|
29.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 242/443 |
RÚN (AE) 2023/1935 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
an 10 Bealtaine 2023
ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,
|
— |
ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) don bhliain airgeadais 2021, |
|
— |
ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0138/2023), |
|
A. |
de bhrí, i gcomhréir lena ráiteas ginearálta ar ioncam agus ar chaiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 EUR 178 310 917, arb ionann é agus méadú 12,41 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta go príomha ó bhuiséad an Aontais; |
|
B. |
de bhrí go sonraíonn an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’), go bhfuil dearbhú réasúnta faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta foluiteacha dlíthiúil rialta; |
Bainistíocht buiséid agus airgeadais
|
1. |
Á thabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gurbh é an toradh a bhí ar iarrachtaí faireacháin buiséid le linn na bliana airgeadais 2021 ráta cur chun feidhme buiséid 98,72 %, arb ionann é agus laghdú 0,72 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é an ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 83,51 %, ag léiriú laghdú 1,58 % i gcomparáid le 2020; |
|
2. |
Á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil an bharúil ón gCúirt inar cuireadh i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin roimh an nGníomhaireacht maidir le híocaíochtaí déanacha, fós ar siúl; á chur in iúl go n-aontaíonn sí le tuairim na Cúirte go nochtar an Ghníomhaireacht do rioscaí clú leis an laige leanúnach sin; ag cur sonrú in iarrachtaí na Gníomhaireachta moilleanna íocaíochta a laghdú; ag moladh gurbh ionann an ráta íocaíochta déanaí agus 7,8 % in 2021 i gcomparáid le 32,8 % in 2020; á chur in iúl gur geal léi gealltanas na Gníomhaireachta uasmhéid 5 % de mhoilleanna íocaíochta a bhaint amach in 2022, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh ar tháscaire feidhmíochta ar bhonn míosúil agus trí ghníomhaíochtaí maolaithe eile; ag tabhairt faoi deara go bhfuil na leithreasuithe a bhaineann leis an mbuiséad reatha a tugadh anonn ó 2021 go 2022 ag leibhéal measartha ard arb ionann é agus 15,20 % nó EUR 25,7 milliún; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí agus aghaidh a thabhairt ar an ngné seo i lánchomhlíonadh phrionsabal na bliantúlachta; |
Feidhmíocht
|
3. |
Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go n-úsáideann an Ghníomhaireacht bearta áirithe mar eochairtháscairí feidhmíochta chun measúnú a dhéanamh ar an luach breise arna sholáthar lena gníomhaíochtaí agus le bearta eile chun a bainistiú buiséid a fheabhsú; á thabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht faireachán, in 2021, ar 44 tháscaire feidhmíochta chorparáideacha san iomlán, ar bhain 33 cinn díobh na spriocanna arna leagan amach nó a sháraigh iad; |
|
4. |
Ag moladh dul chun cinn na Gníomhaireachta i dtreo na cúig thosaíocht straitéiseacha ilbhliantúla atá leagtha síos i Straitéis Europol 2020+ a bhaint amach; ag cur sonrú go háirithe i mbunú Oifig SIRENE, cur i gcrích na tairsí um anailís sonraí d’anailís oibriúchúil, lena n-ionchorpraítear gnéithe nua chun cosaint sonraí a fheabhsú trí dhearadh, agus tacaíocht rialta na Gníomhaireachta do cheithre mhórthionscadal nuálaíochta Fís 2020; ag cur sonrú freisin i bhformhuiniú in 2021 den Phlean Cur Chun Feidhme le haghaidh Straitéis na Gníomhaireachta um Bainistiú Faisnéise a bhfuil sé mar aidhm leis ocht gcuspóir straitéiseacha a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí agus trí thascanna a ndéanfaidh an tAonad um Bainistiú Faisnéise nuachruthaithe faireachán orthu agus a dtuairisceoidh orthu go rialta; |
|
5. |
Ag cur sonrú san fhíoras gurbh ionann líon na n-oibríochtaí in 2021 agus 2 519, i.e. 9 % níos airde ná in 2020; ag cur sonrú fresin sna torthaí den scoth i réimsí éagsúla amhail úsáid EIS (Córas Faisnéise Europol) agus QUEST (Córas Fiosrúcháin Europol) inar taifeadadh níos mó ná 12 mhilliún cuardach in 2021, arb ionann é sin agus méadú 20 % i gcomparáid le 2020; ag cur sonrú sna measúnuithe dearfacha a thug úsáideoirí in 2021 sna suirbhéanna ar shástacht úsáideoirí a rinne an Ghníomhaireacht maidir le roinnt dá gníomhaíochtaí; |
|
6. |
Á chur in iúl gur geal léi gur thacaigh Lárionad Frithsceimhlitheoireachta na hEorpa (ECTC) in 2021 le 1 010 oibríocht san iomlán i réimse na frithsceimhlitheoireachta, méid atá i bhfad os cionn na sprice bliantúla a socraíodh ag 650; ag cur sonrú, i gcomhthéacs Chomhaontú an Chláir um Sceimhlitheoireacht agus a Maoiniú a Rianú leis na Stáit Aontaithe, gur iarr an tAontas 104 chuardach in 2021, i gcomparáid le 174 cuardach sa bhliain roimhe sin; |
|
7. |
Á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta faoi Chomhpháirtíocht na mBalcán Thiar i gcoinne na Coireachta agus na Sceimhlitheoireachta, go háirithe an chéad cheardlann anailíse ar riachtanais oiliúna oibríochtúla a reáchtáladh i Sairéavó, agus reáchtáladh cúrsa oiliúna réigiúnach ina dhiaidh sin a bhí dírithe ar mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac i mBúdaipeist, chomh maith le roinnt ceardlann agus seimineár gréasáin; |
|
8. |
Á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh trasteorann i réimse na frithsceimhlitheoireachta, eadhon na tionscnaimh sin leis na tíortha sna Balcáin Thiar agus tíortha sa Mheánoirthear agus san Afraic Thuaidh (MENA) agus sa Tuirc; ag cur sonrú go háirithe sna cruinnithe ECTC a d’eagraigh Ard-Stiúrthóireacht Imirce agus Gnóthaí Baile an Choimisiúin Eorpaigh le comhpháirtithe uile na mBalcán Thiar chun plé a dhéanamh ar an dul chun cinn agus ar an tuarascáil maidir le cur chun feidhme an phlean gníomhaíochta chomhpháirtigh maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht do na Balcáin Thiar; ag tabhairt dá haire go raibh ECTC i láthair ag roinnt ceardlanna, comhdhálacha agus cruinnithe arna n-eagrú ag toscaireachtaí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i réigiún MENA, ag Comhairle na nAirí Gnóthaí Baile Arabacha agus ag Tionscadal MENA Frithsceimhlitheoireachta; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint den chomhar trasteorann le tríú tíortha i réimse na frithsceimhlitheoireachta; |
|
9. |
Á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di go bhféachann an Ghníomhaireacht le dlúthchomhar a bhaint amach le comhlachtaí eile de chuid an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta chun leasanna slándála shaoránaigh uile an Aontais a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi comhar na Gníomhaireachta leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) in Oibríocht ‘Sentinel’, a bhí in éineacht le OLAF agus le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, in Oibríocht Sentinel i gcoinne calaois a bhaineann le cistí téarnaimh COVID-19 an Aontais, agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) ar bhealaí éagsúla, amhail trí sheisiúin oiliúna agus comhdhálacha; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint de naisc láidre a fhorbairt le hinstitiúidí ábhartha eile de chuid an Aontais; ag spreagadh na Gníomhaireachta féachaint ar bhealaí chun acmhainní nó baill foirne, nó an dá rud, a chomhroinnt maidir le cúraimí forluiteacha i measc gníomhaireachtaí eile a bhfuil gníomhaíochtaí comhchosúla acu, go háirithe CEPOL; |
|
10. |
Á chur in iúl gur geal léi bunú Líonra Saineolaithe Europol um Chosaint Sonraí, a úsáidtear mar bhealach chun tionscadail, dea-chleachtais agus imeachtaí a bhaineann le cosaint sonraí a chur i láthair i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí; |
|
11. |
Ag cur sonrú i gcomhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) in 2021, le méadú ar ghníomhaíochtaí maidir le réamhchomhairliúchán mar a cheanglaítear le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) (an ‘Rialachán Europol’); á thabhairt dá haire freisin go ndearnadh meastóireacht iomlán ar na gníomhaíochtaí uile agus gur cuireadh chun feidhme iad go hiomlán (seachas cur chun feidhme teicniúil amháin atá ar feitheamh) atá sa phlean gníomhaíochta a d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht mar obair leantach ar chinneadh MECS an 18 Meán Fómhair 2020 maidir le tacair sonraí mhóra chasta a phróiseáil; á thabhairt dá haire freisin go meastar 25 bhall foirne, arb ionann iad agus 3 % de lucht saothair na Gníomhaireachta, a bheith tiomanta d’iarrachtaí maidir le haghaidh a thabhairt ar mhaoirseacht ar chosaint sonraí agus ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le dearbhú; á thabhairt dá haire, mar sin féin, gur iarr MECS i mí Mheán Fómhair 2022 ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) dhá fhoráil den Rialachán leasaithe Europol a neamhniú; ag cur sonrú agus is maith léi i ngníomh a rinne na Ballstáit, na comhpháirtithe um chomhar oibríochtúil, agus an Ghníomhaireacht, i bhfianaise na hiarrata ó MECS go ndéanfadh CBAE dhá fhoráil a neamhniú, toisc nach ndearnadh aon iarraidh i ndáil leis na hAirteagail sin agus go bhfuil catagóir ábhar sonraí sannta idir an dá linn do gach ranníocaíocht a rinneadh roimh theacht i bhfeidhm Rialachán leasaithe Europol; |
|
12. |
Á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe gearán aonair amháin a cuireadh faoi bhráid MECS i gcoinne na Gníomhaireachta maidir le diúltú rochtain a thabhairt ar shonraí pearsanta; á thabhairt dá haire gur eisigh MECS cinneadh lenar n-ordaíodh don Ghníomhaíocht cloí le hiarratas an ábhair sonraí dhá bhliain i ndiaidh an gearán a thabhairt isteach tar éis na malartuithe idir MECS agus an Ghníomhaíocht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoi dhul chun cinn na staide sin agus a cuid oibleagáidí maidir le cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán; |
|
13. |
Á chur in iúl gur geal leis síniú meabhráin tuisceana leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, a chuideodh le comhlíonadh na gceart bunúsach ag an nGníomhaireacht a chinntiú; |
Beartas foirne
|
14. |
Ag tabhairt dá haire agus is mór aici gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, go raibh 99,80 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme agus go raibh 614 ghníomhaire shealadacha ceaptha as 615 ghníomhaire shealadacha a údaraíodh faoi bhuiséad an Aontais (mar an gcéanna le 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 214 ghníomhaire ar conradh agus 59 shaineolaí náisiúnta ar iasacht don Ghníomhaireacht in 2021, agus 235 agus 71 díobh údaraithe faoi seach; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Ghníomhaireacht idirdhealú idir ceithre chatagóirí de shaineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus trí chatagóir ann nach n-iompraíonn aon chostais nó a iompraíonn costais theoranta do bhuiséad na Gníomhaireachta agus arb ionann iad agus 91 dhuine eile, rud a fhágann gurb ionann líon iomlán na saineolaithe náisiúnta ar iasacht agus 150; |
|
15. |
Ag moladh ráta íseal folúntais na Gníomhaireachta arbh ionann agus 0,2 % in 2021, ráta atá i bhfad faoi bhun na sprice bliantúla d’uasráta folúntais de 2 %, chomh maith leis an laghdú ar an ráta iomlaoide foirne ó 10,9 % in 2020 go 6,9 % i 2021; ag tabhairt dá haire freisin go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán rialta ar na táscairí sin de réir spriocanna bliantúla; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil roinnt beart glactha ag an nGníomhaireacht chun rátaí arda iomlaoide foirne a chosc, amhail an fhéidearthacht chun gairm bheatha a chur chun cinn go hinmheánach, réimeas oibre solúbtha nó deiseanna oiliúna agus forbartha; ag aithint, mar sin féin, i gcás post srianta áirithe i réimse lárnach na hoibre um fhorghníomhú an dlí, gurb é naoi mbliana uasré an chonartha; |
|
16. |
Ag tabhairt dá haire gurb é an dáileadh inscne a tuairiscíodh do 2021 i gcás an lucht ardbhainistíochta agus an lucht meánbhainistíochta go raibh 83 % ina bhfir (29 bhfear agus 6 bhean), i gcás an bhoird bainistíochta, go raibh 79 % ina bhfir (44 fhear agus 12 bhean) agus i gcás na foirne iomláine go raibh 65 % ina bhfir (541 fhear agus 288 mbean); á chur in iúl gur cúis imní di laghdú ar chéatadán na mban i bpoist bhainistíochta, arbh ionann é agus 17 % in 2021 i gcomparáid le 21 % in 2020; ag aithint gurb ar na Ballstáit atá an fhreagracht cothromaíocht inscne a áirithiú laistigh de chomhaltaí an bhoird bainistíochta; á athdhearbhú a glao ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit dáileadh inscne níos cothroime a áirithiú ar leibhéal an bhoird bainistíochta, ar leibhéal lucht bainistíochta na Gníomhaireachta agus ar leibhéal na foirne amach anseo; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc na bainistíochta agus bhaill foirne na Gníomhaireachta; |
|
17. |
Ag cur sonrú i bhfreagra na Gníomhaireachta go raibh fiosrúchán riaracháin amháin ann in 2021 ar líomhaintí maidir le ciapadh i ndáil le cás coinbhleachta a bhain leis an obair; á thabhairt dá haire freisin gur tugadh an fiosrúchán riaracháin chun críche i mí an Mheithimh 2022 agus nach raibh aon chinneadh déanta faoin am a fuair an t-údarás urscaoilte freagra na Gníomhaireachta, an 16 Meán Fómhair 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir leis an gcinneadh agus maidir le bearta leantacha san ábhar sin; ag tabhairt dá haire freisin nár tugadh aon chás ciaptha a bhain le foireann na Gníomhaireachta os comhair cúirte in 2021; |
|
18. |
Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na 8 gcás traochta a thuairiscigh an Ghníomhaireacht in 2021; á mheabhrú, mar sin féin, gurb ionann é sin agus níos lú ná 1 % d’fhoireann iomlán na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire agus is mór aici go ndearna an Ghníomhaireacht roinnt beart coisctheach, lena n-áirítear comhairle cheirde maidir le sláinte agus stíl mhaireachtála a sholáthar, sceidil pháirtaimseartha ar chúiseanna leighis, seiceálacha um mheabhairshláinte, roghanna fleisc-ama nó cruinnithe tiomnaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhea-bhail na foirne; |
|
19. |
Á chur in iúl gur geal léi faomhadh straitéis maidir le Cearta an Duine 2020+ na Gníomhaireachta agus na straitéise um éagsúlacht agus cuimsiú; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi na hiniúchtaí ar éagsúlacht, ar chomhionannas agus ar chuimsiú, agus ar an athbhreithniú ar chreat eitice na Gníomhaireachta a rinne an cumas iniúchóireachta inmheánaí (IAC) in 2021; ag moladh chonclúidí dearfacha na n-iniúchóireachtaí sin; |
|
20. |
Ag tabhairt dá haire agus is mór aici go bhfuil sraith bhunúsach de mhodúil, mar aon leis an gcuid is mó de na modúil roghnacha, curtha i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht, tar éis córas bainistíochta acmhainní daonna SYSPER a scaoileadh chuig gach ball foirne ag an nGníomhaireacht; ag aithint go bhfuiltear ag leanúint ar aghaidh le modúil bhreise a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint le digitiú a cuid gníomhaíochtaí bainistíochta acmhainní daonna; |
An próiseas soláthair phoiblí
|
21. |
Á thabhairt dá haire gur shroich cur chun feidhme phlean soláthair bliantúil na Gníomhaireachta 79 % in 2021, lena n-áirítear 10 nós imeachta soláthair le haghaidh conarthaí os cionn EUR 15 000 ar luach iomlán EUR 58 314 000; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, gur tugadh conradh amháin dar luach EUR 405 000 i gcrích faoi nós imeachta idirbheartaithe gan fógra conartha a fhoilsiú roimh ré; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forálacha dlí go léir a bhaineann le tairseacha chun fógraí conartha a fhoilsiú a urramú go hiomlán; |
|
22. |
Á chur in iúl gur geal léi gur cuid de bheartas soláthair na Gníomhaireachta agus de straitéis an aonaid airgeadais é digitiú nósanna imeachta soláthair phoiblí; á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go n-úsáideann an Ghníomhaireacht uirlisí ríomhsholáthair amhail ríomhthógraí, ríomhaighneacht agus ríomhthairiscint, agus go mbaineann ríomhthairiscint le nósanna imeachta meánluacha amhail ó 2022; á thabhairt dá haire agus is díol sásaimh di go bhfuil an Ghníomhaireacht i mbun an uirlis bainistíochta um sholáthar phoiblí a ionduchtú, atá beartaithe lena himscaradh ó Eanáir 2023; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de dhigitiú a nósanna imeachta soláthair agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh faoin dul chun cinn atá déanta; |
|
23. |
Á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na Gníomhaireachta i 16 nós imeachta soláthair idirinstitiúideacha arna n-eagrú ag údaráis chonarthacha eile; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint de bheith rannpháirteach i nósanna imeachta den sórt sin chun éifeachtúlacht a fheabhsú agus chun barainneachtaí scála a bhaint amach; |
|
24. |
Ag moladh an fhíorais, de réir thuarascáil na Cúirte, go bhfuil gach gníomh leantach maidir le barúlacha na Cúirte ó bhlianta roimhe sin curtha i gcrích i réimse an tsoláthair agus na bainistíochta conarthaí; |
Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht
|
25. |
Ag tabhairt dá haire gur ann do bhearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha na Gníomhaireachta chun an trédhearcacht a thabhairt i gcrích, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a rialú, cosaint a thabhairt do sceithirí, agus ciapadh a chomhrac; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go ndéantar dearbhuithe maidir le leasanna agus CVanna de bhaill boird bainistíochta agus den ardbhainistíocht a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta; ag moladh na Gníomhaireachta go háirithe as a bheith i measc na naoi ngníomhaireacht a thug isteach a rialacha inmheánacha féin chun déileáil leis an easpa forálacha i ndlí an Aontais lena rialaítear gníomhaíochtaí chomhaltaí bhoird ghníomhaireachtaí, agus mar sin a chuaigh thar na híoscheanglais dhlíthiúla agus iad ag láimhseáil cásanna féideartha ‘dorais imrothlaigh’; |
|
26. |
Ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar dhá chás de choinbhleacht leasa féideartha i ndáil le duine sinsearach ar an bhfoireann a bheith ag gabháil do phost nua in áit eile; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, cinneadh na Cúirte nár eisigh an Ghníomhaireacht a cinneadh i gceann amháin de na cásanna sin laistigh den sprioc-am dá bhforáiltear in Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne agus gur údaraigh sí dá bhrí sin don duine lena mbaineann dul i mbun an phoist nua gan aon srianta; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta gur dheimhnigh measúnú ex post nach raibh an Ghníomhaireacht neamhchosanta ar chás de choinbhleacht leasa; á iarraidh, mar sin féin, ar an nGníomhaireacht forálacha uile Rialacháin Foirne a chomhlíonadh agus an creat dlíthiúil is infheidhme maidir le láimhseáil cásanna féideartha ‘dorais imrothlaigh’ agus an riosca gaolmhar de choinbhleachtaí leasa a chur i bhfeidhm ar bhealach cuimsitheach agus éifeachtach; |
|
27. |
Ag cur sonrú sna tuarascálacha faoin gcomhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus Frontex i réimse oibríochtaí na ngardaí teorann, go háirithe i bhfianaise na dtorthaí maidir le clár Frontex ‘Próiseáil Sonraí Pearsanta le haghaidh Anailís Riosca’. á mheabhrú gur cheart go mbeadh an comhar idir an Ghníomhaireacht agus gníomhaireachtaí CGB eile go hiomlán trédhearcach agus faoi réir creata leordhóthanaigh maoirseachta agus gur cheart cuntasacht a áirithiú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a dhéanamh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta an Aontais mar aon le cearta bunúsacha, go háirithe caighdeáin cosanta sonraí agus cuntasacht, lena n-áirítear agus í ag comhoibriú le gníomhaireachtaí agus comhpháirtithe CGB eile; á mheas, le nochtadh cruinnithe agus idirghníomhaíochtaí idir an Ghníomhaireacht agus tríú páirtithe, i gcás inar féidir iad sin a nochtadh gan dochar dá gníomhaíochtaí oibríochtúla, go rannchuidítear le trédhearcacht fheabhsaithe a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi ceapachán tapa oifigeach na Gníomhaireachta um chearta bunúsacha, post a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), lenar leasaíodh Rialachán Europol agus a tháinig i bhfeidhm an 28 Meitheamh 2022; |
Rialú inmheánach
|
28. |
Á thabhairt dá haire gur chríochnaigh Seirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí (IAS) an Choimisiúin a hiniúchadh ar bhainistíocht conartha na Gníomhaireachta agus gur eisigh sí ceithre mholadh atá marcáilte mar ‘thábhachtach’; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na bearta is gá a dhéanamh chun na moltaí sin a chur chun feidhme; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na moltaí oscailte go léir atá marcáilte mar ‘tábhachtach’ a d’eisigh IAS ó iniúchtaí roimhe seo ar bhainistíocht acmhainní daonna agus ar eitic agus ar shlándáil TF a chur chun feidhme go hiomlán agus an t-údarás urscaoilte a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; |
|
29. |
Ag tabhairt dá haire gurbh ann do chomhchodanna chreat na Gníomhaireachta um rialú inmheánach agus go raibh siad ag feidhmiú ar bhealach comhtháite ar fud na Gníomhaireachta agus gur laghdaíodh leis an gcóras um rialú inmheánach go héifeachtach, go leibhéal inghlactha, an riosca nach mbainfear amach cuspóirí bliantúla agus ilbhliantúla na Gníomhaireachta maidir le hoibríochtaí, tuairisciú agus comhlíonadh; ag cur sonrú sadul chun cinn maith atá déanta ag an nGníomhaireacht maidir leis an obair leantach ar mholtaí iniúchta IAC, le ráta cur chun feidhme 87 % de na moltaí criticiúla agus fíorthábhachtacha go léir a eisíodh ó 2015 (381 moladh san iomlán) agus a bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad in 2021; |
|
30. |
Á thabhairt dá haire gur chríochnaigh IAC trí fhostaíocht iniúchóireachta in 2021 ar thacaíocht oibriúchúil 24/7 na Gníomhaireachta, ar bhailíochtú cearta rochtana úsáideoirí arna ndeonú in ABAC agus ar fhóiréinsic doiciméid na Gníomhaireachta ar eisíodh 32 moladh, a bhfuil dhá cheann acu marcáilte mar ‘chriticiúil’ agus a bhfuil dhá cheann acu marcáilte mar ‘fhíorthábhachtach’; ag cur sonrú, agus é ina ábhar imní di, san iniúchadh IAC ar bhainistíocht sócmhainní na Gníomhaireachta agus eisíodh 39 moladh, a bhfuil 5 cinn acu marcáilte mar ‘chriticiúil’ agus a bhfuil 15 cinn acu mar ‘fhíorthábhachtach’; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAC a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama aontaithe agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta san ábhar seo; |
|
31. |
Ag cur sonrú sna ceithre mholadh ón gCúirt a rinne an Chúirt ina tuarascáil speisialta in 2021 maidir le héifeachtacht na Gníomhaireachta maidir le tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit chun smuigleáil imirceach a chomhrac; á iarraidh ar an nGníomhaireacht moltaí IAC a chur chun feidhme laistigh den tréimhse ama aontaithe agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta i ndáil leis sin; |
Digitiú agus an t-aistriú glas
|
32. |
Ag cur sonrú sna forbairtí éagsúla a bhaineann le TFC a rinne an Ghníomhaireacht in 2021 i réimsí an mhalartaithe faisnéise, an chuardaigh, na cros-seiceála agus an bhainistithe sonraí, agus chreidiúnaithe na gcóras faisnéise; ag cur sonrú, thairis sin, i ndul chun cinn na Gníomhaireachta i dtreo idir-inoibritheacht an Aontais agus i dtreo rochtain ar Chórais Mhórscála an Aontais, na bearta a glacadh chun cur le cibearshlándáil na Gníomhaireachta agus tionscnaimh eile amhail straitéis néal hibrideach na Gníomhaireachta a fhormhuiniú, roghnú uirlise le haghaidh aitheantais aghaidhe trí theicneolaíocht na bithmhéadrachta agus feidhmiú céimneach na huirlise ríomhshínithe do dhoiciméid inmheánacha; |
|
33. |
Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur fhulaing an Ghníomhaireacht dhá chibearionsaí maidir le diúltú dáilte seirbhíse ar a suíomh gréasáin poiblí in 2021; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, nach raibh de bharr na n-ionsaithe sin ach cur isteach is lú is féidir; |
|
34. |
Á mholadh don Ghníomhaireacht oibriú i ndlúthchomhar le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil agus leis an bhFoireann Phráinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh ar a bonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; ag moladh go ndéanfadh an Ghníomhaireacht cláir oiliúna ar an gcibearshlándáil, ar cláir iad a nuashonraítear go rialta, a thairiscint dá foireann uile; |
|
35. |
Ag moladh na Gníomhaireachta as na deimhnithe EMAS agus ISO 14001:2015 a bheith faighte aici in 2021; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Gníomhaireachta a cuid astaíochtaí CO2 a laghdú nó a fhritháireamh, ó leictreachas a cheannach ó fhoinsí atá 100 % in-athnuaite go bearta chun feasacht a ardú i measc na foirne; á thabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht breithnithe comhshaoil i bhfeidhm maidir le conarthaí os cionn EUR 15 000; ag tabhairt dá haire gur mór aici go ndéanann an Ghníomhaireacht faireachán ar a tionchar ar an gcomhshaol trí tháscairí comhshaoil a áirítear i dtuarascáil bhliantúil ar ghíomhaíochtaí na Gníomhaireachta; |
Leanúnachas gnó feadh na géarchéime COVID 19
|
36. |
Ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur lean foireann bainistithe géarchéime na Gníomhaireachta in 2021 d’éifeachtaí na paindéime COVID-19 a bhainistiú, trí threoir ar na céimeanna le leanúint agus nuashonruithe rialta don fhoireann a sholáthar; á thabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, gur ghá roinnt gníomhaíochtaí a éilíonn láithreacht fhisiciúil a chur ar athló nó a chur ar ceal, agus gur fhan an teilea-obair mar ghnáthchleachtas don chuid is mó den fhoireann neamhoibríoch; á chur in iúl gur geal léi faomhadh anailís na Gníomhaireachta maidir le tionchar ar ghnó lena n-áirítear na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim COVID-19 agus ón teagmhas maidir le briseadh cumhachta ó 2020; |
Barúlacha eile
|
37. |
Ag cur sonrú sna méadrachtaí feabhsaithe in 2021 maidir le láithreacht na Gníomhaireachta sna meáin ghréasánbhunaithe ardtionchair agus líon na gcuairteoirí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta, chomh maith lena hiarrachtaí chun a infheictheacht phoiblí a mhéadú trí agallaimh agus preaseisiúintí; ag spreagadh na Gníomhaireachta leanúint dá cuid oibre, taighde agus gníomhaíochtaí; |
|
38. |
Á iarraidh ar an nGníomhaireacht díriú ar thorthaí a chuid oibríochtaí a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, iarrachtaí reatha na Gníomhaireachta a cuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn; |
|
39. |
Ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí. |
(1) IO C 162, 13.4.2022, lch. 16.
(2) Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
(3) Rialachán (AE) 2022/991 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794, a mhéid a bhaineann le comhar Europol le páirtithe príobháideacha, an phróiseáil a dhéanann Europol ar shonraí pearsanta chun tacú le himscrúduithe coiriúla, agus ról Europol maidir le taighde agus nuálaíocht (IO L 169, 27.6.2022, lch. 1).
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.