An Bhruiséil,20.3.2023

COM(2023) 145 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le feidhmiú na cumhachta chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh a thugtar don Choimisiún faoi Threoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach




1.RÉAMHRÁ

An 11 Nollaig 2018 ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Treoir (AE) 2018/1972 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (CCLE) 1 . Tháinig an Treoir i bhfeidhm an 20 Nollaig 2018 agus bhí ar na Ballstáit í a thrasuí ina gcóras dlí náisiúnta faoin 21 Nollaig 2020.

Faoin Treoir cumhachtaítear don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh:

a)chun uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta (rátaí foirceanta gutha uile-Aontais) a shocrú, rátaí a ghearrtar ar aon sholáthraí seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó do ghuthghlaonna seasta, faoi seach, in aon Bhallstát — Airteagal 75(1) de CCLE;

b)míreanna 2, 5 agus 6 d’Airteagal 109 maidir leis na bearta is gá chun comhoiriúnacht, idir-inoibritheacht, cáilíocht, iontaofacht agus leanúnachas na cumarsáide éigeandála san Aontas a áirithiú maidir le réitigh faisnéise faoi shuíomh an ghlaoiteora, rochtain d’úsáideoirí deiridh faoi mhíchumas agus ródú chuig an bpointe freagartha seirbhísí poiblí (PSAP) is iomchuí – Airteagal 109(8) de CCLE;

c)chun Iarscríbhinní V 2 , VI 3 , IX 4 , X 5 agus XI 6 a ghabhann leis an Treoir a leasú chun forbairtí teicneolaíocha agus sóisialta nó athruithe ar éileamh an mhargaidh a chur san áireamh – Airteagal 116 de CCLE.

2.BUNÚS DLÍ

Ceanglaítear an tuarascáil seo a dhéanamh faoi Airteagal 117(2) de CCLE. De bhun na forála sin, bronnadh an chumhacht ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh ar feadh tréimhse cúig bliana dar tús an 20 Nollaig 2018 (i.e. go dtí an 20 Nollaig 2023).

Déantar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Ní mór don Choimisiún tuarascáil maidir le tarmligean na cumhachta a dhréachtú tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana sin (i.e. go dtí an 20 Márta 2023).

3.FEIDHMIÚ AN TARMLIGIN SA TRÉIMSE REATHA

Sa tréimhse tuairiscithe (20 Nollaig 2018 – 20 Márta 2023), d’fheidhmigh an Coimisiún a chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i ndáil leis na forálacha seo a leanas den Treoir:

·Airteagal 75(1) – Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/654 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta a leagan síos.

Faoi Airteagal 75(1) de CCLE ceanglaítear ar an gCoimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh lena socraítear uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna soghluaiste agus uasráta foirceanta aonair uile-Aontais do ghuthghlaonna seasta faoin 31 Nollaig 2020. Agus sin á dhéanamh ag an gCoimisiún, ní mór dó na prionsabail, na critéir agus na paraiméadair dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann le CCLE a chomhlíonadh. Glacadh an Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún de bhun na gceanglas agus laistigh den sprioc-am a leagtar amach faoi CCLE.

Sa rialachán tarmligthe leagtar síos na rátaí foirceanta uasta ar féidir le soláthraithe seirbhísí foirceanta do ghuthghlaonna soghluaiste nó do ghuthghlaonna seasta a mhuirearú ar a chéile as seirbhísí foirceanta soghluaiste agus seasta faoi seach san Aontas. Ach aon ráta uasta uile-Aontais amháin a bheith ann laghdaítear ar an ilroinnt agus áirithítear timpeallacht trasteorann níos iomaíche, rud a théann chun tairbhe do thomhaltóirí Eorpacha i ndeireadh thiar a bhuí le praghsanna níos ísle agus tairiscintí níos éagsúla le haghaidh glaonna seasta agus soghluaiste. Thairis sin, ós rud é nach gceanglaítear ar na húdaráis rialála náisiúnta a thuilleadh samhlacha costais a thógáil chun rátaí éifeachtúla a ríomh tá an ualach riaracháin ar rialálaithe náisiúnta ar fud an Aontais laghdaithe go suntasach ag an Rialachán Tarmligthe.

Idir an 26 Iúil agus an 8 Samhain 2019, tugadh cuireadh do pháirtithe leasmhara páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí maidir le gnéithe de chur chun feidhme na rátaí foirceanta aonair uile-Aontais uasta do ghuthghlaonna ar an tairseach Cloisimis Uait! 7 . Pléadh an dréachtrialachán tarmligthe leis na Ballstáit sa Ghrúpa Saineolaithe um Rátaí Foirceanta do Ghuthghlaonna san Aontas Eorpach idir an 10 Feabhra 2020 agus an 17 Feabhra 2021. I gcomhréir le hAirteagal 75(1) tugadh an tuairim ó Chomhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) an 10 Deireadh Fómhair 2020 8 . Ní dhearna an Chomhairle ná Parlaimint na hEorpa agóid i gcoinne an dréachtrialacháin tharmligthe le linn na tréimhse grinnscrúdaithe a chuaigh in éag an 2 Aibreán 2021.

·Airteagal 109(8) – Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/444 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le bearta chun rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála ar an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’

Faoi Airteagal 109(8) de CCLE ceanglaítear ar an gCoimisiún an chéad ghníomh tarmligthe lena bhforlíontar míreanna 2, 5 agus 6 den Airteagal sin a ghlacadh faoin 21 Nollaig 2022.

Is é is cuspóir don rialachán tarmligthe sin rochtain éifeachtach ar sheirbhísí éigeandála a áirithiú trí chumarsáid éigeandála chuig an uimhir aonair éigeandála Eorpach ‘112’ sna Ballstáit. Tá forálacha CCLE á fhorlíonadh ag an rialachán tarmligthe a mhéad is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach. Leis an rialachán tarmligthe foráiltear go mbeidh paraiméadair na gcritéar maidir le suíomh an ghlaoiteora, ceanglais maidir le coibhéis fheidhmiúil maidir le haghaidh rochtain ar sheirbhísí éigeandála d’úsáideoirí deiridh atá faoi mhíchumas agus oibleagáidí maidir le héifeachtacht an ródaithe chuig an bpointe is iomchuí don phointe freagartha sábháilteachta poiblí (PSAP) is iomchuí. Tá na Ballstáit le tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme na gceanglas sin chomh maith leis an uasghrádú ar an gcóras PSAP náisiúnta chun a bheidh in ann cumarsáid éigeandála a fháil, a fhreagairt agus a phróiseáil trí theicneolaíocht lasctha paicéad.

Idir an 8 Lúnasa agus an 12 Meán Fómhair 2022, tugadh cuireadh do na páirtithe leasmhara aiseolas a thabhairt faoi dréachtrialachán tarmligthe a foilsíodh ar thairseach ‘Cloisimis uait!’ an Choimisiúin 9 . Pléadh an dréachtrialachán tarmligthe leis na Ballstáit sa Ghrúpa Saineolaithe um Chumarsáid Éigeandála san Aontas Eorpach idir an 6 Bealtaine agus an 8 Meán Fómhair 2022. I gcomhréir le hAirteagal 109(8) tugadh an tuairim ó BEREC an 14 Deireadh Fómhair 2022 10 . Ní dhearna an Chomhairle ná Parlaimint na hEorpa agóid i gcoinne an dréachtrialacháin tharmligthe le linn na tréimhse grinnscrúdaithe a chuaigh in éag an 17 Feabhra 2023.

·Airteagal 116 — Níor fheidhmigh an Coimisiún an chumhacht gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, a thugtar leis an Airteagal sin, fós. Go dtí seo, níorbh ann fós d’fhorbairtí teicneolaíocha agus sóisialta ná athruithe ar éileamh an mhargaidh a d’fhág go mbeadh gá le haon leasuithe ar Iarscríbhinní V, VI, IX agus XI de CCLE.

4.CONCLÚIDÍ

D’fheidhmigh an Coimisiún a chumhachtaí tarmligthe i gceart agus iarrann sé ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle an tuarascáil seo a thabhairt dá n‑aird.

Measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh sé de na cumhachtaí tarmligthe a bheith aige de bhun Threoir (AE) 2018/1972, toisc go bhfuil sé d’oibleagáid air athbhreithniú a dhéanamh ar an ngníomh tarmligthe de bhun Airteagal 75(2) de CCLE gach 5 bliana. Is é an 18 Nollaig 2025 an spriocdháta atá leis an athbhreithniú ar Rialachán Tarmligthe 2021/654 ón gCoimisiún.

Ar an gcaoi chéanna, measann an Coimisiún gur cheart go leanfadh sé de na cumhachtaí tarmligthe a bheith aige de bhun Airteagal 109(8) le bheith in ann bearta a ghlacadh a chuireann le héifeachtacht na cumarsáide éigeandála de bhun na forbartha teicneolaíche sa réimse sin.

Thairis sin, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh amach anseo chun na hiarscríbhinní a ghabhann leis an Treoir a leasú chun forbairtí teicneolaíocha agus sóisialta nó athruithe ar éileamh an mhargaidh a chur san áireamh.

(1)

   Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 36–214).

(2)

íostacar na seirbhísí a mbeidh an tseirbhís leordhóthanach rochtana idirlín leathanbhanda i gcomhréir le hAirteagal 84(3) in ann a sholáthar

(3)

tuairisc ar na saoráidí agus na seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 88 (rialú caiteachais), Airteagal 115 (saoráidí breise) agus Airteagal 106 (malartú soláthraí agus inaistritheacht uimhreacha)

(4)

faisnéis atá le foilsiú i gcomhréir le hAirteagal 103 (trédhearcacht agus foilsiú faisnéise)

(5)

paraiméadair i leith cáilíocht seirbhíse

(6)

idir-inoibritheacht ghlacadóirí raidió cairr agus trealamh teilifíse digití do thomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 113

(7)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/1958-Voice-call-termination-rates-in-the-EU-Eurorates-_en

(8)

https://www.berec.europa.eu/en/document-categories/berec/opinions/berec-opinion-on-the-draft-delegated-act-setting-single-maximum-union-wide-voice-fixed-and-mobile-termination-rates

(9)

https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/13183-Emergency-communications-improving-access-through-the-single-European-emergency-number-112_ga

(10)

https://www.berec.europa.eu/en/document-categories/berec/opinions/berec-opinion-on-the-draft-commission-delegated-regulation-supplementing-directive-eu-20181972-of-the-european-parliament-and-of-the-council-with-measures-to-ensure-effective-access-to-emergency-services-through