An Bhruiséil,4.4.2023

COM(2023) 183 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus Threoir 2002/15/CE maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar in 2019-2020 (31ú tuarascáil ón gCoimisiún ar chur chun feidhme na reachtaíochta sóisialta a bhaineann le hiompar de bhóthar) agus maidir le rialuithe arna ndéanamh faoi Threoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos le haghaidh feithiclí tromshaothair na toisí údaraithe uasta agus na meáchain údaraithe uasta



{SWD(2023) 74 final}


Réamhrá

Leis an tuarascáil seo tugtar forléargas ar chur chun feidhme rialacha sóisialta an Aontais maidir le hiompar ar bóthar sna Ballstáit le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2019 go dtí an 31 Nollaig 2020. Cuirtear i dtábhacht léi na príomhdhúshláin maidir le forfheidhmiú agus cur i bhfeidhm na bhforálacha dlí ábhartha a leagtar amach sna ceithre ghníomh reachtacha seo a leanas:

1) Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 1 (ar a dtugtar freisin an Rialachán maidir le Tréimhsí Tiomána) lena mbunaítear na híoscheanglais maidir le tréimhsí tiomána laethúla agus seachtainiúla, sosanna agus tréimhsí scíthe laethúla agus seachtainiúla;

2) Treoir 2002/15/CE 2 (ar a dtugtar freisin an Treoir maidir le hAm Oibre Iompair ar Bóthar) lena leagtar síos na rialacha maidir le ham oibre oibrithe taistil a eagrú. Bunaítear léi na ceanglais maidir le huasamanna oibre seachtainiúla, íos‑sosanna san obair agus obair oíche. Tá feidhm aici maidir le tiománaithe faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le hAm Oibre;

3) Treoir 2006/22/CE 3 (ar a dtugtar freisin an Treoir maidir le Forfheidhmiú) lena mbunaítear íosleibhéil seiceálacha cois bóthair agus rialuithe ag áitreabh gnóthas iompair chun comhlíontacht le forálacha an Rialacháin maidir le hAm Tiomána a fhíorú;

4) Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 4 (ar a dtugtar freisin an Rialachán Tacagraif) lena leagtar síos na ceanglais maidir le suiteáil agus úsáid tacagraf i bhfeithiclí faoi raon feidhme an Rialacháin maidir le hAm Tiomána.

An anailís ar chur chun feidhme Threoir 96/53/CE ón gComhairle 5 (ar a dtugtar freisin an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí) lena leagtar síos le haghaidh feithiclí tromshaothair na huastoisí údaraithe i dtrácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na huasmheáchain údaraithe i dtrácht idirnáisiúnta, áirítear freisin í sa tuarascáil seo i gcomhréir le hAirteagal 10g den Treoir.

Leis an tuarascáil seo, bunaithe ar Airteagal 17 den Rialachán maidir le hAm Tiomána agus Airteagal 13 den Treoir maidir le hAm Oibre Iompair ar Bóthar 6 agus Airteagal 10g den Treoir maidir le Meáchain agus Toisí 7 , cuimsítear sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla maidir le seiceálacha arna ndéanamh ag údaráis rialúcháin na mBallstát cois bóthair agus ag áitreabh gnóthas, agus maidir le cionta arna mbrath chomh maith leis sin.

Tá an tuarascáil struchtúraithe i dtrí roinn: Le Roinn I soláthraítear an anailís ar na sonraí náisiúnta maidir le seiceálacha agus cionta i gcur chun feidhme Threoir 2006/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, cé go dtugtar le Roinn II imlíne thuairisciúil ar an gcur chun feidhme ar Threoir 2002/15/CE arna dhéanamh ag na Ballstáit. Le Roinn III soláthraítear an anailís ar na sonraí náisiúnta ar sheiceálacha agus cionta i gcur chun feidhme Threoir 96/53/CE ón gComhairle. Le Roinn IV tarraingítear ar phríomhchonclúidí na tuarascála seo. Comhlánaíonn Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an tuarascáil ón gCoimisiún le faisnéis fhorlíontach maidir le pionóis, comhar idir na Ballstáit, barúlacha ó údaráis forfheidhmithe, agus staitisticí níos mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 agus Threoir 2002/15/CE. Ní chomhlánaíonn sé an fhaisnéis maidir le Treoir 96/53/CE ón gComhairle.

Sonraí a thíolacadh

Ní mór na tuarascálacha náisiúnta maidir le cur chun feidhme fhorálacha Threoir 2002/15/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair an bhliain tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain lena mbaineann, trí bhíthin na foirme tuairiscithe caighdeánaí arna bunú leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún an 30 Márta 2017 8 . An sprioc‑am chun tuarascálacha lena gcumhdaítear na blianta 2019‑2020 a chur isteach, chuaigh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2021.

Tá a sonraí náisiúnta maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 curtha isteach ag na Ballstáit uile, cé gur chuir roinnt mhaith díobh isteach iad tar éis an sprioc‑ama. Sholáthair na Ballstáit an miondealú iarrtha ar staitisticí mionsonraithe maidir le rialuithe comhlíontachta arna ndéanamh cois bóthair agus ag an áitreabh. Mar sin féin, níor sholáthair roinnt díobh sonraí arna sórtáil de réir na gcatagóirí iarrtha, e.g. sonraí arna sórtáil de réir an chineáil tacagraif 9 agus chineál na gcionta 10 . Thug roinnt Ballstát míniú ar na cúiseanna nár sholáthair siad an fhaisnéis uile a cheanglaítear 11 .

Níor chuir ach 22 Bhallstát an fhaisnéis isteach maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/15/CE, cé gur faisnéis an‑teoranta a bhí inti uaireanta, agus níor sholáthair ach 18 mBallstát sonraí staidrimh maidir le rialuithe agus a dtorthaí. Fágann an easpa sonraí cainníochtúla ó na Ballstáit gur deacair measúnú a dhéanamh.

Ós rud é go dtagraítear don tréimhse chéanna leis na hoibleagáidí tuairiscithe chun reachtaíocht shóisialta agus an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí a chur chun feidhme, mheas an Coimisiún gur tráthúil torthaí na rialuithe a chur le chéile i dtuarascáil chomhpháirteach amháin. Leasaíodh an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí le Treoir (AE) 2015/719 12 lena dtugtar isteach oibleagáid tuairiscithe ar na Ballstáit ina hAirteagal 10g ón 7 Bealtaine 2017. Ní mór an fhaisnéis náisiúnta a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair an bhliain tar éis dheireadh na tréimhse 2 bhliain lena mbaineann. An sprioc‑am chun tuarascálacha lena gcumhdaítear na blianta 2019‑2020 a chur isteach, chuaigh sé in éag an 30 Meán Fómhair 2021. Soláthraíodh teimpléad excel do na Ballstáit chun a dtuairisciú a éascú.

Chuir naoi mBallstát déag 13 a bhfaisnéis náisiúnta isteach agus astu sin níor sheol ach an Pholainn a tuarascáil laistigh den sprioc‑am. Chuir na Ballstáit uile seachas an Pholainn an fhaisnéis isteach agus í imdhealaithe de réir bliana agus chuir Éire an fhaisnéis isteach agus í miondealaithe de réir ráithí na bliana agus de réir an chineáil feithicle (lasta v paisinéirí). Mar sin féin, i gcásanna áirithe bhí an fhaisnéis neamhiomlán. Chuir Málta in iúl nach raibh sé in ann na sonraí le haghaidh 2019 a sholáthar de dheasca mórfhabht ina chóras meáite. Léirigh an Ghearmáin go dtagraítear leis an bhfaisnéis a sholáthair sí do na seiceálacha arna ndéanamh ag an Oifig Cónaidhme um Iompar Earraí, agus nach raibh staitisticí aonfhoirmeacha aici le haghaidh seiceálacha faoi fhreagrachtaí feidearálacha. Chuir an Bheilg in iúl gur braitheadh líon iarmharach feithiclí/cónasc feithiclí rólódáilte ar lena aghaidh nárbh fhios cén líon seiceálacha a rinneadh le haghaidh an dá bhliain 2019 agus 2020. Poblacht na Cipire, an Chróit, an Fhrainc, an Liotuáin, an Phortaingéil, an Rómáin, Poblacht na Seice agus an Ungáir, níor chuir siad a sonraí náisiúnta isteach le haghaidh an tuairiscithe reatha 2019‑2020. Ní féidir measúnú cuimsitheach a dhéanamh de dheasca na heaspa sonraí cainníochtúla le haghaidh na mBallstát uile.

I. Forléargas ar ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin le haghaidh Threoir 2006/22/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006

1.Seiceálacha

Le hAirteagal 2 de Threoir 2006/22/CE ceanglaítear ar na Ballstáit córas de sheiceálacha iomchuí agus tráthrialta a eagrú cois bóthair agus ag áitreabh gnóthas atá faoi réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Leis an Airteagal sin bunaítear freisin go gcumhdófar leis an íoslíon seiceálacha 3 % ar a laghad de na laethanta arna n‑oibriú ag tiománaithe 14 feithiclí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

Leis na sonraí náisiúnta léirítear gur laghdaigh an líon iomlán laethanta oibre 15 arna sheiceáil san Aontas ó thart ar 119.0 milliún 16 in 2017‑2018 go 108.9 milliún lá oibre arna seiceáil sa tréimhse tuairiscithe reatha. Is é atá ann laghdú 8 %. Ag breathnú ar na figiúirí náisiúnta tá an laghdú is mó ar na laethanta oibre arna seiceáil le brath i Málta (‑901 %) 17 , in Éirinn (‑ 69 %), sa Bhulgáir (‑59 %) agus sa Phortaingéil (‑47 %), cé go bhfuil an méadú is infheicthe ar na laethanta oibre arna seiceáil le brath sa Ghréig (+70 %) agus sa Rómáin (+44 %).

Mar a léirítear i bhFíor 1 thíos, tá meán an Aontais maidir leis na laethanta oibre arna seiceáil cothrom le 4.5 %, rud atá níos airde ná mar a cheanglaítear faoin Treoir 18 , ach treocht laghdaitheach atá ann i gcomparáid le tréimhsí tuairiscithe roimhe sin (5.4 % in 2017‑2018 agus 6.3 % in 2015‑2016).

Fíor 1: Céatadán na laethanta oibre a seiceáladh in aghaidh an Bhallstáit

Sheiceáil formhór na mBallstát níos mó laethanta oibre ná an t‑íosmhéid a cheanglaítear leis an Treoir. Mar sin féin, níor chomhlíon sé Bhallstát an tairseach de 3 %, is é sin Éire, an Ghréig, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta agus an Ungáir. Bhí an líon céanna tíortha i gceist sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin inarb amhlaidh nár chomhlíon sé Bhallstát an tairseach de 3 % in 2017‑2018 agus trí Bhallstát a bhí i gceist in 2015‑2016. I measc na sé mBallstát 19 nár chomhlíon an tairseach de 3 % in 2017‑2018, níor fhan ach Éire, an Ghréig agus an Ísiltír sa ghrúpa ‘tearcfheidhmiúil’ sin, agus tháinig trí Bhallstát eile ina dteannta a d’fheidhmigh go maith sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Mhéadaigh an Ghréig a hiarrachtaí forfheidhmiúcháin go suntasach (feabhsú ó 0.1 % in 2015‑2016, 0.7 % in 2017‑2018 go 2.4 % sa tréimhse reatha), ach fanann sí faoin tairseach fós.

Le hAirteagal 2 de Threoir 2006/22/CE leagtar amach freisin cóimheas na laethanta oibre atá le seiceáil cois bóthair agus ag an áitreabh, is é sin 30 % ar a laghad agus 50 % ar a laghad faoi seach. Tá ríomh an chion sin bunaithe ar an líon seiceálacha a rinne na húdaráis forfheidhmithe iarbhír seachas ar an íoslíon laethanta oibre atá le seiceáil.

Ar an meán, 60 % de na laethanta oibre a seiceáladh rinneadh sin cois bóthair cé gur seiceáladh 40 % díobh trí chigireachtaí ag an áitreabh. Is laghdú é sin ar sheiceálacha cois bóthair i gcomparáid leis an tréimhse dheireanach (73 % in 2017‑2018) agus is méadú dearfach é ar sheiceálacha ag an áitreabh i gcomparáid leis an tréimhse dheireanach (27 % in 2017‑2018). Is féidir an t‑athrú sin a mhíniú go páirteach le himthosca COVID‑19. I bhformhór na mBallstát rinneadh cuid mhór seiceálacha cois bóthair. Thuairiscigh an Ghréig agus Éire líon íseal seiceálacha cois bóthair. Níor thuairiscigh Málta aon seiceáil ag an áitreabh. Níl an sciar cothromaithe a cheanglaítear idir seiceálacha áitribh agus seiceálacha cois bóthair ach ag sé Bhallstát 20 , i gcomparáid le hocht mBallstát in 2017‑2018.  

Le haghaidh mionsonraí maidir leis an sciar náisiúnta de sheiceálacha cois bóthair agus seiceálacha áitribh féach Fíor 2.

Fíor 2: An sciar de sheiceálacha cois bóthair agus seiceálacha áitribh bunaithe ar na laethanta oibre a seiceáladh in aghaidh an Bhallstáit

 

1.1Seiceálacha cois bóthair

San iomlán, seiceáladh 4 112 717 21 bhfeithicil agus 4 323 245 thiománaí cois bóthair ar fud an Aontais i gcomparáid le 4 982 439 bhfeithicil agus 5 395 009 dtiománaí a seiceáladh in 2017‑2018 22 . Is féidir an difríocht idir an líon feithiclí agus tiománaithe a seiceáladh a mhíniú le tiomáint sealaíochta, i.e. inarb amhlaidh atá dhá thiománaí ar a laghad san fheithicil chun an tiomáint a dhéanamh. Tá difríochtaí idir an líon tiománaithe agus feithiclí i láthair go príomha i dtuarascálacha ón mBeilg, ón Danmhairg, ón nGearmáin, ón bPolainn, ón Rómáin agus ón tSlóivéin.

I gcomparáid leis an tuarascáil le haghaidh 2017‑2018, tháinig laghdú 869 722 ar an líon tuairiscithe feithiclí a seiceáladh. Is é is cúis leis sin go príomha nach ndéantar an líon feithiclí arna sheiceáil ag an Ríocht Aontais (156 496 fheithicil in 2017‑2018) a chuimsiú sa tuarascáil reatha agus tagann sé freisin as laghduithe suntasacha ar na líonta a thuairiscigh Málta (‑ 73 %), nach raibh cúitithe leis na méaduithe a thuairiscigh Ballstáit eile 23 .

Tháinig laghdú 1 071 764 ar an líon tiománaithe a seiceáladh i gcomparáid le 2017‑2018. Is é is cúis leis sin freisin nach ndéantar an líon tiománaithe arna sheiceáil ag an Ríocht Aontaithe (156 496 thiománaí in 2017‑2018) a chuimsiú sa tuarascáil reatha agus tagann sé freisin as éifeachtaí carnacha laghduithe i mBallstáit éagsúla eile.

Bunaithe ar thír chlárúcháin na feithicle, b’fheithiclí náisiúnta iad 63 % de na feithiclí a seiceáladh, tháinig 31 % díobh as Ballstáit eile den Aontas agus b’fheithiclí cláraithe i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad 6 % díobh 24 . Ar an bhforiomlán, bhí formhór na bhfeithiclí a seiceáladh cois bóthair (thart ar 91 % den iomlán) ina n‑iompróirí earraí, cé nach raibh ach faoi bhun 10 % díobh ina n‑iompróirí paisinéirí.

In 2019‑2020, bhí 74 % de na feithiclí a seiceáladh cois bóthair feistithe le tacagraf digiteach, i gcomparáid le 75 % díobh sa tréimhse tuairiscithe roimhe sin. Dá réir sin, níl aon fhoras ann chun an tairseach de sheiceálacha a ardú ó 3 % go 4 %, ós rud é gur cheart an méid sin a dhéanamh nuair atá 90 % d’fheithiclí seiceáilte feistithe le tacagraif dhigiteacha de réir Airteagal 2(3) de Threoir 2006/22/CE.

1.2Seiceálacha ag an áitreabh

Sa tréimhse 2019‑2020, seiceáladh 58 300 25 gnóthas iompair, ar laghdú 44 % é sin i gcomparáid le 104 104 26 ghnóthas iompair a seiceáladh in 2017‑2018. Sheiceáil rialaitheoirí ag áitreabh thart ar 34.3 milliún lá oibre, rud a sheasann do mhéadú de thart ar 2 % i gcomparáid le 33.7 milliún sa tuarascáil roimhe sin, fiú nuair a chuirtear san áireamh nach ndearnadh aon seiceáil ag an áitreabh i Málta agus nárbh ann d’aon sonra ón Ríocht Aontaithe. Ar an bhforiomlán, sheiceáil údaráis rialaithe na mBallstát ag an áitreabh an taifead de 499 943 thiománaí, rud atá 14 % níos lú i gcomparáid le 641 033 thiománaí in 2017‑2018.

2.Cionta

Sholáthair na 27 mBallstát uile sonraí maidir leis na cionta a braitheadh, ach níor sholáthair siad uile 27 mionsonraí maidir leis na cineálacha sáruithe. Bhí an líon iomlán cionta a tuairiscíodh cothrom le thart ar 2.25 milliún, ar laghdú é i gcomparáid leis an tuarascáil dheireanach (3.41 milliún 28 ). Is é is féidir a bheith mar chúis leis sin gur seiceáladh níos lú laethanta oibre. D’fhan an sciar de chionta cois bóthair cobhsaí ag an leibhéal de 60 % de na cionta iomlána a braitheadh (58 % sa tuarascáil dheireanach).

Lean an sciar de chineálacha sáruithe i líon foriomlán na sáruithe a braitheadh de bheith cosúil leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin, agus athruithe áirithe ann. Le Fíor 3 thíos léirítear meánsciar sáruithe an Aontais de réir an chineáil forála a sáraíodh, arna bhrath cois bóthair agus ag áitreabh araon in 2019‑2020. Mhéadaigh an líon cionta maidir le sosanna ó 17 % go 19 %, cé gur laghdaigh cionta na dtaifead ama tiomána ó 27 % go 26 %. Chuimsigh cionta le haghaidh tréimhsí scíthe 23 % de na cionta iomlána amhail sa tuarascáil dheireanach, seasann trealamh taifeadta 29 do 9 % de na cionta iomlána (12 % sa tuarascáil dheireanach) agus cuimsíonn easpa/infhaighteacht na dtaifead le haghaidh obair eile 8 % (6 % sa tuarascáil dheireanach) de na sáruithe uile a braitheadh. Cuirtear na forbairtí sin i láthair i bhFíor 4 thíos.

An meánráta cion, rud a ríomhtar bunaithe ar 100 lá oibre arna seiceáil ag áitreabh agus cois bóthair, laghdaigh sé ó 2.7 in 2017‑2018 go 2.1 sa tréimhse tuairiscithe reatha. Leanann an ráta braite ag áitreabh de bheith níos airde ná an ráta braite cois bóthair, rud a dheimhníonn go bhfuil seiceálacha ag an áitreabh níos éifeachtúla ná rialuithe cois bóthair ad hoc. Mar sin féin, laghdaigh an ráta braite ag áitreabh i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe dheireanach.

Fíor 3: Catagóirí de sháruithe cois bóthair agus ag áitreabh 2019‑2020

Fíor 4: Catagóirí de sháruithe cois bóthair agus ag áitreabh le 10 mbliana anuas

2.1. Cionta a braitheadh cois bóthair

Braitheadh thart ar 1.36 milliún cion cois bóthair in 2019‑2020, rud atá thart ar 30 % níos lú i gcomparáid le thart ar 1.94 milliún cion in 2017‑2018 30 . Laghdaigh meánchionta an Aontais cois bóthair ó 2.11 go 1.82 in aghaidh 100 lá oibre a seiceáladh. Ar an meán, fuarthas go ndearna tiománaithe intíre 53 % de na cionta, cé go raibh an sciar d’fheithiclí intíre i measc na bhfeithiclí uile a stopadh le haghaidh rialuithe cothrom le 63 %.

2.2. Cionta a braitheadh ag an áitreabh

Bhí an líon cionta a braitheadh ag an áitreabh cothrom le thart ar 890 000, ar laghdú suntasach é sin i gcomparáid leis an tuarascáil dheireanach (1.46 milliún). Laghdaigh an meánráta braite cion in aghaidh 100 lá oibre a seiceáladh ó 4.35 go 2.59, rud a sheasann do laghdú 40 % i gcomparáid le 2017‑2018. Mhéadaigh an meánráta cion a braitheadh ag áitreabh in aghaidh an ghnóthais de bheagán ó 14 chion in aghaidh an ghnóthais in 2017‑2018 go níos mó ná 15 chion in aghaidh an ghnóthais.

2.3. An líon oifigeach forfheidhmithe agus na haonaid trealaimh chun anailís a dhéanamh ar thacagraif

Sa tréimhse tuairiscithe reatha, bhí baint ag 54 679 n‑oifigeach rialaithe (i gcomparáid le 61 558 in 2017‑2018) le seiceálacha ar fud an Aontais. Treocht laghdaitheach leanúnach atá ann, fiú nuair a chuirtear san áireamh nach n‑áirítear na figiúirí ón Ríocht Aontaithe ón tréimhse tuairiscithe roimhe sin (i.e. 588 n‑oifigeach rialaithe).

Cuireadh oiliúint ar 20 058 n‑oifigeach rialaithe chun anailís a dhéanamh ar na taifid tacagraif dhigiteacha (i gcomparáid le 21 786 in 2017‑2018). Mhéadaigh na haonaid trealaimh a sholáthraítear d’oifigigh rialaithe chun anailís a dhéanamh ar na taifid tacagraif ó 9 677 in 2017‑2018 go 13 067 in 2019‑2020.

3.Léirmhíniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Sholáthair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh léirmhíniú ar Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 trí bhíthin na rialuithe i gCás C‑834/18 31 an 10 Aibreán 2019. Rialaigh an Chúirt maidir leis an téarma 'tréimhse scíthe sheachtainiúil', de réir bhrí Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, nach gá go dtiocfaidh deireadh leis le linn na ‘seachtaine', mar a shainmhínítear in Airteagal 4(i) den Rialachán sin.

4.Comhar idir na Ballstáit

De réir Airteagal 5 de Threoir 2006/22/CE, tá oibleagáid ar na Ballstáit líon nach lú ná sé sheiceáil chomhbheartaithe cois bóthair a dhéanamh in aghaidh na bliana le Ballstát amháin eile ar a laghad. An comhar idir na Ballstáit bunaithe ar sheiceálacha comhbheartaithe, tionscnaimh oiliúna chomhpháirteacha nó malartuithe taithí agus faisnéise, tá ról ríthábhachtach aige sin chun dlús a chur le forfheidhmiú chun cuspóirí na reachtaíochta sóisialta in earnáil an iompair ar bóthar a bhaint amach, i.e. dálaí oibre feabhsaithe, iomaíocht chóir agus sábháilteacht fheabhsaithe ar bhóithre. Pacáiste Soghluaisteachta I 32 , rud a glacadh in Iúil 2020 agus ar thosaigh feidhm (pháirteach) a bheith leis an 20 Lúnasa 2020, tá sé d’aidhm aige an comhar agus an cúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit a chur chun cinn agus a threisiú agus forfheidhmiú níos éifeachtaí agus níos comhsheasmhaí ar na rialacha i bhfeidhm a áirithiú. Ina theannta sin, an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA), a bunaíodh in 2019 33 agus é de chuspóir uileghabhálach aige soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a áirithiú sa mhargadh inmheánach, thosaigh sé a ghníomhaíochtaí faisnéise, oiliúna agus tacaíochta forfheidhmiúcháin i réimse an iompair ar bóthar. Baineann ceann de phríomhchúraimí ELA le tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit san fhorfheidhmiú trasteorann agus le cigireachtaí comhpháirteacha a éascú lena n‑áirítear i réimse rialacha sóisialta an Aontais in earnáil an iompair ar bóthar.

De dheasca ghéarchéim COVID‑19, níorbh fhéidir roinnt mhaith de na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhpháirteacha a bhí beartaithe a reáchtáil in 2020. Mar sin féin, fiú maidir leis an mbliain 2019, níor sholáthair na Ballstáit uile faisnéis maidir leis an líon beacht seiceálacha comhbheartaithe ná níor thuairiscigh siad ar chor ar bith ar cé acu a thug nó nár thug siad faoi sheiceálacha comhbheartaithe. As na 14 Bhallstát nár sholáthair faisnéis maidir le seiceálacha 34 , chomhlíon 12 Bhallstát 35 an líon seiceálacha comhbheartaithe a cheanglaítear sa tréimhse tuairiscithe.

Bhain an comhar idir na Ballstáit le Ballstáit chomharsanacha den chuid is mó. Ina theannta sin, amhail le haghaidh na tréimhse tuairiscithe deireanaí, léirigh formhór na mBallstát go ndearnadh an comhar faoi chuimsiú Euro Contrôle Route (ECR).

II. Forléargas ar chur chun feidhme Threoir 2002/15/CE

De réir Airteagal 13 de Threoir 2002/15/CE, tá oibleagáid ar na Ballstáit tuairisciú ar a cur chun feidhme agus tuairimí an dá thaobh den tionscal a léiriú gach 2 bhliain.

1.Raon feidhme Threoir 2002/15/CE

Leis an Treoir bunaítear rialacha lena rialaítear, inter alia, sosanna leordhóthanacha le linn na tréimhse oibre, an t‑am oibre seachtainiúil uasta agus obair oíche. Lena forálacha forlíontar na rialacha maidir le hamanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 561/2006. Ós rud é go leagtar síos leis an Treoir sin forálacha áirithe maidir le huaireanta oibre a bhaineann go sonrach le hearnáil an iompair ar bóthar, meastar gur lex specialis í maidir le Treoir 2003/88/CE 36 maidir le ham oibre, lena mbunaítear buncheanglais chun am oibre oibrithe i ngach earnáil a eagrú.

2.Gnéithe cur chun feidhme sna Ballstáit

Thuairiscigh roinnt Ballstát agus comhpháirtithe sóisialta saincheisteanna cur chun feidhme áirithe. Thuairiscigh údaráis na Gearmáine easpa ghinearálta eolais ar an reachtaíocht maidir le hamanna tiomána agus oibre i measc fostóirí. Mar a tuairiscíodh, is iondúil nach ndéantar am oibre le haghaidh oibrithe taistil a sheiceáil le haghaidh comhlíontachta ach laistigh de na seiceálacha ar an reachtaíocht maidir le ham tiomána agus is iondúil nach n‑urramaítear é go leordhóthanach.

Chuir Málta in iúl maidir leis na feithiclí nach bhfuil oibleagáid orthu tacagraif a úsáid i gcomhréir leis an díolúine faoi Airteagal 13(1)(e) den Rialachán maidir le hAm Tiomána gurb amhlaidh a dhéantar am oibre a thomhas trí mhodhanna atá ann cheana chun amanna oibre tiománaí a thomhas, e.g. pollchloig.

Thuairiscigh Ballstáit áirithe go raibh easpa cigirí ann chun am oibre a rialú. Tharraing údaráis na hIodáile aird ar an bhfadhb a bhain le 50 % de na seiceálacha, arb é sin an t‑íosmhéid a cheanglaítear, a bhaint amach ag an áitreabh. Is é is cúis leis na príomhfhadhbanna an chastacht ar leith a bhaineann leis na seiceálacha san earnáil agus an iarracht shuntasach a cheanglaítear ó thaobh acmhainní daonna. Le linn cigireachtaí ag an áitreabh, i dteannta seiceálacha maidir leis an gcomhlíontacht le reachtaíocht shóisialta an Aontais, seiceáiltear freisin slándáil shóisialta agus stádas tuarastail na n‑oibrithe.

Thuairiscigh an tSualainn ar an modh arna úsáid ag na húdaráis rialaithe chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht leis an gcuid sin den reachtaíocht shóisialta ar thug comhpháirtithe sóisialta comhaontuithe i gcríche maidir léi, e.g. maidir le hobair oíche. Sna cásanna sin, ní hamháin go seolann údaráis na Sualainne iarrataí i scríbhinn chuig fostóirí agus tiománaithe féinfhostaithe, ach téann siad i dteagmháil go pearsanta freisin leis na tiománaithe ar a bhfuil iniúchadh á dhéanamh. Is é an cuspóir atá ann feasacht a mhúscailt maidir leis na rialacha agus athruithe san iompraíocht a spreagadh.

Thuairiscigh údaráis áirithe freisin gur gá tuilleadh soiléirithe a thabhairt ar shainmhínithe áirithe i dTreoir 2002/15/CE. Sa Ghearmáin, d’éiligh Stát amháin tuilleadh soiléirithe maidir le conas déileáil le ‘agaí feithimh ag an rampa’. Fuarthas freisin gur minic nach ndéantar obair dhíluchtaithe a thaifeadadh mar ‘obair eile’ ach mar am scíthe. I gcásanna áirithe, rinne gnólachtaí idirdhealú freisin idir am oibre iarbhír agus am oibre faoi réir luach saothair, sa chaoi go ndearnadh am a thaifeadadh agus íocadh luach saothair as ar ráta comhréidh, seachas mar ‘obair eile’.

Ar deireadh, thuairiscigh údaráis náisiúnta áirithe deacrachtaí chun rialú a dhéanamh ar am oibre na dtiománaithe a bhí bainteach i gcineálacha éagsúla gníomhaíochtaí iompair nó in oibríochtaí iompair a dhéanamh le haghaidh fostóirí éagsúla.

Os a choinne sin, chuir an Bhulgáir in iúl nár thángthas ar aon fhadhb shuntasach i bhfeidhmiú rialuithe faoi Threoir 2002/15/CE.

In ainneoin na mbarúlacha comhroinnte sin, leanann sé de bheith deacair treochtaí agus saincheisteanna gan réiteach a shainaithint ar leibhéal an Aontais de dheasca an lín shuntasaigh aighneachtaí neamhiomlána ó na Ballstáit agus cleachtais náisiúnta éagsúla.

3.Léirmhíniú ar Threoir 2002/15/CE

Thuairiscigh cúpla Ballstát léirmhíniú breithiúnach ó chúirteanna náisiúnta a raibh forálacha áirithe de Threoir 2002/15/CE á léirmhíniú acu in 2019‑2020. D’athdhearbhaigh an tSualainn go raibh sí ag fanacht le rialú cúirte i gcás a bhaineann leis an idirdhealú idir freagrachtaí Ghníomhaireacht Iompair na Sualainne agus freagrachtaí comhpháirtithe sóisialta nuair a síníodh comhaontuithe comhchoiteanna lena maolaítear ó chodanna den ghníomh dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir 2002/15/CE. Chuir an tSualainn in iúl freisin gur beag díospóid dlí eile maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/15/CE a bhí socraithe ag na cúirteanna céadchéime agus nach ndearna an chúirt uachtarach aon chinneadh dlí. Thuairiscigh an Eastóin an staid chéanna, a dheimhnigh gurb amhlaidh, go ginearálta, nár cruthaíodh aon fhadhb shóisialta in 2019‑2020 san Eastóin le trasuí Threoir 2002/15/CE.

Bhí roinnt cásanna cúirte ag an Spáinn maidir le ham oibre, sosanna, tréimhsí infhaighteachta agus comhaontuithe comhchoiteanna maidir le, mar shampla, ríomh uaireanta láithreachta atá ar fáil ag an bhfostóir, íocaíochtaí as níos mó ná 20 uair infhaighteachta, agus íocaíochtaí liúntais cothaithe laethúil.

4.Cionta in aghaidh rialacha maidir le ham oibre

Níor sholáthair ach aon Bhallstát déag 37 sonraí cainníochtúla maidir leis na cionta a braitheadh, cé nár tugadh cuid de na sonraí i gcrích go hiomlán. Tá an líon sin beagán níos airde i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe roimhe sin inar sholáthair naoi mBallstát 38 an fhaisnéis sin. Ní féidir conclúidí uile‑Aontais a tharraingt de dheasca líon neamh‑leordhóthanach na nionchur.

Léirigh Ballstáit áirithe go raibh ceartúchán iompraíochta indéanta laistigh de thréimhse shainithe chun forchur pionóis a sheachaint. Ní rachaidh na húdaráis forfheidhmithe ar aghaidh lena smachtbhannaí ach i gcásanna inar mainníodh aghaidh a thabhairt ar an easnamh. Maidir leis sin, thuairiscigh tionscal na Sualainne gur mór aige an easpa smachtbhanna dhírigh, ós rud é go dtugann sé deis do na fostóirí agus dóibh sin atá féinfhostaithe bealaí oibre nua a chur chun feidhme, agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí nua nó agus nósanna imeachta á n‑athrú chun feabhas a chur ar chomhlíontacht dlí.

5.Tuairimí na nGeallsealbhóirí maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/15/CE

Mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Threoir 2002/15/CE, léirigh deich mBallstát 39 go soiléir go ndeachthas i gcomhairle leis an dá thaobh den tionscal chun críche an chleachtais tuairiscithe seo. Tá an líon sin beagán níos ísle i gcomparáid leis an tuarascáil dheireanach 40 , ach léirítear leis fós gurb amhlaidh nach dtugann níos mó ná leath na mBallstát páirt do chomhpháirtithe sóisialta sa tuairisciú maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir le ham oibre. Mhínigh an Ostair nach ndeachthas i gcomhairle le comhpháirtithe sóisialta, ach go bpléitear an dréacht‑tuarascáil bhliantúil ní hamháin sa Pharlaimint (an Coiste Sóisialta) ach go bhfuil sí le fáil go poiblí freisin ar shuíomh gréasáin na Cigireachta Saothair.

I sé cinn as na deich mBallstát 41 , léiríodh tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta i roinn nó mír ar leithligh.

Ní féidir tuilleadh anailíse a dhéanamh ar thuairimí ó chomhpháirtithe sóisialta, ós rud é nach sampla ionadaíoch atá iontu.

III. Forléargas ar ghníomhaíochtaí forfheidhmithe le haghaidh Threoir 96/53/CE ón gComhairle

1.Seiceálacha

Le hAirteagal 10d(1) de Threoir 96/53/CE ón gComhairle, arna leasú le Treoir (AE) 2015/719, ceanglaítear go ndéanfaidh na Ballstáit bearta sonracha, faoin 27 Bealtaine 2021, chun feithiclí nó cónaisc feithiclí i gcúrsaíocht a shainaithint go huathoibríoch, ar feithiclí nó cónaisc feithiclí iad ar dócha gur sháraigh siad an t‑uasmheáchan údaraithe agus ar cheart dá bhrí sin dá n‑údaráis inniúla iad a sheiceáil chun comhlíontacht le ceanglais na Treorach maidir le Meáchain agus Toisí a áirithiú. De réir na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, tá córas ualúcháin uathoibríoch á úsáid ag Éirinn agus ag an nGearmáin ó 2019 ar a laghad. Le hAirteagal 10d(1) déantar foráil freisin maidir leis an bhféidearthacht chun úsáid a bhaint as na córais uathoibríocha chun sáruithe a bhunú go díreach agus pionóis a fhorchur, agus sa chás sin deimhneofar na córais sin. De réir na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit, níor roghnaigh aon Bhallstát córais dheimhnithe a shuiteáil. Dá bhrí sin, tar éis na feithiclí tromshaothair atá i gcúrsaíocht, agus ar dócha gur sháraigh siad an t‑uasmheáchan údaraithe, a shainaithint trí bhíthin córais uathoibríocha, ba ghá na feithiclí sin a chur faoi rialú meáchain breise cois bóthair agus scálaí deimhnithe ann chun na sáruithe iarmhartacha a bhunú.

Ina theannta sin, le hAirteagal 10d(2) ceanglaítear go ndéanfaidh na Ballstáit gach bliain féilire líon iomchuí seiceálacha ar mheáchan feithiclí nó cónasc feithiclí i gcúrsaíocht, i gcomhréir leis an líon iomlán feithiclí ar a ndéantar iniúchadh gach bliain ina gcríoch. Mar sin féin, le Treoir 96/53/CE ón gComhairle ní dhéantar foráil maidir le léirmhíniú ar ar féidir a mheas a bheith ‘comhréireach’, rud a fhágann corrlach léirmhíniúcháin áirithe de rogha na mBallstát maidir le conas a chuireann siad an riail sin chun feidhme. Ar an taobh eile, le Treoir 96/53/CE ón gComhairle ní cheanglaítear ar na Ballstáit an líon iomlán feithiclí ar a ndéantar iniúchadh gach bliain ina gcríocha a chur in iúl, rud ba ghá chun faisnéis a chur i gcomparáid agus a fháil maidir le cion iarbhír na rialuithe a rinneadh ar na huasmheáchain.

1.1Seiceálacha cois bóthair

San iomlán, rinneadh seiceáil ar thart ar 17 milliún feithicil agus cónasc feithiclí cois bóthair in 2019 agus 2020 (11 350 448 bhfeithicil in 2019 agus 5 810 609 bhfeithicil in 2020) i gcríocha na naoi mBallstát déag a sholáthair sonraí iomlána nó páirteacha. Tá an líon rialuithe a rinneadh an‑mhíchothrom:Rinne Éire an líon is airde rialuithe (thart ar 12.6 milliún rialú), agus tháinig an Pholainn (thart ar 3 mhilliún rialú) agus an Iodáil (nach mór 600 000 rialú) i bhfad ina diaidh. Is é is cúis leis sin úsáid eisiach córas ualúcháin uathoibríoch in Éirinn 42 .

De réir na dtacar sonraí inchomparáide ó shé Bhallstát déag 43 tháinig méadú 2 % ar an líon rialuithe ina gcríocha.

1.2Cionta

Níos mó ná leathmhilliún cion mar gheall ar an uasmheáchan nó ar an uasualach ar acastóir a shárú, braitheadh i naoi mBallstát déag (285 065 chion in 2019 agus 287 547 gcion in 2020) iad.

De réir na dtacar sonraí inchomparáide i sé Bhallstát déag 44 le haghaidh na dtréimhse 2017‑2018 tháinig méadú 4 % sa tréimhse 2019‑2020 ar an líon cionta a braitheadh ina gcríocha.

Ar an bhforiomlán, de réir na sonraí atá ar fáil bhí 3.3 % de na feithiclí nó de na cónaisc feithiclí rólódáilte. Athraíonn an céatadán sin ó 4.9 % in 2019 go 2.5 % in 2020, rud a d’fhéadfadh a thabhairt le tuiscint, i bhfianaise an mhéid chomhchosúil rialuithe a rinneadh sa 2 bhliain sin, gur mhéadaigh comhlíontacht leis na rialacha meáchain. Mar sin féin, athraíonn na figiúirí go mór i measc na mBallstát agus is ann d’imthosca eile, amhail na suíomhanna, na laethanta agus na hamanna a roghnaíodh le haghaidh na rialuithe cois bóthair agus taithí/oiliúint na n‑oifigeach forfheidhmithe a fheidhmíonn na rialuithe ar féidir tionchar suntasach a bheith acu ar éifeachtúlacht na rialuithe sin, de réir na faisnéise arna soláthar ag na Ballstáit. Mar shampla de na hathruithe i measc na mBallstát, tuairiscíonn an Eastóin gur braitheadh 2 166 shárú as an 2 929 rialú a rinneadh (éifeachtacht 72.2 %), cé go dtuairiscíonn an Pholainn gur braitheadh 7 217 sárú as na 3 050 851 rialú a rinneadh (éifeachtacht 0.2 %).

IV. Conclúidí

Léirítear leis an toradh ginearálta ar an anailís ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha sóisialta an Aontais in iompar ar bóthar go leanann an fheidhmíocht fhoriomlán a mhéid a bhaineann le leibhéil forfheidhmiúcháin agus chomhlíontachta in 2019‑2020 de bheith cobhsaí i gcomparáid le 2017‑2018.

Mar sin féin, níl comparáid dhíreach ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú rialacha sóisialta an Aontais in iompar ar bóthar sa dá thréimhse tuairiscithe, 2017‑2018 agus 2019‑2020, indéanta de bharr na staide sonraí a bhaineann leis an ngéarchéim COVID‑19 agus nach gceanglaítear ar an Ríocht Aontaithe a thuilleadh tuairisciú ar a gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.

Bhí tionchar diúltach ag an ngéarchéim COVID‑19 ar an líon seiceálacha agus gníomhaíochtaí comhbheartaithe arna dhéanamh ag na Ballstáit. Mar sin féin, is féidir treochtaí áirithe a lua.

laghdú leanúnach fós ann ar an líon laethanta oibre a sheiceáiltear. I gcomparáid leis na tréimhsí tuairiscithe roimhe sin, tháinig laghdú ar an líon tuairiscithe feithiclí agus an líon tuairiscithe tiománaithe a seiceáladh cois bóthair ar fud an Aontais. Tugadh an laghdú faoi deara freisin le haghaidh an lín gnóthas iompair a seiceáladh ag an áitreabh. An tráth céanna, an cóimheas de na laethanta oibre a seiceáladh cois bóthair agus ag an áitreabh, d’athraigh sé chun tairbhe do laethanta oibre a seiceáladh ag an áitreabh (60 % cois bóthair agus 40 % ag an áitreabh cé gur 73 % agus 27 % faoi seach a bhí i gceist sa tuarascáil dheireanach), agus is forbairt dhearfach é sin lena dtugtar cóimheas an dá chineál rialuithe sin níos gaire do na ceanglais dlí.

Tháinig laghdú ar an líon cionta a braitheadh ag an áitreabh agus cois bóthair araon i gcomparáid leis an tuarascáil dheireanach, rud is féidir a mhíniú leis an líon laghdaithe seiceálacha a rinneadh. Leanann an ráta braite ag áitreabh de bheith níos airde ná an ráta braite cois bóthair, rud a dheimhníonn go bhfuil seiceálacha ag an áitreabh níos éifeachtúla ná rialuithe cois bóthair ad hoc. Mar sin féin, laghdaigh an ráta braite ag áitreabh i gcomparáid leis an tréimhse tuairiscithe dheireanach.

Athraíonn rátaí braite sáruithe go suntasach ar fud an Aontais (ó 0.12 go 8.39). Léiríonn sin, i dteannta threocht an lín laghdaithigh laethanta oibre a seiceáladh agus na n‑inniúlachtaí forfheidhmiúcháin teoranta (acmhainní daonna agus airgeadais, scileanna agus trealamh rialúcháin) ar fud na mBallstát, go bhfuil sé ríthábhachtach díriú níos fearr ar sheiceálacha. Tá tábhacht ard leis an rochtain ar shonraí, amhail rátáil riosca cois bóthair go háirithe chun díriú níos fearr ar rialuithe agus chun seiceálacha ‘glana’ nach gá a laghdú, i.e. seiceálacha i gcás nach mbraitear aon sárú. Rochtain cigirí cois bóthair ar shonraí rátála riosca, déantar éigeantach an méid sin i gcomhréir le ceanglais nua a thugtar isteach le Pacáiste Soghluaisteachta I 45 . Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme maidir le módúlachtaí na rochtana sin 46 . Thairis sin, déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar conas a d’fhéadfadh digitiú agus teicneolaíochtaí uathoibrithe a bheith ina gcuidiú chun rialuithe níos cliste a dhéanamh ar chomhlíontacht (níos éifeachtaí, níos éifeachtúla, gan pháipéar, bunaithe ar rochtain agus malartú sonraí digiteacha).

A mhéid a bhaineann le seiceálacha comhbheartaithe agus comhpháirteacha i measc na mBallstát, is léir go bhfuil siad ina rannchuidiú le comhroinnt eolais agus le cur chuige comhchuibhithe a bhunú maidir leis an tuiscint ar rialacha an Aontais atá i bhfeidhm agus maidir le forfheidhmiú na rialacha sin. Dá bhrí sin, molann an Coimisiún do na Ballstáit a n‑iarrachtaí a neartú a thuilleadh chun feabhas a chur ar chomhar, trí chigireachtaí comhpháirteacha agus seiceálacha comhbheartaithe, agus tairbhiú den chúnamh arna thairiscint ag an Údarás Eorpach Saothair chomh maith leis sin.

Leanann na sciartha de na cineálacha éagsúla sáruithe de bheith comhchosúil leis an tréimhse tuairiscithe dheireanach. Ag an áitreabh, seasann na cionta a bhaineann le taifid ama tiomána do nach mór leath na gcionta uile a braitheadh, rud a léiríonn go mbíonn deacrachtaí ag gnóthais na sonraí ábhartha a stóráil go hiomchuí. Os a choinne sin, cionta a bhaineann le tréimhsí scíthe agus amanna tiomána seasann siad do nach mór leath na gcionta uile a braitheadh cois bóthair.

A mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Threoir 2002/15/CE, fágann an easpa sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla mionsonraithe i roinnt mhaith tuarascálacha náisiúnta gur deacair measúnú domhain a dhéanamh. Ba mhaith leis an gCoimisiún béim a leagan ar thábhacht an chleachtais tuairiscithe seo agus meabhraíonn sé gur féidir caingean dlí a sheoladh in aghaidh na mBallstát a mhainníonn an ceanglas a chomhlíonadh maidir leis an bhfaisnéis a chur isteach mar a cheanglaítear le hAirteagal 13 de Threoir 2002/15/CE.

Maidir le cur chun feidhme Threoir 96/53/CE ón gComhairle fágann an easpa faisnéise ó roinnt mhaith Ballstát gur deacair conclúidí a dhéanamh. Agus aird á tabhairt air sin, is é an toradh ginearálta atá ann, cé gur mhéadaigh na leibhéil forfheidhmiúcháin agus chomhlíontachta fhoriomlána araon le haghaidh 2019‑2020 de bheagán (2 % níos mó rialuithe agus braitheadh 4 % níos mó sáruithe i gcomparáid le 2017‑2018), is ann do dhifríochtaí suntasacha i measc na mBallstát sa líon rialuithe agus sáruithe a braitheadh i dtréimhse ar leith.

Is féidir na difríochtaí sin a thabhairt faoi deara freisin in éifeachtúlacht na rialuithe, arna tomhas mar chéatadán de na sáruithe a braitheadh in aghaidh an rialaithe a rinneadh.

Ós rud é nach mór córais meáigh‑faoi‑shiúl a chur chun feidhme sna Ballstáit uile ón 27 Bealtaine 2021, beidh sé ríthábhachtach anailís a dhéanamh ar shonraí sa todhchaí agus iad a chur i gcomparáid leis na tacair sonraí reatha chun conclúidí a tharraingt maidir le feidhmíocht agus éifeachtúlacht na gcóras uathoibríoch sin.

Ní féidir aon chonclúid ghinearálta a tharraingt a mhéid a bhaineann le hoiriúnacht agus comhréireacht na rialuithe ar uasmhéachain. Is é is cúis leis sin, ar thaobh amháin, critéar aonfhoirmeach oibiachtúil a bheith in easnamh chun sainmhíniú a thabhairt ar ‘comhréireacht’ sa téacs dlí. Contrártha do na critéir 3 % dá bhforáiltear in Airteagal 2 de Threoir 2006/22/CE, le Treoir 96/53/CE ón gComhairle fágtar corrlach lánroghnach áirithe faoi na Ballstáit maidir le conas a chuireann siad an riail sin chun feidhme. Ar an taobh eile, leis an Treoir maidir le Meáchain agus Toisí ní cheanglaítear ar na Ballstáit ach oiread an líon iomlán feithiclí ar a ndéantar iniúchadh gach bliain a chur in iúl ina gcríocha, rud a chuireann bac ar an measúnú ar chomhréireacht na rialuithe meáchan freisin ó thaobh cóimheas seasta a bheith ann, i.e. dá mhéad feithicil ar a ndéantar iniúchadh i gcríoch Ballstáit, is ea is mó seiceálacha is gá a dhéanamh ar mheáchan feithiclí.

Creideann an Coimisiún maidir leis na leibhéil forfheidhmiúcháin agus chomhlíontachta fhoriomlána tar éis chur i bhfeidhm Phacáiste Soghluaisteachta I, go gcuirfear feabhas orthu sna tréimhsí tuairiscithe sa todhchaí.Gníomh cur chun feidhme arna ghlacadh ag an gCoimisiún maidir le foirmle rátála riosca chomhchuibhithe 47 ceadaítear d’fhorfheidhmitheoirí próifíl na cuideachta a mbeartaíonn siad seiceáil a dhéanamh uirthi a aithint go gasta agus a thuiscint cé acu atá nó nach bhfuil rátáil riosca íseal ag cuideachta (de bharr íseal‑leibhéal sáruithe dlí) nó rátáil riosca ard aici (ardleibhéal sáruithe dlí). Ina theannta sin, le cian‑luathbhrathadóireacht ar ionramháil agus mí‑úsáid fhéideartha, tabharfar uirlis d’fhorfheidhmitheoirí na feithiclí a rialófar a roghnú. Leis sin uile ba cheart an líon seiceálacha gan gá a laghdú agus acmhainní a shábháil ar thaobh na bhforfheidhmitheoirí agus na dtiománaithe araon.

Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha sóisialta in iompar ar bóthar le cúnamh ó na Ballstáit. Iarrann sé ar na Ballstáit tuairimí an dá thaobh den tionscal maidir le cur chun feidhme na rialacha maidir le ham oibre a áireamh, mar a cheanglaítear le Treoir 2002/15/CE.

Leagann an Coimisiún béim ar a thábhachtaí atá sé go gcuirfidh na Ballstáit tacair iomlána sonraí isteach maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/15/CE agus maidir lena forfheidhmiú agus maidir le forfheidhmiú Threoir 96/53/CE ón gComhairle chomh maith leis sin agus go soláthrófar iad le haghaidh na chéad tréimhse tuairiscithe eile chun go gcomhlíonfar na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 13 de Threoir 2002/15/CE, Airteagal 10g de Threoir 96/53/CE ón gComhairle agus Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(1)

Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar, agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 3821/85 agus (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(2)

Treoir 2002/15/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 maidir le heagrú amanna oibre daoine atá i mbun gníomhaíochtaí soghluaiste iompair de bhóthar (IO L 80, 23.3.2002, lch. 35).

(3)

Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le coinníollacha íosta le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CE) Uimh. 561/2006 agus (AE) Uimh. 164/2014 agus Threoir 2002/15/CE a mhéid a bhaineann le reachtaíocht shóisialta a bhaineann le gníomhaíochtaí iompair de bhóthar agus lena n‑aisghairtear Treoir 88/599/CEE ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 35).

(4)

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lch. 1).

(5)

Treoir 96/53/CE ón gComhairle an 25 Iúil 1996 lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal(IO L 235, 17.9.1996, lch. 59).

(6)

Le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur in iúl gach 2 bhliain chun é a chur ar a chumas don Choimisiún tuarascáil a tharraingt suas maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus maidir leis na forbairtí sna réimsí i gceist. Le hAirteagal 13 de Threoir 2002/15/CE foráiltear gur cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún maidir le cur chun feidhme na Treorach, agus tuairimí an dá thaobh den tionscal á léiriú. Na tuarascálacha maidir le Treoir 2002/15/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 is féidir iad a chur i láthair i ndoiciméad aonair amháin ós rud é go gcumhdaítear leis an dá ghníomh reachtacha an tréimhse tuairiscithe dhá bhliain chéanna agus go mbunaítear rialacha comhlántacha leo le haghaidh tiománaithe gairmiúla.

(7)

Le hAirteagal 10g de Threoir 96/53/CE ón gComhairle ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá a chur in iúl gach 2 bhliain maidir leis an líon seiceálacha arna dhéanamh ar fheithiclí tromshaothair agus leis an líon feithiclí nó cónasc feithiclí rólódáilte arna mbrath. Le hAirteagal 10g de Threoir 96/53/CE ón gComhairle foráiltear go bhféadfaidh an fhaisnéis sin a bheith mar chuid den fhaisnéis a chuirtear isteach faoi Airteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006.

(8)

C(2017) 1927 final.

(9)

Is amhlaidh an cás le haghaidh na Liotuáine, a chuir in iúl nach raibh sonraí ar fáil de dheasca earráid theicniúil.  

(10)

Níor sholáthair an Laitvia an catagóiriú sin le haghaidh cionta ag áitreabh.

(11)

Chuir údaráis na Fraince in iúl maidir leis na sonraí ón Aireacht Saothair, a sheasann do thart ar leath na n‑oibleagáidí cigireachta náisiúnta i bhfiontair, nach bhféadfaí iad a bhaint as an gcóras faisnéise, murab ionann agus blianta roimhe sin. Chuir an Pholainn in iúl nach raibh aon sonra ar fáil maidir leis an líon oifigeach póilíneachta a dhéanann seiceálacha cois bóthair.

(12)

Treoir (AE) 2015/719 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 lena leasaítear Treoir 96/53/CE ón gComhairle lena leagtar síos na toisí údaraithe uasta sa trácht náisiúnta agus idirnáisiúnta agus na meáchain údaraithe uasta sa trácht idirnáisiúnta le haghaidh feithiclí bóthair áirithe ag gluaiseacht laistigh den Chomhphobal (Téacs atá ábhartha maidir le LEE) (IO L 115, 6.5.2015, lch. 1).

(13)

Ba iad na Ballstáit a chuir a sonraí náisiúnta isteach an Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, Poblacht na Slóvaice, an Spáinn agus an tSualainn.

(14)

Tá an figiúr sin bunaithe ar an líon laethanta oibre le haghaidh 2 bhliain agus ar an líon feithiclí cláraithe faoi raon feidhme an Rialacháin le linn na tréimhse sin le haghaidh gach Ballstáit.

(15)

Úsáidtear sa reachtaíocht ábhartha an téarma ‘laethanta oibre’ go hidirmhalartach leis an téarma ‘laethanta a oibríodh’ tiománaí: Rialachán (CE) Uimh. 561/2006, Treoir 2006/22/CE agus Cinneadh (AE) 2017/1013;

(16)

Leis an 125.7 milliún lá oibre san iomlán a seiceáladh in 2017‑2018 cuimsíodh an Ríocht Aontaithe.

(17)

Chuir Málta in iúl gurbh é ba chúis leis an laghdú ar an líon seiceálacha imthosca COVID‑19 agus freisin imeacht tobann an dá fhostaí arbh iad amháin a bhí freagrach as na cigireachtaí ar thacagraif an tráth sin. D’aithin údaráis Mhálta gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin láithreach agus dul ar aghaidh agus oiliúint a chur ar ochtar den phearsanra chun a áirithiú nach dtarlóidh an staid sin arís sa todhchaí.

(18)

Go háirithe sa Bhulgáir, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Laitvia, san Ostair, sa Phortaingéil agus sa Rómáin a sheas do 1/3 de na laethanta oibre a seiceáladh.

(19)

An Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ísiltír agus an Liotuáin.

(20)

An Bhulgáir, an Chipir, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóvaic.

(21)

Níor thuairiscigh an Liotuáin sonraí.

(22)

Leis an bhfigiúr le haghaidh 2017‑2018 áirítear sonraí ón Ríocht Aontaithe (i.e. 17 461 ghnóthas). Gan sonraí ón Ríocht Aontaithe, tá an laghdú cothrom le nach mór 33 %.

(23)

Mar shampla + 81 % sa Danmhairg agus 64 % i Lucsamburg.

(24)

Níor sholáthair an Liotuáin na sonraí sin. Thuairiscigh an Chipir nár seiceáladh ach feithiclí náisiúnta.

(25)

Níor sholáthair Málta na sonraí sin.

(26)

Seiceáladh 86 643 ghnóthas in 2017‑2018 gan an Ríocht Aontaithe.

(27)

Níor sholáthair an Laitvia cineálacha cionta ag seiceálacha áitribh.

(28)

Nó 3.29 milliún gan an Ríocht Aontaithe.

(29)

Cionta maidir le trealamh taifeadta, baineann siad le feidhmiú mícheart agus mí‑úsáid nó ionramháil an trealaimh taifeadta.

(30)

Nó thart ar 1.84 milliún cion gan an Ríocht Aontaithe.

(31)

  https://curia.europa.eu/jcms/jcms/P_126035/en/

(32)

  https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=OJ:L:2020:249:FULL&from=FR

(33)

Rialachán (AE) 2019/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Údarás Eorpach Saothair, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/589 agus lena n‑aisghairtear Cinneadh (AE) 2016/344 (IO L 186, 11.7.2019, lch. 21).

(34)

An Bheilg, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Ghréig, an Ísiltír, Málta, an Phortaingéil, Poblacht na Seice agus an tSlóivéin. Chuir an Ungáir agus Málta in iúl nach ndearnadh aon seiceáil chomhbheartaithe.

(35)

Éire, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an Rómáin, an tSlóvaic agus an Spáinn. 

(36)

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lch. 9).

(37)

An Chipir, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, Poblacht na Seice, an tSlóvaic, an Spáinn agus an Ungáir.

(38)

An Chipir, Éire, an Fhionlainn, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn agus Poblacht na Seice.

(39)

 An Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus tSualainn.

(40)

Leis an tuarascáil dheireanach léiríodh 12 Bhallstát, lena n‑áirítear an Ríocht Aontaithe.

(41)

An Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSualainn.

(42)

Na rialuithe uile arna dtuairisciú ag Éirinn déantar trí bhíthin córais Meáigh‑Faoi‑Shiúl (MFS) iad.

(43)

Ba iad na Ballstáit a chuir a sonraí náisiúnta isteach le haghaidh na tréimhse iomláine 2017‑2018 an Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, Poblacht na Slóvaice agus an Spáinn.

(44)

Ba iad na Ballstáit a chuir a sonraí náisiúnta isteach le haghaidh na tréimhse iomláine 2017‑2018 an Bheilg, an Bhulgáir, an Danmhairg, an Eastóin, an Fhionlainn, an Ghearmáin, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, an Laitvia, Lucsamburg, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, Poblacht na Slóvaice agus an Spáinn.

(45)

I gcomhréir le hAirteagal 16(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 arna leasú le Rialachán (AE) 2020/1055.

(46)

 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/695 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2022 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Treoir 2006/22/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le foirmle choiteann chun rátáil riosca gnóthas iompair a ríomh (IO L 129, 3.5.2022, lch. 33).