29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/458


RÚN (AE) 2023/1941 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá cinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 dá Rialacha Nós Imeachta agus d’Iarscríbhinn V a ghabhann leo,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0142/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 535 245 042 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, agus gurbh ionann é sin agus méadú 46,87 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur as buiséad an Aontais den chuid is mó a thagann buiséad na Gníomhaireachta;

B.

de bhrí gur cheart do chomhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais a bheith trédhearcach agus cuntasach go hiomlán do shaoránaigh an Aontais maidir leis na cistí a chuirtear ar a n-iontaoibh;

C.

de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil ar chuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil cinnteacht réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta;

D.

de bhrí go bhfuil sainordú nua á chur chun feidhme ag an nGníomhaireacht ó mhí na Nollag 2019 maidir le méadú atá suntasach ó thaobh misean agus foirne de, lena n-éilítear buiséad leordhóthanach;

E.

de bhrí gur tháinig méadú suntasach in 2021 ar bhuiséad na Gníomhaireachta agus ar chur chun feidhme an phlean bunaíochta mar thoradh ar an sainordú méadaithe faoi Rialachán (AE) 2019/1896 (2);

F.

de bhrí gur chinn an Chúirt i dTuarascáil Speisialta Uimh. 8/2021 uaithi maidir le tacaíocht na Gníomhaireachta do bhainistiú na dteorainneacha seachtracha go raibh roinnt easnamh ann a bhain le príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta, eadhon faireachán ar dhálaí, anailís riosca, measúnú leochaileachta, oibríochtaí comhpháirteacha agus mear-idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus oiliúint na Gníomhaireachta agus an easpa measúnuithe riachtanas agus tionchair roimh an méadú as cuimse a tháinig ar speansais na Gníomhaireachta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte go bhfuil an t-ioncam agus na híocaíochtaí is bun le cuntais na Gníomhaireachta don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;

2.

ag tabhairt faoi deara go raibh ráta cur chun feidhme buiséid 94,70 % ann de thoradh na n-iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021, arb ionann é agus laghdú 4,27 % i gcomparáid le 2020, á iarraidh ar an nGníomhaireacht aird níos mó a thabhairt chun leibhéil níos ísle gealltanas a sheachaint agus chun ráta níos gaire don sprioc 100 % a bhaint amach;

3.

á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin gur chuir aonad airgeadais na Gníomhaireachta sásraí áirithe i bhfeidhm chun feabhas a chur ar fhorghníomhú an bhuiséid, nach raibh i ráta forghníomhúcháin na leithreasuithe íocaíochta ach 50,42 % in 2021, arb ionann é agus laghdú 4,90 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurb é an míniú atá ag an nGníomhaireacht ar an laghdú sin, trína ndéantar íocaíochtaí le haghaidh oibríochtaí allamuigh den chuid is mó sa bhliain N+ 1, agus go raibh laghdú dosheachanta ar ráta forghníomhaithe na leithreasuithe íocaíochta in 2021 mar thoradh ar an méadú suntasach ar raon feidhme na n-oibríochtaí allamuigh;

4.

ag tabhairt dá haire gur ann don dara leasú ar bhuiséad na Gníomhaireachta in 2021 i dtaca le EUR 14,5 milliún a tugadh ar ais do bhuiséad an Aontais; á mheas nach leor an réasúnú atá ag an nGníomhaireacht i dtaobh gur ghlac sé an leasú sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht, ina tuairisciú amach anseo, réasúnuithe níos mionléirithe a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir leis an bhfáth a nglactar leasuithe buiséadacha, agus airgead á thabhairt ar ais don Aontas;

5.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurbh é EUR 159 400 000 an leibhéal tabhairt anonn (cistí C8) ó 2020 go 2021, agus gur EUR 237 000 000 a bhí ann ó 2021 go 2022; á mheas go bhfuil an leibhéal thar a bheith ard; á chur in iúl gur oth léi nach raibh i ráta íocaíochtaí chistí C8 in 2021 ach 87 %, atá níos ísle ná sna blianta roimhe sin (2019 agus 2020); ag tabhairt dá haire, áfach, gurb é barúil na Gníomhaireachta go ndearna an phaindéim difear don táscaire sin; ag tabhairt faoi deara gurb ionann deontais agus thart ar 60 % de bhuiséad oibríochtúil iomlán na Gníomhaireachta agus, dar leis an nGníomhaireacht, go mbaineann a bhformhór le gníomhaíochtaí a mbíonn tréimhse fhadaithe ag gabháil leo de ghnáth; ag tabhairt dá haire thairis sin gurb é barúil na Gníomhaireachta go bhfuil údar le leithreasuithe suntasacha arna dtabhairt anonn ós rud é go bhfuil an chuid is mó acu nasctha le saolré gníomhaíochtaí a bhfuil dáta deiridh acu i mí na Nollag, rud a fhágann go bhfuil an tabhairt anonn dosheachanta; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é barúil na Gníomhaireachta go maolaítear an riosca go gcuirfí leithreasuithe arna dtabhairt anonn ar ceal toisc nach mór gealltanas dlíthiúil a bheith i bhfeidhm acu go léir lena dtugtar leibhéal cinnteachta go n-íocfar na méideanna; á mheabhrú, mar sin féin, gurb é seasamh na Cúirte gur féidir leibhéil iomarcacha leithreasuithe arna dtabhairt anonn a chosc, i gcásanna áirithe, trí fheabhas a chur ar an bpleanáil bhuiséadach agus ar na timthriallta cur chun feidhme a ghabhann leis sin, agus í ar aon intinn leis an gCúirt maidir leis an seasamh sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí sa treo sin, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh meastacháin chostais agus réamhaisnéisí buiséid níos beaichte a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn a bhaintear amach;

6.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bharúil ón gCúirt a tugadh chun suntais mar ‘Béim ar ábhar’ maidir le gealltanas buiséadach arna dhátú i mí na Nollag 2020 a thabhairt anonn go 2021, gan tacaíocht ó ghealltanas dlíthiúil roimh dheireadh 2020; ag tabhairt dá haire gur EUR 18 375 458 an luach a bhí ar na híocaíochtaí a bhaineann leis an tsaincheist sin in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gur thug an Ghníomhaireacht aghaidh ar an neamhchomhlíontacht sin trí bhíthin gealltanais dhlíthiúla ina dhiaidh sin le linn 2021;

7.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don dara barúil ón gCúirt a tugadh chun suntais mar ‘Béim ar ábhar’ nach bhfuil ríomh ceart á dhéanamh ar na ranníocaíochtaí ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad agus atá i limistéar Schengen (SAC) agus an ranníocaíocht chomhardúcháin ón Aontas; ag tabhairt dá haire go ndearnadh ró-iontráil EUR 2,6 milliún ar an dara ceann agus go ndearnadh ganniontráil den mhéid céanna ar an gcéad cheann; ag tabhairt dá haire ina theannta sin nach raibh aon tionchar aige sin ar ioncam oibríochtúil an ráitis um fheidhmíocht airgeadais don bhliain 2021; ag áitiú, áfach, gur léiriú é sin ar an ngá atá le treoraíocht bhreise ón gCoimisiún do chomhlachtaí an Aontais maidir leis an gcaoi le ranníocaíochtaí ó thíortha nach tíortha de chuid an Aontais iad a ríomh i gceart; á iarraidh ar an gCoimisiún treoraíocht bhreise a eisiúint gan a thuilleadh moille;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann don tríú barúil ‘Béim ar ábhar’ ón gCúirt, maidir leis an dearbhú ó oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta i ndáil leis an easpa faisnéise is gá chun córas nua a bhailíochtú arna leagan síos ag an oifigeach údarúcháin agus a úsáidtear chun faisnéis chuntasaíochta a sholáthar, lena léirítear sócmhainní agus dliteanais na Gníomhaireachta agus an cur chun feidhme buiséadach; ag tabhairt dá haire go bhfuil an córas céanna in úsáid ag an gCoimisiún agus gur bhailíochtaigh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin é; ag tathant ar an nGníomhaireacht soiléirithe a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an tsaincheist sin;

9.

á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá Gníomhaireacht láidir, éifeachtach agus dea-fheidhmiúil atá in ann cabhrú leis na Ballstáit teorainneacha seachtracha coiteanna an Aontais a bhainistiú agus bainistiú comhtháite teorainneacha a áirithiú d’fhonn na teorainneacha sin a bhainistiú go héifeachtúil agus i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha, agus éifeachtúlacht bheartas um fhilleadh an Aontais a mhéadú; ag tabhairt dá haire go bhfuil freagrachtaí comhroinnte ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit maidir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil bainistiú éifeachtach agus cóir na dteorainneacha seachtracha ríthábhachtach chun Schengen mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chosaint; á chur i bhfáth go bhfuil dlúthchomhar agus comhaontuithe le tríú tíortha i ngnéithe amhail comhaontuithe um athligean isteach, cúnamh teicniúil, oiliúint, agus gníomhaíochtaí um fhilleadh, mar aon le cúnamh forbartha tábhachtach chun bainistiú éifeachtúil teorainneacha AE a ráthú (3); á iarraidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit struchtúir comhair, comhroinnte faisnéise agus malartú dea-chleachtas a fhorbairt níos mó;

10.

ag tabhairt dá haire gur ann do bhearta na Gníomhaireachta chun maolú a dhéanamh ar an riosca ard go gcaillfí buiséad a d’fhéadfadh a bheith gan chaitheamh, agus táblaí faireacháin á seoladh ag na Ballstáit ar bhonn míosúil, agus na fíorchostais a tabhaíodh cothrom le dáta á léiriú; á iarraidh ar an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach (IAS) meastóireacht a dhéanamh ar shásra na Gníomhaireachta chun faireachán a dhéanamh ar chostais agus ar riachtanais réamhaisnéise faoi fhorálacha deontais, chomh maith leis an éifeacht, ar bhainistiú airgeadais a chuid oibríochtaí um fhilleadh, ar uasghrádú chóras an Fheidhmchláir maidir le Filleadh (FAR) agus chóras an Fheidhmchláir Bainistíochta Comhtháite maidir le Filleadh (IRMA) de chuid Frontex;

Feidhmíocht

11.

ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht struchtúr eagraíochtúil nua chun feidhme in 2021, ar iarracht mhór í chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar a sainordú sínte; ag admháil an tionchair agus na n-athruithe a bhí i gceist le hathstruchtúrú na Gníomhaireachta; ag moladh, sa chomhthéacs sin, straitéis na Gníomhaireachta maidir le gnóthachain éifeachtúlachta trí dhigitiú, uathoibriú nó simpliú na rialacha agus na nósanna imeachta a chuirtear i bhfeidhm i réimsí áirithe;

12.

ag tabhairt dá haire gur bhain an Ghníomhaireacht úsáid as bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta in 2021 chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht a gníomhaíochtaí, arna nglacadh ag bord bainistíochta na Gníomhaireachta agus a eascraíonn as doiciméad clársceidealúcháin aonair 2021-2023; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go bhfuil feabhas tagtha ar leibhéal na cáilíochta a bhraitear maidir le táirgí agus seirbhísí seachadta na Gníomhaireachta, ós rud é gur shroich sí, in 2021, 94,34 % de mheasúnuithe ón meán, ard go dtí an-ard; á chur in iúl gur oth léi gurb amhlaidh, i gcás roinnt táscairí feidhmíochta, nár bhain an Ghníomhaireacht amach na spriocanna a bhí leagtha síos, mar shampla maidir le híocaíochtaí déanacha nó maidir le trealamh teicniúil a bheith ar fáil le haghaidh imscarthaí;

13.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht na chéad oifigigh de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a imscaradh go rathúil chuig na Ballstáit óstacha agus chuig ceithre aerfort de chuid an Aontais; ag admháil go bhfuil príomhghníomhaíochtaí an dara ceann díobh sin dírithe ar thacú leis an gcomhar i réimse shainaithint agus eisiúint doiciméad taistil, comhairleoireacht maidir le filleadh agus eitiltí a chur in áirithint in FAR; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir an Ghníomhaireacht 19 n-oibríocht chomhpháirteacha (JO) chun feidhme in 2021 le 9 mBallstát óstacha, 23 Bhallstát rannpháirteacha, 32 údarás agus 4 thríú tír a raibh baint acu leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire mear-idirghabháil teorann na Gníomhaireachta (RBI) chun freagairt do bhrú imirce ag an teorainn sheachtrach talún idir an Liotuáin agus an Bhealarúis agus chun sreafaí inimirce neamhrialta i dtreo na Liotuáine agus an Aontais a rialú, ach ag cur béim ag an am céanna ar na hábhair imní maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear mar a shainaithin an t-oifigeach um chearta bunúsacha (FRO) iad, atá tar éis teacht leis na hoibríochtaí sin; ag tabhairt dá haire for-rochtain oibríochtúil na Gníomhaireachta i ndáil le RBI na Liotuáine, JO Opal Coast ag Muir nIocht agus seoladh JO nua i dtríú tír, eadhon an tSeirbia; ag tabhairt dá haire gur seoladh an chéim phíolótach chun oifigigh idirchaidrimh ó na Ballstáit a imscaradh den chéad uair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an measúnú ar thorthaí na céime píolótaí sin ach a dtabharfar chun críche í;

14.

ag tabhairt dá haire gur tuairiscíodh 3 546 teagmhas mar thoradh ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla a rinneadh ar theorainneacha talún in 2021, lenar bhain 16 304 imirceach neamhrialta a gabhadh, 6 461 imirceach neamhrialta agus 368 smuigléir a gabhadh; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, iarrachtaí na Gníomhaireachta as ar eascair gur fhill 18 301 náisiúnach neamh-AE d’aer, a raibh 10 193 dhuine díobh sin ar 337 n-oibríocht ar eitiltí cairtfhostaithe chuig 33 thír fillte agus 8 108 nduine ar eitiltí sceidealaithe chuig 107 dtír a rabhthas ag filleadh orthu; á admháil gurbh ionann an filleadh ar bhonn deonach in 2021 agus 57 % de na fillteacha uile a rinneadh le heitiltí sceidealaithe agus go ndearna an Ghníomhaireacht 22 aerárthach a chairtfhostú le haghaidh oibríochtaí um fhilleadh; ag moladh ullmhú agus eagrú rathúil na chéad oibríochta um fhilleadh faoi cheannas Gníomhaireachta, trína nglacann an Ghníomhaireacht ról an Bhallstáit eagrúcháin chuici féin;

15.

ag tabhairt dá haire, i mí Aibreáin 2021, gur síníodh nós imeachta oibríochta caighdeánach leasaithe (SOP) maidir le sásra na Tuarascála ar Thromtheagmhais (SIR) agus gurbh fhéidir dá chionn sin ról agus inniúlachtaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha (FRO) a shainiú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil moill curtha ar an athbhreithniú breise is gá ar SOP maidir le sásra SIR, á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sásra SIR á thabhairt chun críche faoi láthair i gcomhar leis an Oifigeach um Chearta Bunúsacha agus i gcomhairle le Fóram Comhairliúcháin na Gníomhaireachta maidir le Cearta Bunúsacha; á mheabhrú go raibh sé sin ar cheann de sheacht gcoinníoll a díríodh ar an nGníomhaireacht maidir le hurscaoileadh a dheonú sna blianta roimhe sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le bailchríoch a chur ar an athbhreithniú breise ar SOP maidir le sásra SIR;

16.

á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí i ngach plean oibríochta sásra trédhearcach tuairiscithe lena n-áiritheofaí go dtuairiscítear gach teagmhas sa réimse oibríochtúil agus go ndéanfar beart leantach cuí ina leith; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm ag an sásra tuairiscithe seo beag beann ar an mbealach a bhfuil na sócmhainní sin á maoiniú, chun a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht, agus an tOifigeach um Chearta Bunúsacha go háirithe, faireachán a dhéanamh ar an réimse oibríochtúil iomlán agus imscrúdú a dhéanamh ar na SIRanna go léir nó ar chomharthaí eile de neamhchomhlíonadh;

17.

á chur in iúl gur geal leis cinneadh na Gníomhaireachta an 25 Eanáir 2022 ina sonraítear gnáth-nósanna imeachta oibríochta chun Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896, atá dréachtaithe i gcomhréir le barúlacha agus tuairimí na mBallstát agus na dTíortha Comhlachaithe Schengen, an tOifigeach um Chearta Bunúsacha (FRO), agus Fóram Comhchomhairleach Frontex um Chearta Bunúsacha, a chur chun feidhme;

18.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme chórais TF maidir le Cásanna um Fhilleadh atá bunaithe ar shamhail Chóras Bainistithe Cásanna um Fhilleadh (RECAMAS) san Iodáil, sa Bheilg agus san Fhionlainn, ag athlua an mholta a chuir bord bainistíochta na Gníomhaireachta faoi bhráid na Gníomhaireachta teagmháil a dhéanamh freisin le Ballstáit eile agus réamhriachtanais riachtanacha a chomhlíonadh chun an sampla sin a leanúint;

19.

ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na SIRanna ó 10 SIR in 2020 go 62 SIR in 2021, ar cumhdaíodh 53 díobh leis an SOP nua-leasaithe; á chur in iúl gur oth léi gur ón Liotuáin agus ón nGréig a bhí an líon ab airde a tuairiscíodh; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh nós imeachta nua i bhfeidhm ina ndéantar, ar bhonn míosúil, gach teagmhas a bhaineann le húsáid fornirt in iúl don Oifigeach um Chearta Bunúsacha a gheall go n-eiseodh sé measúnú bliantúil ar an nós imeachta sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an mheasúnaithe sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh; ag moladh an fhíorais gur chuir Monatóirí ar Chearta Bunúsacha (FROManna) tús lena gcomhtháthú sa chreat oibríochtúil agus gur chuir siad os cionn 200 lá imscartha i gcrích agus iad ag tabhairt cuairt ar 10 dtír agus ag glacadh páirt i 15 mhisean um fhilleadh;

20.

ag tabhairt dá haire, in 2021, faoi shásra gearán na Gníomhaireachta, go bhfuair agus gur athbhreithnigh an tOifigeach um Chearta Bunúsacha 27 ngearán a mheas go raibh 6 cinn acu inghlactha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha i ndáil leis na gearáin inghlactha;

21.

á mheabhrú gur chinn CBAE, ina breithiúnas an 30 Meitheamh 2022, go bhfuil reachtaíocht na Liotuáine lena gceadaítear cosaint idirnáisiúnta a dhiúltú agus iarratasóirí a chur faoi choinneáil go huathoibríoch ar an aon chúis amháin gur thrasnaigh siad an teorainn go neamhrialta, ar neamhréir le dlí an Aontais; á thabhairt dá haire nach raibh an Ghníomhaireacht rannpháirteach ná ag tacú leis an Liotuáin maidir le faireachas teorann amhail ó mhí Iúil 2022; á thabhairt dá haire, áfach, gur lean an Ghníomhaireacht dá hoibríocht sa Liotuáin, le gníomhairí ag obair ar sheiceálacha teorann, fiú tar éis bhreithiúnas CBAE; á mheabhrú, thairis sin, gur ann do na hábhair imní, lena n-áirítear ó Chomhairle na hEorpa, faoin staid dhaonnúil agus faoin sárú líomhnaithe ar chearta daonnúla ag an teorainn idir an Laitvia agus an Bhealarúis, arbh é ionstraimiú na himirce ag réimeas na Bealarúise ba chúis leis; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a fhíorú nach bhfuil baint aici le gníomhaíochtaí a bhaineann le reachtaíocht na Liotuáine ar dhearbhaigh CBAE í a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais, agus staonadh ó bheith rannpháirteach in aon oibríochtaí nach bhfuil ag luí le dlí an Aontais;

22.

ag tabhairt dá haire na caingne dlí i gcoinne na Gníomhaireachta arna dtionscnamh ag CBAE, thar ceann íospartach a lorg cosaint sa Ghréig; á thabhairt dá haire gur iarradh ar CBAE a chinneadh ar theip ar an nGníomhaireacht gníomhú i gcomhréir le hAirteagal 46(4) de Rialachán (AE) 2019/1896 trí staonadh ón gcinneadh maoiniú a gníomhaíochtaí uile nó cuid dá gníomhaíochtaí i réigiún na Mara Aeigéiche a tharraingt siar, iad a chur ar fionraí nó iad a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht gach doiciméadacht ábhartha maidir leis seo a sholáthar don bParlaimint, lena n-áirítear tuairim an Oifigigh um Chearta Bunúsacha an 1 Meán Fómhair 2022, SIRanna ó 2021 agus 2022 chomh maith le faisnéis faoin imscrúdú ar chás idirghabhálaí cultúrtha na Gníomhaireachta a díbríodh go héigeantach chuig an Tuirc le 130 náisiúnach tríú tír ar a laghad, mar a tuairiscíodh don bhord bainistíochtai i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire tar éis tuairimí agus moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha maidir lena mheasúnú ar an staid sa Ghréig, go ndeachaigh an t-iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin eatramhach agus an tOifigeach um Chearta Bunúsacha i ngleic leis na húdaráis Heilléanacha i ngníomhaíochtaí oibríochtúla a rinneadh sa Ghréig; á thabhairt dá haire gur dhréachtaigh na húdaráis Heilléanacha, de bharr na bpléití sin, plean cur chun feidhme chun na cosaintí a chur chun feidhme, rud a d’aithin FRO agus an bord bainistíochta mar ghnóthachtáil mhaith; á thabhairt chun suntais go n-aithníonn FRO na hiarrachtaí nós imeachta, agus ag tabhairt dá haire gur mhol FRO don Ghníomhaireacht tarraingt siar ón nGréig i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896;

23.

ag tabhairt dá haire gur ann do chomhar na Gníomhaireachta leis na Gníomhaireachtaí Eorpacha um Rialú ar Iascach (EFCA) agus leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun acmhainní a chomhordú agus a chomhroinnt i réimsí amhail comhroinnt faisnéise, seirbhísí faireachais agus cumarsáide, fothú acmhainneachta, anailís riosca agus, go háirithe, comhroinnt acmhainneachta; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil an comhar sin á rialú ag Socrú Oibre Tríthaobhach arna shíniú ag na trí ghníomhaireacht agus arna nuashonrú in 2021 go ceann tréimhse éiginnte; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na n-oibríochtaí sin trí oibríochtaí, mar shampla, a fhreagraíonn do chúrsaí a bhaineann leis an ngarda cósta i limistéar muirí ar leith agus trí sheirbhísí aerárthaí faireachais arna soláthar ag an nGníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht deiseanna a fhiosrú tuilleadh chun acmhainní a chomhordú agus a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile, go háirithe leis na Gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB), in ainneoin na ndifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith eatarthu i dtaobh gníomhaíochtaí oibríochtúla;

24.

ag tabhairt dá haire go bhfuil an spriocdháta maidir le cur chun feidhme Mholadh 1 de Thuarascáil Speisialta 8/2021 ón gCúirt (spriocdháta ag deireadh 2021) maidir le feabhas a chur ar an gcreat malartaithe faisnéise agus ar an léargas ar dhálaí Eorpacha á chur siar ag an nGníomhaireacht, faoi níos mó ná bliain ó lár 2022 go Ráithe 3 agus Ráithe 4 de 2023; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an ábhar sin ar bhonn tosaíochta;

Beartas foirne

25.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha i ngníomh ar bhonn 82 %, agus a bhí 861 ghníomhaire sealadach ceaptha as 1 050 gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 506 ghníomhaire ar conradh agus 187 saineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht (agus 730 gníomhaire ar conradh agus 220 saineolaí náisiúnta ar iasacht údaraithe don Ghníomhaireacht in 2021); á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú thart ar 15 % ar ráta áitíochta na Gníomhaireachta i gcomparáid leis an mbliain 2020, le hearcú 432 dhuine nua, ach glanmhéadú 320 post áitithe ann, ó 1234 in 2020 go 1554 in 2021; ag tabhairt dá haire gurb ionann agus 79 % an ráta áitíochta reatha sa Ghníomhaireacht, an ráta áitíochta is airde ó tháinig Rialachán (AE) 2019/1896 i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ionduchtaíodh 44 chomhalta den Chóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) le haghaidh Rannán Láraonad ETIAS; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig dúbailt, beagnach, in 2021 ar iomlaoid sheachtrach fhoireann na Gníomhaireachta, ó 2,8 % in 2020 go 4,4 % 2021; ag admháil go ndearna an Ghníomhaireacht iarrachtaí leanúnacha agus gur chuir sí feabhsuithe criticiúla i gcrích i réimse na hearcaíochta, in ainneoin moilleanna; ag admháil go bhfuil earcaíocht thráthúil agus cothromaíocht gheografach a bhaint amach fós ina ndúshláin, rud a bhaineann go príomha le ráta comhéifeacht íseal don Pholainn; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur dúshlán don Ghníomhaireacht le fada é an ráta comhéifeacht íseal don Pholainn, rud atá níos measa le míonna beaga anuas mar gheall ar an mboilsciú is airde a taifeadadh riamh sa tír, arbh ionann agus 16,6 % i mí na Nollag 2022;

26.

ag tabhairt dá haire gurb éard atá i miondealú inscne na Gníomhaireachta a tuairiscíodh do 2021 go bhfuil 15 fhear (68,18 %) agus 7 mbean (31,82 %) ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí, go bhfuil 55 fhear (83,3 %) agus 11 bhean (16,7 %) ar leibhéal an bhoird bainistíochta, agus go bhfuil 1 116 fhear (71,8 %) agus 438 mbean (28,2 %) ar fhoireann na Gníomhaireachta trí chéile; á admháil gur ar na Ballstáit atá an fhreagracht cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh den bhord bainistíochta; á chur in iúl gur oth léi go mór, in ainneoin na n-iarrataí a rinne an Pharlaimint roimhe seo ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit, nár leor na hiarrachtaí chun cothromaíocht inscne a fheabhsú i lucht bainistíochta sinsearach agus i bhfoireann na Gníomhaireachta; ag tathant ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin agus cothromaíocht inscne a chur san áireamh agus baill foirne nua á n-earcú agus ainmniúcháin agus ceapacháin á ndéanamh chuig na poist thuasluaite;

27.

ag tabhairt dá haire gur mór aici ceapachán an Oifigigh um Chearta Bunúsacha (FRO) i mí an Mheithimh 2021; á mheabhrú, áfach, gur chinn an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) nár sannadh láimhseálaí cásanna don Oifigeach do thuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha ina raibh sáruithe líomhnaithe ar chearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Ghníomhaireacht tar éis teannadh níos gaire don sainordú leathnaithe atá aici a chur chun feidhme go hiomlán trí 46 FRManna san iomlán a bheith in oifig aici in 2022, i gcomparáid le 20 FRM in 2021; ag tabhairt dá haire gur ceapadh formhór na FRManna ar leibhéal AD; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go bhfuil idirdhealú ann idir FRManna, toisc go bhfuil 15 acu arna n-earcú fós i bpoist AST, i gcomparáid leis an 31 phost eile arna n-earcú ar leibhéal AD; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint agus an Coimisiún le fada an lá go mbeadh 40 FROM ar a laghad ann ar leibhéal AD; á thabhairt chun suntais go soláthraítear le Rialachán (AE) 2019/1896 an creat le haghaidh méaduithe breise ar líon na FRManna de réir mar a mhéadaíonn an Ghníomhaireacht, agus gurb é an 40 FRM tosaigh an tairseach seachas an uasteorainn; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht plean bunaíochta na Gníomhaireachta a mhodhnú chun gach FRM a earcú ar leibhéal AD; á iarraidh ar an ngníomhaireacht tabhairt faoi earcuithe breise FRManna ar leibhéal AD amháin; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur cuireadh moill beagnach dhá bhliain ar chomhlíonadh cheanglas Airteagal 110(6) de Rialachán (AE) 2019/1896, lena ndearnadh foráil maidir le 40 FRM ar a laghad a earcú faoi mhí na Nollag 2020; ag meabhrú go raibh ról diúltach ag an iarStiúrthóir Feidhmiúcháin sna moilleanna leanúnacha a cuireadh ar an bpróiseas sin agus á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na hiarbhainistíochta ad-interim an ceanglas sin a chomhlíonadh;

28.

á chur in iúl gur geal léi na bearta agus na beartais chuimsitheacha a chuir an Ghníomhaireacht i bhfeidhm i leith frithchiapadh; ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gur glacadh in 2021 Lámhleabhar Nósanna Imeachta do Chomhairleoirí Rúnda Frontex (CCanna) ina leagtar amach cur i bhfeidhm praiticiúil Bheartas na Gníomhaireachta i leith Frithchiapadh; ag admháil go bhfuil ról lárnach ag na CCanna ó thaobh dínit fhoireann na Gníomhaireachta a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, a thábhachtaí atá cultúr eagraíochtúil lena gcuirtear beartais den sórt sin i bhfeidhm, ós rud é gur tráth a glacadh an Lámhleabhar Nósanna Imeachta ag an am céanna, lean mí-iompar tromchúiseach, lena n-áirítear mí-iompar a bhaineann le ciapadh, ar aghaidh i measc daoine an-tábhachtach laistigh den Ghníomhaireacht; á admháil gur tugadh aghaidh orthu sin san obair leantach ar thorthaí imscrúdú OLAF; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, tiomantas na Gníomhaireachta do chlaochlú struchtúrach agus do mhéadú líonra CCanna go sonrach; á athdhearbhú a hiarrata ar an cheannaireacht na Gníomhaireachta go ndéanfadh sí imscrúdú críochnúil ar chur chun feidhme na nósanna imeachta atá ann cheana i gcoinne an chiaptha gnéis, comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis ábhartha go léir agus go dtabharfadh sí tuairisc don údarás um urscaoileadh maidir leis na torthaí agus go dtíolacfadh sí plean gníomhaíochta mionsonraithe ina mbeidh bearta lena n-áirithítear neamhfhulaingt i leith gnéaschiapadh i ngníomhaíochtaí uile na Gníomhaireachta;

29.

ag tabhairt dá haire gur ann do fhreagraí na Gníomhaireachta ar cheisteanna i scríbhinn ón bParlaimint i dtaobh gur ndearnadh 10 gcás ciaptha san iomlán a thuairisciú d’eintitis inniúla na Gníomhaireachta in 2021; ag tabhairt dá haire thairis sin gurb amhlaidh, as seacht nós imeachta fhoirmiúla a osclaíodh in 2021, a cuireadh ceithre chás i gcrích; á iarraidh ar an nGníomhaireacht measúnú cúramach a dhéanamh ar gach cás atá ar feitheamh, agus cur chuige neamhfhulaingthe á ghlacadh aici maidir le ciapadh síceolaíoch, ciapadh gnéasach nó ciapadh d’aon chineál eile, agus leanúint ar aghaidh go pras de dhaoine atá freagrach as an mí-iompar sin a thabhairt chun cuntais; á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoi thorthaí an imscrúdaithe athoscailte maidir le bás tragóideach baill foirne in 2020;

30.

ag tabhairt dá haire a airdeallaí agus a réamhghníomhaí atá an Ghníomhaireacht maidir le beartais agus nósanna imeachta sábháilteachta agus sláinte ceirde (OSH); á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, gur cruthaíodh an mheitheal inmheánach maidir le OSH chun comhordú inmheánach éifeachtach, comhairliúchán inmheánach éifeachtach agus sainaithint na dtosaíochtaí a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir le liosta na ngníomhaíochtaí agus na mbeart a bheartaítear a chur chun feidhme faoi chreat OSH agus maidir lena gcur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhfuil bearta reatha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, fleisc-am agus aisíoc i leith gníomhaíochtaí spóirt, arb é is aidhm dóibh feabhas a chur ar fholláine a foirne ag an obair agus ar an gcothromaíocht oibre is saoil; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuilleadh beart a ghlacadh sa réimse sin, trí aithris a dhéanamh freisin ar institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais freisin;

Soláthar

31.

ag tabhairt dá haire gur sheol an Ghníomhaireacht 36 thairiscint oscailte in 2021, agus go raibh 18 gcinn de chonarthaí sínithe ar luach iomlán EUR 218 400 000 mar thoradh orthu, agus go bhfuil 18 gcinn díobh sin fós ar siúl, agus luach measta EUR 241 000 000 orthu; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht 29 nós imeachta íseal-luacha agus meánluacha (a ndearnadh caibidlíocht orthu le trí iarrthóir agus le cúig iarrthóir) ar a bhfuil luach iomlán EUR 12 000 000, agus as 29 nós imeachta gur tháinig ann do 25 chonradh shínithe in 2021 ar luach iomlán EUR 11 800 000, agus go bhfuil ceithre cinn díobh sin fós ar siúl, ar luach iomlán EUR 300 000; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur láimhseáil an Ghníomhaireacht 203 nós imeachta ar luach an-íseal (a ndearnadh caibidlíocht orthu le hiarrthóir amháin) ar luach iomlán EUR 2 500 000 in 2021; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, go ndearnadh 991 nós imeachta faoi chreatchonarthaí atá ann cheana, ar luach iomlán EUR 194 600 000, a láimhseáil in 2021 agus go raibh conarthaí sonracha sínithe nó foirmeacha ordúcháin sínithe mar thoradh ar 900 acu, ar luach iomlán EUR 172 200 000, agus go bhfuil 91 acu ar luach iomlán EUR 22 300 000 fós ar siúl;

32.

ag moladh iarrachtaí na Gníomhaireachta in 2021 conarthaí a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo a dhaingniú i réimsí amhail tacaíocht d’aerárthaí faireachais, trealamh cosanta pearsanta agus soláthairtí sláintíochta a sholáthar, feithiclí tiomána ceithre roth easbhóthair a sholáthar, airm sheirbhíse a sholáthar, íomhánna satailíte a sholáthar, seirbhísí táirgthe léarscáileanna a sheachadadh, seirbhísí faisnéise meitéareolaíochta agus aigéaneolaíochta a sholáthar nó ladrainn agus pálastaí a cheannach; á chur in iúl gur geal léi an dúthracht a chaith an Ghníomhaireacht leis an bplean oiliúna soláthair a dhearadh agus a chur chun feidhme;

33.

á athdhearbhú gur cúis mhór imní dí tuairiscí sna meáin i mí Lúnasa 2022 ar dá réir a bhain an Ghníomhaireacht leas as conraitheoir a líomhnaítear gur bhain sé leas as idirghabhálaithe cultúrtha, ag tairiscint dálaí oibre dóibh lena sáraítear caighdeáin Eorpacha maidir le pá agus coinníollacha oibre; á chur i bhfios go bhfuil achainí tionscanta ag idirghabhálaithe cultúrtha i ndáil leis sin chomh maith lena ngearán chuig an Ombudsman Eorpach; á thabhairt chun suntais freagraí na Gníomhaireachta do na meáin go ndearna an Ghníomhaireacht teagmháil leis an gconraitheoir tar éis na hachainí chun a gcuid oibleagáidí a mheabhrú dóibh; á chur in iúl gur saoth leis nach bhféadfaí faisnéis faoi chur chun feidhme an chonartha agus faoi urramú choinníollacha na n-oibrithe a fháil san fhaisnéis a chuir an Ghníomhaireacht ar fáil don Pharlaimint;

34.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann do bharúlacha na Cúirte i réimse an tsoláthair; ag tabhairt dá haire go háirithe gur sheol an Ghníomhaireacht nós imeachta soláthair le haghaidh creatchonradh chun seirbhísí taistil a sholáthar, lenar socraíodh ar leibhéal an-íseal na ceanglais maidir le hacmhainneacht airgeadais, theicniúil agus ghairmiúil na dtairgeoirí; ag tabhairt dá haire gur EUR 15 000 000 luach measta an chonartha ar ar bhunaigh an Ghníomhaireacht a measúnú, agus go raibh luach foluiteach an chonartha ag cumhdach na gcostas misin pleanáilte a measadh a bheith thart ar EUR 240 000 000; ag athlua chonclúid na Cúirte gur fhág an Ghníomhaireacht, sa chás seo, í féin neamhchosanta ar rioscaí éagsúla, amhail nárbh fhéidir seirbhísí ar conradh a sholáthar ar an gcaighdeán íosta in am agus an riosca nach gcomhlíonfaí an conradh i gceart; á chur in iúl gurb oth léi go raibh easpa feidhmíochta mar thoradh ar an gconradh agus go raibh cur isteach tromchúiseach ar an leanúnachas gnó mar thoradh uirthi; á chur in iúl gur geal léi gur foirceannadh an conradh láithreach tar éis fíoruithe; á chur i bhfáth nach mór ceanglais scaoilte a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thairgeoirí nó ar mheasúnuithe a dhéantar, bunaithe ar shonraí míthreoracha, a sheachaint;

35.

ag tabhairt dá haire gur ann don tuairisciú ón nGníomhaireacht gur cuireadh feabhas ar phleanáil agus ar fhaireachán an phlean bhliantúil soláthair; á iarraidh ar IAS an plean sin a áireamh ina iniúchtaí amach anseo;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

36.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme rathúil iarrataí na Parlaiminte go ndéanfaí CVanna agus dearbhuithe leasa chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta agus a bainistíochta feidhmiúcháin a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta;

37.

ag tabhairt dá haire gur glacadh céimeanna breise chun trédhearcacht ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó stiúrthóir feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an Clár Trédhearcachta a bhunú de bhun Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2019/1896; ag tabhairt dá haire gur ann don fhreagra ar an údarás um urscaoileadh ina gcuirtear faisnéis ar fáil maidir leis na teagmhálacha agus na cruinnithe a cláraíodh agus a doiciméadaíodh i gClár Trédhearcachta na Gníomhaireachta in 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú go rialta don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme agus úsáid na huirlise sin;

38.

ag meabhrú chinneadh an Ombudsman Eorpaigh san fhiosrúchán a rinne sé ar a thionscnamh féin maidir le hoibleagáidí um chearta bunúsacha; á mheabhrú, thairis sin, go bhfuil oibleagáid ar an nGníomhaireacht trédhearcacht réamhghníomhach a áirithiú mar a shonraítear in Airteagal 114(2) de Rialachán (AE) 2019/1896; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí uile an Ombudsman Eorpaigh a chur chun feidhme; ag athdhearbhú a mholta go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cód iompair nua a fhorbairt agus a chur chun feidhme lena n-áiritheofar trédhearcacht iomlán agus dea-bhainistiú agus go gcoinneoidh an Ghníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas faoin dul chun cinn atá á dhéanamh i ndáil leis sin;

39.

á chur i bhfáth gur chinn an tOmbudsman Eorpach go raibh an drochriarachán ar thaobh na Gníomhaireachta i ndáil lena cleachtas le déanaí maidir le rochtain ar dhoiciméid ina cinneadh an 15 Nollaig 2022 i gCásanna 1261/2020 agus 1361/2020;

40.

ag admháil nóta faisnéise an 27 Meitheamh 2022 ón nGníomhaireacht maidir le gníomhaíochtaí a rinne lucht bainistíochta na Gníomhaireachta le linn na hidirthréimhse, go háirithe na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige na nósanna imeachta is gá don dea-rialachas agus don chuntasacht a neartú san eagraíocht, trí thrédhearcacht, cumarsáid réamhghníomhach agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha a fheabhsú; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón nGníomhaireacht maidir le faisnéis oibríochtúil a thabhairt don phobal faoina gníomhaíochtaí oibríochtúla ar bhealach cuimsitheach; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, tiomantas na Gníomhaireachta na moltaí a thíolaic an tOifigeach um Chearta Bunúsacha agus an Fóram Comhairliúcháin don bhord bainistíochta a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin; á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht a trédhearcacht ar deireadh maidir lena Laethanta Tionsclaíochta, trí thuarascálacha leantacha a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta ina gcuirtear faisnéis ar fáil faoi chuideachtaí atá rannpháirteach sna Laethanta Tionsclaíochta agus faoina gcur i láthair;

41.

ag tabhairt dá haire go bhfuarthas torthaí ar chur i bhfeidhm bhearta agus threoirlínte na Gníomhaireachta maidir le sceithireacht; á admháil gur thuairiscigh baill foirne in 2021 cás amháin de ghníomhaíocht chalaoiseach agus dhá chás de chiapadh líomhnaithe; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil ceann amháin de na trí chás dúnta, agus go bhfuil an dá chás eile fós ar leibhéal an mhisin aimsiúcháin fíoras; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go dtabharfar na daoine freagracha chun cuntais, agus an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis an toradh agus na céimeanna breise a glacadh i ndáil leis na trí chás sin;

42.

á athdhearbhú nach mór trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaithe a bheith ag gabháil leis na hinniúlachtaí agus na hacmhainní feabhsaithe a leithdháiltear ar an nGníomhaireacht, chomh maith le hurraim iomlán do chearta bunúsacha agus do chosaint na gceart sin; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go mbaineann an Ghníomhaireacht úsáid as Clár Trédhearcachta agus ag tabhairt dá haire go bhfuil tús áite tugtha ag an mbord bainistíochta agus ag an mbainistíocht feidhmiúcháin araon d’iarrachtaí chun socruithe ionracais agus cuntasachta a fheabhsú tuilleadh ar an leibhéal tras-Ghníomhaireachta; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici ina leith sin gur bunaíodh Acmhainneacht um Iniúchadh Inmheánach agus gur glacadh Cairt Iniúchóireachta Inmheánaí in 2022; á athdhearbhú go bhfuil díomá mhór uirthi mar gheall ar chuntas teiste na Gníomhaireachta faoi cheannaireacht an stiúrthóra feidhmiúcháin a bhí ann roimhe sin maidir le cuntasacht, trédhearcacht agus urraim do chearta bunúsacha a bhí ag gníomhú mar stiúrthóir feidhmiúcháin i rith na bliana 2021 agus nár éirigh as go dtí an 29 Aibreán 2022; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a chuir an lucht bainistíochta feidhmiúcháin ad-interim in iúl i dtaobh aghaidh a thabhairt go hiomlán ar na saincheisteanna sin; á chur i bhfáth go bhfuil cuntasacht agus trédhearcacht den sórt sin, agus comhlíonadh na gceart bunúsach, bunriachtanach sa mheastóireacht i dtreo urscaoileadh a dheonú don Ghníomhaireacht don bhliain airgeadais faoi seach;

Rialú inmheánach

43.

ag tabhairt dá haire go raibh an córas rialaithe inmheánaigh éifeachtach go páirteach in 2021, dar leis an measúnú a rinne an Ghníomhaireacht; ag athlua na himní a chuir an bord bainistíochta in iúl nach raibh ach dhá réimse, as na 17 réimse a ndearnadh measúnú orthu, saor ó easnaimh arna sainaithint; á chur in iúl thairis sin gur cúis bhuartha di gur sainaithníodh móreasnaimh i ndáil le réimse 5 (‘daoine aonair á dtabhairt chun cuntais i dtaobh a bhfreagrachtaí rialúcháin inmheánaigh maidir le cuspóirí a shaothrú’) agus le réimse 10 (‘Roghnú agus forbairt gníomhaíochtaí rialúcháin lena rannchuidítear le rioscaí a mhaolú maidir le cuspóirí a bhaint amach ar leibhéil inghlactha’); á chur in iúl gur geal léi 15 ghníomhaíocht feabhsúcháin na Gníomhaireachta chun na rialuithe a neartú sna réimsí inar sainaithníodh easnaimh rialúcháin; ag tabhairt dá haire go n-éilítear le ceithre ghníomhaíocht díobh sin gur gá feabhsú leanúnach a dhéanamh agus go bhfuil ceithre ghníomhaíocht eile idir lámha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta;

44.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chláraigh an Ghníomhaireacht méid mór teagmhais neamhchomhlíontachta i réimse na gconarthaí agus, go háirithe, bainistiú deontas; á chur in iúl gur oth léi gur tháinig méadú ar líon na ndialltaí (eisceachtaí agus teagmhais neamhchomhlíontacha) agus ar an luach a bhaineann leo sin go háirithe ó 106 in 2020 go 159 in 2021 agus ó EUR 10,2 milliún in 2020 go EUR 21,3 milliún in 2021, faoi seach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ionann réimse an bhainistithe deontas in 2021 agus 72 % den mhéid sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur cláraíodh in 2021 ocht ndiall lenar ghabh méid níos mó ná EUR 1 mhilliún;

45.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil moilleanna ar chur chun feidhme 12 mholadh ón tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach maidir le bainistiú conarthaí, rialachas TF agus bainistiú tionscadal, bainistiú agus pleanáil agus leithdháileadh acmhainní daonna; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na heasnaimh sin a cheartú a luaithe is féidir, le cúnamh ón gCoimisiún más gá, agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn maidir leis an ábhar sin;

46.

ag meabhrú an mholta ón gCúirt gur cheart don Ghníomhaireacht beartas um poist íogaire a ghlacadh agus a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go dtuairiscíonn an Ghníomhaireacht go bhfuil bailchríoch á cur ar dhréacht an bheartais sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an moladh sin a chur chun feidhme a luaithe is féidir;

47.

ag tabhairt dá haire gur ann do na barúlacha ón gCúirt maidir le laigí rialúcháin inmheánaigh na Gníomhaireachta i réimsí na nósanna imeachta earcaíochta, na nósanna imeachta soláthair agus i ndáil le cumhachtaí a tharmligean chuig oifigigh údarúcháin trí tharmligean nó trí fho-tharmligean; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do na freagraí ón nGníomhaireacht ar thorthaí na Cúirte agus ar na bearta a cuireadh chun feidhme cheana; á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Ghníomhaireacht treoracha níos soiléire do chomhaltaí an choiste roghnúcháin i mí Eanáir 2022 lena n-áirithítear measúnú níos comhsheasmhaí agus nósanna imeachta comhchuibhithe; á iarraidh ar an tSeirbhís um Iniúchadh Inmheánach nósanna imeachta nuashonraithe earcaíochta na Gníomhaireachta a áireamh ina hiniúchtaí amach anseo;

48.

á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach bearta chun feabhas a chur ar an nós imeachta tabhairt ar aghaidh chun tabhairt anonn neamhrialta a chosc; á chur in iúl gur geal léi thairis sin an comhaontú maidir le seirbhísí airgeadais na Gníomhaireachta a rannpháirtiú sa phróiseas tabhairt ar aghaidh, an feabhas atá beartaithe ar an oiliúint a chuirtear ar oifigigh údarúcháin trí tharmligean, chomh maith le Cumas Iniúchta Inmheánaigh a bhunú sa Ghníomhaireacht;

Digitiú agus an t-aistriú glas

49.

ag moladh aidhm na Gníomhaireachta an inbhuaine a chomhtháthú tuilleadh ina gníomhaíochtaí oibríochtúla, anailíseacha, eolaíocha agus riaracháin; ag tabhairt dá haire gur ann don mheasúnú dearfach ar thaithí na Gníomhaireachta maidir le soláthar poiblí glas, tar éis treoirlínte a thabhairt isteach sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi gur roghnaigh an Ghníomhaireacht, mar a mhol an t-údarás um urscaoileadh, dea-chleachtais agus ceachtanna a foghlaimíodh a chomhroinnt le gníomhaireachtaí eile; á chur in iúl gur geal léi ina theannta sin na gníomhaíochtaí múscailte feasachta maidir le soláthar glas; ag tabhairt dá haire go spreagtar eintitis na Gníomhaireachta i gcónaí chun critéir agus réitigh ghlasa a úsáid sa soláthar poiblí;

50.

ag tabhairt dá haire go raibh an Ghníomhaireacht i mbun Uachtaránacht Líonra na nGníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile (JHAAN), ina bhfuil naoi ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais, in 2021; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta féachaint ar chomhar i measc ghníomhaireachtaí CGB, trí sheimineáir agus gníomhaíochtaí oiliúna i réimse an athraithe aeráide, coireanna comhshaoil, neodracht charbóin chorparáideach agus bheartais an Chomhaontaithe Ghlais; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur gheall JHAAN sraith gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú leis an gcomhshaol agus chun coireacht chomhshaoil a chomhrac; ag moladh gur shínigh JHAAN Ráiteas Comhpháirteach maidir leis an gComhaontú Glas don Aontas Eorpach lena ngealltar go gcloífidh sé leis na cuspóirí beartais Eorpacha a bhaineann leis an gcreat sin agus go dtacóidh sé leis an Aontas agus leis na Ballstáit ina gcur chun feidhme;

51.

á chur in iúl gur geal léi bearta éagsúla na Gníomhaireachta chun tionchar a cuid gníomhaíochtaí ar an gcomhshaol a laghdú, lena n-áirítear trí réitigh dhigiteacha le haghaidh scaipeadh doiciméad gan pháipéar, sreabhadh oibre gan pháipéar le haghaidh idirbhearta airgeadais, uirlisí ríomhfhoghlama le haghaidh gníomhaíochtaí oiliúna nó cianchruinnithe; á chur in iúl go dtuigeann sí gurb é sprioc na Gníomhaireachta, ar a bealach i dtreo na neodrachta carbóin, sonraí a bhailiú maidir leis an lorg carbóin agus an tomhaltas carbóin in aghaidh an duine; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht staidéar dar teideal The Green Deal and the European Border and Coast Guard [An Comhaontú Glas agus an Garda Teorann agus Cósta Eorpach] chun an inbhuaine comhshaoil a leabú i bpróisis, beartais agus oibríochtaí uile na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht torthaí an staidéir sin agus an obair leantach ina leith a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

52.

á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Gníomhaireachta go nglacfaí a Straitéis Chibearshlándála lena dtugtar aghaidh ar na gníomhaíochtaí nach mór a dhéanamh chun athléimneacht i gcoinne bagairtí cibearshlándála a mhéadú agus chun taifid dhigiteacha na Gníomhaireachta a chosaint; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, sa réimse sin na bearta is tábhachtaí a cuireadh chun feidhme in 2021, lena n-áirítear an cumas feabhsaithe faireacháin slándála, cumas bainistithe leochaileachta TFC agus an teicneolaíocht um Brath agus Freagairt Críochphointe; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Ghníomhaireacht Rialacha Slándála Frontex, Creat Bainistíochta Faisnéise agus Straitéis TFC Frontex, 2022-2027; ag tabhairt dá haire thairis sin go bhfuil sé beartaithe ag an nGníomhaireacht Lárionad Oibríochtaí Slándála 24/7 le haghaidh oibríochtaí cibearshlándála a chur chun feidhme;

53.

ag tabhairt dá haire go bhfuil dlúthnasc idir straitéis na Gníomhaireachta le haghaidh gnóthachain éifeachtúlachta agus cur chun feidhme uirlisí éagsúla TF; á chur in iúl gur geal léi nuachóiriú ailtireacht líonra EU-RESTRICTED EUROSUR, an tacaíocht dhigiteach leathnaithe a chuirtear ar fáil d’fhoireann na Gníomhaireachta agus imscaradh buanchór atá próifílithe go digiteach chun taithí a fháil ar thacaíocht lasmuigh den láthair a chur ar fáil i réimsí oibríochtúla; á iarraidh go ndéanfaí SYSPER a chomhtháthú go hiomlán i mbainistiú na Gníomhaireachta ar a hacmhainní daonna;

54.

ag moladh iarrachtaí agus dhul chun cinn na Gníomhaireachta i réimse an digitiúcháin a bhaineann le filleadh, go háirithe maidir le nuashonruithe ar shamhail tagartha RECAMAS, eisiúintí nua de chuid chórais eitiltí FAR agus FAR Charter agus bailiú leanúnach sonraí staidrimh trí chóras IRMA;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

55.

á chur in iúl gur geal léi gur glacadh plean leanúnachais gnó na Gníomhaireachta (BCP); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir le cur chun feidhme a plean leanúnachais gnó;

56.

ag moladh iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta dul in oiriúint do na dálaí athraitheacha i gcomhthéacs an tríú agus an ceathrú ráig den phaindéim, lena n-áirítear trí chleachtais inmheánacha nuashonraithe amhail sreafaí oibre gan pháipéar, údaruithe ar líne nó cruinnithe fíorúla; ag admháil ról ríthábhachtach na cille géarchéime, a cruthaíodh tar éis ráig thosaigh na paindéime, chun tacú leis an lucht bainistíochta feidhmiúcháin sa chinnteoireacht chun leanúnachas gnó a áirithiú, chun an cur isteach ar oibríochtaí na Gníomhaireachta a íoslaghdú agus chun timpeallacht oibre shábháilte a áirithiú;

57.

á chur in iúl gur geal léi gur chruthaigh an Ghníomhaireacht treoirlínte maidir le sláinte agus sábháilteacht in oibríochtaí um fhilleadh le linn paindéimí nó ráigeanna, arb é is aidhm dóibh a áirithiú go leanfar go sábháilte d’oibríochtaí um fhilleadh i gcásanna den sórt sin;

Barúlacha eile

58.

ag tabhairt dá haire tiomantas na Gníomhaireachta comhlíonadh na gceart bunúsach, maidir lena gníomhaíochtaí, a shainiú agus a oibríochtú trí Straitéis um Chearta Bunúsacha agus an Plean Gníomhaíochta um Chearta Bunúsacha (FRAP) a ghlacadh in 2021; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Gníomhaireachta faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme FRAP; á iarraidh ar an nGníomhaireacht nuashonrú a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme FRAP; á chur i bhfáth go bhfuil rath na Straitéise um Chearta Bunúsacha ag brath ar a cur chun feidhme, agus go bhfuil torthaí thuarascáil OLAF, a bhaineann freisin leis an mbliain airgeadais 2021; a léiriú ar an ábhar sin (a) gur coisceadh ar an Oifigeach rochtain a fháil ar fhaisnéis oibríochtúil, contrártha d’fhorálacha Rialachán (AE) 2019/1896, agus (b) go ndearna bainistíocht feidhmiúcháin na Gníomhaireachta roimhe sin neamhaird de bhaill foirne a bhí i mbun a bpoist agus a thuairiscigh ar theagmhais um Chearta Bunúsacha; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil FRO rannpháirteach ó shin i leith agus go dtéitear i gcomhairle leis maidir leis na comhaid ábhartha uile agus go bhfuil cruinnithe rialta aige leis an mbainistíocht feidhmiúcháin agus leis an bhFóram Comhchomhairleach; ag tabhairt dá haire gur cruthaíodh líonra pointí fócasacha um chearta bunúsacha in eintitis uile na Gníomhaireachta chun saineolas ar chearta bunúsacha a fhorbairt i ngach réimse gníomhaíochta; ag admháil go bhfuil ról tábhachtach ag FRManna, lena n-áirítear an rochtain atá acu ar na réimsí oibríochtúla agus dlúthchomhar le foireann oibríochtúil na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, mar sin féin, go bhfuil níos lú ná 20 ball foirne ag oifig an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, in ainneoin an mhéadaithe atá ag teacht ar an líon foirne atá i bplean earcaíochta na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí na hacmhainní iomchuí a thabhairt d’oifig an Oifigigh um Chearta Bunúsacha chun a gníomhaíochtaí faoi seach a chur i gcrích; ag admháil, thairis sin, gur ann do chinneadh na Gníomhaireachta lena leagtar síos rialacha don stiúrthóir feidhmiúcháin agus don bhord bainistíochta chun an Fóram Comhchomhairleach a chur ar an eolas faoin obair leantach ar a chuid moltaí agus chun a áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht maidir le moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha; ag dréim leis go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha, mar a leagtar amach iad ina tuarascáil bhliantúil, 2021, a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a áirithiú go gcomhroinnfear leis an údarás um urscaoileadh moltaí an Oifigigh um Chearta Bunúsacha agus an Fhóraim Chomhchomhairligh arna gcur faoi bhráid an bhoird bainistíochta;

59.

á athdhearbhú go bhfuil torthaí thuarascáil OLAF teoranta do mhí-iompar agus do neamhchomhlíonadh nósanna imeachta ag daoine aonair; á aithint go ndearna an Ghníomhaireacht obair luachmhar chun ról an FRO a neartú, ach nach ndearna an Ghníomhaireacht anailís níos doimhne fós chun a áirithiú nach bhfuil aon fhadhbanna struchtúracha ann; á athdhearbhú, i ndáil leis sin, gur gá (i) anailís a dhéanamh ar sheiceálacha agus ceartúcháin inmheánacha, ós rud é gur ligeadh do mhí-iompar a rinne daoine aonair leanúint ar aghaidh rófhada, (ii) faireachán a dhéanamh ar chaidreamh na Gníomhaireachta leis na Ballstáit, ós rud é go léiríonn torthaí OLAF gur chuir Ballstáit brú ar ghardaí cósta agus gur cheil siad brúnna siar, rud a chuireann dúshlán roimh obair na Gníomhaireachta thar an gceannaireacht roimhe seo, agus (iii) meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm leanúnach Airteagal 46 de Rialachán (AE) 2019/1896, mar a léirítear le cinneadh na Gníomhaireachta láithreacht sa Mhuir Aeigéach a mhéadú, in ainneoin tuarascálacha ó na meáin agus torthaí OLAF, go léirítear sáruithe leanúnacha ar chearta bunúsacha sa réimse sin;

60.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ó mhí Dheireadh Fómhair 2021, a thuairiscíonn an Ghníomhaireacht go rialta don bhord bainistíochta maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme na moltaí ón Ombudsman Eorpaigh, ón Meitheal um Chearta Bunúsacha agus ó Ghnéithe Dlíthiúla agus Oibríochtúla d’Oibríochtaí sa Mhuir Aeigéach agus ón Meitheal um Ghrinnscrúdú Frontex i bParlaimint na hEorpa (FSWG); á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuarascáil a thabhairt freisin don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn i dtaobh chur chun feidhme na moltaí sin;

61.

ag meabhrú na conclúide ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) nach bhfuil cinntí um fhilleadh arna n-eisiúint ag údaráis na hUngáire ag luí le Treoir 2008/115/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht staonadh ó pháirt a ghlacadh in aon oibríochtaí atá ar neamhréir le dlí an Aontais; ag tabhairt dá haire gur ann don fhreagra ón nGníomhaireacht go chuir sí fíoruithe i gcrích agus gur tháinig sí ar an gconclúid nach raibh baint riamh aici le fillteacha a bhaineann le reachtaíocht na hUngáire a mheasann CBAE a bheith ar neamhréir le dlí an Aontais (Gníomh náisiúnta HU LXXXIX de 2007 agus Gníomh LVIII de 2020); á chur i bhfáth, más mian leis an nGníomhaireacht tús nua a dhéanamh lena n-áirítear tiomantas athnuaite don trédhearcacht, gur cheart di tuilleadh soiléireachta agus trédhearcachta a sholáthar sna cásanna sin; ag tabhairt dá haire go ndeir an Ghníomhaireacht go ceanglaíonn sí ar an Ungáir séantaí speisialta a dheimhniú maidir le gnéithe nós imeachta nuair a bhíonn tacaíocht ón nGníomhaireacht á hiarraidh aici, á áirithiú go ndéanann an Ghníomhaireacht a dícheall a áirithiú go bhfuil na nósanna imeachta uile um fhilleadh a dtacaíonn sí leo san Ungáir i gcomhréir go hiomlán le creat dlíthiúil ábhartha an Aontais maidir le filleadh agus tearmann; á thabhairt dá haire freisin gur mhéadaigh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí faireacháin ar chinntí um fhilleadh de chuid na hUngáire agus gur neartaigh sí comhairliúchán agus comhar leis an Oifig um Chearta Bunúsacha maidir leis an Ungáir; á chur i bhfáth nach bhfuil nósanna imeachta ach chomh héifeachtach lena gcur chun feidhme, agus gur cúis imní ar leith é sin i bhfianaise staid ghinearálta an smachta reachta san Ungáir;

62.

á chur i bhfáth gur foláir dlúthbhaint a bheith ag rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na Gníomhaireachta i ngníomhaíochtaí bainistíochta teorann agus faireachais teorann le sáruithe ar chearta bunúsacha a chosc agus a chomhrac, agus le comhlíonadh phrionsabal an non-refoulement a chinntiú, i gcomhréir le acquis an Aontais; á iarraidh ar bhord bainistíochta na Gníomhaireachta struchtúir mhaoirseachta inmheánacha a neartú tuilleadh, agus á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé athbhreithniú agus rialú leanúnach a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na foirne bainistíochta, chun aon staideanna míbhainistíochta a shainaithint agus a réiteach go tráthúil, chomh maith leis na gnáth-nósanna imeachta oibríochta a chur chun feidhme chun maoiniú ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a tharraingt siar, nó gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh, nó gan iad a sheoladh i gcásanna ina n-eascraíonn rioscaí den sórt sin;

63.

ag tabhairt dá haire gur ann do na cinntí ó bhord bainistíochta na Gníomhaireachta in 2021 lena nglactar rialacha cur chun feidhme maidir le rialacha próiseála sonraí pearsanta; á mheabhrú gur eisigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) tuairimí maidir le rialacha próiseála sonraí na Gníomhaireachta agus, dá bhrí sin, go ndearna an Ghníomhaireacht na cinntí ábhartha ón mbord bainistíochta a athdhréachtú chun comhlíonadh iomlán rialacha cosanta sonraí an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn ar an ábhar sin; á iarraidh, thairis sin, ar an nGníomhaireacht tuairim a iarraidh ar MECS mar thoradh ar chinntí athbhreithnithe an bhoird bainistíochta maidir leis na rialacha próiseála sonraí;

64.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann do thuarascálacha sna meáin maidir le mí-iompar líomhnaithe i leathnú an chláir Próiseála Sonraí Pearsanta le haghaidh Anailís Riosca; ag tabhairt dá haire, ón bhfreagra a thug an Ghníomhaireacht, gur cuireadh an tionscadal chun feidhme idir 2015 agus 2017, ionas gurbh fhéidir leis an nGníomhaireacht na cumais is gá a fhorbairt chun sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le hAirteagal 11c de Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb é seasamh na Gníomhaireachta nach raibh á bpróiseáil aici ach na sonraí pearsanta oibríochtúla ó amhrastaigh i ndáil le coireacht trasteorann agus sceimhlitheoireacht, nár thosaigh sí ar shonraí pearsanta íospartach agus finnéithe a phróiseáil; á athdhearbhú gur cúis mhór imní di na tuairiscí gur thug an tOifigeach Cosanta Sonraí rabhadh arís agus arís eile go sáródh an leathnú sonraí sin dlí an Aontais, ach gur roghnaigh an Ghníomhaireacht neamhaird a thabhairt ar an gcomhairle sin ar dtús; ag tabhairt dá haire gur ann do chinntí 56/2021, 68/2021 agus 69/2021 ón mbord bainistíochta, ar thuairimí MECS a fháil maidir le rialacha cosanta sonraí na Gníomhaireachta, agus dá chionn sin go n-ullmhóidh Oifigeach Cosanta Sonraí na Gníomhaireachta Plean Gníomhaíochta chun moltaí MECS a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aghaidh a thabhairt ar an staid sin agus comhlíonadh iomlán rialacha cosanta sonraí an Aontais a áirithiú, dul i gcomhairle go rialta le MECS maidir le stádas agus dul chun cinn an athchóiriúcháin agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin gcéanna;

65.

á chur in iúl gur saoth léi go mór an mhoill fhada maidir le rochtain a dheonú ar FPEnna chomh maith le comhaltaí den lucht ardbhainistíochta agus an tOifeagach um Chearta Bunúsacha ar thuarascáil OLAF; á mheabhrú go bhfuiltear ag súil go gcuirfear dhá thuarascáil chríochnaitheach bhreise OLAF i láthair i ndáil leis an nGníomhaireacht; cé go n-aithnítear go bhféadfadh torthaí thuarascáil OLAF a bheith ina ábhar leasa don phobal, á éileamh go bhfoilseofar an tuarascáil rúnda faoi chuimsiú Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), go n-urramófar rúndacht an imscrúdaithe arna dhéanamh ag OLAF chomh maith le cearta dlisteanacha na ndaoine lena mbaineann, lena n-áirítear a gcearta cosanta sonraí; ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh rochtain láithreach ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ar na tuarascálacha críochnaitheacha sin nuair a bheidh siad tugtha chun críche, mar aon le foireann feidhmiúcháin uile na Gníomhaireachta ar gá dóibh rochtain a fháil ar na tuarascálacha sin chun trédhearcacht agus cuntasacht na Gníomhaireachta a áirithiú, agus chun buiséad na Gníomhaireachta a chur chun feidhme i gceart amach anseo;

66.

ag tabhairt dá haire gur diúltaíodh an t-urscaoileadh laistigh den timthriall roimhe sin de bharr na bhfadhbanna a sainaithníodh trí thuairiscí ó na meáin, de bharr chonclúidí FSWG agus de bharr fhionnachtana thuarascáil OLAF; á thabhairt chun suntais go bhfuil próiseas aistriúcháin ar siúl ag an nGníomhaireacht faoi láthair, tar éis dá hiarstiúrthóir feidhmiúcháin éirí as oifig, i bhfianaise imscrúdú OLAF ar mhíbhainistiú na Gníomhaireachta; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na gníomhaíochtaí éagsúla a rinne an lucht bainistíochta ad-interim chun a ghníomhaíochtaí agus a chaighdeáin a fheabhsú; ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici go ndeachthas, leis na gníomhaíochtaí sin, i ngleic le saincheisteanna bainistíochta buiséadacha agus airgeadais amhail soiléiriú i dtaobh na dtarmligeanacha agus fo-tharmligeanacha le haghaidh oifigí um údarú íocaíochtaí, urraim níos mó do chearta bunúsacha trí chomhar institiúideach feabhsaithe idir an lucht bainistíochta feidhmiúcháin ad-interim agus FRO, chomh maith leis na hathruithe i gcultúr an lucht bainistíochta trí aistriú infheicthe i dtreo an dílárúcháin, an tarmligin agus idirphlé feabhsaithe sa phróiseas cinnteoireachta; á chur in iúl gur geal léi go háirithe tiomantas an lucht bainistíochta ad-interim cultúr an lucht bainistíochta a athrú, oibriú i dtreo cultúr an tosta a bhriseadh, agus rannpháirtíocht chomhchoiteann á spreagadh i dtaca le saincheisteanna a réiteach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá tiomantas na hathchóirithe riachtanacha sin a chur chun feidhme go hiomlán, tar éis stiúrthóir feidhmiúcháin neamh-eatramhach a cheapadh freisin, agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta;

67.

á mheabhrú don Ghníomhaireacht go bhfuil sí cuntasach don Pharlaimint, agus go bhfuil sé beartaithe ag an bParlaimint a áirithiú go rannchuideoidh an Ghníomhaireacht le cur i bhfeidhm leanúnach agus aonfhoirmeach dhlí an Aontais, lena n-áirítear acquis an Aontais maidir le cearta bunúsacha, go háirithe Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; á thabhairt chun suntais, chun an sprioc sin a bhaint amach, go bhfuil gá le comhar feabhsaithe le bord bainistíochta na Gníomhaireachta trí thrédhearcacht, cuntasacht agus maoirseacht dhaonlathach na Gníomhaireachta a neartú;

68.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht dlús a chur lena hiarrachtaí maidir le faisnéis ábhartha feidhmíochta a thuairisciú do shaoránaigh an Aontais agus don phobal i gcoitinne i dteanga shoiléir agus inrochtana; ag tathant ar an nGníomhaireacht trédhearcacht agus cuntasacht phoiblí níos fearr a áirithiú trí úsáid a bhaint as cainéil na meán agus na meán sóisialta;

69.

ag tabhairt dá haire cinneadh an bhoird bainistíochta ag a chruinniú urghnách an 20 Nollaig 2022, Hans Leijtens a cheapadh ina stiúrthóir feidhmiúcháin nua ar an nGníomhaireacht; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun dlús a chur leis na hiarrachtaí leanúnacha agus na gníomhaíochtaí go léir is gá a dhéanamh chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán caighdeáin an Aontais, go háirithe i réimsí na bainistíochta buiséadaí agus airgeadais, na gceart bunúsach, cultúr na heagraíochta agus na trédhearcachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an athuair treochlár mionsonraithe a thíolacadh maidir leis an gcaoi a bhfuil sé beartaithe aici na hábhair imní atá fós gan réiteach a chomhlíonadh, mar aon le creat ama soiléir agus mionsonraithe do na gníomhaíochtaí sin, chomh maith le gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur i gcrích chun aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní go léir arna n-ardú ag an Ombudsman Eorpach, ag FSWG agus ag an bhFóram Comhairliúcháin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme go hiomlán, tar éis stiúrthóir feidhmiúcháin neamheatramhach a cheapadh freisin, agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn atá déanta;

70.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún an 10 Bealtaine 2023 (7) uaithi maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 112.

(2)  Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1052/2013 agus (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lch. 1.).

(3)  Anailís Riosca Straitéiseach Frontex 2022.

(4)   IO L 348, 24.12.2008, lch. 98.

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1168/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (IO L 304, 22.11.2011, lch. 1).

(6)  Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1.).

(7)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.