An Bhruiséil,24.4.2023

COM(2023) 204 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún de bhun Threoir (AE) 2018/2001 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn


1.RÉAMHRÁ

Le Treoir (AE) 2018/2001 an 11 Nollaig 2018 maidir le cur chun cinn úsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite, (‘an Treoir’), bunaítear creat comhchoiteann maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn. Tháinig sé i bhfeidhm an 24 Nollaig 2018. Leagtar síos ann sprioc cheangailteach de chuid an Aontais maidir le sciar foriomlán an fhuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a bheidh in olltomhaltas deiridh fuinnimh an Aontais in 2030. Leagtar síos ann freisin rialacha maidir le tacaíocht airgeadais don leictreachas ó fhoinsí inathnuaite, le féintomhaltas leictreachais den sórt sin, le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite san earnáil téimh agus fuaraithe, agus in earnáil an iompair, leis an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit, agus idir na Ballstáit agus tríú tíortha, le ráthaíochtaí maidir le tionscnamh, le nósanna imeachta riaracháin agus le heolas agus oiliúint. Bunaítear leis freisin critéir inbhuanaitheachta agus critéir i ndáil le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú maidir le bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise.

De réir fhorálacha na treorach, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i roinnt réimsí. Leis an Treoir forchuirtear an oibleagáid ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid na gcomhreachtóirí maidir leis an tarmligean cumhachta a thugtar dó.

2.BUNÚS DLÍ

Ceanglaítear an tuarascáil seo faoi Airteagal 35(2) den Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite ina sonraítear go bhfuil ar an gCoimisiún tuarascáil a ullmhú i leith cumhachtaí tarmligthe 9 mí ar a dhéanaí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana dar tús an 24 Nollaig 2018.

De réir Airteagal 35, cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa chúigiú fomhír d’Airteagal 7(3), an dara fomhír d’Airteagal 8 (3), an dara fomhír d’Airteagal 25(2), an ceathrú fomhír d’Airteagal 26(2)), an cúigiú fomhír d’Airteagal 26(2), pointe (c) d’Airteagal 27(1), an seachtú fomhír d’Airteagal 27(3), Airteagal 28(5), an dara fomhír d’Airteagal 28(6), agus an dara fomhír d’Airteagal 31(5). Cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 24 Nollaig 2018 de réir Airteagal 35(2), cé is moite den chúigiú fomhír d’Airteagal 7(3), i gcás, de réir Airteagal 35(3), inarb é atá sa tréimhse sin 2 bhliain.

Cé is moite den chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a leagtar síos sa chúigiú fomhír d’Airteagal 7(3), déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh fadú den sórt sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

3.AN TARMLIGEAN A FHEIDHMIÚ

a)Glacadh na gníomhartha tarmligthe seo a leanas:

Le linn na tréimhse tuairiscithe, d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe trí na gníomhartha tarmligthe seo a leanas a ghlacadh:

Réimse tarmligthe

Bunús le haghaidh tarmligin

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/759 ÓN gCOIMISIÚN an 14 Nollaig 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíocht chun méid an fhuinnimh inathnuaite a úsáidtear le haghaidh an fhuaraithe agus fuarú ceantair a ríomh

Airteagal 7 (3)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2003 ÓN gCOIMISIÚN an 6 Lúnasa 2021 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí Ardán an Aontais um Fhorbairt inathnuaite a bhunú

Airteagal 8(3)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2019/807 ÓN gCOIMISIÚN an 13 Márta 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le bunábhar lena ngabhann riosca ard maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid a chinneadh ina ndéantar síneadh nach beag a chur leis an limistéar táirgthe le go gcumhdófaí talamh a bhfuil stoc ard carbóin ann chomh maith le deimhniú bithbhreoslaí, bithleachtanna agus breoslaí bithmhaise lena ngabhann ísealriosca maidir le hathrú indíreach ar thalamhúsáid

Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN an 10.2.2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí mhodheolaíocht de chuid an Aontais a bhunú ina leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh breoslaí inathnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamhbhitheolaíoch

C (2023) 1087 final

Airteagal 27(3), an seachtú fomhír

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) .../... ÓN gCOIMISIÚN an 10.2.2023 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí íostairseach i gcomhair laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte a bhunú agus trí mhodheolaíocht a shonrú chun measúnú a dhéanamh ar na laghduithe ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ó bhreoslaí in‑athnuaite iompair leachtacha agus gásacha de thionscnamh neamh‑bhitheolaíoch agus ó bhreoslaí carbóin athchúrsáilte

C(2023)1086 final

Airteagal 25(2) agus Airteagal 28(5)

Glacadh an dá rialachán tarmligthe dheireanacha an 10 Feabhra 2023. Ní raibh siad tagtha i bhfeidhm go fóill ón dáta a glacadh an Tuarascáil agus bhí siad fós faoi ghrinnscrúdú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle.

b)Tá obair á dhéanamh ar na gníomhartha tarmligthe seo a leanas go fóill:

Tá na gníomhartha seo a leanas á n‑ullmhú faoi láthair:

Réimse tarmligthe

Dáta glactha ionchasach

Bunús le haghaidh tarmligin

Athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir maidir le bithbhreoslaí ardriosca ILUC, lena n‑áirítear conair íslitheach do bhithbhreoslaí ardriosca ILUC

Mí Mheán Fómhair 2023

Airteagal 26(2), an ceathrú fomhír

Bunábhair is féidir a phróiseáil le hardteicneolaíochtaí, agus leo sin amháin, a chur le Cuid A d’Iarscríbhinn IX

glacadh dóchúil i R2/2023

Airteagal 28(6), an dara fomhír

c)Níor measadh aon fheidhmiú cumhachta tarchurtha a bheith riachtanach go dtí seo:

Le linn na tréimhse tuairiscithe, mheas an Coimisiún nach raibh sé riachtanach gníomhartha tarmligthe a ghlacadh maidir leis na pointí seo a leanas:

Réimse tarmligthe

Bunús le haghaidh tarmligin

Luach fuinnimh breoslaí iompair a oiriúnú, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i gcomhréir leis an dul chun cinn

eolaíoch agus teicniúil

Airteagal 27 (1)(c)

Iarscríbhinní V agus VI a leasú , i gcás inarb iomchuí, trí na luachanna réamhshocraithe a athbhreithniú nó tríd an modheolaíocht a mhodhnú.

Airteagal 31(5)

d) Comhairliúchán sula nglacfar iad

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle i gcónaí le saineolaithe arna n‑ainmniú ag na Ballstáit agus leis na páirtithe leasmhara ábhartha, trí bhíthin cruinnithe tiomnaithe rialta de Shainghrúpa ábhartha de chuid an Choimisiúin agus trí chomhairliúcháin i scríbhinn nuair a bhí gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú faoin Treoir. Iarradh ar Pharlaimint na hEorpa freisin páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin sin go léir. Rinneadh na doiciméid a bhí ábhartha maidir leis na comhairliúcháin sin a tharchur go comhuaineach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, mar a fhoráiltear sa Chomhthuiscint maidir le gníomhartha tarmligthe. Anuas air sin, rinneadh comhairliúcháin phoiblí chun deis a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile aiseolas a thabhairt.

Cuireadh na barúlacha a cuireadh i láthair sna comhairliúcháin sin san áireamh agus leaganacha críochnaitheacha na ngníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú.

4.CONCLÚID

Le 5 bliana anuas, tá na cumhachtaí tarmligthe arna ndeonú dó faoin Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite feidhmithe go hiomchuí ag an gCoimisiún. Ós rud é nár glacadh gach gníomh tarmligthe (na gníomhartha tarmligthe uile) a bhfuair an Coimisiún tarchur cumhachta ina leith faoin am ar scríobhadh an tuarascáil seo, feictear don Choimisiún gur gá síneadh ama a chur leis na cumhachtuithe uile gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá bhforáiltear sa Treoir thar an tréimhse 5 bliana atá ann cheana. Iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.