AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,4.4.2023
COM(2023) 184 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN
Tuarascáil ar an mBeartas Iomaíochta 2022
{SWD(2023) 76 final}
1. Réamhrá
2. Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún maidir le suaitheadh seachtrach eacnamaíocha a mhaolú le linn tréimhsí suaite
2.1. Glacadh an Chreata Shealadaigh Géarchéime chun tacú leis an ngeilleagar i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na Teachtaireachta maidir le hÉigeandáil Fuinnimh
2.2. An Creat Sealadach Covid um Státchabhair a chéimniú amach chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs ráig an choróinvíris
2.3. An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme
3. A áirithiú go bhfanfaidh rialacha iomaíochta oiriúnach don todhchaí – Dul chun cinn ar an gclár oibre fairsing beartais
3.1. Tionscnaimh reachtacha chun na huirlisí beartais iomaíochta a neartú
3.2. Rialacha agus treoraíocht maidir le cumaisc agus in aghaidh trustaí a nuashonrú chun iad a dhéanamh oiriúnach do dhúshláin nua
3.3. Rialacha agus treoraíocht maidir le státchabhair a nuachóiriú chun iad a chur in oiriúint do dhúshláin nua
3.4. Modhanna oibre Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta a nuachóiriú chun freastal ar riachtanais fhorfheidhmithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo
4. Chuir forfheidhmiú beartais iomaíochta le príomhaidhmeanna an Choimisiúin
4.1. Chuidigh forfheidhmiú beartais iomaíochta leis an aistriú digiteach agus Margadh Aonair atá láidir agus athléimneach
4.2 Chuidigh forfheidhmiú beartais iomaíochta leis an aistriú glas
4.3. Chuidigh beartas iomaíochta le geilleagar a fhóireann do dhaoine
5. An beartas iomaíochta i gcomhthéacs Eorpach agus domhanda
5.1 Cur le chéile agus cultúr iomaíochta Eorpach agus domhanda á chruthú
5.2. Comhar maidir le beartas iomaíochta ar fud an domhain
1. Réamhrá
Díríonn an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) an Tuarascáil Bhliantúil Iomaíochta 2022 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle an Aontais Eorpaigh, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún. Tugtar tuairisc ann ar na príomhfhorbairtí i mbeartas iomaíochta an Aontais agus i bhforfheidhmiú an bheartais sin le linn 2022.
Bíonn tréimhsí suaiteacha dothuartha san Eoraip. De réir mar a thosaigh an bhliain 2022, chúlaigh phaindéim COVID-19, agus bhí an tAontas ar chonair i dtreo téarnamh eacnamaíoch. Tháinig Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta (‘RRPanna’) fhormhór thíortha an Aontais i bhfeidhm agus eisíocadh na chéad chistí leis na Ballstáit, rud a chuir le téarnamh an Aontais le hinfheistíochtaí a bhí spriocdhírithe go maith. Mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine tharla mórshuaitheadh láithreach i ngeilleagar an Aontais agus éilíodh gníomhaíocht chomhordaithe chun soláthairtí fuinnimh leordhóthanacha agus inacmhainne a áirithiú, cobhsaíocht eacnamaíoch agus airgeadais a chosaint, slándáil bia agus teaghlaigh agus cuideachtaí leochaileacha a chosaint. Agus aghaidh á tabhairt ar na dúshláin sin, bhí na hoibleagáidí maidir leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach a bhaint amach ann i gcónaí.
Faoi cheannaireacht an Uachtaráin von der Leyen, d'úsáid an Coimisiún na hionstraimí beartais a bhí ar fáil dó chun meascán beartais a chruthú agus a chur chun feidhme, arbh uirlisí iad a dearadh chun éifeachtaí diúltacha chogadh na Rúise in aghaidh na hÚcráine ar gheilleagar foriomlán an Aontais, ar a ghnólachtaí agus ar a dhaonra a mhaolú, agus deireadh á chur de réir a chéile le bearta éigeandála an Aontais a cuireadh chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19.
I mí an Mhárta 2022, ghlac an Coimisiún Creat Sealadach Géarchéime ionas go mbeadh na Ballstáit ábalta tacú le cuideachtaí agus earnálacha a ndeachaigh na forbairtí geopholaitiúla i gcion go mór orthu i gcomhréir le rialacha státchabhrach an Aontais. Mar fhreagairt ar shuaitheamh an mhargaí fuinnimh dhomhanda, ghlac an Coimisiún an plean REPowerEU i mí na Bealtaine 2022 (ar foilsíodh a achoimre i mí an Mhárta 2022). Leagtar amach sa phlean bealaí chun tosaigh chun earnáil fuinnimh an Aontais a choigeartú, dul i ngleic le praghsanna arda fuinnimh agus an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú. I mí Dheireadh Fómhair 2022, mhol an Coimisiún rialachán éigeandála nua chun an tionchar atá ag praghsanna arda gáis san Aontas a mhaolú, lena n‑ áirítear trí cheannach comhpháirteach.
In 2022, lean an Coimisiún dá mheastóireacht fhairsing ar chreat bheartas iomaíochta an Aontais lena áirithiú go mbeidh gach ionstraim forfheidhmiúcháin oiriúnach do dhúshláin reatha agus do dhúshláin amach anseo. Ina theannta sin, glacadh uirlisí reachtacha nua lena gcomhlánaítear na huirlisí beartais iomaíochta.
Tháinig an Gníomh um Margaí Digiteacha (‘DMA’) i bhfeidhm i mí na Samhna 2022 agus beidh feidhm aige ó mhí na Bealtaine 2023. Is é is aidhm dó margaí digiteacha a choinneáil inchoimhlinte agus deireadh a chur le cleachtais éagóracha a dhéanann cuideachtaí a fheidhmíonn mar gheatóirí i ngeilleagar na n‑ardán ar líne. Thairis sin, glacadh leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha i mí na Samhna 2022 agus tiocfaidh sé i bhfeidhm in 2023. Dúnfar leis an Rialachán an bhearna rialála sa Mhargadh Aonair, i gcás ina bhfuil fóirdheontais shaobacha margaidh arna ndeonú ag rialtais neamh‑AE nach bhfuiltear á seiceáil den chuid is mó faoi láthair, agus tá fóirdheontais arna ndeonú ag ballstáit faoi réir dlúth‑ghrinnscrúdú faoi rialacha státchabhrach an Aontais.
Le Clár an Mhargaidh Aonair agus a lena chomhpháirt le haghaidh beartas iomaíochta soláthraítear maoiniú cobhsaí i gcomhair tionscadail bheartais agus forfheidhmithe atá ag méadú, do chomhar idirnáisiúnta agus don abhcóideacht an bheartais iomaíochta.
Le linn géarchéime, tá sé níos tábhachtaí ná riamh rialacha iomaíochta an Aontais a fhorfheidmiú go héifeachtach. In 2022, lean an Coimisiún de rialacha iomaíochta an Aontais a fhorfheidhmiú sna réimsí in aghaidh trustaí, rialaithe cumasc agus rialaithe státchabhrach chun tairbhe saoránach agus gnólachtaí de gach méid. Bhí beartas iomaíochta an Aontais, go háirithe beartas státchabhrach, ina chuid ríthábhachtach d'fhreagairt ilghnéitheach an Aontais ar ghéarchéimeanna i gcónaí.
2. Bhí ról ríthábhachtach ag an gCoimisiún maidir le suaitheadh seachtrach eacnamaíocha a mhaolú le linn tréimhsí suaite
2.1. Glacadh an Chreata Shealadaigh Géarchéime chun tacú leis an ngeilleagar i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin agus na Teachtaireachta maidir le hÉigeandáil Fuinnimh
Chun an tionchar diúltach sóisialta agus eacnamaíoch ar an Aontas mar thoradh ar chogadh foghach na Rúise in aghaidh na hÚcráine – i measc ionstraimí beartais eile – a laghdú, bhain an Coimisiún leas arís as solúbthacht na rialacha maidir le státchabhair. Ghlac an Coimisiún an Creat Sealadach Géarchéime
lenar féidir leis na Ballstáit an ganntanas leachtachta a bhíonn roimh ghnóthais ar a bhfuil tionchar díreach nó indíreach ag an suaitheadh tromchúiseach sa gheilleagar a cruthaíodh mar gheall ar ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ar a éifeachtaí díreacha nó indíreacha a leigheas, lena n‑áirítear na smachtbhannaí a fhorchuireann an tAontas agus a chomhpháirtithe idirnáisiúnta agus na frithbhearta arna ndéanamh ag an Rúis. Le linn na bliana, lean an Coimisiún na forbairtí go grinn agus rinne sé measúnú orthu féachaint an raibh gá le tuilleadh athruithe sealadacha ar na rialacha státchabhrach.
Ní mór don Aontas dlús a chur le rolladh amach foinsí inathnuaite fuinnimh agus dlús a chur le dícharbónú a sholáthair fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí REPowerEU
. Sin é an fáth ar leasaigh an Coimisiún an Creat Sealadach Géarchéime i mí Iúil 2022 chun cuidiú leis na Ballstáit scéimeanna a bhunú d'fhuinneamh in‑athnuaite agus do dhícharbónú tionscail. I mí Dheireadh Fómhair 2022, chuir an Coimisiún síneadh leis an gCreat go dtí an 31 Nollaig 2023, agus rinne sé é a leasú chun freastal ar riachtanais na mBallstát atá ag teacht chun cinn chun tacú leis an ngeilleagar i ndiaidh fogha leanúnach na Rúise faoin Úcráin. Leis an leasú simplíodh na rialacha maidir le cúiteamh a thabhairt do ghnólachtaí as costais fuinnimh atá ag ardú, tugadh isteach bearta nua arb é is aidhm dóibh tacú leis an éileamh ar leictreachas a laghdú agus leagtar amach na príomhphrionsabail maidir le hathchaipitliú féideartha, go háirithe do chuideachtaí fuinnimh. Ina theannta sin, leis an gCreat Sealadach Géarchéime arna leasú méadaíodh na huasleibhéil chabhrach do mhéideanna beaga cabhrach agus soláthraíodh solúbthacht bhreise maidir le ráthaíochtaí do chuideachtaí fuinnimh lena riachtanais leachtachta a chumhdach.
Mar gheall ar an ngéarchéim san Úcráin, tá gá ar leith le tacaíocht sócmhainneachta tagtha chun cinn san earnáil fuinnimh, go háirithe an gá méadaithe le comhthaobhachtaí airgeadais le haghaidh gníomhaíochtaí trádála ar an margadh fuinnimh. Dá bhrí sin, tá córas leasaithe sa Chreat Sealadach Géarchéime don chineál sin tacaíochta sócmhainneachta. Ghlac an Coimisiún le scéimeanna earnáilsonracha sa Danmhairg, sa Bheilg agus san Fhionlainn. I mí na Nollag 2022, d'fhormheas an Coimisiún, agus na gealltanais a thug an Ghearmáin á gcur san áireamh, bearta cabhrach do Uniper agus SEFE GmbH lena soláthraítear instealltaí caipitil, go háirithe chun caillteanais a tharla trí ghás a cheannach ag praghsanna margaidh níos airde in ionad gáis nár sholáthair soláthróirí na Rúise faoi chonarthaí fadtéarmacha atá ann cheana a chumhdach.
In 2022, thug roinnt Ballstát fógra faoi bhratscéimeanna, is é sin tacaíocht leathan d'earnálacha eacnamaíocha i gcás ina raibh drochthionchar ag an gcogadh san Úcráin ar chuideachtaí. Formheasadh na bratscéimeanna
sin faoin gCreat Sealadach Géarchéime, i gcomhréir le hAirteagal 107(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (‘CFAE’).
In 2022, ghlac an Coimisiún 195 chinneadh, lenar formheasadh 182 beart náisiúnta ar thug 27 mBallstát fógra ina leith. Ba é EUR 670 billiún an buiséad foriomlán ar thug na Ballstáit fógra ina leith don Choimisiún maidir le bearta státchabhrach den sórt sin. Ba í an Ghearmáin a thug fógra i leith thart ar 53 % den chabhair fhormheasta, ba í an Fhrainc a thug fógra i leith 24 % di agus ba í an Iodáil a thug fógra i leith 7 % di, ach níor thagann nach méideanna sin leis na méideanna a íocadh amach.
2.2. An Creat Sealadach Covid um Státchabhair a chéimniú amach chun tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs ráig an choróinvíris
Lean an Coimisiún le measúnú a dhéanamh ar bhearta cabhrach go díreach faoi Airteagal 107(3)(b) CFAE, Airteagal 107(3)(c) CFAE agus faoin gCreat Sealadach ag tacú leis an ngeilleagar i gcomhthéacs ráig an choróinvíris (‘Creat Sealadach maidir le bearta státchabhrach’)
. Faoi dheireadh 2022, bhí 217 gcinneadh a bhain le COVID-19 glactha ag an gCoimisiún sna Ballstáit uile, lena n‑áirítear cinntí faoin gCreat Sealadach maidir le bearta státchabhrach
. Is laghdú suntasach é sin i gcomparáid le 2021, nuair a glacadh 1180 cinneadh a bhain le COVID-19.
De réir mar a maolaíodh na bearta sláinte poiblí a glacadh i bhfianaise ghéarchéim sláinte COVID-19, chinn an Coimisiún gan an Creat Sealadach maidir le bearta státchabhrach a fhadú níos faide ná an 30 Meitheamh 2022 ach amháin le haghaidh bearta tacaíochta infheistíochta agus tacaíochta sócmhainneachta atá ceadaithe go dtí an 31 Nollaig 2023. Leis an gCreat Sealadach maidir le bearta státchabhrach, ceadaítear go dtí an 30 Meitheamh 2023 aistriú solúbtha faoi choimircí soiléire maidir le hionstraimí fiachais amhail iasachtaí agus ráthaíochtaí a thiontú agus a athstruchtúrú go cineálacha eile cabhrach, mar shampla deontais dhíreacha.
2.3. An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme
Leanadh le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (‘RRF’) - croílár an tionscnaimh Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh - in 2022. Is é is aidhm dó comhtháthú a chur chun cinn i measc na mBallstát trí dhrochthoradh sóisialta agus eacnamaíoch phaindéim COVID-19 a mhaolú agus le gur fearr a bheidh an tAontas ábalta ullmhú do dhúshláin amach anseo, go háirithe trí thacaíocht a thabhairt don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Ní státchabhair atá i gceist le formhór na mbeart a mhaoinítear ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta. As na cinn sin a cháilíonn mar státchabhair, féadfaidh na Ballstáit an tromlach dóibh a chur chun feidhme go díreach, faoi rialachán blocdhíolúine nó faoi rialachán de minimis . Tugadh fógra i leith roinnt beart maidir le réamhúdarú a fháil ón gCoimisiún, áfach. Le linn 2022, ghlac an Coimisiún cinntí státchabhrach maidir le beagnach 80 beart arna maoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta.
3. A áirithiú go bhfanfaidh rialacha iomaíochta oiriúnach don todhchaí – Dul chun cinn ar an gclár oibre fairsing beartais
3.1. Tionscnaimh reachtacha chun na huirlisí beartais iomaíochta a neartú
Tá an Gníomh um Margaí Digiteacha (‘DMA’), a tháinig i bhfeidhm i mí na Samhna 2022, sa chéim cur chun feidhme anois. Is rialachán ex ante é an Gníomh um Margaí Digiteacha arb é is aidhm dó an earnáil dhigiteach a dhéanamh níos córa agus níos inchoimhlinte. Ní mór do chuideachtaí a ainmnítear mar 'gheatóirí' cloí le sraith oibleagáidí agus toirmeasc réamhshainithe. Mar thoradh ar fhorfheidmiú an Ghnímh um Margaí Digiteacha mar aon le forfheidmiú ex post rialacha iomaíochta an Aontais, beidh dálaí margaidh níos córa agus níos iomaíche ann do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí seirbhísí digiteacha sa Mhargadh Aonair. Mar fhorfheidhmitheoir lárnach an Ghnímh um Margaí Digiteacha, oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le húdaráis i mBallstáit de chuid AE. Tá na rialacha nua gan dochar d'fhorfheidhmiú rialacha iomaíochta an Aontais agus rialacha iomaíochta náisiúnta maidir le hiompar aontaobhach.
An Gníomh um Margaí Digiteacha
Leis an nGníomh um Margaí Digiteacha tugtar aghaidh ar chleachtais shistéamacha a d'fhéadfadh teacht chun cinn sna margaí digiteacha. D'fhéadfadh gnólacht ag a bhfuil suíomh mar gheatóir i margadh digiteach a bheith ábalta gníomhú mar rialaitheoir príobháideach de facto, rud a chruthódh bac idir gnólachtaí agus idir gnólachtaí agus úsáideoirí deiridh. Sainítear sa Ghníomh um Margaí Digiteacha sraith critéar chun geatóirí a thagann faoin Rialachán a shainaithint. I gcás ina gcomhlíonann ardán digiteach ar líne na tairseacha cainníochtúla glacfar leis gur geatóir é. Áirítear leis na critéir chainníochtúla, mar shampla, líon na n‑úsáideoirí gnó gníomhacha bliantúla agus líon na n‑úsáideoirí deiridh gníomhacha míosúla. Meastar gur geatóirí iad gnólachtaí a sháraíonn na tairseacha a leagtar síos leis an Rialachán agus a bhfuil suíomh daingean acu ar an margadh. Tugtar deis dóibh leis sin de ghnáth tionchar diúltach a imirt ar dhinimic an mhargaidh. Beidh an Coimisiún ábalta geatóirí a ainmniú ina n‑aonar trí mheasúnuithe cáilíochtúla a dhéanamh. Beidh ar gheatóirí ainmnithe sraith rialacha comhchuibhithe a chomhlíonadh, rialacha a dearadh chun margaí croísheirbhísí ardáin a choinneáil inchoimhlinte agus iompar éagórach a shrianadh. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhchomhlíontacht fhéideartha na n‑oibleagáidí, féadfar fíneálacha suas le 10 % de láimhdeachas domhanda an ghnóthais a fhorchur. Thairis sin, i gcás neamhchomhlíonadh córasach, d'fhéadfaí leigheasanna comhréireacha iompraíochta nó struchtúracha a fhorchur ar ghnólachtaí den sórt sin.
I mí na Samhna 2022, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an Rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach (FSR). Dúntar bearna rialála leis an Rialachán, rud a théann i ngleic le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar iomaíocht sa Mhargadh Aonair. Beidh an Coimisiún ábalta imscrúdú a dhéanamh go luath ar na héifeachtaí saobhacha arb é tacaíocht ó Stát eachtrach den sórt sin is cúis leo agus iad a chúiteamh de réir mar is iomchuí. Tá trí uirlis san áireamh sa Rialachán : (i.) comhchruinnithe beartaithe i gcás ina bhfuil láimhdeachas EUR 500 milliún ar a laghad ag ceann amháin ar a laghad de na gnóthais atá ag cumasc, ag an gcomhfhiontar nó ag an ngnóthas a fuarthas agus i gcás ina sáróidh an ranníocaíocht airgeadais eachtrach EUR 50 milliún, ní mór fógra ina leith a thabhairt don Choimisiún; (ii.) tairiscintí i nósanna imeachta soláthair poiblí an Aontais ina mbeidh ranníocaíocht airgeadais eachtrach i gcás inarb ionann luach an tsoláthair agus ar a laghad EUR 250 milliún, b’éigean fógra ina leith a thabhairt don Choimisiún; agus (iii.) cumhachtófar an Coimisiún chun imscrúdú a dhéanamh ex officio ar chásanna margaidh eile. Beidh inniúlacht eisiach ag an gCoimisiún chun Rialachán maidir le fóirdheontais eachtracha lena saobhtar an margadh inmheánach a fhorfheidhmiú. I gcás gur mhó éifeachtaí diúltacha an fhóirdheontais eachtraigh ná éifeachtaí dearfacha, beidh an chumhacht ag an gCoimisiún bearta sásaimh a fhorchur nó glacadh le gealltanais maidir leis an saobhadh a leigheas. D'fhéadfadh sé go n‑áireofaí le bearta agus le gealltanais den sórt sin réimse leigheasanna struchtúracha nó iompraíochta, amhail sócmhainní áirithe a dhífheistiú nó iompraíocht mhargaidh áirithe a thoirmeasc. Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún freisin comhchruinniú fóirdheonaithe a thoirmeasc nó bronnadh conartha soláthair phoiblí ar thairgeoir fóirdheonaithe a thoirmeasc.
Beidh feidhm ag an rialachán ón 12 Iúil 2023 agus beidh na fógraí éigeantach ón 12 Deireadh Fómhair 2023.
3.2. Rialacha agus treoraíocht maidir le cumaisc agus in aghaidh trustaí a nuashonrú chun iad a dhéanamh oiriúnach do dhúshláin nua
Glacadh le Rialachán nua Blocdhíolúine Ingearach agus Treoirlínte Ingearacha
Toirmisctear le hAirteagal 101(1) CFAE comhaontuithe ingearacha idir dhá ghnóthas nó níos mó a oibríonn ar leibhéil éagsúla den slabhra táirgthe nó dáileacháin, má chuirtear srian le hiomaíocht leis na comhaontuithe sin. Mar sin féin, faoi Airteagal 101(3) CFAE, tá comhaontuithe den sórt sin comhoiriúnach leis an Margadh Aonair ar choinníoll go gcuidíonn siad le feabhas a chur ar tháirgeadh nó ar dháileadh earraí nó go gcuidíonn siad leis an dul chun cinn teicniúil nó eacnamaíoch, agus ag an am céanna go bhféadann custaiméirí a gcion cothrom a fháil de na tairbhí a thiocfaidh as agus nach gcuirtear deireadh leis an iomaíocht. I mí na Bealtaine 2022, ghlac an Coimisiún an Rialachán nua maidir le Blocdhíolúine Ingearach (‘VBER’)
, in éineacht leis na Treoirlínte Ingearacha
nua, rud a chuideoidh le gnólachtaí measúnú a dhéanamh ar chomhoiriúnacht a gcomhaontuithe soláthair agus dáileacháin le rialacha iomaíochta an Aontais. Cuirtear forbairtí margaidh san áireamh sna rialacha nua amhail an méadú ar dhíolacháin ar líne agus teacht chun cinn gníomhaithe nua amhail ardáin. Le soiléireacht mhéadaithe agus níos mó trédhearcachta cuidítear le gnólachtaí comhlíonadh a bhaint amach ar chostas níos ísle - tá sé sin tairbheach go háirithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
Dréachtrialacha maidir le comhaontuithe maidir le comhar cothrománach arna bhfoilsiú
D'fhéadfaí gnóthachain éifeachtúlachta tábhachtacha a bheith mar thoradh ar chomhar cothrománach idir gnólachtaí iomaíocha i gcúinsí áirithe. Mar shampla, d'fhéadfadh comhar den sórt sin dul chun tairbhe tomhaltóirí nó tionchar earnála ar an gcomhshaol a laghdú. Sin é an fáth a soláthraíonn an Coimisiún tearmainn ar fáil do chineálacha áirithe comhaontuithe um comhar cothrománach. Lena áirithiú go mbeidh na rialacha maidir le comhaontuithe um chomhar cothrománach oiriúnach don fheidhm i gcónaí, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach, sheol an Coimisiún, i mí an Mhárta 2022, comhairliúchán le páirtithe leasmhara ar na dréacht‑Rialacháin Chothrománacha athbhreithnithe Blocdhíolúine maidir le Taighde agus Forbairt agus comhaontuithe Speisialtóireachta agus ar na dréacht‑Treoirlínte Cothrománacha athbhreithnithe. Áirítear leis na rialacha atá beartaithe treoir nua lena bhféachtar lena dhéanamh níos éasca do chuideachtaí comhoibriú le chéile chun cuspóirí inbhuanaitheachta a bhaint amach. Soláthraítear leis na rialacha atá beartaithe treoir bhreise agus deimhneacht dhlíthiúil freisin do chuideachtaí i réimsí amhail comhroinnt sonraí, comhaontuithe comhroinnte bonneagair mhóibíligh agus cuibhreannais tairisceana. I mí na Nollag 2022, ghlac an Coimisiún dhá rialachán lena leathnaítear bailíocht na rialachán cothrománach blocdhíolúine maidir le comhaontuithe taighde agus forbartha agus speisialtóireachta. Bhí na rialacháin blocdhíolúine le dul in éag an 31 Nollaig 2022 agus chuir an Coimisiún síneadh leo go dtí an 30 Meitheamh 2023.
Dréacht‑Rialachán Blocdhíolúine um Mótarfheithiclí agus Treoirlínte Forlíontacha foilsithe
Tá tábhacht atá ag méadú i gcónaí ag baint le sonraí a ghintear ó fheithiclí ó thaobh iomaíochta d'oibreoirí deisiúcháin agus cothabhála de. Tá córas sonrach ag an gCoimisiún maidir le comhaontuithe ingearacha san earnáil, atá á athbhreithniú faoi láthair. I mí Iúil 2022, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le páirtithe leasmhara maidir le dréacht‑Rialachán lena gcuirtear síneadh le tréimhse bhailíochta Rialachán 461/2010 ('Rialachán Blocdhíolúine um Mótarfheithiclí'), mar aon le dréacht‑Teachtaireacht lena leasaítear an Fógra ón gCoimisiún ina bhfuil na Treoirlínte Forlíontacha maidir le haghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le sonraí. Leis na hathruithe atá beartaithe soláthrófar soiléireacht do chuideachtaí maidir leis an dóigh a mbreathnaíonn an Coimisiún ar shaincheisteanna a bhaineann le rochtain ar shonraí arna nginiúint trí bhraiteoirí na ngluaisteán agus measúnú á dhéanamh acu ar chomhaontuithe ingearacha idir monaróirí feithiclí agus a líonraí údaraithe faoi rialacha iomaíochta an Aontais. Is é an aidhm leis sin an creat a choinneáil i bhfeidhm ar feadh cúig bliana breise go dtí an 31 Bealtaine 2028, agus na prionsabail atá ann cheana a leathnú chun faisnéis theicniúil, uirlisí agus oiliúint a sholáthar is gá chun seirbhísí deisiúcháin agus cothabhála a sholáthar chun sonraí a ghintear ó fheithiclí a chumhdach go soiléir.
Glacadh treoirlínte um chomhaontuithe comhchoiteanna chun feabhas a chur ar dhálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair
Tá líon na ndaoine féinfhostaithe aonair san Aontas réasúnta ard agus tá na dálaí oibre deacra ag chuid díobh. Is féidir le caibidlíocht chomhchoiteann a bheith ina huirlis chumhachtach maidir le feabhas a chur ar dhálaí oibre dá leithéid. I mí Mheán Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún Treoirlínte maidir le cur i bhfeidhm dhlí iomaíochta an Aontais ar chomhaontuithe comhchoiteanna i ndáil le dálaí oibre daoine féinfhostaithe aonair
. Is é is cuspóir do na Treoirlínte míniú a thabhairt ar na himthosca nach mbeidh dlí iomaíochta an Aontais ina bhac ar chomhaontuithe comhchoiteanna chun dálaí oibre a fheabhsú.
Bunaithe ar chásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, tugtar tuairisc sna Treoirlínte ar chásanna ina bhféadfadh daoine féinfhostaithe aonair a bheith inchomparáide le hoibrithe agus soiléirítear iontu nach dtagann a gcomhaontuithe comhchoiteanna faoi raon feidhme Airteagal 101 CFAE. Cumhdaítear leis sin daoine féinfhostaithe aonair atá i gcleithiúnas eacnamaíoch, iad siúd a oibríonn taobh le taobh le hoibrithe agus iad siúd a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí trí ardáin saothair dhigitigh. Ina theannta sin, soiléirítear sna Treoirlínte, i gcásanna áirithe, i gcás ina mbíonn deacrachtaí ag daoine féinfhostaithe nach bhfuil i staid atá inchomparáide le cás oibrithe tionchar a imirt ar a ndálaí oibre mar gheall ar staid lag idirbheartaíochta, nach ndéanfaidh an Coimisiún idirghabháil i gcoinne catagóirí áirithe comhaontuithe comhmhargála.
Glacadh Fógra Treorach Neamhfhoirmiúla athbhreithnithe
Ionas go mbeidh gnólachtaí ábalta treoir neamhfhoirmiúil a iarraidh maidir le rialacha iomaíochta an Aontais a chur i bhfeidhm ar cheisteanna nua nó ar cheisteanna gan réiteach, ghlac an Coimisiún, i mí Dheireadh Fómhair 2022, Fógra Treorach Neamhfhoirmiúla athbhreithnithe. Is céim thábhachtach eile é sin i dtreo trédhearcacht níos fearr agus comhlíonadh níos éasca do ghnólachtaí ar mian leo a áirithiú go gcloíonn siad le rialacha iomaíochta.
Foilsíodh dréachtfhógra um Shainmhíniú ar an Margadh
I mí na Samhna 2022, d'fhoilsigh an Coimisiún dréachtfhógra athbhreithnithe um shainmhíniú ar an margadh le haghaidh comhairliúchán poiblí. Tógann an dréachtfhógra athbhreithnithe um shainmhíniú ar an margadh le conclúidí na meastóireachta a foilsíodh i mí Iúil 2021. Tá an Dréachtfhógra athbhreithnithe mar thoradh ar phróiseas athbhreithnithe críochnúil a seoladh den chéad uair in Aibreán 2020. Nuashonraítear leis an dréacht Fógra 1997 atá i bhfeidhm faoi láthair agus forbairtí suntasacha na mblianta idir an dá linn á gcur san áireamh, go háirithe digitiú agus bealaí nua chun earraí agus seirbhísí a thairiscint, agus lena léirítear freisin cineál idirnasctha agus domhandaithe na malartuithe tráchtála. Ar bhonn na fianaise a bailíodh le linn an chomhairliúcháin, déanfaidh an Coimisiún an dréacht a athbhreithniú agus a thabhairt chun críche d'fhonn Fógra nua um Shainmhíniú ar an Margadh a ghlacadh in 2023.
Foilsíodh an Dréacht‑Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Cumasc agus an Dréachtfhógra athbhreithnithe maidir leis an Nós Imeachta Simplithe
Léiríodh
sa mheastóireacht ar na gnéithe nós imeachta agus dlínse um rialú cumasc an Aontais go raibh Pacáiste Simplithe 2013 éifeachtach maidir le cur i bhfeidhm nósanna imeachta simplithe a mhéadú maidir le cumaisc nár bhain aon fhadhb leo agus maidir leis an ualach riaracháin a laghdú do ghnólachtaí agus don Choimisiún araon. Léiríodh i dtorthaí na meastóireachta go bhfuil fiúntas ag baint le spriocdhíriú breise a dhéanamh ar rialú um chumasc an Aontais, trí raon feidhme an Fhógra um Nós Imeachta Simplithe a leathnú agus a shoiléiriú agus tríd an Rialachán Cur Chun Feidhme maidir le Cumasc a athbhreithniú, chun an t‑ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar an gCoimisiún a mhaolú tuilleadh. I ndiaidh na meastóireachta, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le Rialachán Cur Chun Feidhme athbhreithnithe maidir le Fógra agus Cumaisc i mí na Bealtaine 2022. An 28 Deireadh Fómhair 2022, ghlac Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Choimisiúin tuairim dhearfach maidir leis an tuarascáil ar an measúnú tionchair. Nuair a ghlacfar an Rialachán agus an Fógra Cur Chun Feidhme athbhreithnithe beifear ábalta tuilleadh simplithe a dhéanamh trí chatagóirí nua cásanna simplithe a thabhairt isteach, nósanna imeachta um chumaisc an Choimisiúin a chuíchóiriú, chomh maith le fógra leictreonach a thabhairt isteach mar an bealach réamhshocraithe chun fógra a thabhairt maidir le hidirbhearta cumaisc.
Treoirlínte nua a ullmhú maidir le comhaontuithe inbhuanaitheachta sa talmhaíocht
Leis an athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta ('CBT') don tréimhse 2023-2027, tugadh isteach eisiamh nua ar Airteagal 101 CFAE, lenar féidir le táirgeoirí talmhaíochta agus oibreoirí eile sa slabhra soláthair agraibhia teacht ar chomhaontú maidir le srianta áirithe ar phraghsanna, ar aschur agus ar eilimintí eile iomaíochta ar choinníoll go mbeidh na srianta sin fíor-riachtanach chun caighdeáin inbhuanaitheachta a bhaint amach a théann níos faide ná na caighdeáin éigeantacha i reachtaíocht an Aontais agus i reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana. Baineann an fhéidearthacht sin le caighdeáin chomhshaoil, sláinte nó leasa ainmhithe áirithe. In 2022, thug an Coimisiún faoi chomhairliúchán poiblí chun na dréacht‑treoirlínte a ullmhú chun míniú a thabhairt ar an eisiamh sin. Is é an aidhm go mbeidh na Treoirlínte i bhfeidhm faoi dheireadh mhí na Nollag 2023.
Leanadh leis an Meastóireacht ar an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Cuibhreannais
Leis an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Cuibhreannais (‘CBER’) is féidir, faoi choinníollacha áirithe, le cuideachtaí loingseoireachta líneála (ar a dtugtar iompróirí freisin) comhoibriú le chéile agus seirbhísí comhpháirteacha a sholáthar. Ós rud é go bhfuil n Rialachán Blocdhíolúine maidir le Cuibhreannais le dul in éag an 25 Aibreán 2024, sheol an Coimisiún próiseas meastóireachta chun a mheas an bhfuil an Rialachán fós oiriúnach don fheidhm. Cuirfear bonn eolais leis an meastóireacht faoi cinneadh an Choimisiúin maidir le síneadh breise a chur leis an n Rialachán Blocdhíolúine maidir le Cuibhreannais, é a leathnú le hathruithe nó é a aisghairm.
Seoladh Meastóireacht ar an Rialachán 1/2003
Le Rialachán 1/2003 lena ghníomh cur chun feidhme, 773/2004 bunaítear creat nós imeachta lena ndírítear ar chur i bhfeidhm éifeachtach aonfhoirmeach Airteagal 101 agus Airteagal 102 CFAE a áirithiú san Aontas Eorpach. Tháinig dúshláin nua chun cinn le himeacht ama maidir le rialacha iomaíochta a fhorfheidhmiú, mar shampla digitiú an gheilleagair agus an chastacht atá ag méadú maidir leis na himscrúduithe in aghaidh trustaí. I mí an Mheithimh 2022 d'fhógair an Coimisiún seoladh comhairliúcháin phoiblí inar iarradh aiseolas faoin dóigh ar éirigh leis na Rialacháin ó tháinig siad i bhfeidhm. Is é is aidhm don chomhairliúcháin fianaise agus tuairimí a bhailiú maidir leis na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm sna himscrúduithe in aghaidh trustaí.
3.3. Rialacha agus treoraíocht maidir le státchabhair a nuachóiriú chun iad a chur in oiriúint do dhúshláin nua
Tháinig treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh i bhfeidhm
Glacadh na Treoirlínte maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Cúnamh Fuinnimh agus tháinig siad i bhfeidhm i mí Eanáir 2022. Tá siad curtha in ionad na dTreoirlínte um Chaomhnú Comhshaoil agus um Chúnamh Fuinnimh a bhí infheidhme roimhe seo, chun an creat a chur i gcomhréir le cuspóirí an Aontais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh do 2030 agus 2050. Leis na Treoirlínte maidir leis an Aeráid, Cosaint an Chomhshaoil agus Cúnamh Fuinnimh cuirtear ar chumas na mBallstát tacú leis na hiarrachtaí maidir le dícharbónú, an geilleagar ciorclach, bithéagsúlacht, soghluaisteacht ghlan nó astaíochtaí nialasacha agus éifeachtúlacht fuinnimh.
Glacadh creat státchabhrach athbhreithnithe don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht
Tacaíonn an Coimisiún le forbairt agus imlonnú tapa teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus ar thús cadhnaíochta, rud a éascaíonn aistriú glas agus aistriú digiteach gheilleagar an Aontais agus cion á chur leis an gClár Oibre Nuálaíochta Eorpach nua. I mí Dheireadh Fómhair 2022, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht athbhreithnithe maidir le rialacha státchabhrach don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht, ina leagtar amach na rialacha faoinar féidir leis na Ballstáit státchabhair a dheonú do chuideachtaí le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus nuálaíochta.
Glacadh rialacha maidir le státchabhair san earnáil talmhaíochta agus san earnáil foraoiseachta agus i gceantair thuaithe atá oiriúnach don aistriú glas
Agus an bhéim ar na rialacha státchabhrach a ailíniú le tosaíochtaí straitéiseacha reatha an Aontais, go háirithe Pleananna Straitéiseacha an Chomhbheartais Talmhaíochta, an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc in 2022, ghlac an Coimisiún sraith nua rialacha státchabhrach don earnáil talmhaíochta agus don earnáil foraoiseachta agus do cheantair thuaithe: na Treoirlínte maidir le Státchabhair san earnáil talmhaíochta agus san earnáil foraoiseachta agus i gceantair thuaitheagus an Rialachán Blocdhíolúine maidir le Talmhaíocht. I mí Eanáir 2022, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú beartaithe ar na rialacha, comhairliúchán a mhair go dtí mí an Mhárta 2022. A bhuí leis an athbhreithniú atá beartaithe bheadh sé níos éasca agus níos gasta do na Ballstáit maoiniú a sholáthar don earnáil talmhaíochta agus don earnáil foraoiseachta agus i gceantair thuaithe, gan bheith ina chúis le saobhadh míchuí iomaíochta sa Mhargadh Aonair.
Rialacha maidir le státchabhair san earnáil iascaigh agus san earnáil dobharshaothraithe
In 2022, ghlac an Coimisiún rialachán blocdhíolúine nua don earnáil iascaigh agus don earnáil dobharshaothraithe agus d'eisigh sé Treoirlínte nua maidir le státchabhair san earnáil iascaigh agus dan earnáil dobharshaothraithe. Is é is aidhm do na Treoirlínte athbhreithnithe a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt eacnamaíoch san iascach agus sa dobharshaothrú ag cloí go hiomlán leis an gComhbheartas Iascaigh (‘CBI’), go háirithe stoic éisc agus an comhshaol a chosaint. Cuirtear san áireamh sna Treoirlínte forbairtí tábhachtacha beartais agus rialála sna hearnálacha sin, go háirithe teacht i bhfeidhm an Rialacháin lena gcruthaítear an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, comhpháirt de CBI. Ar deireadh, chuir an Coimisiún síneadh leis an Rialachán reatha maidir le hIascach De Minimis go dtí an 31 Nollaig 2023.
Leanadh leis an Athbhreithniú ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine maidir le Státchabhair
Tá an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine maidir le Státchabhair á fhadú agus á athbhreithniú chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a éascú. Comhlánófar leis na leasuithe sin na hathbhreithnithe ar na Treoirlínte maidir le cabhair réigiúnach, maidir le cabhair le haghaidh taighde agus forbartha agus nuálaíochta, maidir le cúnamh maoiniúcháin riosca, maidir le cabhair chun líonraí leathanbhanda a imlonnú agus maidir le cabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an leasú ar an Rialachán Ginearálta Blocdhíolúine a ghlacadh in 2023.
Rialacha athbhreithnithe maidir le státchabhair ón gCoimisiún do Líonraí Leathanbhanda
I ndiaidh comhairliúchán poiblí, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht athbhreithnithe maidir le Státchabhair do líonraí leathanbhanda ('Treoirlínte maidir le Leathanbhanda') i mí na Nollag 2022. Tugtar tuairisc sna Treoirlínte Leathanbhanda athbhreithnithe ar an dóigh a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhearta státchabhrach arna cuireadh in iúl ag na Ballstáit chun tacú le himlonnú agus le glacadh líonraí leathanbhanda san Aontas Eorpach. Cuireann na rialacha nua le cuspóirí straitéiseacha an Aontais maidir le nascacht ghigighiotán agus clúdach 5G a áirithiú do gach duine.
Rialacha arna moladh ag an gCoimisiún chun simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta um státchabhair don iompar glas
I mí Iúil 2022, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán nua ón gComhairle. Ghlac an Chomhairle an Rialachán i mí na Nollag 2022. Leis an Rialachán, cuirtear ar a chumas don Choimisiún rialacháin a ghlacadh lena ndíolmhófar bearta cabhrach réamhfhógra maidir le hiompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach i gcomhréir le hAirteagal 93 CFAE. Is é is aidhm do thionscnamh an Choimisiúin simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta maidir le státchabhair lena dtacaítear le modhanna iompair ghlais, amhail iompar ar iarnród, iompar ar uiscebhealaí intíre agus iompar ilmhódach. Baineann sé go dlúth leis an athbhreithniú ar na Treoirlínte Iarnróid ar lean an Coimisiún ag obair orthu i gcomhthráth in 2022. Is é is aidhm do na Treoirlínte sin an t‑aistriú córa iompair ó iompar de bhóthar go hiompar d'iarnród a chur chun cinn agus ar an dóigh sin cuideoidh siad leis na cuspóirí aeráide a bhaint amach.
Treochlár le haghaidh síneadh féideartha ar na Treoirlínte Eitlíochta
I mí Iúil 2022, d'fhoilsigh an Coimisiún Treochlár lena gcuirtear páirtithe leasmhara agus páirtithe leasmhara eile ar an eolas faoi na deiseanna síneadh bliana go trí bliana a chur leis na rialacha maidir le cabhair oibriúcháin a chuimsítear sna Treoirlínte Eitlíochta. Is é an cuspóir a bheadh le síneadh den sórt sin teip fhéideartha aerfort réigiúnach mar gheall ar thionchar ghéarchéim COVID-19 a sheachaint sula ndéanfar athbhreithniú iomlán ar na Treoirlínte Eitlíochta.
3.4. Modhanna oibre Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta a nuachóiriú chun freastal ar riachtanais fhorfheidhmithe atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo
In 2022, lean Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta leis na hiarrachtaí a próisis imscrúdaithe agus gníomhaíochtaí eile a dhéanamh níos éifeachtaí, trí uirlisí digiteacha a úsáid i gcomhréir lena Straitéis Dhigiteach. Laghdaigh Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta an t‑ualach rialála do pháirtithe atá fós ag baint úsáid as na uirlisí Státchabhrach um Thuairisciú Idirghníomhach (‘SARI2’), ‘eConfidentiality’ agus ‘eRFI’. Thairis sin, rinne Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta a hardán ‘eLeniency’ a uasghrádú chun rochtain éasca shlán ar dhoiciméid ar líne a sholáthar do chuideachtaí a bhfuil baint acu le himeachtaí cairtéil agus in aghaidh trustaí.
Éascaíodh forfheidhmiú dhlí iomaíochta an Aontais tuilleadh trí infheistíocht leanúnach i réitigh dhigiteacha úrscothacha, lena n‑áirítear an córas bainistíochta cásanna CASE@EC. I bhfianaise chineál íogair agus rúnda na faisnéise a bhíonn á láimhseáil aici, lean Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta le pleananna slándála TF um réitigh dhigiteacha, idir chinn nua agus chinn atá ann cheana féin, a thabhairt cothrom le dáta. Thairis sin, chuir AS na hIomaíochta bearta breise sábháilteachta agus faireacháin i bhfeidhm chun cibearshlándáil agus cibear-athléimneacht leanúnach a áirithiú in 2022 agus ina dhiaidh sin. Tá Straitéis Dhigiteach inmheánach Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta fréamhaithe i Straitéis Dhigiteach den Chéad Ghlúin Eile an Choimisiúin Eorpaigh a glacadh in 2022.
In 2022, d'fhorbair Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta a cuid uirlisí imscrúdaithe dhigitigh tuilleadh trí úsáid a bhaint as seirbhísí faisnéise corparáidí, sonraí agus meaisínfhoghlama. Athainmníodh mar aonad tiomnaithe lena ndéantar anailís faisnéise agus imscrúdaithe chomh maith le tacaíocht fhóiréinseach TF a sholáthar mar ‘Anailís agus Teicneolaíocht Sonraí’. Tuairisceoidh an t‑aonad don Phríomhoifigeach Teicneolaíochta, post nua-chruthaithe a bheidh ceangailte leis an Ard‑Stiúrthóir. Tacóidh an Príomhoifigeach Teicneolaíochta le cúraimí forfheidhmithe agus faireacháin margaidh a dhéantar de réir sonraí níos mó agus níos mó, ag obair i ndlúthchomhar le go leor ranna eile laistigh den Ard‑Stiúrthóireacht Iomaíochta. I mí na Nollag 2022, cruthaíodh Stiúrthóireacht nua a bheidh freagrach as cur chun feidhme DMA.
In 2022, lean an Coimisiún lena ghníomhaíochtaí abhcóideachta agus for-rochtana maidir le beartas iomaíochta ar leibhéil éagsúla chun tacú le héifeacht beartais iomaíochta an Aontais, go nótáilte leis an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager ag glacadh páirte in imeachtaí agus i bpreasagallaimh. Eagraíodh gníomhaíochtaí for-rochtana tiomnaithe ar leibhéal na mBallstát chun preaseisiúintí, faisnéisí beartais, nuachtlitreacha agus bealaí cumarsáide na meán sóisialta a chomhlánú.
4. Chuir forfheidhmiú beartais iomaíochta le príomhaidhmeanna an Choimisiúin
Trí bhíthin fhorfheidhmiú bheartas iomaíochta an Aontais, soláthraítear tairbhí suntasacha do thomhaltóirí agus do chustaiméirí. Measann Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta go bhfuil coigilteas díreach custaiméirí a ghintear le forfheidhmiú in aghaidh trustaí agus cumasc an Choimisiúin thar an tréimhse 2012-2021 idir EUR 120 billiún agus EUR 210 mbilliún. Ar an meán, ghin forfheidhmiú in aghaidh trustaí agus cumasc thart ar EUR 12 bhilliún go EUR 21 bhilliún i dtairbhí díreacha do chustaiméirí in aghaidh na bliana (féach an graf thíos).
I dteannta na meastachán sin, áirítear an méid seo a leanas ar na tairbhí foriomlána do chustaiméirí a mheastar a bheith á gcruthú trí fhorfheidhmiú an bheartais iomaíochta:
(1) éifeachtaí indíreacha nó díspreagtha arna gcruthú le forfheidhmiú, mar shampla nuair a staonann gnólachtaí ó bheith ag gabháil d'iompar frithiomaíoch nó nuair a thugann siad comhaontuithe frithiomaíocha cumaisc i gcrích; agus
(2) éifeachtaí dearfacha ar nuálaíocht agus ar cháilíocht an táirge nó na seirbhíse.
Tá sé deacair meastachán a dhéanamh ar éifeachtaí indíreacha díspreagtha. Mar sin féin, aontaíonn eacnamaithe gur dócha go mbeidh an coigealtas indíreach do chustaiméirí níos mó ná an coigilteas díreach do chustaiméirí. Le samhaltú a rinneadh le déanaí ar éifeachtaí maicreacnamaíocha fhorfheidhmiú an bheartais iomaíochta tugadh le fios gur dócha go mbeidh tionchar dearfach ag an gcoigilteas in aghaidh trustaí agus forfheidhmithe cumasc a ghin an Coimisiún le deich mbliana anuas ar OTI an Aontais de thart ar 0.6 % - 1.1 % (a chomhfhreagraíonn do EUR 90-160 billiún in aghaidh na bliana) sa mheántéarma go dtí an fadtéarma.
I mí Dheireadh Fómhair 2022, d'fhoilsigh an Coimisiún suirbhé Eorabharaiméadair 2022 a dhírítear ar bheartas iomaíochta an Aontais. Léirítear go soiléir leis na torthaí go gcuirfear feabhas le margaí iomaíocha a fheidhmíonn go maith ar ghnáthshaol laethúil daoine agus go bhfuil tionchar dearfach acu ar FBManna. Le margaí iomaíocha soláthraítear praghsanna níos ísle, soláthraítear níos mó rogha agus soláthraítear táirgí agus seirbhísí níos nuálaí.
4.1. Chuidigh forfheidhmiú beartais iomaíochta leis an aistriú digiteach agus Margadh Aonair atá láidir agus athléimneach
Leis an bpríomh‑uaillmhian 'Eoraip atá oiriúnach don aois dhigiteach', shainmhínigh an tUachtarán von der Leyen an réimse digiteach mar cheann dá príomhthosaíochtaí don Choimisiún. I margaí iomaíocha, ní mór do chuideachtaí a bheith nuáil agus a bheith éifeachtach chun fás. Tá forfheidhmiú éifeachtach de rialacha iomaíochta agus d'athchóirithe rialála ríthábhachtach maidir le haistriú digiteach gheilleagar an Aontais agus chun athléimneacht an Mhargaidh Aonair a threisiú.
Chuidigh forfheidhmiú in aghaidh trustaí leis an aistriú digiteach agus Margadh Aonair atá láidir agus athléimneach
San earnáil teileachumarsáide, ghlac an Coimisiún sraith gealltanas i mí Iúil 2022 arna dtairgeadh ag T-Mobile CZ, CETIN agusO2 CZ sa tSeicia. Leis na gealltanais sin, leagtar síos an creat maidir leis na héifeachtaí tairbhiúla a bhaineann le comhroinnt líonra, cuirtear teorainn le malartú faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de idir na comhroinnteoirí líonra agus caomhnaítear dreasachtaí teicniúla agus airgeadais do gach páirtí chun acmhainn bhreise líonra a imlonnú iad féin.
Cuireadh borradh faoin iomaíocht mhiondíola agus soláthraíodh rogha níos leithne agus praghsanna níos fearr do thomhaltóirí leis an ríomhthrádáil. Ní mór don Choimisiún a áirithiú nach gcuirfidh ardáin mhóra ar líne deireadh leis na tairbhí sin trí iompar frithiomaíoch. Sa chomhthéacs sin, chinn an Coimisiún scrúdú a dhéanamh ar chleachtais ghnó Amazon agus ar a ról déach mar mhargadh agus mar mhiondíoltóir. I mí Iúil 2022, d'iarr an Coimisiún barúlacha maidir le gealltanais a thairgeann Amazon chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní iomaíochta maidir lena úsáid as sonraí díoltóirí neamhphoiblí margaidh agus maidir le claonadh féideartha rochtain díoltóirí ar 'Buy Box' agus ar a chlár ‘Prime’ a dheonú. I mí na Nollag 2022, chinn an Coimisiún gur tugadh aghaidh leis na gealltanais chríochnaitheacha a thairg Amazon ar ábhair imní an Choimisiúin maidir le hiomaíocht agus gur chuir siad ceangal dlí orthu faoi rialacha an Aontais in aghaidh trustaí.
I mí na Nollag 2022, chuir an Coimisiún Meta ar an eolas faoina réamhthuairim gur sháraigh an chuideachta rialacha an Aontais in aghaidh trustaí trí iomaíocht sna margaí le haghaidh fógraí aicmithe ar líne a shaobhadh. Is ábhar imní é don Choimisiún gur cheangail Meta a sheirbhís fógraíochta aicmithe ar líne, Facebook Marketplace, lena líonra sóisialta pearsanta, Facebook agus faoi gur fhorchuir Meta coinníollacha trádála éagóracha ar iomaitheoirí Facebook Marketplace.
I mí na Nollag 2022 freisin, dhún an Coimisiún imscrúdú a osclaíodh i mí an Mhárta 2022 maidir le comhaontú ar a dtugtar comhaontú ‘Jedi Blue’ idir Google agus Meta le haghaidh seirbhísí fógraíochta taispeána ar líne.
Tá ról ag íocaíochtaí móibíleacha atá ag fás go tapa inár ngeilleagar digiteach agus ba cheart do thomhaltóirí tairbhe a bhaint as réitigh íocaíochta iomaíocha agus nuálacha. In 2022, lean an Coimisiún lena imscrúdú chun a mheas an sáraíonn iompar Apple maidir le Apple Pay rialacha iomaíochta an Aontais. Sa Ráiteas Agóidí, arna eisiúint i mí na Bealtaine 2022, chinn an Coimisiún roimh ré go bhféadfadh sé gur chuir Apple srian le hiomaíocht chun leas a réiteach féin, Apple Pay.
In 2022, thug an Chúirt Ghinearálta roinnt breithiúnas tábhachtach a bhain le gníomhaíochtaí forfheidhmithe in aghaidh trustaí an Choimisiúin.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás Google Android
I mí Mheán Fómhair 2022, dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta den chuid is mó cinneadh 2018 ón gCoimisiún, agus bhain sí de thátal as gur chuir Google srianta mídhleathacha ar mhonaróirí gléasanna Android agus ar oibreoirí líonraí móibíleacha lena cheannasacht i gcuardach ginearálta ar an idirlíon a chaomhnú. Laghdaigh an Chúirt an fhíneáil ó EUR 4.34 billiún go EUR 4.125 billiún. Go sonrach, sheas an Chúirt le cinneadh an Choimisiúin go raibh Android agus iOS bainteach le margaí táirgí ábhartha ar leith. Sheas sé freisin le torthaí an Choimisiúin gur chuir Google srian ar iomaíocht ó sheirbhísí cuardaigh ginearálta iomaíocha agus ó bhrabhsálaithe trí na coinníollacha réamhshuiteála arna bhforchur ag Google ar mhonaróirí gléasanna móibíleacha agus ó leaganacha malartacha de Android agus seirbhísí cuardaigh ginearálta iomaíocha trína chomhaontuithe frith‑ilroinnte.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás Qualcomm
In 2018, ghearr an Coimisiún fíneáil EUR 997 milliún ar Qualcomm, agus chinn sé gur bhain an gnólacht mí‑úsáid as a cheannasacht ar an margadh domhanda le haghaidh foirne sliseanna atá comhoiriúnach leis an gcaighdeán maidir le Líonra Éabhlóide Fadtéarmaí (Líonra LTE). D'aontaigh Qualcomm ‘íocaíochtaí suntasacha’ a dhéanamh le Apple ar choinníoll go n‑úsáidfeadh Apple foirne liseanna Qualcomm ina chuid gléasanna amháin. Chinn an Coimisiún go bhféadfadh éifeachtaí frithiomaíocha a bheith ag na híocaíochtaí eisiachais sin trí dhreasachtaí Apple chun aistriú chuig soláthraithe foirne sliseanna Líonra LTE iomaíocha a laghdú. Chuir Qualcomm in aghaidh an chinnidh, agus d'áitigh sé go raibh earráidí nós imeachta déanta ag an gCoimisiún agus nár leor a mheasúnú ar éifeachtaí frithiomaíocha. Chuir an Chúirt Ghinearálta cinneadh an Choimisiúin ar neamhní ina iomláine, agus fuair sé roinnt neamhrialtachtaí nós imeachta, rud a chuaigh i gcion - de réir na Cúirte Ginearálta - ar chearta cosanta Qualcomm. D'easaontaigh an Chúirt Ghinearálta freisin le hanailís an Choimisiúin ar éifeachtaí frithiomaíocha na n‑íocaíochtaí eisiachais.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta i gCás Intel
Chuir an Chúirt Ghinearálta cuid de chinneadh an Choimisiúin ó 2009 ar neamhní i bpáirt, cinneadh lenar gearradh fíneáil EUR 1.06 billiún ar Intel as mí‑úsáid líomhnaithe a bhaint as a cheannasacht trí scéimeanna lacáiste dílseachta agus íocaíochtaí eisiachais eile a thairiscint. Chuir an breithiúnas breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i bhfeidhm ar achomharc i gcoinne bhreithiúnas 2014 na Cúirte Ginearálta in Intel, a dhearbhaigh go raibh earráid déanta ag an gCúirt Ghinearálta gan an anailís eacnamaíoch ar ar bhrath Intel a chur san áireamh lena thaispeáint nach bhféadfaí iomaíocht a shrianadh le lacáistí. Chinn an Chúirt Ghinearálta gur lochtach a bhí 'tástáil an iomaitheora éifeachtúil' a cuireadh i bhfeidhm sa Chinneadh chun cumas lacáistí Intel iomaíocht a chosc a dhearbhú, agus nár scrúdaigh an Coimisiún táscairí cumais eile go leordhóthanach chun bac a chur. Tá achomharc déanta ag an gCoimisiún ar bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta.
Chuidigh rialú cumasc leis an aistriú digiteach agus Margadh Aonair atá láidir agus athléimneach
In 2022, bhí gníomhaíochtaí rialaithe cumasc an Choimisiúin fós ar ardleibhéal. Ghlac an Coimisiún 368 chinneadh cumaisc in earnálacha éagsúla (in 2021 ghlac an Coimisiún 396 chinneadh cumaisc), ar formheasadh 291 díobh tar éis nós imeachta simplithe. Rinne an Coimisiún idiragairt in 14 éadáil bheartaithe, ar formheasadh 12 idirbheart díobh faoi réir coinníollacha agus cuireadh toirmeasc ar dhá cheann díobh. Thréig na páirtithe ceithre idirbheart dár tugadh fógra, agus aistarraingíodh iad i gCéim II.
I mí Eanáir 2022, chuir an Coimisiún toirmeasc ar éadáil Daewoo Shipbuilding & Marine Engineering CO., Ltd ag Hyundai Heavy Industries Holdings . De réir an Choimisiúin, chruthófaí leis an gcumasc idir an dá thógálaí long ceannasacht don ghnólacht nua-chumaiscthe, agus laghdófaí an iomaíocht sa mhargadh domhanda le haghaidh tógáil iompróirí móra do ghás leachtaithe. Ós rud é nár cuireadh aon leigheasanna isteach, bheadh níos lú soláthraithe agus praghsanna níos airde mar thoradh ar an gcumasc.
I mí Eanáir 2022, i ndiaidh grinn‑imscrúdú agus faoi réir coinníollacha, d’fhormheas an Coimisiún éadáil Kustomer ag Meta. Chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní maidir leis an iomaíocht a shainaithin an Coimisiún, thairg Meta gealltanais chuimsitheacha maidir le rochtain ar na comhéadain feidhmchlár do chainéil teachtaireachtaí Meta ar feadh tréimhse deich mbliana. Rinne an Coimisiún athbhreithniú cúramach ar an éadáil toisc go bhféadfaí le hidirbhearta amhail an ceann sin gníomhaithe móra a bhfuil tionchar níos mó acu ar an ngeilleagar digiteach a neartú tuilleadh, beag beann ar mhéid na sprioc-chuideachta. Áirithítear leis na gealltanais a thairgeann Meta go mbeidh rochtain saor in aisce agus inchomparáide ag a iomaitheoirí ar chainéil teachtaireachtaí tábhachtacha Meta.
I mí an Mheithimh 2022, d'fhormheas an Coimisiún éadáil Welbilt ag Ali Group faoi réir coinníollacha. Is soláthraithe domhanda trealaimh cistine ghairmiúil iad Ali Group agus Welbilt, lena n‑áirítear meaisíní déanta oighir a úsáidtear san earnáil fáilteachais agus san earnáil tionsclaíochta. I measc na ngealltanas a thairgtear sa chás seo tá dífheistiú ghnó meaisíní déanta oighir iomlán Welbilt. Áithitheofar leis sin go leanfaidh gníomhaí nua ar an margadh le brú a chru ar iomaíoch ar an eintiteas cumaiscthe, agus go gcoinneoidh custaiméirí rogha soláthróirí.
I mí Mheán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún toirmeasc ar éadáil Illumina de GRAIL a cuireadh chun feidhme roimh am i ndiaidh grinn‑scrúdú. Is é Illumina an príomhsholáthraí maidir le córais NGS le haghaidh anailís ghéiniteach agus ghéanómach. Is custaiméir de chuid Illumina é GRAIL, agus úsáideann sé a chórais NGS chun tástálacha braite ailse a fhorbairt. Fuair an Coimisiún, go mbeadh dreasacht ag Illumina, leis an idirbheart, iomaitheoirí GRAIL a ghearradh ó rochtain a fháil ar a theicneolaíocht, nó iad a chur faoi mhíbhuntáiste ar shlí eile agus ar an dóigh sin srian a chur ar iomaíocht nuálaíochta sa mhargadh nascent le haghaidh tástálacha braite ailse bunaithe ar NGS.
In ainneoin ghrinn‑imscrúdú an Choimisiúin atá ar feitheamh, chuir na cuideachtaí an t‑idirbheart chun feidhme i mí Lúnasa 2021. Mar fhreagairt ar an dúnadh roimh am, ghlac an Coimisiún bearta eatramhacha chun na coinníollacha iomaíochta éifeachtacha a aischur agus a choimeád i ndiaidh do Illumina GRAIL a éadáil. I gcomhthráth leis sin, d'oscail an Coimisiún imscrúdú lena mheas ar sháraigh Illumina an 'oibleagáid neamhghníomhaíochta' a forchuireadh ar idirbhearta atá faoi réir athbhreithnithe faoi Rialachán AE maidir le Cumaisc. Sa chomhthéacs sin, ghlac an Coimisiún Ráiteas Agóidí i mí Iúil 2022, inar líomhnaíodh gur sháraigh Illumina agus GRAIL Rialachán AE maidir le Cumaisc tríd an éadáil a chur chun feidhme sula bhfuair siad formheas rialaithe cumasc an Choimisiúin. Dá dtiocfadh an Coimisiún ar an gconclúid gur chuir Illumina agus GRAIL an t‑idirbheart chun feidhme de shárú ar Rialachán AE maidir le Cumaisc, d'fhéadfadh sé fíneáil suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil domhanda gach cuideachta a ghearradh. Ina theannta sin, i mí na Nollag 2022, sheol an Coimisiún Eorpach Ráiteas Agóidí chuig Illumina agus GRAIL lena gcur ar an eolas faoi bhearta aisiríocha a bhfuil sé beartaithe aige iad a ghlacadh faoi Rialachán AE maidir le Cumaisc, i ndiaidh Chinneadh an Choimisiúin cosc a chur ar éadáil chur chun feidhme GRAIL ag Illumina.
Sheas Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh le hAthbhreithniú Airteagal 22 an Choimisiúin sa rialú maidir le Illumina/GRAIL
I gcás Illumina/GRAIL, thug an Coimisiún a éifeacht iomlán d'Airteagal 22 de Rialachán AE maidir le Cumais trí ghlacadh le tarchur idirbhirt a thit faoi bhun tairseacha fógra náisiúnta. Bhí sé sin de thoradh ar fhógra an Leas‑Uachtaráin Feidhmiúcháin Vestager nach ndéanfadh an Coimisiún na Ballstáit a dhíspreagadh a thuilleadh atreoruithe cásanna a iarraidh ar an gCoimisiún nach bhfuil infhógartha sa Bhallstát atá ag tarchur cáis. Trí chásanna den sórt sin a tharchur chuig an gCoimisiún, áirithítear go bhféadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chumaisc a bhaineann le cuideachtaí a bhfuil láimhdeachais bhliantúla acu nach léirítear leo go hiomchuí a dtionchar ar an iomaíocht le haghaidh na mBallstát atá ag tarchur cáis. D'fhoilsigh an Coimisiún treoir maidir leis an ábhar sin i mí an Mhárta 2021, agus faisnéis phraiticiúil ina dhiaidh sin maidir lena chur chun feidhme i mí na Nollag 2022.
Cheistigh Illumina agus GRAIL na cinntí 2021 ón gCoimisiún lena nglactar le tarchur faoi Airteagal 22 ó roinnt Ballstát/Bhallstáit LEE. I mí Iúil 2022, dhiúltaigh an Chúirt Ghinearálta an t‑iarratas
. Dheimhnigh an Chúirt Ghinearálta nach gá go dtiocfadh idirbhearta faoi Airteagal 22 de Rialachán AE maidir le Cumaisc faoi raon feidhme na rialacha rialaithe cumasc sa Bhallstát a iarrann an tarchur. Deimhnítear le breithiúnas na Cúirte Ginearálta ceart an Choimisiúin dlínse a ghlacadh trí Airteagal 22 maidir le cumaisc in ainneoin go dtagann an t‑idirbheart faoi bhun tairseacha rialaithe cumaisc náisiúnta. Tá an breithiúnas á achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais faoi láthair
.
I mí Iúil 2022, d'oscail an Coimisiún grinn‑imscrúdú chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe VOO agus Brutélé ag Orange. Bhí Orange ina iomaitheoirí ráthúil do sheirbhísí teileachumarsáide Voo/Brutele i gcodanna den Bheilg. Is ábhar cúraim don Choimisiún é go bhféadfaí iomaíocht a laghdú sna margaí miondíola le haghaidh soláthar seirbhísí idirlín seasta, seirbhísí closamhairc agus cuach spraoi ilchineálaigh i gcodanna den Bheilg mar gheall ar an idirbheart beartaithe .
I mí na Samhna 2022, d'oscail an Coimisiún grinn‑imscrúdú chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe Activision Blizzard ag Microsoft. Is ábhar is cúram don Choimisiún é go bhféadfaí iomaíocht a laghdú sna margaí le haghaidh dáileadh consól agus físchluichí ríomhairí pearsanta ('PCanna') agus le haghaidh córais oibriúcháin ríomhairí pearsanta mar gheall ar an éadáil bheartaithe.
I mí na Samhna 2022, d'oscail an Coimisiún Eorpach grinn‑imscrúdú chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe Lagardère ag Vivendi. Tá na páirtithe ar an gcéad agus ar an dara cuideachta is mó ar fhormhór na margaí sa slabhra luacha leabhar sa Fhrainc. Is ábhar cúraim don Choimisiún é go bhféadfaí iomaíocht a laghdú ar na margaí le haghaidh (i) cearta údar do leabhair Fraincise a cheannach, (ii) leabhair Fraincise a dháileadh agus a mhargú, agus (iii) leabhair na Fraincise a dhíol le miondíoltóirí mar gheall ar an idirbheart. Chomh maith leis sin, shainaithin an Coimisiún ábhair imní maidir le hiomaíocht i ndáil le díolachán irisí cáiliúla.
I mí na Nollag 2022, d'oscail an Coimisiún grinn‑imscrúdú chun measúnú a dhéanamh ar éadáil bheartaithe VMware ag Broadcom. Is soláthraí crua-earraí é Broadcom, cártaí comhéadain líonra agus cuibheoirí go príomha, agus cuireann VMware bogearraí fíorúlaithe ar fáil. Is ábhar is cúram don Choimisiún é go dtabharfaí an deis leis an idirbheart do Broadcom cumas soláthraithe crua-earraí iomaíocha chun dul san iomaíocht a laghdú, go príomha trí idir-inoibritheacht bhogearraí fíorúlaithe VMware le táirgí crua-earraí iomaitheoirí a dhíghrádú.
I mí Feabhra 2022, shuigh an Coimisiún gur sháraigh an Ungáir Airteagal 21 de Rialachán AE maidir le Cumaisc trína cinneadh éadáil fochuideachtaí na hUngáire de Ghrúpa AEGON ag Vienna Insurance Group AG Wiener Versicherung Gruppe (‘VIG’) a chrosadh. Le hAirteagal 21 de Rialachán AE maidir le Cumaisc tugtar inniúlacht eisiach don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chomhchruinnithe a bhfuil gné Aontais ag baint leo. Ní fhéadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh ach amháin chun leasanna dlisteanacha a chosaint faoi choinníollacha áirithe, coinníollacha nár comhlíonadh le cros na hUngáire toisc nár cuireadh in iúl don Choimisiún roimh ré é agus nach raibh sé soiléir an raibh sé dírithe ar leas dlisteanach na hUngáire a chosaint. Dearbhaíodh leis an gcinneadh inniúlacht eisiach an Choimisiúin agus nach mór do na Ballstáit a áirithiú go n‑urramófaí lena ngníomhaíochtaí an roinnt inniúlachtaí sin ionas gur féidir le gnóthais infheistiú an Margadh Aonair a úsáid go muiníneach.
Chuidigh rialú státchabhrach leis an aistriú digiteach agus le hathléimneacht an Mhargaidh Aonair
Cuireann tionscadail státchabhrach, measc nithe eile, le rolladh amach na líonraí leathanbhanda ardfheidhmíochta san Aontas i gceantair nach bhfuil aon dreasacht nó beagán dreasachta iontu d'oibreoirí tráchtála dóthain clúdach leathanbhanda a chur ar fáil. Chun an chabhair a chothromú ar fud an Aontais, d'oibrigh an Coimisiún i ndlúthchomhar leis na Ballstáit lena áirithiú gur féidir bearta tacaíochta náisiúnta a chur i bhfeidhm chomh tapa agus chomh héifeachtach agus is féidir.
Mar shampla, i mí Eanáir 2022, d'fhormheas an Coimisiún scéim EUR 3.8 billiún de chuid na hIodáile le tacaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (‘RRF’) chun líonraí gigighiotáin ardfheidhmíochta a imlonnú i limistéir sa tír nach bhfuil aon líonra reatha ná beartaithe iontu atá ábalta luasanna íoslódála de 300 meigighiotán in aghaidh an tsoicind ar a laghad a sholáthar. Tá an beart mar chuid de phlean náisiúnta um dhigitiú na hIodáile.
I mí Dheireadh Fómhair 2022, d'fhormheas an Coimisiún beart dar luach EUR 292.5 milliún de chuid na hIodála tacaíocht ó RRF chun tacú le STMicroelectronics gléasra a thógáil sa slabhra luacha leathsheoltóra. Rinneadh an measúnú i gcomhréir leis na prionsabail a d'fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht a glacadh i mí Feabhra 2022, mar shampla an tionchar dearfach ar an slabhra luacha maidir le slándáil an tsoláthair a áirithiú, agus a ghabhann leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir leis an nGníomh um Shliseanna.
Ina theannta sin, i mí na Samhna 2022, d'fhormheas an Coimisiún scéim dar luach EUR 500 milliún de chuid na Spáinne le tacaíocht ón RRF chun cuidiú le tomhaltóirí agus le gnólachtaí i limistéir thuaithe rochtain a fháil ar sheirbhísí móibíleacha ar ardchaighdeán, rud a chuirfidh le cuspóirí eacnamaíocha na Spáinne agus le cuspóirí digiteacha foriomlána an Aontais.
Tá ról lárnach ag saoirse na meán agus iolrachas na meán don daonlathas. In 2022, d'fhormheas an Coimisiún roinnt bearta tacaíochta d'earnáil na meán, ag cuidiú le hearnáil na meán téarnamh ón dá ghéarchéim atá os comhair an Aontais agus éifeachtaí frithiomaíocha á n‑íoslaghdú. Thairis sin, d'fhormheas an Coimisiún borradh a chur faoin aistriú digiteach agus faoin nuálaíocht theicneolaíoch i dtionscal na meán.
4.2 Chuidigh forfheidhmiú beartais iomaíochta leis an aistriú glas
Cuireann beartas iomaíochta le cuspóirí comhshaoil agus spriocanna aeráide an Aontais, mar shampla dícharbónú an gheilleagair agus aistriú na hearnála iompair ó bhreoslaí iontaise go breoslaí ailtéarnacha. Cuidíonn forfheidhmiú an dlí iomaíochta leis an gComhaontú Glas don Eoraip trí mhargaí a choimeád éifeachtach, cóir agus nuálach.
Lena áirithiú go gcuideoidh forfheidhmiú an bheartais iomaíochta leis an aistriú glas, an bealach chuig an tsoghluaisteacht ghlas a ullmhú, choimisiúnaigh an Coimisiún in 2022 staidéar ina ndearnadh anailís ar dhinimic iomaíoch na margaí le haghaidh bonneagar athluchtaithe atá inrochtana go poiblí. Tabharfar an staidéar chun críche in 2023.
Thairis sin, tacaíonn an Coimisiún le cuspóirí fuinnimh an Aontais agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip trína chuid oibre in aghaidh trustaí. In 2022, lean an Coimisiún lena imscrúdú ar ghnólachtaí a raibh amhras fúthu go raibh siad i gclaonpháirt chun tionchar a imirt ar thagarmharcanna praghsanna le haghaidh bithbhreosla eatánóil.
Thionscain an Coimisiún imscrúdú ex officio ar na margaí gáis nádúrtha san Eoraip lena mheas an bhféadfadh sé gur chuir iompar tráchtála rannpháirtithe sa mhargadh suaitheadh na margaí fuinnimh agus na bpraghsanna gáis san Eoraip. I mí na Nollag 2021, chuir táirgeoir gáis na hÚcráine Naftogaz gearán foirmiúil in aghaidh trustaí isteach i gcoinne Gazprom, ag líomhain go raibh mí‑úsáid á baint ag an gcuideachta as a ceannasacht ar roinnt margaí gáis in LEE. Mar chuid dá imscrúdú, i mí an Mhárta 2022, rinne an Coimisiún cigireachtaí gan réamhfhógra ar áitribh roinnt cuideachtaí sa Ghearmáin atá gníomhach i soláthar, i dtarchur agus i stóráil gáis nádúrtha. I measc nithe eile, tá an Coimisiún ag féachaint an bhféadfadh sé gur chuir iompar Gazprom le praghsanna gáis méadaithe ar spotmhargadh na hEorpa agus, mar thoradh air sin, an ndeachaigh sé chun tairbhe Gazprom maidir lena chonarthaí fadtéarmacha mol-innéacsaithe le custaiméirí Eorpacha.
Is rannchuidiú tábhachtach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip is ea taistealaithe a spreagadh chun aistriú ó iompar de bhóthar go hiompar d'iarnród. Ag an am céanna, le hiomaíocht shláintiúil áirithítear gur féidir le saoránaigh Eorpacha leas a bhaint as seirbhísí iarnróid do phaisinéirí ar ardchaighdeán agus ar phraghas réasúnta. Sa réimse in aghaidh trustaí, i mí an Mheithimh 2022, chuir an Coimisiún České dráhy agus Österreichische Bundesbahnen, sealbhóirí iarnróid na Seice agus na hOstaire, ar an eolas faoina réamhthuairim gur sháraigh an dá chuideachta rialacha an Aontais in aghaidh trustaí trí bheith i gclaonpháirt sa mhargadh le haghaidh vaigíní iarnróid paisinéirí úsáidte agus iad ag féachaint leis an iomaíocht sa mhargadh iompair paisinéirí iarnróid a shaobhadh. I gcás ar leithligh a bhaineann le himscrúdú praghsála creiche ar České dráhy, dhún an Coimisiún a imscrúdú i mí Mheán Fómhair 2022 gan cinneadh um shárú. Chinn an Coimisiún nár dearbhaíodh leis an bhfianaise a bhailigh sé ó sheol sé ráiteas agóidí i mí Dheireadh Fómhair 2020 chuig České dráhy a imní thosaigh gur ghearr sealbhóir an iarnróid praghsanna faoi bhun na gcostas mar iarracht iomaitheoirí nua a choinníoll amach go mídhleathach.
Sa réimse rialaithe cumaisc, d'fhormheas an Coimisiún, i mí Iúil 2022, le coinníollacha, éadáil Equans ag Bouygues
. Nochtadh in imscrúdú an Choimisiúin go mbeadh scaireanna móra margaidh ag an eintiteas cumaiscthe agus nach mbeadh ach beagán rannpháirtithe san iomaíocht leo. D'fhéadfadh praghsanna níos airde a bheith mar thoradh air sin do sheirbhísí innealtóireachta leictrí do línte teagmhála iarnróid sa Bheilg. Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an Choimisiúin maidir le hiomaíocht, thairg Bouygues Colas Rail Belgium a dhífheistiú ina iomláine, lena n‑áirítear sócmhainní, pearsanra agus conarthaí leanúnacha agus conarthaí amach anseo a línte teagmhála iarnróid agus a ghnólachtaí suiteála rianta araon. Le hiomaíocht san earnáil iompair paisinéirí iarnróid is féidir praghsanna a ísliú agus cáilíocht na seirbhíse a chur chun tairbhe na dtomhaltóirí. Áirithítear le hidirghabháil an Choimisiúin go mbeidh iomaitheoir eile fós sa mhargadh ag leanúint le brú a chur ar iomaíochta ar mhargadh ábhartha na Beilge agus go mbainfidh custaiméirí tairbhe as rogha níos leithne soláthróirí agus praghsanna iomaíocha.
I mí Dheireadh Fómhair 2022, mhol an Coimisiún rialachán éigeandála nua chun an tionchar atá ag praghsanna arda gáis san Aontas a mhaolú. Glacadh an Rialachán i mí na Nollag 2022. Áirítear leis, i measc nithe eile, sásra ceannaigh chomhpháirtigh le haghaidh gáis lena chur ar chumas cuideachtaí gáis agus tomhaltóirí gáis praghsanna níos ísle a chaibidliú agus soláthairtí fuinnimh a áirithiú i bhfianaise ganntanas soláthair fuinnimh a d'fhéadfadh tarlú.
Cuirfidh an Coimisiún ceangal conartha ar sholáthraí seirbhíse comhiomlánú éilimh a eagrú ar leibhéal an Aontais, chun riachtanais allmhairithe gáis a ghrúpáil le chéile agus chun tairiscintí a lorg ar an margadh chun freastal ar an éileamh. Cheadófaí do chuideachtaí cuibhreannas ceannaigh gáis Eorpach a bhunú, i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais. Chuideodh ceannach comhpháirteach le Ballstáit bheaga agus go háirithe cuideachtaí atá i staid nach bhfuil chomh fabhrach céanna mar cheannaitheoirí gás a cheannach faoi choinníollacha níos fearr. Cuimsítear leis an Rialachán forálacha freisin chun trédhearcacht ceannacháin soláthair gáis atá beartaithe agus atá tugtha i gcrích a fheabhsú, chun a mheas an mbaintear amach cuspóirí shlándáil an tsoláthair agus na dlúthpháirtíochta fuinnimh.
Tá an Coimisiún réidh le cuidiú le gnólachtaí agus cuibhreannais chomhpháirteacha ceannaigh gáis á ndearadh acu i gcomhréir le rialacha iomaíochta an Aontais.
In 2022, d'fhormheas an Coimisiún dhá Thionscadal Thábhachtacha ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEIanna) sa slabhra teicneolaíochta hidrigine. Tacaíonn an dá IPCEI le príomhshlabhraí luacha agus teicneolaíochta straitéiseacha a fhorbairt, chomh maith le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, Straitéis Hidrigine an Aontais agus an tionscnaimh REPowerEU.
IPCEI Hy2Tech
Faomhadh an chéad IPCEI i mí Iúil 2022 agus tacaíonn sé le taighde, nuálaíocht agus úsáid thionsclaíoch sa slabhra luacha teicneolaíochta hidrigine. Le haghaidh an tionscadail sin soláthróidh 15 Bhallstát suas le EUR 5.4 billiún i maoiniú poiblí, agus meastar go scaoilfear leis sin EUR 8.8 billiún breise d'infheistíochtaí príobháideacha. Glacfaidh tríocha a cúig cuideachta, lena n‑áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta páirt in 41 thionscadal
. Clúdaítear faoi IPCEI Hy2Tech codanna móra den slabhra luacha teicneolaíochta hidrigine lena n‑áirítear: (i) saoráidí agus trealamh chun hidrigin a ghiniúint; (ii) táirgeadh ceall breosla; (iii) stóráil, iompar agus dáileadh hidrigine; agus (iv) feidhmchláir d'úsáideoirí deiridh, go háirithe san earnáil soghluaisteachta. Cuireann sé le forbairt fionnachtainí tábhachtacha teicniúla, lena n‑áirítear ábhair leictreoid an‑éifeachtach nua, cealla breosla níos feidhmiúla agus teicneolaíochtaí iompair nuálacha. Meastar go gcruthófar thart ar 20.000 post díreach leis an IPCEI Hy2Tech .
IPCEI Hy2Use
Formheasadh IPCEI Hy2Use i mí Mheán Fómhair 2022 agus cuirfear borradh leis faoin soláthar hidrigine inathnuaite agus ísealcharbóin agus faoi fhorbairt agus úsáid tionsclaíoch tosaigh na dteicneolaíochtaí glana nuálacha hidrigine in earnálacha tionsclaíocha eile, amhail stroighin, cruach agus gloine. Bíonn bacainní níos airde ag baint leis na táirgí sin maidir le dícharbónú. Le haghaidh an tionscadail sin soláthróidh 13 Bhallstát suas le EUR 5.2 billiún i maoiniú poiblí, agus meastar go scaoilfear leis sin EUR 7 mbilliún breise d'infheistíochtaí príobháideacha. Tá 29 gcuideachta agus 35 thionscadal bainteach le IPCEI Hy2Use
.
San earnáil hidrigine freisin, d'fhormheas an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2022 tionscadal státchabhrach dar luach EUR 220 milliún de chuid na Spáinne chun tacú le Cobra Instalaciones y Servicios, S.A. (‘COBRA’) faoi CEEAG. Le COBRA táirgfear hidrigin inathnuaite agus cuirtear a úsáid chun cinn in earnálacha tionscal. Cuireann an beart státchabhrach – le tacaíocht ón RRF – le Straitéis Hidrigin an Aontais agus spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, agus cuidíonn sé le spleáchas ar bhreoslaí iontaise na Rúise a laghdú agus leis an aistriú glas a chur ar aghaidh go tapa i gcomhréir leis an bPlean REPowerEU.
Bhí luas na bhforbairtí tapa in 2022 agus d'fhreagair an Coimisiún tríd an gcreat státchabhrach a choigeartú agus bearta géarchéime fuinnimh a chur i bhfeidhm a bhí beartaithe chun an brú ar íocóirí bille fuinnimh a mhaolú.
Mar shampla, chun téamh ceantair glas a chur chun cinn bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus ar dhramhtheas, d'fhormheas an Coimisiún, i mí Lúnasa 2022, scéim dar luach EUR 2.98 billiún don Ghearmáin. Tacóidh an scéim sin le córais téimh ceantair níos éifeachtúla a chruthú agus na cinn atá ann cheana a dhícharbónú, rud a mhéadóidh sciar an fhuinnimh inathnuaite agus cion an dramhtheasa san earnáil téimh. Beidh laghdú suntasach ar astaíochtaí mar thoradh air sin. Ina theannta sin, d'fhormheas an Coimisiún modhnú ar an scéim sa Ghearmáin chun tacú le táirgeadh leictreachais ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite. Tagann an scéim le leasú a rinne an Ghearmáin le déanaí ar a Acht um Fhuinneamh Inathnuaite. Tá buiséad foriomlán de EUR 28 mbilliún leis an Acht agus féachtar leis le sciar 80 % den leictreachas a tháirgtear ó fhoinsí fuinnimh inathnuaite a bhaint amach faoi 2030, d'fhonn aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2045.
4.3. Chuidigh beartas iomaíochta le geilleagar a fhóireann do dhaoine
Comhdháil ina ndearnadh athbhreithniú agus díospóireacht ar thionchar an bheartais iomaíochta ar shaol daoine
I mí Dheireadh Fómhair 2022, d'eagraigh Ard‑Stiúrthóireacht na hIomaíochta comhdháil chun an tábhacht a bhaineann le geilleagar margaidh sóisialta Eorpach a choimeád ar bun, a chothú agus a fhorbairt agus ról an bheartais iomaíochta a phlé. Ina príomhóráid, leag an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager béim ar na príomhghnéithe a bhaineann le geilleagar a oibríonn i ndáiríre do dhaoine agus ar an dóigh a n‑imríonn beartas iomaíochta ról ríthábhachtach ina leith seo. Áirítear leis sin go ndáilfear deiseanna nua ar bhealach níos córa, agus ag an am céanna praghsanna á gcoinneáil íseal, rogha á coinneáil agus táirgí agus seirbhísí nuálacha á gcothú. Tá sé sin níos tábhachtaí fós i saol an lae inniu a bhíonn éagobhsaí i gcónaí agus dúshláin nua ag teacht chun cinn, rud a éilíonn réitigh nua. Ba cheart do bheartas iomaíochta na coinníollacha is fearr agus is féidir a áirithiú do thomhaltóirí, ach níor cheart dó a bheith ina bhac ar bheartais eile lena bhféachtar le spriocanna beartais eile a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar an idirghníomhú idir rialáil agus beartas iomaíochta mar idirghníomhú comhlántach.
Chuir forfheidhmiú beartais iomaíochta le athléimneacht seirbhísí airgeadais Eorpacha
Bhí ról ríthábhachtach ag forfheidhmiú státchabhrach maidir leis an Margadh Aonair a chosaint agus tacú le beartais eacnamaíocha an Aontais in 2022. D'údaraigh an Coimisiún cabhair chun tacú le réiteach Getin Noble Bank, ceann de na deich mbanc is mó sa Pholainn. Chuir an Coimisiún síneadh le roinnt scéimeanna státchabhrach atá ann cheana chun go bhféadfadh na Ballstáit athléimneacht na hearnála airgeadais a neartú ach gan aon ghá státchabhair nua a dheonú d'institiúidí airgeadais aonair. Go sonrach, d'údaraigh an Coimisiún síneadh le scéimeanna maidir le hathstruchtúrú agus scor ordúil ón margadh i gcás bainc anásta sa Pholainn, in Éirinn agus san Iodáil.
Ina theannta sin, lean an Coimisiún le tacaíocht na mBallstát a údarú i dtaca le FBManna a bunaíodh le gairid agus cuideachtaí nuathionscanta a choinnítear siar go minic mar gheall ar an rochtain theoranta ar mhaoiniú. Chun na críche sin, d'fhormheas an Coimisiún an dara modhnú den scéim maoiniúcháin riosca atá sa Fhrainc faoi láthair.
In earnáil na seirbhísí airgeadais freisin, chuir an Coimisiún a imscrúdú i gcrích in 2022 ar na coinníollacha rochtana ar chóras comhroinnte sonraí Insurance Link arna riar ag Insurance Ireland i margadh mótarárachais na hÉireann. I ndiaidh idirghabháil an Choimisiúin, tá rochtain ar Insurance Link ar fáil anois ar bhonn cothrom, trédhearcach, oibiachtúil agus neamh‑idirdhealaitheach.
Forfheidhmiú beartais iomaíochta lena gcomhlánaítear beartas cánach
Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás Fiat Chrysler/Lucsamburg
I mí na Samhna 2022, chuir an Chúirt Bhreithiúnais breithiúnas na Cúirte Ginearálta ar leataobh agus chuir sí cinneadh 2015 an Choimisiúin ar neamhní, cinneadh lena bhfuarthas gur dheonaigh Lucsamburg, trí rialú cánach, buntáiste cánach neamhdhleathach do Fiat Chrysler/Lucsamburg. Shonraigh an Chúirt Bhreithiúnais nár cheart ach an dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát lena mbaineann a chur san áireamh agus an gnáthchóras cánachais atá le húsáid mar thagairt á shainaithint agus cinneadh á dhéanamh ar cruthaíodh buntáiste roghnach neamhdhleathach do chuideachta leis an státchabhair. Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais nach bhfuil fóirdheontais Stáit arna ndeonú ag na Ballstáit i réimsí nach bhfuil faoi réir comhchuibhithe le dlí an Aontais eisiata ó na rialacha maidir le státchabhair.
Leanfaidh an Coimisiún le húsáid a bhaint as na huirlisí go léir atá ar fáil dó lena áirithiú nach saobhfar iomaíocht shaor agus chóir sa Mhargadh Aonair ag Ballstáit a thugann buntáistí cánach neamhdhleathacha nó a chuireann bearta pleanála cánach ionsaitheacha i bhfeidhm i bhfabhar gnólachtaí idirnáisiúnta. Áirítear leis sin rialacha státchabhrach AE a úsáid, agus cásdlí na Cúirte Breithiúnais á chur san áireamh go hiomlán.
5. An beartas iomaíochta i gcomhthéacs Eorpach agus domhanda
5.1 Cur le chéile agus cultúr iomaíochta Eorpach agus domhanda á chruthú
Beartas comhtháthaithe tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta
In 2022, lean an Coimisiún le cur i bhfeidhm comhleanúnach Airteagail 101 agus 102 a áirithiú tríd an nGréasán Eorpach Iomaíochta. Dhá cheann de na sásraí lárnacha comhair agus tacaíochta i Rialachán 1/2003 is ea, ar dtús, oibleagáid na n‑údarás iomaíochta náisiúnta (‘NCAnna’) an Coimisiún a chur ar an eolas faoi imscrúduithe nua cheana ag tráth an chéad bhirt imscrúdaithigh fhoirmiúil agus, an dara rud, a n‑oibleagáid dul i gcomhairle leis an gCoimisiún maidir le haon chinneadh beartaithe. In 2022, cuireadh tús le 148 imscrúdú nua laistigh den ghréasán agus cuireadh isteach 78 gcinneadh beartaithe.
Sa bhreis ar an gcomhar a leagtar amach i Rialachán 1/2003, déanann sásraí comhair eile ECN forfheidhmiú comhtháite rialacha iomaíochta an Aontais Eorpaigh idir dlínsí a áirithiú. Bíonn cruinnithe rialta ag comhaltaí ECN chun idirphlé a dhéanamh i dtaca le cásanna a osclaíodh le déanaí, saincheisteanna beartais agus ábhair a mbaineann tábhacht straitéiseach leo. In 2022, thionóil meithleacha cothrománacha agus foghrúpaí earnáilsonracha 45 chruinniú áit ar mhalartaigh oifigigh na n‑údarás náisiúnta inniúil tuairimí agus taithí.
Idirphlé idirinstitiúideach tráthrialta cuiditheach
Is comhpháirtithe tábhachtacha don Choimisiún iad Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún san idirphlé leanúnach maidir le beartas iomaíochta.
I bParlaimint na hEorpa, ghlac an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager páirt in 2022 i roinnt malartuithe tuairimí nó idirphlé struchtúrtha, lena n‑áirítear leis an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (‘ECON’), leis an gCoiste um Thaighde agus um Fhuinneamh Tionscail (‘ITRE’), leis an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (‘IMCO’), agus leis an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (‘EMPL’). Ina theannta sin, ghlac an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager páirt i ndíospóireachtaí iomlánacha maidir le beartas iomaíochta, maidir leis an nGníomh um Margaí Digiteacha, maidir leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha agus maidir le freagairt an Aontais (lena n‑áirítear trí chúnamh Stáit) do US Inflation Reduction Act.
Ina freagra i scríbhinn ó mhí Iúil 2022 ar rún na Parlaiminte maidir leis an mbeartas iomaíochta (rapporteur Schwab; EPP, DE), chuir an Coimisiún i dtábhacht, i measc nithe eile, deireadh de réir a chéile le Creat Sealadach Státchabhrach COVID-19, glacadh an Chreata Shealadaigh Géarchéime mar fhreagairt ar thionchar eacnamaíoch diúltach ionradh na Rúise ar an Úcráin, an Rialachán maidir le Fóirdheontais Choigríche agus tabhairt i gcrích na caibidlí tríthaobhacha, Acht na Margaí Digiteacha agus a chur chun feidhme tapa réidh, an t‑athbhreithniú leanúnach gan fasach ar rialacha iomaíochta, lena n‑áirítear glacadh CEEAG nua, an Rialacháin Ingearaigh nua maidir le Blocdhíolúine agus Treoirlínte Ingearacha nua, agus an t‑athbhreithniú leanúnach ar an bhFógra maidir leis an Sainmhíniú ar an Margadh.
In 2022, sa Chomhairle, ghlac an Leas‑Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager páirt i malartú tuairimí agus i ndíospóireachtaí maidir le cúrsaí beartais iomaíochta, lena n‑áirítear roinnt cruinnithe den Chomhairle Iomaíochais (an Margadh Inmheánach agus tionscail).
5.2. Comhar maidir le beartas iomaíochta ar fud an domhain
Caidreamh iltaobhacha
In 2022, lean an Coimisiún le páirt a ghlacadh go gníomhach i bhfóraim iomaíochta idirnáisiúnta amhail Coiste Iomaíochta ECFE, an Gréasán Iomaíochta Idirnáisiúnta (‘ICN’), i gcás inar ghlac an Coimisiún ról trí bliana mar chomhchathaoirleach sa Mheitheal um Chumaisc, agus Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (‘UNCTAD’). Lean an Coimisiún lena iarrachtaí feabhas a chur ar rialacha idirnáisiúnta maidir le fóirdheontais. Tá athchóiriú na rialacha fóirdheontais ar cheann de phríomhthosaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le nuachóiriú rialacha trádála EDT.
Caidreamh déthaobhach
I mí Dheireadh Fómhair 2022, thionóil an Coimisiún agus Údaráis Iomaíochta na Stáit Aontaithe. an dara cruinniú den Chomhphlé Beartais Iomaíochta Teicneolaíochta, inar pléigh siad iarrachtaí comhair chun iomaíocht chóir a áirithiú chun iomaíocht chóir san earnáil dhigiteach a áirithiú. Tionóladh dhá chruinniú aireachta i mí na Bealtaine agus i mí na Nollag 2022 san Aontas Eorpach‑Stáit Aontaithe Mheiriceá. An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta. Mar thoradh ar na cruinnithe rinneadh socrú riaracháin maidir le sásra comhchoiteann chun faisnéis chómhalartach a chomhroinnt faoi thacaíocht phoiblí arna soláthar ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe don tionscal leathsheoltóirí.
In 2022, lean an Coimisiún lena chomhar maidir le beartas iomaíochta le tríú tíortha, lena n‑áirítear cláir um chomhar teicniúil le roinnt tíortha san Áiseagus san Afraic. In 2022, lean an Coimisiún leis an gcaibidlíocht chun Comhaontuithe Saorthrádála (‘FTA’) a thabhairt i gcrích leis an Astráil, an India, an Indinéis, agus chuir sé an chaibidlíocht maidir le FTA i gcrích leis an Nua-Shéalainn agus leis an Úisbéiceastáin. Maidir le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha, is é príomhchuspóir beartais an Choimisiúin cuidiú leis na tíortha sin creataí reachtacha a chruthú le húdaráis iomaíochta a fheidhmíonn go maith agus atá neamhspleách ar bhonn oibríochtúil.