An Bhruiséil,27.2.2023

COM(2023) 96 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 i dtaca le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche


1.Réamhrá

Is é príomhchuspóir Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh Comhphobail a bhaineann le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche 1 rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin cháilíochta chomhchoiteanna a leagan amach do staidreamh an Aontais a tháirgtear go rialta sna trí réimse sin.

De réir Airteagal 12, ní mór don Choimisiún an chéad tuarascáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoin 28 Feabhra 2018 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin. Go sonrach, leis an tuarascáil, ní mór an méid seo a leanas a bhaint amach:

(1)meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche;

(2)measúnú a dhéanamh ar na tairbhí in aghaidh na gcostas a bhaineann leis an bhfaisnéis staidrimh sin don Aontas, do na Ballstáit, do sholáthraithe agus d’úsáideoirí;

(3)réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu agus aon leasú is gá a dhéanamh i bhfianaise thorthaí na meastóireachta a shainaithint.

Scrúdaítear sa tuarascáil seo na gnéithe is tábhachtaí de chur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ag na Ballstáit agus na bearta a ghlac an Coimisiún chun staidreamh ardcháilíochta Eorpach maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche a áirithiú.

2.Bearta cur chun feidhme

Ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ghlac an Coimisiún na gníomhartha dlí seo a leanas:

(1)Rialachán (CE) Uimh. 601/2006 ón gCoimisiún 2 ;

(2)Rialachán (CE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún 3 ;

(3)Rialachán (CE) Uimh. 1055/2008 ón gCoimisiún 4 ;

(4)Rialachán (CE) Uimh. 707/2009 ón gCoimisiún 5 ;

(5)Rialachán (AE) Uimh. 555/2012 ón gCoimisiún 6 ;

(6)Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/505 ón gCoimisiún 7 .

Le Rialachán (AE) Uimh. 2016/1013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 , lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, rinneadh an Rialachán sin a ailíniú le hAirteagail 290 agus 291 CFAE trí chumhachtaí chun gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh a chur in ionad na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún leis an Rialachán sin.

Leagtar amach sna gníomhartha dlí thuasluaite an fhormáid agus an nós imeachta is gá chun sonraí a chur faoi bhráid Eurostat ag na Ballstáit, na ceanglais i ndáil le sonraí a thabhairt cothrom le dáta agus amlíne agus critéir cháilíochta na dtuarascálacha cáilíochta náisiúnta. Ina theannta sin, leis an 6ú heagrán den Lámhleabhar maidir le Comhardú na nÍocaíochtaí agus leis an Staid Infheistíochta Idirnáisiúnta (BPM6) de chuid an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) a foilsíodh in 2009, soláthraítear creat coincheapúil chun staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí (BOP) agus leis an staid infheistíochta idirnáisiúnta (IIP) a thiomsú ag Ballstáit CAI. Leagtar síos ann sainmhínithe agus aicmithe aonfhoirmeacha chun bonn comhchoiteann a bhunú chun sonraí maidir le forbairtí seachtracha a bhailiú agus a thiomsú agus chun inchomparáideacht sonraí idir tíortha a éascú. Ar an leibhéal Eorpach, na ceanglais atá le comhlíonadh ag staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí, leagtar síos iad i Rialachán (CE) Uimh. 555/2012 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005.

3.Na príomhthacair sonraí lena mbaineann

Le staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí soláthraítear faisnéis chuimsitheach maidir le hidirbhearta idir an geilleagar is tuairisceoir agus an chuid eile den domhan. Baineann Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 le bailiú na gcúig thacar sonraí seo a leanas:

-staidreamh míosúil a bhaineann le comhardú íocaíochtaí;

-staidreamh ráithiúla a bhaineann le comhardú íocaíochtaí agus le staid infheistíochta idirnáisiúnta;

-staidreamh bliantúil a bhaineann le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí;

-idirbhearta infheistíochta dírí coigríche (lena náirítear ioncam);

-staideanna infheistíochta dírí coigríche.

I gcás gach ceann de na tacair sonraí sin, bailíonn Eurostat sonraí ó na Ballstáit agus úsáidtear iad chun comhiomláin an Aontais a tháirgeadh agus foilsítear iad in éineacht le sonraí na mBallstát aonair ar bhunachar sonraí tagartha ar líne Eurostat.

Na sonraí míosúla maidir le comhardú íocaíochtaí agus na chéad réamhtháscairí ráithiúla maidir le comhardú íocaíochtaí arna ndíorthú ó mheastacháin mhíosúla, bíonn siad ar fáil 7 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. Na chéad mheastacháin ar chomhardú íocaíochtaí/ar staid infheistíochta idirnáisiúnta (BOP/IIP) ráithiúil, eisítear iad 14 seachtaine tar éis dheireadh na tréimhse tagartha. Cuimsíonn comhardú íocaíochtaí ráithiúil tacar faisnéise i bhfad níos leithne ná na réamh‑mheastacháin mhíosúla agus cuirtear i láthair ar bhealach níos mionsonraithe é. Ó thaobh an airgeadais de, le tiomsú comhuaineach agus comhsheasmhach chuntais airgeadais BOP, leis an ioncam ó infheistíocht agus leis an IIP, treisítear cáilíocht na meastachán ráithiúil agus fágann sé gur féidir anailís níos iomláine a dhéanamh ar chaidrimh trasteorann. Le BOP/IIP ráithiúil áirítear miondealú geografach ar na príomh‑chomhpháirtithe eacnamaíocha, go háirithe na geilleagair forbartha agus na geilleagair atá ag teacht chun cinn is tábhachtaí.

Sa bhreis ar na heisiúintí ráithiúla, foilsítear staidreamh maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche (IDC) ar bhealach níos mionsonraithe uair sa bhliain. Le sonraí bliantúla IDC áirítear níos mó faisnéise ná sonraí ráithiúla IDC, mar gheall ar infhaighteacht ráiteas airgeadais bliantúil gnóthas. A bhuí le heolas breise agus seiceálacha cáilíochta níos iomláine ar stoic FDI, is féidir na comhpháirteanna éagsúla dá n‑athruithe agus ioncam FDI a ríomh. Feabhas tábhachtach is ea gur bhunaigh Eurostat bailiúchán sonraí do na Ballstáit maidir le staideanna infheistíochta dírí isteach de réir an gheilleagair infheistíochta deiridh. Is é is aidhm don bhailiú deonach sonraí sin ‘fíorthionscnamh’ IDC – an t‑infheisteoir deiridh – a thaispeáint. Déantar miondealú ar shonraí bliantúla maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí de réir liosta cuimsitheach d’ítimí seirbhísí agus miondealú geografach ar leibhéal Geo 5. Cuireann na Ballstáit sonraí isteach 9 mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha agus foilsítear iad thart ar 2.5 mí go 3 mhí ina dhiaidh sin. Áirítear le staidreamh bliantúil IDC sonraí maidir le sreafaí agus stoic de réir cineál ionstraime, tír comhpháirtíocht agus gníomhaíocht eacnamaíoch. Ina theannta sin, iarrtar staitisticí ar leith IDC le haghaidh eintitis shainchuspóireacha chónaitheacha. Soláthraíonn na Ballstáit sonraí 9 mí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha agus foilsítear iad thart ar 3 mhí ina dhiaidh sin.

4.Cáilíocht an staidrimh a tháirgtear

De réir Airteagal 4(2) de Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ní mór do na Ballstáit tuarascáil a chur ar fáil don Choimisiún maidir le cáilíocht na sonraí arna gcur isteach. Ina theannta sin, de réir Airteagal 4(4), déanfar cáilíocht na sonraí arna gcur faoi bhráid Eurostat a mheasúnú ar bhonn tuarascálacha cáilíochta, le cúnamh ón gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach (an Coiste CSE). Tagraíonn an anailís seo a leanas do thorthaí na dtuarascálacha cáilíochta is déanaí atá ar fáil (i.e. tuarascálacha 2022, ina dtagraítear do shonraí arna gcur isteach ag na Ballstáit in 2021).

4.1.Fóntacht mhodheolaíoch agus nósanna imeachta staidrimh

An fhóntacht mhodheolaíoch agus na nósanna imeachta staidrimh, na coincheapa, na sainmhínithe agus na cleachtais a úsáidtear chun tiomsú a dhéanamh ar staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí, le hinfheistíocht dhíreach choigríche agus le staid infheistíochta idirnáisiúnta, tá siad i gcomhréir, tríd is tríd, leis na prionsabail agus na treoirlínte a leagtar amach sa BPM6, agus na sainghnéithe a comhaontaíodh ar leibhéal an Aontais chun comhiomláin an limistéir euro agus an Aontais a thiomsú á gcur san áireamh.

4.2.Tráthúlacht agus poncúlacht

Poncúlacht an staidrimh mhíosúil agus ráithiúil maidir le comhardú íocaíochtaí, le staid infheistíochta idirnáisiúnta ráithiúil, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche, chuaigh sí in olcas i gcomparáid leis an tuarascáil cháilíochta a bhí ann roimhe sin le haghaidh 2021 ina dtagraítear do shonraí 2020, agus chuir ceithre Bhallstát eile tacair sonraí ar fáil tar éis an spriocdháta.

4.3.Ábharthacht

Ós rud é go raibh sé beartaithe le Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 freagairt do riachtanais úsáideoirí sonraí, tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n‑úsáidtear na sonraí sin agus na tairbhí d’úsáideoirí a bhaineann le staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí a chinneadh.

Bíonn dlúthbhaint ag an staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí leis na próisis chun beartais a cheapadh ag na hinstitiúidí náisiúnta agus idirnáisiúnta ábhartha. An Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach (BCE) agus an Eurochóras, an CAI, an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS), an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), G7 agus G20, baineann siad uile úsáid as an staidreamh sin.

Is chun críocha beartais airgeadaíochta a bhaintear úsáid as staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí agus le staid infheistíochta idirnáisiúnta. I gcomhar le táscairí eile, baintear úsáid as staidreamh maidir le malartú earraí agus seirbhísí chun measúnú a dhéanamh ar bhrúnna boilscithe sna geilleagair, brúnna a thagann ó éileamh seachtrach agus chun rannchuidiú na nglan‑onnmhairí leis an olltáirgeacht intíre a chainníochtú freisin. Baintear úsáid as sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí agus le staid infheistíochta idirnáisiúnta freisin chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht chomhardú seachtrach na ngeilleagar náisiúnta a bhfuil a n‑airgeadra féin nó aontas airgeadra acu (e.g. an limistéar euro) a mbaineann geilleagair náisiúnta leis agus ar na brúnna a d’fhéadfadh a bheith ar an ráta malairte. Ina theannta sin, baintear úsáid forleathan as sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí agus le staid infheistíochta idirnáisiúnta laistigh den nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha (MIP).

Áirítear staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí freisin sna tuarascálacha maidir le Cóineasú arna n‑ullmhú agus arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag BCE maidir le Ballstáit aonair nach bhfuil rannpháirteach fós san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA).

In Airteagail 143 agus 144 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh tagraítear go sainráite don chomhardú íocaíochtaí, lena gceanglaítear ar an gCoimisiún an Chomhairle a choinneáil ar an eolas go tráthrialta maidir leis an bhforbairt i dtaca le staid chomhardú na n‑íocaíochtaí sna Ballstáit nach bhfuil rannpháirteach san AEA.

Déantar anailís ar fhorbairtí an chuntais reatha i mBallstáit aonair i ndáil lena n‑iomaíochas, ach baintear úsáid as staidreamh infheistíochta dírí agus staidreamh infheistíochta punainne chun anailís a dhéanamh ar tharraingteacht na mBallstát d’infheisteoirí idirnáisiúnta.

Ba cheart staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí a bheith comhsheasmhach le príomhstaidreamh eile arna bhailiú i réimsí staidrimh gaolmhara a bhfuil ábharthacht Aontais ag baint leo, amhail na nithe seo a leanas:

-olltáirgeacht intíre (lena náirítear idirbhearta trasteorann in earraí agus seirbhísí) lena náirítear tobmheastacháin, a bhfuil táscairí míosúla chomhardú na níocaíochtaí ag teastáil ina leith;

-ollioncam náisiúnta (lena náirítear idirbhearta trasteorann in earraí agus seirbhísí chomh maith le hioncam);

-cuntais na coda eile den domhan agus cuntais earnálacha ráithiúla san Aontas agus sa limistéir euro, lena náirítear cuntais airgeadais.

Seachas na príomh‑chomhiomláin, tá ábharthacht ar leith ag baint leis na hítimí sonracha seo a leanas d’úsáideoirí áirithe:

-Faisnéis mhionsonraithe maidir le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí a fhoilsíonn Eurostat go bliantúil, is rud é sin atá tábhachtach don chaibidlíocht trádála agus don sainmhíniú ar bheartais chustaim.

-An miondealú geografach ar staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí, cuidíonn sé le faireachán a dhéanamh ar idirghníomhaíochtaí idir an tAontas agus tíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad.

-Tá luach ag baint le comhdhéanamh na sreafaí agus stoic airgeadais (i dtéarmaí infheistíochta dírí, punainne agus infheistíochta eile) chun measúnú a dhéanamh ar chobhsaíocht airgeadais.

-Tá tábhacht le faisnéis mhionsonraithe maidir le sreafaí infheistíochta dírí coigríche chun a oscailte atá margaí áirithe a thomhas, nó chun measúnú a dhéanamh ar bhrabúsacht fhoriomlán chaipitil infheistíochta dírí a infheistítear trí staidreamh maidir le hioncam agus suíomhanna a úsáid.

Aithníonn comhaltaí na Meithle um Chomhardú na nÍocaíochtaí (BOPWG) gur spreag cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 roinnt athruithe a chuir feabhas ar cháilíocht an staidrimh maidir le comhardú íocaíochtaí i gcomhthéacsanna éagsúla. Agus measúnú á dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann leis an Rialachán sin le haghaidh tiomsaitheoirí agus úsáideoirí sonraí náisiúnta, iarradh ar chomhaltaí BOPWG scóir a bhronnadh ó 1 go 5 (arb é scór 1 an líon is lú buntáistí, agus scór 5 an líon is airde), agus seo a leanas na torthaí a bhí orthu:

-Is é 3.8. an meánscór le haghaidh infhaighteacht sonraí níos mionsonraithe maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche d’úsáideoirí sonraí.

-Is é 3.9 an meánscór le haghaidh infhaighteacht sonraí níos tráthúla agus níos poncúla maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche d’úsáideoirí sonraí.

-Is é 4.4 an meánscór le haghaidh comhsheasmhacht fheabhsaithe na sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí le sonraí cuntas náisiúnta.

Thug BOPWG dá aire freisin maidir le hathruithe modheolaíochta agus caighdeáin nua BPM6, chomh maith leis an aird mhéadaithe a tugadh ar shonraí maidir le staid infheistíochta idirnáisiúnta, a tugadh isteach ar leibhéal an Aontais in 2014 le Rialachán (AE) Uimh. 555/2012 ón gCoimisiún, gur tugadh soiléireacht agus faisnéis thábhachtach bhreise d’úsáideoirí sonraí staidrimh a bhfuil baint acu le beartas maicreacnamaíoch agus le taighde eacnamaíoch. Buntáiste eile a aithnítear is ea gur chuir an Rialachán feabhas ar inchomparáideacht agus ar chomhsheasmhacht na sonraí ar fud na mBallstát.

Agus anailís á déanamh ar iomláine na sonraí, thug an BOPWG chun suntais gur tháinig feabhas beag air i gcomparáid leis an tuarascáil cháilíochta roimhe sin, go háirithe maidir le comhardú íocaíochtaí ráithiúil agus infheistíocht dhíreach choigríche. Maidir le comhardú íocaíochtaí míosúil agus ráithiúil agus staid infheistíochta idirnáisiúnta ráithiúil, bhí gach ceann de na 27 mBallstát 100 % comhlíontach le haghaidh na míonna tagartha in 2021. Ráta 99 % ar an meán a bhí in iomláine na sonraí a bhaineann le staidreamh maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí. Measadh gurb é 98 % meánráta iomláine an Aontais le haghaidh sreafaí infheistíochta dírí coigríche agus le haghaidh stoic infheistíochta dírí coigríche araon.

4.4.Inrochtaineacht

Tá sonraí ar fáil freisin ar shuíomhanna gréasáin náisiúnta agus an fhaisnéis ábhartha meiteashonraí ag gabháil leo, agus roinnt teorainneacha ann mar gheall ar bheartais scaipthe náisiúnta a chuirtear i bhfeidhm ar shonraí náisiúnta agus ar shonraí a sheoltar chuig Eurostat. Comhardú íocaíochtaí míosúla agus ráithiúla, staid infheistíochta idirnáisiúnta ráithiúil agus athluachálacha, staitisticí bliantúla maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus sonraí infheistíochta dírí coigríche, foilsíonn Eurostat ina bhunachar sonraí poiblí iad.

Tháinig feabhas ar infhaighteacht sonraí do na húsáideoirí deiridh, agus mheas 23 Bhallstát go raibh 100 % de na príomh‑ítimí le haghaidh comhardú íocaíochtaí ráithiúil infhoilsithe agus bhí 24 Bhallstát den tuairim chéanna maidir le staid infheistíochta idirnáisiúnta ráithiúil. Tugann roinnt Ballstát le fios go bhfuil a gcuid sonraí náisiúnta ‘neamh‑infhoilsithe’ nó ‘faoi rún’. I gcás inarb amhlaidh, bíonn teorainn le luach na faisnéise staidrimh is féidir a sholáthar do na húsáideoirí.

Go ginearálta, sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí, le staid infheistíochta idirnáisiúnta, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche, déanann na sonraí sin freastal ar raon leathan úsáideoirí. Baintear úsáid fhorleathan astu i gceapadh beartas an Aontais, in anailís mhaicreacnamaíoch a dhéanann úsáideoirí gnó agus acadúla agus baineann an pobal i gcoitinne úsáid fhorleathan astu chomh maith.

4.5.Cruinneas agus iontaofacht

Rinneadh athbhreithnithe measartha beag a thaifeadadh sna cuntais maidir le hearraí, seirbhísí agus ioncaim thánaistigh le haghaidh chomhardú íocaíochtaí míosúla agus ráithiúil araon. Bhí tionchar níos mó ag athbhreithnithe ar an gcuntas ioncaim phríomha, go háirithe mar gheall ar ioncam ó infheistíocht dhíreach. Údar amháin leis sin is ea go mbíonn an fhaisnéis maidir le hinfheistíocht dhíreach agus a comhpháirteanna ioncaim níos iomláine ar bhonn bliantúil, nuair a bhíonn ráitis airgeadais bhliantúla na gcuideachtaí ar fáil. Go ginearálta, bhí meánluachanna na n‑athbhreithnithe níos airde i gcás ítimí cuntais airgeadais ná i gcás ítimí cuntais reatha, agus bhí i bhfad níos lú suntais ag baint le méid na n‑athbhreithnithe ar phríomhítimí na staide infheistíochta idirnáisiúnta ná mar a bhí sa chomhardú íocaíochtaí.

4.6.An comhleanúnachas agus an inchomparáideacht

4.6.1.Comhsheasmhacht inmheánach

Tá an chomhsheasmhacht fhoriomlán le rialacha sláine sásúil. Is ar éigean atá neamhréitigh ann i gcás sonraí ráithiúla agus bliantúla maidir le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche. Tá iarrachtaí móra déanta ag na Ballstáit chun méid na nearráidí agus na neasnamh a laghdú, mar a léirítear i ndáil leis an gcuntas reatha agus leis an staid infheistíochta idirnáisiúnta. Mar sin féin, i gcásanna áirithe, tá go leor earráidí agus easnamh fós ann 9 .

4.6.2.Comhsheasmhacht sheachtrach

Staid fhoriomlán an Aontais i ndáil le comhsheasmhacht idir staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí agus le trádáil idirnáisiúnta in earraí (ITGS), tá sí fós go maith, agus is iondúil go bhfaightear míniú ar na neamhréireachtaí ann trí dhifríochtaí modheolaíochta a eascraíonn as an dá chaighdeán taifeadta éagsúla (BPM6 agus IMTS 2010). I roinnt Ballstát bhí comhsheasmhacht iomlán nó anmhaith le feiceáil idir cuntas reatha an chomhardú íocaíochtaí agus cuntais náisiúnta, ach tá difríochtaí ann, áfach, i gcás roinnt Ballstát eile, ar difríochtaí suntasacha iad i gcásanna áirithe. Tá roinnt cúiseanna leis na neamhréireachtaí sin sainaitheanta ag Eurostat agus ag na Ballstáit, e.g. cleachtais tiomsaithe éagsúla, foinsí éagsúla sonraí, éifeachtaí seanré agus athbhreithnithe, chomh maith le léirmhínithe éagsúla ar lámhleabhair agus treoracha staidrimh. D’fhéadfadh iarrachtaí comhpháirteacha ó na Ballstáit, ó BCE agus ó Eurostat cuidiú le neamhréireachtaí a íoslaghdú i mbabhtaí tiomsaithe sa todhchaí 10 .

4.6.3.Neamhshiméadrachtaí

Tá fadhbanna fós ag baint le neamhshiméadrachtaí laistigh den Aontas. Léirigh neamhshiméadrachtaí coibhneasta i dtrádáil i seirbhísí airmheán 10 % le haghaidh seirbhísí iomlána na mBallstát. Bhí an t‑airmheán ab airde le fáil le haghaidh seirbhísí airgeadais ag 24 %, agus ansin airmheán 22 % le haghaidh seirbhísí teileachumarsáide, ríomhaireachta agus faisnéise. I gcás comhpháirteanna a bhaineann leis an gcuntas reatha, tá siad sách cobhsaí le himeacht ama agus tá méadú beag tagtha orthu fiú i gcás sreafaí infheistíochta dírí. Mar thoradh ar neamhshiméadrachtaí déthaobhacha leanúnacha agus neamhshiméadrachtaí ar leibhéal na gcomhiomlán laistigh den Aontas – difríochtaí idir an staidreamh arna thuairisciú ag na Ballstáit agus é sin arna thuairisciú ag na Ballstáit chomhpháirtíochta – tá ceisteanna ann maidir le léirmhíniú an staidrimh ag úsáideoirí sonraí. Le neamhshiméadrachtaí déthaobhacha, neamhshiméadrachtaí laistigh den Aontas chomh maith le neamhshiméadrachtaí lasmuigh den Aontas, tá impleachtaí diúltacha ann le haghaidh inchomparáideacht idir tíortha agus idir criosanna eacnamaíocha agus le haghaidh cáilíocht fhoriomlán na sonraí. Céim mhór chun cinn i dtreo muinín as staidreamh oifigiúil a mhéadú a bheadh i gceist leis na neamhshiméadrachtaí sin a laghdú.

4.7.Staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí a tháirgeadh agus a scaipeadh le linn dhianghlasáil COVID19

Bhí tionchar phaindéim COVID19 ar staidreamh oifigiúil ábhartha go háirithe do bhainc cheannais agus d’oifigí staidrimh náisiúnta. Bhí bearnaí i sonraí foinseacha le sárú ag tiomsaitheoirí staidrimh, rud a tháinig chun cinn mar gheall ar an bpaindéim agus bhí baint ag na tiomsaitheoirí le hidirghabhálacha modheolaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin ghaolmhara. D’éirigh sé níos deacra staidreamh BOP/IIP a thiomsú mar gheall ar thionchar COVID19 ar fhreagróirí. Dá bhrí sin, ní raibh na sonraí chomh hinchomparáide céanna thar thréimhsí ama agus/nó ní raibh siad chomh hionadaíoch céanna. Bhí iontráil bharúlach le haghaidh luachanna a bhí in easnamh bunaithe ar fhoinsí sonraí breise, ar choigeartuithe modheolaíochta samplacha nó ar theicnící staidrimh. I measc na ndúshlán do thiomsaitheoirí agus d’úsáideoirí staidrimh bhí cruinneas chomhiomláin an Aontais, moilleanna ar infhaighteacht foinsí le haghaidh staidreamh oifigiúil, agus neamhchinnteacht bhreise agus athbhreithnithe sonraí 11 . Is ag tús na paindéime den chuid is mó a rinneadh difear don chruinneas agus don iontaofacht, nuair nach raibh bearta maolaitheacha bunaithe go daingean fós.

5.Costais agus ualach an staidrimh maidir le comhardú íocaíochtaí

Chun staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche a thiomsú, thug tiomsaitheoirí náisiúnta le fios go n‑úsáideann siad sonraí ó staidreamh príomhúil, ag tagairt, mar shampla, do shonraí custaim, sonraí ón suirbhé ar thrádáil earraí laistigh den Aontas, sonraí ó chláir ghnó, ó riarachán cánach, sonraí eastáit réadaigh nó staidreamh turasóireachta. I gcás na mBallstát, is deacair na costais shonracha a bhaineann le bailiú agus táirgeadh na sonraí a cheanglaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a scaradh ón gcostas iomlán a thabhaítear le haghaidh sonraí arna mbailiú chun críoch eile.

Measann comhaltaí BOPWG an t‑ionchur saothair díreach is gá chun staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí a tháirgeadh agus a scaipeadh san Aontas a bheith ag thart ar 557 gcoibhéis lánaimseartha (bunaithe ar fhaisnéis ó 19 mBallstát). Nuair a bhristear síos an fhreagairt ó fho-chomhpháirt BOP, is é an comhardú íocaíochtaí ráithiúil an tacar sonraí a ionsúnn an chuid is mó den ionchur, mar éilíonn sé 60.2 % de na hacmhainní, agus ina dhiaidh sin staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí míosúil (19.7 %), trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí (11.9 %) agus infheistíocht dhíreach choigríche (8.1 %).

De réir aiseolas ó na Ballstáit, murar cuireadh aon sonraí faoi bhráid Eurostat de bharr Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, d’fhéadfadh coigiltis fhéideartha 13.2 % de na coibhéisí lánaimseartha a bheith ann. Tá gá le sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí chun críocha náisiúnta freisin agus bhíodh na Ballstáit á mbailiú cheana féin sular tháinig an Rialachán i bhfeidhm. Dá bhrí sin, níl ag teastáil ach acmhainní teoranta breise chun riachtanais an Rialacháin a chomhlíonadh. Ba cheart a mheabhrú freisin go bhfuil forluí suntasach ann idir ceanglais Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 agus na hiarrataí ar shonraí ó eagraíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta eile (IOnna), go háirithe iad siúd ó BCE agus CAI. Na sonraí a tháirgeann na Ballstáit go sonrach le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 184/2005, ní féidir idirdhealú a dhéanamh idir iad féin agus sonraí eile a tháirgtear chun ceanglais eile maidir le sonraí a chomhlíonadh.

Le haghaidh ‘costais eile’, iarradh ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar impleachtaí suirbhéanna ad hoc.

Maidir leis an ualach a chuireann bailiú sonraí maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar fhreagróirí, chuir roinnt Ballstát in iúl gur mheas siad gur idir EUR 1.4 milliún (suirbhéanna TF) agus EUR 22.8 milliún (cumhdach iomlán ar fho-chomhpháirteanna BOP) a bhí na costais ar fhreagróirí chun freagra a thabhairt ar shuirbhéanna. Chuir na Ballstáit in iúl freisin go raibh ualach oibre níos troime i gceist le suirbhéanna i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide, fiontair a d’fhéadfadh a bheith faoi réir oibleagáidí tuairiscithe éagsúla.

Ó foilsíodh an tuarascáil dheireanach ar an gcur chun feidhme an 26 Eanáir 2018, thug Eurostat tacaíocht dar luach EUR 1.7 milliún do na Ballstáit chun coincheapa agus modhanna staidrimh mhaicreacnamaíoch a chur chun feidhme, lena n‑áirítear staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí.

6.Réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe agus leasuithe a dhéanamh

Go ginearálta, leag na Ballstáit béim ar a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta. Tá ard‑mheas ar ról Eurostat lena gcuirtear BOPWG ar fáil mar fhóram le haghaidh malartú tuairimí struchtúrtha agus le haghaidh taithí agus dea-chleachtas a chomhroinnt maidir le hábhair a bhaineann le Rialachán (CE) 184/2005. Ar an iomlán, an t‑aiseolas a fhaightear, spreagann sé Eurostat tuilleadh comhair a dhéanamh lena IOnna comhpháirtíochta chun ceanglais tuairiscithe sonraí agus coincheapa agus modheolaíocht sna réimsí staidrimh éagsúla a chomhchuibhiú. Cuireann roinnt Ballstát i dtábhacht an gá atá le treoir chun lámhleabhair agus treoirlínte maidir le staidreamh a léirmhíniú, rud lena ndearbhaítear an tábhacht a bhaineann le comhairle mhodheolaíoch Eurostat maidir le léirmhíniú CCE 2010 agus BPM6 i gcomhar leis an BCE.

Ina theannta sin, ba í rogha na mBallstáit í go ligfeadh treoirlínte idirnáisiúnta do fhreagróirí a sonraí cuntasaíochta gnó a úsáid mar shonraí foinse. I ndáil leis sin, d’fhorbair Eurostat treoir maidir le conas meastacháin staidrimh a ullmhú de réir chaighdeáin chuntasaíochta IFRS 16, lena n‑áirithítear go leanfaidh na meastacháin na téarmaí faoi CCE 2010 agus faoi BPM6. Iarrann na Ballstáit go ndéanfaí coincheapa staidrimh a shimpliú, rud a laghdódh costais agus an t‑ualach riaracháin. Le linn phróiseas nuashonraithe BPM6, tá Eurostat ag cur na mBallstát ar an eolas ar bhonn rialta faoi na hathruithe ábhartha go léir agus spreagann sé iad chun páirt a ghlacadh sna comhairliúcháin dhomhanda.

Thairis sin, tá na Ballstáit i bhfabhar sonraí na n‑eintiteas sin atá ag forbairt gnólachtaí nua i roinnt tíortha a chur chun cinn agus a chomhroinnt. Le hobair ar chriptea-shócmhainní, ar theicneolaíocht airgeadais, ar bhróicéirí ar líne nó ar sheirbhísí áirithinte ar líne le haghaidh cóiríochta, dhúnfaí bearnaí sonraí a d’fhéadfadh a bheith ann.

Leag roinnt Ballstát béim ar a thábhachtaí atá sé micreashonraí agus macrashonraí a úsáid agus a mhalartú ar bhonn níos leithne ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta. Gníomh reachtach sa todhchaí lena gcuirfear ar chumas na mBallstát sonraí a chomhroinnt le tíortha nach Ballstáit iad, meastar gur gníomh tairbhiúil a bheadh ann ina leith sin. Mar shampla, na sonraí is gá chun IDC a thiomsú, cumhdaítear iad faoi láthair le creataí náisiúnta bailithe staidrimh, i bhfoirmeacha éagsúla ag brath ar an gcur chuige náisiúnta. Meastar IDC a bheith incháilithe le haghaidh córas comhroinnte sonraí ar mhórscála agus le haghaidh córas tuairiscithe láraithe d’fhiontair ilnáisiúnta. Ba cheart a mheas an ndéanfadh an creat tuairiscithe comhtháite don tionscal baincéireachta (IReF) réiteach caighdeánaithe a bhunú le haghaidh na scéime tuairiscithe ar fud thíortha an limistéir euro.

Measann roinnt Ballstát gur fiú imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbainfí úsáid níos mó as sonraí riaracháin ar an leibhéal Eorpach. Tá plé á dhéanamh ag Eurostat, mar shampla, le BOPWG maidir leis an bhféidearthacht go mbainfeadh an earnáil seirbhísí úsáid as sonraí an chórais malartaithe faisnéise CBL (VIES) chun na seirbhísí iomlána laistigh den Aontas a choigeartú, agus sonraí maidir le mionionaid ilfhreastail CBL (MOSS)/ionaid ilfhreastail (OSS) a chur i bhfeidhm ar chatagóirí na hearnála seirbhíse chun críocha comhardú íocaíochtaí.

Maidir leis na ceanglais sonraí atá ann cheana, tá na Ballstáit i bhfabhar na hoibleagáidí reatha a choinneáil agus leasú ar Rialachán (CE) 184/2005 a sheachaint sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma. Measadh go raibh ualach trom ag baint le sonraí a bhailiú ar bhonn míosúil, mar a dhéantar faoi láthair, agus moladh leibhéal na mionsonraí ann a laghdú. Ar an gcaoi chéanna, toisc go mbeadh costais i bhfad níos airde ag baint le miondealú níos mionsonraithe a thabhairt isteach, moladh freisin go bhfágfaí é sin ar lár ag an gcéim seo. D’fhéadfadh sé freisin, le miondealú níos mionsonraithe, go mbeadh níos mó sonraí marcáilte mar shonraí rúnda ag na Ballstáit bheaga.

Chuir roinnt Ballstát in iúl gurbh fhearr leo go bhféadfaí sonraí a chur isteach in aon iarraidh amháin chun costais a laghdú. Ar an gcaoi sin, gheobhadh Eurostat sonraí ó na Ballstáit, agus chuirfeadh sé na sonraí sin ar aghaidh chuig IOnna comhpháirtíochta.

7.Conclúidí

Chuidigh Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 le comhchuibhiú breise a dhéanamh ar staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí, le staid infheistíochta idirnáisiúnta, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche ar fud an Aontais, chun tráthúlacht na sonraí a mhéadú agus chun sonraí níos mionsonraithe a chur ar fáil do na húsáideoirí.

Chuir na Ballstáit i bhfios go láidir go measann siad go bhfuil ualach oibre róthrom ag baint le bailiú sonraí ar bhonn míosúil agus go bhfágfadh athróga nua go mbeadh costais níos airde i gceist do thiomsaitheoirí staidrimh agus do ghníomhairí tuairiscithe. Léiríodh roinnt ábhar imní nach dtiocfadh feabhas ar cháilíocht an chomhardaithe íocaíochtaí mhíosúil. Is í rogha tosaíochta na mBallstáit ó thaobh cur chuige de gan Rialachán (CE) 184/2005 a leasú sa ghearrthéarma ná sa mheántéarma.

Ar an iomlán, tá na torthaí comhsheasmhach go leor ar fud na mBallstát maidir le tábhacht an chomhair idir na Ballstát, Eurostat agus na heagraíochtaí idirnáisiúnta comhpháirtíochta. Go háirithe, lena BOPWG cuireann Eurostat fóram ar fáil chun ceapadh beartas fianaisebhunaithe a chur chun cinn in éineacht leis na Ballstáit agus déanann sé forbairt mhaicreacnamaíoch a chothú trí shonraí stóinsithe a sholáthar maidir le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche.

(1)  IO L 35, 8.2.2005, lch. 23.
(2)    Rialachán (AE) Uimh. 601/2006 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2006 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an bhformáid agus leis an nós imeachta maidir le sonraí a tharchur (IO L 106, 19.4.2006, lch. 7).
(3)    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 602/2006 ón gCoimisiún an 18 Aibreán 2006 lena ndéantar Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a oiriúnú trí na ceanglais sonraí a thabhairt cothrom le dáta (IO L 106, 19.4.2006, lch. 10).
(4)    Rialachán (AE) Uimh. 1055/2008 ón gCoimisiún an 27 Deireadh Fómhair 2008 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na critéir cháilíochta agus le tuairisciú cáilíochta i ndáil le staidreamh maidir le comhardú íocaíochtaí (IO L 283, 28.10.2008, lch. 3).
(5)    Rialachán (CE) Uimh. 707/2009 ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2009 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh Comhphobail i dtaca le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche, a mhéid a bhaineann leis na ceanglais i ndáil le sonraí a thabhairt cothrom le dáta (IO L 204, 6.8.2009, lch. 3).
(6)    Rialachán (AE) Uimh. 555/2012 ón gCoimisiún an 22 Meitheamh 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le staidreamh Comhphobail i dtaca le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche, maidir leis na ceanglais i ndáil leis na sainmhínithe agus le sonraí a thabhairt cothrom le dáta (IO L 166, 27.6.2012, lch. 22).
(7)    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/505 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 184/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na leibhéil miondealaithe gheografaigh (IO L 85, 27.3.2019, lch. 1).
(8)    Rialachán (AE) 2016/1013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 184/2005 a mhéid a bhaineann le staidreamh Comhphobail i dtaca le comhardú íocaíochtaí, le trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí agus le hinfheistíocht dhíreach choigríche (IO L 171, 29.6.2016, lch. 144).
(9)

  Tuarascáil cháilíochta maidir le comhardú na n‑íocaíochtaí (BOP), staid infheistíochta idirnáisiúnta (IIP), trádáil idirnáisiúnta i seirbhísí (ITS) agus staidreamh maidir le hinfheistíocht dhíreach choigríche (FDI) — eagrán 2022 .

(10) I mí Eanáir 2022, chuir BCE agus Eurostat tuarascáil chomhpháirteach BCE-Eurostat faoi bhráid CMFB den chéad uair, tuarascáil maidir le neamhréireachtaí in NA-BOP maidir le cuntais airgeadais agus neamhairgeadais ráithiúla. Leis an obair sin, ba cheart tacaíocht sa bhreis a bheith ann do na hiarrachtaí a dhéanann tiomsaitheoirí náisiúnta sa chomhthéacs sin.
(11)

D’fhoilsigh Eurostat agus BCE nóta Modheolaíoch do na Ballstáit maidir le conas aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin: ‘Guidance on the compilation of balance of payments statistics in the context of the COVID‑19 crisis’ [Treoir maidir le staidreamh a bhaineann le comhardú íocaíochtaí a thiomsú i gcomhthéacs ghéarchéim COVID‑19] Eurostat, Stiúrthóireacht C Aonad C5 — Cuntais dhomhanda chomhtháite agus Comhardú Íocaíochtaí — an Banc Ceannais Eorpach, an Rannán um Staidreamh Ginearálta — Staidreamh seachtrach agus cuntais earnála an 1 Iúil 2020.