29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/352


RÚN (AE) 2023/1902 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0113/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis maidir le hioncam agus caiteachas (1), gurbh ionann buiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (an ‘Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021 agus EUR 105 774 716,82 arb ionann é sin agus méadú de 9,36 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta ó bhuiséad an Aontais agus ó ioncam oibríochtúil;

B.

de bhrí go luaitear i dtuarascáil na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (‘tuarascáil na Cúirte’) go bhfuil dearbhú réasúnach faighte aici go bhfuil cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta iontaofa agus go bhfuil na hidirbhearta is bun leis na cuntais dlíthiúil agus rialta;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici, gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí chun faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad i rith na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasaí faoi chomhair gealltanas na bliana reatha de 99,67 % a chur chun feidhme ar an mbuiséad, arb ionann é agus méadú beag de 0,78 % i gcomparáid le 2020 agus ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochta 97,32 % don bhliain reatha, arb ionann é agus méadú de 1,24 % freisin;

2.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici ón obair leantach a rinneadh i dtaca le hurscaoileadh 2020, go bhfuil ráta an-íseal d’íocaíochtaí déanacha 0,56 % in 2021 mar thoradh ar na bearta éagsúla a rinneadh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na n-íocaíochtaí déanacha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur baineadh amach in 2021 an dá sprioc de níos mó ná 95 % d’fhorghníomhú le haghaidh Leithreasuithe Faoi Chomhair Oibleagáidí agus cealú níos lú ná 5 % do Leithreasuithe Faoi Chomhair Íocaíochtaí;

Feidhmíocht

3.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht príomhtháscairí feidhmíochta (KPInna) chun cur chun feidhme a cláir oibre bhliantúil a thomhas sna príomhréimsí lena gcuireann an Ghníomhaireacht (Inbhuanaitheacht agus cúnamh teicniúil, Sábháilteacht, Slándáil, seirbhísí digiteacha agus Simpliú agus Faireachas), agus a gníomhaíochtaí cothrománacha; a thabhairt dá haire, in ainneoin na srianta leanúnacha a cruthaíodh le paindéim COVID-19, gur baineadh amach na cuspóirí a leagtar amach do 2021 ar an iomlán trí ardleibhéal cur chun feidhme an chláir oibre bhliantúil;

4.

ag tabhairt dá haire gur chomhoibrigh an Ghníomhaireacht leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil maidir le hanailís ar ghné chomhshaoil earnáil an mhuiriompair, rud a d’fhág gur foilsíodh an chéad Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol maidir le hIompar Muirí; ag tabhairt dá haire i bhfianaise a ngaireachta geografaí dá chéile, go gcomhoibríonn an Ghníomhaireacht le EMCDDA ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann don Chomhaontú Seirbhíse le EFCA maidir leis an sásra cúltaca don fheidhm chuntasaíochta;

5.

á chur in iúl gur geal léi, ó 2017 i leith, go bhfuil an socrú oibre tríthaobhach idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA) agus an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) ag feidhmiú go maith; á mheas gur sampla é an socrú de shineirge idir gníomhaireachtaí AE ar cheart dó gníomhaireachtaí i réimsí eile a spreagadh; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin agus á mheas gurb iomchuí an comhar idir an Ghníomhaireacht, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach a mhéadú freisin chun sonraí a bhailiú le haghaidh taighde eolaíoch ar éiceachórais mhuirí;

6.

Á chur in iúl gur geal léi go leanann an Ghníomhaireacht de dhá thionscadal comhair a chur chun feidhme le haghaidh cúnamh teicniúil le tríú tíortha sa Mheánmhuir (SAFEMEDIV) agus sa Mhuir Dhubh agus sa Mhuir Chaisp (BCSEA); á mheas gur sampla iad na tionscadail sin le tríú tíortha den chomhar chun sábháilteacht mhuirí, slándáil mhuirí agus caomhnú na muirthimpeallachta a fheabhsú, á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hiarrachtaí i ndáil leis sin agus comhar comhchosúil nua le tríú tíortha a mheas;

7.

á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Ghníomhaireacht fós ina comhpháirtí lárnach don Choimisiún agus do na Ballstáit maidir le caighdeáin sábháilteachta muirí a fhorbairt, agus le digiteáil agus simpliú loingseoireacht an Aontais; á mholadh go gcuireann an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil ar fáil freisin;

8.

á chur in iúl gur geal léi go háirithe go bhfuil méadú tagtha le himeacht na mblianta ar ról na Gníomhaireachta maidir le measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht slándála muirí AE, agus táthar ag súil go leanfaidh an t-éileamh ar thacaíocht don Choimisiún agus ar d’Údarás Faireacháin CSTE, de bheith ag méadú, agus an tosaíocht atá ag dul i méid ar leibhéal an Aontais á léiriú;

9.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an nGníomhaireachta maidir le faireachán a dhéanamh ar uiscí Eorpacha i gcomhar leis na Ballstáit chun doirteadh neamhdhleathach dramhaíola agus doirteadh féideartha ola a bhrath; á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá hacmhainní faireachais agus digiteacha a neartú d’fhonn truailliú neamhdhleathach uisce a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go ndéanann an Gníomhaireacht obair chun tacú le hiarrachtaí Cuardaigh agus Tarrthála na mBallstát;

Beartas foirne

10.

ag tabhairt dá haire, amhail an 31 Nollaig 2021, gur cuireadh 99,6 % den phlean bunaíochta i bhfeidhm, go raibh 210 oifigeach agus gníomhaire sealadach (GS) ceaptha as 212 oifigeach agus gníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 212 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire freisin, gur oibrigh 50 gníomhaire ar conradh don Ghníomhaireacht in 2021 agus 13 shaineolaí náisiúnta ar iasacht;

11.

ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur baineadh amach cothromaíochtinscne i measc chomhaltaí bhainistíocht shinsearach na Gníomhaireachta, gur mná iad 3 as 5 (60 %) díobh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, an easpa cothromaíochta inscne i measc chomhaltaí bhord bainistíochta na Gníomhaireachta, gur fir iad 47 as 65 (72 %) díobh; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, thairis sin, an easpa cothromaíochta inscne laistigh d’fhoireann fhoriomlán na Gníomhaireachta, gur fir iad 172 as 268 (64 %) díobh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sheol an Ghníomhaireacht an tionscnamh Líonra Luais go rathúil in 2021 chun deis a thabhairt do mhná a bhfuil spéis acu i bpost sa Ghníomhaireacht nó i ngairm san earnáil mhuirí i gcoitinne comhrá gearr neamhfhoirmiúil a dhéanamh le baill foirne ar mná iad; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát chun go gcuirfí i gcuntas an tábhacht a bhaineann le cothromaíocht inscne a áirithiú nuair a bhítear ag ainmniú a gcomhaltaí do bhord bainistíochta na Gníomhaireachta;

12.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le ciapadh síceolaíoch agus gnéaschiapadh a chosc, lena n-áirítear comhairleoirí rúnda chun tacú leis an bhfoireann chomh maith le seisiúin oiliúna agus feasachta rialta, agus faisnéis thiomnaithe maidir lena hinlíon;

Soláthar

13.

ag tabhairt dá haire gur tionscnaíodh 51 nós imeachta soláthair in 2021 (25 nós imeachta oscailte, 3 nós imeachta idirbheartaithe speisialta, 4 nós imeachta iomaíocha idirbheartaithe agus 19 nós imeachta idirbheartaithe ar luach an-íseal agus ar luach íseal) agus gur síníodh 65 chonradh san iomlán;

14.

ag tabhairt dá haire ón tuarascáil ón gCúirt gur leasaigh an Ghníomhaireacht 14 chonradh shonracha chun seirbhísí a sholáthar, agus gurbh ionann luach iomlán na leasuithe agus EUR 6,8 milliún, méadú 76 % ar luach tosaigh na gconarthaí, agus nach raibh na leasuithe sin i gcomhréir le hAirteagal 172(3)(d) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig na méideanna a íocadh in 2021 (EUR 5,4 milliún) mar thoradh ar chur i bhfeidhm na bpraghsanna aonaid a socraíodh sna creatchonarthaí faoi seach agus go raibh siad laistigh d’uasteorainn an chreatchonartha bunaidh, agus nár athraigh na leasuithe atá i gceist an chothromaíocht eacnamaíoch i bhfabhar an chonraitheora agus nach raibh saobhadh iomaíochta mar thoradh orthu, dá bhrí sin, nach ndearnadh difear do na híocaíochtaí a tháinig astu; ag tabhairt dá haire de réir fhreagra na Gníomhaireachta go bhfuil bearta déanta aici chun sonraíochtaí tairisceana agus teimpléid chonartha a bheidh ann amach anseo a leasú dá réir sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

15.

á aithint go n-úsáideann an Ghníomhaireacht dearbhuithe coinbhleachtaí leasa dá comhaltaí boird bainistíochta agus dá bainistíocht shinsearach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéantar dearbhuithe breise ar leith maidir le coinbhleachtaí leasa, amhail dearbhuithe ó chomhaltaí ar phainéil earcaíochta, a shíniú freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil roinnt beartas agus nósanna imeachta i bhfeidhm ag an nGníomhaireacht chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint, agus go bhfuil rialacha inmheánacha maidir le sceithireacht curtha chun feidhme aici, lena n-áirítear oiliúint rialta;

16.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici, go ndearna an Ghníomhaireacht a ‘Rialacha maidir le Clár Trédhearcachta EMSA’ a fhorbairt agus a chur chun feidhme i mí an Mhárta 2022, agus go bhfuil sí rannpháirteach sa chomhaontú idirinstitiúideach nuabhunaithe maidir le clár trédhearcachta éigeantach d’ionadaithe leasa, arna síniú ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint;

17.

á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleacht leasa, agus brústocaireacht neamhdhleathach; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánacha a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

18.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh iniúchadh na Seirbhíse um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) ar ‘rialachas TF agus bainistiú punainne TF’ go cianda in 2021, agus gur chinn IAS, mar gheall ar athstruchtúrú TFC ina roinn amháin, go ndearna an Ghníomhaireacht, ar an iomlán, córais bhainistithe agus rialaithe éifeachtúla agus éifeachtacha a dhearadh agus a chur chun feidhme dá socruithe rialachais teicneolaíochta faisnéise; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur eisigh SCI sé mholadh ar eisigh an Ghníomhaireacht plean gníomhaíochta ina leith; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

19.

á chur in iúl gur geal léi nár eisigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin agus Chúirt Iniúchóirí na hEorpa aon mholadh ná barúil chriticiúil in 2021 a bhféadfadh forchoimeádas a bheith mar thoradh orthu sa dearbhú bliantúil urrúis; ag tabhairt dá haire go raibh moladh amháin ann in 2021 a bhain le himscrúdú de chuid OLAF a bhfuil obair leantach á déanamh ina leith;

20.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú bliantúil ar an gcóras rialaithe inmheánaigh agus conclúid an mheasúnaithe sin go bhfuil gach prionsabal rialaithe inmheánaigh agus na cúig chomhpháirt rialaithe inmheánacha curtha chun feidhme go leormhaith agus go bhfuil siad éifeachtúil tríd is tríd, nach bhfuil gá ach le mionfheabhsuithe, agus nár tuairiscíodh aon laigí tromchúiseacha rialaithe;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

21.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht de na gníomhaíochtaí digiteála leanúnacha chun tacú leis na cuspóirí ríomhdheimhnithe chun obair na mBallstát ina gcáil mar Bhratstáit, Stáit an Chalafoirt agus Stáit chósta a éascú, agus gur thacaigh sí leis an gCoimisiún agus an measúnú tionchair á ullmhú i ndáil leis an athbhreithniú ar Threoir 2009/16/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le Rialú Stáit ar Chalafoirt agus ar Threoir 2009/21/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) maidir le ceanglais Bhratstáit a chomhlíonadh, lena bhforáiltear do ríomhdheimhnithe a chur san áireamh; á chreidiúint gur féidir leis an nGníomhaireacht ról comhordaithe a imirt maidir le sábháilteacht a áirithiú i gcalafoirt Eorpacha agus gur féidir leis cabhrú leis an gCoimisiún i gcur chun feidhme éifeachtach;

22.

ag tabhairt dá haire gur seoladh Straitéis Néalríomhaireachta na Gníomhaireachta lena gcumasaítear tírdhreach teicneolaíochta úrscothach a chruthú lena gcuirtear dlús le seirbhísí digiteacha muirí; á mholadh go ndearnadh an Léiriú Muirí a fhorbairt agus go ndearnadh an SafeSeaNet nua a chur i bhfeidhm;

23.

ag spreagadh iarrachtaí na Gníomhaireachta chun rannchuidiú leis an gclár oibre glas Eorpach don mhuiriompar trí acmhainneacht an Aontais a neartú chun an comhshaol muirí a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú lena n-áirítear tríd an aistriú chuig an tsoghluaisteacht inbhuanaithe le rannchuidiú an iompair mhuirí a léirítear sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste a glacadh i mí na Nollag 2020; ag meabhrú, thairis sin go bhféadfadh ról a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le feabhas a chur ar inniúlachtaí measúnaithe riosca i réimsí sábháilteachta, lena n-áirítear maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid;

24.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme leanúnach straitéis 2020-2024 na Gníomhaireachta, ós rud é go gcuirfidh sé ar chumas na Gníomhaireachta a cúraimí faireachais, sábháilteachta agus slándála muirí a chomhlíonadh agus í ag rannchuidiú go héifeachtúil le tosaíochtaí digiteacha agus comhshaoil an Aontais; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht – i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Comhshaoil – an chéad Tuarascáil Eorpach ar an gComhshaol maidir le hIompar Muirí, ina mbailítear faisnéis fhíorúil maidir le lorg comhshaoil na ngníomhaíochtaí loingseoireachta; á mheabhrú sa chomhthéacs sin nach mór gach beart aeráide agus comhshaoil a bheidh ann amach anseo a bheith bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil agus ag aithint go bhfuil cur chuige domhanda maidir le hastaíochtaí muirí a laghdú trí IMO ríthábhachtach;

25.

á chreidiúint go bhfuil ról tábhachtach ag an nGníomhaireacht maidir le huiscí na hEorpa a dhéanamh ní hamháin níos sábháilte ach níos inbhuanaithe freisin agus rannchuidiú leis an gclár oibre glas; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Beartas Comhshaoil EMSA agus na colúin agus na cuspóirí straitéiseacha do na blianta ina dhiaidh sin trí neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais an comhshaol muirí a chosaint, an t-athrú aeráide a bhainistiú lena n-áirítear tríd an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun bearta a fhorbairt chun úsáid plaisteach ar bord loinge a laghdú;

26.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an nGníomhaireacht i gcur chun feidhme rathúil an aistrithe chuig breoslaí in-athnuaite agus ísealcharbóin sa mhuiriompar; á mholadh, i ndáil leis sin, gur rannchuidigh an Ghníomhaireacht le tacaíocht theicniúil agus le sonraí a thabhairt do thionscnaimh a bhaineann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear tionscnamh muirí FuelEU, an tionscnamh Plean Gníomhaíochta maidir le Truailliú Nialasach agus obair ag IMO maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus déine carbóin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról a bheith ag an nGníomhaireacht maidir le bonneagar breoslaí ionadúla agus teicneolaíochtaí tiomána gaoithe a imlonnú, chomh maith le suiteálacha fuinnimh in-athnuaite ar muir; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhféadfaí coigeartuithe a dhéanamh dá réir sin ar shainordú na Gníomhaireachta ionas gur féidir leis an nGníomhaireacht a tacaíocht a neartú, agus go bhféadfadh acmhainní buiséadacha a bheith ag gabháil leis an méid sin,

27.

ag spreagadh úsáid teicneolaíochtaí nua (an Intleacht Shaorga agus an Fhoghlaim Mheaisín) agus na héabhlóide a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo ar fhréamhshamhail Uirlis Anailísíochta Muirí EMSA (EMAT) a cuireadh i láthair le linn na ceardlainne seirbhísí digiteacha muirí na Gníomhaireachta a bhí ar siúl an 15 Nollaig 2021; á iarraidh ar an nGníomhaireacht tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh ina leith sin;

28.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur thosaigh an Ghníomhaireacht, le linn ráithe dheireanach 2021, tionscadal chun caighdeán ISO 27.001 (maidir le bainistiú slándála Faisnéise) a chur chun feidhme mar ullmhúchán do na rialacháin um Chibearshlándáil agus Slándáil Faisnéise atá ar na bacáin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht na forbairtí ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

29.

ag spreagadh na Gníomhaireachta oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus CERT-EU (Foireann Práinnfhreagartha Ríomhaire d’Institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais) agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh i leith a bhonneagar TF agus a áirithiú go ndéanfar iniúchtaí agus tástálacha rialta ar a cibearchosaintí; á mholadh go gcuirfi cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil ar fáil a thabharfar cothrom le dáta go rialta do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a beartas cibearshlándála a fhorbairt níos tapúla, é a sheachadadh roimh an 31 Nollaig 2023 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh;

30.

ag tabhairt dá haire gur lean an Ghníomhaireacht ar aghaidh lena bainistiú comhshaoil a chur chun feidhme in 2021, agus go ndearna sí a céad Ráiteas Comhshaoil a ullmhú agus a ghlacadh; ag tabhairt dá haire agus is mór aici gníomhaíochtaí agus tionscadail ghlasaithe na Gníomhaireachta in 2021, amhail a áirithiú go gcuirtear an fuinneamh a úsáideann sí ar fáil ó fhoinsí glasa atá 100 % in-athnuaite, grianphainéil fhótavoltacha a shuiteáil, a bheartas oifige gan pháipéar, agus iarrachtaí chun tomhaltas uisce a íoslaghdú;

31.

ag tabhairt dá haire gur i mí an Mheithimh 2021 a rinneadh an t-iniúchadh inmheánach maidir le clárú faoi Scéim an Aontais Eorpaigh um Éiceabhainistíocht agus um Éiciniúchóireacht (EMAS) agus go ndearnadh an chéad chuid den iniúchadh deimhniúcháin seachtrach do chlárú EMAS i mí na Samhna 2021; á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur tugadh an fíorú seachtrach chun críche in 2022 agus go bhfuil an Ghníomhaireacht cláraithe anois le EMAS agus go bhfuil a ráiteas ar an gcomhshaol foilsithe;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

32.

ag tabhairt dá haire gur chuir an phaindéim dlús le comhtháthú sraith uirlisí agus modhanna sa Ghníomhaireacht chun gur féidir leis an obair leanúint ar aghaidh go cianda, ó chraoltóireacht bheo go teicneolaíocht réaltachta fíorúla go teicnící cianiniúchta; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh maidir le cianmhodhanna oibre agus modhanna oibre hibrideacha a chur i bhfeidhm, chun aitheantas níos fearr a thabhairt do na cruinnithe agus na cúraimí a d’fhéadfaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná go pearsanta amach anseo; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur sannadh baill foirne a bhí ag déileáil le feidhmeanna a raibh tionchar díreach ag srianta taistil COVID-19 orthu, amhail aisíocaíochtaí saineolaithe agus misin, go sealadach chun dualgais eile a chomhlíonadh agus chun neamhláithreachtaí foirne a chumhdach; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh roinnt rioscaí agus deiseanna sainaitheanta nua a bhaineann leis an mórghéarchéim sláinte sin a shainaithint agus a chur san áireamh sna cláir riosca nuashonraithe;

33.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici an tuarascáil ón nGníomhaireacht dar teideal ‘Impact of COVID-19 on the Maritime Sector in the EU’ [Tionchar COVID-19 ar an Earnáil Mhuirí in AE], inar tugadh forléargas cuimsitheach ar thionchar na paindéime ar an loingseoireacht i ndáil le trácht, trádáil, Bratacha agus úinéireacht AE, tógáil long, cigireachtaí sábháilteachta agus comhshaoil, chomh maith le codanna sonracha amhail cúrsáil agus paisinéirí;

Barúlacha eile

34.

á iarraidh an athuair ar an nGníomhaireacht infhaighteacht a shuímh gréasáin a mhéadú i dteangacha eile seachas an Béarla; á mheas, le níos mó éagsúlacht teanga, go n-éascófar rochtain ar fhaisnéis do shaoránaigh na hEorpa agus, ar an gcaoi sin, go bhfeabhsófar an tuiscint agus an eolas atá acu ar ghníomhaíocht an Aontais Eorpaigh ó thaobh na sábháilteachta muirí de;

35.

á chur in iúl gur geal léi gur fhoilsigh an Ghníomhaireacht a Forbhreathnú Bliantúil ar Thaismí agus Teagmhais Mhuirí 2021 ina gcuirtear i láthair sonraí staidrimh maidir le taismigh agus teagmhais mhuirí don tréimhse 2014-2020;

36.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 72.

(2)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 57.

(3)   IO L 131, 28.5.2009, lch. 132.

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.