AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,14.4.2023
COM(2023) 188 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le comhardú achtúireach na Scéime Pinsin le haghaidh Oifigigh an Aontais agus impleachtaí buiséadacha Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le comhardú achtúireach na Scéime Pinsin le haghaidh Oifigigh an Aontais agus impleachtaí buiséadacha Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne
1.Bunús dlí
De bhun Airteagal 14(1) d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, in 2022 cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le comhardú achtúireach na Scéime Pinsin le haghaidh Oifigigh an Aontais (PSEO) agus impleachtaí buiséadacha Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Leis an tuarascáil sin cuirtear chun feidhme an fhoráil réamhluaite trí mheasúnú a dhéanamh ar chomhardú achtúireach na scéime agus anailís a dhéanamh ar impleachtaí buiséadacha Iarscríbhinn XII sa tréimhse 2014 – 2021. Aon uair is féidir agus i gcás inarb ábhartha, leis an tuarascáil sin tagraítear freisin d’fhorbairtí ó 2022.
2.Bunghnéithe PSEO
2.1.Bunús dlí PSEO
De bhun Airteagal 83 de na Rialacháin Foirne:
-Na sochair a íoctar faoin scéim pinsin, tá siad le muirearú ar bhuiséad an Aontais;
-Tá na Ballstáit le híocaíocht na sochar a ráthú i gcomhpháirt; agus
-Tá na hoifigigh le rannchuidiú leis an tríú cuid den chostas a bhaineann leis an scéim a mhaoiniú.
Le hAirteagal 83a de na Rialacháin Foirne foráiltear go ndéanfar comhardú na scéime pinsin a áirithiú leis an aois inphinsin agus leis an ráta ranníocaíochta leis an scéim. Leagtar síos leis freisin nósanna imeachta chun an ráta ranníocaíochta leis an scéim pinsin a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil agus gach 5 bliana.
Le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne leagtar amach na rialacha achtúireacha chun an ráta ranníocaíochta a ríomh chun a áirithiú go bhfuil an scéim ar comhardú.
2.2.Prionsabal an chiste (fhíorúil) bharúlaigh
Is ciste (fíorúil) barúlach é PSEO le sochair shainithe ina bhfónann ranníocaíochtaí na foirne chun a bpinsin a mhaoiniú amach anseo. Cé nach bhfuil aon chiste infheistíochta iarbhír ann, meastar go bhfuil an méid a bhaileofaí le ciste den sórt sin infheistithe i mbannaí fadtéarmacha na mBallstát agus tá sé sin léirithe sa dliteanas pinsin atá cláraithe i gcuntais bhliantúla an Aontais Eorpaigh. Ráthaíonn na Ballstáit i gcomhpháirt íocaíocht na sochar de bhun Airteagal 83 a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus Airteagal 4(3) a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach.
Ós rud é go ndeartar PSEO mar chiste barúlach, fónann ranníocaíochtaí foirne chun na pinsin a bheidh ag na ranníocóirí amach anseo a mhaoiniú. Is amhlaidh a chumhdaítear leis na ranníocaíochtaí costas na gceart pinsin a fhaightear i mbliain ar leith agus níl siad nasctha ar aon bhealach le caiteachas pinsin na bliana sin. Deimhníodh le cásdlí an Aontais gur ciste barúlach é PSEO, d’ainneoin go suitear leis go bhfuil gnéithe áirithe de scéim dlúthpháirtíochta ag baint leis freisin.
Tá PSEO éagsúil le formhór scéimeanna pinsin na mBallstát le haghaidh oifigigh phoiblí, inarb amhlaidh a dhéantar an ráta ranníocaíochta nó na sochair a choigeartú ionas go n‑áiritheofar comhardú gach bliain idir na ranníocaíochtaí a bhailítear agus an caiteachas pinsin. Sa chineál sin scéime lena nasctar na ranníocaíochtaí le caiteachas pinsin na tréimhse céanna (ar a dtugtar scéimeanna íoc mar a úsáidtear), mura féidir comhardú a bhaint amach, cumhdaítear an difríocht ón mbuiséad.
Déantar measúnú ar chiste PSEO barúlach go bliantúil agus gach 5 bliana araon amhail is a bhí fíorchiste ann, agus dá réir sin déantar a inbhuanaitheacht fhadtéarmach a ráthú a thuilleadh.
2.3.Prionsabal an chomhardaithe achtúirigh
Áirithítear comhardú PSEO go tráthrialta trí na rátaí ranníocaíochta agus, i gcás inarb ábhartha, an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta.
Le PSEO leantar prionsabal comhardaithe achtúirigh inarb amhlaidh nach mór an tríú cuid de na cearta a fhaightear sa bhliain i gceist a chumhdach le ranníocaíochtaí foirne bliantúla
, a chomhfhreagraíonn do na pinsin a gheobhaidh an fhoireann chéanna amach anseo tar éis scoir, plus (faoi choinníollacha áirithe) liúntais easláine agus pinsin mharthanóra agus dílleachta. Déantar meastóireacht ar na sochair phinsin a bheidh ann amach anseo gach dáta tagartha, agus is é atá i gceist leis sin a luach reatha a ríomh agus ráta (lascaine) úis á úsáid
. Is luacháil achtúireach an ríomh sin.
Is é an Ráta Ranníocaíochta Pinsin (PCR) an sásra lena gcoimeádtar an scéim ar comhardú ó bhliain ó chéile. Déantar é a thabhairt cothrom le dáta go huathoibríoch má léirítear leis an measúnú achtúireach dá bhforáiltear le hAirteagal 83a de na Rialacháin Foirne gur gá sin chun na cearta pinsin a fhaightear i mbliain ar leith a chumhdach go hiomlán. Dá réir sin, nuair a íocann baill foirne an ráta ranníocaíochta cothrom le dáta, faigheann siad cearta pinsin le haghaidh bliain ar leith a chosnaítear le prionsabal na gceart faighte.
3.Comhardú achtúireach PSEO
Áirithítear comhardú achtúireach PSEO le PCR a thabhairt cothrom le dáta go bliantúil agus, i gcás inarb iomchuí, leis an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta. Déanann saineolaithe náisiúnta Bhallstáit an Aontais agus achtúirí seachtracha bailíochtú ar mhodheolaíocht ríofa PCR (3.1). Comhfhreagraíonn PCR don chóimheas idir an costas seirbhíse bliain N agus na buntuarastail/na bunliúntais iomlána bhliantúla an 31 Nollaig an bhliain roimhe sin le haghaidh an phobail chéanna. Chun an costas seirbhíse a ríomh, úsáidtear roinnt paraiméadar agus déantar meastóireacht ar thacar iomlán bonn tuisceana déimeagrafach agus airgeadais (caibidil 3.2). Déantar comhardú achtúireach PSEO a ráthú le PCR (caibidil 3.3) agus leis an aois inphinsin (caibidil 3.4).
3.1.Cur chun feidhme teicniúil na rialacha chun PSEO a choimeád ar comhardú
Is é Eurostat an t‑údarás atá freagrach as cur chun feidhme teicniúil Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Tá na daoine seo a leanas de chúnamh ag Eurostat:
-saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit (‘Meitheal Airteagal 83’ a thagann le chéile uair sa bhliain ar a laghad) maidir le ceisteanna modheolaíochta a ardaítear le cur chun feidhme Iarscríbhinn XII, agus
-saineolaí neamhspleách amháin nó níos mó atá cáilithe i measúnuithe achtúireacha a dhéanamh ar PSEO.
Leis an gcóras sin áirithítear go ndéantar athbhreithniú agus bailíochtú cuí ar mhodheolaíocht agus torthaí mheasúnuithe achtúireacha ar PSEO. Is príomhghné é sin le haghaidh stóinseacht an phróisis.
3.1.1.Gníomhaíocht Mheitheal Airteagal 83 sa tréimhse 2014‑2022
Sa tréimhse 2014‑2022, tháinig Meitheal Airteagal 83 le chéile gach bliain i gcomhréir leis an bhforáil ábhartha de na Rialacháin Foirne. Scrúdaigh, phléigh agus d’fhormheas Meitheal Airteagal 83 na doiciméid mhodheolaíocha arna dtarraingt suas ag Eurostat.
Maidir le cruinnithe bliantúla Mheitheal Airteagal 83 freastalaíonn na breathnóirí a dhéanann ionadaíocht d’eagraíochtaí idirnáisiúnta orthu freisin amhail ISRP (An tSeirbhís Idirnáisiúnta le haghaidh Luachanna Saothair agus Phinsin na nEagraíochtaí Comhordaithe, lena n‑áirítear ECFE, ECAT, CCE agus Comhairle na hEorpa), an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, Oifig Eorpach na bPaitinní agus Eurocontrol. Malartaíonn Eurostat faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna achtúireacha leis na heagraíochtaí sin.
3.1.2.Measúnuithe ón saineolaí neamhspleách cáilithe
I gcomhréir le hAirteagal 13, mír 2 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, tugann saineolaí neamhspleách cáilithe amháin nó níos mó cúnamh do Eurostat maidir le cur chun feidhme modheolaíoch na hIarscríbhinne sin agus le haon bonn tuisceana achtúireach lena mbaineann a shamhaltú agus a ríomh.
Tar éis torthaí glao oscailte ar thairiscintí, thug na daoine seo a leanas cúnamh do Eurostat:
-EY Actuaires Conseils le haghaidh mheasúnuithe PSEO 2014 go 2016;
-An Cuibhreannas idir Agilis S.A. agus Prudential Ltd. le haghaidh mheasúnuithe PSEO ó 2017 go 2022.
Le linn na tréimhse tagartha, rinne an dá achtúire araon athbhreithniú agus bailíochtú ar an modheolaíocht, ar na ríomhanna agus ar na tuarascálacha a bhaineann le measúnú PSEO. Go háirithe, rinneadh an t‑ionchur le haghaidh ríomhanna, amhail boinn tuisceana pobail agus achtúireacha PSEO, a chomhaontú leis na saineolaithe seachtracha sin.
Chuir Eurostat chun feidhme ina thuarascálacha measúnúcháin chríochnaithigh na moltaí arna ndéanamh ag achtúirí.
3.2.Paraiméadair agus boinn tuisceana achtúireacha
Déantar na rialacha le haghaidh an mheasúnaithe ar chomhardú achtúireach PSEO a leagan síos in Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne. Leagtar córas amach leis bunaithe ar pharaiméadair agus boinn tuisceana foluiteacha lena n‑áirithítear comhardú achtúireach PSEO.
3.2.1.Paraiméadair reachtúla
Is é atá iontu luachanna atá nasctha go príomha le cur i bhfeidhm na Rialachán Foirne, lena n‑áirítear na rialacha maidir le sochair phinsin a ríomh. Athraíonn cuid de na paraiméadair sin de réir coinníollacha áirithe a bhaineann le staid aonair gach oifigigh. Le hIarscríbhinn 1 soláthraítear liosta na bpríomhpharaiméadar reachtúil a úsáideadh le haghaidh an mheasúnúcháin pinsin dheireanaigh in 2022.
3.2.2.Boinn tuisceana achtúireacha
Déantar boinn tuisceana achtúireacha a dheighilt i mboinn tuisceana déimeagrafacha agus airgeadais/eacnamaíocha. Ní mór boinn tuisceana achtúireacha a shamhaltú agus a mheas i gcomhréir le forálacha ábhartha na Rialachán Foirne agus dea‑chleachtais achtúireacha.
Luachanna na mbonn tuisceana achtúireacha lena mbaineann, déanann saineolaithe náisiúnta ó ranna ábhartha na mBallstát iad a chomhaontú ag cruinnithe bliantúla Mheitheal Airteagal 83.
I gcomhréir le forálacha Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus cinntí arna ndéanamh ag an Meitheal, déantar cuid de na boinn tuisceana sin (e.g. an tábla mortlaíochta) a thabhairt cothrom le dáta tráth an mheasúnúcháin 5 bliana ar an scéim cé go ndéantar cinn eile a thabhairt cothrom le dáta gach bliain. Rinneadh an measúnú 5 bliana is déanaí in 2018.
3.2.2.1.Boinn tuisceana déimeagrafacha
Is eilimint fhíor‑riachtanach iad na boinn tuisceana déimeagrafacha i ríomh chomhardú achtúireach PSEO. Maidir leis na sochair phinsin a bheidh ann amach anseo, tá na boinn tuisceana achtúireacha déimeagrafacha bunúsach chun struchtúr an phobail, an mheánaois scoir agus an tábla easláine a thabhairt cothrom le dáta, de réir fhorálacha Airteagal 9 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Seo a leanas na príomhbhoinn tuisceana achtúireacha déimeagrafacha:
-Na táblaí mortlaíochta: Tábla Básmhaireachta an Aontais (EULT) 2018, arna fhorbairt ag Eurostat, is tábla ionchasach é lena ndéantar treocht ionchas saoil a ionchorprú ar feadh tréimhse 20 bliain (an fad céanna le fad PSEO a measadh i ndeireadh 2017) bunaithe ar éabhlóid mhortlaíochta phobal PSEO. Is é atá in EULT 2018 dá réir sin tábla básmhaireachta bunaithe ar phobal atá ábhartha ina iomláine do PSEO. Is é atá in Iarscríbhinn 2 sliocht as EULT.
-Na táblaí easláine arna bhforbairt ag Eurostat bunaithe ar bharúlacha roimhe sin.
-An aois scoir thoimhdithe; i gcomhréir le hAirteagal 4, mír 3 d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, glactar leis go dtarlóidh scor ag meánráta seasta a athraíonn bunaithe ar dháta theacht i seirbhís gach baill foirne.
-An dóchúlacht go mbeifear pósta an dáta scoir.
-Na comhéifeachtaí le haghaidh dílleachtaí agus céilí colscartha, etc.
Le boinn tuisceana achtúireacha déimeagrafacha déantar idirghabháil i ríomh an chostais seirbhíse ar ar a bhonn a ríomhtar PCR ionas go n‑áiritheofar comhardú achtúireach PSEO. Le hIarscríbhinn 3 soláthraítear liosta na mbonn tuisceana déimeagrafach a úsáideadh le haghaidh an mheasúnúcháin pinsin is déanaí in 2022.
3.2.2.2.Boinn tuisceana airgeadais
Na boinn tuisceana achtúireacha airgeadais amhail an fíor‑ráta lascaine agus an fás tuarastail ginearálta, tá tionchar suntasach acu ar fheidhmiú PSEO.
Léiríonn an fíor‑ráta lascaine na fíor‑mheánrátaí úis a bhaineann le fiachas náisiúnta fadtéarmach na mBallstát, agus breathnaítear ar ráta an athraithe bhliantúil sna scálaí tuarastail leis an bhfás tuarastail ginearálta. Sa dá chás úsáidtear meán gluaisteach 30 bliain de na rátaí comhfhreagracha. I measúnú bliantúil PSEO 2022, bhí luachanna an fhíor‑ráta lascaine agus an fháis tuarastail ghinearálta cothrom le 2,7 % agus ‑0,1 % faoi seach.
Is príomhbhonn tuisceana achtúireach airgeadais eile é an tábla maidir le forchéimniú tuarastail aonair. Leis an bhforchéimniú tuarastail aonair gabhtar éifeacht an mhéadaithe tuarastail atá nasctha le dul chun cinn gairme bhaill foirne an Aontais mar gheall ar arduithe céime agus céimeanna sinsearachta. Le hathchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne treisíodh an nasc idir grád agus feidhm. Mar shampla, cuireadh srian dian le rochtain ar na gráid is airde i bhfeidhmghrúpaí AD agus AST. Ina theannta sin, tugadh isteach catagóir nua foirne: Rúnaithe agus Cléirigh (AST/SC). Léiríodh na héabhlóidí sin leis an bhforchéimniú tuarastail aonair.
Le hIarscríbhinn 4 soláthraítear liosta na mbonn tuisceana airgeadais a úsáideadh le haghaidh an mheasúnúcháin pinsin is déanaí in 2022 chomh maith le hanailís íogaireachta ar an athrú ar na toimhdí sin.
3.3.Cur chun feidhme phrionsabal an chomhardaithe achtúirigh
Áirithítear comhardú PSEO trí PCR a thabhairt cothrom le dáta de bhun na bhforálacha faoi Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne agus, i gcás inarb iomchuí, tríd an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta. Ina fhianaise sin, tá PSEO ar chomhardú achtúireach i gcónaí, de réir sainmhíniú. Cé gur féidir an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta gach 5 bliana, déanann Eurostat measúnú ar PCR gach bliain.
Leis na Rialacháin Foirne leagtar síos córas chun PCR a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar dhá thairseach: tairseach ‘íosteorann’ agus ‘uasteorann’. Leis an tairseach íosteorann tagraítear don bhearna íosta idir an ráta i bhfeidhm agus an ráta is gá chun an comhardú achtúireach a choimeád (0.25 pointe). Leis an bhforáil sin, ar thaobh amháin déantar an t‑ualach riaracháin a laghdú go suntasach trí PCR a thabhairt cothrom le dáta, ach ní dhéantar sin ach amháin nuair a bheadh tionchar suntasach ag a athruithe ar chomhardú achtúireach PSEO, agus ar an taobh eile áirithítear go leanann PCR de bheith cobhsaí agus intuartha le haghaidh na foirne. Leis an tairseach uasteorann bunaítear nach ndéanfar PCR a thabhairt cothrom le dáta le níos mó ná pointe céatadáin os cionn nó faoi bhun ráta bailí na bliana roimhe sin. Leis an bhforáil áirithítear go gcosnaítear an fhoireann ar athruithe tobanna ar PCR i dtréimhsí gearra agus go leanann an ranníocaíocht le buiséad an Aontais de bheith réasúnta cobhsaí.
Le hIarscríbhinn 5 léirítear gur coimeádadh PSEO ar chomhardú achtúireach le linn na tréimhse 2014‑2022. Áirithíodh an comhardú le measúnuithe bliantúla PSEO arna ndéanamh ag Eurostat agus leis an athrú PCR a thagann as sin i.e. comhfhreagraíonn luach PCR don tríú cuid den chóimheas idir iomlán an chostais seirbhíse agus iomlán na mbuntuarastal/na mbunliúntas bliantúil. Ina theannta sin, leis an difríocht idir an PCR arna ríomh agus arna chur i bhfeidhm, níor tugadh iarmhairt shuntasach ábhartha le tuiscint agus dá bhrí sin lean PSEO de bheith ar chomhardú achtúireach.
3.4.Measúnú ar an aois inphinsin
Leis an gcóras maidir le measúnuithe tráthrialta ar an aois inphinsin ar leag an comhreachtóir síos é in 2014, áirithítear inbhuanaitheacht PSEO freisin. Trí nasc soiléir a bhunú idir ionchas saoil fhoireann an Aontais agus aois inphinsin fhoireann an Aontais, áirithítear leis na Rialacháin Foirne go bhfuil PSEO leordhóthanach i gcomhthéacs aosú ginearálta an phobail.
An ghnáthaois inphinsin, rud a shainmhínítear mar an aois lena gceadaítear do bhaill foirne dul ar scor gan phionóis, socraítear ag 66 bliana d’aois í leis na Rialacháin Foirne. De bhun Airteagal 77, mír 7 de na Rialacháin Foirne, déanfar athbhreithniú ar an aois inphinsin gach 5 bliana ar bhonn tuarascáil ón gCoimisiún lena ndéantar measúnú ar éabhlóid na haoise inphinsin le haghaidh na foirne i státseirbhísí na mBallstát agus éabhlóid ionchas saoil oifigigh institiúidí an Aontais.
Ina mheasúnú in 2021 ar an aois inphinsin thug an Coimisiún faoi deara nár tháinig méadú suntasach ar ionchas saoil phobal PSEO, arna mheasúnú le Táblaí Básmhaireachta Eurostat. Thairis sin, tá aois inphinsin oifigigh an Aontais i measc na n-aoiseanna is airde i gcomparáid leis na haoiseanna inphinsin is infheidhme i seirbhísí poiblí Bhallstáit an Aontais. Dá thoradh sin, leis an tuarascáil sin thángthas ar an gconclúid go raibh an aois inphinsin reatha de 66 bliana d’aois le haghaidh fhoireann an Aontais iomchuí agus go gcomhfhreagraíonn sí do na caighdeáin is airde is infheidhme i státseirbhísí náisiúnta na mBallstát.
4.Impleachtaí buiséadacha PSEO
4.1.Cúlra
4.1.1.Comhthéacs stairiúil PSEO
Sna 1960idí, chinn an Chomhairle nach gcuirfí ranníocaíochtaí na foirne i leataobh i gciste pinsin iarbhír, ach ina ionad sin go ndéanfaí iad a chreidiúnú do bhuiséad an Aontais tráth a bhailítear iad agus go ndéanfaí iad a chaitheamh i gcomhréir le cinntí an údaráis bhuiséadaigh, i.e. gan iad a shannadh ar aon réimse beartais ar leith.
An tráth céanna, chinn an Chomhairle nach mbaileofaí sciar an fhostaí den ranníocaíocht. Ina ionad sin, thug institiúidí an Aontais faoi shochair phinsin a íoc amach anseo (le muirearú ar bhuiséad an Aontais) nuair a théann baill foirne ar scor. Cé nach bhfuil aon chiste infheistíochta iarbhír ann, meastar go bhfuil an méid a bhaileofaí le ciste den sórt sin infheistithe i mbannaí fadtéarmacha na mBallstát agus tá sé sin léirithe sa dliteanas pinsin atá cláraithe i gcuntais bhliantúla an Aontais Eorpaigh.
Ós rud é go ráthaíonn na Ballstáit i gcomhpháirt íocaíocht na sochar de bhun Airteagal 83 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is amhlaidh atá an t‑airgead sin á fháil ar iasacht ag an mbuiséad ó chomhaltaí na scéime, i gcomaoin ráthaíochta chun sochair a íoc amach anseo.
4.1.2.Cruthú ciste pinsin iarbhír
In 2012, rinne an Coimisiún iniúchadh ar cheithre fhéidearthacht chun ciste pinsin iarbhír a bhunú le haghaidh institiúidí an Aontais. Bhí costais éagsúla i gceist le gach rogha de réir an aistrithe bheartaithe. Mar sin féin, in 2013, agus comhaontú á dhéanamh maidir le hathchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne, chinn an comhreachtóir prionsabal ciste pinsin bharúlaigh a choinneáil ar bun le haghaidh institiúidí an Aontais.
Chun ciste pinsin iarbhír a chruthú, le buiséad an Aontais ba ghá cuid de dhliteanas PSEO a aistriú isteach sa chiste. Mar sin féin, luach reatha an dliteanais, arna ríomh ar bhonn na rátaí úis is déanaí, tá sé an‑neamhfhabhrach d’aistriú den sórt sin. Ina theannta sin, le cruthú ciste pinsin iarbhír ba ghá go méadófaí an caiteachas pinsin bliantúil agus go n‑ísleofaí na hioncaim chuig buiséad an Aontais. Dá bhrí sin, i bhfianaise na n‑infhaighteachtaí atá ann faoi láthair faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), níl cur chuige den sórt sin féideartha. Thairis sin, fiú dá gcruthófaí ciste pinsin iarbhír, le luaineacht na margaí airgeadais d’fhéadfaí amhras a chaitheamh ar an deis a bhaineann le cúlchiste ciste den sórt a infheistiú.
4.2.Pobal PSEO
4.2.1.Foireann ghníomhach
4.2.1.1.Éabhlóid na foirne
I gComhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013, tháinig Institiúidí an Aontais ar chomhaontú maidir le laghdú 5 % ar phoist sna pleananna bunaíochta atá acu. In 2017, dheimhnigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) gur chuir Institiúidí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais an laghdú foirne 5 % chun feidhme idir 2013 agus 2017, cé go raibh moilleanna áirithe i gceist.
An tráth céanna, mar a thug CIE faoi deara cheana in 2017, dheonaigh an t‑údarás buiséadach poist agus creidiúintí nua chun gníomhairí ar conradh a earcú chuig na hinstitiúidí, na comhlachtaí agus na gníomhaireachtaí faoi chuimsiú an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil. Cuireadh na poist sin ar fáil den chuid is mó chun freastal ar na cúraimí breise a deonaíodh d’institiúidí an Aontais (leis sin mínítear an méadú suntasach ar an líon post a deonaíodh do ghníomhaireachtaí), agus aontachas na Cróite.
Dá réir sin, cé gur tháinig laghdú beag ar fhoireann an Choimisiúin idir 2014 agus 2021, mhéadaigh pobal foriomlán gníomhach Institiúidí an Aontais ó 58 567 go 66 120 (Iarscríbhinn 6). Eascraíonn an méadú go príomha ó na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin agus díláraithe agus Comhghnóthais de thoradh na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás buiséadach chun réimsí áirithe gníomhaíochta a leathnú (e.g. Frontex) agus chun comhlachtaí agus gníomhaireachtaí nua a chruthú, e.g. an Bord Réitigh Aonair, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, an tÚdarás Eorpach Saothair agus an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an tSláinte agus an Digitiú.
4.2.1.2.Comhdhéanamh na foirne
Leis an méadú ar an bhfoireann a tugadh faoi deara i ngníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile déantar difear do chomhdhéanamh foriomlán fhoireann an Aontais tríd an sciar de ghníomhairí sealadacha agus deghníomhairí ar conradh a mhéadú. Gan beann ar chineál a gconarthaí, tá luach saothair níos ísle agus/nó dul chun cinn gairme níos moille ag na gníomhairí sin ná mar atá ag oifigigh. Ina theannta sin, tagann gníomhairí ar conradh faoi eangach thuarastail éagsúil le heangach thuarastail oifigeach agus déantar a dteidlíochtaí pinsin a choigeartú i gcás ina dtiocfaidís chun bheith ina n‑oifigigh.
Bhí athchóirithe 2004 agus 2014 araon ar na Rialacháin Foirne faoi réir forálacha idirthréimhseacha ós rud é go gcosnaítear cearta pinsin faoi phrionsabal na gceart faighte. Trí rialacha aistriúcháin a leagan síos faoi Iarscríbhinn XIII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, rinne an comhreachtóir foráil maidir le cómhaireachtáil trí chohórt de bhaill foirne. Mar shampla, cé go bhfuil an ráta fabhrúcháin mainneachtana bliantúil cothrom le 1.8 % le haghaidh na foirne a earcaíodh ón 1 Eanáir 2014, tá sé cothrom le 1.9 % le haghaidh na foirne a earcaíodh idir an 1 Bealtaine 2004 agus an 31 Nollaig 2013 agus le 2 % le haghaidh na ndaoine sin a earcaíodh go dtí an 30 Aibreán 2004.
Ó athchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne, laghdaigh an sciar de bhaill foirne ghníomhacha a thagann faoi na rialacha roimh 2004 ó 36 % go 19 % cé go seasann na baill foirne ghníomhacha a thagann faoi na rialacha atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2014 do nach mór 48 % de na baill foirne ghníomhacha (Iarscríbhinn 7).
An tráth céanna, agus toisc go bhfuil na baill foirne a earcaíodh tar éis athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne ar na comhaltaí gníomhacha is déanaí de PSEO, tá an sciar de na blianta inphinsin a fuair siad – rud a bheidh faoi réir na gcoinníollacha níos déine a sainíodh in 2004 agus 2014 – ag méadú de réir a chéile. Seasann sé do 60 % de na cearta pinsin uile a fuarthas. Ag breathnú ar na cearta pinsin a fuarthas faoi na rialacha tar éis 2014, agus ar na cearta sin amháin, is amhlaidh a sheasann sé cheana do chuid shuntasach (22 %) den sciar foriomlán blianta inphinsin a fuair na baill foirne (Iarscríbhinní 8 agus 9). Léirítear leis sin na héifeachtaí síormhéadaitheacha a bheidh ag athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne amach anseo.
4.2.2.Pinsinéirí
Ó 2014, tháinig méadú ar an líon pinsinéirí. Tagann an méid sin as leathnú forchéimnitheach lucht saothair an Aontais a thagann as méaduithe comhleanúnacha an Aontais agus fairsingiú a chúraimí. San fhadtéarma, de réir mar a théann an fhoireann ghníomhach ar scor, is gá go méadóidh an líon pinsinéirí. Leanfaidh an méadú go dtí an tráth a chothromaíonn an líon pinsinéirí i mbliain ar leith an líon foirne gníomhaí.
Le hIarscríbhinn 10 léirítear gurb amhlaidh a sheasann an cohórt roimh 2004 faoi láthair do nach mór 90 % de na pinsinéirí uile, cé go seasann na pinsinéirí a thagann faoi na rialacha roimh 2014 do 9 %, agus nach seasann na pinsinéirí sin a thagann faoi na rialacha tar éis 2014 ach do 1 % de na pinsinéirí uile. Le haghaidh na bpinsinéirí deireanacha sin, níl sa mhéid sin ach gnáthstaid ós rud é go gceanglaítear – mar riail ghinearálta – 10 mbliana seirbhíse chun bheith i dteideal pinsean PSEO. Fágann sin gurb amhlaidh de réir a chéile a sheasfaidh na baill foirne a thagann faoi na rialacha tar éis 2004 agus tar éis 2014 d’fhormhór na foirne ar scor, agus go ndéanfar tuilleadh treisithe shuntasaigh ar éifeachtaí an dá athchóiriú chomhleanúnacha arna dtabhairt isteach ag an gcomhreachtóir in 2004 agus 2014.
4.3.Ioncaim ó PSEO
Ó 2014, ghin PSEO ioncaim is fiú EUR 5.8 billiún le haghaidh bhuiséad an Aontais. Is é atá iontu ranníocaíochtaí pinsin na mball foirne, aistrithe chearta pinsin na mball foirne, ranníocaíochtaí a d’íoc an Ríocht Aontaithe ar bhonn an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus ranníocaíochtaí ó ghníomhaireachtaí dílaraithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta a ghlacann páirt i gcláir de chuid an Aontais.
4.3.1.Fáltais an ráta ranníocaíochta pinsin
Tá ranníocaíochtaí pinsin bunaithe ar ríomhanna achtúireacha arna ndéanamh ag Eurostat chun an comhardú achtúireach agus inbhuanaitheacht PSEO a áirithiú. Cé gurb amhlaidh, i mBallstáit áirithe, nach n‑íocann státseirbhísigh náisiúnta aon ráta ranníocaíochta pinsin, seasann an PCR arna íoc ag foireann an Aontais do cheann de na rátaí is airde i gcomparáid le scéimeanna pinsin i seirbhísí poiblí na mBallstát (Iarscríbhinní 17 go 20).
Fágann an ranníocaíocht arna ríomh go maoiníonn na baill foirne an tríú cuid de na cearta pinsin a fhaightear gach bliain. Ní shanntar na fáltais ó na ranníocaíochtaí sin d’aon líne bhuiséid shonrach agus úsáidtear iad chun beartais an Aontais a mhaoiniú, lena dteorannaítear na ranníocaíochtaí a cheanglaítear ar na Ballstáit chun tacú le hInstitiúidí an Aontais an iliomad cúraimí a cuireadh ar a n‑iontaoibh a chur i gcrích. Ó 2014, seasann sin do EUR 4.2 billiún a úsáideadh chun an buiséad a mhaoiniú. In 2022 amháin, sheas sé do níos mó ná EUR 500 milliún.
4.3.2.Ioncaim ó aistrithe chearta pinsin na mball foirne
Tá an fhéidearthacht ag na baill foirne na cearta pinsin a fuair siad faoi scéimeanna pinsin nó cistí pinsin náisiúnta a aistriú faoi PSEO. Is éard atá i gceist leis sin aistriú caipitil a sheasann do na cearta a fuair siad trí na gníomhaíochtaí gairmiúla a rinne siad sular tháinig siad isteach i seirbhís an Aontais. Déantar an caipiteal atá comhionann leis na cearta pinsin a aistriú leis an scéim pinsin bhunaidh agus a chomhshó in PSEO mar bhlianta de sheirbhís inphinsin. Cuirtear na blianta sin de sheirbhís inphinsin san áireamh i ríomh an phinsin scoir faoi PSEO. Seasann na haistrithe sin d’iomláine an chaipitil (3/3), a chomhfhreagraíonn do choibhéis achtúireach na gceart pinsin a aithnítear faoi PSEO. Leo sin tugadh EUR 950 milliún do bhuiséad an Aontais ó 2014 agus tugtar ar an meán níos mó ná EUR 100 milliún in aghaidh na bliana do bhuiséad an Aontais (Iarscríbhinn 12).
4.3.3.Ranníocaíochtaí ón Ríocht Aontaithe
Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar
foráiltear gur chomhaontaigh na páirtithe conarthacha go mbeidh an Ríocht Aontaithe faoi dhliteanas i leith a sciar de dhliteanas an Aontais le haghaidh cearta pinsin agus cearta chun sochair eile a bhaineann le fostaíocht a fabhraíodh i ndeireadh na hidirthréimhse an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin. Leis an dliteanas sin cumhdaítear cearta pinsin na mball foirne uile gan beann ar a náisiúntacht.
Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar foráiltear a thuilleadh go rannchuideoidh an Ríocht Aontaithe go bliantúil leis na glaníocaíochtaí arna ndéanamh ó bhuiséad an Aontais le gach tairbhí. De rogha air sin, faoin mír dheireanach d’Airteagal 142(6), féadfaidh an Ríocht Aontaithe a iarraidh an dliteanas gan íoc an 31 Nollaig i mbliain ar leith.
Maidir le pinsin na foirne, roghnaigh an Ríocht Aontaithe rogha na dtráthchodanna bliantúla. In 2022, rannchuidigh an Ríocht Aontaithe EUR 235 mhilliún leis na glaníocaíochtaí arna ndéanamh ó bhuiséad an Aontais le haghaidh pinsin iarfhoirne de chuid an Aontais. Sna blianta atá le teacht, leanfaidh an Ríocht Aontaithe de mhaoiniú a dhéanamh ar a sciar den chaiteachas pinsin arna ríomh mar chéatadán seasta den chaiteachas pinsin éabhlóideach.
Trína áirithiú go dtabharfaidh an Ríocht Aontaithe aitheantas dá dliteanas i leith na gceart pinsin a fuair foireann uile an Aontais roimh dheireadh na hidirthréimhse, leis an gComhaontú um Tharraingt Siar ráthaítear ranníocaíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe le ciste barúlach PSEO. Dá réir sin, cinneadh na Ríochta Aontaithe tarraingt siar as an Aontas, ní bheadh aon chostas breise i gceist leis sin le haghaidh bhuiséad an Aontais.
4.3.4.Ranníocaíochtaí ó ghníomhaireachtaí neamh‑fhóirdheonaithe, agus tríú páirtithe a ghlacann páirt, le cláir de chuid an Aontais
I gcomhréir le hAirteagal 83a, mír 2 de na Rialacháin Foirne, gníomhaireachtaí nach bhfaigheann fóirdheontas ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, déanfaidh siad méid iomlán na ranníocaíochtaí is gá chun maoiniú a dhéanamh ar an scéim a íoc isteach sa bhuiséad sin.
Ina theannta sin, baineann rannpháirtíocht tríú páirtithe (e.g. tríú tíortha) le cláir agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais uaireanta. Toisc gur féidir go gceanglófar lena rannpháirtíocht baill foirne bhreise a earcú chun cláir a chur chun feidhme, áirithíonn an Coimisiún go gcumhdaítear freisin le ranníocaíochtaí tríú páirtithe leis an mbuiséad sciar an fhostaí de theidlíochtaí pinsin na foirne amach anseo.
Leis na ranníocaíochtaí sin gintear ioncaim le haghaidh an bhuiséid cé go n‑áirithítear gur cumhdaíodh na costais phinsin a bheidh ann amach anseo. Ó 2014, seasann sin do nach mór EUR 400 milliún d’ioncaim le haghaidh an bhuiséid (Iarscríbhinn 13).
4.4.Caiteachas ó PSEO
Le linn chéad bhlianta a chur chun feidhme, le scéim pinsin an Aontais gnóthaíodh – i dtéarmaí buiséadacha – glanioncam, i.e. ba mhó na ranníocaíochtaí ón bhfoireann ghníomhach a fhaigheann cearta pinsin ná na sochair a bhí ag líon teoranta pinsinéirí. Is é a bhí i gceist le hioncam scéime pinsin ranníocaíochtaí foirne agus fostaí; níor íocadh na ranníocaíochtaí deireanacha i gciste – ní dhearnadh ach iad a léiriú sa dliteanas pinsin. Ar an mbealach sin, is amhlaidh a bhí airgead á fháil ar iasacht ag buiséad an Aontais ó chomhaltaí na scéime i gcomaoin ráthaíochta chun sochair a bheidh ann amach anseo a íoc.
Le hIarscríbhinn 14 léirítear éabhlóid an chaiteachais pinsin idir 2014 agus 2022. Tháinig méadú 6.2 % air ar an meán in aghaidh na bliana. Áirítear leis sin éifeachtaí thabhairt cothrom le dáta an luacha saothair agus na bpinsean.
Le leibhéal reatha an chaiteachais pinsin léirítear cuid mhór íocaíocht na gceart pinsin a fuarthas faoi na rialacha roimh 2004, ag a bhfuil feidhm maidir le 90 % de na pinsinéirí. Leis na rialacha sin rinneadh foráil go háirithe maidir le ráta fabhrúcháin pinsin bliantúil 2 %, cur i bhfeidhm comhéifeachtaí ceartúcháin pinsin, tuarastail iontrála níos airde, aois inphinsin níos ísle agus foireann nach bhfuil inti ach oifigigh agus gníomhairí sealadacha amháin. Le hIarscríbhinn 15 léirítear éabhlóid na gcostas a bhaineann le híocaíocht comhéifeachtaí ceartúcháin pinsin.
Tháinig méadú seasta ar sciar na bpinsinéirí a thagann faoi raon feidhme na rialacha tar éis 2004. Cé go seasann na baill foirne a earcaíodh tar éis an 1 Bealtaine 2004 ach roimh an 1 Eanáir 2014 do 9 % de na pinsinéirí faoi láthair, beidh teidlíochtaí pinsin níos ísle ag na baill foirne ghníomhacha uile a thagann faoi na rialacha sin de thoradh gráid iontrála níos ísle, ráta fabhrúcháin níos ísle agus éagmais comhéifeachtaí pinsin. Léireofar an méid sin go hiomlán sa chaiteachas pinsin nuair a shroichfidh na baill foirne sin an aois inphinsin. San fhadtéarma, leanfaidh coigiltis a thagann as athchóiriú 2004 de bheith ag méadú, suas le 1 bhilliún in aghaidh na bliana san fhadtéarma.
Ós rud é nach dtagann ach 1 % de na pinsinéirí atá ann faoi láthair faoi na rialacha tar éis 2014, na hathruithe struchtúracha arna dtabhairt isteach ag an gcomhreachtóir in 2014 (i.e. aois scoir mhéadaithe, ráta fabhrúcháin pinsin bliantúil laghdaithe, dul chun cinn gairme laghdaithe, cruthú scála tuarastail níos ísle le haghaidh poist rúnaíochta agus chléireachais), ní thiocfaidh siad i gcrích go hiomlán ach amháin nuair a théann na baill foirne a thagann faoi na rialacha pinsin tar éis 2014 ar pinsean. Fágann sin, maidir leis na héifeachtaí atá ag na hathruithe struchtúracha is déanaí arna dtabhairt isteach ag an gcomhreachtóir in 2014 ar an gcaiteachas pinsin, go dtiocfaidh méadú de réir a chéile orthu de réir mar a thagann sciar méadaitheach de bhaill foirne a earcaíodh tar éis 2014 chun bheith ina bpinsinéirí.
I bhfianaise a bhfuil thuas, leanfaidh an caiteachas pinsin de bheith ag fás agus an méadú ar lucht saothair institiúidí an Aontais á léiriú, go háirithe i ngníomhaireachtaí nó trí chomhlachtaí nua a chruthú. An tráth céanna, leis an dá athchóiriú chomhleanúnacha ar na Rialacháin Foirne gineadh coigiltis shuntasacha cheana. Leanfaidh na coigiltis sin de bheith ag méadú de réir mar a thosóidh na baill foirne a thagann faoi na rialacha is déine ó 2004 agus 2014 ar phinsean a fháil.
4.5.Dliteanas PSEO
Is ciste (fíorúil) barúlach é PSEO ag a bhfuil sochair shainithe. Toisc nach bhfuil aon chiste infheistíochta iarbhír ann, meastar go bhfuil an méid a bhaileofaí le ciste den sórt sin infheistithe i mbannaí fadtéarmacha na mBallstát agus tá sé sin léirithe sa dliteanas pinsin atá cláraithe i gcuntais bhliantúla an Aontais Eorpaigh.
Ullmhaítear cuntais bhliantúla an Aontais de réir rialacha cuntasaíochta bunaithe ar Chaighdeáin Chuntasaíochta a nGlactar leo go hIdirnáisiúnta (IPSAS 39), na caighdeáin is airde atá ar fáil. An figiúr le haghaidh dliteanais phinsin agus iarfhostaíochta eile a chuirtear i láthair ar chlár comhardaithe an Aontais, seasann sé don luacháil achtúireach, ag luachanna airgeadúla reatha, ar oibleagáid an Aontais chun na pinsin agus na cearta eile a bheidh ann amach anseo a íoc, arna bhfáil ag a fhoireann (an fhoireann ghníomhach, easláine agus pinsinéirí). Tá an luacháil sin bunaithe ar na híocaíochtaí réamh‑mheasta atá le déanamh le buiséad an Aontais leis na pinsinéirí atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí ar feadh tréimhse roinnt deacáidí.
Tá an Fíor‑Ráta Lascaine ar cheann de na príomhathróga a cheanglaítear le haghaidh na ríomhanna. Tá gá leis an ráta sin chun luach reatha na sochar a bhfuil coinne leo amach anseo a ríomh. Faightear an ráta úis sin ó na rátaí úis ainmniúla agus na rátaí boilscithe, agus dá réir sin baineann foinse dhúbailte luaineachta leis sin. Ina leith sin, tháinig na méaduithe is déanaí ar an dliteanas go hiomlán nach mór ón titim ghéar ar an ráta úis fadtéarmach a úsáideadh chun luach a chur ar oibleagáidí sochair fostaithe: le déanaí is amhlaidh a tháinig an fíor‑ráta lascaine chun bheith diúltach fiú, rud a fhágann go bhfuil luach níos mó ar aon mhéid ar leith inniu ná mar a bheidh air sa todhchaí. Mar shampla, in 2021, d’imigh an fíor‑ráta lascaine ó -0.2 % chuig -0.8 %. Is é a tháinig as an athrú sin méadú nach mór
EUR 14 bhilliún (+14.5 %) chuig EUR 126 bhilliún ar an dliteanas.
Tá críocha cuntasaíochta soiléire ag baint leis an bhfigiúr le haghaidh dliteanais phinsin agus iarfhostaíochta eile a chuirtear i láthair ar chlár comhardaithe an Aontais. Mar sin féin, is figiúr an‑luaineach é faoi réir dhálaí an mhargaidh agus luaineachtaí maicreacnamaíocha. Dá bhrí sin, tá luach teoranta air i dtéarmaí measúnú a dhéanamh ar na fíorimpleachtaí buiséadacha a bhaineann le PSEO.
Léirítear an chonclúid thuas a thuilleadh leis an dá bhreathnú seo a leanas:
Ar dtús, ba cheart a thabhairt faoi deara, cé gurb amhlaidh atá tionchar suntasach ag an ráta úis ar luach reatha oibleagáidí pinsin an Aontais amach anseo mar a chuirtear i láthair ar an gclár comhardaithe ag pointe ama ar leith, nach n‑athraítear leis sin an méid pinsean nach mór a íoc iarbhír – ní léirítear leis ach amháin luachanna reatha na méideanna sin ag pointe ama ar leith.
Ar an dara dul síos, le meastachán ar an dliteanas céanna arna ríomh trí úsáid a bhaint as an ráta úis is infheidhme chun PCR a ríomh faoi na Rialacháin Foirne laghdófaí méid agus luaineacht an dliteanais go hollmhór arna ríomh de réir chaighdeáin IPSAS 39. Mar shampla, tríd an ráta úis a úsáidtear le haghaidh ríomh PCR (+2.7 % in 2021) a chur i bhfeidhm, rud a ríomhtar i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus de réir na gcaighdeán achtúireach is fearr ar mheán gluaisteach fadtéarmach ar feadh 30 bliain de rátaí úis d’fhiachas náisiúnta fadtéarmach na mBallstát, laghdódh luach hipitéiseach an dliteanais pinsin agus boinn tuisceana achtúireacha an mheasúnúcháin pinsin ag gabháil leis ó EUR 126 bhilliún chuig EUR 62.6 billiún, laghdú de níos mó ná an leath (Iarscríbhinn 16).
5.Athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne agus a n‑éifeachtaí
5.1.Athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne
Le hathchóiriú 2004 ar na Rialacháin Foirne, chinn an comhreachtóir athruithe struchtúracha suntasacha a dhéanamh ar rialacha reachtúla lena ndéantar difear díreach do theidlíochtaí pinsin. Go háirithe, bhí baint ag an méid seo a leanas leis sin:
-aois inphinsin mhéadaithe ó 60 bliain d’aois go 63 bliana d’aois,
-leibhéil tuarastail níos ísle – go háirithe le haghaidh riarthóirí,
-ráta fabhrúcháin pinsin bliantúil níos ísle (1.9 %),
-catagóir foirne nua agus scála tuarastail níos ísle ag gabháil léi (gníomhairí ar conradh),
-céimniú amach comhéifeachtaí ceartúcháin is infheidhme maidir le pinsin.
Le hathchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne, chinn an comhreachtóir athruithe breise a thabhairt isteach lena ndéantar difear suntasach do theidlíochtaí pinsin na mball foirne a earcaíodh tar éis 2014. Is é a bhí i gceist leis sin go háirithe:
-aois inphinsin mhéadaithe chuig 66 bliana d’aois,
-ráta fabhrúcháin pinsin bliantúil níos ísle (1.8 %),
-peirspictíochtaí gairme laghdaithe chun comhghaol níos láidre a áirithiú idir an grád agus an fheidhm,
-catagóir foirne nua agus scála tuarastail níos ísle ag gabháil léi (poist rúnaíochta agus chléireachais).
An tráth céanna, rinne an comhreachtóir foráil maidir le scála tuarastail níos fabhraí le haghaidh na mball foirne a earcaíodh roimh 2014, mar chúiteamh i dteorainneacha na ngairmeacha a tugadh isteach tráth athchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne. Ar deireadh, i dteannta na n‑athruithe struchtúracha sin, rinne an comhreachtóir foráil maidir le reonna (2011, 2013 agus 2014) agus coigeartú níos ísle (2012) ar íocaíocht agus pinsin.
5.2.Éifeachtaí athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne
5.2.1.Éifeachtaí ar fheidhmiú na scéime
Leis an dá athchóiriú chomhleanúnacha ar na Rialacháin Foirne gineadh coigiltis shuntasacha agus leanfar de choigiltis shuntasacha a ghiniúint leo. Leis na hathchóirithe sin cuireadh PSEO chun tosaigh i gcomparáid le scéimeanna pinsin náisiúnta. An tráth céanna bhí tionchar ag athchóirithe PSEO ar tharraingteacht institiúidí an Aontais, ós rud é go leanann PSEO de bheith ina ghné fhíor‑riachtanach de phacáiste luacha saothair státseirbhísigh an Aontais.
5.2.1.1.An tabhairt cothrom le dáta thráthrialta ar phríomhpharaiméadair
Is scéim an‑solúbtha é PSEO, ar a ndéantar faireachán leanúnach, ós rud é go ndéantar measúnú tráthrialta ar phríomhbhoinn tuisceana amhail PCR agus an aois inphinsin, agus go dtugtar cothrom le dáta go tráthrialta iad freisin, más gá.
Déantar measúnú ar PCR gach bliain agus tugtar cothrom le dáta é más gá. Mar a léirítear in Iarscríbhinn 17, is amhlaidh nach bhfuil córas bunaithe ar thabhairt cothrom le dáta uathoibríoch ar PCR ach ag Ballstát amháin, faoi mar atá faoi PSEO. Ní thugann Ballstáit eile cothrom le dáta é ach go hócáideach, bunaithe ar chinntí polaitiúla, seachas ríomhanna achtúireacha, sin nó ní thugann siad cothrom le dáta é in aon chor.
Leis an sásra sin um thabhairt cothrom le dáta uathoibríoch áirithítear go bhfuil an leibhéal ranníocaíochta a íocann foireann an Aontais (i.e. 10.1 % in 2022) an leibhéal a cheanglaítear chun a dteidlíochtaí pinsin fabhraithe a mhaoiniú, lena n‑áirithítear comhardú achtúireach PSEO. Tá an leibhéal ranníocaíochtaí i measc na leibhéal is airde i gcomparáid leis an leibhéal a íocann státseirbhísigh náisiúnta (Iarscríbhinn 18). Thairis sin, i mBallstáit éagsúla, níl státseirbhísigh faoi réir aon ranníocaíocht chun a sochair phinsin a mhaoiniú.
I gcomhréir le hAirteagal 77 de na Rialacháin Foirne, is féidir aois inphinsin fhoireann an Aontais a choigeartú. Mar a léirítear in Iarscríbhinn 19, níl aois inphinsin níos airde ná aois inphinsin an Aontais ach ag Ballstát amháin. I bhformhór Bhallstáit an Aontais, déantar an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta nó go hócáideach, chun an t‑ionchas saoil éabhlóideach a léiriú. An tráth céanna, le haghaidh an tríú cuid de Bhallstáit an Aontais, ní ann do nasc den sórt sin. Le hIarscríbhinn 20 léirítear nach amháin go bhfuil nasc den sórt sin i bhfeidhm ag PSEO, ach freisin go mbeartaítear leis na rialacha lena rialaítear PSEO an aois inphinsin a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, mar a chuirtear i dtábhacht i gcaibidil 3.4. Tá an tabhairt cothrom le dáta sin bunaithe ar tháblaí mortlaíochta, agus leis sin an aois inphinsin á nascadh le hionchas saoil.
Leis na hoiriúnuithe sin áirithítear go leanann PSEO de bheith inbhuanaithe agus go gcomhfhreagraíonn sé an tráth céanna do na caighdeáin is airde i gcomparáid le scéimeanna pinsin ó na Ballstáit.
5.2.1.2.Ról PSEO i dtarraingteacht institiúidí an Aontais
Nuair a thairgtear post dóibh, is dócha go dtabharfaidh gairmithe ardcháilithe a bhfuil taithí acu agus a lorgaíonn fostaíocht aird níos mó ar ról na bpinsean sa phacáiste luaíochta ná mar a thugann iarrthóirí níos óige air sin. Ina theannta sin, fuair iarrthóirí a d’oibrigh roimhe sin san earnáil phríobháideach nó phoiblí taithí agus íogaireacht áirithe maidir le bheith ag déileáil le saincheisteanna scoir. Iarrthóirí a fhágann an córas ar a bhfuil taithí acu chun teacht isteach i gcóras nua coimhthíoch, is dócha go dtabharfaidh siad aird ar leith ar an gcóras nua sin. Ar deireadh, iarrthóirí ar fearr leo deimhneacht (poist) agus gairm intuartha a bheith acu ná na tuarastail is airde i bhfostaíocht nach bhfuil chomh cobhsaí sin, tabharfaidh siad aird níos mó ar an scéim pinsin. Is dócha go dtitfidh an gnáthbhall foirne atá nua‑earcaithe ag institiúidí an Aontais i gceann de na catagóirí sin. Ós rud é gurb iondúil go bhfostaíonn na hinstitiúidí daoine a thosaigh a ngairm in áit eile agus atá 36 bliana d’aois ar an meán dá bhrí sin, creidtear go bhfuil tábhacht an chórais pinsin i dtarraingteacht fhoriomlán an phacáiste luaíochta níos airde, mar shampla, ná mar atá le haghaidh fostaithe poiblí i mBallstáit a thosaíonn a ngairmeacha i riarachán poiblí go díreach tar éis céim a bhaint amach. Cruthaítear freisin gur oibrigh nach mór na hearcaigh nua uile in áit eile roimhe sin leis an líon aistrithe de chearta pinsin a fuarthas lasmuigh d’institiúidí an Aontais chuig PSEO.
5.2.2.Coigiltis a thagann ó athchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne
Leis an dá athchóiriú ar na Rialacháin Foirne tugadh isteach athruithe struchtúracha lena ndéantar difear do theidlíochtaí pinsin amhail na méaduithe ar an aois scoir, na laghduithe ar an ráta fabhrúcháin, teorainneacha na leibhéal luacha saothair trí ionchais ghairme a laghdú agus scálaí tuarastail nua a thabhairt isteach (e.g. gníomhairí ar conradh agus rúnaithe agus cléirigh), agus comhéifeachtaí pinsin a chur faoi chois. Bhí na hathruithe sin faoi réir forálacha idirthréimhseacha ós rud é go gcosnaítear cearta pinsin faoi phrionsabal na gceart faighte. Le hathchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne forchuireadh reonna freisin lena ndearnadh difear díreach don leibhéal pinsean.
Is fearr is féidir éifeachtaí struchtúracha athchóiriú 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne a thuiscint má bhreathnaítear ar an bpobal gníomhach, ós rud é nach dtiteann ach 9 % de na tairbhithe reatha faoi na rialacha tar éis 2004 agus nach gcumhdaítear ach 1 % díobh leis na rialacha tar éis 2014 (Iarscríbhinn 10).
Ó 2004, laghdaigh na meánchearta pinsin a d’fhabhraigh tairbhithe ó 64.6 % in 2004 chuig 61.7 % i ndeireadh 2021 (Iarscríbhinn 21). Tháinig an méid sin as an dá rud seo a leanas:
·na rátaí fabhrúcháin níos ísle a tugadh isteach in 2004 agus 2014 agus
·an mheánaois iontrála shíormhéadaitheach i státseirbhís an Aontais.
Ós rud é go dtiocfaidh méadú sa todhchaí ar sciar na bpinsinéirí a thagann faoi na rialacha tar éis 2004 agus tar éis 2014, leanfaidh an laghdú géar breathnaithe ar na meánchearta pinsin a fuair na tairbhithe de bheith ag laghdú sna blianta atá le teacht. Ina theannta sin, is amhlaidh a thiocfaidh coigiltis nach beag as céimniú amach forchéimnitheach comhéifeachtaí ceartúcháin pinsin (Iarscríbhinn 15).
Léirítear na hathruithe struchtúracha sin freisin le héabhlóid an mheán‑bhuntuarastail nuair a thagtar isteach sa tseirbhís (‑15 %) agus nuair a fhágtar an tseirbhís (‑11 %). Leis sin deimhnítear éifeachtaí forleathana an dá athchóiriú ar na Rialacháin Foirne ar leibhéal an luacha saothair, lena ndéantar difear díreach do leibhéal na sochar pinsin a leanann.
I dteannta na n‑athruithe struchtúracha sin, le hathchóiriú 2014 ar na Rialacháin foirne, agus leis sin amháin, gineadh coigiltis cheana ar fiú thart ar EUR 1.5 billiún iad i gcaiteachas pinsin i gcomparáid leis na meastacháin bhuiséadacha roimh athchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne (Iarscríbhinn 22).
Ar deireadh, agus an loighic achtúireach ar a bhfuil PSEO bunaithe á cur as an áireamh, ó pheirspictíocht bhuiséadach is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil leibhéal reatha an chostais seirbhíse (i.e. EUR 1 700 milliún a sheasann do shuim luachanna achtúireacha na gceart a fuair baill foirne is ranníocóirí i mbliain ar leith) níos ísle ná leibhéal reatha an chaiteachais pinsin (EUR 2 400 milliún). I bhfocail eile, dá gcuirfí iomláine na gceart pinsin a fuair baill foirne in 2022 i leataobh i gciste pinsin cistithe, ba mhéid níos ísle é ná méid an chaiteachais pinsin i bpraghsanna reatha. Is léiriú eile é sin ar éifeachtacht an dá athchóiriú chomhleanúnacha ar na Rialacháin Foirne. Dá thoradh sin, cé go bhfuil cearta pinsin á bhfáil ag níos mó baill foirne, faigheann siad teidlíochtaí pinsin atá i bhfad níos ísle.
6.Conclúidí
Leis an gcóras a cuireadh i bhfeidhm le hIarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, áiríodh cur chun feidhme ceart na rialacha trí PSEO a choimeád ar comhardú achtúireach, agus cobhsaíocht á soláthar don fhoireann agus sreabhadh ranníocaíochtaí pinsin forchéimnitheach leanúnach i mbuiséad an Aontais á áirithiú.
Cé nár shroich PSEO aibíocht fós, le hathchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne, tá coigiltis shuntasacha á nginiúint cheana ar na caiteachais phinsin reatha. Le príomhtháscairí amhail meánleibhéal na gceart pinsin a fuarthas chomh maith le meán‑bhuntuarastail, deimhníodh go nginfear coigiltis mhéadaitheacha de réir a chéile leis na hathruithe struchtúracha a tugadh isteach le hathchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne agus dá réir sin go ndéanfar éabhlóid thionchar PSEO ar bhuiséad an Aontais a mhoilliú go mór.
I gcomparáid leis na córais phinsin atá infheidhme maidir le státseirbhísigh na mBallstát, leanann PSEO de bheith ar thús cadhnaíochta i bhformhór na bpríomhtháscairí amhail an aois inphinsin, leibhéal na ranníocaíochtaí pinsin, coigeartú ar éabhlóid na bparaiméadar achtúireach. An tráth céanna, na héifeachtaí ar PSEO a bhaineann le hathchóirithe 2004 agus 2014 ar na Rialacháin Foirne, tá dúshlán ag baint leo maidir le tarraingteacht sheirbhís phoiblí an Aontais.
I bhfianaise an mheasúnúcháin ar an gcomhardú achtúireach agus impleachtaí buiséadacha PSEO leis an tuarascáil seo, ní mheasann an Coimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 14(1) d’Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne, gurb iomchuí ag an gcéim seo a mholadh go ndéanfar leasú ar Iarscríbhinn XII a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.
Iarscríbhinní
Iarscríbhinn 1: Na príomhpharaiméadair reachtúla a úsáideadh i measúnú achtúireach 2022
|
Paraiméadar
|
Luach
|
|
Foinse dhlíthiúil
|
Rialacháin Foirne i bhfeidhm ón 1.1.2014
|
|
Dáta tagartha le haghaidh an phobail (Iarscríbhinn XII Airteagal 1)
|
31.12.2021
|
|
An uasaois scoir (Rialacháin Foirne Airteagal 52)
|
65 (go huathoibríoch le haghaidh oifigigh i seirbhís roimh an 1.1.2014), 66 (go huathoibríoch le haghaidh oifigigh nua) nó 67 (arna iarraidh sin don fhoireann) nó go dtí 70 (go heisceachtúil)
|
|
An ghnáthaois scoir (Rialacháin Foirne Airteagal 52 agus Iarscríbhinn XIII Airteagal 22)
|
60 go 66 de réir na mblianta seirbhíse, na haoise agus dháta an teacht isteach i seirbhís
|
|
An íosaois scoir (Rialacháin Foirne Airteagal 52(b), Iarscríbhinn VIII Airteagal 9 agus Iarscríbhinn XIII Airteagal 23)
|
58
|
|
An chatagóir agus an grád le haghaidh an íosfhigiúir cothaithe (Iarscríbhinn VIII Airteagal 6)
|
Grád AST 1 Céim 1
|
|
An uasaois scoir (Rialacháin Foirne Airteagal 77)
|
70 % den bhuntuarastal an dáta scoir
|
|
Ráta fabhrúcháin bliantúil (Airteagal 77 de na Rialacháin Foirne agus Airteagal 21 d’Iarscríbhinn XIII)
|
1.8 % (oifigigh i seirbhís ón 1.1.2014)
1.9 % (oifigigh i seirbhís ón 1.5.2014), nó 2 % (oifigigh i seirbhís roimh an 1.5.2004), maidir leis an mbuntuarastal
|
|
Bónas le haghaidh oifigigh i seirbhís tar éis na gnáthaoise scoir (Iarscríbhinn VIII Airteagal 5 agus Iarscríbhinn XIII Airteagal 22)
|
1.5 % (oifigigh nua) nó 2.5 % den bhuntuarastal, nó 5 % den mhéid ceart pinsin a fuarthas ag 60, de réir dháta an teacht isteach i seirbhís, na mblianta seirbhíse an 1 Bealtaine 2004 agus aois an oifigigh an 1 Bealtaine 2004
|
|
Pionós mar gheall ar luathscor (Iarscríbhinn VIII, Airteagal 9 agus Iarscríbhinn XIII, Airteagal 22, pointe 3)
|
3.5 % (oifigigh nua) nó 1.75 % (iaroifigigh) den phinsean, le haghaidh gach bliana roimh an ngnáthaois scoir
|
|
An t‑íosphinsean scoir (Rialacháin Foirne Airteagal 77)
|
4 % den íosfhigiúr cothaithe in aghaidh na bliana seirbhíse
|
|
Liúntas easláine (Rialacháin Foirne Airteagal 78)
|
70 % den bhuntuarastal
|
|
Íosliúntas easláine (Rialacháin Foirne Airteagal 78)
|
100 % den íosfhigiúr cothaithe
|
|
Pinsean frithdhílse (Rialacháin Foirne Airteagal 79 agus Iarscríbhinn VIII Airteagal 18)
|
60 % den phinsean scoir
|
|
Íosphinsean frithdhílse (Rialacháin Foirne Airteagal 79 agus Iarscríbhinn VIII Airteagal 18)
|
35 % den bhuntuarastal deireanach
|
|
Pinsean marthanóra (Rialacháin Foirne Airteagal 79 agus Iarscríbhinn VIII Airteagal 17)
|
60 % den phinsean scoir a bheadh iníoctha leis an oifigeach
|
|
An t‑íosphinsean marthanóra (Rialacháin Foirne Airteagal 79)
|
35 % den bhuntuarastal deireanach nó den íosfhigiúr cothaithe
|
Iarscríbhinn 2: Sliocht as Táblaí Básmhaireachta an Aontais
|
Aois
|
Fir
|
Mná
|
|
|
An dóchúlacht go n‑éagfar ag aois x
|
Ionchas saoil
|
An dóchúlacht go n‑éagfar ag aois x
|
Ionchas saoil
|
|
40
|
0.00048544
|
44
|
0.00037417
|
46
|
|
45
|
0.00083219
|
39
|
0.00064198
|
42
|
|
50
|
0.00140284
|
34
|
0.00110248
|
37
|
|
55
|
0.00236193
|
30
|
0.00189106
|
32
|
|
60
|
0.00398328
|
25
|
0.00324918
|
27
|
|
65
|
0.00643074
|
21
|
0.00558535
|
23
|
|
70
|
0.01187197
|
16
|
0.00864211
|
19
|
|
75
|
0.02186383
|
13
|
0.01470951
|
14
|
|
80
|
0.04016587
|
9
|
0.02826935
|
11
|
|
85
|
0.07362888
|
6
|
0.05429701
|
8
|
|
90
|
0.12980921
|
4
|
0.10494797
|
5
|
Iarscríbhinn 3: Boinn tuisceana déimeagrafacha le haghaidh mheasúnú achtúireach 2022
|
Boinn tuisceana déimeagrafacha
|
Measúnú 2022
|
|
Tábla Básmhaireachta (baill shláintiúla)
|
EULT 2018
|
|
Tábla Básmhaireachta (baill faoi mhíchumas)
|
EULT 2018 + 3 bliana
|
|
Tábla Easláine
|
Tábla Easláine an Aontais 2018
|
|
Stádas Pósta Reatha
|
Stádas Pósta ar an dáta meastóireachta
|
|
An dóchúlacht go mbeifear pósta ag an aois scoir, le haghaidh na bhfear
|
82.0 %
|
|
An dóchúlacht go mbeifear pósta ag an aois scoir, le haghaidh na mban
|
52.0 %
|
|
An mheándifríocht aoise idir oifigeach agus a pháirtí nó a páirtí
|
1 bhliain
|
|
Aois Scoir Thoimhdithe
|
63 go 66
|
|
Ráta athraithe foirne
|
Ráta athraithe foirne 2018
|
|
Comhéifeacht Ualaithe le haghaidh pinsean dílleachta agus céile cholscartha
|
9.6 %
|
Iarscríbhinn 4: Boinn tuisceana airgeadais le haghaidh mheasúnú achtúireach 2022
|
Boinn tuisceana airgeadais
|
Measúnú 2022
|
|
Eangach Thuarastail
|
I bhfeidhm ón 1.7.2021
|
|
Tréimhse
|
23 bhliain
|
|
Ráta Lascaine Ainmniúil (NDR)
|
4.6 %
|
|
Ráta Boilscithe (IR)
|
1,8 %
|
|
An Fíor‑Ráta Lascaine (RDR)
|
2,7 %
|
|
Fás Tuarastail Ginearálta (GSG)
|
-0.1 %
|
|
Athluacháil Pinsin Ghinearálta (GPR)
|
-0.1 %
|
|
Forchéimniú Tuarastail Aonair (ISP)
|
Tábla ISP 2018
|
|
Comhéifeachtaí Ceartúcháin (Airt. 3.5 d’Iarscríbhinn XI agus Airt. 20 d’Iarscríbhinn XIII)
|
0.0 %
|
Iarscríbhinn 5: Ranníocaíocht phinsin in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2022
|
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
|
Costas seirbhíse le haghaidh scoir / Buntuarastail
|
28.3 %
|
28.2 %
|
27.2 %
|
27.1 %
|
27.4 %
|
26.9 %
|
27.8 %
|
27.5 %
|
28.6 %
|
|
Costas seirbhíse le haghaidh easláine / Buntuarastail
|
1,2 %
|
1,3 %
|
1,3 %
|
1,3 %
|
1,6 %
|
1.7 %
|
1.7 %
|
1.7 %
|
1.7 %
|
|
Costas seirbhíse le haghaidh báis / Buntuarastail
|
0,9 %
|
0,9 %
|
0,9 %
|
0,9 %
|
0,9 %
|
0,6 %
|
0,6 %
|
0,6 %
|
0,6 %
|
|
Costas seirbhíse / Buntuarastail
|
30.4 %
|
30.5 %
|
29.5 %
|
29.3 %
|
30.0 %
|
29.2 %
|
30.2 %
|
29.8 %
|
30.9 %
|
|
An PCR arna ríomh (sciar na foirne)
|
10.1 %
|
10.2 %
|
9.8 %
|
9.8 %
|
10.0 %
|
9.7 %
|
10.1 %
|
9.9 %
|
10.3 %
|
|
An PCR arna chur i bhfeidhm (sciar na foirne)
|
10.1 %
|
10.1 %
|
9.8 %
|
9.8 %
|
10.0 %
|
9.7 %
|
10.1 %
|
10.1 %
|
10.1 %
|
Iarscríbhinn 6: Éabhlóid na foirne gníomhaí ag Institiúidí an Aontais
|
An daonra gníomhach
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
Athrú
|
|
An Pharlaimint
|
9.074
|
9.464
|
9.872
|
9.959
|
10.305
|
9.895
|
9.987
|
10.357
|
14.1 %
|
|
An Chomhairle
|
2.985
|
3.026
|
3.162
|
3.162
|
3.111
|
3.160
|
3.206
|
3.246
|
8,7 %
|
|
An Coimisiún
|
31.015
|
31.359
|
30.889
|
30.448
|
30.765
|
31.248
|
31.115
|
31.005
|
0.0 %
|
|
CBAE
|
2.101
|
2.244
|
2.273
|
2.311
|
2.293
|
2.327
|
2.303
|
2.309
|
9.9 %
|
|
CIE
|
902
|
931
|
934
|
938
|
943
|
943
|
945
|
950
|
5.3 %
|
|
CESE
|
741
|
739
|
739
|
738
|
737
|
737
|
730
|
727
|
-1.9 %
|
|
Coiste na Réigiún
|
542
|
558
|
548
|
552
|
560
|
569
|
560
|
574
|
5.9 %
|
|
Ombudsman
|
73
|
73
|
76
|
82
|
78
|
75
|
73
|
74
|
1,4 %
|
|
MECS
|
58
|
62
|
63
|
72
|
96
|
96
|
114
|
128
|
120.7 %
|
|
SEGS
|
1.988
|
1.983
|
2.035
|
2.016
|
2.095
|
2.149
|
2.234
|
2.326
|
17.0 %
|
|
Institiúidí
agus gníomhaireachtaí díláraithe eile
|
9.088
|
9.595
|
10.337
|
11.007
|
11.646
|
12.272
|
13.093
|
14.424
|
58.7 %
|
|
Iomlán
|
58.567
|
60.034
|
60.928
|
61.285
|
62.629
|
63.471
|
64.360
|
66.120
|
12.9 %
|
Iarscríbhinn 7: Daonra gníomhach PSEO de réir cohóirt fabhrúcháin
|
Ráta Fabhrúcháin
|
2013
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
|
1,8 %
|
0
|
6.438
|
11.280
|
14.972
|
18.250
|
21.618
|
25.280
|
27.815
|
31.671
|
|
1,9 %
|
36.985
|
32.226
|
29.827
|
27.978
|
25.998
|
24.896
|
23.217
|
22.576
|
21.653
|
|
2,0 %
|
20.989
|
19.903
|
18.928
|
17.978
|
17.037
|
16.115
|
14.974
|
13.969
|
12.796
|
|
Iomláin
|
57.974
|
58.567
|
60.034
|
60.928
|
61.285
|
62.629
|
63.471
|
64.360
|
66.120
|
Iarscríbhinn 8: An líon blianta inphinsin arna fheidhmiú ag cohóirt éagsúla den fhoireann ghníomhach
|
Ráta Fabhrúcháin
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
|
1,8 %
|
0
|
19.476
|
39.805
|
57.077
|
81.336
|
107.914
|
139.360
|
161.680
|
198.108
|
|
1,9 %
|
209.337
|
221.645
|
238.790
|
253.246
|
300.615
|
320.554
|
326.371
|
343.688
|
354.837
|
|
2,0 %
|
464.097
|
453.572
|
440.828
|
436.240
|
433.162
|
424.344
|
403.373
|
387.626
|
365.418
|
|
Iomlán
|
673.435
|
694.693
|
719.423
|
746.564
|
815.113
|
852.812
|
869.105
|
892.995
|
918.363
|
Iarscríbhinn 9: An sciar de bhlianta inphinsin arna fheidhmiú ag cohóirt éagsúla den fhoireann ghníomhach
|
Ráta Fabhrúcháin
|
2014
|
2015
|
2016
|
2017
|
2018
|
2019
|
2020
|
2021
|
2022
|
|
1,8 %
|
0.00 %
|
2.8 %
|
5.5 %
|
7.7 %
|
10.0 %
|
12.7 %
|
16.0 %
|
18.1 %
|
21.6 %
|
|
1,9 %
|
31.1 %
|
31.9 %
|
33.2 %
|
34.0 %
|
36.9 %
|
37.6 %
|
37.6 %
|
38.5 %
|
38.6 %
|
|
2,0 %
|
68.9 %
|
65.3 %
|
61.3 %
|
58.4 %
|
53.1 %
|
49.8 %
|
46.4 %
|
43.4 %
|
39.8 %
|
Iarscríbhinn 10: An líon pinsinéirí in aghaidh an chohóirt earcaíochta (roimh 2004, tar éis 2004 agus tar éis 2014)
|
An dáta earcaíochta
|
An líon pinsinéirí
|
Sciar na bpinsinéirí
|
|
Go dtí an 30.4.2004
|
18 291
|
89.6 %
|
|
Ón 1.5.2004
|
1 883
|
9.2 %
|
|
Ón 1.1.2014
|
236
|
1.2 %
|
Iarscríbhinn 11: Fáltais ó ranníocaíochtaí pinsin na mball foirne
|
Bliain
|
Fáltais ó ranníocaíochtaí pinsin na mball foirne
(i milliún EUR)
|
|
2014
|
348.7
|
|
2015
|
425.6
|
|
2016
|
441.8
|
|
2017
|
449.2
|
|
2018
|
473.6
|
|
2019
|
485.7
|
|
2020
|
504.4
|
|
2021
|
535.2
|
|
2022
|
553.4
|
|
Iomlán
|
4217.6
|
Iarscríbhinn 12: Ranníocaíochtaí ó aistrithe isteach ceart pinsin
|
Bliain
|
Ranníocaíochtaí ó aistrithe isteach ceart pinsin (i milliún EUR)
|
|
2014
|
109.4
|
|
2015
|
108.6
|
|
2016
|
139.5
|
|
2017
|
127.6
|
|
2018
|
107.3
|
|
2019
|
89.1
|
|
2020
|
82.3
|
|
2021
|
89.8
|
|
2022
|
95.5
|
|
Iomlán
|
949.1
|
Iarscríbhinn 13: Ranníocaíochtaí ó ghníomhaireachtaí díláraithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta
|
Bliain
|
Ranníocaíochtaí ó ghníomhaireachtaí díláraithe agus eagraíochtaí idirnáisiúnta (i milliún EUR)
|
|
2014
|
17.6
|
|
2015
|
22.5
|
|
2016
|
40.3
|
|
2017
|
42.4
|
|
2018
|
52.6
|
|
2019
|
50.6
|
|
2020
|
52.1
|
|
2021
|
56.4
|
|
2022
|
58.2
|
|
Iomlán
|
392.7
|
Iarscríbhinn 14: Caiteachas pinsin iomlán
|
Bliain
|
Caiteachas pinsin
(i milliún EUR)
|
|
2014
|
1.485.1
|
|
2015
|
1.541.2
|
|
2016
|
1.660.5
|
|
2017
|
1.774.5
|
|
2018
|
1.854.6
|
|
2019
|
1.964.5
|
|
2020
|
2.064.4
|
|
2021
|
2.173.2
|
|
2022
|
2.398.1
|
|
Meánmhéadú
|
+6.2 %
|
Iarscríbhinn 15: Caiteachas pinsin a thagann as comhéifeachtaí ceartúcháin pinsin
|
Bliain
|
Cuid den chaiteachas pinsin a chomhfhreagraíonn do chomhéifeachtaí ceartúcháin
(i milliún EUR)
|
|
2014
|
39.3
|
|
2015
|
37.8
|
|
2016
|
42.5
|
|
2017
|
45.4
|
|
2018
|
47.2
|
|
2019
|
48.4
|
|
2020
|
50.7
|
|
2021
|
56.6
|
|
2022
|
57.6
|
|
Iomlán
|
425.7
|
Iarscríbhinn 16: Dliteanas pinsin i dteannta bhoinn tuisceana achtúireacha an mheasúnúcháin pinsin an 31 Nollaig 2021
|
Bonn tuisceana PCR
|
Dliteanas PSEO
(i milliún EUR)
|
An Tionchar
(i milliún EUR)
|
Tionchar
|
|
Boinn tuisceana achtúireacha dliteanais
|
126 068
|
|
|
|
Boinn tuisceana achtúireacha measúnúcháin
|
62 613
|
-63 455
|
-50.3 %
|
Iarscríbhinn 17: An ráta ranníocaíochta pinsin a thabhairt cothrom le dáta i mBallstát an Aontais
|
Na coinníollacha faoina dtugtar rátaí ranníocaíochta pinsin cothrom le dáta
|
Ballstáit
|
|
Tabhairt cothrom le dáta thráthrialta bunaithe ar ríomhanna achtúireacha
|
NL, AE
|
|
Tabhairt cothrom le dáta ócáideach bunaithe ar ríomhanna achtúireacha
|
AT, BE, HU, LU, PT, SI
|
|
Tabhairt cothrom le dáta thráthrialta bunaithe ar chinntí polaitiúla
|
FI, PL
|
|
Tabhairt cothrom le dáta ócáideach bunaithe ar chinntí polaitiúla
|
BG, FR, HR, IE, LT, LV, MT, RO, SE
|
|
Gan aon tabhairt cothrom le dáta
|
CY, CZ, DE, ES, EE, DK, IT, SK
|
Iarscríbhinn 18: Rátaí ranníocaíochta pinsin is infheidhme sna Ballstáit in 2021
Iarscríbhinn 19: An ghnáthaois inphinsin is infheidhme maidir le seirbhísigh phoiblí in 2021
Iarscríbhinn 20: Tabhairt cothrom le dáta na haoise inphinsin i bhfianaise ionchas saoil
|
Nasc idir an aois inphinsin agus ionchas saoil
|
Ballstáit
|
|
Gan aon nasc
|
AT, BG, DE, EE, ES, HU, LU, RO, SE
|
|
Nasc lag: tabhairt cothrom le dáta ócáideach
|
BE, CZ, FR, HR, IE, LT, LV, MT, PL, SI
|
|
Nasc láidir: Tabhairt cothrom le dáta thráthrialta
|
CY, DK, EL, FI, IT, NL, PT, SK, EU
|
Iarscríbhinn 21: Éabhlóid na meáncheart pinsin arna bhfabhrú ag pinsinéirí
Iarscríbhinn 22: Coigiltis ar an gcaiteachas pinsin a thagann as bearta athchóiriú 2014 lena ndéantar difear don eangach thuarastail
|
Bliain
|
Coigiltis a thagann ó bhearta athchóiriú 2014 ar na Rialacháin Foirne lena ndéantar difear don eangach foirne (milliún)
|
|
2011
|
24.9
|
|
2012
|
34.2
|
|
2013
|
59.6
|
|
2014
|
95.1
|
|
2015
|
116.6
|
|
2016
|
129.2
|
|
2017
|
141.4
|
|
2018
|
150.1
|
|
2019
|
162.0
|
|
2020
|
172.5
|
|
2021
|
184.0
|
|
2022
|
214.7
|
|
Iomlán
|
1 484.4
|