AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.1.2023
COM(2023) 34 final
TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA AGUS CHUIG AN gCOMHAIRLE
i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le hinnéacs na gcostas saothair (ICS)
I.RÉAMHRÁ
Tomhaistear leis an innéacs costais saothar (ICS) athruithe ráithiúla ar chostais saothair iomlána a íocann fostóirí, agus leis sin is féidir faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí sa bhrú costais a eascraíonn as an tosca táirgeachta ‘saothar’. Tá an ICS ar cheann de na príomhtháscairí eacnamaíocha Eorpacha / na táscairí euro, táscairí a chuireann faisnéis ar fáil maidir le forbairtí eacnamaíocha sa limistéar euro.
Is é an Córas Eorpach Banc Ceannais, go háirithe, a bhaineann úsáid as an ICS chun measúnú a dhéanamh ar bhrú boilscithe a d’fhéadfadh teacht as forbairtí sa mhargadh saothair. Tá sé tábhachtach freisin go ndéanfaidh comhpháirtithe sóisialta atá rannpháirteach i gcaibidlíocht pá, agus go ndéanfaidh an Coimisiún féin, faireachán ar fhorbairtí gearrthéarmacha i gcostais saothair. Ar deireadh, baintear úsáid as sonraí ICS chun praghsanna a innéacsú i roinnt conarthaí móra tráchtála a mhaireann roinnt blianta.
Ar a shuíomh gréasáin, foilsíonn Eurostat preaseisiúint ráithiúil maidir leis an ICS ina bhfuil tacar mór sonraí arna mhiondealú de réir gníomhaíocht eacnamaíoch agus de réir chomhpháirteanna na gcostas saothair (costais phá agus neamhphá). Tá rátaí fáis ó ráithe go ráithe agus ó bhliain go bhliain ar an suíomh gréasáin freisin.
Le Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Feabhra 2003 maidir le hinnéacs na gcostas saothair (an ‘Rialachán ICS’) leagtar amach creat coiteann faoina ndéanfaidh na Ballstáit innéacsanna inchomparáide a tháirgeadh agus a chur ar fáil don Choimisiún.
Le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 éilítear ar an gCoimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle gach 2 bhliain. Is é cuspóir na tuarascála measúnú a dhéanamh ar cháilíocht na staitisticí a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar chomhiomláin AE, agus réimsí a shainaithint ina bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh.
Is é seo an naoú tuarascáil ICS ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. Díríonn sí ar shonraí ICS a fuarthas ón eagrán roimhe ar aghaidh, i gcás na ráithí tagartha ón dara ráithe de 2020 (2020R2) go dtí an chéad ráithe de 2022 (2022R1). Léirítear inti na rudaí a thug Eurostat faoi deara nuair a bhí sonraí ICS do na ráithí tagartha sin á mbailiú agus a bhfíorú aige, agus cuireann sí leis an doiciméadacht a sholáthraíonn na Ballstáit ina dtuarascálacha bliantúla ar cháilíocht.
Ní chumhdaítear leis an eagrán seo sonraí ICS ón Ríocht Aontaithe toisc gur fhág an tír sin an tAontas an 1 Feabhra 2020 agus d’éirigh sí as sonraí ICS a tharchur ó 2020R1 ar aghaidh.
In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1216/2003, sainítear cáilíocht ICS de réir na gcritéar seo a leanas: ábharthacht, cruinneas, poncúlacht sholáthar na sonraí, inrochtaineacht agus soiléireacht, inchomparáideacht, comhleanúnachas agus iomláine. Ós rud é gur measadh go raibh inrochtaineacht agus soiléireacht sásúil sa tuarascáil LCI roimhe seo, dírítear sa tuarascáil seo ar ábharthacht, iomláine, poncúlacht, cruinneas, inchomparáideacht agus comhleanúnachas.
San eagrán seo, tuairiscímid freisin ar phríomhthionchar ghéarchéim COVID‑19 ar bhailiú sonraí ICS.
II.DUL CHUN CINN GINEARÁLTA Ó BHÍ AN TUARSCÁIL DHEIREANACH ANN
Ó thaobh na reachtaíochta de, ní dhearnadh aon athrú ó bhí an tuarascáil dheireanach ann. Sna míreanna seo a leanas sonraítear na feabhsuithe a rinneadh maidir le cur le chéile na tuarascála.
2.1 Caighdeáin maidir le bailiú sonraí
An leagan is déanaí de na struchtúir sonraí agus na liostaí cóid a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta a bhaineann leis an Malartú Sonraí Staitistiúla agus Meiteashonraí (SMDX) (atá ar fáil ar líne trí chlárlann thiomnaithe), ní hamháin go bhfuil sé fós á úsáid chun sonraí a fháil ó na Ballstáit agus chun an ICS a tháirgeadh, ach úsáidtear é freisin chun sonraí an ICS a tharchur chuig an mBanc Ceannais Eorpach.
I gcás sonraí (tobshonraí agus sonraí críochnaitheacha) ó 2021R3 ar aghaidh, tá na Ballstáit ag úsáid leagan nuashonraithe (2.3) de shainiú struchtúir sonraí SDMX, leagan a ionchorpraíonn na hathruithe is déanaí a comhaontaíodh ag an leibhéal idirnáisiúnta.
2.2 Bailíochtú sonraí
Rinneadh na sonraí a bhailíochtú go córasach trí bhíthin uirlis nua, lena seiceáiltear an gcomhlíonann na cóid agus na struchtúir sonraí a úsáidtear na caighdeáin a comhaontaíodh maidir le tarchur sonraí (SDMX). Simplíonn sé sin an próiseas táirgthe agus laghdaíonn sé an baol go n‑eascróidh earráidí as laigí sa chódú. I gcás nach gcomhlíonann an comhad a tharchuirtear caighdeáin SDMX atá i bhfeidhm, diúltaítear dó go huathoibríoch. Faigheann na Ballstáit fógra ratha / teipe le ríomhphost agus féadfaidh siad rochtain a fháil ar an tuarascáil bhailíochtaithe trí sheirbhís gréasáin.
Ó bhí an tuarascáil dheireanach ann, tá an próiseas táirgthe curtha in oiriúint ag Eurostat chun go mbeifear in ann cineálacha formáide SDMX uile a phróiseáil, bíodh siad dlúth nó cineálach.
Thairis sin, déanann Eurostat seiceálacha inchreidteachta ar gach tarchur ráithiúil trí shonraí a chur i gcomparáid le chéile thar thréimhse ama agus thar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha Athbhreithniú NACE 2 (Ath. NACE 2). I gcás ina mbíonn athruithe suntasacha ó ráithe go ráithe ann, iarrann Eurostat ar na Ballstáit na sonraí a dheimhniú nó comhad sonraí ceartaithe a tharchur. Má bhraitear athbhreithnithe móra nó athruithe tobanna, in aon roinn NACE áirithe, déantar obair leantach orthu go córasach in éineacht leis na tíortha lena mbaineann.
2.3 Leibhéil chostais saothair in aghaidh na huaire
Tá ag éirí le Eurostat go fóill meastacháin bhliantúla ar chostais saothair in aghaidh na huaire a fhoilsiú de réir roinn Ath. NACE 2, ó bhí an chéad eisiúint ann in Aibreán 2016. Tá na meastacháin sin bunaithe ar na leibhéil a fuarthas ón suirbhé ar chostas saothair a dhéantar gach ceithre bliana, leibhéil a eachtarshuitear le hinnéacsanna na gcostas saothair. Gintear iad 3 mhí tar éis dheireadh na tréimhse tagartha agus cumhdaítear leo na ranna NACE uile cé is moite de roinn ‘L’ de Ath. NACE 2 (gníomhaíochtaí eastáit réadaigh).
2.4 Tuarascálacha cáilíochta
Rinneadh na tuarascálacha cáilíochta a chuir na Ballstáit isteach a phróiseáil ar bhealach tráthúil tríd an leagan is déanaí de Láimhseálaí Meiteashonraí an Chórais Staidrimh Eorpaigh agus cuireadh ar fáil do na húsáideoirí uile iad.
2.5 Coigeartuithe séasúracha agus féilire
Rinne Eurostat anailís ar an tsraith arna coigeartú de réir séasúir (SA) agus de réir féilire (CA) arna tarchur ag na Ballstáit, agus chuir sé comparáid idir thíortha faoi bhráid a ghrúpa saineolaithe um staidreamh an mhargaidh saothair i mí Dheireadh Fómhair 2021.
Chuir Eurostat feabhas freisin ar an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcoigeartú séasúrach ar na tuarascálacha cáilíochta náisiúnta. Go háirithe, sonraítear san iarscríbhinn nuashonraithe seo na samhlacha coigeartaithe shéasúraigh a úsáidtear, na hasluitigh a bhraitear, méid na gcoigeartuithe agus luaineacht na dtorthaí.
Foilsíonn Eurostat sonraí SA le haghaidh comhiomláin an Aontais sa bhunachar sonraí agus san alt ‘Statistics Explained’ [Sainmhíniú ar na Staitisticí] maidir le ICS, chomh maith le sonraí nach bhfuil coigeartaithe de réir séasúir (NSA). Torthaí SA le haghaidh na bhfigiúirí iomlána, tá siad díorthaithe anois ó na comhpháirteanna pá agus neamhphá, rud a áirithíonn an chomhsheasmhacht.
III.CÁILÍOCHT NA SONRAÍ
3.1Ábharthacht agus iomláine
Ábharthacht
Bhí éileamh leanúnach ann ó úsáideoirí, ní hamháin ar fhaisnéis faoi athruithe céatadánacha ráithiúla ar chostais saothair, arna thomhas ag an ICS, ach níos mó agus níos mó ar fhaisnéis faoi chostais saothair i ndearbhthéarmaí freisin (euro in aghaidh na huaire). Lean Eurostat de mheastacháin ar chostais saothair in aghaidh na huaire a fhoilsiú, i mí Aibreáin gach bliain, meastacháin a bhí in euro agus in airgeadraí náisiúnta (leibhéil costais saothair), in éineacht le miondealú Ath. NACE 2. Cuireadh san áireamh ráta fáis bliantúil na leibhéal costais saothair in aghaidh na huaire agus sciar na gcostas neamhphá sna costais saothair iomlána. Is dearfach an t‑aiseolas a fuarthas maidir le foilsiú na meastachán sin, agus leanfaidh Eurostat de na costais bhliantúla saothair a sholáthar in éineacht le miondealú Ath. NACE 2.
Iomláine
Sa chuid seo déantar athbhreithniú ar an gcomhlíonann na sonraí agus meiteashonraí ICS a tharchuirtear na riachtanais dlí i dtéarmaí iomláine. Baineann na barúlacha le hinnéacsanna, ualaí agus tuarascálacha cáilíochta.
a) Innéacsanna
Go ginearálta, bhí infhaighteacht agus iomláine an ICS sásúil le linn na tréimhse tagartha ar fad. Fuair Eurostat sonraí CA, chomh maith le sonraí CA agus SA, ó na Ballstáit uile le haghaidh na ráithí uile cé is moite de dhá chás (an Ghréig le haghaidh 2020R4 agus 2021R2). Sholáthar na Ballstáit sonraí NSA freisin, cé is moite den Danmhairg agus den tSualainn, tíortha ar deonaíodh maoluithe dóibh.
Maidir le tíortha eile de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE), tharchuir an Íoslainn agus an Iorua araon sonraí ICS le haghaidh na ráithí uile sa tréimhse thagartha. Faoi láthair, soláthraíonn an Íoslainn sraith CA amháin, chomh maith le sraith CA agus SA, ach ní tharchuireann an Iorua ach sonraí CA.
Cé go bhfuil feabhas tagtha ar chumhdach sonraí SA, tá na príomhfhigiúirí fós bunaithe ar athruithe bliain ar bhliain (R/R-4) ar shonraí CA, athruithe nach bhfuil chomh luaineach céanna. Mar sin féin, tá na sonraí go léir, meastacháin SA san áireamh, ar fáil ar an leathanach ábhartha de bhunachar sonraí Eurostat. Chumhdaigh na tíortha uile na ranna NACE uile, agus na maoluithe thuas á gcur san áireamh.
b) Ualaí
De bhun Rialachán ICS, meastar go dtarchuirfidh na Ballstáit agus tíortha LEE eile na costais saothair bhliantúla le haghaidh na gcomhpháirteanna pá / neamhphá de gach roinn NACE (‘na hualaí’) gach bliain. Tá sé tábhachtach na sonraí sin a choinneáil cothrom le dáta toisc go ndéanann siad difear do ríomh Eurostat ar chomhiomláin NACE agus do dhíorthú na n‑iomlán ó na comhpháirteanna pá agus neamhphá.
Faoin 30 Meitheamh 2022, bhí na hualaí le haghaidh na bliana tagartha 2020 tarchurtha ag na Ballstáit uile agus ag tíortha LEE eile. Bhí ualaí na bliana tagartha 2021 ar fáil freisin, seachas i gcás na Seicia, na Cróite, na hÉireann agus na hÍsiltíre.
c) Tuarascálacha cáilíochta
Sholáthar na Ballstáit uile, cé is moite den Chróit, tuarascálacha cáilíochta náisiúnta don bhliain tagartha 2020. Rinneadh na tuarascálacha sin a bhailíochtú agus a fhoilsiú ar leathanach gréasáin Eurostat a bhaineann leis.
3.2Poncúlacht
De bhun Rialachán ICS, ní mór do na Ballstáit agus do thíortha LEE eile innéacsanna costais saothair a sholáthar taobh istigh de 70 lá i ndiaidh na ráithe tagartha.
Ó bhí an tuarascáil dheireanach ann, chaill 9 dtír spriocdhátaí chun a gcuid sonraí a tharchur:
-an Ísiltír (fuarthas sonraí 2021R1 aon lá féilire amháin i ndiaidh an spriocdháta);
-Éire (fuarthas sonraí 2021R1 agus 2022R1 4 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta);
-an Danmhairg (fuarthas sonraí 2021R2 agus 2022R1 aon lá féilire amháin i ndiaidh an spriocdháta);
-an Ungáir (fuarthas sonraí 2021R2 aon lá féilire amháin i ndiaidh an spriocdháta);
-an Fhrainc (fuarthas sonraí 2021R2 agus 2021R3 aon lá féilire amháin i ndiaidh an spriocdháta ach fuarthas sonraí 2021R4 3 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta);
-an Fhionlainn (fuarthas sonraí 2021R2 aon lá féilire amháin i ndiaidh an spriocdháta);
-an Laitvia (fuarthas sonraí 2021R2 2 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta);
-an Chróit (fuarthas sonraí 2021R2 2 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta); agus
-An Ghréig (fuarthas sonraí 2021R3 4 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta agus sonraí 2021R4 3 lá féilire i ndiaidh an spriocdháta).
Maidir le tíortha LEE eile, tharchuir an Iorua agus an Íoslainn sonraí ICS in am.
3.3Cruinneas
Tá roinnt athróga éagsúla san ICS (e.g. costais saothair agus uaireanta oibre), agus féadfaidh na hathróga sin teacht as roinnt foinsí. Ciallaíonn sé sin go bhféadfaí athbhreithnithe a dhéanamh tráth ar bith, agus go ndéanfadh sé sin difear don ráithe dheireanach, do roinnt ráithí nó do bhlianta iomlána. Má bhaineann coigeartuithe leis an mbliain tagartha, ní mór an tsraith iomlán a athbhreithniú. Ní raibh athbhreithnithe ar phríomhfhigiúr an Aontais (ráta fáis bliain ar bhliain) os cionn 0.2 pointe céatadáin (pp) riamh (féach Figiúr 1). Rinneadh na hathbhreithnithe mar gheall ar ghéarchéim COVID‑19 agus ar bhearta tacaíochta rialtais a tuairiscíodh den chuid is mó sna comhpháirteanna neamhphá den ICS.
Figiúr 1: Athruithe ar an ráta fáis bliantúil idir an chéad eisiúint ICS agus an eisiúint deiridh
(AE-27, comhiomlán Ranna B go S Ath. NACE 2, costais saothair iomlána, de réir pp, [2020R1 go 2022R1])
Foinse:
-I gcás sonraí deiridh: Tacar sonraí Eurostat lc_lci_r2_q [athróg: ‘Costas saothair don ICS (luach saothair fostaithe móide cánacha lúide fóirdheontais)’].
-I gcás na gcéad mheastacháin: bunachar sonraí táirgthe Eurostat.
Asbhaineadh na sonraí an 24.6.2022.
3.4 Comhleanúnachas agus inchomparáideacht
Comhleanúnachas le figiúirí na gcuntas náisiúnta
Ar cheann de na réimsí a leantar d’aird a thabhairt orthu, tá comhleanúnachas an ICS le staidreamh eile maidir le costais saothair, go háirithe le sonraí na gcuntas náisiúnta ráithiúil.
I gcás na tuarascála bliantúla cáilíochta, iarrtar ar na Ballstáit ráta fáis an ICS a chur i gcomparáid le luach saothair fostaithe in aghaidh na huaire atá le fáil sna cuntais náisiúnta (sainmhíniú CEC 2010). Ní mheastar go mbeidh na tacair sonraí ag teacht go hiomlán le chéile: fiú más sainmhínithe atá beagnach mar an gcéanna a úsáidtear, d’fhéadfadh foinsí agus láimhseálacha staidrimh a bheith difriúil. Thairis sin, tá deacrachtaí faoi leith ag baint le huaireanta oibre a bhailiú i gcás an ICS agus na gcuntas náisiúnta araon. D’ainneoin na ndifríochtaí seo sa mhodheolaíocht, is mór is fiú anailís a dhéanamh ar leibhéal na neamhréireachtaí idir an dá fhoinse. Más rud é go bhfuil na leibhéil os cionn tairseach choibhneasta ar leith, d’fhéadfadh sé sin tabhairt le fios go bhfuil fadhbanna cáilíochta in aon cheann den dá thacar sonraí.
Maidir le measúnú cáilíochta, lean Eurostat d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhiomláin Ranna B go S de Ath. NACE 2 de gach Ballstát. Ar mhaithe leis an gcomparáid sin, úsáideadh sonraí NSA ón ICS, cé is moite den Danmhairg agus den tSualainn a raibh sonraí CA ar fáil ina leith. Cuireadh ráta fáis airmheánach bliantúil an ICS i gcomparáid le ráta luach saothair fostaithe in aghaidh na huaire, thar 8 ráithe, agus measadh go raibh gá le tuilleadh anailíse i gcás éagsúlachtaí os cionn 2 pp (féach Figiúr 2).
Figiúr 2: Rátaí fáis bliantúla airmheánacha an ICS i gcomparáid le luach saothair fostaithe in aghaidh na huaire
(Comhiomlán Ranna B go S Ath. NACE 2, costais saothair iomlána, tréimhse thagartha: 2020Q2-2022R1*)
* I gcás na Danmhairge agus na Sualainne, ní raibh sonraí NSA ar fáil tráth a dréachtaithe; Úsáideadh sonraí CA ina ionad sin.
Foinse:
-I gcás na gcuntas náisiúnta: Tacair sonraí Eurostat namq_10_a10 [athróg: ‘Luach saothair fostaithe’] agus namq_10_a10_e [athróg: ‘Fostaithe, coincheap intíre, i mílte uair an chloig a oibrítear’].
-I gcás an ICS: Tacar sonraí Eurostat lc_lci_r2_q [athróg: ‘Costas saothair don ICS (luach saothair fostaithe móide cánacha lúide fóirdheontais)’].
Asbhaineadh na sonraí an 24.6.2022.
Is iad seo a leanas na tíortha a raibh bearna níos mó ná 2 phointe céatadáin acu: Málta (5 pp), an tSeicia (4.4 pp), an Chróit (3.1 pp), Éire (2.8 pp), an Pholainn (2.7 pp), chomh maith leis an Laitvia agus an Danmhairg (2.4 pp sa dá chás) (féach Figiúr 2, ina rangaítear na tíortha de réir ord méadaithe na bearna sa dearbhluach).
Déantar obair leantach ar thorthaí na hanailíse thuasluaite leis na Ballstáit, go háirithe maidir le sonraí faoi uaireanta oibre.
Chomh maith leis na hairmheáin, rinne Eurostat comparáid idir diall caighdeánach rátaí fáis bliantúla an ICS agus sraith na gcuntas náisiúnta araon, mar tháscaire luaineachta. I gcomparáid leis an tuarascáil dheireanach, tháinig méadú suntasach ar luaineacht an dá shraith mar gheall ar éagsúlachtaí móra i líon na n‑uaireanta oibre. Bhain sé sin go sonrach leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ba mhó a raibh tionchar ag géarchéim COVID‑19 orthu, mar atá Roinn I (‘Gníomhaíochtaí cóiríochta agus seirbhísí bia’) agus Roinn R (‘Na healaíona, siamsaíocht agus áineas’) de Ath. NACE 2.
Inchomparáideacht
Áirithítear inchomparáideacht idir tíortha trí na sainmhínithe mionsonraithe agus an mhodheolaíocht atá san áireamh i reachtaíocht ICS. Comhlíonann na Ballstáit riachtanais an Aontais leis na foinsí sonraí atá ar fáil ar an leibhéal náisiúnta. Baineann an chuid is mó acu úsáid as suirbhéanna nó as meascán de shuirbhéanna agus de shonraí riaracháin, ach bíonn dhá Bhallstát ag brath go heisiach ar fhoinsí riaracháin.
Chun sonraí inchomparáide ICS a fhoilsiú thar am, tá sé tábhachtach ceartú a dhéanamh ar éifeachtaí féilire agus séasúracha. Déantar na príomhfhigiúirí a choigeartú le haghaidh éifeachtaí féilire agus ag an am céanna déantar an séasúracht a fhritháireamh trí chomparáid a dhéanamh idir na ráithí céanna thar 2 bhliain as a chéile.
De bhun Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. 1216/2003, ní mór figiúirí ICS a sholáthar i bhfoirm NSA, CA, agus CA agus SA.
Ní luaitear go sainráite i Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 an gá coigeartuithe féilire agus coigeartuithe séasúracha a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcur chuige díreach nó indíreach. Ciallaíonn coigeartú indíreach go ndéantar an bhunsraith a choigeartú agus a úsáid ansin chun comhiomláin ardleibhéil a chur le chéile, ach ciallaíonn coigeartú díreach go ndéantar gach sraith, lena n‑áirítear comhiomláin ardleibhéil, a choigeartú ar bhonn aonair.
Maidir leis an ICS, molann Eurostat an cur chuige indíreach a úsáid chun neamhréireachtaí idir iomlán na gcostas saothair agus na comhpháirteanna saothair a sheachaint.
Déanann Eurostat seiceálacha go córasach le haghaidh neamhréireachtaí idir rátaí fáis bliantúla na n‑iomlán agus na gcomhpháirteanna, agus tuairiscíonn sé na neamhréireachtaí uile a sháraíonn 0.1 pp (i ndiaidh slánú) do na tíortha lena mbaineann. Déantar an ICS iomlán a athríomh ansin ar bhonn na gcomhpháirteanna pá agus neamhphá (cur chuige indíreach). Leis an gcur chuige comhchuibhithe sin, áirithítear freisin inchomparáideacht fheabhsaithe ar fud na dtíortha.
IV.TIONCHAR GHÉARCHÉIM COVID‑19
4.1 Suirbhé ar na Ballstáit
I mí an Mhárta 2020, sheol Eurostat suirbhé chun é a chur ar a gcumas do na tíortha na príomh‑shaincheisteanna a raibh orthu dul i ngleic leo maidir le sonraí ICS a bhailiú ó thús na paindéime a thuairisciú. Ba í an tsaincheist ba mhinice a tuairiscíodh sa suirbhé, agus sna comhaid meiteashonraí do 2020R1 agus 2020R2, ráta freagartha níos ísle ó ghnólachtaí mar go raibh siad dúnta agus go raibh socruithe nua oibre acu (obair ghearr-ama, teilea-obair etc.).
4.2 Treoraíocht agus tuairisciú modheolaíochta
Chun a áirithiú go ndéanfaí taifeadadh comhchuibhithe ar bhearta COVID‑19 i staidreamh maidir le costas saothair, go háirithe san ICS ráithiúil, i mí Aibreáin 2020 d’fhoilsigh Eurostat nóta treorach maidir le scéimeanna rialtais a bhaineann le géarchéim COVID‑19 a thaifeadadh i staidreamh maidir le costais saothair.
Bhí éagsúlacht sna bearta tacaíochta a thug rialtais an Aontais isteach ó thaobh raon feidhme, déine agus tréimhse ama de, ag brath ar an tionchar a bhí ag paindéim COVID‑19 ar gach geilleagar náisiúnta. Chun cabhrú le húsáideoirí anailís a dhéanamh ar fhorbairtí san ICS le linn na paindéime, bhailigh Eurostat faisnéis faoi na príomhscéimeanna a raibh tionchar acu ar staidreamh maidir le costais saothair. Rinneadh é sin i gcomhar iomlán leis na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, agus cuireadh na torthaí le meiteashonraí an ICS i mbunachar sonraí scaipthe Eurostat.
4.3 Tionchar ar shonraí an ICS
D’ainneoin na mbac arb í ráig COVID‑19 ba chúis leo, d’éirigh leis na Ballstáit sonraí 2020R1 a chur ar fáil in am. In 2020R2, rinne formhór na dtíortha méaduithe móra bliain ar bhliain a thaifeadadh i gcomhpháirt pá an ICS. Ba é ba chúis leis sin laghduithe ar líon na n‑uaireanta a oibríodh agus an pá a bheith coinnithe ar an leibhéal céanna, tríd is tríd. Os a choinne sin, tháinig laghdú ar an gcomhpháirt neamhphá, rud a léiríonn fóirdheontais níos airde (a taifeadadh le comhartha lúide) a d’íoc rialtais chun gnólachtaí a chúiteamh as ciorruithe pá a theorannú. Ní hamhlaidh a bhí i gcónaí, áfach, toisc gur roghnaigh roinnt rialtas san Aontas fóirdheontais a íoc go díreach le fostaithe, agus sa chás sin níor taifeadadh iad i staidreamh maidir le pá.
V.CONCLÚIDÍ
Ar an iomlán, d’ainneoin thionchar ghéarchéim COVID‑19, tá cáilíocht innéacsanna costais saothair na mBallstát agus comhiomláin an Aontais fós go maith. Go sonrach, ní dhearnadh ach méid beag athbhreithnithe ar chomhiomláin AE, faoi mar a bhí an cás roimh an ngéarchéim. D’eisigh Eurostat nóta treorach mionsonraithe freisin chun inchomparáideacht idir thíortha a chaomhnú le linn na tréimhse tagartha.
Rinneadh na tuarascálacha cáilíochta a chuir na Ballstáit isteach a phróiseáil tríd an leagan is déanaí de Láimhseálaí Meiteashonraí an Chórais Staidrimh Eorpaigh a úsáid, agus cuireadh ar fáil do na húsáideoirí uile iad. Chuir Eurostat iarscríbhinn chuimsitheach leis maidir le cleachtais agus torthaí coigeartaithe séasúracha ar fud na mBallstát. Thairis sin, thuairiscigh na Ballstáit ar na príomhscéimeanna a thug a rialtais isteach chun costais saothair a fhóirdheonú le linn ghéarchéim COVID‑19. Cuireadh an fhaisnéis sin leis na meiteashonraí tagartha maidir le cáilíocht.
Ó 2017 ar aghaidh, tá Eurostat ag foilsiú meastacháin bhliantúla ar leibhéil costais saothair in aghaidh na huaire de réir ranna Ath. NACE 2, bunaithe ar leibhéil costais saothair ón suirbhé agus ar threochtaí an ICS. Taifeadadh líon ard amas ar na hailt ‘Statistics Explained’ [Sainmhíniú ar na Staitisticí] lena mbaineann, rud a dheimhníonn spéis na n‑úsáideoirí.
Leanfaidh an Coimisiún d’fhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus ar cháilíocht sonraí go tráthrialta, agus úsáid á baint as na sonraí a sheachadtar agus as doiciméadacht náisiúnta eile, lena n‑áirítear tuarascálacha cáilíochta.
I ndlúthchomhar leis na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta, tá athbhreithniú ginearálta déanta ag Eurostat ar reachtaíocht an Aontais maidir le staidreamh an mhargaidh saothair i ndáil le gnólachtaí. Is é is aidhm don athbhreithniú seo meastóireacht agus nuachóiriú a dhéanamh ar reachtaíocht iomlán an Aontais i réimse staidreamh an margaidh saothair i ndáil le gnólachtaí.
Maidir leis an ICS, tá sé i gceist ag Eurostat na feabhsuithe seo a leanas a mholadh:
-tobmheastachán ICS a bhailiú ag t+ 45 lá, ó na tíortha móra san Aontas, d’fhonn figiúirí iomlán a fhoilsiú do limistéar an euro agus don Aontas a fhoilsiú thart ar t+50 lá;
-sonraí ICS deiridh a bhailiú ag t+65 lá in ionad t+70 lá, d’fhonn na torthaí a fhoilsiú ag t+72 lá, i gcomparáid le t+77 lá faoi láthair; agus
-spriocanna cruinnis a thabhairt isteach le haghaidh comhpháirt phá an ICS.