid i gcásanna áirithe), ach tá an leibhéal malartaithe an‑íseal i mBallstáit eile. D’fhéadfadh roinnt tosca éagsúla a bheith ina gcúis leis sin, lena n‑áirítear an fíoras nach bhfuil an tseirbhís malartaithe infheidhme ach maidir le cuntais íocaíochta amháin (agus ní maidir le táirgí airgeadais eile amhail iasachtaí morgáiste agus infheistíochtaí) agus feasacht tomhaltóirí faoin tseirbhís malartaithe a bheith teoranta – agus, freisin, mar gheall ar shástacht leis an soláthraí atá ann cheana agus an fíoras nár chuimhnigh roinnt tomhaltóirí riamh ar mhalartú. Ní gá gurbh é ab aidhm d’fhorálacha PAD maidir le malartú an líon malartuithe a mhéadú, ach iomaíochas a mhéadú trína dhéanamh níos éasca do thomhaltóirí cuntais íocaíochta a mhalartú. I bhfianaise seirbhís malartaithe (dhea‑fheidhmiúil) a bheith ar fáil go ginearálta, is cosúil gur baineadh amach an cuspóir sin go mbeadh sé níos éasca malartú a dhéanamh. D’fhéadfadh bearta breise a bheith úsáideach, go háirithe chun feasacht tomhaltóirí faoina gceart chun malartú a mhúscailt.

D’fhéadfaí bearta breise a dhéanamh chun go mbeadh sé ní b’éasca fós amach anseo cuntais a mhalartú laistigh den Aontas (i.e. an tseirbhís malartaithe a leathnú chuig cásanna trasteorann; atreorú uathoibrithe íocaíochtaí laistigh den Bhallstát céanna, nó ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, a áirithiú; nó inaistritheacht iomlán uimhreacha cuntais íocaíochta ar fud an Aontais a áirithiú). Ach ós rud é go mbeadh costais na mbeart sin níos mó go mór ná na tairbhí a mbeadh coinne leo faoi láthair, d’fhéadfadh sé gur cosúil nach féidir údar a thabhairt leo ag an gcéim seo.

I bhfianaise a bhfuil thuas, ní chuireann an Coimisiún aon togra reachtach i láthair in éineacht leis an tuarascáil seo. Is gá breithniú níos mionsonraithe a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin rialála níos fearr ag céim níos déanaí ar cé acu is gá nó nach gá PAD a leasú, agus treoirlínte ÚBE maidir leis an idirghníomhaíocht idir rialacha PAD agus AML á gcur san áireamh. Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú na Treorach sna Ballstáit.

(1)

Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117).

(2)

Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le hinchomparáideacht táillí a bhaineann le cuntais íocaíochta, le malartú cuntas íocaíochta agus le rochtain ar chuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (IO L 257, 28.8.2014, lch. 214–246).

(3)

‘Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/32 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2017 lena bhforlíontar Treoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh théarmaíocht chaighdeánaithe an Aontais i ndáil leis an gcuid is mó de sheirbhísí ionadacha atá nasctha le cuntas íocaíochta (IO L 6, 11.1.2018, lgh. 3–25)’; ‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/34 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil leis an bhformáid chaighdeánaithe chun an doiciméad faisnéise maidir le táille a chur i láthair agus i ndáil lena shiombail choiteann de réir Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 6, 11.1.2018, lgh. 37–44)’; ‘Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/33 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2017 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme i ndáil leis an bhformáid chaighdeánaithe chun an ráiteas maidir le táillí a chur i láthair agus i ndáil lena shiombail choiteann de réir Threoir 2014/92/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 6, 11.1.2018, lgh. 26–36)’.

(4)

Na tagairtí uile sa tuarascáil seo do Bhallstáit, tagraíonn siad do na 27 mBallstát AE.

(5)

 Deloitte, Study on the Payment Accounts Market, 2020, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/0854f727-6117-11eb-8146-01aa75ed71a1/language-en .

(6)

An Bheilg, an Bhulgáir, an tSeicia, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ungáir, Éire, an Iodáil, an Laitvia, Lucsamburg,

An Ísiltír, an Pholainn, an Spáinn agus an tSualainn.

(7)

  Deloitte, Study on tools designed to facilitate switching and cross-border opening of payment account on the EU payment accounts market, 2021, https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/70d1fcb7-f338-11eb-aeb9-01aa75ed71a1 .

(8)

De réir Staidéar Deloitte 1, breithníonn roinnt banc nach féidir leo a gceanglais maidir le AML/DFT a chomhlíonadh, nó nach féidir leo dul i ngleic leis an leibhéal castachta nó costas a cheanglaítear.

(9)

Bhí an ceart rochtana ar PABF ina ionstraim ríthábhachtach chun cuimsiú airgeadais dídeanaithe ón Úcráin a áirithiú. Nuair a fuair dídeanaithe ón Úcráin an chosaint shealadach, bhí ceart rochtana ar PABF acu.

(10)

De réir Staidéar Deloitte 1, ní dhéantar aon idirdhealú i gcúig Bhallstát idir gnáthchuntais íocaíochta agus cuntais íocaíochta a bhfuil gnéithe bunúsacha acu (chun tuilleadh sonraí a fháil féach Fíor 31).

(11)

Ballstáit nach soláthraíonn ach roinnt institiúidí creidmheasa PABFanna iontu: an Ghréig, an Chróit, an Chipir, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an tSlóvaic (Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach tuarascáil Airteagal 27).

(12)

D’aontaigh 100 % d’eagraíochtaí earnálacha agus 70 % d’eagraíochtaí tomhaltóirí go bhfuil rochtain ag gach tomhaltóirí ina dtír ar PABF (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Fíor 5, Iarscríbhinn D a ghabhann le Staidéar Deloitte 1).

(13)

Rinneadh Treoir 2005/60 a aisghairm agus a ionadú le Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún, IO L 141, 5.6.2015, lgh. 73–117 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=celex%3A32015L0849 .

(14)

Staidéar Deloitte 1, EBA opinion on asylum seekers, EBA consumer trend report 2021 [Tuairim ÚBE maidir le hiarrthóirí tearmainn, tuarascáil ÚBE ar threochtaí tomhaltóirí 2021] Tuarascáil ÚBE ar Threochtaí Tomhaltóirí (europa.eu) .

(15)

  EBA-Op-2016-07 (Opinion on Customer Due Diligence on Asylum Seekers).pdf (europa.eu) [EBA-Op-2016-07 (Tuairim maidir le Dícheall Cuí do Chustaiméirí ar Iarrthóirí Tearmainn Iad).pdf (europa.eu)] ; agus

EBA calls on financial institutions and supervisors to provide access to the EU’s financial system [Glao ÚBE ar institiúidí agus maoirseoirí airgeadais rochtain ar chóras airgeadais an Aontais a sholáthar] An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (europa.eu) .

(16)

Féach Iarscríbhinn III de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta. Tá liosta neamh‑uileghabhálach san Iarscríbhinn seo de thosca agus de chineálacha fianaise lena bhféadfadh riosca níos airde a bheith ag baint dá dtagraítear in Airteagal 18(3) den Treoir sin.

(17)

  EBA Opinion and annexed report on de-risking.pdf (europa.eu) [Tuairim ÚBE agus tuarascáil i gceangal léi maidir le dí‑rioscú.pdf (europa.eu)] .

(18)

  Final Report on Guidelines on revised ML TF Risk Factors.pdf (europa.eu) [Tuarascáil Deiridh maidir le Treoirlínte i ndáil le Tosca Riosca AML/CFT athbhreithnithe.pdf (europa.eu)] agus EBA Opinion and annexed report on de-risking.pdf (europa.eu) [Tuairim ÚBE agus tuarascáil i gceangal léi maidir le dí‑rioscú.pdf (europa.eu)] .

(19)

  https://ec.europa.eu/info/business-economy-euro/banking-and-finance/financial-supervision-and-risk-management/anti-money-laundering-and-countering-financing-terrorism_en .

(20)

COM(2021) 420 final https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:0a4db7d6-eace-11eb-93a8-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF .

(21)

 COM(2021) 423 final https://eur-lex.europa.eu/resource.html?uri=cellar:05758242-ead6-11eb-93a8-01aa75ed71a1.0001.02/DOC_1&format=PDF .

(22)

Treoir (AE) Uimh. 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach, lena leasaítear Treoir 2002/65/CE, Treoir 2009/110/CE agus Treoir 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, agus lena n‑aisghairtear Treoir 2007/64/CE (IO L 337, 23.12.2015, lch. 35).

(23)

D’úsáid cúig Bhallstát an rogha sin (féach leathanach 72 de Staidéar Deloitte 1).

(24)

Naoi mBallstát (chun sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 1, leathanach 35, Tábla 5). Féach freisin Tuarascáil ÚBE maidir leis an athbhreithniú téamach ar thrédhearcacht agus leibhéal na dtáillí agus na muirear a ghearrtar as táirgí baincéireachta miondíola, arna foilsiú i mí na Nollag 2022 ( Report on the thematic review on fees and charges.pdf (europa.eu) [Tuarascáil maidir leis an athbhreithniú téamach ar tháillí agus muirir.pdf (europa.eu)] ).

(25)

Chun sonraí a fháil maidir leis na leibhéil táillí ar PABFanna a chuirtear ar fáil i ngach Ballstát, féach leathanach 34 de Staidéar Deloitte 1. Tá éagsúlachtaí iontu sin idir nialas agus níos mó ná EUR 90 in aghaidh na bliana.

(26)

De réir Staidéar Deloitte 1, d’fhéadfadh na táillí caighdeánacha seasta ar chuntais íocaíochta (a bhféadfadh sé gur ghá táillí athraitheacha a chur leo) a bheith cuibheasach ard i roinnt Ballstát (chomh hard le EUR 160 in aghaidh na bliana), ach d’fhéadfaidís a bheith cuibheasach íseal i gcinn eile (faoi bhun EUR 20 in aghaidh na bliana). I roinnt Ballstát, áfach, cuireann ceann amháin ar a laghad de na príomhinstitiúidí creidmheasa cuntais íocaíochta ar fáil a bhfuil táillí seasta nialasacha acu. Bíonn cuntais íocaíochta dhigiteacha saor in aisce de ghnáth. Thairis sin, i roinnt Ballstát, d’fhéadfadh táillí laghdaithe a bheith ann freisin le haghaidh cuntais shonracha (e.g. le haghaidh daoine óga nó scothaosta). Tá éagsúlacht mhór freisin sna leibhéil táillí a ghearrann bainc éagsúla laistigh de roinnt Ballstát. D’ainneoin iontrálaithe nua a bheith ar an margadh, níor laghdaigh na táillí go ginearálta le cúpla bliain anuas. Chun tuilleadh sonraí a fháil maidir leis na ‘leibhéil táillí ar ghnáthchuntais íocaíochta a chuirtear ar fáil sna Ballstáit roghnaithe’, féach leathanach 32 de Staidéar Deloitte 1.

(27)

Níor aontaigh 23 % de na heagraíochtaí tomhaltóirí go raibh sé d’acmhainn ag gach uile dhuine PABF a oscailt agus a úsáid (chun mionsonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 1, Iarscríbhinn D, Fíor 14).

(28)

An tSeicia, an Chipir, an Ghréig, an Liotuáin, mar shampla. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Tábla 4: An líon iomlán PABFanna a osclaíodh gach bliain ó thuarascáil Airteagal 27.

(29)

An Bhulgáir, an Chróit, an Laitvia, an Pholainn agus an Rómáin, mar shampla. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Tábla 4: An líon iomlán PABFanna a osclaíodh gach bliain ó thuarascáil Airteagal 27.

Níl aon fhaisnéis ar fáil i bhformhór na mBallstát maidir le saintréithe na dtomhaltóirí a d’oscail PABF.

(30)

  https://www.worldbank.org/en/publication/globalfindex . 

(31)

Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Tábla 5: An líon iarratas ar PABF agus an cion de na hiarratais sin ar diúltaíodh dóibh ó thuarascáil Airteagal 27.

(32)

  Treoirlínte maidir le bainistíocht riosca MLTF agus rochtain ar sheirbhísí airgeadais.pdf (europa.eu)

(33)

I dtrí Bhallstát (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 1, leathanach 76).

(34)

D’fhéadfadh athrú teacht air sin áfach má ghlacfar an togra reachtach maidir le híocaíochtaí meandracha ( Togra maidir le Rialachán lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 260/2012 agus (AE) 2021/1230 a mhéid a bhaineann le haistrithe creidmheasa meandracha in euro (europa.eu) ).

(35)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Íocaíochtaí Miondíola don Aontas Eorpach (COM(2020) 592 final).

https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52020DC0592&rid=2.

(36)

Is grúpa saineolaithe den Choimisiún é ELTEG ina bhfuil saineolaithe ó na Ballstáit agus ó Bhanc Ceannais na hEorpa (BCE). Is é is príomhchuspóir dó inghlacthacht agus infhaighteacht airgid thirim euro a phlé. Luaitear sa tuarascáil is déanaí le ELTEG ó mhí Iúil 2022 gur cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar líonraí UMBanna agus ar phointí breise rochtana ar airgead tirim ag brainsí bainc chun a áirithiú go soláthrófar cumhdach leordhóthanach leo, go háirithe nuair a bheidh na saoráidí sin dúnta. Luaitear freisin inti gur cheart bearta beartais a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh airgead tirim euro ar fáil.

(37)

Féach tionscnamh an Choimisiúin maidir le raon feidhme agus éifeachtaí dhlíthairiscint nótaí bainc agus bonn euro, ar tionscnamh de chuid Chlár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2023 é ( Clár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2023 – príomhdhoiciméid (europa.eu) ).

(38)

D’aontaigh 83 % de na heagraíochtaí tomhaltóirí agus 77 % de na heagraíochtaí earnálacha go bhfuil tomhaltóirí sásta leis na seirbhísí a áirítear in PABF (‘Níl a fhios agam’ a d’fhreagair an chuid eile de na freagróirí). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 1, leathanach 77).

(39)

  Prionsabail choiteanna EBIC maidir le malartú cuntas bainc . Rinneadh na prionsabail choiteanna maidir le malartú cuntas bainc a chur chun feidhme faoi dheireadh 2009. Luaigh EBIC go raibh siad curtha chun feidhme ag na Ballstáit uile. Bhí an cur chun feidhme neamhiomlán agus neamhleor, áfach. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52013SC0127&from=EN .  

(40)

De réir Staidéar Deloitte 1, bhí athruithe beaga le déanamh ag 10 mBallstát ar an gcreat a bhí acu cheana, bhí athruithe níos substaintiúla le déanamh ag 2 Bhallstát eile agus tugadh isteach seirbhís malartaithe nua i 3 Bhallstát (chun tuilleadh sonraí a fháil, féach leathanach 53).

(41)

Ar na fadhbanna teicniúla sin a tharla i gcásanna aonair, dúnadh seanchuntas sular tháinig an cuntas nua chun bheith oibríochtúil; seachadadh cártaí nua dochair/creidmheasa tar éis dhíghníomhachtú na seanchártaí; rinneadh idirbhearta trí chártaí dochair i siopaí agus/nó trí dhochair dhíreacha a mhuirearú seachtainí tar éis a ndéanta – agus bhí bailiú fiach ann dá dheasca.

(42)

An Danmhairg nó an Fhrainc, mar shampla. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Tábla 1: An líon malartuithe in aghaidh na bliana ó thuarascáil Airteagal 27.

(43)

An Bhulgáir, an Ghréig, an Chipir, Málta, an Phortaingéil nó an Rómáin, mar shampla. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Tábla 1: An líon malartuithe in aghaidh na bliana ó thuarascáil Airteagal 27. Léiríodh le Suirbhé Eorabharaiméadair 2022 maidir le seirbhísí agus táirgí airgeadais miondíola go raibh rátaí malartaithe níos airde ann. https://europa.eu/eurobarometer/surveys/detail/2666 .  

(44)

Chun léargas a fháil ar na cúiseanna iompraíochta gan malartú a dhéanamh, féach Applying behavioural insight to encourage consumer switching of financial products [Léargas iompraíochta a chur i bhfeidhm chun tomhaltóirí a spreagadh chun táirgí airgeadais a mhalartú] - Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (europa.eu) .

(45)

Ar bhealach níos ginearálta, le Suirbhé Eorabharaiméadair 2016 maidir le malartú seirbhísí agus táirgí airgeadais, tuairiscíodh gurb iad an dá phríomhchúis le gan bheith ag malartú go bhfuil tomhaltóirí sásta leis an soláthraí atá acu faoi láthair agus nár chuimhnigh siad riamh ar mhalartú ( Táirgí agus Seirbhísí Airgeadais - Iúil 2016 - Suirbhé Eorabharaiméadair (europa.eu) ).

(46)

Chun tuilleadh eolais a fháil maidir le nua‑bhainc, féach leathanach 120 de Staidéar Deloitte 1.

(47)

Ba iad seo a leanas na páirtithe leasmhara éagsúla a breithníodh le haghaidh an staidéir: tomhaltóirí, údaráis inniúla (údaráis náisiúnta inniúla nó údarás inniúil ar leibhéal an Aontais Eorpaigh), creidiúnaithe/féichiúnaithe (na tríú páirtithe uile a bhféadfadh íocaíochtaí athfhillteacha, dochair dhíreacha nó buanorduithe a bheith ag tomhaltóirí leo), soláthraithe seirbhíse íocaíochta agus eile (soláthraithe seirbhísí íocaíochta ag gníomhú dóibh go comhchoiteann, údaráis náisiúnta inniúla, nó údaráis inniúla an Aontais i gcás nach bhfuil sé soiléir cén páirtí leasmhar a mbeadh an costas air). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 2, leathanach 76.

(48)

Ní bhaineann na figiúirí sin ach le tomhaltóirí le haghaidh gach rogha (5.1, 5.2 agus 5.3). Is ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheadh formhór an chostais aonuaire (EUR 835 mhilliún) agus na gcostas athfhillteach (EUR 150 milliún). Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach leathanach 84 de Staidéar Deloitte 2.

(49)

Chun tairbhí athfhillteacha do thomhaltóirí a ríomh, rinneadh breithniú i Staidéar Deloitte 2 ar thairbhí ó thaobh níos lú ama a chaitheamh ag déanamh malartú, ar thairbhí a bhaineann le gan bheith ag déileáil le líon méadaithe íocaíochtaí nach n‑éiríonn leo agus tairbhí a bhaineann le coigilteas féideartha ar tháillí cuntais le haghaidh tomhaltóirí (breise) a mhalartaíonn. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 2, leathanach 77.

(50)

Bheadh ráta malartaithe trasteorann os cionn 4,2 % (agus ní an ráta malartaithe trasteorann measta 0,2 %) ag teastáil chun pointe meá ar mheá a bhaint amach tar éis 20 bliain. Chun sonraí a fháil, féach leathanach 97 de Staidéar Deloitte 2. Ní bhreithneofaí na roghanna (5.1 agus 5.3) a bheith éifeachtúil fiú ar bhonn na rátaí malartaithe níos airde a léirítear le Suirbhé Eorabharaiméadair 2022 maidir le seirbhísí agus táirgí airgeadais miondíola.

(51)

Is ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheadh formhór na gcostas aonuaire agus athfhillteach. Ní bheadh ar údaráis inniúla ach costas aonuaire (idir EUR 2 mhilliún agus 12 mhilliún) agus ní bheadh ar chreidiúnaithe/féichiúnaithe ach costas athfhillteach (idir EUR 20 milliún agus 40 milliún).

(52)

De réir Staidéar Deloitte 2, níorbh fhéidir pointe meá ar mheá a bhaint amach faoi na roghanna sin – fiú agus ardleibhéal malartaithe ann.

(53)

Bheadh na costais aonuaire thart ar EUR 22 bhilliún ar an rogha chun uimhir chuntais inaistrithe nua a thabhairt isteach.

(54)

Is ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta a bheadh formhór na gcostas aonuaire agus athfhillteach ach amháin dá gcuirfí an rogha chun feidhme trí IBANanna Aontais a chur in ionad na IBANanna uile atá ann faoi láthair. Sa chás sin, bheadh níos mó ná leath na gcostas aonuaire (EUR 12 bhilliún) ar chreidiúnaithe/fhéichiúnaithe.

(55)

De réir Staidéar Deloitte 2, bheadh rátaí malartaithe náisiúnta 8 % (agus ní ráta malartaithe iarbhír measta 1 %) chomh maith le rátaí malartaithe trasteorann 2,4 % (agus ní ráta malartaithe iarbhír measta 0,3 %) ag teastáil chun pointe meá ar mheá a bhaint amach tar éis 20 bliain).

(56)

‘Ní bheadh’ a d’fhreagair 42 % d’eagraíochtaí tomhaltóirí nuair a fiafraíodh díobh an mbeadh inaistritheacht uimhreacha cuntais ina mórdheis chinniúnach i bhfabhar an mhalartaithe, go háirithe malartú trasteorann. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Staidéar Deloitte 1, leathanach 59.

(57)

Tá na figiúirí a léirítear le Suirbhé Eorabharaiméadair 2022 maidir le seirbhísí agus táirgí airgeadais miondíola beagán níos ísle ná iad siúd a léirítear le Bunachar Sonraí Domhanda Findex 2021.

(58)

69 % sa Rómáin, 84 % sa Bhulgáir agus 88 % san Ungáir, mar shampla.

(59)

Cé nach n‑imríonn leochaileacht duine (e.g. a bheith dífhostaithe, ar bheagán oideachais nó ar bheagán ioncaim) mórán tionchair ar cé acu atá nó nach bhfuil cuntas íocaíochta aige sna Ballstáit ina bhfuil céatadán an‑ard daoine a bhfuil cuntas íocaíochta acu, is lú an seans go bhfuil cuntas íocaíochta ag daoine leochaileacha den sórt sin sna Ballstáit úd inar lú an céatadán daoine a bhfuil cuntas íocaíochta acu.

(60)

Féach freisin  Tuarascáil ÚBE ar Threochtaí Tomhaltóirí (europa.eu) .

(61)

  The Commission and OECD-INFE publish a joint framework for adults to improve individuals’ financial skills (europa.eu) [Foilsíonn an Coimisiún agus ECFE‑INFE creat comhpháirteach d’aosaigh chun feabhas a chur ar scileanna airgeadais daoine aonair (europa.eu)] .  

(62)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=COM:2020:590:FIN . 

(63)

  Rialachán (AE) 2021/240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Feabhra 2021 lena mbunaítear Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil IO L 57, 18.2.2021, lch. 1–16.

(64)

 Sampla de thionscadal tacaíochta teicniúla lena dtacaítear le litearthacht airgeadais sna Ballstáit: Protecting consumers and enhancing financial literacy (europa.eu) [Tomhaltóirí a chosaint agus a litearthacht airgeadais a fheabhsú (europa.eu)] .

(65)

Chun forléargas a fháil ar bhearta náisiúnta, féach Oideachas airgeadais | An tÚdarás Baincéireachta Eorpach (europa.eu) .