29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/345


RÚN (AE) 2023/1899 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí (EMCDDA) agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint do cinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0107/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 18 974 791 a bhí i mbuiséad críochnaitheach an Lárionaid Faireacháin Eorpaigh um Dhrugaí agus um Andúil i nDrugaí (‘an Lárionad’) don bhliain airgeadais 2021, a léiríonn laghdú de 5,13 % i gcomparáid le 2020; de bhrí gur ó bhuiséad an Aontais a eascraíonn buiséad an Lárionaid den chuid is mó (90 %);

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla an Lárionaid don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur soláthraíodh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais an Lárionaid beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, gurbh é 100 % ráta chur chun feidhme an bhuiséid de thairbhe iarrachtaí faireacháin buiséid i rith na bliana airgeadais 2021, an ráta céanna agus a bhí ann in 2020; ag tabhairt dá haire gurbh ionann ráta forghníomhaithe le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus 96,35 %, a léiríonn méadú 1,62 % i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, agus é ina dhíol sásaimh di gurb é 98,80 % ráta cur chun feidhme na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí a tugadh anonn ó 2020 go 2021;

Feidhmíocht

2.

ag tabhairt dá haire go sainaithnítear líon teoranta (10) eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) ilchodacha i samhail tomhais feidhmíochta an Lárionaid, ar táscairí iad a úsáidtear chun tomhas a dhéanamh ar a éifeachtaí atá soláthar na n-aschur inmhianaithe agus ar éifeachtúlacht úsáide na n-acmhainní a leithdháiltear, agus a chomhlánaítear le ETFanna ardleibhéil lena ndírítear ar thorthaí agus ar thionchair; ag tabhairt dá haire, maidir leis na táscairí feidhmíochta, gur shainigh an Lárionad 54 sprioc bhliantúla, ar baineadh amach 47 sprioc (87 %) díobh; á chur in iúl gur geal léi, sa bhreis ar na táscairí feidhmíochta, gur ghlac an Lárionad cur chuige iltháscairí maidir le faireachán; ag tabhairt dá haire, leis an gcur chuige sin, go mbaineann gníomhaíochtaí faireacháin le 5 phríomhtháscaire eipidéimeolaíochta;

3.

ag tabhairt dá haire gur baineadh amach formhór tháscairí feidhmíochta an Lárionaid in 2021; á thabhairt faoi deara go raibh baint amach i bpáirt i gceist le roinnt méadrachtaí, amhail meánlíon na laethanta oiliúna in aghaidh an bhaill foirne (sprioc de 3 lá, a baineadh amach 1,2 lá) mar gheall ar shrianta taistil ar feadh na bliana nó meán-am na bpróiseas earcaíochta (sprioc 4 mhí, a baineadh amach 4,5 mí) mar gheall ar mhéadú ar líon na n-earcuithe a tharla in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nár baineadh amach cuid de na táscairí feidhmíochta a bhaineann le cur chun feidhme éifeachtúil na dtionscadal cúnaimh theicniúil leis na tríú tíortha ach i bpáirt mar gheall ar choinníollacha cur chun feidhme, lena n-áirítear srianta a bhaineann le paindéim COVID-19;

4.

á chur in iúl gur geal léi gur ghlac bord bainistíochta an Lárionaid an dara Treochlár 2025 mar aon le samhail ghnó nua an Lárionaid a bhfuil sé d’aidhm leis an Lárionad a fhorbairt tuilleadh ina eagraíocht atá dírithe ar chustaiméirí agus sonraíbhunaithe; ag tabhairt dá haire go mbeidh na doiciméid sin ina dtreoir d’obair an Lárionaid sa dara céim de Straitéis 2025 an Lárionaid a chur chun feidhme, ar straitéis í a thosaigh in 2021; á thabhairt chun suntais gur páirtí freagrach é an Lárionad in go leor príomhghníomhaíochtaí de chuid Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Drugaí 2021–2025 a d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh in 2021;

5.

á mholadh go bhfuil iarrachtaí agus dul chun cinn déanta ag an Lárionad ina thrí réimse oibre: spreagaithe sláinte, slándála agus gnó; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur eisíodh an chéad fhoilseachán suaitheanta lándigiteach de chuid an Lárionaid in 2021 ina bhfuil 8 ‘bhfreagairt miontreoracha’ lena dtugtar aghaidh ar na príomhdhúshláin sláinte poiblí i réimse na ndrugaí, seoladh sraith straitéisí nua ar líne arb é is aidhm di spriocanna a bhaint amach i réimsí áirithe sláinte agus eisiúint tuarascálacha speisialta maidir leis na bagairtí ar AE a bhaineann le forbairtí drugaí atá ag teacht chun cinn san Afganastáin agus san Iaráin, agus maidir le bealaí gáinneála na mBalcán agus an deiscirt isteach san Aontas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil cur chuige ag an Lárionad atá dírithe ar chustaiméirí, go bhfuil iarrachtaí déanta aige chun a áirithiú go gcuirfear táirgí agus seirbhísí tráthúla ar fáil agus go mbeidh sé níos infheicthe ar na bealaí ar líne;

6.

á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht an Lárionaid in imeachtaí oiliúna a bhaineann le drugaí agus i bhforbairt acmhainní, agus gur éirigh leis a chuid eolais a roinnt le hos cionn 870 gairmí atá ag obair i réimse na ndrugaí, arb ionann é agus méadú 75 % nach mór i gcomparáid le 2020; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur seoladh Scoil Gheimhridh na hEorpa maidir le Drugaí in 2021, chun cur le Scoil Samhraidh na hEorpa maidir le Drugaí atá bunaithe cheana féin;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire, go raibh 96 % den phlean bunaíochta curtha chun feidhme an 31 Nollaig 2021, gur ceapadh 7 n-oifigeach agus 66 ghníomhaire shealadacha as 7 n-oifigeach agus 69 ngníomhaire shealadacha arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 76 phost údaraithe in 2021 agus in 2020); ag tabhairt dá haire freisin, go raibh 27 ngníomhaire ar conradh agus saineolaí náisiúnta ar iasacht amháin ag obair don Lárionad in 2021; á chur in iúl gur geal léi nach bhfuil foireann eatramhach á fostú a thuilleadh ag an Lárionad ó dheireadh 2021 i leith; á chur in iúl gur geal léi cleachtadh scagtha foirne 2021 an Lárionaid agus leithdháileadh éifeachtach agus éifeachtúil a acmhainní le 71,77 % d’fhoireann an Lárionaid arna leithdháileadh ar chúraimí oibríochtúla, 18,65 % ar thacaíocht riaracháin agus 9,58 % ar oibríochtaí neodracha;

8.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thuairiscigh an Lárionad go raibh 2 bhean (22 %) agus 7 bhfear (78 %) ina lucht bainistíochta sinsearaí, agus go bhfuil 20 bean (38 %) agus 32 fhear (62 %) ar a bhord bainistíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an fhoireann ina hiomláine comhdhéanta de 29 fear (45 %) agus 36 ban (55 %); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé cothromaíocht inscne na foirne a áirithiú agus á iarraidh ar an Lárionad an ghné sin a chur san áireamh maidir le ceapacháin a bheidh ann amach anseo laistigh dá bhainistíocht shinsearach; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, an méid sin a chur san áireamh agus comhaltaí a mboird bainistíochta á n-ainmniú acu; á mheabhrú freisin a thábhachtaí atá sé ionadaíocht chothrom gheografach a áirithiú i measc lucht bainistíochta agus phearsanra foirne an Lárionaid araon;

9.

á chur in iúl gurb oth léi nár chuir an Lárionad aon mhodúl de chóras bainistíochta acmhainní daonna SYSPER chun feidhme go fóill; á iarraidh ar an Lárionad digiteáil a chórais bainistíochta foirne a fheabhsú chun a éifeachtúlacht a mhéadú;

Soláthar

10.

á chur in iúl gur geal léi, ó thaobh soláthar a chur i gcrích, gur chuir an Lárionad plean soláthair 2021 i gcrích go rathúil le 98 nós imeachta idirbheartaithe ar a raibh luach iomlán de EUR 1 556 147; á chur in iúl gur geal léi gan ráitis a bheith déanta ag an gCúirt maidir leis an gcur i bhfeidhm a rinne an Lárionad ar na rialacha maidir le soláthar poiblí;

11.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici go n-úsáideann an Lárionad ríomhthairiscint, ríomhthíolacadh agus sonrascú leictreonach; ag spreagadh an Lárionaid leanúint dá dhul chun cinn i dtreo a nósanna imeachta soláthair a dhigiteáil agus féachaint ar roghanna chun tús a chur le cur chun feidhme agus úsáid uirlis soláthair dhigitigh PPMT;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus trédhearcacht

12.

ag aithint bearta reatha agus iarrachtaí leanúnacha an Lárionaid chun trédhearcacht a áirithiú, coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, agus cosaint na sceithirí a sholáthar; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Lárionad dearbhuithe leasa a fhoirne bainistíochta sinsearaí, chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus na saineolaithe seachtracha ar comhaltaí den choiste eolaíochta iad a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Lárionad CVanna na saineolaithe seachtracha atá ina gcomhaltaí dá choiste eolaíochta a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin freisin; ag tabhairt dá haire freagra an Lárionaid gur fhoilsigh sé achoimrí ar CVanna uile chomhaltaí an bhoird bainistíochta agus foirne bainistíochta sinsearaí ar a shuíomh gréasáin; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil ach achoimre ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla reatha ar fáil ar shuíomh gréasáin an Láronaid; á iarraidh ar an Lárionad a shuíomh gréasáin a thabhairt cothrom le dáta chun CVanna a chur san áireamh ina liostaítear cúlra gairmiúil iomlán chomhaltaí a bhoird bainistíochta agus a fhoirne bainistíochta sinsearaí;

13.

ag tabhairt dá haire gur faoi údarás stiúrthóir an Lárionaid a dhéantar an measúnú maidir le riosca coinbhleachta leasa a bheith ann, agus go ndéanann an bord bainistíochta, de réir mar a cheanglaítear, na bearta a ghlacadh chun coinbhleacht leasa a chosc nó a sheachaint; ag tabhairt dá haire nach ndearnadh cás coinbhleachta leasa a thuairisciú, a imscrúdú ná a thabhairt chun críche in 2021;

Rialú inmheánach

14.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar chóras rialaithe inmheánaigh an Lárionaid agus comhlíonadh rialacha agus nósanna imeachta maidir le bainistiú acmhainní daonna an Lárionaid; ag tabhairt dá haire go raibh trí mholadh ‘an-tábhachtach’ maidir le bainistiú eitice, ualach oibre agus bainistiú feidhmíochta, agus rialuithe slándála ar chomhaid phearsanra, chomh maith le trí mholadh ‘thábhachtacha’ maidir le roghnú agus earcaíocht san áireamh i dtuarascáil chríochnaitheach iniúchóireachta IAS; á iarraidh ar an Lárionad an plean gníomhaíochta comhaontaithe a chur i gcrích chun moltaí IAS a chur chun feidhme agus an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas faoin dul chun cinn atá déanta ar an ábhar sin;

15.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Lárionad measúnú ar a chreat rialaithe inmheánaigh (ICF) in 2021, inar thángthas ar an gconclúid go bhfuil na comhpháirteanna uile i láthair agus ag feidhmiú, agus go raibh roinnt feabhsuithe inmholta maidir le ‘timpeallacht rialaithe’, ‘gníomhaíochtaí rialaithe’ agus ‘faisnéis agus cumarsáid’; ag tabhairt dá haire, áfach, de réir mheasúnú an Lárionaid, nach ndearna na heasnaimh atá ann faoi láthair difear d’éifeachtacht fhoriomlán ICF; á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí leanúnacha an Lárionaid chun an plean gníomhaíochta a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh a ICF a chur chun feidhme;

16.

ag tabhairt dá haire go ndearnadh cleachtadh cuimsitheach maidir le sainaithint agus measúnú riosca in 2021 chun feabhas a chur ar bhainistiú riosca sa Lárionad; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna an Lárionad roinnt forbairtí a chuir le héifeachtacht fhoriomlán an chórais rialaithe inmheánaigh; á thabhairt faoi deara, go háirithe, gur imscaradh córas faisnéise bainistíochta corparáidí nua, (‘Matrix’) chun pleanáil oibríochtúil, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí; á thabhairt faoi deara ar an gcaoi chéanna gur dréachtaíodh agus gur cuireadh ar bhonn foirmiúil straitéis nua don chóras bainistíochta eagrúcháin agus rialaithe inmheánaigh i gcomhréir leis na treoirlínte is infheidhme arna n-eisiúint ag an gCoimisiún;

17.

ag tabhairt dá haire gur ghlac an Lárionad straitéis frithchalaoise athbhreithnithe in 2021, le trí chuspóir straitéiseacha agus plean gníomhaíochta le cur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn atá déanta ar an ábhar sin;

18.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bhreathnóireacht leanúnach ón gCúirt maidir le foireann sheachtrach agus oibrithe eatramhacha a úsáid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na tuarascála ón gCúirt, gur fhostaigh an Lárionad na hoibrithe eatramhacha sin trí chreatchonradh gan déanamh de réir cheanglais Threoir 2008/104/CÉ ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2)agus dhlí saothair na Portaingéile. á iarraidh ar an Lárionad anailís a dhéanamh ar dhálaí oibre a chuid oibrithe eatramhacha agus a áirithiú go bhfuil siad i gcomhréir le dlí saothair an Aontais agus leis an dlí saothair náisiúnta; á iarraidh ar an Lárionad, thairis sin, brath a mhéid is féidir ar chomhaltaí foirne buana agus á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún leithdháiltí iomchuí acmhainní daonna a áirithiú chun na críche sin; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun an Lárionad a chlaochlú ina Ghníomhaireacht Drugaí de chuid an Aontais Eorpaigh; á mheabhrú gur cheart na hacmhainní daonna agus airgeadais is gá a chur ar fáil don ghníomhaireacht nua chun na cuspóirí, na cúraimí agus na freagrachtaí a shanntar di faoi rialachán maidir le Gníomhaireacht Drugaí de chuid an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh;

Digiteáil agus an t-aistriú glas

19.

ag tabhairt dá haire go ndéanann an Lárionad faireachán gníomhach ar a fheidhmíocht comhshaoil agus a lorg CO2 agus timthrialla feabhsaithe leanúnacha á leanúint aige chun a lorg CO2 a laghdú in imeacht na mblianta i gcomparáid leis an mbunlíne a bunaíodh in 2014, ó 9,99 tonna go 0,82 tonna in aghaidh gach ball foirne in 2020; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 mar thoradh, i bpáirt, ar laghdú a bhaineann le COVID-19 ar mhisin agus ar iompar, agus mar gheall ar aistriú an Lárionaid chuig leictreachas atá neodrach ó thaobh CO2 de arna ghiniúint ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite; ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go n-éilíonn an Lárionad nósanna imeachta soláthair phoiblí ghlais chun réitigh atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chothú in athnuachan conarthaí; á thabhairt faoi deara go bhfuil an Lárionad ag iarraidh deimhniú comhshaoil a fháil san fhadtéarma, agus aird chuí á tabhairt ar na hacmhainní atá ar fáil; á iarraidh ar an Lárionad leanúint dá aistriú chuig foinsí inathnuaite fuinnimh a chur chun feidhme, agus é á aithint aige go bhfuil córas eiseamláireach agus beartas comhshaoil i bhfeidhm ag an Lárionad;

20.

á chur in iúl gur geal léi gur eisíodh na chéad mhodúil d’fhoilseachán an Lárionaid in 2021: ‘Sláinte agus Freagraí Sóisialta ar Fhadhbanna Drugaí : Treoir Eorpach 2021’ , arb é céad fhoilseachán lándigiteach an Lárionaid;

21.

ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí leanúnacha á ndéanamh ag an Lárionad chun bonneagar TFC a fhorbairt chun tacú le bearta teilea-oibre na heagraíochta; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go ndéantar foireann freagartha teagmhas a ghníomhachtú agus an fhreagairt oibríochtúil maidir le hiarrataí sláinte agus sábháilteachta a réiteach in am; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tar éis an Plean Leanúnachais Gnó (BCP) a ghníomhachtú in 2020, go bhfuil uirlisí cianda á n-úsáid ag an Lárionad chun earcaíocht a dhéanamh; ag tabhairt dá haire gur chuir an Lárionad bearta nua chun feidhme chun a chibearshlándáil a mhéadú, amhail clár claochlaithe le haghaidh trealamh úsáideoirí deiridh, imscaradh uirlisí, agus ailtireacht fearainn chun feabhas a chur ar mhearfhreagairt ar bhagairtí, agus chun feabhas a chur ar fhíordheimhniú dhá fhachtóir le haghaidh cur i bhfeidhm a bheadh inrochtana ó lasmuigh den líonra áitiúil;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

22.

á chur in iúl gur geal léi gur fhorbair an Lárionad, faoi chuimsiú an tascfhórsa chun an fhreagairt sláinte poiblí ar phaindéim COVID-19 a chomhordú, creat solúbtha uileghabhálach chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an bpaindéim ar bhealach struchtúrtha; ag tabhairt dá haire gur áiríodh sa chreat roinnt colún amhail freagairt láithreach a thabhairt chun tacú le geallsealbhóirí, tús a chur le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na staide ar ghníomhaíochtaí substainteacha reatha an Lárionaid agus comhordú agus sineirgí a áirithiú idir na gníomhaíochtaí sin; ag tabhairt dá haire gur dhíghníomhachtaigh an Lárionad BCP i mí Dheireadh Fómhair, tar éis éabhlóid staid na paindéime; á thabhairt faoi deara go ndearna an Lárionad cleachtadh ceachtanna a foghlaimíodh in 2022; á iarraidh ar an Lárionad tuairisc a thabhairt don údarás buiséadach maidir le toradh an chleachtaidh sin;

Barúlacha eile

23.

ag tabhairt dá haire gurb ann do chleachtas leanúnach an Lárionaid maidir le comhar le Gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi gur chomhoibrigh an Lárionad, mar chomhalta de Mhol Nuálaíochta nuabhunaithe an Aontais don tSlándáil Inmheánach, leis an gComhairle Chomhpháirteach Taighde agus le Europol chun treoirthionscadal arna chomhordú ag an Aontas a chur chun feidhme chun creat solúbtha bogearraí il-úsáideoirí ar líne a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí coiriúla ar an Idirlíon dorcha; ag tabhairt dá haire, faoi chuimsiú líonra Gníomhaireachtaí um cheartas agus gnóthaí baile, gur ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL) chun ardán oiliúna CEPOL-bhunaithe LEEd a úsáid; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb ann do chomhar an Lárionaid le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann don staidéar ina ndéantar iniúchadh ar fhadhbanna a bhaineann le húsáid substaintí agus ar na freagairtí atá ann cheana i measc gairmithe i gcomhthéacs fhála na hEorpa; ag tabhairt dá haire, thairis sin, tionscadail um chomhar teicniúil an Lárionaid (IPA7, EU4MD agus EMCDDA don tSeoirsia) le tríú tíortha arna gcur chun feidhme in 2021 i réimsí amhail faisnéis faoi dhrugaí agus bagairtí sláinte agus slándála a bhaineann le drugaí;

24.

ag tabhairt dá haire, agus is mór aici, go leanann an Lárionad de shineirgí a chomhroinnt leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí i seirbhísí corparáideacha agus tacaíochta agus i mbainistiú áitribh choitinn i Liospóin, agus go mbaineann na sineirgí sin freisin le TFC, teileachumarsáid agus bonneagair agus seirbhísí atá bunaithe ar an idirlíon; ag aithint gur cuireadh sineirgí oibríochtúla ar bun le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i réimsí an cheartais agus gnóthaí baile agus na sláinte; ag moladh an mhodha sin maidir le comhchónaí an dá ghníomhaireacht mar shampla ar fiú é a leanúint;

25.

á chur in iúl gur geal léi an comhar idir an Lárionad agus tíortha comhpháirtíochta Bheartas Comharsanachta na hEorpa ar an leibhéal réigiúnach, trí thionscadal cúnaimh theicniúil EU4MD, arna mhaoiniú ag an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur cuireadh tús in 2021 leis an gcéad tionscadal cúnaimh theicniúil de chuid an Lárionaid ar an leibhéal déthaobhach le tionscadal EMCDDA don tSeoirsia; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na comhpháirtíochtaí sin chun feabhas a chur ar an tslándáil i limistéar comharsanachta an Aontais, chomh maith leis an ngáinneáil ar dhrugaí agus úsáid substaintí aindleathacha a chomhrac do Bhallstáit an Aontais agus dá chomhpháirtithe comharsanachta;

26.

á iarraidh ar an Lárionad díriú ar thorthaí a chuid taighde a scaipeadh ar an bpobal i gcoitinne, agus teagmháil a dhéanamh leis an bpobal trí na meáin shóisialta agus trí eagraíochtaí meán eile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, go bhfuil rochtain ag an úsáideoir ar na tuarascálacha arna gcruthú ag an Lárionad;

27.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnála a ghabhann lena cinneadh ar urscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (3) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 32.

(2)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

(3)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.