An Bhruiséil,24.3.2023

COM(2023) 157 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh arna dtabhairt don Choimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le staidreamh beostoic agus feola agus lena n-aisghairtear Treoracha 93/23/CEE, 93/24/CEE agus 93/25/CEE ón gComhairle


1.Cúlra

Glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh beostoic agus feola 1 an 19 Samhain 2008. Leasaíodh é le Rialachán (AE) Uimh. 1350/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leasaítear gníomhartha reachtacha áirithe i réimse an staidrimh talmhaíochta agus iascaigh 2 chun cumhachtaí cur chun feidhme a ailíniú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Le hAirteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. De réir Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 is féidir an chumhacht tarmligin a úsáid chun Iarscríbhinní I, II, IV agus V a leasú. Leagtar amach sna hiarscríbhinní sin na sainmhínithe agus na catagóirí le haghaidh staidreamh maidir le beostoc agus marú, agus le haghaidh réamhaisnéisí táirgthe feola.

Faoi Airteagal 19(2), tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh go ceann tréimhse 5 bliana ón 10 Eanáir 2014. In 2019, rinneadh an chumhacht sin a athnuachan go hintuigthe go dtí an 10 Eanáir 2024 3 .

Déanfar Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) 2022/2379 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Samhain 2022 maidir le staidreamh ar ionchur agus aschur talmhaíochta, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 617/2008 ón gCoimisiún agus lena naisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1165/2008, (CE) Uimh. 543/2009 agus (CE) Uimh. 1185/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 96/16/CE ón gComhairle 4 amhail ón 1 Eanáir 2025.

Tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Comhlíonann an tuarascáil seo an oibleagáid sin.

2.Feidhmiú cumhachtaí tarmligthe ag an gCoimisiún faoi Rialachán (CE) Uimh. 1165/2020

Níor fheidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar dó le Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008.

Ní dhearnadh aon athrú ar na sainmhínithe a leagtar amach in Iarscríbhinní I, II, IV agus V de Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 le linn na tréimhse i gceist. Bhí na hathruithe ar na dálaí teicneolaíocha agus eacnamaíocha chomh beag sin nár ghá aon leasú a dhéanamh ar liosta na gcatagóirí ná ar na próisis staidrimh náisiúnta agus Eorpacha a oiriúnú.

3.Conclúidí

Níor fheidhmigh an Coimisiún fós an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar dó le Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008.

Thairis sin, níl sé beartaithe ag an gCoimisiún na cumhachtaí tarmligthe a thugtar dó a fheidhmiú, ós rud é go ndéanfar Rialachán (CE) Uimh. 1165/2008 a aisghairm le Rialachán (AE) 2022/2379 amhail ón 1 Eanáir 2025.

(1)    IO L 321, 1.12.2008, lgh. 1–13.
(2)    IO L 351, 21.12.2013, lgh. 1–14.
(3)     COM/2018/018 final
(4)    IO L 315, 7.12.2022, lch. 1.