An Bhruiséil,7.2.2023

COM(2023) 60 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme na saoráide iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir in 2022, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1229


TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE

maidir le cur chun feidhme na saoráide iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir in 2022, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2021/1229

1.    Réamhrá agus cuspóir na tuarascála seo

I mí na Nollag 2019, leag an Coimisiún amach Comhaontú Glas don Eoraip le haghaidh an Aontais Eorpaigh agus a shaoránach 1 , ar comhaontú é lena meabhraítear a thiomanta atá an Coimisiún dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol agus ina leagtar amach an gá atá le haistriú a dhéanamh ar bhealach cothrom cuimsitheach. I mí Eanáir 2020, thug an Coimisiún tuairisc ar Shásra um Aistriú Cóir mar chuid de Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 2 , chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar lár san aistriú go geilleagar aeráidneodrach. Is é príomhsprioc an tsásra tacaíocht a sholáthar do na réigiúin agus na daoine is mó atá faoi thionchar diúltach agus cuidiú leo trí chostais shocheacnamaíocha an aistrithe a mhaolú. Tá na trí cholún seo a leanas sa Sásra um Aistriú Cóir: is é an chéad cholún an Ciste um Aistriú Cóir, is é an dara colún scéim thiomnaithe faoin gclár InvestEU agus is é an tríú colún an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí (an tSaoráid).

Faoin tSaoráid, déanfar iasachtaí (a sholáthraíonn an Banc Eorpach Infheistíochta mar chomhpháirtí airgeadais) a chomhcheangal le deontais (a sholáthraíonn an tAontas) chun tacú le heintitis earnála poiblí trí bhíthin acmhainní chun freastal ar na riachtanais forbartha san aistriú go geilleagar aeráid‑neodrach.

Leis an tSaoráid tacófar le tionscadail nach ngineann sreabh leordhóthanach ioncaim chun a gcostais infheistíochta a chumhdach agus aghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha na gcríoch a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir 3 . Le hinfheistíochtaí dá dtugtar tacaíocht cumhdófar raon leathan riachtanas forbartha, lena náirítear bonneagar fuinnimh agus iompair, líonraí téimh ceantair, éifeachtúlacht fuinnimh chomh maith le huassciliú agus athsciliú, oiliúint agus bonneagar sóisialta, lena náirítear tithíocht shóisialta.

1.1.    Creat dlíthiúil agus buiséadach na saoráide iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

Bunaíodh an tSaoráid le Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (‘Rialachán SIEP’ anseo feasta).

Le Rialachán SIEP soláthraítear buiséad uasta iomlán EUR 1 525 mhilliún de thacaíocht ón Aontas le haghaidh chomhpháirt deontais na Saoráide (lena n‑áirítear cúnamh teicniúil agus tacaíocht chomhairleach).

Ina theannta sin, soláthróidh an Banc Eorpach Infheistíochta suas le EUR 10 mbilliún le haghaidh chomhpháirt iasachta na Saoráide.

1.2.    Raon feidhme Thuarascáil Cur Chun Feidhme 2022

De réir Airteagal 16(3) de Rialachán SIEP, ‘faoin 31 Deireadh Fómhair gach bliain féilire, ag tosú le 2022, eiseoidh an Coimisiún tuairisc faoi chur chun feidhme na Saoráide. Sa tuairisc sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le leibhéal chur chun feidhme na Saoráide i ndáil lena cuspóirí, lena coinníollacha agus lena táscairí feidhmíochta.’

Mar a shonraítear thíos, bhí foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid faoi réir roinnt céimeanna ullmhúcháin a thabhairt chun críche, lena n‑áirítear an méid seo a leanas: cinneadh maoinithe a ghlacadh (féach pointe 2.1.1), cur chun feidhme na Saoráide a tharmligean chuig CINEA (féach pointe 2.1.2), síniú an chomhaontaithe riaracháin leis an gcomhpháirtí airgeadais (féach pointe 2.1.3) agus bunú na tacaíochta comhairlí faoi Mhol Comhairleach InvestEU (féach pointe 2.1.4). Ina theannta sin, bhí foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoi réir líon leordhóthanach pleananna críochacha um aistriú cóir a ghlacadh, ós rud é go bhfuil gá leis na pleananna sin ionas gur féidir leis na hiarratasóirí féideartha tionscadail ábhartha a shainaithint agus a dtograí a chur isteach.

An 16 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún na chéad chláir de chuid an Chiste um Aistriú Cóir agus na pleananna críochacha um aistriú cóir gaolmhara le haghaidh na clárthréimhse 2021-2027 4 . Chuir sé sin ar a chumas don Choimisiún leanúint ar aghaidh le foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid an 19 Iúil 2022 agus an 19 Deireadh Fómhair 2022 mar an chéad sprioc-am chun iarratas a dhéanamh.

Dá bhrí sin, táthar díreach tar éis tús a chur le cur chun feidhme na Saoráide agus níl ach eilimintí teoranta le tuairisciú ina leith.

Dá bhrí sin, beidh an chéad tuarascáil seo dírithe ar thuairisc a thabhairt ar na príomhchéimeanna ullmhúcháin as ar eascair an chéad ghlao ar thograí agus gnéithe an ghlao.

Chun eilimintí a bhaineann le cur chun feidhme iarbhír na Saoráide a chur san áireamh sa tuarascáil seo, cinneadh gan an tuarascáil seo a thabhairt chun críche agus a eisiúint go dtí tar éis an chéad sprioc-ama chun í a chur isteach, rud mhíníonn an mhoill bheag i gcomparáid leis an sprioc-am rialála a leagtar amach i Rialachán SIEP.

2.    Tuarascáil ar chur chun feidhme na Saoráide 

2.1.    Ullmhúcháin d’fhoilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid

2.1.1.    An cinneadh maoinithe a ghlacadh

De bhun Airteagal 14 de Rialachán SIEP (Cláir oibre), cuirfear an tSaoráid chun feidhme le cláir oibre a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais agus a ghlactar trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gCoimisiún faoin nós imeachta coiste.

An cinneadh maoinithe lena náirítear an clár oibre ilbhliantúil don tSaoráid le haghaidh na tréimhse 2021-2025, fuair sé tuairim dhearfach ón gCoiste um Chistí Rialachán na bhForálacha Coiteanna an 6 Bealtaine 2022 5 agus glacadh é an 17 Meitheamh 2022.

Tá an cinneadh maoinithe lena n‑áirítear an clár oibre ilbhliantúil ar fáil go poiblí:

– ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin maidir leis an mBeartas Comhtháthaithe: Foilsiú na gCinntí Maoinithe agus an Chláir Oibre Bhliantúil – AS REGIO – Beartas Réigiúnach – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)

– ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’, pointe iontrála le haghaidh rannpháirtithe i gcláir mhaoiniúcháin ón gCoimisiún Eorpach: 2022_public_loan_facility_annex.pdf (europa.eu)

2.1.2.    Cur chun feidhme na Saoráide a tharmligean chuig CINEA

Rinne ArdStiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh (AS REGIO) sa Choimisiún bainistiú na Saoráide a tharmligean 6 chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um an Aeráid, Bonneagar agus Comhshaol (CINEA) 7 agus comhaontaíodh an dáileadh deiridh cúraimí trí Mheabhrán Tuisceana a síníodh an 5 Meán Fómhair 2022.

Tá CINEA freagrach as cur chun feidhme cúraimí sonracha a bhaineann le cabhair airgeadais ón Aontas a dheonú agus le cur chun feidhme na leithreasuithe comhfhreagracha a iontráiltear i mbuiséad an Aontais, faoi mhaoirseacht AS REGIO agus é ag gníomhú mar (mháthair)‑Ard‑Stiúrthóireacht. Tá AS REGIO fós i gceannas ar na gnéithe beartais agus ar roghnú deiridh na dtionscadal a gheobhaidh tacaíocht ón tSaoráid.

2.1.3.    Comhaontú riaracháin leis an gcomhpháirtí airgeadais (an Banc Eorpach Infheistíochta)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán SIEP (Comhaontú riaracháin), síneoidh an Coimisiún agus an comhpháirtí airgeadais comhaontú riaracháin, sula gcuirfear an tSaoráid chun feidhme.

Tar éis caibidlíocht a dhéanamh leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, tháinig an comhaontú riaracháin idir an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2022.

2.1.4.    Tacaíocht chomhairleach faoi Mhol Comhairleach InvestEU 

De bhun Airteagal 3 (Cuspóirí) agus Airteagal 13 (Seirbhísí um thacaíocht chomhairleach) de Rialachán SIEP, ba cheart tacaíocht chomhairleach a sholáthar (maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal incháilithe) agus a chur chun feidhme faoi bhainistíocht indíreach, i gcomhréir leis na rialacha agus na modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mhol Comhairleach InvestEU.

Soláthrófar suas le EUR 35 mhilliún do ghníomhaíochtaí tacaíochta comhairlí, as a dtacóidh EUR 10 milliún ar a laghad le hacmhainn riaracháin na dtairbhithe, go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha.

An 4 Márta 2022 8 , shínigh an Coimisiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta comhaontú comhairleach i ndáil leis na gníomhaíochtaí comhairleacha agus an tacaíocht oibríochtúil atá le cur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta faoi Mhol Comhairleach InvestEU sa tréimhse 2021-2024.

Leis an gcomhaontú sin sonraítear an tacaíocht chomhairleach i ndáil leis an tSaoráid agus cuirtear chun feidhme í. Go praiticiúil, is féidir le tairbhithe féideartha tacaíocht chomhairleach a iarraidh trí lárphointe iontrála Mhol Comhairleach InvestEU 9 .

Scaipeadh eolas maidir le hinfhaighteacht na tacaíochta comhairlí go forleathan mar chuid de na gníomhaíochtaí cumarsáide lena dtacaítear le foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid.

Tráth dhréachtú na tuarascála seo, ní raibh aon iarratas ar thacaíocht déanta go fóill. Mar sin féin, tá an Banc Eorpach Infheistíochta ag tabhairt comhairle do thairbhithe féideartha i ndáil le tionscadail fhéideartha faoin Sásra um Aistriú Cóir trí Chomhchúnamh chun tacú le Tionscadail i Réigiúin na hEorpa (JASPERS) 10 , Tacaíocht Chomhairleach Tionscadail agus Seirbhísí Comhairleacha.

2.1.5.    Prionsabail chothrománacha

De bhun Airteagal 4 de Rialachán SIEP (Prionsabail chothrománacha), áiritheofar go gcomhlíonfar na prionsabail chothrománacha agus an tSaoráid á cur chun feidhme.

Tá sé sin léirithe ar bhealaí éagsúla sa doiciméadacht, i gcomhréir le cleachtais an Choimisiúin. Cuireadh comhlíonadh na bprionsabal cothrománach san áireamh i dtéacs an ghlao ar thograí mar choinníoll incháilitheachta agus mar chuid de na critéir dhámhachtana. Dá réir sin, áirítear i múnla na foirme iarratais ceisteanna tiomnaithe maidir le comhlíonadh na bprionsabal sin.

Ina theannta sin, i gcomhréir lena rialacha, lena bheartais agus lena nósanna imeachta féin, cuireann an Banc Eorpach Infheistíochta comhlíonadh na bprionsabal sin san áireamh freisin ina mheasúnú ar na hiasachtaí a sholáthróidh an Banc Eorpach Infheistíochta.

2.2.    Tús chur chun feidhme na Saoráide

2.2.1.    Na paraiméadair le haghaidh chur chun feidhme na Saoráide a leagan síos

De bhun Airteagal 7 de Rialachán SIEP (Infhaighteacht acmhainní), ní rachaidh iomlán na ndeontas a dhámhfar ar thionscadail incháilithe i mBallstát ar leith de bhun an ghlao ar thograí a fhoilseofar tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2025 thar an sciar náisiúnta comhfhreagrach atá leithdháilte ar an mBallstát sin. Leagtar amach na sciartha náisiúnta sin in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 11 agus sa chinneadh maoinithe lena náirítear an clár oibre ilbhliantúil.

Chinn an Coimisiún tús a chur le cur chun feidhme na Saoráide leis an gcéad ghlao ilbhliantúil ar thograí. Is é an glao ar thograí sin an t‑aon ceann a fhoilseofar chun an tréimhse 2022-2025 a chumhdach. Beidh sciar náisiúnta iomlán gach Ballstáit ar fáil faoin gcéad ghlao ilbhliantúil ar thograí sin.

Foilseoidh an Coimisiún glao ilbhliantúil ar thograí eile chun an tréimhse 2026-2027 a chumhdach. Beidh buiséad ag an dara glao ar thograí sin ina mbeidh aon mhéid a bheidh ar fáil faoi gach sciar náisiúnta ag deireadh an chéad ghlao ar thograí agus dámhfar deontais ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais.

2.2.2.    Foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid

Ós rud é go bhfuil rochtain ar chistiú faoin tSaoráid coinníollach ar phlean críochach um aistriú cóir formheasta a bheith ann, cinneadh gan an chéad ghlao ar thograí a fhoilsiú go dtí tar éis líon leordhóthanach pleananna críochacha um aistriú cóir a ghlacadh.

An 16 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún na chéad chláir de chuid an Chiste um Aistriú Cóir agus na pleananna críochacha um aistriú cóir gaolmhara le haghaidh na clárthréimhse 2021-2027.

Chuir sé sin ar a chumas don Choimisiún leanúint ar aghaidh le foilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid an 19 Iúil 2022. Ba é an 19 Deireadh Fómhair 2022 an chéad sprioc-am chun iarratas a dhéanamh agus leanfar é le trí sprioc-am chun iarratas a dhéanamh in aghaidh na bliana féilire (in mí Eanáir, mí Aibreáin agus mí Mheán Fómhair 2023, 2024 agus 2025), mar a mhínítear sa tábla thíos.

Tar éis fhoilsiú an chéad ghlao, glacadh pleananna críochacha um aistriú cóir breise. Tráth an chéad sprioc-ama chun iarratas a dhéanamh, glacadh 16 phlean chríochacha um aistriú cóir le haghaidh críocha atá lonnaithe san Ostair, sa tSeicia, sa Chipir, san Eastóin, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, sa Ghréig agus sa tSualainn.

In total, around 70 Territorial just transition plans are expected to be adopted by the first quarter of 2023 12 .

2.2.3.    Infhaighteacht an ghlao ar thograí agus na ngníomhaíochtaí cumarsáide tosaigh

Tá an glao ar thograí foilsithe agus inrochtana ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’ 13 de chuid an Choimisiúin. Is féidir le hiarratasóirí féideartha faisnéis a fháil freisin ar an Ardán um Aistriú Cóir 14 agus ar shuíomh gréasáin CINEA 15 . Scaipeadh eolas faoi fhoilsiú an chéad ghlao ar thograí faoin tSaoráid ar ghnáthmhodhanna eile freisin (féach Roinn 3.2), preaseisiúint chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó BEI agus na meáin shóisialta ina measc.

Ina theannta sin, d’eagraigh an Coimisiún, CINEA agus an Banc Eorpach Infheistíochta ‘Lá Eolais’ tiomnaithe an 14 Meán Fómhair 2022. Le linn an imeachta sin, míníodh go mion gnéithe beartais na Saoráide agus na nósanna imeachta chun deontas a iarraidh ar an gCoimisiún agus iasacht a iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus freagraíodh ceisteanna na niarratasóirí féideartha. Taifeadadh an timeacht agus tá an nasc chuig an athsheinm ar fáil d’aon iarratasóir féideartha ar leathanach gréasáin na Saoráide ar shuíomh gréasáin CINEA 16 .

Eagraíodh seisiún tiomnaithe maidir leis an tacaíocht chomhairleach atá ar fáil freisin (lena n‑áirítear tacaíocht chomhairleach maidir leis an tSaoráid) faoi Mhol Comhairleach InvestEU.

Tionóladh dhá sheisiún faisnéise thiomnaithe eile an 21 Meán Fómhair 2022 le linn na Seachtaine Eorpaí um Fhuinneamh Inbhuanaithe agus an 11 Deireadh Fómhair 2022 le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha.

Ar an iomlán, d’fhreastail thart ar 300 rannpháirtí ar na seisiúin sin.

2.3.    Torthaí tar éis an chéad sprioc-am chun iarratas a dhéanamh

Ba é an 19 Deireadh Fómhair 2022 an chéad sprioc-am chun iarratas a dhéanamh; fuarthas trí iarratas, as a bhfuil ceann amháin inghlactha/incháilithe agus ag dul tríd an bpróiseas meastóireachta.

This low number was expected as (i) only a limited number of Territorial just transition plans had been adopted, this being a pre-condition (i.e. eligibility condition) to submit a proposal, and (ii) potential applicants need time to familiarise themselves with the Facility and prepare proposals.

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun feasacht a mhúscailt faoin tSaoráid maidir leis na sprioc-amanna atá le teacht chun líon na n‑iarratas a mhéadú.

3.    Gníomhaíochtaí cumarsáide 

3.1.    Comhaontú riaracháin leis an gcomhpháirtí airgeadais (an Banc Eorpach Infheistíochta)

Tar éis shíniú an chomhaontaithe riaracháin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, d’eisigh an Coimisiún 17 agus BEI preaseisiúintí 18 .

3.2.    Foilsiú an chéad ghlao ar thograí

Rinne an Coimisiún iarracht mhór chumarsáide maidir le foilsiú an chéad ghlao ar thograí trí phreaseisiúintí ó sheirbhísí an Choimisiúin 19 agus ó CINEA 20 a eisiúint agus trí mhír nuachta laethúil a chur ar chúinne preasa an Choimisiúin 21 . 

Rinne an Coimisinéir atá i gceannas ar an mBeartas Réigiúnach agus Uirbeach 22 agus LeasUachtarán an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta 23 teachtaireachtaí físeáin a thaifeadadh.

3.3.    Ceisteanna coitianta

Foilsítear ceisteanna a thagann aníos le linn na n‑imeachtaí cumarsáide ar shuíomh gréasáin CINEA mar thagairt le haghaidh na rannpháirtithe. Ina theannta d’fhoilsigh an Coimisiún tuairim is 40 ceist choitianta roghnaithe ar an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’.

Chruthaigh CINEA bosca ríomhphoist feidhmiúil tiomnaithe chun ceisteanna breise a bhí ag teacht isteach maidir le tairbhithe féideartha a fhreagairt.

3.4.    Imeachtaí cumarsáide 2022

An 10 Bealtaine 2022:    Seisiún le linn an Ardáin um Aistriú Cóir 24  

An 14 Meán Fómhair 2022:    Lá Eolais a d’eagraigh CINEA, An Coimisiún agus BEI 25

An 21 Meán Fómhair 2022:    An seisiún le linn na Seachtaine Eorpaí um Fhuinneamh Inbhuanaithe (clár sínte) 26

An 11 Deireadh Fómhair 2022:    An seisiún le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha 27  

An 8 go 11 Samhain 2022:    Cruinnithe ‘One-to-EU’ le linn an imeachta Ecomondo 28

Eagraíodh seisiúin thiomnaithe freisin ar iarratas ó Bhallstáit (an tSlóivéin i mí an Mhárta agus an Fhrainc i mí Dheireadh Fómhair).

4.    Na chéad chéimeanna eile

Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair ar mheastóireacht agus ar roghnú na dtograí tar éis gach sprioc-ama chun iarratas a dhéanamh i gcomhar le CINEA (féach an tábla i bpointe 2.2.2.).

Leanfaidh an Coimisiún, i gcomhar le CINEA agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta, de bheith ag múscailt feasachta faoin tSaoráid chun í a chur chun cinn agus chun a hacmhainneacht a léiriú. Déanfar é sin, i measc bealaí eile, trí chruinnithe déthaobhacha a eagrú leis na Ballstáit agus leis na réigiúin a bhfuil pleananna críochacha um aistriú cóir acu, trí chuir i láthair thiomnaithe a ullmhú do choistí faireacháin ábhartha de chuid an Choimisiúin agus trí pháirt a ghlacadh in imeachtaí ábhartha, ar imeachtaí iad lena gcuirfear an deis ar fáil an tSaoráid a chur i láthair. Ar an iomlán, tapóidh an Coimisiún aon deis chun an tSaoráid a chur chun cinn agus chun teagmháil a dhéanamh le pobal leathan páirtithe leasmhara a bhféadfadh spéis a bheith acu inti.

Ina theannta sin, eagróidh an Ghníomhaireacht laethanta eolais maidir le scoithdhátaí 2023.

(1)     Teachtaireacht ón gCoimisiún – An Comhaontú Glas don Eoraip – COM(2019) 640 final, 11.12.2019.
(2)     Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions – ‘Sustainable Europe Investment Pla n European Green Deal Investment Plan’ [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún ‘an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe – an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe’] – COM(2020) 21 final an 14.1.2020.
(3)    Mar a shainítear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(4)     Beartas Comhtháthaithe an Aontais: €1,63 billiún le haghaidh aistriú cóir aeráide agus fuinnimh sa Ghréig – Beartas Réigiúnach – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(5)     Clár na Coisteolaíochta (europa.eu)
(6)    Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/173 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2021
(7)     An tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí ar shuíomh gréasáin CINEA
(8)     Síníonn an Coimisiún Eorpach agus Grúpa BEI comhaontuithe InvestEU lena scaoiltear na billiúin le haghaidh infheistíocht ar fud an Aontais Eorpaigh
(9)     Mol Comhairleach InvestEU (europa.eu) .
(10)    Comhthionscnamh de chuid an Choimisiúin agus BEI ( Maidir le JASPERS (eib.org) )
(11)    Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1).
(12)    Chun rochtain a fháil ar léarscáil atá tugtha cothrom lé dáta maidir le pleananna críochacha um aistriú cóir a glacadh, féach: Inforegio – Ciste um Aistriú Cóir (europa.eu)
(13)     Cistiú agus Tairiscintí (europa.eu)
(14)     An tArdán um Aistriú Cóir – Beartas Réigiúnach – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(15)     CINEA – Réimsí infheistíochta (europa.eu)
(16)     2022 An tArdán um Aistriú Cóir SIEP Lá Eolais maidir le Glaonna (europa.eu)
(17)     https://ec.europa.eu/regional_policy/en/newsroom/news/2022/09/09-07-2022-commission‑and‑european‑investment‑bank-unlock-up-to-eur10-billion‑to-support‑public-investments‑in‑the-territories‑in‑transition‑towards‑a-climate-neutral-economy
(18)     https://www.eib.org/en/press/all/2022-346-just‑transition‑eib-to-provide-up-to-eur10-billion‑in‑support‑of-regions‑most‑affected‑by-the-shift‑away-from-fossil-fuels
(19)     https://ec.europa.eu/regional_policy/en/newsroom/news/2022/07/19-07-2022-commission‑publishes‑the-first‑call-for-proposals‑for-a-public-sector-loan‑facility
(20)     https://cinea.ec.europa.eu/news‑events/news/just‑transition‑mechanism-european‑commission‑publishes‑first‑calls‑proposals‑public-sector-loan‑2022-07-19_en
(21)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/mex_22_4612
(22)     https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/SPEECH_22_4621 -     https://audiovisual.ec.europa.eu/en/video/I-228334?lg=EN
(23)     https://drive.google.com/file/d/1TR4M9jojHWmfw4BLIeTEqfEXAg46cmmP/view?usp=sharing
(24)     An tArdán um Aistriú Cóir – An Beartas Réigiúnach – An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(25)     2022 An tArdán um Aistriú Cóir SIEP Lá Eolais maidir le Glaonna – Seirbhís Sruthaithe an Choimisiúin Eorpaigh (europa.eu)
(26)     EUSEW: Conas is féidir leat an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí a úsáid faoin Sásra um Aistriú Cóir (europa.eu)
(27)     EWRC: Conas is féidir leat an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí a úsáid faoin Sásra um Aistriú Cóir
(28)     Ecomondo, an t‑imeacht le haghaidh aistriú éiceolaíoch – Ecomondo 2022