An Bhruiséil,27.3.2023

COM(2023) 182 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le stóráil gáis bunaithe ar Rialachán (EU) 2017/1938 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

{SWD(2023) 73 final}


1.Réamhrá

Bhí teannas suntasach le brath cheana féin ar na margaí gáis in 2021, agus tháinig méadú suntasach ar phraghsanna gáis. Spreag ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh i mí Feabhra 2022, tréimhse as a chéile inar cuireadh isteach ar an soláthar gáis agus a d’fhág go bhfuil praghsanna gáis i bhfad níos luainí i margaí domhanda anois. I gcás an Aontais agus a gharchomharsan, a bhí ag brath ar sholáthar gáis na Rúise, d’fhág an méid a tharla go raibh gá le freagairt láidir agus bearta chun dul i ngleic leis an soláthar agus leis an éileamh.

Mar thoradh ar mhéid na míchothromaíochtaí sa mhargadh gáis agus ar an eagla go gcuirfí isteach go mór ar an soláthar, agus ina dhiaidh sin ar shrianta soláthair a d’fhéadfadh a bheith tromchúiseach don tionscal agus do theaghlaigh araon, tháinig freagairt rialála nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo. Chuir sé sin le slándáil an tsoláthair gáis agus áirithíodh go raibh praghsanna gáis measartha i ngeimhreadh 2022/2023.

Bhí stóráil gáis ina cuid thábhachtach cheana féin de phleananna ullmhachta gáis an Choimisiúin chun teacht slán trí gheimhreadh 2022/2023 agus do na blianta atá le teacht, mar a cuireadh i dtábhacht freisin i bplean REPowerEU 1 agus sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Coigil Gás le haghaidh geimhreadh sábháilte 2 . Go sonrach, áirithítear le stóráil gáis atá líonta go maith go bhfuil gás ar fáil do theaghlaigh phríobháideacha agus do ghnólachtaí araon le linn bhiaiste an gheimhridh ina mbítear ag téamh.

Mar bheart breise, leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis 3 , a ghlac na comhreachtóirí an 27 Meitheamh 2022, ceanglaítear ar na Ballstáit uile a bhfuil toilleadh stórála gáis acu a áirithiú go ndéanfar a stóráil gáis faoi thalamh a líonadh suas le 80 % de thoilleadh ar a laghad faoin 1 Samhain 2022. Ó 2023 amach, caithfear stóráil gáis a líonadh go 90 % faoin 1 Samhain gach bliain.

Mar chosaint bhreise do leibhéal leordhóthanach stórála gáis sna blianta atá le teacht, sonraítear sa Rialachán maidir le Stóráil Gáis nach mór gach oibreoir córais stórála san Aontas a bheith deimhnithe. Ba cheart diúltú don deimhniú sin nó ba cheart leigheasanna a bheith mar thoradh air má chinneann na húdaráis ábhartha go bhféadfadh duine nó eintiteas a rialaíonn nó a fheidhmíonn go díreach nó go hindíreach aon cheart ar an gcóras stórála slándáil sholáthar fuinnimh an Aontais a chur i mbaol.

Cuirtear san áireamh sa tuarascáil sin cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Stóráil Gáis bunaithe ar fhaisnéis ó na Ballstáit maidir lena mbearta stórála gáis agus a nósanna imeachta deimhniúcháin, arna gcomhlánú le sonraí ó Eurostat, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (AE) 2017/1938. Tá doiciméad inmheánach oibre ag gabháil leis, ina dtugtar faisnéis mhionsonraithe maidir leis na bearta a rinne na Ballstáit chun a áirithiú go líonfar a láithreáin stórála gáis agus go ndéanfar anailís ar phraghsanna gáis i gcomhthéacs chur chun feidhme an Rialacháin Stórála.

2.Bunús dlí agus comhthéacs na tuarascála bliantúla

An 1 Samhain 2022, líonadh 94.9 % de stóráil gáis an Aontais. Bhí an méid sin i bhfad níos airde ná an sprioc 80 %, agus bhain gach Ballstát a sprioc amach, mar a leagtar amach sa Rialachán 4 . An 31 Nollaig 2022, bhí an leibhéal líonta fós 83.4 % san Aontas. I dtéarmaí stórála, bhí an chuma ar an scéal go raibh an tAontas ullmhaithe go maith do gheimhreadh 2022/2023.

Luaitear in Airteagal 6d (5) den Rialachán maidir le Stóráil Gáis nach mór don Choimisiún tuarascálacha bliantúla a chur isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Ní mór na nithe seo a leanas a bheith san áireamh sna tuarascálacha sin:

·forbhreathnú ar na bearta a rinne na Ballstáit chun na hoibleagáidí stórála a chomhlíonadh;

·forbhreathnú ar an méid ama is gá don nós imeachta deimhniúcháin a leagtar amach in Airteagal 3a de Rialachán (CE) Uimh. 715/2009;

·forbhreathnú ar na bearta arna niarraidh ag an gCoimisiún chun comhlíonadh leis na treochtaí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú;

·anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an Rialachán seo ar phraghsanna gáis agus ar choigilteas féideartha gáis i ndáil le hAirteagal 6b (4).

Rannchuidíonn an tuarascáil chun an bonn eolais a leathnú maidir leis na cleachtais is fearr chun láithreáin stórála a líonadh.

3.Forbhreathnú ar bhearta arna ndéanamh ag na Ballstáit chun na hoibleagáidí stórála a chomhlíonadh

Foráiltear leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis nach mór do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun na spriocanna líonta a bhaint amach. Ba cheart é a bheith mar aidhm leo bearta margadhbhunaithe a úsáid i gcás inar féidir chun suaitheadh nach bhfuil gá leis don mhargadh a sheachaint. Mar sin féin, féadfar bearta rialála, dreasachtaí airgeadais nó cúiteamh do rannpháirtithe an mhargaidh a áireamh sna bearta.

Leis an Rialachán maidir le Stóráil, tugtar liosta léiritheach de bhearta agus d’uirlisí féideartha a d’fhéadfadh na Ballstáit a ghlacadh chun na críche sin. Chun aiseolas a fháil ar na moltaí sin, sheol an Coimisiún ceistneoir chuig údaráis ábhartha na mBallstát i bhfómhar 2022, ag fiafraí díobh faoi na bearta agus na huirlisí a d’úsáid siad chun a áirithiú go líontar a láithreáin stórála. Fiafraíodh freisin sa cheistneoir tuairimí agus measúnuithe na mBallstát maidir le héifeachtacht a mbeart, a láidreachtaí agus a laigí.

De réir na mBallstát, chuidigh na bearta seo a leanas go héifeachtach lena láithreáin stórála a líonadh in am:

1.Oibleagáid a fhorchur ar oibreoirí na saoráide stórála ar an íosleibhéal líonta a bhaint amach, i gcomhréir leis an gcuspóir náisiúnta;

2.Na hacmhainneachtaí a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh;

3.Sásra a bheith i bhfeidhm i gcás ina bhfuil an toilleadh iomlán suibscríofa faoi bhun an íosleibhéil líonta, mar shampla téarmaí réamhaontaithe le rannpháirtithe sa mhargadh don mhéid comhlántach;

4.A áirithiú go núsáidfear na hacmhainní a chuirfear in áirithe go héifeachtach trí shásra ‘úsáid nó caill é’ a chur i bhfeidhm nó trí phionóis a fhorchur as neamhchomhlíonadh;

5.Ar deireadh, más rud é nach dócha go dtiocfaidh na torthaí inmhianaithe as na bearta thuasluaite, ceaptar eintiteas chun an toilleadh atá in easnamh a cheannach ón margadh mórdhíola.

Thairis sin, ag tagairt d’Iarscríbhinn Ib de Rialachán (AE) 2022/1032, tá comhaontú tugtha i gcrích ag an Ostair agus ag an nGearmáin maidir leis an sprioc líonta agus an chonair líonta de bhun Airteagal 6a, ós rud é go bhfuil na Ballstáit sin freagrach as na saoráidí stórála Haidach agus 7Fields 5 .

Foráiltear le sásra comhroinnte ualaigh an Rialacháin go ndéanfaidh Ballstáit nach bhfuil saoráidí stórála acu ar a gcríocha toirteanna gáis a stóráil i dtíortha comharsanacha arb ionann iad agus 15 % ar a laghad dá dtomhaltas bliantúil. Mar sin féin, tá úsáid theoranta bainte ag na Ballstáit as ionstraimí comhordaithe chun stóráil gáis a líonadh.

I mí Mheán Fómhair 2022, shínigh an Iodáil agus an Ghréig meabhrán tuisceana maidir le stóráil gáis. Ligeann sé do sheoltóirí ó Chóras Náisiúnta Tarchurtha Gáis Nádúrtha na Gréige suas le 1.14 TWh de ghás a stóráil san Iodáil. Tá comhaontuithe mar seo ríthábhachtach do na Ballstáit nach bhfuil aon toilleadh stórála gáis acu ar a gcríocha féin. D’eagraigh rialtas na hEastóine ceannach 1 TWh mar chúltaca straitéiseach náisiúnta atá le stóráil ag láithreán stórála sa Laitvia.

Le linn an tseimineáir 6 ar chur chun feidhme an Rialacháin maidir le Stóráil Gáis, mhol go leor comhlachas Eorpach atá ina gcomhaltaí den Ghrúpa Comhordaithe Gáis, cé go naithníonn siad éifeachtacht an Rialacháin, go mbainfí úsáid níos mó as uirlisí margadhbhunaithe chun é a chur chun feidhme ar bhealach éifeachtúil, go háirithe chun costais stórála a laghdú.

Rinne na Ballstáit infheistíochtaí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo le linn 2022 chun bonneagar gáis na hEorpa a dhéanamh níos athléimní agus chun rochtain ar ghás nádúrtha leachtaithe (GNL) a mhéadú i réigiúin atá ag brath go mór ar ghás na Rúise. Dá bhrí sin, tá athrú suntasach tagtha ar an staid in 2023 agus is féidir leis na Ballstáit anois úsáid níos fearr a bhaint as uirlisí margadhbhunaithe agus gan a bheith ag brath chomh mór ar uirlisí níos ‘idirghabhálaithe’ ar ghá iad mar gheall ar easpa bonneagair nó chun cúbláil mhargaidh ó oibreoirí stórála nach raibh san Aontas a chosc.

Mar thoradh ar na bearta uile, sáraíodh an sprioc líonta 80 % le haghaidh 2022. Faoin 1 Samhain 2022, líonadh 94.9 % de stóráil gáis an Aontais, agus shroich gach Ballstát níos mó ná 80 % (féach an tábla agus an figiúr thíos). Cháiligh an Laitvia, arbh í an t‑aon Bhallstát a raibh figiúr níos ísle ná 80 % aici, d’oibleagáid stórála laghdaithe mar gheall ar an móracmhainn stórála i gcomparáid leis an tomhaltas náisiúnta. Bhí an leibhéal líonta a bhain an Laitvia amach níos mó ná a sprioc laghdaithe i mí na Samhna a leagadh síos i ndáil lena tomhaltas féin.

Tábla: Leibhéil líonta ar 1 Samhain 2022

Leibhéal líonta (%)

Toirt oibre (gás) (TWh)

AT

93.1

95.5

BE

100

7.6

BG

90.4

5.8

CZ

94.9

43.8

DE

99.2

245.2

DK

99.3

9.9

ES

94.8

35.3

FR

100

132.6

HR

97.0

4,8

HU

86.0

67.7

IT

95.5

193.4

LV

57.7

24.1

NL

91.8

138.9

PL

98.9

36.4

PT

98.3

4.0

RO

96.8

32.8

SE

92.9

0.1

SK

91.3

38.8

AE

94.9

1116.21

Foinse: Bunachar sonraí AGSI an 1 Samhain 2022

Fíor: Leibhéal líonta stórála an Aontais agus treocht 2022 an Aontais

4.Láithreáin stórála san Aontas a bhí faoi úinéireacht nó á noibriú ag Gazprom roimhe seo

In 2021, ba le Gazprom thart ar 10 % de thoilleadh stórála an Aontais nó is é a bhí á oibriú. Na láithreáin stórála Gazprom, nár athlíonadh roimh thús gheimhreadh 2021/2022 agus a bhí laghdaithe beagnach ag deireadh an tséasúir nuair a bhaintear an gás as stóráil. Bhí na láithreáin Gazprom sin freagrach as meánleibhéal líonta láithreáin stórála an Aontais a laghdú idir 6 go 8 bpointe céatadáin ag deireadh 2021 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin.

Léirítear sa ghraf seo a leanas an fhorbairt ar thoirteanna gáis i láithreáin stórála atá faoi úinéireacht Gazprom nó á n‑oibriú aige (líne bhriste oráiste) agus ag láithreáin eile an Aontais (líne bhriste ghorm). Léiríonn an líne dhubh an gás atá á stóráil ar láithreáin uile an Aontais le chéile.

Fíor: Forbairt toirteanna gáis i láithreáin stórála atá faoi úinéireacht nó á n‑oibriú ag Gazprom

I samhradh 2022, rinne na Ballstáit ina bhfuil láithreáin stórála faoi úinéireacht nó á n‑oibriú ag Gazprom bearta chun a slándáil fuinnimh a chosaint:

·Rinne an Ghearmáin náisiúnú ar a láithreáin Gazprom, a bhí faoi úinéireacht Gazprom Germania roimhe seo. Is é SEFE Securing Energy for Europe GmbH ainm an eintitis nua.

·Tugadh láithreán na hOstaire d’oibreoir eile faoi rialacha nua ‘úsáid é nó caill é’. An 17 Feabhra 2023, shínigh an Ghearmáin agus an Ostair comhaontú chun freagracht chomhpháirteach a ghlacadh as saoráidí stórála gáis nádúrtha Haidach agus 7Fields a úsáid agus a líonadh agus chun toirteanna gáis stóráilte a iompar i gcás ganntanas. Leanann an comhaontú meabhrán tuisceana a comhaontaíodh idir Beirlín agus Vín i mí Iúil 2022. Tá an dá shaoráid stórála lonnaithe san Ostair, agus bhí siad in úsáid ag cuideachtaí Gearmánacha agus Ostaracha araon san am atá thart.

·San Ísiltír, cheap an rialtas eintiteas faoi oibriú stáit ar a dtugtar Energiebeheer Nederland chun gás a iompar chuig saoráid stórála Bergermeer ag baint úsáid as toilleadh stórála neamhúsáidte, lena náirítear toilleadh faoi úinéireacht Gazprom.

·Chuir an tSeicia an prionsabal ‘úsáid é nó caill é’ i bhfeidhm chun iallach a chur ar rannpháirtithe sa mhargadh a bhfuil toilleadh stórála breise acu, os cionn tairseach áirithe, sliotáin insteallta a thabhairt ar ais don rialtas. Faoin bprionsabal sin, tarraingíodh siar toilleadh stórála Gazprom ag láithreán Damborice agus cuireadh faoi bhearta speisialta ceantála an rialtais é. Áirítear orthu sin an fhéidearthacht ceantanna agus íocaíochtaí saor in aisce a dhéanamh le trádálaithe mar mhalairt ar ghás a stóráil.

Mar thoradh ar na bearta, líonadh na láithreáin stórála a bhí faoi úinéireacht Gazprom roimhe seo go 94 % ar an meán faoin 1 Samhain 2022 i gcomparáid le leibhéal líonta 26 % an 1 Samhain 2021.

Léirítear sa tábla thíos éifeachtacht bhearta na mBallstát, lenar cuireadh deireadh nó lenar laghdaíodh tionchar Gazprom ar stóráil gáis. Déantar comparáid ann idir an toilleadh stórála comhiomlánaithe atá faoi úinéireacht nó á hoibriú ag Gazprom in aghaidh na tíre i mí na Samhna 2021 agus i mí na Samhna 2022.

Tábla: Toilleadh na láithreán stórála atá faoi úinéireacht nó á n‑oibriú ag Gazprom de réir tíre in 2021 agus na leibhéil líonta comhfhreagracha i mí na Samhna 2021 agus i mí na Samhna 2022

Tír

Toilleadh oibriúcháin/faoi úinéireacht Gazprom 2021 (TWh)

Leibhéal líonta 1 Samhain 2021

Leibhéal líonta 1 Samhain 2022

AT

32.3

20 %

91 %

CZ

2.2

45 %

85 %

DE

58.2

27 %

94 %

NL

19.3

30 %

99 %

IOMLÁN

112.0

26 %

94 %

5.Uirlis comhiomlánaithe éilimh de bhun Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle

Le Rialachán (AE) 2022/2576, a ghlac an Chomhairle an 19 Nollaig 2022 tar éis togra ón gCoimisiún 7 , déantar foráil maidir le huirlis comhiomlánaithe éilimh lena dtacófar le tíortha an Aontais soláthairtí leordhóthanacha gáis a áirithiú in am do gheimhreadh 2023-2024. Ina theannta sin, beidh an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a thugtar isteach leis an Rialachán ríthábhachtach chun nach ndéanfaidh cuideachtaí Eorpacha tairiscint ar na praghsanna céanna gáis agus praghsanna a bhoilsciú dá bharr sin.

Iarrtar ar thíortha an Aontais an t‑éileamh ar thoirteanna gáis a chomhiomlánú arb ionann é agus 15 % dá n‑oibleagáidí líonta stórála faoi seach. Thar 15 %, is ar bhonn deonach a dhéanfar an comhiomlánú ach beidh sé bunaithe ar an sásra céanna.

Chun na críche sin, tá soláthraí seirbhíse ar chonradh ag an gCoimisiún chun na seirbhísí is gá a chur i bhfeidhm agus é mar aidhm an t‑éileamh ar ghás ó chuideachtaí Eorpacha a chomhiomlánú agus é a mheaitseáil leis na tairiscintí soláthair is iomaíche in am don chéad séasúr líonta stórála eile. Tar éis an t‑éileamh a mheaitseáil leis an soláthar, is féidir le cuideachtaí conarthaí ceannaigh a thabhairt i gcrích go deonach leis na soláthróirí gáis, ina n‑aonar nó i gcomhpháirt. Téann sé sin chun tairbhe go háirithe do chuideachtaí níos lú agus do chuideachtaí ó thíortha talamhiata a bhfuil raon domhanda nó cumhacht idirbheartaíochta níos lú acu. D’fhéadfadh ceannach comhpháirteach a bheith tairbheach freisin do thionscail a ídíonn gás, cosúil le leasacháin agus criadóireacht.

Chun an sásra ceannaigh chomhpháirtigh a bhunú, tagann Ballstáit an Aontais, Páirtithe Conarthacha an Chomhphobail Fuinnimh agus gníomhaithe tionsclaíocha an Aontais le chéile i bhfóraim éagsúla chun a gcuid saineolais agus comhairle a chur ar fáil don Choimisiún. Déanann siad amhlaidh trí bhord stiúrtha ad hoc, trí ghrúpaí réigiúnacha agus trí ghrúpa comhairleach tionscail.

6.Forbhreathnú ar an am is gá don nós imeachta deimhniúcháin

Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh an t‑údarás rialála náisiúnta nó údarás eile arna ainmniú ag an mBallstát gach oibreoir córais stórála, lena n‑áirítear oibreoirí córais stórála atá á rialú ag oibreoirí córais tarchurtha, a dheimhniú. Déanfaidh siad é sin chun a áirithiú nach gcuirfear slándáil an tsoláthair fuinnimh ná aon leas slándála riachtanach eile san Aontas ná in aon Bhallstát i mbaol trí thionchar a imirt ar oibreoir an chórais stórála.

Foráiltear leis an Rialachán Stórála go n‑eiseoidh an t‑údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin maidir le hoibreoirí córais stórála a oibríonn saoráidí stórála gáis faoi thalamh ag a bhfuil toilleadh níos mó ná 3.5 TWh i gcás, gan beann ar líon na n‑oibreoirí córais stórála, inar líonadh saoráidí stórála iomlána an 31 Márta 2021 agus an 31 Márta 2022 ar leibhéal a bhí, ar an meán, níos lú ná 30 % dá n‑uasmhéid toillte nó laistigh de 150 lá oibre ón dáta a fhaightear fógra. I gcás na láithreán stórála sin, ba cheart go mbeadh iarracht déanta ag an údarás deimhniúcháin cheana féin dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 1 Samhain 2022.

Maidir le gach oibreoir córais stórála eile, ní mór don údarás deimhniúcháin dréachtchinneadh deimhniúcháin a eisiúint faoin 2 Eanáir 2024 nó laistigh de 18 mí ón dáta a bhfaighfear fógra.

Ní mór don Choimisiún tuairim maidir leis an dréachtchinneadh deimhniúcháin a thabhairt don údarás deimhniúcháin laistigh de 25 lá oibre tar éis fógra den sórt sin a fháil. Ina dhiaidh sin, ní mór don údarás deimhniúcháin lánaird a thabhairt ar thuairim an Choimisiúin.

Ní mór don údarás deimhniúcháin an cinneadh deimhniúcháin a eisiúint laistigh de 25 lá oibre ón tuairim a fháil ón gCoimisiún.

In 2022, níor chuir Coimisiún Cónaidhme na Beilge um Rialáil Leictreachais agus Gáis (CREG) ach dréachtchinneadh deimhniúcháin amháin faoi bhráid an Choimisiúin i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Chun tacú leis na Ballstáit dréacht‑dheimhniúcháin a eisiúint, d’eagraigh an Coimisiún seisiún speisialta den Ghrúpa Comhordaithe Gáis chun treoir phraiticiúil a chur ar fáil d’oibreoirí agus úinéirí stórála deimhniúcháin. Mheabhraigh an Coimisiún gur cheart go laghdódh deimhniú aon riosca do shlándáil an tsoláthair gáis ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta nó ar fud an Aontais a eascraíonn, i measc nithe eile, as an méid seo a leanas:

(a) úinéireacht, soláthar nó caidreamh tráchtála eile a d’fhéadfadh tionchar diúltach a imirt ar dhreasachtaí agus ar chumas oibreoir córais stórála an tsaoráid stórála gáis faoi thalamh a líonadh;

(b) cearta agus oibleagáidí an Aontais maidir le tír nach Ballstát den Aontas í a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n‑áirítear aon chomhaontú a thugtar i gcrích le tír amháin nó níos mó nach Ballstát den Aontas í agus a bhfuil an tAontas ina pháirtí ann agus lena dtugtar aghaidh ar cheist shlándáil an tsoláthair fuinnimh;

(c) cearta agus oibleagáidí na mBallstát lena mbaineann i ndáil le tír nach bhfuil san Aontas a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag na Ballstáit lena mbaineann le tír amháin nó níos mó nach Ballstáit den Aontas iad, a mhéid a chomhlíonann na comhaontuithe sin dlí an Aontais; nó

(d) aon fhíoras agus imthosca sonracha eile den chás.

Cuirtear béim ar an riosca a bhaineann le slándáil an tsoláthair a eascraíonn ón úinéireacht a d’fhéadfadh difear diúltach a dhéanamh don chumas na saoráidí stórála a líonadh. Gné lárnach amháin don dréachtchinneadh deimhniúcháin is ea an coincheap ‘tionchar cinntitheach’, arb é atá ann úinéireacht nó ceart chun sócmhainní uile gnóthais nó cuid díobh a úsáid, nó cearta nó conarthaí lena dtugtar tionchar cinntitheach ar chomhdhéanamh, ar vótáil nó ar chinntí orgáin gnóthais.

7.Forbhreathnú ar na bearta arna niarraidh ag an gCoimisiún chun comhlíonadh na treochtaí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú

Foráiltear leis an Rialachán maidir le Stóráil Gáis do shásra faireacháin agus forfheidhmithe chun na leibhéil líonta a rianú sna Ballstáit. Áirithíonn sé dul chun cinn leanúnach maidir le hathlíonadh stórála agus ag an am céanna fágtar méid áirithe solúbthachta chun níos mó nó níos lú gáis a instealladh ag brath ar phraghsanna an mhargaidh ag an am. Leis an gceanglas seo, tugtar isteach spriocanna idirmheánacha 2 mhí, ach ceadaítear diall laistigh de chorrlach lamháltais 5 %.

Má chlaonann Ballstát ar bhealach substaintiúil agus marthanach ón treocht líonta agus má chuireann sé an sprioc líonta i mbaol, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus leis na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh sé Moladh a eisiúint chuig an mBallstát sin nó chuig na Ballstáit eile lena mbaineann maidir leis na bearta a bheidh le déanamh láithreach. Má bhíonn mainneachtain fós ann maidir leis na spriocanna íosta líonta a urramú tar éis an Mholta, féadfaidh an Coimisiún Cinneadh a eisiúint maidir leis an obair leantach.

Chomhlíon na Ballstáit uile na spriocanna idirmheánacha a socraíodh le haghaidh 2022 agus ní raibh diall suntasach ná marthanach ón sprioc ag a n‑íosleibhéal líonta. Dá bhrí sin, níorbh ghá don Choimisiún bearta a dhéanamh in 2022 chun comhlíonadh na dtreochtaí líonta agus na spriocanna líonta a áirithiú.

An 25 Samhain 2022, leag an Coimisiún amach trí bhíthin Rialachán Cur Chun Feidhme 8 na spriocanna idirmheánacha líonta stórála gáis nach mór do na Ballstáit a chomhlíonadh in 2023 chun an sprioc stórála gáis 90 % a bhaint amach faoin 1 Samhain 2023. Mar a bheartaítear faoin Rialachán maidir le Stóráil Gáis, sainíodh sa Rialachán Cur Chun Feidhme na spriocanna idirmheánacha don 1 Feabhra, 1 Bealtaine, 1 Iúil agus 1 Meán Fómhair 2023 do na Ballstáit sin a bhfuil stóráil faoi thalamh acu ar a gcríoch agus atá nasctha lena limistéar margaidh. Bhí na spriocanna sin bunaithe ar na tograí a rinne na Ballstáit, ar rátaí líonta na 5 bliana roimhe sin agus ar mheasúnú an Choimisiúin ar staid ghinearálta shlándáil an tsoláthair.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle freisin leis an nGrúpa Comhordaithe Gáis agus leis an gCoiste Stórála Gáis a bunaíodh le déanaí. Chomh maith leis sin, don bhliain 2023, faoi réir corrlach cúig phointe céatadáin, is iad na spriocanna ceangailteacha sin na tairseacha íosta nach mór do na Ballstáit a urramú chun leibhéal áirithe slándála soláthair agus athlíonadh saoráidí stórála a áirithiú i gcomhair geimhreadh 2023-2024.

Tábla:    Spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 le haghaidh na mBallstát ag a bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh, arna nglacadh le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2301 ón gCoimisiún

Ballstát

Sprioc idirmheánach 1 Feabhra

Sprioc idirmheánach 1 Bealtaine

Sprioc idirmheánach 1 Iúil

Sprioc idirmheánach 1 Meán Fómhair

AT

49 %

37 %

52 %

67 %

BE

30 %

5 %

40 %

78 %

BG

45 %

29 %

49 %

71 %

CZ

45 %

25 %

30 %

60 %

DE

45 %

10 %

30 %

65 %

DK

45 %

40 %

60 %

80 %

ES

59 %

62 %

68 %

76 %

FR

41 %

7 %

35 %

81 %

HR

46 %

29 %

51 %

83 %

HU

51 %

37 %

65 %

86 %

IT

45 %

36 %

54 %

72 %

LV

45 %

41 %

63 %

90 %

NL

49 %

34 %

56 %

78 %

PL

45 %

30 %

50 %

70 %

PT

70 %

70 %

80 %

80 %

RO

40 %

41 %

67 %

88 %

SE

45 %

5 %

5 %

5 %

SK

45 %

25 %

27 %

67 %

 

Chun na leibhéil líonta a shocrú, bhreithnigh an Coimisiún meastacháin na mBallstát agus measúnú ar an íosleibhéal teicniúil is gá, agus líonadh agus toilleadh in‑aistarraingthe gach láithreáin á gcur san áireamh chun leibhéal 90 % a bhaint amach faoin 1 Samhain 2023.

8.Anailís ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ar phraghsanna gáis agus ar choigilteas gáis

Chun dian‑anailís chúisíoch a dhéanamh, bheadh gá le sonraí ó chás frithfhíorasach, a bailíodh tráth nárbh ann don Rialachán Stórála ach nár tháinig aon athrú ar thosca eile (e.g. forbairtí domhanda) a mbíonn tionchar acu ar sholáthar agus ar éileamh gáis na hEorpa le linn na tréimhse ina raibh an Rialachán maidir le Stóráil i bhfeidhm. Ní raibh faisnéis le haghaidh cás frithfhíorasach ar fáil ar bhealach atá mionsonraithe go leor. Dá réir sin, rinne an Coimisiún anailís a bhí saintreorach agus nach raibh chomh cúisíoch céanna.

Cé gur tharla an bhuaic‑phraghas is airde i lár nó ag deireadh mhí Lúnasa, ní fhéadfaí aon nasc díreach a bhunú idir líonadh stórála gáis agus an méadú ar an bpraghas. Mar shampla, tháinig ardú tobann ar phraghsanna le linn tréimhse gnáthrátaí cothroma insteallta stórála. Os a choinne sin, nuair a bhí sé ag druidim leis an spriocdháta deiridh chun an sprioc líonta a bhaint amach an 1 Samhain, rud a d’fhág go raibh iarrachtaí breise á ndéanamh chun gás a stóráil mar gheall ar thús an tséasúir téimh, bhí praghsanna i bhfad níos ísle cheana féin i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna i gcomparáid leis na míonna roimhe sin.

Léirítear san fhigiúr thíos cóimheas luachanna 2022 thar mheán 2019-2021 le haghaidh instealltaí stórála agus praghsanna araon. Ciallaíonn cóimheas praghsanna 1 go raibh praghsanna 2022 cothrom le meán 2019-2021. Ciallaíonn cóimheas níos mó ná 1 go raibh praghsanna níos airde in 2022; ciallaíonn cóimheas 5 go raibh praghsanna cúig huaire níos airde in 2022 ná meán 2019-2021. Baineann an ríomh céanna leis an líne ar instealladh stórála.

De réir an fhigiúir seo, ní raibh na buaiceanna praghsanna coibhneasta i gcomhthráth le buaiceanna insteallta stórála coibhneasta. Mar sin féin, léiríonn na sonraí atá ar fáil go bhféadfadh ról níos suntasaí a bheith ag luaineachtaí soláthair i dtaca le hardú tobann ar phraghsanna gáis.

Mar sin féin, ní féidir linn a chur as an áireamh gur éascaíodh róluaineacht shealadach praghsanna a éascú trí stóráil dhiongbháilte a bheith á líonadh ag oibreoirí le hidirghabhálacha rialála ó na Ballstáit nó dá n‑uireasa mar chuid den Rialachán Stórála. Is eol don Choimisiún go rabhthas á mhaíomh go bhféadfaí na harduithe ar phraghsanna a mhaolú dá ndéanfaí stóráil a athshlánú de réir a chéile, lena n‑áirítear tríd an tsolúbthacht a d’fhág spriocanna idirmheánacha 2022 a leagtar síos ar leibhéal an Aontais a úsáid.

Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, níl aon chonclúidí soiléire ann maidir le nasc a d’fhéadfadh a bheith idir na spriocanna stórála agus forbairtí praghsanna. Laghdaigh an t‑instealladh leanúnach stórála an baol go n‑ísleofaí leibhéil stórála go leibhéal contúirteach.

Sa doiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil seo, tugtar tuilleadh sonraí maidir le modheolaíocht agus torthaí cainníochtúla na hanailíse.

Thairis sin, tar éis ghlacadh an Rialacháin maidir le hÉileamh Gáis a Laghdú 9 , chuir na Ballstáit laghdú 19 % ar a néileamh ar ghás idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023 i gcomparáid le meán na 5 bliana deireanacha (féach an figiúr thíos). Cúitíodh go suntasach leis sin an easpa gáis ón Rúis, agus sábháladh 42 bhilliún méadar ciúbach gáis idir mí Lúnasa 2022 agus mí Eanáir 2023, agus chuir sé solúbthacht ar fáil don mhargadh gáis. I gcomhthéacs an teannais sa mhargadh gáis, aithníodh ag cruinniú den Ghrúpa Comhordaithe Gáis i mí Feabhra 2023 gurbh é laghdú an éilimh an beart ba éifeachtúla toisc go bhfuil an méadú soláthair teoranta ag acmhainneachtaí táirgthe domhanda agus go bhfuil sé faoi réir iomaíocht dhomhanda.

Le linn shamhradh 2022, d’éascaigh laghdú ar an éileamh na hinstealltaí stórála, agus cuireadh teorainn le haistarraingtí le linn gheimhreadh 2022/2023 leis na bearta chun an t‑éileamh a laghdú. Dá bhrí sin, áirithíodh leis sin go raibh leibhéil stórála leordhóthanacha ann chun dul i ngleic le tréimhsí fuara le linn an gheimhridh.

Ó thús gheimhreadh 2022/2023, an tsolúbthacht a cruthaíodh leis an laghdú ar an éileamh, is amhlaidh a bhí sí ina cabhair maidir le praghsanna gáis a laghdú ó na leibhéil ab airde riamh go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an gcogadh i mí Feabhra 2023.

9.Conclúid

Rinne na Ballstáit iarrachtaí suntasacha nach bhfacthas riamh cheana in 2022 chun an stóráil a athlíonadh. Sáraíodh an sprioc 80 % de Rialachán Stórála an Aontais le haghaidh 2022. Faoin 1 Samhain 2022, líonadh 94.9 % de stóráil gáis an Aontais. Ag deireadh 2022, bhí an meánleibhéal fós ard, ag 83.4 %. Chuidigh an t‑ardleibhéal líonta sin go mór chun slándáil an tsoláthair i ngeimhreadh 2022/23 a neartú, rud a laghdaigh an phréimh riosca sa mhargadh gáis ag deireadh na bliana.

Rinne na Ballstáit gach beart ba ghá chun na spriocanna líonta a bhaint amach, lena n‑áirítear na spriocanna idirmheánacha. Bhain roinnt Ballstát leibhéil líonta amach i bhfad níos airde ná na spriocanna a bhí acu. Bhain na Ballstáit uile a dtreochtaí líonta amach agus spriocanna líonta íosta an Aontais in 2022. Chuidigh sásra na spriocanna idirghabhála íosta chun neart deiseanna a thabhairt do na Ballstáit a mbearta féin a leagan síos.

D’úsáid gach Ballstát a bhfuil stóras acu ciseán beart, mar a fhoráiltear sa Rialachán maidir le Stóráil. Tá ualach na mbeart difriúil éagsúil ó Bhallstát go chéile. Mar chéad rogha, bhain siad úsáid as bearta margadhbhunaithe. I measc na mbeart tosaíochta eile bhí an oibleagáid chun roinnt íosmhéideanna gáis a stóráil, acmhainneachtaí a thairiscint do rannpháirtithe sa mhargadh, mar aon le dreasachtaí chun na saoráidí stórála a líonadh agus a áirithiú go n‑úsáidtear na hacmhainneachtaí atá ar conradh go héifeachtach.

Leis an oibleagáid oibreoirí agus úinéirí stórála a dheimhniú, bhí sé d’aidhm ag an Rialachán maidir le Stóráil aon tionchar díobhálach ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad a sheachaint maidir le láithreáin stórála a líonadh. In 2022, cuireadh dréachtdheimhniú amháin faoi bhráid an Choimisiúin, agus lean tuairim dhearfach é.

Cé nár deimhníodh aon láithreán stórála eile, ghlac na Ballstáit bearta ag céim luath chun cosc a chur ar thíortha nach Ballstáit den Aontas iad tionchar diúltach a imirt ar líonadh láithreán stórála. Thuairiscigh siad ar úinéirí stórála a bheith á náisiúnú agus ceapadh eintitis stáit atá i gceannas ar an líonadh. Cé go gcaithfidh na Ballstáit a ndréachtchinntí deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin fós, níl aon fhianaise ann faoi láthair go bhfuil saoráidí stórála le haghaidh shlándáil an tsoláthair fós i mbaol. Ní mór formhór na ndeimhnithe a eisiúint in 2023 chun a áirithiú nach mbeidh tionchar díobhálach ar úinéirí agus ar oibreoirí stórála.

Bunaithe ar na sonraí atá ar fáil, ní féidir a dhéanamh amach an raibh tionchar ag na spriocanna líonta a leagtar síos sa Rialachán Stórála Gáis ar phraghsanna gáis agus a mhéid a bhí tionchar acu. Braitheann siad ar go leor tosca nach mbaineann le stóráil amhail soláthairtí píblíne, infhaighteacht GNL, coigilteas gáis, an aimsir agus an phréimh atá nasctha le slándáil rioscaí an tsoláthair a bhraitheann an margadh. Bunaithe ar an méid a tháinig isteach, is cosúil go bhfuil scóip ann le haghaidh bearta náisiúnta chun spriocanna an Aontais a chur chun feidhme ar bhealaí níos éifeachtúla ionas nach líonfar treochtaí a mbeidh tionchar diúltach acu ar fhorbairt praghsanna.

Leis an Rialachán maidir le Stóráil, is é seo an chéad uair a dhéanann na Ballstáit bearta stórála agus a chuireann siad chun feidhme iad i gcomhchreat lena gcumasaítear agus lena spreagtar teaglaim de bhearta margadhbhunaithe agus de bhearta rialála chun íosleibhéal líonta a áirithiú. Fiú má tá sé fós teoranta, is é sin an chéad uair freisin ag na Ballstáit socruithe sonracha a fhorbairt chun acmhainní stórála agus costais ghaolmhara a roinnt thar theorainneacha. Ag deireadh gheimhreadh 2022/2023, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún iarraidh ar na Ballstáit tuairisc a thabhairt maidir lena dtaithí féin ar na socruithe sin.

(1)

COM(2022) 639 final.

(2)

COM(2022) 360 final.

(3)

Rialachán (AE) 2022/1032 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE an 29 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1938 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 i ndáil le stóráil gáis, IO L 173, 30.6.2022, lch. 22.

(4)

  Bonneagar gáis san Eoraip — Fardal Comhiomlánaithe Stórála Gáis (agsi.gie.eu)

(5)

Comhaontú foilsithe i gclár oifigiúil na hOstaire: https://www.ris.bka.gv.at/eli/bgbl/III/2023/16 .

(6)

  Clár ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin agus eintitis chomhchosúla eile (europa.eu)

(7)

Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha, Iris Oifigiúil L 335, 29.12.2022, lch. 1.

(8)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/2301 ón gCoimisiún an 23 Samhain 2022 lena socraítear an chonair líonta le spriocanna idirmheánacha le haghaidh 2023 le haghaidh gach Ballstáit ina bhfuil saoráidí stórála gáis faoi thalamh ar a chríoch agus atá idirnasctha go díreach lena limistéar margaidh (C/2022/8593) IO L 305, 25.11.2022, lgh. 5–8.

(9)

Rialachán (AE) 2022/1369 ón gComhairle an 5 Lúnasa 2022 maidir le bearta comhordaithe maidir le laghdú ar éileamh ar ghás

ST/11568/2022/INIT, IO L 206, 8.8.2022, lch. 1-10.