An Bhruiséil,8.3.2023

COM(2023) 141 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

Treoir maidir le beartas fioscach le haghaidh 2024


TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG AN gCOMHAIRLE

Treoir maidir le beartas fioscach le haghaidh 2024

1.Réamhrá

I dtosach 2023, bhí bun níos sláintiúla ar gheilleagar na hEorpa ná mar a tuaradh san fhómhar. Tá praghas tagarmharcála gáis na hEorpa tite faoi bhun na leibhéal a bhí ann roimh ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus baint ag srian ar an éileamh agus ag éagsúlú leanúnach an tsoláthair leis an laghdú sin. Lean na margaí saothair de bheith ag feidhmiú go láidir freisin, agus an ráta dífhostaíochta san Aontas fós íseal, ag leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe, i mí na Nollag 2022. Ó tharla na rátaí boilscithe a bheith ag titim le 3 mhí as a chéile, tugtar le fios go bhfuil an bhuaic taobh thiar dínn anois, cé go bhfuil brúnna boilscithe lárnacha fós ard agus is ar an taobh thuas atá na rioscaí. Tá feabhas tagtha ar an meon eacnamaíoch freisin, rud a thugann le fios go bhféadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch an Aontais crapadh a sheachaint sa chéad ráithe de 2023 agus an cúlú eacnamaíoch a raibh coinne leis roimhe sin a sheachaint ach ar éigean.

San am céanna, tá geilleagar na hEorpa ag dul i ngleic le hábhair mhóra bhuartha fós agus le leibhéil arda éiginnteachta. Agus brúnna boilscitheacha fós ann, leanfar den ghéarú ar an mbeartas airgeadaíochta, rud a mhaolóidh an t‑éileamh. Meastar, dá bhrí sin, go bhfanfaidh an fás bog go leor in 2023, cé go bhfuil ionchais fáis na bliana seo feabhsaithe i réamhaisnéis gheimhridh 2023 ón gCoimisiún. I gcomhthéacs an tírdhreacha gheopholaitiúil atá ann faoi láthair, tá éiginnteacht fós ard.

In 2023-24, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais fhioscacha inbhuanaitheacht fiachais mheántéarmach a áirithiú chomh maith le fás féideartha a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe. Rinne bearta fioscacha tionchar na géarchéime fuinnimh ar ghnólachtaí agus ar thomhaltóirí a mhaolú. Mar sin féin, níl údar leis an spreagadh fioscach leathan chun éileamh comhiomlán a spreagadh agus ní féidir le bearta tacaíochta costasacha leanúint ar aghaidh ar feadh tréimhse éiginnte: ní mór díriú anois ar an inbhuanaitheacht fhioscach a neartú trí chomhdhlúthú fioscach de réir a chéile agus, i gcás inar gá fós, ar bhearta fioscacha spriocdhírithe lena dtugtar tacaíocht do theaghlaigh leochaileacha agus do ghnólachtaí leochaileacha atá thíos le praghsanna arda fuinnimh. Cuideoidh beartas fioscach stuama le cobhsaíocht gheilleagar na hEorpa a áirithiú agus le tarchur éifeachtach an bheartais airgeadaíochta a éascú i dtimpeallacht bhoilscithe ard, agus fás a d’fhéadfadh a bheith ann a thógáil san am céanna.

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo treoraíocht do na Ballstáit maidir le beartas fioscach a sheoladh agus a chomhordú, i bhfianaise na ndúshlán atá roimh an airgeadas poiblí agus roimh an ngeilleagar agus i bhfianaise an phlé ar an gcreat rialachais eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022 maidir le treoshuímh le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais (dá ngairtear ‘treoshuíomhanna athchóirithe’ anseo feasta), sonraíodh go gcuirfidh an Coimisiún treoraíocht fhioscach ar fáil do na Ballstáit le haghaidh 2024 sa chéad ráithe de 2023. ( 1 ) Tá creat fioscach an Aontais ag céim idirthréimhseach faoi láthair. Seoladh an tathbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch i dtosach i mí Feabhra 2020, agus aitheantas á thabhairt do réimsí den chreat arbh éigean feabhas a chur orthu. Ina theannta sin, dá bhfillfí ar chur chuige simplí nach ndéantar ach rialacha an chreata dhlíthiúil atá ann cheana a chur i bhfeidhm, agus sin amháin, ní thabharfaí aitheantas don réaltacht nua iarphaindéime. Ós rud é nach bhfuil creat dlíthiúil nua i bhfeidhm go fóill, bunaithe ar thoradh an athbhreithnithe ar rialachas eacnamaíoch atá ar siúl faoi láthair, tá feidhm ag an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair fós. San am céanna, chun nasc éifeachtach a dhéanamh le hoibriú shraith rialacha fioscacha an Aontais amach anseo agus chun na dúshláin atá ann faoi láthair a chur san áireamh, d’fhéadfaí roinnt eilimintí de threoshuímh athchóirithe an Choimisiúin a ionchorprú sa timthriall faireachais fhioscaigh a thosóidh in earrach 2023. Dá bhrí sin, mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Samhain 2022, léirítear sa treoraíocht staid eacnamaíoch agus staid shonrach gach Ballstáit chomh maith leis na heilimintí sin de threoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin atá comhsheasmhach le spiorad an chreata dhlíthiúil atá ann cheana. Beidh sé ríthábhachtach teacht ar chomhaontú maidir leis an gcreat rialachais eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo a luaithe is féidir chun sraith rialacha fioscacha de chuid an Aontais a bheith ann ina gcuirfear an réaltacht nua iarphaindéime san áireamh go hiomlán.

Féachann an treoraíocht le bonn eolais a chur faoi ullmhúcháin na mBallstát dá gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú. Ina dhiaidh sin, san earrach, beidh moltaí tírshonracha fioscacha ann le haghaidh 2024 a bheidh ina dtreoir freisin d’ullmhú agus do mheasúnú na nDréachtphleananna Buiséadacha san fhómhar.

Tá sé roinn sa chuid eile den Teachtaireacht. Leagtar amach i Roinn 2 an réamhaisnéis eacnamaíoch le haghaidh na bliana seo agus na bliana seo chugainn, bunaithe ar réamhaisnéis gheimhridh 2023 ón gCoimisiún. I Roinn tá 3 staid na himeartha maidir leis an athbhreithniú ar rialachas eacnamaíoch atá ar siúl faoi láthair. I Roinn 4 pléitear freagairt an bheartais fhioscaigh ar an ngéarchéim fuinnimh. I Roinn 5 pléitear na himpleachtaí do threoraíocht fhioscach in 2024 a bhaineann leis an gclásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú. I Roinn 6 pléitear tús a chur le Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach (NEInna). Ar deireadh, leagtar amach na chéad chéimeanna eile i Roinn 7.

2.Staid agus ionchas eacnamaíoch

Tá na hionchais fáis le haghaidh 2023 feabhsaithe i réamhaisnéis gheimhridh 2023 ón gCoimisiún. Tá an ghéarchéim fuinnimh agus na caillteanais i dtéarmaí trádála a tháinig as sin tar éis tionchar a imirt ar tháirgeadh agus dochar a dhéanamh do chumhacht ceannaigh teaghlach, rud a luíonn go trom ar an muinín eacnamaíoch. Mar sin féin, tá athléimneacht shuntasach léirithe ag teaghlaigh agus ag gnólachtaí agus tá an chuma air go bhfuil an boilsciú tar éis buaicphointe a bhaint amach anois, rud a d’fhéadfadh a fhágáil go dtiocfaidh fás chun cinn arís san earrach. Táthar ag súil go leanfaidh margaí an tsaothair de bheith láidir d’ainneoin na timpeallachta dúshlánaí, cé go bhfuil an boilsciú níos airde i gcónaí ná an fás pá, rud a lagaíonn an tomhaltas. Dealraíonn sé go leanfaidh caiteachas faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) agus cur chun feidhme chláir an Bheartais Chomhtháthaithe de bheith ag méadú, agus go dtacófar le hinfheistíocht phoiblí dá bharr sin. Tar éis marbhántacht leathan sa ráithe dheireanach de 2022, seachas an titim a raibh coinne léi, tuartar go dtiocfaidh fás ar an bhfíor-olltáirgeacht intíre (OTI) ag 0.8 % san Aontas in 2023, in éineacht le boilsciú 6.4 %. In 2024, meastar go mbeidh fás OTI an Aontais chomh hard le 1.6 % agus go mbeadh an boilsciú measartha agus é ag 2.8 %. Mar gheall ar an bhfás mall eacnamaíoch agus ar an mboilsciú ard sa gearrthéarma, tá gá le comhordú láidir beartas fioscach san Aontas agus sa limistéir euro, bunaithe ar threoraíocht shoiléir ar féidir faireachán a dhéanamh uirthi, agus sin ar bhealach trédhearcach. Cuideoidh sé sin freisin le meascán comhsheasmhach beartas a áirithiú.

Tá éiginnteacht mhór ann i gcónaí maidir le réamhaisnéis eacnamaíoch na hEorpa, cé go bhfuil na rioscaí don fhás cothromaithe den chuid is mó. Na rioscaí ar na hionchais fáis, níl siad claonta a thuilleadh ar an taobh thíos. D’fhéadfadh an t-éileamh intíre a bheith ina ábhar iontais dearfach, go háirithe dá gcuirfí laghdú níos láidre ar phraghsanna mórdhíola gáis ar aghaidh chuig tomhaltóirí, agus cé go bhfuil baol mór ann fós go mbeidh ganntanas gáis ann, is cosúil nach bhfuil sé chomh tromchúiseach céanna agus a bhí roimhe seo. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé a bheith dúshlánach dul in oiriúint don timpeallacht ardráta úis agus tá éiginnteacht fós ard, i bhfianaise chogadh leanúnach na Rúise in aghaidh na hÚcráine. Tá rioscaí ar an taobh thuas i dtaca leis an mboilsciú nasctha den chuid is mó le forbairtí sna margaí fuinnimh – agus ní mór dúinn a bheith ar an airdeall i gcónaí a mhéid a bhaineann le héabhlóid praghsanna fuinnimh amach anseo. In 2024 go háirithe, tá rioscaí ar an taobh thuas ann maidir leis an mboilsciú, ós rud é go bhféadfadh an fás ar phá fanacht ag rátaí os cionn an mheáin ar feadh tréimhse leanúnach.

Níor tháinig laghdú ar na dúshláin mheántéarmacha atá roimh gheilleagar na hEorpa. Na dúshláin eacnamaíocha a bhí soiléir roimh an bpaindéim, lena n‑áirítear an gá atá leis an bhfás a d’fhéadfadh a bheith ann a neartú agus dlús a chur leis an aistriú dúbailte ar bhealach cothrom agus an athléimneacht a fheabhsú, in éineacht le forbairtí déimeagrafacha, cuirfidh siad sin leis na héilimh ar airgeadas poiblí sa mheántéarma. Leis na dúshláin sin, leagadh béim ar thábhacht an chomhtháthaithe shóisialta agus na hathléimneachta, a ndírítear orthu i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag beartais fhioscacha inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú chomh maith le hacmhainneacht fáis a mhéadú ar bhealach inbhuanaithe agus cuimsitheach, agus cúram an bheartais airgeadaíochta á éascú ar an gcaoi sin freisin. Trí ardleibhéal infheistíochta poiblí a choinneáil ar bun, agus cóimheasa fiachais maidir le OTI á laghdú ar bhealach inbhuanaithe, treisítear an gá atá le tosaíocht a thabhairt do chaiteachas agus le maoláin fhioscacha a thógáil. Dá gcaithfimis súil siar píosa fada, tá turraingí móra feicthe le leathscór bliain anuas, go háirithe an ghéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais, géarchéim COVID-19, ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an ghéarchéim fuinnimh ina dhiaidh sin chomh maith leis an mborradh ar an mboilsciú. Fágann an éiginnteacht sin go mbeidh gá leis an mbeartas fioscach a bheith solúbtha i gcónaí.

3.Staid na himeartha maidir leis an athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

D’fhoilsigh an Coimisiún a threoshuíomhanna le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch i mí na Samhna 2022 tar éis próiseas forleathan comhairliúcháin. Cuireann na treoshuíomhanna athchóirithe le taithí agus anailís an Choimisiúin ar chur chun feidhme an chreata roimh an bpaindéim, chomh maith leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó fhreagairt an Aontais ar an bpaindéim. Cuirtear san áireamh ann freisin an toradh a bhí ar chomhairliúchán poiblí a athsheoladh i mí Dheireadh Fómhair 2021, a raibh réimse leathan páirtithe leasmhara páirteach ann, lena n‑áirítear na Ballstáit, institiúidí eile an Aontais, comhpháirtithe sóisialta, saoránaigh, agus lucht léinn, i measc páirtithe leasmhara eile. Leis an gcreat athbhreithnithe atá beartaithe, féachtar le hinbhuanaitheacht fiachais a neartú agus cóimheasa arda fiachais phoiblí a laghdú agus, san am céanna, fás inbhuanaithe agus cuimsitheach a chur chun cinn sna Ballstáit uile. Is iad príomhchuspóirí an togra úinéireacht náisiúnta a fheabhsú, an creat a shimpliú agus aistriú i dtreo fócas níos mó ar an meántéarma, mar aon le forfheidhmiú níos láidre agus níos comhleanúnaí. Bunchloch an chreata athbhreithnithe is ea iad pleananna meántéarmacha náisiúnta struchtúracha fioscacha lena gcomhtháthaítear cuspóirí fioscacha, athchóirithe agus infheistíochta. Tabharfaidh sé sin níos mó saoirse do na Ballstáit chun a gconair coigeartaithe fhioscaigh a shocrú, faoi chuimsiú comhchreata de chuid an Aontais a rachadh in éineacht le forfheidhmiú níos láidre.

Tá dul chun cinn á dhéanamh ar an bplé maidir leis an gcreat fioscach athbhreithnithe. Pléadh eilimintí fioscacha an togra ag an gCoiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, agus ar leibhéal na n‑airí ag Comhairle ECOFIN chomh maith, agus, i dtaca le saincheisteanna a bhaineann go sonrach leis an limistéar euro, ag an nGrúpa Euro. Ina theannta sin, phléigh an Coimisiún a threoshuíomhanna le Parlaimint na hEorpa, le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, le Coiste Eorpach na Réigiún, agus le páirtithe leasmhara eile. Ar chuid de na saincheisteanna éagsúla a pléadh sna malartuithe, bhí: an difreáil ar cheanglais fhioscacha ar fud na mBallstát bunaithe ar an measúnú ar dhúshláin fiachais (agus anailís ar inbhuanaitheacht fiachais an Choimisiúin á húsáid); béim níos láidre a leagan ar an meántéarma agus ar an bhfadtéarma trí na Ballstáit glacadh le pleananna meántéarmacha struchtúracha fioscacha a bhaineann go sonrach le tír ar leith bunaithe ar threoraíocht ón gCoimisiún; measúnú agus faireachán ar na pleananna sin; an gá atá le NEI bunaithe ar easnaimh a choimeád agus an nós imeachta um easnamh iomarcach bunaithe ar fhiachas á threisiú san am céanna; ionstraimí éifeachtúla faireacháin agus forfheidhmithe a úsáid, lena n‑áirítear cuntas rialaithe, smachtbhannaí airgeadais níos lú ach iad níos inchreidte, agus smachtbhannaí maidir le clú; ról na n‑institiúidí fioscacha neamhspleácha; agus ról na hinfheistíochta agus na n‑athchóirithe maidir le conairí coigeartaithe a leathnú agus uirlis nua chun na gealltanais sin a fhorfheidhmiú.

Tá cóineasú tuairimí ag teacht chun cinn maidir le roinnt príomh-shaincheisteanna, agus tá cinn eile le soiléiriú fós. Thángthas ar comhaontú gur cheart go bhfanfadh luachanna tagartha 3 % agus 60 % de OTI de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis na Conarthaí gan athrú. Tá cóineasú tuairimí ag tarlú maidir le roinnt saincheisteanna: an cur chuige meántéarmach atá beartaithe, agus an faireachas bliantúil atá á choinneáil ar bun, go bhfuil siad iomchuí chun laghdú inbhuanaithe ar chóimheasa arda fiachais a áirithiú agus go mbeadh pleananna struchtúracha fioscacha meántéarmacha arna n‑ullmhú ag na Ballstáit ina mbunchloch faoin gcreat athbhreithnithe; an gá atá le dreasachtaí níos mó le haghaidh infheistíochta agus athchóirithe, ina gcuirtear san áireamh na ceachtanna a foghlaimíodh ó thionchar na géarchéime airgeadais domhanda ar infheistíocht agus na riachtanais mhóra infheistíochta don aistriú glas agus don aistriú digiteach; gur gá na rialacha a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtaí, lena n‑áirítear trí smachtbhannaí airgeadais a choinneáil ach a méideanna a laghdú, agus san am céanna a dtionchar i dtaca le clú a fheabhsú; na rialacha atá ann cheana maidir le hoscailt agus dúnadh nós imeachta um easnamh iomarcach (NEI) bunaithe ar easnaimh, go bhfanfaidís gan athrú, agus gur ghá NEI bunaithe ar fhiachas a threisiú; urraim a thabhairt do na príomhphrionsabail maidir le húinéireacht náisiúnta agus cóir chomhionann a áirithiú; agus an gá atá le difreáil iomchuí a dhéanamh ar iarrachtaí fioscacha. Is gá tuilleadh plé a dhéanamh maidir leis na prionsabail sin a oibríochtú.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tograí reachtacha a chur síos tar éis Chomhairle ECOFIN agus na Comhairle Eorpaí i mí an Mhárta 2023, comhairlí arb é ab aidhm dóibh teacht ar chomhaontú maidir le príomheilimintí an chreata rialachais eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo.

4.Freagairt an bheartais fhioscaigh ar an ngéarchéim fuinnimh

An borradh atá tagtha ar phraghsanna fuinnimh, spreag sé na Ballstáit chun bearta beartais fhioscaigh a chur chun feidhme, le costais mhóra fhioscacha. Mhaolaigh na bearta sin an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch atá ag an méadú tobann ar phraghsanna fuinnimh, go háirithe ar ghás agus ar leictreachas, ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí. De réir réamhaisnéis fhómhar 2022 ón gCoimisiún, 1.2 % de OTI bliantúil an Aontais a bhí i nglanchostas na mbeart sin in 2022. Ar bhonn na faisnéise a bhí ar fáil san fhómhar, tuaradh go dtiocfaidh laghdú ar ghlanchostas na mbeart fuinnimh go 0.9 % de OTI an Aontais in 2023. Mar sin féin, chun é sin a bhaint amach, ní mór deireadh a chur de réir a chéile le formhór na mbeart tacaíochta atá le déanamh ag na Ballstáit. I gcásanna áirithe, tá céimniú amach á dhéanamh, agus i gcásanna eile, tá síneadh curtha ag na Ballstáit le roinnt beart atá ann cheana nó tá bearta nua glactha acu i gcásanna eile. Dá gcuirfí síneadh leis na bearta fuinnimh atá ann cheana as seo go dtí deireadh 2023, d’fhágfadh sin go mbeadh méadú substaintiúil ar na costais bhuiséadacha ghaolmhara.

Tá feabhas tagtha ar an réamhaisnéis maidir le praghsanna fuinnimh. Ó mhí Eanáir 2023 i leith, tá spotphraghsanna mórdhíola gáis san Eoraip tite arís go dtí na leibhéil a bhí ann roimh an gcogadh, cé go bhfuil siad fós níos mó ná trí oiread níos mó ná praghsanna 2019. Ós rud é gur gnách go mbíonn an t‑aistriú ó phraghsanna mórdhíola gáis agus leictreachais go praghsanna do thomhaltóirí níos moille ná mar a bhíonn i gcás breoslaí, tá tionchar na titime géire a tháinig le déanaí ar phraghsanna mórdhíola gáis agus ar bhoilsciú leictreachais fós le feiceáil i bpraghsanna miondíola. D’fhéadfadh éileamh intíre a bheith níos airde ná mar a tuaradh dá rachadh na laghduithe ar phraghsanna mórdhíola gáis ar aghaidh ar bhonn níos láidre go praghsanna do thomhaltóirí. San am céanna, bhí praghsanna gáis thar a bheith luaineach in 2023 agus ní féidir aisiompú an bhrú anuas a bhí ann le déanaí a chur as an áireamh roimh an ngeimhreadh seo chugainn.

Graf 1: Tá costas buiséadach na mbeart fuinnimh tar éis 
an méadú ar chaiteachas fuinnimh na dteaghlach leochaileach a shárú

Nóta: Léirítear sa chairt an méadú measta ar chaiteachas fuinnimh na dteaghlach ar ioncam íseal (maidir le breosla cónaithe agus iompair) i gcomparáid le costas buiséadach iomlán na mbeart fuinnimh in 2022, glan ar ioncam ó chánacha agus tobhaigh ar bhrabúis amhantair. Fágtar an Phortaingéil agus an tSualainn ar lár mar gheall ar infhaighteacht theoranta sonraí. Fágtar Málta ar lár mar nach léiríonn comhpháirt fuinnimh an bhoilscithe (beart ICPT) aon mhéadú ar phraghsanna.

Foinse: Seirbhísí an Choimisiúin

Ba cheart díriú anois ar dheireadh a chur de réir a chéile le bearta fioscacha náisiúnta a tugadh isteach chun teaghlaigh agus gnólachtaí a chosaint ar shuaitheadh na bpraghsanna fuinnimh. Ba cheart do na Ballstáit deireadh a chur de réir a chéile le bearta tacaíochta fuinnimh, agus tosú leis na bearta is lú spriocdhíriú. Dá mbeadh gá le síneadh a chur leis na bearta tacaíochta mar gheall ar bhrú athnuaite fuinnimh, ba cheart do na Ballstáit a gcuid beart a dhíriú i bhfad níos fearr ná mar a rinneadh roimhe seo, agus ba cheart staonadh ó thacaíocht ghinearálaithe agus gan cosaint a thabhairt ach dóibh siúd a bhfuil gá acu léi, is é sin teaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha. Cuirfidh sé sin teorainn le costais fhioscacha agus, rud atá tábhachtach, áiritheofar dreasachtaí chun teorainn a chur le tomhaltas fuinnimh agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú. In 2022, bhí níos mó ná 70 % de na méideanna a tiomnaíodh don tacaíocht fuinnimh ag freagairt do bhearta nach raibh dírithe go leordhóthanach ar na teaghlaigh agus na gnólachtaí ba leochailí. ( 2 ) Ina theannta sin, tá an comhartha praghais saofa ag dhá thrian de na bearta agus d’fhéadfadh laghdú a bheith tagtha ar dhreasachtaí chun ídiú fuinnimh a shrianadh agus chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú mar gheall orthu. Mar sin féin, tá feabhas ag teacht ar cheapadh na mbeart le himeacht aimsire, bunaithe ar an taithí a fuarthas ó thosaigh an fhreagairt mhear ar an méadú tobann ar phraghsanna fuinnimh.

Is é an réiteach marthanach ar an ngéarchéim fuinnimh an spleáchas ar bhreoslaí iontaise allmhairithe a laghdú. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go ndíreodh iarrachtaí ar chur chun feidhme tráthúil athchóirithe agus infheistíochtaí a áirithiú chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú, an soláthar fuinnimh a éagsúlú agus dlús a chur le forbairt foinsí in-athnuaite fuinnimh, mar a leagtar amach i gcreat na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus iad a neartú a thuilleadh faoi REPowerEU( 3 )  Cuideoidh Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais freisin le hiomaíochas thionscal monaraíochta glan-nialasach na hEorpa a fheabhsú agus tacóidh sé leis an aistriú tapa chuig an aeráidneodracht, lena náirítear trí chlaochlú a dhéanamh ar ár gcórais fuinnimh.( 4

5.Aistriú amach as an gclásal éalaithe ginearálta: impleachtaí do threoraíocht fhioscach

Maidir le clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, déanfar é a dhíghníomhachtú i ndeireadh 2023. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Seimeastar Eorpach 2022 i mí na Bealtaine 2022, luadh go measfaí gur comhlíonadh na coinníollacha chun an clásal éalaithe ginearálta a dhíghníomhachtú ó 2024 ar aghaidh. ( 5 , 6 ) Dearbhaíodh an measúnú sin sa Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe i mí na Samhna 2022, agus tugadh dá aire go bhfuil geilleagar na hEorpa tagtha amach as tréimhse ina raibh mórshleabhcadh eacnamaíoch. ( 7 ) Tá leibhéal téarnaimh bainte amach aige atá os cionn an leibhéil a bhí ann roimh an bpaindéim agus tá sé tagtha tríd an gcéim is géire den suaitheadh i bpraghsanna fuinnimh de bharr fhogha na Rúise faoin Úcráin, ach tá an éiginnteacht fós ard.

Tá gá le príomhphrionsabail chun treoir a thabhairt do na Ballstáit chun a gcláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a ullmhú i gcomhthéacs dhíghníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta ó 2024 ar aghaidh agus i gcomhthéacs an ghá atá le beartais fhioscacha stuama. Ó tharla sinn ag imeacht ón tréimhse a raibh an clásal éalaithe ginearálta i bhfeidhm lena linn, athchromadh ar na moltaí tírshonracha difreáilte a leagadh amach i dtéarmaí cainníochtúla chomh maith le treoraíocht cháilíochtúil maidir le bearta infheistíochta agus fuinnimh, cuideoidh siad leis an tsoiléireacht is gá a chur ar fáil do na Ballstáit. San am céanna, sa tréimhse seo go dtí go dtiocfaidh creat fioscach nua i bhfeidhm agus i bhfianaise na staide eacnamaíche sonraí lena mbaineann éiginnteacht mhór, ní bheadh sé iomchuí filleadh ar ‘mhaitrís na gceanglas coigeartaithe’ a úsáideadh i gcomhthéacs ghéag choisctheach an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis idir 2015 agus 2020. ( 8 )

Léireodh timthriall an fhaireachais fhioscaigh spiorad threoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin. Ós rud é go bhfuil an díospóireacht maidir le hathchóiriú an chreata rialachais eacnamaíoch fós ar siúl, tá feidhm ag an gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair i gcónaí. Níl sé beartaithe ag an gCoimisiún aistriú chuig córas nua faireachais fhioscaigh in 2024. San am céanna, chun nasc éifeachtach a dhéanamh le hoibriú shraith rialacha fioscacha an Aontais amach anseo agus chun an réaltacht iarphaindéime a chur san áireamh, d’fhéadfaí roinnt eilimintí de threoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin a ionchorprú sa timthriall faireachais fhioscaigh atá le tosú in earrach 2023. Dá bhrí sin, de mheon threoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin, iarrtar ar na Ballstáit Cláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú a thíolacadh lena n‑áirítear a bpleananna meántéarmacha fioscacha agus struchtúracha. Thairis sin, tá an Coimisiún réidh chun moltaí tírshonracha fioscacha a mholadh le haghaidh 2024 lena n‑áirítear ceanglas cainníochtúil mar aon le treoraíocht cháilíochtúil maidir le bearta infheistíochta agus fuinnimh, i gcomhréir leis na critéir a mholtar ina threoshuíomhanna athchóirithe, agus san am céanna leanúint de bheith comhsheasmhach le ceanglais na reachtaíochta atá ann faoi láthair faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Bheadh sé sin ina bhonn d’fhaireachán an Choimisiúin ar thorthaí fioscacha i gcomparáid leis na moltaí fioscacha, ag tosú le Dréachtphleananna Buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro le haghaidh 2024, dréachtphleananna a ndéanfaidh an Coimisiún measúnú orthu san fhómhar.

Iarrtar ar na Ballstáit a leagan amach ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú conas a áiritheoidh a bpleananna fioscacha go nurramófar luach tagartha an easnaimh 3 % den OTI chomh maith le laghdú inchreidte leanúnach ar fhiachas, nó go gcoinneofar an fiachas ar leibhéal stuama, sa mheántéarma. Iarrtar ar na Ballstáit spriocanna fioscacha a leagan síos i gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2023 a chomhlíonann na critéir maidir le coigeartú fioscach a leagtar amach i dtreoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin. Rud níos cruinne fós, iarrtar ar na Ballstáit a bhfuil dúshláin fiachais phoiblí shubstaintiúla nó mheasartha acu spriocanna fioscacha a leagan síos lena náiritheofar laghdú inchreidte leanúnach ar fhiachas nó lena náiritheofar go gcoinnítear fiachas ar leibhéil stuama sa mheántéarma. ( 9 ) Ina theannta sin, iarrtar ar na Ballstáit go léir spriocanna fioscacha a leagan síos lena náiritheofar nach sáróidh an teasnamh 3 % den OTI nó go dtabharfar faoi bhun 3 % den OTI é laistigh den tréimhse a chumhdaítear leis an gClár um Chobhsaíocht nó um Chóineasú, agus a áirithiú ar bhealach inchreidte go gcoinneofar an teasnamh ar bun faoi 3 % den OTI de réir beartas gan athrú sa mheántéarma. Iarrtar ar na Ballstáit freisin tuairisc a thabhairt ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú maidir leis na bearta tacaíochta fuinnimh atá beartaithe acu, lena náirítear a dtionchar buiséadach, a gcéimniú amach, agus na toimhdí bunúsacha maidir le forbairtí i bpraghsanna fuinnimh. Ar deireadh, iarrtar ar na Ballstáit plé a dhéanamh ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú maidir leis an gcaoi a meastar go rannchuideoidh a bpleananna athchóirithe agus infheistíochta, lena náirítear iad siúd a leagtar amach ina bPleananna Téarnaimh agus Athléimneachta, leis an inbhuanaitheacht fhioscach agus leis an bhfás inbhuanaithe agus cuimsitheach, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i dtreoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin.

Tá an Coimisiún réidh chun moltaí tírshonracha fioscacha a mholadh le haghaidh 2024 atá i gcomhréir le spriocanna na mBallstát féin, fad a bheidh na spriocanna sin comhsheasmhach lena áirithiú go gcuirfear cóimheas an fhiachais phoiblí ar bhealach íslitheach nó go bhfanfaidh sé ar leibhéal stuama agus go mbeidh an t‑easnamh buiséid faoi bhun 3 % de luach tagartha OTI sa mheántéarma. I gcomhréir leis an gcur chuige meántéarmach agus leis an mbéim ar úinéireacht náisiúnta, tá an Coimisiún réidh chun na moltaí tírshonracha fioscacha a bhunú ar na moltaí fioscacha a leagtar amach i gCláir na mBallstát féin um Chobhsaíocht agus um Chóineasú. Iarrtar ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a áirithiú go bhfuil na spriocanna fioscacha ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú comhsheasmhach leis na critéir a mholtar i dtreoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin. Nuair nach bhfuil spriocanna fioscacha Ballstáit uaillmhianach go leor, mholfadh an Coimisiún moladh tírshonrach fioscach a bheadh comhsheasmhach leis na critéir atá molta ina threoshuíomhanna athchóirithe, agus é ag teacht san am céanna leis na critéir atá sa reachtaíocht atá ann faoi láthair faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Ag an bpointe seo, díreoidh ceanglas cainníochtaithe na moltaí tírshonracha ar 2024.

Dhéanfaí na tograí ón gCoimisiún i gcomhair moltaí tírshonracha fioscacha le haghaidh 2024 a chainníochtú agus a dhifreáil ar bhonn dhúshláin fiachais phoiblí na mBallstát. Díreofar leis sin ar an ngá atá ann do na Ballstáit a bhfuil dúshláin fiachais phoiblí shubstaintiúla nó mheasartha acu an fiachas poiblí a chur ar chonair inchreidte leanúnach anuas. Ar bhealach níos beaichte, mholfaí spriocanna fioscacha do na Ballstáit sin a bhfuil dúshláin fiachais phoiblí shubstaintiúla nó mheasartha acu (bunaithe ar anailís ar inbhuanaitheacht fiachais an Choimisiúin) lena n‑áiritheofaí laghdú inchreidte leanúnach ar fhiachas nó lena n‑áiritheofaí go gcoinneofar fiachas ar leibhéil stuama sa mheántéarma, ach go bhfanfaidh siad i gcomhréir leis an reachtaíocht atá ann faoi láthair faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Mholfaí do Bhallstáit a bhfuil dúshláin ísle fiachais phoiblí acu a n‑easnamh a choinneáil ar bun nó a thabhairt faoi bhun 3 % den OTI laistigh den tréimhse atá cumhdaithe ag an gClár um Chobhsaíocht nó um Chóineasú, agus a áirithiú go gcoinneofar an t‑easnamh faoi bhun 3 % den OTI de réir beartas gan athrú sa mheántéarma.

Chuirfí na moltaí tírshonracha fioscacha le chéile ar bhonn glanchaiteachas príomha mar a mholtar i dtreoshuíomhanna athchóirithe an Choimisiúin. ( 10 ) Athrú fócais is ea é an taistriú i dtreo an táscaire sin i gcomparáid leis an tréimhse ina raibh an clásal éalaithe ginearálta i bhfeidhm, nuair a bhí faireachas fioscach dírithe ar ghlanchaiteachas príomha reatha arna mhaoiniú go náisiúnta agus ar chaomhnú na hinfheistíochta arna maoiniú go náisiúnta.

I bhfianaise an róil fhíor-riachtanaigh atá aige, leanfaidh an Coimisiún de bhéim a chur ar an infheistíocht phoiblí ina mholtaí fioscacha. Ba cheart do na Ballstáit uile leanúint d’infheistíocht arna maoiniú go náisiúnta a chosaint agus úsáid éifeachtach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta agus cistí eile de chuid an Aontais a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh agus cuspóirí athléimneachta. Ba cheart ardcháilíocht infheistíochta poiblí a áirithiú, lena n‑áirítear trí infheistíocht arna maoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur chun feidhme go críochnúil. Ba cheart do bheartais fhioscacha tacú leis an dá aistriú chun fás inbhuanaithe cuimsitheach a bhaint amach. Níor cheart coigeartú fioscach na mBallstát a bhfuil dúshláin shubstaintiúla nó mheasartha maidir le fiachas poiblí acu a chur i bhfeidhm ar infheistíocht ach ba cheart é a bhaint amach trí theorainn a chur le fás an chaiteachais reatha a mhaoinítear go náisiúnta i gcoibhneas leis an bhfás ar aschur a d’fhéadfadh a bheith ann sa mheántéarma. Ba cheart do na Ballstáit a chur san áireamh freisin cineál sealadach na tacaíochta arna soláthar ag tacaíocht airgeadais neamh-inaisíoctha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (‘deontais’). Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an gá atá le hinfheistíocht a choinneáil ar bun agus faireachán á dhéanamh ar thorthaí fioscacha i gcomparáid leis na moltaí fioscacha.

Leis na moltaí tírshonracha le haghaidh 2024, soláthrófar treoraíocht freisin maidir le costas fioscach na mbeart fuinnimh. Má fhanann praghsanna mórdhíola fuinnimh cobhsaí agus má chuirtear costais fuinnimh níos ísle ar aghaidh chuig praghsanna miondíola mar a fhoráiltear faoi láthair, ba cheart bearta tacaíochta fuinnimh rialtais a chéimniú amach a thuilleadh in 2024 agus ba cheart go rannchuideodh coigiltis ghaolmhara le heasnaimh rialtais a laghdú. Má thagann méadú ar phraghsanna fuinnimh arís agus mura féidir deireadh iomlán a chur le tacaíocht, níor cheart do bhearta spriocdhírithe ach teaghlaigh agus gnólachtaí leochaileacha amháin a chosaint, agus ba cheart bearta níos leithne, amhail na cinn a cuireadh chun feidhme in 2022, a sheachaint. Le beart den sórt sin, laghdófaí costais fhioscacha, spreagfaí coigilteas fuinnimh agus chuirfí ar chumas an gheilleagair coigeartú a dhéanamh de réir a chéile agus ar bhealach inbhuanaithe thar thréimhse theoranta.

Iarrann an Coimisiún ar an gComhairle an cur chuige sin a fhormhuiniú.

6.Cur chun feidhme comhsheasmhach an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach (NEI)

San earrach in 2022, gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé measúnú ar a ábhartha atá sé a mholadh go n‑osclófaí Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach san earrach in 2023, agus aird á tabhairt go háirithe ar chomhlíonadh na moltaí tírshonracha fioscacha a chuir an Chomhairle faoi bhráid na mBallstát an 12 Iúil 2022. Tá faireachán leanúnach á dhéanamh ag an gCoimisiún ar staid eacnamaíoch agus bhuiséadach na mBallstát, ag meabhrú dó freisin na Tuairimí ón gCoimisiún maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha Bhallstáit an limistéir euro, inar iarradh go ndéanfaí na bearta is gá laistigh den phróiseas buiséadach náisiúnta chun a áirithiú go mbeidh buiséad 2023 comhsheasmhach leis na moltaí tírshonracha a ghlac an Chomhairle an 12 Iúil 2022. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE mar chuid de bhabhta faireachais an earraigh. Agus an éiginnteacht leanúnach ard maidir leis an ionchas maicreacnamaíoch agus buiséadach ag an bpointe seo á cur san áireamh, measann an Coimisiún nár cheart cinneadh a dhéanamh i gcaitheamh an earraigh seo maidir le Ballstáit a chur faoin Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach. San am céanna, molfaidh an Coimisiún don Chomhairle Nósanna Imeachta um Easnamh Iomarcach bunaithe ar easnaimh a oscailt in earrach 2024 ar bhonn na sonraí táirgeachta le haghaidh 2023, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana. Ba cheart do na Ballstáit é sin a chur san áireamh i bhfeidhmiú a mbuiséad ó 2023 agus a gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú á n‑ullmhú acu i gcaitheamh an earraigh seo agus na Dréachtphleananna Buiséadacha le haghaidh 2024 á n‑ullmhú acu an fómhar seo.

7.Na chéad chéimeanna eile

Leagtar amach sa Teachtaireacht seo réamhthreoraíocht maidir leis an mbeartas fioscach le haghaidh 2024, treoraíocht a thabharfar cothrom le dáta de réir mar is gá mar chuid de Phacáiste an Earraigh den Seimeastar Eorpach i mí na Bealtaine 2023. Leis an treoraíocht nuashonraithe, cuirfear san áireamh i gcónaí an staid eacnamaíoch dhomhanda, staid shonrach gach Ballstáit, an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bplé ar an athbhreithniú leanúnach ar an rialachas eacnamaíoch agus na díospóireachtaí beartais sa Chomhairle. Déanfar dlúthfhaireachán ar fhorbairt an ionchais eacnamaíoch agus bhuiséadaigh agus cuirfear san áireamh go cuí í. Iarrtar ar na Ballstáit an treoraíocht sin a chur san áireamh ina gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú.


Aguisín

A.Liosta de na táblaí breise atá le soláthar i gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2023

Sa bhreis ar na sonraí buiséadacha réamhaisnéise is gá le linn thréimhse an Chláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú, ba cheart na meastacháin chomhfhreagracha don bhliain reatha a chur san áireamh freisin, mar aon leis na torthaí don tréimhse 2020-2022 (comhsheasmhach le táblaí fógartha an nós imeachta um easnamh iomarcach). B’fhearr na táblaí a chur faoi bhráid an Choimisiúin tríd an bhfeidhmchlár tiomnaithe gréasáin.

Tábla maidir le tionchar RRF ar réamh‑mheastacháin an chláir – DEONTAIS 

Ioncam ó dheontais RRF (% de OTI)

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Deontais RRF mar a áirítear sna réamh‑mheastacháin ioncaim

Eisíocaíochtaí airgid iasachtaí RRF ón Aontas

 

 

 

 

 

 

 

 

Caiteachas arna mhaoiniú ag deontais RRF (% de OTI)

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Cúiteamh fostaithe D.1

Tomhaltas idirmheánach P.2

Íocaíochtaí sóisialta D.62+D.632

Caiteachas úis D.41

Fóirdheontais iníoctha D.3

Aistrithe reatha D.7

CAITEACHAS IOMLÁN REATHA

Ollfhoirmiú caipitil sheasta P.51g

Aistrithe caipitil D.9

CAITEACHAS CAIPITIÚIL IOMLÁN

 

 

 

 

 

 

 

 

Costais eile arna maoiniú ag deontais RRF (% de OTI)1

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Laghdú ar ioncam cánach

Costais eile a mbíonn tionchar acu ar ioncam

Idirbhearta airgeadais

Tábla maidir le tionchar RRF ar réamh‑mheastacháin an chláir – IASACHTAÍ 

Sreabhadh airgid ó iasachtaí RRF atá réamh‑mheasta sa chlár (% de OTI)

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Eisíocaíochtaí iasachtaí RRF ón Aontas

Aisíocaíochtaí iasachtaí RRF don Aontas

 

 

 

 

 

 

 

 

Caiteachas arna mhaoiniú ag iasachtaí RRF (% de OTI)

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Cúiteamh fostaithe D.1

Tomhaltas idirmheánach P.2

Íocaíochtaí sóisialta D.62+D.632

Caiteachas úis D.41

Fóirdheontais iníoctha D.3

Aistrithe reatha D.7

CAITEACHAS IOMLÁN REATHA

Ollfhoirmiú caipitil sheasta P.51g

Aistrithe caipitil D.9

CAITEACHAS CAIPITIÚIL IOMLÁN

 

 

 

 

 

 

 

 

Costais eile arna maoiniú ag iasachtaí RRF (% de OTI)1

 

2020

2021

2022

2023

2024

2025

2026

Laghdú ar ioncam cánach

Costais eile a mbíonn tionchar acu ar ioncam

Idirbhearta airgeadais

Nótaí: Is gá sonraí maidir le hathróga i gcarachtair a bhfuil cló trom orthu a sholáthar; tá soláthar sonraí maidir le hathróga eile roghnach.



B.Faisnéis bhreise atá le cur san áireamh i gCláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2023

Iarrtar ar na Ballstáit faisnéis a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas: (i) na costais bhuiséadacha bhliantúla a bhaineann le daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin, arna leagan amach i dtéarmaí phríomhchatagóir(í) CEC a bhfuil tionchar díreach orthu; agus, (ii) an líon bliantúil daoine a óstáiltear. Ba cheart na costais bhuiséadacha sin a theorannú dóibh siúd a bhfuil baint dhíreach acu leis an mórphlódú daoine atá ar a dteitheadh ón Úcráin, ar mórphlódú é nach bhfacthas riamh roimhe seo, agus do chostais atá mar thoradh láithreach ar an mórphlódú sin. Chuirfeadh soláthar faisnéise den sórt sin ar chumas an Choimisiúin na costais bhuiséadacha sin a chur san áireamh ina mheasúnú ar Chláir um Chobhsaíocht agus um Chóineasú 2023, agus sa mheasúnú ar an dul chun cinn a rinneadh maidir le moltaí tírshonracha 2022 a chur chun feidhme.

(1)

() ‘ Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le treoshuíomhanna le haghaidh athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais Eorpaigh ,’ COM(2022) 583 final an 9 Samhain 2022.

(2)

() Úsáideann an Coimisiún na critéir seo a leanas chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na mbeart fioscach a bhaineann le fuinneamh: ba cheart go mbeadh na bearta inacmhainne go fioscach, dírithe ar na daoine is leochailí, go gcaomhnófaí an comhartha praghais (i.e., go spreagfaí laghdú ar thomhaltas fuinnimh nó go bhfeabhsófaí éifeachtúlacht fuinnimh) agus ba cheart go bhféadfaí iad a chur chun feidhme go héasca ar fud na mBallstát gan ualach riaracháin iomarcach. An Coimisiún Eorpach, ‘ Teachtaireacht maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2023: Measúnú Foriomlán, ’ COM(2022) 900 final an 22 Samhain 2022.

(3)

()Féach Rialachán (AE) 2023/435 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i bpleananna téarnaimh agus athléimneachta (IO L 63, 28.2.2023, lch. 1).

(4)

()Féach ‘ A Green Deal Industrial Plan for the Net-Zero Age’ [Plean Tionsclaíoch an Chomhaontaithe Ghlais don Aois Glan-Nialasach] ón gCoimisiún Eorpach, COM(2023) 62 final an 1 Feabhra 2023.

(5)

()An Coimisiún Eorpach ‘ Seimeastar Eorpach 2022 - Pacáiste an Earraigh ,’ COM(2022) 600 final an 23 Bealtaine 2022.

(6)

() Leis na forálacha sonracha i rialacha fioscacha an Aontais, ceadaítear imeacht shealadach comhordaithe ordúil ó na gnáthcheanglais le haghaidh gach Ballstáit a bhfuil géarchéim ghinearálaithe ann arb é mórshleabhcadh eacnamaíoch is cúis léi sa limistéir euro nó san Aontas ina iomláine (féach Airteagail 5(1), 6(3), 9(1) agus 10(3) de Rialachán (CE) 1466/97 agus Airteagail 3(5) agus 5(2) de Rialachán (CE) 1467/97).

(7)

()An Coimisiún Eorpach (2022) ‘ Suirbhé Bliantúil ar Fhás Inbhuanaithe 2023 ,’ COM(2022) 780 final an 22 Samhain 2022.

(8)

() Féach Bosca 1.6, lch. 16, d’Eagrán 2019 den Vade Mecum maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus an Coimisiún Eorpach ‘ An leas is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis cheana ’, COM(2015) 12 final an 13 Eanáir 2015.

(9)

() Mar a leagtar amach i mBosca 1 den Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoshuíomhanna le haghaidh athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch (féach an Fonóta1), tá molta ag an gCoimisiún go ndéanfaí na Ballstáit a aicmiú ar bhonn na ndúshlán fiachais atá rompu trí úsáid a bhaint as creat anailíse an Choimisiúin maidir le hinbhuanaitheacht fiachais.

(10)

() Sainmhínítear glanchaiteachas príomha mar chaiteachas a mhaoinítear go náisiúnta agus atá glan ó bhearta lánroghnacha ioncaim agus gan caiteachas úis mar aon le caiteachas timthriallach dífhostaíochta a áireamh.