Strasbourg, 18.4.2023

COM(2023) 212 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir leis an Sásra Aonair Maoirseachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

1. Réamhrá

1.1 Cuspóirí na tuarascála

Bunaíodh an Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) i mí na Samhna 2014 mar chéad chéim thábhachtach i dtreo an Aontais Baincéireachta chun maoirseacht ardcháilíochta ar institiúidí creidmheasa san Aontas a áirithiú, chun beartas an Aontais maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa a chur chun feidhme ar bhealach loighciúil éifeachtach, agus chun an leabhar rialacha aonair a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach. Ceapadh SAM mar ailtireacht chomhtháite ina gcomhcheanglaítear an Banc Ceannais Eorpach (BCE) mar údarás fornáisiúnta, agus údaráis náisiúnta inniúla sna Ballstáit ar cuid den limistéar euro iad agus sna Ballstáit a bhfuil comhaontú dlúthchomhair déanta acu le BCE.

Tá feidhmiú agus freagrachtaí SAM bunaithe ar an rialachán lena gcuirtear cúraimí maoirseachta ar BCE, Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 (‘Rialachán SAM’). Leis an Rialachán sin, ceanglaítear ar an gCoimisiún 1 athbhreithniú leathan a dhéanamh ar chur i bhfeidhm foriomlán Rialachán SAM gach 3 bliana. Is é is aidhm don athbhreithniú an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a shainaithint.

Rinneadh an chéad athbhreithniú in 2017, agus foilsíodh an tuarascáil ón gCoimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2017 2 . Bhí an dara hathbhreithniú le déanamh in 2020 ach cuireadh ar athló é go dtí 2022 mar gheall ar phaindéim COVID‑19 agus an tosaíocht a tugadh don obair ar Phacáiste Baincéireachta 2021. Tá a thuarascáil maidir leis an dara hathbhreithniú á foilsiú ag an gCoimisiún anois.

1.2 Raon feidhme an athbhreithnithe

Déantar obair leantach san athbhreithniú ar thorthaí Thuarascáil Athbhreithniúcháin SAM 2017 chun a mheasúnú ar tugadh aghaidh go cuí ar na heasnaimh a sainaithníodh ag an am. Cumhdaítear leis freisin réimsí faoi raon feidhme an tsainordaithe in Airteagal 32 de Rialachán SAM nach ndearnadh measúnú orthu le linn athbhreithniú 2017, ós rud é nach raibh aon fhaisnéis leordhóthanach ar fáil an tráth sin chun teacht ar chonclúidí (ní raibh aon chás de chomhaontuithe dlúthchomhair le scrúdú, mar shampla). Thairis sin, dírítear san athbhreithniú ar fhorbairtí sonracha ardtosaíochta agus ar rioscaí do chobhsaíocht airgeadais na hearnála baincéireachta, mar atá:

·measúnú oiriúnach agus cuí – uirlis thábhachtach mhaoirseachta a léiríonn formhór na gcinntí arna nglacadh ag Comhairle Rialaithe BCE i réimse na maoirseachta baincéireachta;

·rioscaí a bhaineann le tosca aeráide agus comhshaoil, sóisialta agus rialachais – tá an t‑athrú aeráide ag dul i méid i gcónaí ar an ngeilleagar agus d’fhéadfadh sé a bheith ina bhagairt mhór don chobhsaíocht airgeadais sna blianta amach romhainn;

·rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta – mír ardtosaíochta ar chlár oibre polaitiúil an Aontais;

·grúpaí tríú tír sa chomhthéacs tar éis Brexit – an dúshlán maoirseachta a eascraíonn as roinnt bainc mhóra tríú tír a bheith ag bunú fochuideachtaí nua san Aontas;

·TFC agus riosca cibearshlándála – i bhfianaise dhigitiú méadaithe na seirbhísí airgeadais agus an ardteannais gheopholaitiúil.

Is éard a bhí sa phróiseas athbhreithnithe: (i) taighde deisce; (ii) ionchur ó SAM; (iii) agallaimh neamhfhoirmiúla leis na húdaráis náisiúnta inniúla uile atá rannpháirteach in SAM, agus le húdaráis náisiúnta inniúla eile san Aontas nach údaráis náisiúnta inniúla SAM iad; (iv) agallaimh neamhfhoirmiúla leis an Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) agus leis an mBord Réitigh Aonair (BRA); agus (v) plé neamhfhoirmiúil le páirtithe leasmhara an tionscail.

Mar chuid den taighde deisce, rinne foireann an Choimisiúin athbhreithniú ar roinnt doiciméad a bhí ar fáil go poiblí, chomh maith le doiciméid a sholáthair BCE (treoracha, nósanna imeachta agus cuir i láthair, mar shampla). Bhí go leor idirghníomhaíochtaí ag an bhfoireann le foireann BCE le linn an phróisis, lena n‑áirítear cuairt ar an láthair ar BCE.

Le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla le hionadaithe ó gach ceann den 21 údarás náisiúnta inniúil atá mar chuid de SAM nó a bhfuil comhaontuithe comhair acu le SAM, tugadh aiseolas úsáideach maidir le staid fhoriomlán SAM mar a fheictear é ó thaobh na n‑údarás náisiúnta inniúil, maidir le gníomhaíochtaí SAM agus maidir leis na réimsí tosaíochta a chumhdaítear leis an athbhreithniú. Thairis sin, cruinnithe neamhfhoirmiúla le hionadaithe ó na sé údarás náisiúnta inniúla san Aontas nach bhfuil rannpháirteach in SAM, bhí siad sin úsáideach chun a bpeirspictíocht maidir le comhar le SAM a chloisteáil.

Bhuail an Coimisiún le roinnt eagraíochtaí tionscail 3 freisin chun a dtuairimí maidir le feidhmiú SAM agus maidir leis na réimsí tosaíochta faoi raon feidhme an athbhreithnithe a phlé.

1.3 Príomhtheachtaireachtaí agus struchtúr na tuarascála

De dhroim an athbhreithnithe, tagann an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil SAM ag feidhmiú go maith ar an iomlán. Tá sé ina údarás maoirseachta seanbhunaithe anois a chomhlíonann na cuspóirí a leagadh amach nuair a cruthaíodh é. Cuidíonn sé lena áirithiú go bhfuil na bainc ullmhaithe go maith agus caipitlithe le haghaidh géarchéimeanna eacnamaíocha agus airgeadais. Soláthraítear leis freisin maoirseacht baincéireachta réamhghníomhach dea‑cháilíochta, a oiriúnaítear go tapa do dhúshláin mhaoirseachta, mar a léiríodh le linn ghéarchéim COVID‑19. Tá an comhar laistigh de SAM idir BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla ag obair go maith. An t‑aiseolas maidir le conas atá ag éirí leis an dlúthchomhar, tá sé sin chomh dearfach céanna.

Eagraítear an tuarascáil mar a leanas: I Roinn 2, soláthraítear peirspictíocht stairiúil ar mhaoirseacht an Aontais agus ar fheidhmiú SAM agus ar an gcaoi ar tháinig sé chun bheith ina údarás maoirseachta seanbhunaithe. I Roinn 3, dírítear ar ghnéithe comhair, arb iad bunchloch SAM iad. I Roinn 4, déantar scrúdú ar cháilíocht agus éifeachtacht na gníomhaíochta maoirseachta, go háirithe i bhfianaise ghéarchéim COVID‑19 le déanaí, an chogaidh san Úcráin agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn. I Roinn 5, pléitear le tionchar SAM ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ar deireadh, déantar achoimre i Roinn 6 ar chonclúidí an athbhreithnithe.

2. Peirspictíocht stairiúil agus obair leantach ón tuarascáil roimhe seo

2.1 Forbhreathnú

Le tús SAM in 2014, tháinig athrú suntasach ar an gcaoi a ndéanfaí maoirseacht baincéireachta sa limistéar euro. Tar éis ghlacadh Rialachán SAM in 2013 agus athbhreithniú cáilíochta sócmhainní ar bhainc shuntasacha sa limistéar euro, in 2014, ghlac BCE an fhreagracht as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa atá bunaithe san Aontas Baincéireachta. Déanann sé maoirseacht dhíreach ar institiúidí suntasacha: ón 1 Eanáir 2023 ar aghaidh, cuimsíonn sé sin 111 bhanc sna tíortha atá rannpháirteach san Aontas Baincéireachta. Na bainc sin a ndéantar maoirseacht dhíreach orthu, is acusan atá 82 % de na sócmhainní baincéireachta iomlána sna tíortha rannpháirteacha 4 . Déanann údaráis náisiúnta inniúla maoirseacht ar institiúidí ar lú a suntas, faoi mhaoirseacht BCE. Ina theannta sin, níl BCE inniúil ach amháin sna cinntí uile is gá a dhéanamh i dtaobh nósanna imeachta coiteanna is infheidhme maidir le hinstitiúidí suntasacha agus institiúidí ar lú a suntas araon (amhail údarú agus sealúchais cháilitheacha). Coinníonn BCE an chumhacht freisin chun maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar aon cheann de na hinstitiúidí ar lú a suntas chun a áirithiú go gcuirfear ardchaighdeáin mhaoirseachta i bhfeidhm go comhsheasmhach san Aontas Baincéireachta 5 . Braitheann an creat sin ar chomhlacht lárnach láidir – Maoirseacht Baincéireachta BCE – agus ar chomhordú agus comhar rianúil idir BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla.

Chun SAM a bhunú, bhí gá le struchtúr nua rialachais agus le próisis agus uirlisí nua, chomh maith le bealach nua smaointeoireachta a fhorbairt maidir le maoirseacht baincéireachta. Sna chéad chúpla bliain, bhí ar BCE a leabhar rialacha maoirseachta féin a fhorbairt chun cleachtais mhaoirseachta ardcháilíochta a chur chun feidhme.

I mí Dheireadh Fómhair 2020, thug BCE athruithe isteach ar eagrúchán inmheánach Mhaoirseacht Baincéireachta BCE. Chuir údaráis náisiúnta inniúla agus páirtithe leasmhara eile araon in iúl go bhfuil feabhas curtha ag an atheagrú ar an gcaoi a ndéanann SAM a ghníomhaíochtaí maoirseachta agus ar a chumas dul chun cinn a dhéanamh agus oiriúnú do dhúshláin.

Tá na hathruithe sin ina n‑athrú breise i dtreo maoirseacht fheabhsaithe rioscabhunaithe agus atreisiú ar an straitéis mhaoirseachta, ar an bhfeidhm bainistithe riosca agus ar ról na n‑athbhreithnithe téamacha maoirseachta, a chomhordaítear go lárnach. Ba é an cuspóir a bhí ann maoirseacht níos éifeachtaí agus comhsheasmhacht níos fearr sna torthaí maoirseachta a áirithiú, agus trédhearcacht agus intuarthacht gníomhaíochtaí maoirseachta a fheabhsú.

2.2 Bearta leantacha maidir le torthaí roimhe seo

Rinne foireann an Choimisiúin athbhreithniú ar na gníomhaíochtaí a rinne BCE chun aghaidh a thabhairt ar na torthaí a sainaithníodh i dTuarascáil Athbhreithniúcháin SAM 2017 agus shuigh siad go raibh siad éifeachtach ar an iomlán. Cuirtear na cinn is suntasaí i láthair agus déantar measúnú orthu thíos, agus áirítear cinn eile i ranna tiomnaithe sa tuarascáil (e.g. measúnú cuí cóir, comhar laistigh de SAM) 6 .

Maidir le formheasanna samhlacha inmheánacha, áiríodh i dTuarascáil Athbhreithniúcháin SAM 2017 measúnú cuimsitheach ar phróiseas BCE agus údarás náisiúnta inniúil chun samhlacha nua a fhormheas (‘próiseas formheasa samhlacha’) agus an t‑athbhreithniú leanúnach ar na samhlacha atá ann cheana (an tAthbhreithniú Spriocdhírithe ar Shamhlacha Inmheánacha – TRIM). Luadh ann freisin go bhfuil riaráiste i bhformheasanna samhlacha ann mar gheall ar bhunú na bhfeidhmeanna formheasa agus athbhreithnithe samhlacha a d’fhéadfadh fad na bhformheasanna sa chéim thosaigh a mhéadú. An tráth sin, bhí SAM muiníneach go mbeadh sé in ann aghaidh a thabhairt ar an riaráiste amach anseo. Ó shin i leith, tá próisis curtha i bhfeidhm ag SAM chun imscrúduithe samhlacha agus an próiseas formheasa samhlacha a chuíchóiriú. Áirítear orthu sin (i) an creat nua déine le haghaidh imscrúdú samhla agus próiseas formheasa níos éadroime le haghaidh iarrataí nach bhfuil chomh hábhartha sin bunaithe ar chlár deisiúcháin ÚBE atá bunaithe ar rátálacha inmheánacha; (ii) iarrataí a bhaineann leis an sainmhíniú nua ar mhainneachtain a fhormheas trí mheasúnuithe lasmuigh den láthair; (iii) roinnt iarrataí ar fhormheas samhla a chomhtháthú i raon feidhme imscrúduithe TRIM; agus (iv) tosaíocht a thabhairt, ó bhí 2021 ann, do riosca creidmheasa, don mheasúnú ar iarrataí ar fhormheas a bhaineann le cur chun feidhme táirgí rialála nua ÚBE a bhféadfaí measúnú a dhéanamh orthu trí imscrúduithe inmheánacha ar shamhlacha. Chuidigh na tionscnaimh sin le haghaidh a thabhairt ar chuid de na hábhair imní a bhaineann le fad na bhformheasanna samhlacha.

Mar sin féin, aithnítear go bhfuil ganntanas acmhainneachta ann ar leibhéal SAM i bpróiseáil iarratas ar shamhlacha agus iarrataí ar athrú mar gheall ar easpa acmhainní agus, i réimsí áirithe, scileanna sonracha (e.g. samhlacha riosca margaidh), a mbíonn moilleanna fós mar thoradh orthu. Chuir páirtithe leasmhara an tionscail agus BCE araon an ghné sin i dtábhacht. Le blianta beaga anuas, chuir an líon iarratas ar shamhlacha a rinne bainc nuabhunaithe tríú tír, tar éis Brexit, leis an moill ar fhormheas samhlacha freisin.

Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, thug bainc a rinne iarratas ar fhormheas samhla fógra don údarás go gairid sular chuir an t‑údarás tús leis na hathbhreithnithe ar an tsamhail nó fiú ag tús an scrúdaithe nár chuir siad bailchríoch ar chur chun feidhme na samhla mar a raibh coinne leis. Dá thoradh sin, cuireadh misin ar ceal agus ní raibh SAM in ann acmhainní a ath‑leithdháileadh ar ghearrfhógra ar mhisin eile.

Tá an réimse sin ríthábhachtach i gcónaí toisc go bhféadfadh úsáid samhlacha míchuí nó gannmheastachán ar riosca a bheith mar thoradh ar mhoilleanna ar an bpróiseas formheasa. Mar sin féin, is ar éigean is indéanta do mhaoirseoir acmhainní leordhóthanacha a bheith aige chun freagairt láithreach d’éilimh an‑éagsúil ó bhainc i ndáil le hiarratais ar shamhail, lena n‑áirítear athruithe ar shamhlacha.

I réimse na mbeart luath‑idirghabhála agus dearbhú a bhfuil ag cliseadh air nó ar dócha go gclisfear air, rinne SAM meabhrán tuisceana athbhreithnithe le BRA. D’fhág sé go rabhthas in ann comhar níos dlúithe a dhéanamh i réimse na bainistíochta géarchéime banc. Tá roinnt céimeanna breise á bplé chun a áirithiú go n‑oibreoidh an comhar ar bhealach níos rianúla fós, rud a léiríonn go bhfuil méid an chomhair idir BCE agus BRA ag fás le himeacht ama, bunaithe ar thaithí. Gné amháin den aird is ea an neamhshiméadracht idir rannpháirtíocht BCE agus BRA ina gcomhlachtaí bainistíochta faoi seach. Cé gur breathnóir buan é BCE i seisiúin feidhmiúcháin agus iomlánacha BRA (mar a shainordaítear in Airteagal 43(3) den Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair), ní féidir cuireadh chuig Bord Maoirseachta SAM a thabhairt do BRA ach amháin mar bhreathnóir ar mhíreanna sonracha ar an gclár oibre. Sa chleachtas, iarrann BCE ar BRA plé a dhéanamh maidir le bainc aonair, agus maidir le hábhair chothrománacha agus saincheisteanna beartais, chun a áirithiú go mbeidh BRA rannpháirteach i ngach plé atá ábhartha dá chúraimí. Cuireann rannpháirtíocht thráthrialta sin ionadaí BRA ar Bhord Maoirseachta SAM le dea‑chomhar idir an dá chomhlacht.

Aithníodh sa chéad athbhreithniú an méid atá bainte amach ag SAM maidir leis an bpróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP) a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus forbairtí rialála a ionchorprú go gasta ina mhodheolaíocht. Rinneadh tuilleadh dul chun cinn i roinnt réimsí, go háirithe maidir le feabhas a chur ar an gcumarsáid leis na húdaráis náisiúnta inniúla i ndáil leis na modhanna a úsáidtear chun coigeartú a dhéanamh, ar an leibhéal cothrománach, ar chinntí SREP a mhol comhfhoirne maoirseachta (JSTanna) agus lena n‑ionchorpraítear aiseolas ó ÚBE mar chuid d’obair measúnaithe ar chóineasú. An tástáil atá á déanamh faoi láthair ar mhodheolaíocht phíolótach SREP, atá dírithe ar SREP bunúsach a úsáid mar mhodheolaíocht réamhshocraithe, arna chomhlánú le SREP cuimsitheach gach 3 bliana ar a laghad, is sampla é den athrú breise i dtreo próiseas maoirseachta atá dírithe níos mó ar rioscaí neamhghnácha na mbanc, chomh maith le meastóireacht bhonnlíne a bhfuil coinne leis go mbeidh sí níos iomchuí do chineál SREP a bhaineann go sonrach leis an mbanc. Tá sé tábhachtach go ndéanfar na cinntí a rinneadh le linn SREP, lena n‑áirítear na cinntí sin a bhaineann le tagarmharcáil in aghaidh bainc eile, a chur in iúl do na páirtithe leasmhara ábhartha ar bhealach trédhearcach, chun cáilíocht na malartuithe leis na bainc agus a dtuiscint ar na hionchais agus ar na torthaí atá á lorg ag maoirseoirí a áirithiú.

I réimse an riosca creidmheasa, agus go háirithe i ndáil le hiasachtaí neamhthuillmheacha, cuireadh in iúl sa chéad tuarascáil athbhreithniúcháin SAM gur féidir le BCE leibhéal an tsoláthair ó bhainc a mhéadú trí úsáid a bhaint as a uirlisí maoirseachta 7 laistigh de theorainneacha an chreata cuntasaíochta is infheidhme. Léirítear san athbhreithniú go n‑úsáideann BCE cúram morálta den chuid is mó chun bainc a spreagadh chun beartais soláthair stuama a chur i bhfeidhm maidir le riosca creidmheasa agus leagtar amach ionchais mhaoirseachta mar uirlis chun an toradh inmhianaithe a chur in iúl. Mar shampla, ag tús phaindéim COVID‑19, sheol BCE litreacha 8 chuig POFanna bainc inar tugadh treoraíocht bhreise agus ionchais mhaoirseachta bhreise maidir le bainistiú riosca creidmheasa.

Maidir le faisnéis a mhalartú le Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), moladh sa chéad athbhreithniú SAM go gcuirfeadh BCE córas níos éifeachtúla i bhfeidhm chun faisnéis a mhalartú le CIE. Thug BCE aghaidh air sin trí chomhaontú idirinstitiúideach a dhéanamh le CIE maidir le malartú faisnéise 9 .

Maidir leis an mBord Riaracháin Athbhreithniúcháin, cuireadh i dtábhacht sa chéad athbhreithniú na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le feabhas a chur ar thrédhearcacht cinntí, mar shampla trí achoimrí ar chinntí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE agus rialacha rúndachta á n‑urramú go cuí. Go deimhin, tá méadú tagtha ar an trédhearcacht i gcoitinne, go páirteach mar gheall ar níos mó mínithe ar shuíomh gréasáin Maoirseachta Baincéireachta BCE maidir le feidhmiú an Bhoird Riaracháin Athbhreithniúcháin le blianta beaga anuas, lena n‑áirítear na hábhair a breithníodh agus gnéithe dá dhlí‑eolaíocht féin.

Ar deireadh, suíodh sa chéad athbhreithniú go bhféadfadh BCE breithniú a dhéanamh ar níos mó comhréireachta a leabú ina mhodheolaíocht táillí. Baineadh é sin amach den chuid is mó tríd an athbhreithniú ar an Rialachán maidir le Táillí Maoirseachta 10 a cuireadh chun feidhme ó thréimhse táille 2020 ar aghaidh. Leis an bpróiseas nua, i measc feabhsuithe modheolaíochta eile, tugadh isteach lascaine ar an táille íosta atá ina comhpháirt de mhaoirseacht BCE le haghaidh institiúidí beaga ar lú a suntas.

3. Gnéithe comhair

3.1 Forbhreathnú

Tá dea‑fheidhmiú SAM agus rath na hinstitiúide ina phríomhról maoirseachta ar bhainc AE ag brath go mór ar chomhar agus comhordú idir BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla, agus ar mhalartú leanúnach faisnéise. Fuarthas amach san athbhreithniú go raibh BCE in ann, le blianta beaga anuas, feabhas a chur ar an gcomhar le húdaráis náisiúnta inniúla agus sraith tionscnamh eagraíochtúil agus oibríochtúil a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh comhordú agus cumarsáid a neartú i bhformhór na réimsí maoirseachta, laistigh dá acmhainní foirne atá ann cheana.

Moladh, tríd is tríd, an méadú ar cháilíocht an chomhair le BCE sa phlé leis na húdaráis náisiúnta inniúla. I measc nithe eile, cuireadh i dtábhacht iontu sin an tacaíocht agus an oiliúint atá ar fáil d’údaráis náisiúnta inniúla, an malartú faisnéise cuiditheach pragmatach ar fud na líonraí agus an rochtain ar uirlisí TF arna bhforbairt ag SAM chun athbhreithnithe comhsheasmhacha tuairiscithe agus maoirseachta a éascú. Aithníodh freisin go bhfuil gá le hacmhainní suntasacha, ar leibhéal BCE agus leibhéal an údaráis náisiúnta inniúil araon, mar gheall ar chastacht mhéadaithe na gníomhaíochta maoirseachta, a léirítear freisin leis an méadú ar an líon tionscnamh maoirseachta nua. Mura bhfuil na hacmhainní sin ar fáil, ní mór réitigh a chur chun feidhme chun barrfheabhas a chur ar na próisis mhaoirseachta.

Mar thoradh ar an méadú atá ag teacht ar fhreagrachtaí maoirseachta, tá BCE ag díriú níos mó ar ghnéithe a chruthaíonn rioscaí níos airde don chobhsaíocht airgeadais dhomhanda. Dá thoradh sin, cuireadh moill i gcásanna áirithe ar roinnt tionscnamh a d’fhéadfadh a bheith ina dtosaíocht ag údaráis náisiúnta inniúla (e.g. treoraíocht mhaoirseachta maidir le hinstitiúidí ar lú a suntas a nuashonrú).

Le haiseolas ó chomhlachais tionscail, cuireadh roinnt réimsí i dtábhacht a bhféadfadh SAM aghaidh a thabhairt orthu chun feabhas a chur ar mhalartuithe leis na hinstitiúidí a ndéantar maoirseacht orthu agus feasacht a ardú maidir lena straitéis agus a chuspóirí ar an leibhéal aonair agus ar fud na tionsclaíochta. Réimse amháin ina bhfuil an tionscal ag lorg feabhsuithe is ea cumarsáid níos fearr, go háirithe i ndáil le raon feidhme agus cuspóirí athbhreithnithe agus suirbhéanna téamacha, a d’fhéadfadh a bheith dian ar acmhainní uaireanta do na bainc agus a bhféadfadh spriocdhátaí dochta a bheith i gceist leo. Ba mhaith le roinnt páirtithe leasmhara sa tionscal freisin go ndéanfaí torthaí na tagarmharcála a rinneadh le linn SREP agus torthaí na n‑athbhreithnithe téamacha a chur in iúl ar bhealach níos córasaí.

3.2 Maoirseacht dhíreach ar institiúidí suntasacha

Bhí maoirseacht dhíreach SAM ar institiúidí suntasacha éifeachtach agus tráthúil fiú le linn imthosca eisceachtúla (e.g. feidhmiú SREP phragmataigh le linn phaindéim COVID‑19) agus cumhdaítear léi cineálacha nua rioscaí (sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, rioscaí cibearshlándála, rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais).

Is iad na comhfhoirne maoirseachta (JSTanna) atá comhdhéanta d’fhoireann BCE agus údarás náisiúnta inniúil príomhcholún na maoirseachta ar institiúidí suntasacha. Léiríonn an t‑aiseolas ó údaráis náisiúnta inniúla agus ó pháirtithe leasmhara tionscail go bhfuil an chaoi a bhfuil maoirseacht JST socraithe faoi láthair éifeachtach i gcoitinne, agus línte tuairiscithe soiléire agus freagrachtaí soiléire ann. I gcásanna sonracha áirithe, bhí ganntanas scileanna sonracha ar JSTanna (e.g. teangacha, saineolas teicniúil). Déanann SAM measúnú tráthrialta ar na cineálacha scileanna atá ar iarraidh sna foirne sin chun gur féidir leis oiliúint a chur ar bhaill foirne i gcás inar féidir sin nó chun fostaithe nua a earcú.

SREP atá ann faoi láthair ag athrú ó chleachtadh mionsonraithe uileghabhálach go próiseas atá níos rioscabhunaithe. Leis sin, tugtar níos mó ama do JSTanna díriú ar na príomhrioscaí neamhghnácha a bhaineann le gach institiúid shuntasach. Leis an tagarmharcáil a dhéantar le feidhmeanna cothrománacha BCE ar fud SREP, is féidir cinntí SREP a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go comhleanúnach. Ó rinneadh an t‑athbhreithniú deireanach, bhí baint níos mó ag na húdaráis náisiúnta inniúla leis an bpróiseas, go háirithe ó thaobh na modhanna a úsáidtear ar an leibhéal cothrománach chun coigeartú a dhéanamh ar chinntí SREP arna moladh ag JSTanna.

Ina theannta sin, tá modheolaíochtaí agus próisis mhaoirseachta á bhforbairt ag SAM, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm cheanglais Cholún 2 agus threoraíocht Cholún 2, chun cur chuige comhchuibhithe a leanúint ina mhaoirseacht. Cuirtear an comhchuibhiú sin ar na próisis mhaoirseachta i bhfeidhm freisin maidir le torthaí na gcigireachtaí ar an láthair.

Roimh an bpaindéim agus lena linn, shainaithin BCE gníomhaíochtaí iasachtaithe giarála mar mhórleochaileacht ag institiúidí suntasacha, a bhfuil grinnscrúdú méadaithe agus bearta leantacha ag teastáil lena n‑aghaidh 11 . Is é a spreag BCE maoiniú giarála a bhreithniú a bheith ina thosaíocht mhaoirseachta (2022‑2024) an fás ard ar iasachtaí giarála agus na rioscaí suntasacha a bhaineann go dlúth leis na hidirbhearta sin, arb iad an easpa cúnant agus cáilíocht rátála níos ísle, chomh maith le heasnaimh i mbainistiú riosca na mbanc, is cúis freisin leis.

Mar fhreagairt ar na hathruithe ar an timpeallacht rátaí, thug BCE tosaíocht freisin d’athbhreithnithe ar riosca an ráta úis agus ar bhainistiú riosca raoin difríochta creidmheasa 12 , ag tosú ón dara leath de 2021. Chuir BCE na rioscaí sin san áireamh ina thosaíochtaí maoirseachta in 2022.

3.3 Maoirseacht indíreach ar institiúidí ar lú a suntas

Le linn na malartuithe déthaobhacha, thug údaráis náisiúnta inniúla aiseolas dearfach ar cháilíocht an chomhair le BCE maidir le maoirseacht ar institiúidí ar lú a suntas, agus tuilleadh á chur le toradh maith ina leith sin le linn athbhreithniú 2017. Thug údaráis náisiúnta inniúla le fios go raibh réimsí ann ar tháinig feabhas suntasach orthu:

·méadú seasta ar cháilíocht agus ar mhinicíocht an phlé idir údaráis náisiúnta inniúla agus deasca tíre BCE (arna n‑éascú sa chleachtas freisin ag an timpeallacht oibre fhíorúil);

·líonraí ardbhainistíochta a chruthú chun cur chun feidhme beartais a phlé;

·rannchuidiú feidhmeanna cothrománacha nua SAM le comhchuibhiú méadaitheach cleachtas maoirseachta;

·tairseach an Chórais Bainistíochta Faisnéise (IMAS) a úsáid ar bhonn deonach le haghaidh institiúidí ar lú a suntas.

Na modheolaíochtaí maoirseachta a chomhaontaítear ar leibhéal SAM le haghaidh institiúidí ar lú a suntas, is iondúil go nglacann údaráis náisiúnta inniúla iad agus méid éigin comhréireachta i gceist. Thug údaráis náisiúnta inniúla dá n‑aire nach ndéantar modheolaíocht maidir le hinstitiúidí ar lú a suntas, atá ríthábhachtach dóibh chun comhsheasmhacht mhaoirseachta a áirithiú, a nuashonrú go cuimsitheach gach bliain (rinneadh an t‑athbhreithniú cuimsitheach deireanach in 2020). An tráth céanna, rinneadh athbhreithniú níos déanaí ar ghnéithe sonracha den mhodheolaíocht maidir le hinstitiúidí ar lú a suntas, amhail riosca TF a chur san áireamh faoi riosca oibriúcháin. Treoraíocht mhaoirseachta maidir le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a áireamh, déanfar í a chomhtháthú sa mhodheolaíocht maidir le hinstitiúidí ar lú a suntas in 2023. Ina theannta sin, deimhníodh leis na malartuithe déthaobhacha leis na húdaráis náisiúnta inniúla a mhinice a dhéantar athbhreithnithe maoirseachta ar institiúidí ar lú a suntas, go háirithe ar institiúidí beaga neamhchasta.

D’fhéadfadh roinnt de na tionscnaimh a tugadh isteach ar bhonn deonach tairbhiú freisin de phríomhshruthú breise, amhail IMAS a úsáid le haghaidh gach ceann de na hinstitiúidí ar lú a suntas ar institiúidí ardriosca agus ardtionchair iad agus le haghaidh roinnt gnéithe eile de mhaoirseacht leanúnach ar institiúidí ar lú a suntas, i gcás ina dtugann próifíl riosca den sórt sin ag institiúidí ar lú a suntas údar le dlúthchomhar le BCE. D’fhéadfaí IMAS a leathnú chuig bainc bheaga a bhfuil samhail ghnó ardriosca acu toisc go dtabharfadh an beart réamhchúraim sin caoi do BCE formhaoirseacht níos dlúithe a dhéanamh ar institiúidí sonracha agus maoirseacht dhíreach orthu a ghlacadh de láimh más gá.

Maidir le maoirseacht ar institiúidí suntasacha agus ar institiúidí ar lú a suntas araon, thug roinnt údaráis náisiúnta inniúla dá n‑aire gur féidir go gcuireann an méid suntasach oibre a dhéanann SAM, i gcásanna áirithe, brú ar údaráis náisiúnta inniúla a bhfuil níos lú acmhainní foirne acu, mar gheall ar rannpháirtíocht i dtionscnaimh éagsúla, i ngrúpaí oibre agus i gcúrsaí oiliúna, mar shampla. Chun aghaidh a thabhairt air sin, dhírigh SAM le déanaí ar mhoil réigiúnacha saineolais a chruthú. Is é is aidhm dóibh sin eolas leathan domhain a fhorbairt maidir le cineál áirithe riosca, réitigh a aimsiú chun é a mhaolú agus ansin an t‑eolas sin a roinnt ar fud SAM. Ar cheann de na samplaí a rinneadh ar bhonn píolótach cheana tá mol urrúsúcháin a bhunú faoi stiúir údarás maoirseachta na Fraince (ACPR). Ní hé an dlúthchomhar idir BCE agus údaráis náisiúnta inniúla amháin a léirítear leis na moil sin, ach chomh maith leis sin an cuspóir an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil agus torthaí comhsheasmhacha a bhaint amach ar fud SAM.

3.4 Comhaontuithe dlúthchomhair

Ó rinneadh athbhreithniú SAM 2017, tá dhá chomhaontú dlúthchomhair déanta ag SAM leis an mBulgáir agus leis an gCróit, a bhfuil a n‑údaráis rannpháirteach anois in SAM 13 . Tá gné an‑sonrach sna comhaontuithe dlúthchomhair, ós rud é go dtagann an t‑údarás náisiúnta inniúil ábhartha isteach in SAM ar bhonn beagán difriúil i gcomparáid le húdaráis náisiúnta inniúla na mBallstát atá rannpháirteach sa limistéar euro. Is é an phríomhdhifríocht go mbíonn údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát, i ndlúthchomhar le chéile, rannpháirteach in SAM, ach ó thaobh cinnteoireachta de, gníomhaíonn siad bunaithe ar threoracha a thugann SAM don údarás náisiúnta inniúil, agus aistríonn siad na treoracha sin ina gcinntí náisiúnta.

Ba dhearfach an taithí a fuarthas agus an Bhulgáir agus an Chróit á dtabhairt ar bord. Rinneadh malartuithe doimhne agus ullmhúchán críochnúil sula ndearnadh comhaontuithe dlúthchomhair. Chuidigh sé sin leis an bpróiseas a dhéanamh níos rianúla, go háirithe trí am leordhóthanach a thabhairt d’údaráis na Bulgáire agus na Cróite a mbeartais agus a gcleachtais a oiriúnú don chreat comhair nuabhunaithe.

Mar gheall ar an gcaoi a bhfuil comhaontuithe dlúthchomhair ceaptha, tógann an próiseas cinnteoireachta atá bunaithe ar threoracha níos mó ama i gcomparáid le cinnteoireacht inmheánach SAM. Sampla amháin is ea go bhfaigheann údaráis náisiúnta treoracha i mBéarla de ghnáth, nach mór a aistriú go dtí na teangacha náisiúnta ansin agus a chur chun feidhme trí ionstraimí dlí náisiúnta. Ina theannta sin, tá sé anásta cigireachtaí comhpháirteacha ar an láthair a eagrú toisc nach sanntar le Rialachán SAM ach ról ‘breathnóra’ do BCE le haghaidh cigireachtaí i dtíortha lena bhfuil comhaontú dlúthchomhair.

Mar sin féin, tá na comhaontuithe dlúthchomhair ag obair go maith i gcoitinne, agus éachtaí déanta go gasta acu i roinnt réimsí tar éis bhunú na gcomhaontuithe. Áirítear orthu sin bealaí cumarsáide díreacha a bhunú go tráthúil idir na heintitis faoi mhaoirseacht agus JSTanna, na heintitis faoi mhaoirseacht a chomhtháthú go rianúil in SREP láraithe agus saineolas maoirseachta na Bulgáire agus na Cróite maidir le hábhair áitiúla agus taithí leis na hinstitiúidí suntasacha náisiúnta a bheith á ghiaráil ag SAM.

3.5 Comhar le maoirseoirí tríú tír agus tionchar Brexit

Tá láithreacht shuntasach idirnáisiúnta ag go leor institiúidí suntasacha a ndéanann SAM maoirseacht orthu. Sa chomhthéacs sin, tá comhar agus comhordú trasteorann bunriachtanach chun rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint agus a mhaolú.

Le blianta beaga anuas, tá obair déanta ag SAM ar an gcomhar straitéiseach atá aige le húdaráis tríú tír maidir le saincheisteanna maoirseachta a dhoimhniú. Tá níos mó ná 15 mheabhrán tuisceana sínithe aige le húdaráis bhaincéireachta agus údaráis maoirseachta margaidh a bunaíodh lasmuigh den Aontas, a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin BCE faoi réir thoiliú an údaráis comhpháirtíochta. Leis an gcineál sin comhaontaithe, éascaítear comhar rianúil maoirseachta agus malartú faisnéise.

Ó bhí 2016 ann, atheagraíodh bainc idirnáisiúnta tar éis Brexit chun a áirithiú go leanfaidh an tAontas de bheith i láthair. As sin a d’eascair thart ar 25 nós imeachta údaraithe a bhaineann le Brexit le haghaidh SAM. Bhí bunú institiúidí nua creidmheasa agus athstruchtúrú institiúidí creidmheasa atá ann cheana i gceist leis sin. Bhí ar SAM aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhain lena gcur ar bord laistigh de thréimhse ama sách gearr a bhí an‑chasta d’fhochuideachtaí de bhainc mhóra idirnáisiúnta, a bhfuil samhlacha éagsúla gnó acu.

D’fhoilsigh BCE a ionchais mhaoirseachta maidir le samhlacha áirithinte banc i mí Lúnasa 2018. Dhírigh siad sin ar a áirithiú go mbeidh creataí fónta bainistithe riosca agus rialaithe ag na heintitis nuabhunaithe faoi mhaoirseacht SAM agus go mbeidh siad athléimneach ó thaobh oibríochta de i ngéarchéim.

Ina fhianaise sin, agus mar chuid dá chúraimí maoirseachta chun a áirithiú go mbeidh rialachas agus bainistiú riosca leordhóthanach ag fochuideachtaí tríú tír, tá athbhreithniú ar chleachtais áirithinte agus bainistithe riosca ar fud deasca trádála (‘athbhreithniú mapála deasc’) á thabhairt i gcrích ag SAM. Dírítear san athbhreithniú ar na cleachtais áirithinte agus bainistithe riosca ar fud deasca trádála atá gníomhach i ngníomhaíochtaí cruthaithe margaidh, cisteáin agus díorthaigh 14  laistigh de ‘bhainc Brexit isteach’ mar shampla.

Is príomhuirlis mhaoirseachta é an t‑athbhreithniú a chuireann ar a chumas do SAM a sheiceáil an bhfuil cleachtais tionscail ag teacht le chéile le hionchais mhaoirseachta BCE maidir le gach eintiteas SAM, lena n‑áirítear fochuideachtaí AE de ghrúpaí tríú tír. An chuid ba mhó de na bainc a tháinig isteach, léiríodh ann nár chomhlíon siad na hionchais a leag SAM síos, agus go raibh roinnt gnéithe de bhainc chaocha fholmha acu. Tá táscairí riosca éagsúla leagtha amach ag SAM le haghaidh gach deisce trádála chun ábharthacht na gníomhaíochta trádála agus na rioscaí ábhartha uile a eascraíonn aisti a ghabháil ar bhealach níos fearr. Tabharfaidh BCE aghaidh ar na heasnaimh sin i ndlíchórais do bhainc ábhartha sa dara ráithe de 2023, agus céimniú iomchuí ann.

3.6 Comhar le húdaráis mhaoirseachta neamhbhainc

Tá roinnt sásraí comhair curtha i bhfeidhm ag SAM le maoirseoirí eintiteas eile san earnáil airgeadais amhail gnóthais árachais agus gnólachtaí infheistíochta (‘maoirseoirí neamhbhainc’). Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcineál sin comhair toisc go rialaíonn roinnt grúpaí baincéireachta gnóthais árachais, gnólachtaí infheistíochta agus eintitis eile san earnáil airgeadais atá faoi réir maoirseacht airgeadais ag údaráis mhaoirseachta eile. Ina theannta sin, ós rud é go n‑eisíonn líon suntasach institiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht SAM urrúis ar mhargaí a rialaíonn an tAontas, bhunaigh SAM bealaí cumarsáide le margaí agus maoirseoirí urrús.

Is é príomhchuspóir SAM sa réimse sin faisnéis a mhalartú chun a áirithiú gur féidir gníomhaíocht chomhordaithe a dhéanamh más gá. Laistigh de SAM, is iondúil gurb iad JSTanna a áirithíonn go sreabhann an fhaisnéis i gceart chuig maoirseoirí neamhbhainc.

Pointe fócasach amháin is ea go mbraitheann malartú éifeachtach faisnéise idir SAM agus maoirseoirí neamhbhainc ar an gcaoi a n‑eagraítear maoirseacht ar an margadh airgeadais ar an leibhéal náisiúnta. Cé nach gcumhdaítear le cúraimí SAM ach maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, i roinnt Ballstát déantar na húdaráis náisiúnta ábhartha a bhfuil sé de chúram orthu maoirseacht a dhéanamh ar na hearnálacha airgeadais (baincéireacht, árachas, urrúis) a chomhtháthú in údarás maoirseachta aonair nó déantar iad a dheighilt idir údarás stuamachta agus údarás iompair airgeadais. D’fhéadfadh sé go mbeadh údar cuí freisin le sásra chun faisnéis a mhalartú idir SAM agus maoirseoirí margaidh tríú tír. D’fhéadfadh an meabhrán tuisceana nua a rinne Coimisiún Urrús agus Malartaithe na Stát Aontaithe agus BCE in 2021 a bheith ina shampla i ndáil leis sin.

Ina theannta sin, tá SAM ar cheann de na príomhghníomhaithe sa mhaoirseacht fhorlíontach ar ilchuideachtaí airgeadais. Is éard atá sna grúpaí sin rannóg baincéireachta, árachais agus infheistíochta, atá faoi réir rialacha maoirseachta forlíontacha a leagtar síos leis an Treoir maidir le hIlchuideachtaí Airgeadais. Go sonrach, as measc na maoirseoirí earnála atá i gceannas ar rannóga éagsúla ilchuideachta, foráiltear leis an Treoir go gceapfar ceann amháin díobh mar chomhordaitheoir 15 . Ós rud é go ndéanann SAM maoirseacht ar institiúidí suntasacha, is minic a chuirtear de chúram air an ról mar mhaoirseoir comhordaithe ar chuid de na hilchuideachtaí airgeadais is mó atá gníomhach san Aontas. Go dtí le déanaí, dhírigh SAM sa réimse sin ar mhaoirseacht laethúil a dhéanamh, is é sin saincheisteanna maoirseachta tosaíochta a shainaithint. Tá comhaontuithe comhair déanta ag BCE ó shin le maoirseoirí árachais chun comhar agus malartú faisnéise maidir le hilchuideachtaí baincéireachta agus árachais a chothú. Ina theannta sin, tá BCE ag comhoibriú ar bhealach níos gníomhaí leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde chun saineolas agus faisnéis a roinnt chun rioscaí a bhaineann go sonrach le hilchuideachta a ghabháil ar bhealach níos fearr agus tá sruth oibre inmheánach curtha ar bun aige maidir le hilchuideachtaí airgeadais.

3.7 Dul chun cinn maidir le comhar i réimsí eile den mhaoirseacht leanúnach

Cuí agus cóir

Mar a aithníodh sa chéad tuarascáil ó SAM, measúnuithe cuí córa a bhí i bhformhór na gcinntí a ghlac an Chomhairle Rialaithe, tar éis an togra ó Bhord Maoirseachta BCE.

Ó rinneadh an t‑athbhreithniú SAM deireanach, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir leis an gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla a fheabhsú i réimse an mheasúnaithe chuí chóir. Tá sé sin aitheanta go forleathan ag na húdaráis náisiúnta inniúla sa phlé le linn an athbhreithnithe. Molann siad go ginearálta an méid atá bainte amach ag SAM, go háirithe maidir leis an gcóras cinnteoireachta rioscabhunaithe agus cur chun feidhme uirlisí nua TF.

Tá BCE, in éineacht leis na húdaráis náisiúnta inniúla, ina gcuid den líonra cuí cóir a oibríonn ar fhorbairt agus nuashonrú na dtreoracha agus na dteimpléad ábhartha chun próiseas measúnaithe agus formheasa nósanna imeachta measúnaithe cuí córa a dhéanamh níos comhsheasmhaí, níos cuíchóirithe agus níos éifeachtaí. Cumhdaítear leis na doiciméid sin príomhghnéithe amhail (i) teimpléid agallaimh le haghaidh poist bhainistíochta éagsúla, lena n‑áirítear le haghaidh sealbhóirí príomhfheidhme; (ii) treoraíocht a dhréachtú chun a áirithiú go n‑úsáidfear foclaíocht chomhsheasmhach i ngach nós imeachta agus cinneadh cuí cóir; (iii) treoir chuí chóir ina dtugtar tuairisc ar bheartais, ar chleachtais agus ar phróisis SAM is infheidhme nuair a bhíonn measúnú á dhéanamh ar oiriúnacht comhaltaí de chomhlachtaí bainistíochta institiúidí creidmheasa suntasacha; agus (iv) lámhleabhar chun tacú le JSTanna agus láimhseálaithe cáis údarás náisiúnta inniúil chun seasaimh chuí chóra SAM a chur i bhfeidhm ó lá go lá agus dréachtmheasúnú cuí cóir á ullmhú.

Ó rinneadh an t‑athbhreithniú SAM roimhe seo, tá dlús curtha ag SAM lena ghníomhaíochtaí chun cinntí cuí córa a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtaí. Tá simpliú déanta aige ar an bpróiseas cinnteoireachta trí phróiseas tarmligin agus próiseas mear le haghaidh cinntí nach bhfuil chomh casta céanna a chur chun feidhme agus dhírigh sé ar uirlisí TF iomchuí a fhorbairt chun déileáil leis an líon measúnuithe cuí córa agus maoirseacht éifeachtach á háirithiú an tráth céanna. I roinnt cásanna sonracha, tá breithniú déanta aige ar réitigh ad hoc atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cuí córa a bhaineann go sonrach le roinnt Ballstát agus tá sé ag féachaint ar chineálacha cur chuige ar éirigh leo i leith cásanna comhchosúla a chur chun feidhme.

Ina theannta sin, chuir SAM an próiseas cuí cóir malartach i bhfeidhm in 2018. Is nós imeachta cinnteoireachta mear é sin chun éifeachtúlacht a mhéadú, aga próiseála cinntí cuí córa a ghiorrú agus fócas níos rioscabhunaithe a cheadú. Faoin nós imeachta sin, in ionad obair a dhéanamh ar réamhthogra ar leibhéal údaráis náisiúnta inniúil agus ar mheasúnú comhpháirteach idir údarás náisiúnta inniúil agus BCE, tá an t‑údarás náisiúnta inniúil freagrach as an togra a dhréachtú in éineacht le comhalta JST. Cuirtear an togra faoi bhráid Rúnaíocht SAM ansin le haghaidh seiceáil cáilíochta agus chuig bainisteoirí sinsearacha BCE lena ghlacadh 16 .

Chun measúnú cuí cóir a chuíchóiriú agus an méid mór faisnéise a bhainistiú, d’oibrigh SAM ar fheabhas a chur ar a chuid uirlisí TF. Tugadh isteach SAM go luath in 2021 chun tacú leis an bpróiseas maoirseachta, agus tá tús curtha aige le tairseach IMAS a úsáid, chun é a chur ar a gcumas do bhainc na doiciméid uile is gá le haghaidh iarratais chuí chóra a aistriú go díreach agus ar bhealach slán. Déantar faisnéis ábhartha maidir leis an bpróiseas cuí cóir, amhail nósanna imeachta agus teimpléid nuashonraithe, a uaslódáil chuig an líonra inmheánach chun rochtain éasca a sholáthar d’údaráis náisiúnta inniúla ar an doiciméadacht is déanaí.

A mhéid a bhaineann le huirlisí a forbraíodh go sonrach chun tacú le measúnú cuí cóir, tá uirlis mheaisínfhoghlama á píolótú ag SAM le dhá údarás náisiúnta inniúla chun léamh agus measúnú ar cheistneoirí cuí córa a éascú agus chun ábhair imní a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl ag céim luath den phróiseas. Is é is cuspóir dó sin an uirlis a chur in úsáid go forleathan faoin gcéad leath de 2023.

Cé go n‑aithnítear an dul chun cinn a rinneadh in éineacht leis na húdaráis náisiúnta inniúla 17 , tá dúshláin fós ann, go háirithe mar gheall ar an easpa comhchuibhithe idir creataí náisiúnta agus mar gheall ar shainiúlachtaí náisiúnta a bheith ann. Chuir roinnt údaráis náisiúnta inniúla an méid sin i dtábhacht, a léirigh na teorainneacha atá le hiarrachtaí SAM gan tuilleadh comhchuibhithe. Sa Phacáiste Baincéireachta a mhol an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2021 tá togra chun an creat rialála le haghaidh measúnuithe cuí córa a chomhchuibhiú a thuilleadh. Tá an pacáiste á phlé anois i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle.

Cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus smachtbhannaí

Cuireadh in iúl i dTuarascáil Athbhreithniúcháin SAM 2017 go raibh gá le taithí níos praiticiúla chun measúnú a dhéanamh ar chumhachtaí forfheidhmiúháin agus smachtbhannaí BCE. Thart ar 8 mbliana tar éis a bhunaithe, tá léirithe ag SAM go bhfuair sé an taithí sin de réir a chéile. Léirítear i dtuarascáil dheireanach SAM maidir le gníomhaíochtaí smachtbhannaí 18 go raibh an forfheidhmiú spriocdhírithe, den chuid is mó, ar sháruithe ar cheanglais stuamachta i réimse an rialachais inmheánaigh (i gcomhréir le tosaíochtaí maoirseachta SAM le haghaidh 2021). Ina theannta sin, léirítear ann méadú ar ghníomhaíochtaí smachtbhannaí lena ndírítear ar sháruithe ar oibleagáidí tuairiscithe maoirseachta. Ó thaobh na modheolaíochta de, d’fhoilsigh BCE treoir maidir le pionóis riaracháin a shocrú i mí an Mhárta 2021, rud a chuir feabhas ar thrédhearcacht.

I measc a chumhachtaí forfheidhmiúcháin, féadfaidh BCE íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla 19 a chur i bhfeidhm má dhéantar sárú leanúnach ar rialachán nó ar chinneadh maoirseachta BCE. Go dtí seo, bhain BCE úsáid as an uirlis forfheidhmithe sin i líon teoranta cásanna.

Cuireann SAM a chumhachtaí smachtbhannaí i bhfeidhm laistigh de theorainneacha thrasuí na Treorach maidir le Ceanglais Chaipitil i ndlíthe náisiúnta na mBallstát rannpháirteach. Mar sin féin, baineann na difríochtaí i gcur chun feidhme eilimintí tábhachtacha den chóras smachtbhannaí ag na Ballstáit an bonn ó chumas BCE smachtbhannaí iomchuí a sholáthar go comhsheasmhach.

Féachann togra an Phacáiste Baincéireachta le cumhachtaí áirithe maoirseachta agus smachtbhannaí san Aontas a chomhchuibhiú. Ar an gcéad dul síos, tá sé d’aidhm aige raon feidhme na gcumhachtaí smachtbhannaí a leathnú tríd an liosta sáruithe atá faoi réir pionóis riaracháin agus smachtbhannaí a fhorlíonadh le ceanglais stuamachta bhreise. Ar an dara dul síos, tá sé d’aidhm aige cumhachtaí níos mó a thabhairt d’údaráis náisiúnta inniúla rialacha a fhorfheidhmiú trí íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a thabhairt isteach sa reachtaíocht ionas go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa ceanglais stuamachta go pras. Dá bhrí sin, leis an togra i ndáil leis an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil VI, sholáthrófaí uirlisí forfheidhmithe agus smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha do mhaoirseoirí.

4. Maoirseacht baincéireachta a oiriúnú do dhúshláin nua

4.1 Forbhreathnú

Leis na dúshláin atá os comhair na hearnála baincéireachta ó bhí an ghéarchéim airgeadais dhomhanda ann, léiríodh a thábhachtaí atá sé don gheilleagar foriomlán cleachtais mhaoirseachta a neartú. Tá maoirseacht éifeachtach ar bhainc, cumarsáid agus comhar maoirseachta trasteorann agus trasearnálach bunriachtanach chun a áirithiú go ndéanfar rioscaí do shábháilteacht agus d’fhóntacht na n‑institiúidí creidmheasa agus don chobhsaíocht airgeadais a shainaithint go mear agus go dtabharfar aghaidh orthu. Chun an méid sin a bhaint amach, ní mór d’údaráis mhaoirseachta a gcuspóirí a shainiú go cúramach, measúnú réamhbhreathnaitheach a fhorbairt agus a choinneáil ar bun ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais, agus cur chuige comhtháite réamhghníomhach a leanúint maidir le maoirseacht baincéireachta agus a gcumas eachtarshuí a dhéanamh ar fud na hearnála airgeadais chun na spriocanna inmhianaithe a bhaint amach.

Rinneadh measúnú san athbhreithniú ar cheithre réimse dúshlán maidir le maoirseacht:

·an fhreagairt ar ghéarchéim COVID‑19;

·maoirseacht ar TF agus rioscaí cibearshlándála;

·dúshláin mhaoirseachta a bhaineann le rioscaí aeráide;

·dúshláin mhaoirseachta a bhaineann le sciúradh airgid;

Ní dhearnadh ach measúnú indíreach le linn an athbhreithnithe sin ar fhreagairt SAM don chogadh san Úcráin, trí thionchar an riosca gheopholaitiúil mhéadaithe ar chobhsaíocht airgeadais agus ar mhaoirseacht baincéireachta na mbanc a bhreithniú, go háirithe ó thaobh riosca cibearshlándála agus riosca creidmheasa de. Is féidir a thabhairt faoi deara, ar an gcaoi chéanna leis an bhfreagairt a rinne sé do phaindéim COVID‑19, gur fhreagair SAM go gasta agus go cuimsitheach 20 chun príomhrioscaí a mhaolú. Ar na rioscaí sin bhí neamhchosaintí roinnt banc faoi mhaoirseacht ar an Rúis, tionchar smachtbhannaí, cibirionsaithe agus an t‑ionchas maicreacnamaíoch atá ag dul in olcas mar thoradh ar an ngéarchéim fuinnimh atá ag teacht chun cinn. Ina thosaíochtaí maoirseachta le haghaidh 2023‑2025, shainaithin SAM an cogadh san Úcráin agus na rioscaí atá ag teacht chun cinn mar cheann dá phríomhréimsí imní 21 . Tá sé léirithe ag SAM go raibh sé in ann oiriúnú do chineál nua géarchéime go gairid tar éis phaindéim COVID‑19, fiú má tá sé fós ró‑luath measúnú a dhéanamh ar thionchar fadtéarmach na mbeart a glacadh.

4.2 An fhreagairt ar phaindéim COVID‑19

Ó thaobh na maoirseachta baincéireachta de, is tástáil shuntasach í ráig phaindéim COVID‑19 ar chumas SAM oiriúnú go tapa do dhúshláin mhaoirseachta. Mar a d’aithin údaráis náisiúnta inniúla agus páirtithe leasmhara an tionscail í, meastar go raibh freagairt SAM ar an bpaindéim gasta solúbtha. Bhí na huirlisí a bhí ar fáil do mhaoirseoirí leordhóthanach agus éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na géarchéime, mar chuid den fhreagairt beartais phoiblí níos leithne ar an bpaindéim. D’fheidhmigh an comhar idir BCE, údaráis náisiúnta inniúla agus Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha go maith le linn na géarchéime freisin.

Fiú má bhíonn sé deacair éifeachtaí beachta na mbeart aonair maidir le faoiseamh caipitil agus leachtachta a thomhas – rinneadh bearta tacaíochta fioscacha agus airgeadaíochta an tráth céanna ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta – tá sé cruthaithe go bhfuil na bearta seo a leanas a rinne SAM chun aghaidh a thabhairt ar dhrochiarmhairtí na paindéime éifeachtach:

·Bearta faoisimh oibriúcháin: na bearta sin, a mheas an tionscal a bheith thar a bheith cuiditheach, amhail spriocdhátaí níos faide chun oibleagáidí maoirseachta a chomhlíonadh (e.g. chun gníomhaíochtaí feabhsúcháin a chur chun feidhme a eascraíonn as cigireachtaí ar an láthair a rinneadh le déanaí agus as imscrúduithe ar an tsamhail inmheánach), rinneadh iad go tráthúil agus tugadh an cumas riachtanach do na bainc déileáil le hiarmhairtí láithreacha na géarchéime.

·Faireachán leanúnach ar rioscaí na mbanc: léirigh ráig na paindéime gur gá an mhaoirseacht ar bhainistiú riosca creidmheasa a threisiú agus a dhoimhniú. Mhol formhór na n‑údarás náisiúnta inniúla an léargas a fuarthas trí fhreagraí na mbanc ar an litir ‘Dear CEO’.

·An moladh maidir le dáileadh díbhinní: bhí an moladh ó BCE maidir le díbhinní d’institiúidí suntasacha éifeachtach agus caomhnaíodh EUR 28 mbilliún de chaipiteal i mbainc a bhí ag gníomhú mar mhaolán caipitil breise le linn na paindéime. Cé gur lean gach údarás náisiúnta inniúil é, ní raibh cur i bhfeidhm praiticiúil an mholta le haghaidh institiúidí ar lú a suntas chomh héifeachtach céanna, agus bhí líon suntasach institiúidí ar lú a suntas fós ag íoc díbhinní amach 22 – saincheist a tharraing páirtithe leasmhara anuas ó thaobh na cothroime iomaíochta de.

·Inúsáidteacht an mhaoláin: le linn phaindéim COVID‑19, thug BCE cead do na bainc tarraingt as cistí Treorach Cholún 2 dá gcuid agus maoláin chaipitil agus leachtachta a úsáid chun meath a d’fhéadfadh teacht ar a gcláir chomhardaithe agus ar a staideanna leachtachta a sheasamh. I bhfianaise mhéid na mbeart tacaíochta poiblí agus airgeadaíochta a glacadh, ní raibh caillteanais mhóra i ndán do bhainc agus, thairis sin, níor bhain siad úsáid as a maoláin mar gheall ar shrianta ar an uasmhéid indáilte 23 agus srianta margaidh a mheastar a bheith ann (e.g. éifeachtaí féideartha stiogma margaidh).

Tá aird tarraingthe ag paindéim COVID‑19 ar réimsí na maoirseachta baincéireachta a d’fhéadfaí a fheabhsú. Ina measc sin, thug an taithí ar SREP ‘pragmatach’ léargas luachmhar ar shimplithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar SREP tráthrialta sa ghnáthshaol. I réimse an riosca creidmheasa, thug paindéim COVID‑19 easnaimh shuntasacha chun solais i mbainistiú riosca creidmheasa na mbanc, easnaimh nach raibh na maoirseoirí chomh hairdeallach sin orthu roimh an bpaindéim mar gheall ar chóimheasa ísle na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha 24 (e.g. dibhéirseachtaí i mbeartais riosca creidmheasa maidir le staonadh, beartais sainaitheanta agus soláthair nach dócha go n‑íocfaí iad). Beidh na bearta a ghlacfar chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin fós ina réimse méadaithe den ghrinnscrúdú maoirseachta amach anseo.

4.3 Riosca TFC/cibearshlándála

I measc na rioscaí a tháinig chun cinn le 5‑10 mbliana anuas tar éis dhigitiú méadaithe na seirbhísí airgeadais agus fás easpónantúil na méideanna sonraí a úsáideann na bainc, bhí sé ina thosaíocht ar an gclár oibre maoirseachta feabhas a chur ar TFC agus ar an maoirseacht ar riosca cibearshlándála. Luadh rioscaí cibearshlándála agus rioscaí seachfhoinsithe mar an dá ábhar is tábhachtaí. D’admhaigh SAM an méid sin agus maoirseacht TFC/riosca cibearshlándála á sainaithint aige mar réimse ardtosaíochta sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

Léiríodh san athbhreithniú go bhfuil cumhachtaí maoirseachta foirmiúla leordhóthanacha ag SAM chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí TFC/cibearshlándála – níos mó fós leis an nGníomh um Athléimneacht Dhigiteach Oibríochtúil atá ar na bacáin. Meastar gur creat iomchuí é creat maoirseachta TFC agus riosca cibearshlándála i bhfianaise cibirionsaithe a tugadh faoi deara go dtí seo. I gcás aighneachtaí maidir le plean téarnaimh in 2022/23 iarradh go mbeadh cás riosca cibearshlándála ann, agus tá tástáil struis maidir le riosca cibearshlándála á breithniú le haghaidh 2024 chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal ullmhachta na mbanc maidir le cibeartheagmhais.

Mar gheall ar sheachfhoinsiú seirbhísí TF ag bainc, tá imní ann faoi rioscaí comhchruinnithe (spleáchas ar líon beag soláthraithe), faoi spleáchas ar eintitis inghrúpa i dtríú tíortha (mar gheall ar rioscaí geopholaitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann) agus faoin riosca go dtiocfaidh slabhraí gníomhaíochtaí seachfhoinsithe chun cinn. Dá bhrí sin, d’iarr BCE ar institiúidí suntasacha clár dá socruithe seachfhoinsithe uile a chur faoina bhráid ar bhonn bliantúil. Is é is aidhm dó sin an fhaisnéis is gá a sholáthar do BCE chun measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as socruithe seachfhoinsithe, agus é mar aidhm deiridh socruithe seachfhoinsithe níos láidre a chothú i ngach institiúid shuntasach. Ina theannta sin, tá BCE agus údaráis náisiúnta inniúla in ann anailísí cothrománacha a dhéanamh ar rioscaí seachfhoinsithe. Cuireann sé sin ar a gcumas do JSTanna rioscaí seachfhoinsithe a gcuid banc a thagarmharcáil i gcoinne a bpiaraí, agus measúnú a dhéanamh go ginearálta ar idirnaisc na hearnála airgeadais le soláthraithe seirbhísí tríú páirtí agus ar an riosca comhchruinnithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal na hinstitiúide agus na hearnála. Bhí an chéad aighneacht le cur isteach i mí Iúil 2022, agus tá a chéad anailís chothrománach tugtha chun críche ag BCE cheana féin. Cuirfear an méid sin san áireamh i ngníomhaíochtaí maoirseachta amach anseo.

Maidir le comhar idir BCE agus údaráis náisiúnta inniúla, fuarthas amach san athbhreithniú go raibh ag éirí go maith leis an gcomhar. Mhol go leor údaráis náisiúnta inniúla obair líonra SAM maidir le riosca cibearshlándála, ina ndéantar faisnéis a mhalartú go tráthrialta idir údaráis náisiúnta inniúla agus BCE. Luaigh roinnt údaráis náisiúnta inniúla go bhféadfaí ról BCE sa mhaoirseacht a dhéantar ar institiúidí ar lú a suntas maidir leis an ábhar sin a neartú, mar shampla trí dhea‑chleachtais a fhorbairt le haghaidh institiúidí ar lú a suntas. D’fhéadfadh BCE tuilleadh soiléireachta a sholáthar freisin agus tús á chur le tionscnamh nua le haghaidh institiúidí suntasacha, má bhíonn coinne ag údaráis náisiúnta inniúla leis go leathnófar chuig maoirseacht ar institiúidí ar lú a suntas freisin é.

Téama lárnach a tháinig chun cinn ón athbhreithniú ba ea an easpa acmhainní TFC, easpa acmhainní riosca cibearshlándála agus easpa saineolais sa phobal maoirseachta ar leibhéal údarás náisiúnta inniúil agus BCE araon. Mar gheall ar an iomaíochas ó ghníomhaithe margaidh eile chun tallann a mhealladh sa réimse sin, is féidir le hearcaíocht speisialaithe a bheith deacair. Tá sé tábhachtach oiliúint a chur ar bhaill foirne in BCE agus sna húdaráis náisiúnta inniúla araon ach ní thabharfaidh sí aghaidh ach go páirteach ar an tsaincheist.

4.4 An t‑athrú aeráide

Mar gheall ar thábhacht rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide do chobhsaíocht an chórais airgeadais agus don mhaoirseacht stuamachta dá bhrí sin, tá SAM tar éis cur go mór lena rannpháirtíocht sa réimse sin trí roinnt tionscnaimh mhaoirseachta a dhéanamh. Na tionscnaimh sin, a cuireadh chun feidhme i bhfad roimh bhearta comhchosúla arna ndéanamh ag maoirseoirí i bhformhór na ndlínsí eile nach dlínsí de chuid an Aontais iad, is samplaí iad d’inoiriúnaitheacht agus cumas SAM aghaidh a thabhairt go réamhghníomhach ar dhúshláin mhaoirseachta atá ag teacht chun cinn. Rannchuidíonn sé le SAM a bheith á mheas go forleathan mar cheannródaí sa réimse riosca sin atá ag teacht chun cinn.

Ós rud é go bhfuil sé ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí maoirseachta i réimse an riosca athraithe aeráide, ní mór réitigh iomchuí a fháil ar roinnt saincheisteanna domhanda nach dtagann chun cinn de ghnáth agus aghaidh á tabhairt ar rioscaí traidisiúnta. Áirítear ar na saincheisteanna sin cineál réamhbhreathnaitheach na rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus an easpa sonraí mionsonraithe inchomparáide atá ar fáil go héasca.

Chun cuidiú leis an méid sin a mhaolú, chuir SAM, i bhfoirm treorach, ionchais mhaoirseachta ar fáil in 2020 maidir leis an gcaoi ar cheart do na bainc rioscaí a bhaineann leis an aeráid a bhainistiú go stuama agus a nochtadh go trédhearcach. Rinne BCE measúnú ar chomhlíonadh na n‑ionchas sin, ach bhí cleachtadh féinmheasúnaithe ann freisin arbh éigean do na bainc é a dhéanamh. Chun na cleachtaí sin thar am ar leith a chomhlánú, foilsíonn BCE nuashonruithe tráthrialta maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag na bainc i ndáil le rioscaí aeráide agus comhshaoil a nochtadh, rud a sholáthraíonn samplaí dea‑chleachtais do rannpháirtithe sa mhargadh. Thairis sin, rinne BCE tástáil struis maidir le riosca aeráide in 2022 chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil bainc ullmhaithe chun déileáil le suaití airgeadais agus eacnamaíocha a eascraíonn as riosca aeráide. Ina theannta sin, dhreasaigh sé sin bainc chun sonraí a bhailiú go gníomhach agus ionadaithe a fhorbairt maidir lena neamhchosaintí. Léiríonn na torthaí nach bhfuil creataí láidre tástála struis maidir le rioscaí aeráide ag na bainc faoi láthair agus go bhfuil easpa sonraí ábhartha acu. In 2022, rinne BCE na chéad chigireachtaí ar an láthair atá tiomnaithe do riosca aeráide.

Cuireadh i dtábhacht in athbhreithniú SAM an dea‑chomhar idir BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla maidir le rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide. Mar shampla den mhalartú faisnéise dhá threo agus den chomhar maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid, tá BCE tar éis na cleachtais mhaoirseachta ábhartha atá i bhfeidhm cheana ag roinnt údaráis náisiúnta inniúla a ghiaráil agus a leathnú chuig SAM ina iomláine. Spreag sé sin tuilleadh idirphlé agus, dá thoradh sin, comhthoil maidir le dea‑chleachtas. Le linn an athbhreithnithe, d’aithin údaráis náisiúnta inniúla go forleathan a fheabhas agus a mhéad a bhí an comhar i leith na n‑ábhar sin. Ar an iomlán, tá údaráis náisiúnta inniúla an‑sásta leis an gcur chuige maoirseachta a glacadh, agus tá siad ar aon fhocal maidir leis an ngá atá le cur chuige céim ar chéim a ghlacadh i leith rioscaí a bhaineann leis an aeráid chun feasacht a mhúscailt go seasta ar na rioscaí sin sa tionscal agus chun go ndéanfar na hathruithe is gá.

Thacaigh BCE leis na húdaráis náisiúnta inniúla trí chláir oiliúna a sholáthar.Cruthaíodh foirne cothrománacha agus líonra coiteann atá tiomnaithe do rioscaí aeráide freisin. Bhain na húdaráis náisiúnta inniúla úsáid astu sin chun ionchur a sholáthar maidir le táirgí BCE a bhaineann leis an aeráid, amhail a threoir maidir le hionchais mhaoirseachta agus bunú thástáil struis 2022 i ndáil le riosca aeráide. Thug BCE an deis freisin d’údaráis náisiúnta inniúla ligean d’institiúidí ar lú a suntas páirt a ghlacadh i gcuid dá gcleachtaí, mar shampla athbhreithniú téamach 2022 maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil.

An tráth céanna, d’fhorbair agus d’fhoilsigh roinnt údaráis náisiúnta inniúla a dtreoirlínte féin maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais d’institiúidí maoirsithe ar lú a suntas, rud a chomhlánaíonn treoirlínte BCE maidir le hinstitiúidí suntasacha. Cé nár cuireadh i dtábhacht san athbhreithniú gurbh ann, dá thoradh sin, d’ionchais shuntasacha éagsúla maidir le hinstitiúidí ar lú a suntas, fuarthas amach, d’ainneoin roinnt gníomhaíochtaí a rinne BCE – sa treoir maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid, i roinnt pléití comhchéime maidir le maoirseacht riosca a bhaineann leis an aeráid agus i measúnú agus i dtagarmharcáil ar chur chuige údarás náisiúnta inniúil maidir le maoirseacht riosca a bhaineann leis an aeráid – go bhfuil an tuairim ann go bhféadfaí tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhordú idir údaráis náisiúnta inniúla sa chur chuige a ghlacann siad i leith institiúidí ar lú a suntas maidir leis an ábhar sin; mar thoradh ar easpa comhordaithe ar leibhéal institiúidí ar lú a suntas, d’fhéadfadh ionchais agus cleachtais mhaoirseachta éagsúla a bheith ann le haghaidh institiúidí ar lú a suntas. D’fhéadfadh BCE tagarmharcáil a dhéanamh ar na cleachtais mhaoirseachta sin chun a áirithiú go ndéanfaí tuilleadh comhchuibhithe ar na cineálacha cur chuige maoirseachta don réimse riosca sin atá ag teacht chun cinn. D’fhéadfaí toradh na hanailíse tagarmharcála sin a chomhtháthú ansin sa mhodheolaíocht mhaoirseachta le haghaidh institiúidí ar lú a suntas chun cur chuige comhsheasmhach i leith cleachtais mhaoirseachta a áirithiú.

Rinne JSTanna an t‑athbhreithniú téamach ar rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol in 2022 agus mhol siad an tacaíocht a fuarthas ó fheidhmeanna cothrománacha in BCE, go háirithe i bhfianaise an athbhreithnithe atá á dhéanamh i gcomhthráth le SREP. An chéad chéim thábhachtach eile is ea riosca aeráide a chomhtháthú le SREP tráthrialta chun a áirithiú go mbeidh maoirseacht ar rioscaí aeráide mar chuid den phróiseas tráthrialta maoirseachta. Chuige sin, tá SAM ag obair ar a mhodheolaíocht mhaoirseachta a nuashonrú.

4.5 Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac (AML/CFT)

Sa bhreis ar an tionchar diúltach díreach a bhíonn ag sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ar an tsochaí, d’fhéadfadh iompar den sórt sin muinín as bainc aonair agus as an earnáil airgeadais ina hiomláine a lagú, dochar a dhéanamh dá clú agus tionchar a imirt ar a cobhsaíocht agus ar a feidhmiú ordúil. Is minic a nascadh sáruithe ar cheanglais AML/CFT le heasnaimh i rialuithe inmheánacha bainistithe riosca laistigh de bhainc. Sa tacar tuarascálacha 25 a d’fhoilsigh an Coimisiún in 2019 maidir le AML/CFT, léirítear go soiléir roinnt cásanna maoirseachta nár choisc rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta.

Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfidh maoirseoirí stuamachta impleachtaí stuamachta rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta san áireamh agus go gcomhoibreoidh siad féin agus údaráis AML/CFT ar bhealach éifeachtach. Agus a chúraimí maoirseachta stuamachta á bhfeidhmiú aige, ní mór do BCE rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta a chur san áireamh ó thaobh fhóntacht stuamachta an eintitis faoi mhaoirseacht, ós rud é go bhfuil a shainordú BCE teoranta toisc nach é BCE an t‑údarás maoirseachta AML/CFT.

Ó rinneadh an t‑athbhreithniú SAM deireanach, le roinnt leasuithe ar reachtaíocht an Aontais tugadh soiléiriú breise ar an idirghníomhú idir maoirseacht stuamachta agus maoirseacht AML/CFT agus tugadh sainordú do mhaoirseoirí stuamachta gníomhú de réir faisnéis a bhaineann le AML/CFT i réimsí amhail SREP, údaruithe a dheonú agus measúnuithe cuí córa 26 .

Ó bhí 2019 ann, agus mar thoradh ar na hathruithe reachtacha, tá BCE i mbun machnamh córasach ar impleachtaí stuamachta rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta mar chuid de SREP 27 . Tá comhaontú iltaobhach déanta ag BCE le roinnt maoirseoirí AML/CFT ar institiúidí creidmheasa agus airgeadais Bhallstáit LEE, rud a chabhraigh le malartú faisnéise a mhéadú. Ó bhí 2019 ann, tá an líon maoirseoirí AML/CFT a shínigh an comhaontú iltaobhach le BCE níos mó ná 50.

Thairis sin, tá feabhas curtha ag BCE ar a phróiseas cinnteoireachta féin chun faisnéis ábhartha maidir le sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhroinnt le maoirseoirí AML/CFT ó rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa a tuarascáil dheireanach maidir le AML 28 , inar léiríodh roinnt moilleanna ar BCE a bheith ag cur faisnéis ábhartha maidir le sciúradh airgid/maoiniú sceimhlitheoireachta in iúl do mhaoirseoirí AML/CFT. Bhunaigh BCE aonad cothrománach in 2019 ag díriú ar ábhair AML/CFT ó thaobh stuamachta de agus ag gníomhú mar lárphointe teagmhála d’údaráis éagsúla 29 . Soláthraíonn an t‑aonad tacaíocht theicniúil agus modheolaíocht choiteann maidir le saincheisteanna AML/CTF chun cabhrú le JSTanna, lena n‑áirithítear comhordú níos fearr agus cur chuige maoirseachta comhsheasmhach 30 . Soláthraíonn an t‑aonad cothrománach liosta de chomharthaí rabhaidh stuamachta, mar shampla, a chomhtháthaíonn JSTanna in SREPanna, rud a fhágann go ndéantar machnamh réamhghníomhach ar na himpleachtaí stuamachta a bhaineann le rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ann sa mhaoirseacht stuamachta. Soláthraíonn sé tacaíocht freisin don mhaoirseacht ar institiúidí ar lú a suntas i gcomhthéacs fheidhm formhaoirseachta BCE.

Bíonn BCE rannpháirteach freisin mar bhreathnóir i gcoláistí maoirseachta AML/CFT. Mar a leagtar amach i dtuarascáil ÚBE26, soláthraíonn rannpháirtíocht den sórt sin bealach breise chun faisnéis a mhalartú idir BCE agus údaráis mhaoirseachta AML/CFT maidir leis na hinstitiúidí suntasacha sin ar bunaíodh coláistí den sórt sin ina leith. Thairis sin, rannchuidíonn BCE, mar mhaoirseoir stuamachta, le bunachar sonraí AML/CFT ÚBE (EuReCA).  

Mar sin féin, ní mór dul chun cinn a dhéanamh fós sa réimse sin ó thaobh comhchuibhiú a dhéanamh ar na cineálacha cur chuige maoirseachta i leith rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta. Ós rud é go bhfuil a mhodheolaíocht féin ag gach údarás AML/CFT chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta, ní mór do BCE déileáil le modheolaíochtaí éagsúla. D’fhéadfadh sé sin cur leis an riosca go mbeadh neamhréireachtaí ann maidir leis an gcaoi a dtugtar aghaidh ar rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta agus conas a léirítear a n‑impleachtaí stuamachta ar fud na n‑eintiteas faoi mhaoirseacht.

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, mhol an Coimisiún 31 go mbunófaí údarás AML/CFT AE (an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac) a mbeadh ról lárnach aige maidir le comhar a neartú agus malartú faisnéise a éascú idir na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann, i gcás inarb ábhartha, as a dtiocfadh tuilleadh feabhsuithe ar an gcaoi a léirítear impleachtaí stuamachta rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta sa mhaoirseacht stuamachta.

5. Tionchar SAM ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh

Tá tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta fós ar cheann de thosaíochtaí beartais an Aontais. Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana i dtreo margadh baincéireachta níos aontaithe trí SAM agus an Sásra Réitigh Aonair a bhunú. Bunaíodh iad chun na saincheisteanna ar tarraingíodh aird orthu le linn géarchéimeanna airgeadais roimhe seo a shárú. I gcásanna áirithe, mar thoradh orthu sin, briseadh suas grúpaí baincéireachta trasteorann comhtháite ar an leibhéal náisiúnta chun géarchéimeanna baincéireachta a bhainistiú le hacmhainní náisiúnta. Le SAM, bunaíodh maoirseacht láidir baincéireachta le haghaidh an Aontais Baincéireachta ina iomláine, rud a chuidíonn le haghaidh a thabhairt ar ilroinnt an mhargaidh baincéireachta agus fíorleasanna Eorpacha a shaothrú. Tá sé léirithe go dtí seo, áfach, go bhfuil dúshláin leanúnacha bheartais agus pholaitiúla maidir leis an Aontas Baincéireachta a thabhairt chun críche ina gconstaic roimh mhargadh inmheánach don bhaincéireacht atá go hiomlán éifeachtúil a chur ar fáil.

Ina fhianaise sin, tá teorainn leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag éifeachtacht SAM amháin ar an margadh inmheánach. Na gníomhaíochtaí láraithe maoirseachta baincéireachta atá á ndéanamh ag SAM ó bunaíodh é, lena n‑áirítear iad siúd atá ina bhfreagairt ar na géarchéimeanna le blianta beaga anuas, is féidir a mheas go rannchuidíonn siad go mór le muinín a chothú idir na Ballstáit trína áirithiú go bhfuil earnáil baincéireachta an Aontais níos athléimní agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar maidir le maoirseacht baincéireachta ar fud an Aontais 32 . Go deimhin, cuireadh i dtábhacht i malartuithe le húdaráis náisiúnta inniúla an dul chun cinn soiléir a rinneadh chun iad a chomhtháthú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le cúrsaí maoirseachta, cumarsáid níos fearr agus rannpháirtíocht níos fearr sa sainmhíniú ar thosaíochtaí maoirseachta agus ar straitéis mhaoirseachta, agus comhthiomsú feabhsaithe acmhainní maoirseachta le haghaidh cigireachtaí trasteorann. Ina theannta sin, rannchuidigh SAM le laghdú éifeachtach riosca in earnáil baincéireachta an Aontais, agus rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le feabhas a chur ar bhainistiú riosca na mbanc ar iasachtaí neamhthuillmheacha 33 . Mar sin féin, cé go bhfuil SAM ag feidhmiú níos fearr le blianta beaga anuas agus gur tháinig sé in aibíocht agus i bhforbairt mar institiúid, tá a thionchar ar fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh srianta i gcónaí ag na dúshláin pholaitiúla atá roimh an Aontas Baincéireachta. Sa chleachtas, fágann siad sin go bhfuil deighilt áirithe sa mhargadh de réir teorainneacha náisiúnta agus go bhfuil comhdhlúthú teoranta freisin ann idir bainc atá bunaithe i mBallstáit éagsúla.

Ábhar imní amháin a tarraingíodh anuas nuair a bunaíodh SAM, bhí sé dírithe ar an riosca go gcruthódh sé patrúin éagsúla comhtháthaithe idir bainc sna Ballstáit rannpháirteacha agus bainc i mBallstáit neamh‑rannpháirteacha, agus go ndéanfaí an margadh inmheánach a ilroinnt dá dheasca. Sa chleachtas, níor tháinig an imní sin chun cinn, ar thaobh amháin toisc nach leor fós comhtháthú sa chóras baincéireachta sna Ballstáit rannpháirteacha; agus ar an taobh eile, toisc go raibh an comhar idir BCE agus na húdaráis inniúla i mBallstáit neamh‑rannpháirteacha rianúil, go háirithe trí choláistí agus trí mhalartuithe faisnéise a bhfuil creataí daingne mar bhonn taca leo (meabhráin tuisceana).

6. Conclúidí

Leis an anailís a rinneadh le linn an athbhreithnithe agus a cuireadh i láthair sa tuarascáil seo, tacaítear leis an gcoincheap go bhfuil SAM forbartha ina eagraíocht aibí atá ag feidhmiú go maith. Breis agus 8 mbliana ó bunaíodh é, tá sé cruthaithe gur údarás maoirseachta urramaithe é SAM atá in ann a shainordú a chomhlíonadh mar a leagtar amach i Rialachán SAM é.

Ó rinneadh an t‑athbhreithniú SAM deireanach, lean SAM de bheith ag cur feabhais ar a chleachtais mhaoirseachta agus dá údarás a bhunú a thuilleadh. Le blianta beaga anuas, tá cleachtais mhaoirseachta níos comhchuibhithe, níos trédhearcaí agus níos inchomparáide forbartha aige, mar shampla chun Ceanglais Cholún 2 agus Treoir Cholún 2 de chuid na mbanc a chinneadh, chomh maith leis na measúnuithe cuí córa a rinneadh. Bhí tionchar dearfach ag na feabhsuithe sin ar an dlúthchomhar idir BCE agus na húdaráis náisiúnta inniúla, ar gné thábhachtach uathúil de SAM é. Bhí an t‑aiseolas a fuarthas le linn an athbhreithnithe an‑dearfach maidir leis an gcomhar sin agus cuireadh i dtábhacht ann an mhuinín fhrithpháirteach atá ann idir BCE agus údaráis náisiúnta inniúla, lena n‑áirítear iad siúd atá rannpháirteach in SAM trí dhlúthchomhar. Dá réir sin, cuireann sé sin ar a chumas do SAM a chur chuige rioscabhunaithe maidir le maoirseacht a fhorbairt a thuilleadh, mar a léirítear le cleachtadh píolótach SREP. Dá thoradh sin, déantar acmhainní a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla.

Léiríodh freisin go bhfuil SAM in ann oiriúnú go tapa do dhúshláin mhaoirseachta atá ag teacht chun cinn agus do theagmhais dhíobhálacha gan choinne. Fuarthas amach san athbhreithniú gur moladh SAM i gcoitinne, agus gur mhol páirtithe leasmhara an tionscail freisin é, as a chur chuige gasta solúbtha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a d’eascair as géarchéim COVID‑19. An tráth céanna, tá sé cruthaithe go bhfuil SAM réamhghníomhach agus go bhfuil sé in ann cur chuige réamhbhreathnaitheach a ghlacadh maidir le maoirseacht baincéireachta, mar a léirítear lena iarrachtaí i réimse na rioscaí a bhaineann leis an aeráid.

Cuireadh i dtábhacht san athbhreithniú freisin roinnt réimsí a mbeidh fócas leanúnach ag teastáil ina leith. Ar an gcéad dul síos, tá dúshláin roimh SAM maidir le hinfhaighteacht na scileanna is gá chun maoirseacht a dhéanamh i réimsí atá thar a bheith speisialaithe. Cuireann sé sin teorainn leis an deis tosaíocht a thabhairt don obair i réimsí amhail TFC/rioscaí cibearshlándála agus measúnuithe ar shamhlacha inmheánacha. Ar an dara dul síos, leagadh béim i dtorthaí an athbhreithnithe ar an tábhacht a bhaineann le cumarsáid sheachtrach agus le comhar seachtrach. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar thrédhearcacht i leith eintitis faoi mhaoirseacht maidir le tionscnaimh mhaoirseachta, tá cumarsáid leis na páirtithe leasmhara ábhartha fós tábhachtach chun a áirithiú go dtuigeann siad na hionchais agus na torthaí atá á lorg ag maoirseoirí. Le blianta beaga anuas, tá an‑iarracht déanta ag SAM freisin maidir lena chomhar le húdaráis mhaoirseachta eile, amhail an Sásra Réitigh Aonair, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, údaráis frithsciúrtha airgid, maoirseoirí neamhbhainc agus maoirseoirí ó thríú tíortha. Chuige sin, tá meabhráin tuisceana bunaithe ag SAM le go leor acu. Sna blianta amach romhainn, tá sé tábhachtach a áirithiú go n‑úsáidfear iad sin go héifeachtach, go háirithe i ndáil le comhar le maoirseoirí neamhbhainc, rud a fhágann go mbeidh torthaí maoirseachta níos fearr ann. Ar an tríú dul síos, réimse deiridh ar gá aird bhreise a thabhairt air, ach nach bhfuil smacht ag SAM féin air, baineann sé le comhchuibhiú réimsí reachtacha áirithe. Cuireadh i dtábhacht san athbhreithniú na deacrachtaí atá roimh SAM sna réimsí seo a leanas: measúnú cuí cóir, cumhachtaí smachtbhannaí agus frithsciúradh airgid, ar cásanna iad ina bhfuil SAM ag brath den chuid is mó ar an dlí náisiúnta. Thairbheodh an mhaoirseacht de chreat dlíthiúil níos comhchuibhithe toisc go dtabharfadh sé sin aghaidh ar ábhair imní maidir le heaspa cothroime iomaíochta laistigh de SAM.

Ar an iomlán, níor sainaithníodh san athbhreithniú réimsí ina mbeadh gá le hathruithe móra ar Rialachán SAM ag an gcéim seo. Is é conclúid an Choimisiúin, bunaithe ar na léargais a fuarthas le linn an athbhreithnithe go bhfuil colún maoirseachta an Aontais Baincéireachta seanbhunaithe anois agus go bhfeidhmíonn sé go héifeachtach. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith ina ábhar muiníne as na deiseanna a d’fhéadfadh Aontas Baincéireachta críochnaithe a chur i gcrích, go háirithe don mhargadh inmheánach.

(1)

Airteagal 32, Rialachán SAM

(2)

  Tuarascáil Athbhreithniúcháin SAM 2017

(3)

 Rinneadh plé leis na príomhchomhlachais bhaincéireachta atá gníomhach ar an leibhéal Eorpach, amhail Cónaidhm Baincéireachta na hEorpa, Comhlachas Margaí Airgeadais san Eoraip, an Grúpa Eorpach um Choigiltis agus Baincéireacht Miondíola, Comhlachas Eorpach na mBanc Poiblí, agus Cónaidhm Eorpach na gCumann Foirgníochta.

(4)

Tá liosta na n‑eintiteas faoi mhaoirseacht (an leagan is déanaí ó mhí Eanáir 2023) le fáil anseo: https://www.bankingsupervision.europa.eu/banking/list/html/index.en.html  

(5)

Airteagal 6 de Rialachán SAM .

(6)

Cumhdaítear roinnt torthaí an‑sonrach leis na torthaí i ranna eile: úsáid neamhéifeachtúil acmhainní i ndáil leis an bpróiseas cinnteoireachta [Ranna 3.7 agus 4.5], comhfhoirne maoirseachta nach bhfuil a ndóthain ball foirne ná scileanna teanga acu [Roinn 3.2].

(7)

Ní thugtar de chumhacht d’údaráis inniúla maoirseachta baincéireachta faoi chreat SAM forálacha sonracha a fhorchur bunaithe ar chaighdeáin chuntasaíochta. Mar sin féin, soláthraítear leis an gcreat stuamachta liosta de na huirlisí atá ar fáil chun tionchar a imirt ar leibhéal soláthair na mbanc i gcás nach mbeidh an láimhseáil chuntasaíochta stuama go leordhóthanach agus ina bhféadfadh sé rioscaí stuamachta a chruthú do na bainc faoi mhaoirseacht.

(8)

  Litir chuig POFanna

(9)

Comhaontú idirinstitiúideach idir BCE agus CIE maidir le malartú faisnéise: MOU_ECA-ECB.pdf

(10)

  Rialachán maidir le Táillí Maoirseachta

(11)

D’fhoilsigh BCE litir a seoladh chuig POFanna institiúidí suntasacha ina leagtar amach ionchais mhaoirseachta maidir le hidirbhearta giaráilte ( Idirbhearta giaráilte ) bunaithe ar an treoraíocht a foilsíodh in 2017.

(12)

Tá an fócas sin ar bhainistiú riosca an ráta úis ábhartha go háirithe i gcomhthéacs na ndeacrachtaí a bhí ag roinnt bainc mheánmhéide sna Stáit Aontaithe i mí an Mhárta / mí Aibreáin 2023.

(13)

Tháinig an Chróit isteach sa limistéar euro an 1 Eanáir 2023. Tháinig sí chun bheith ina lánchomhalta de SAM freisin.

(14)

  The desks mapping review – integrating Brexit banks into European banking supervision [An t‑athbhreithniú mapála deasc – bainc Brexit a chomhtháthú i maoirseacht baincéireachta na hEorpa]

(15)

Leis an Treoir maidir le hIlchuideachtaí Airgeadais, leagtar síos creat le haghaidh comhar maoirseachta i measc na maoirseoirí uile a bhfuil baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis laistigh d’ilchuideachta airgeadais. Chomh maith leis sin, leagtar amach sa Treoir na critéir maidir le ‘comhordaitheoir’ a cheapadh, arb é an maoirseoir é atá ar thús cadhnaíochta chun na cumhachtaí maoirseachta forlíontacha a fheidhmiú.

(16)

 Bhí feidhm ag an nós imeachta sin ar dtús maidir le 11 Bhallstát agus institiúidí a bhfuil a sócmhainní iomlána faoi bhun EUR 3 bhilliún, ach leathnaíodh é in 2022 chuig na Ballstáit uile in SAM agus chuig institiúidí a bhfuil sócmhainní iomlána suas le EUR 10 mbilliún acu.

(17)

Tháinig laghdú 33 % ar an meán‑aga próiseála le haghaidh measúnuithe cuí córa do chomhaltaí an chomhlachta bainistíochta, ó 164 lá in 2017 go 110 lá in 2021. Ba é 3,7 mí ar an meán an t‑aga próiseála foriomlán do na nósanna imeachta cuí córa a tugadh i gcrích in 2021.

(18)

  Tuarascáil smachtbhannaí 2021

(19)

 Le hAirteagal 129 de Chreat‑Rialachán SAM , cuirtear ar a chumas do SAM íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a úsáid.

(20)

  Supervisors’ reaction to the war in Ukraine (europa.eu) [Freagairt na maoirseoirí don chogadh san Úcráin (europa.eu)]

(21)

  Maoirseacht Baincéireachta BCE: Tosaíochtaí maoirseachta SAM le haghaidh 2023‑2025

(22)

D’íoc 925 institiúid ar lú a suntas díbhinní idir mí an Mhárta 2020 agus mí Mheán Fómhair 2021 arb é an méid iomlán a bhí iontu EUR 2,9 billiún.

(23)

Leis an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, tugadh isteach coincheap an uasmhéid indáilte, lena gceanglaítear ar mhaoirseoirí srian a chur go huathoibríoch ar dháileacháin tuillimh má thiteann caipiteal iomlán bainc faoi bhun shuim cheanglais maoláin Cholún 1, Cholún 2 agus na Treorach maidir le Ceanglais Chaipitil.

(24)

Is fiú a thabhairt faoi deara go ndearna BCE roinnt tionscnaimh mhaoirseachta roimh ráig na paindéime chun laghdú agus bainistiú stuama stoc na n‑iasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil baincéireachta an Aontais a éascú. Sholáthair sé treoraíocht mhaoirseachta maidir le haicmiú, bainistiú agus soláthar iomchuí iasachtaí neamhthuillmheacha. Chuir sé ionchais mhaoirseachta a bhaineann go sonrach leis na bainc ar fáil freisin maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a sholáthar. Ar an iomlán, chuidigh straitéis iasachtaí neamhthuillmheacha BCE le hiasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú ar fud earnáil baincéireachta an Aontais.

(25)

  Report_assessing_recent_alleged_money-laundering_cases_involving_eu_credit_institutions.pdf

(26)

Féach go háirithe Airteagail 91 agus 97 den Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil, arna leasú le Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil 5.

(27)

Léiríonn cur chun feidhme Threoirlínte SREP ag BCE in 2019 a chur chuige airdeallach i leith rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta.

(28)

Tá próiseas simplithe curtha chun feidhme ag BCE chun faisnéis a mhalartú faoi chomhaontú AML tar éis iniúchadh CIE (féach EU efforts to fight money laundering in the banking sector are fragmented and implementation is insufficient [Tá iarrachtaí an Aontais chun sciúradh airgid in earnáil na baincéireachta a chomhrac ilroinnte agus níl an cur chun feidhme leordhóthanach] .

(29)

 Údaráis AML/CFT agus aonaid um fhaisnéis airgeadais.

(30)

Áirithítear freisin le Treoirlínte nua SREP ÚBE go mbeidh cur chuige maoirseachta comhsheasmhach comhchuibhithe ann i leith rioscaí sciúrtha airgid/maoinithe sceimhlitheoireachta ( Treoirlínte maidir le nósanna imeachta agus modheolaíochtaí comhchoiteanna le haghaidh an phróisis athbhreithnithe agus meastóireachta maoirseachta (SREP) agus le haghaidh tástáil struis mhaoirseachta | An tÚdarás Baincéireachta Eorpach )

(31)

  Togra ón gCoimisiún lena mbunaítear an tÚdarás um an Sciúradh Airgid agus Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac

(32)

I ndáil leis sin, ghlac BCE meabhrán tuisceana le déanaí leis na sé údarás náisiúnta inniúla AE nach údaráis náisiúnta inniúla SAM iad, dá bhforáiltear in Airteagal 3(6) de Rialachán SAM.

(33)

De réir shonraí BCE, tháinig laghdú 64 % ar an líon iasachtaí neamhthuillmheacha in earnáil baincéireachta an Aontais ó bhí 2015 ann. Nasc le fáil anseo: https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/speeches/date/2023/html/ssm.sp230208~4ee762ce05.en.html