AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.3.2023
COM(2023) 158 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, cumhacht a thugtar don Choimisiún faoi Regulation (CE) Uimh. 138/2004 i dtaca leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta
1.Réamhrá
Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cuntais eacnamaíocha talmhaíochta i mí na Nollag 2003. Leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 1350/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh chun cumhachtaí cur chun feidhme a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Le hAirteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. De réir Airteagal 2(2), is féidir an chumhacht sin a úsáid chun leasú a dhéanamh ar mhodheolaíocht na gCuntas Eacnamaíoch Talmhaíochta (CET) a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus, de réir Airteagal 3(3), chun leasú a dhéanamh ar an liosta athróg maidir le soláthar sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Faoi Airteagal 4(2) tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse 5 bliana ón 10 Eanáir 2014. In 2019 rinneadh an chumhacht sin a athnuachan go hintuigthe go dtí an 10 Eanáir 2024.
Déanfar an chumhacht a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí 5 bliana, ach amháin i gcás ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin.
Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Comhlíonann an tuarascáil seo an oibleagáid sin.
2.Feidhmiú cumhachtaí tarmligthe ag an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 138/2004
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht agus ghlac sé Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/280 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le tagairtí don chóras Eorpach cuntas náisiúnta agus réigiúnach san Aontas Eorpach.
Leis an Rialachán Tarmligthe sin, rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a ailíniú le Rialachán (AE) Uimh. 549/2013 chun inchomparáideacht idirnáisiúnta na gcuntas eacnamaíoch talmhaíochta a áirithiú trí chomhsheasmhacht a choinneáil ar bun leis an gCóras Cuntas Eorpach (CCE) athbhreithnithe.
Tiocfaidh CCE 2010 in ionad na gcóras uile eile de réir a chéile agus beidh sé ina chreat tagartha maidir le caighdeáin, sainmhínithe, aicmithe agus rialacha cuntasaíochta coiteanna chun cuntais na mBallstát a tharraingt suas. Déantar é sin chun a áirithiú go mbíonn torthaí inchomparáide idir na Ballstáit.
Dá bhrí sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/280 ón gCoimisiún tugadh isteach na hathruithe teicniúla is gá chun aistriú ó CCE 95 go CCE 2010 i Rialachán (CE) Uimh. 138/2004.
3.
Conclúidí
D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aire.
Measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh sé de na cumhachtaí tarmligthe sin a bheith aige, mar d’fhéadfadh sé go mbeadh air gníomh tarmligthe a ghlacadh chun Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an Rialachán a mhodhnú mar chuid de CCE a fhorbairt amach anseo, rud atá beartaithe in CCE 2010, agus chun riachtanais úsáideoirí sonraí a chomhlíonadh i bhfianaise an chomhbheartais talmhaíochta a bheidh ann amach anseo.
Thairis sin, d’fhéadfadh sé gur gá amach anseo aicmiú na dtáirgí in CET a ailíniú leis an gcuid eile den staidreamh talmhaíochta arna bhailiú faoi
·Rialachán (AE) 2018/1091 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir le staidreamh comhtháite feirme agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1166/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1337/2011, agus
·
Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle
Is féidir é sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint as cumhachtaí tarmligthe a thugtar don Choimisiún chun Iarscríbhinn II a mhodhnú.