29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/194


RÚN (AE) 2023/1845 Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0111/2023),

A.

de bhrí, de réir a ráitis ioncaim agus caiteachais (1), gur EUR 23 590 235 a bhí i mbuiséad críochnaitheach na Gníomhaireachta um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (‘an Ghníomhaireacht’) don bhliain airgeadais 2021, arb ionann é agus méadú 36,38 % i gcomparáid le 2020; de bhrí go dtagann buiséad na Gníomhaireachta go páirteach as buiséad an Aontais agus go páirteach as táillí a bhailiú;

B.

de bhrí go luann an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ina tuarascáil maidir le cuntais bhliantúla na Gníomhaireachta don bhliain airgeadais 2021 (an ‘tuarascáil ón gCúirt’) gur tugadh dearbhuithe réasúnacha di go bhfuil cuntais na Gníomhaireachta beacht agus gur idirbhearta dlíthiúla agus rialta is bun leo;

Bainistiú buiséid agus airgeadais

1.

ag tabhairt dá haire gurb é an toradh a bhí ar na hiarrachtaí faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad i rith na bliana airgeadais 2021 go ndearnadh ráta leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí na bliana reatha, is é sin 94,06 %, a chur chun feidhme ar an mbuiséad (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta, is é sin 95 %), arb ionann é agus laghdú 4,81 % i gcomparáid le 2020; ag tabhairt dá haire gurbh é 65,96 % ráta forghníomhaithe na bliana reatha i leith leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (rud a fhágann nár baineadh amach sprioc bheartaithe na Gníomhaireachta, is é sin 75 %), arb ionann é agus laghdú 15,11 %i gcomparáid le 2020;

2.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur sonraíodh in 2019, go raibh roinnt conarthaí sonracha faoi chreatchonradh le haghaidh seirbhísí teicneolaíochta faisnéise (TF) neamhrialta go páirteach, go bhféadfadh difear a bheith déanta freisin d’íocaíochtaí ina dhiaidh sin a bhí bunaithe ar an gcreatchonradh sin, agus gurbh é EUR 21 534 méid na n-íocaíochtaí gaolmhara in 2021; ag tabhairt dá haire go rachaidh an creatchonradh lena mbaineann in éag in 2025, agus gur ann don fhreagra ón nGníomhaireacht gur íoslaghdaigh sí an úsáid a bhaintear as an liosta seachphraghsanna a mhéid is féidir, rud a thugann faoi bhun 10 % de luach gach conartha shonraigh é, agus leanúnachas a gníomhaíochtaí oibríochtúla á chur san áireamh;

3.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir thuarascáil na Cúirte, go ndearna an Ghníomhaireacht EUR 6,6 milliún (29,9 %) de leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ó 2021 a thabhairt ar aghaidh go 2022, agus gur bhain EUR 4,0 milliún den mhéid sin, nó 54 % den chaiteachas oibríochtúil, le croíghníomhaíochtaí oibríochtúla faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus go bhfuil na rátaí arda leithreasuithe arna dtabhairt anonn ag teacht salach ar phrionsabal buiséadach na bliantúlachta agus go dtugann sé le fios go bhfuil saincheisteanna struchtúracha i gceist i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bhailigh an Ghníomhaireacht táillí gan aon taithí roimhe sin aici sa réimse sin, go raibh an Ghníomhaireacht faichilleach maidir lena hacmhainní a chonrú agus gur chuir sí moill ar thús roinnt tionscadail oibríochtúla a raibh sé beartaithe iad a chumhdach le táillí go dtí go socrófaí an chéad tráthchuid táillí, agus go raibh leibhéal ard leithreasuithe arna dtabhairt anonn ó iarmhéideanna oscailte na ngealltanas ag deireadh na bliana mar thoradh air sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thuairiscigh an Chúirt an ráta ard leithreasuithe arna dtabhairt anonn in 2020 agus in 2019 agus gur iarr an t-údarás um urscaoileadh ar an nGníomhaireacht an tsaincheist a réiteach maille le tuilleadh feabhsuithe ar a pleanáil buiséid agus ar a timthriallta cur chun feidhme;

4.

ag tabhairt dá haire gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bhailigh an Ghníomhaireacht táillí ó na sásraí tuairisciúcháin cláraithe le haghaidh na seirbhísí a sholáthraíonn sí i gcomhair bailiú, láimhseáil agus anailísiú sonraí arna dtuairisciú ag rannpháirtithe sa mhargadh fuinnimh chun Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 a chur chun feidhme;

Feidhmíocht

5.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht eochairtháscairí feidhmíochta (ETFanna) chun measúnú a dhéanamh ar thorthaí a gníomhaíochtaí maidir le cur chun feidhme agus cuspóirí a cláir oibre, agus cinn eile i ndáil le bainistiú acmhainní daonna agus airgeadais, i measc nithe eile; á chur in iúl gur mór aici gur comhlíonadh na ETFanna agus gur tharraing an Ghníomhaireacht aird ar bhearta lenar féidir éifeachtúlacht agus éifeachtacht obair na Gníomhaireachta a fheabhsú; á mholadh, áfach, go dtabharfadh an Ghníomhaireacht dá haire na táscairí nár baineadh amach go fóill nó atá ag titim ar gcúl;

6.

ag tabhairt dá haire gur cuireadh clár oibre na Gníomhaireachta chun feidhme den chuid is mó, agus gur baineadh an tosaíocht de roinnt cúraimí, go ndearnadh iad a chur ar ceal, a chur ar athló nó iad a chomhcheangal go páirteach le cúraimí eile, mar gheall ar an teorannú ar na hacmhainní daonna atá ar fáil, i réimse Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 go príomha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh de réir na Gníomhaireachta, a bhí neamhréir ann san uainiú idir cúraimí agus leithdháileadh acmhainní, mar shampla na cúraimí agus na hacmhainní do reachtaíocht maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh agus don mhargadh fuinnimh ghlain;

Beartas foirne

7.

ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, an 31 Nollaig 2021, a bhí an plean bunaíochta curtha chun feidhme de réir ráta 95,77 %, agus ceapacháin déanta i gcás 68 ngníomhaire shealadacha as 71 ghníomhaire sealadach arna n-údarú faoi bhuiséad an Aontais (i gcomparáid le 71 phost údaraithe in 2020); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur oibrigh 30 gníomhaire ar conradh, ceathrar saineolaithe náisiúnta ar iasacht, agus 10 mball foirne eatramhacha don Ghníomhaireacht in 2021; á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, ag deireadh 2021, a cumhdaíodh 23,4 % de lucht saothair na Gníomhaireachta trí chlár oiliúna agus trí oibrithe gníomhaireachta eatramhacha agus, dá bhrí sin, ag athdhearbhú na moltaí ón gCúirt maidir le cúraimí buana agus leanúnacha a shannadh do bhaill foirne atá fostaithe go díreach;

8.

á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagothroime inscne ard fós ann laistigh de lucht bainistíochta sinsearach na Gníomhaireachta, eadhon bean amháin (17 %) agus cúigear fear (83 %); ag tabhairt dá haire, i measc a foirne ar an iomlán, gurb ionann an cóimheas inscne agus 37 mbean (37 %) agus 63 fhear (63 %); ag tabhairt dá haire go bhfuil naonúr ban (50 %) agus naonúr fear (50 %) ar bhord riaracháin na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta nithiúla a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú ar gach leibhéal den ordlathas a luaithe is féidir, agus tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh maidir leis an dul chun cinn;

9.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le dínit an duine a chosaint agus ciapadh síceolaíoch agus gnéasach a chosc, agus gur cuid de líonra idirghníomhaireachta comhairleoirí rúnda í an Ghníomhaireacht; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh aon chásanna ciaptha in 2021 agus ag spreagadh na Gníomhaireachta chun leanúint den obair agus í a fhorbairt chun cásanna a chosc sa todhchaí chomh maith;

10.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé beartas fadtéarmach acmhainní daonna a fhorbairt maidir le cothromaíocht oibre is saoil, treoraíocht ar feadh an tsaoil agus deiseanna oiliúna sonracha a chur ar fáil don fhorbairt gairme, cothromaíocht inscne ar gach leibhéal foirne, teilea-obair, an ceart chun dícheangail, an chothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeidh ionadaíocht iomchuí ann ó na Ballstáit uile, agus earcú agus lánpháirtiú daoine faoi mhíchumas chomh maith lena áirithiú go gcaitear go cothrom leo agus go gcuirtear a ndeiseanna chun cinn go forleathan;

Soláthar

11.

ag tabhairt dá haire gur tugadh 200 nós imeachta soláthair i gcrích in 2021, i gcomparáid le 109 in 2020, agus go mbeadh gá le baill foirne bhreise ós rud é go bhfuil líon na nósanna imeachta ag méadú; ag tabhairt dá haire gur chuir an Ghníomhaireacht ríomhthairiscint, ríomhaighneachtaí agus ríomhshonrascú chun feidhme agus go bhfuil tástáil déanta aici ar Uirlis Bainistíochta Soláthair Phoiblí (PPMT) agus é mar aidhm aici é a chur chun feidhme le linn 2023; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, ós rud é gurbh é 2021 an chéad bhliain ar bailíodh táillí, ghlac an Ghníomhaireacht cur chuige sách coimeádach maidir le seoladh na nósanna imeachta soláthair; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

12.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé, i ndáil leis na nósanna imeachta soláthair uile, iomaíocht chothrom idir tairgeoirí a áirithiú agus earraí agus seirbhísí a sholáthar ar an bpraghas is fearr, agus prionsabail na trédhearcachta, na comhréireachta, na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n-urramú; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme na huirlisí TF ríomhsholáthair atá forbartha ag an gCoimisiún; á iarraidh go ndéanfaí soiléiriú nuashonraithe ar na nósanna imeachta agus ar na teimpléid sna treoirlínte soláthair; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thug an Chúirt barúil maidir le laigí sa soláthar poiblí á rá bhfuil siad ag dul i méid agus gurb iad an fhoinse íocaíochtaí neamhrialta is mó iad go fóill i gcás formhór na ngníomhaireachtaí;

Coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus trédhearcacht

13.

ag aithint na mbeart atá ann cheana agus na n-iarrachtaí leanúnacha atá á ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun trédhearcacht, cosc agus bainistiú coinbhleachtaí leasa a áirithiú, agus chun cosaint sceithirí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Ghníomhaireacht a beartas cuimsitheach chun feidhme maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú agus go mbailíonn an Ghníomhaireacht dearbhuithe bliantúla leasa a foirne bainistíochta, a comhaltaí boird riaracháin agus a comhaltaí malartacha, a boird rialálaithe, agus a boird achomhairc, chomh maith le cathaoirligh agus leaschathaoirligh mheithleacha na Gníomhaireachta agus thionóil thascfhórsaí na Gníomhaireachta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Ghníomhaireacht measúnú ar na foirmeacha a chuirtear isteach, go ndéanann sí leibhéil riosca a shannadh dóibh agus go ndéanann sí iad a láimhseáil dá réir sin;

14.

ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte go ndearna an Ghníomhaireacht measúnú, idir 2019 agus 2021, ar thrí chás ina bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith ann maidir le ball sinsearach den fhoireann atá ag gabháil do ghníomhaíocht sheachtrach ar íocaíocht nó do phost nua in áit eile, agus go raibh an cás amháin a d’athbhreithnigh an Chúirt, ag sárú Airteagal 16 de na Rialacháin Foirne, ós rud é nach ndeachaigh an Ghníomhaireacht i gcomhairle leis an gcomhchoiste agus gur eisigh sí a cinneadh, lena n-áirítear srianta a ceapadh chun an riosca a mhaolú, tar éis an spriocdháta, agus gur iarr an Ghníomhaireacht ar an duine lena mbaineann na srianta a chomhlíonadh ina dhiaidh sin, gan aon bhunús dlí; ag tabhairt dá haire, de réir fhreagra na Gníomhaireachta, gur mheas sí gur réiteach maith é malartú litreacha leis an iarbhall foirne lena mbaineann chun na hoibleagáidí conarthacha a chur ar bhonn foirmiúil tar éis an cinneadh a tharraingt siar, agus ar an gcaoi sin cosaint a thabhairt ar rioscaí oibríochtúla, dlíthiúla agus clú, agus go bhfuil rún daingean ag an nGníomhaireacht an próiseas a chur i bhfeidhm ar bhealach tráthúil ceart;

15.

ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas ag an nGníomhaireacht maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú, a glacadh le cinneadh ó bhord riaracháin na Gníomhaireachta an 31 Eanáir 2015; á áitiú gur gá rialacha níos córasaí a chur i bhfeidhm maidir le trédhearcacht, neamh-chomhoiriúnachtaí, coinbhleachtaí leasa, brústocaireacht neamhdhleathach agus doirse imrothlacha, agus, más gá, a bheartas coinbhleachta leasa a nuashonrú; á iarraidh ar an nGníomhaireacht a sásraí rialaithe inmheánaigh a neartú, lena n-áirítear sásra inmheánach frithéillithe a bhunú;

Rialú inmheánach

16.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach (IAS) iniúchadh in 2021 ar phleanáil, ar bhuiséadú agus ar fhaireachán, agus go raibh moladh an-tábhachtach amháin sa tuarascáil deiridh i mí Eanáir 2022 maidir le buiséadú bunaithe ar ghníomhaíocht a chur chun feidhme, taifeadadh feidhmiúil ama agus measúnú ar an ualach oibre agus moladh tábhachtach amháin maidir le pleanáil soláthair, maidir le faireachán agus maidir le tuairisciú a ndearnadh plean gníomhaíochta a shainiú ina leith; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

17.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh IAS in 2020 ar chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, go raibh dhá mholadh an-tábhachtach agus trí mholadh thábhachtacha go hiomlán curtha chun feidhme agus tuairiscithe do IAS in 2021 agus gur dhún IAS iad in 2022, agus go raibh moladh tábhachtach amháin le cur chun feidhme in 2022; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

18.

ag tabhairt dá haire, tar éis iniúchadh 2018 ar ‘Slándáil TF sa Ghníomhaireacht agus slándáil faisnéise i réimse REMIT’, go raibh ceithre mholadh thábhachtacha go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2021, go raibh moladh tábhachtach amháin go hiomlán curtha chun feidhme agus dúnta ag IAS in 2022, agus gur cuireadh moill shuntasach le moladh tábhachtach amháin a bhí fós ann ach gur cuireadh chun feidhme go hiomlán é agus gur tuairiscíodh do IAS é in 2022. ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, tar éis iniúchadh 2017 ar ‘Bainistíocht Acmhainní Daonna’, gur cuireadh chun feidhme plean gníomhaíochta in 2020 agus gur dhún IAS é in 2021;

19.

ag tabhairt dá haire gur ghlac bord riaracháin na Gníomhaireachta straitéis nua frithchalaoise i mí na Nollag 2021, bunaithe ar fhionnachtana thuarascáil cur chun feidhme na straitéise frithchalaoise, 2019-2021;

20.

Tugann sí dá haire gurb amhlaidh, i gcomhar le CERT-EU, a ordaíonn agus a dhéanann an Ghníomhaireacht scanacháin rialta leochaileachta ar chroíchórais teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide chun measúnú a dhéanamh ar shaincheisteanna slándála agus cosanta sonraí agus go gcuireann sí teicnící maolaithe chun feidhme chun aghaidh a thabhairt orthu, agus gurb amhlaidh, in 2021, a chuir an Ghníomhaireacht chun feidhme, tar éis forbairt agus oiriúnú tacair fhoriomláin caighdeán cibearshlándála atá in úsáid cheana féin ag mórinstitiúidí an Aontais, an chéad athbhreithniú ar cheann de na caighdeáin chun ailíniú leis na rioscaí nua atá ag teacht chun cinn;

21.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Ghníomhaireacht athbhreithniú riosca lár bliana i mí an Mheithimh 2021 chun athmheasúnú a dhéanamh ar na rioscaí a ndearnadh foráil dóibh ar dtús agus gur sainaithníodh mar riosca criticiúil na rioscaí a bhaineann leis an mborradh atá ar achomhairc dhlíthiúla i gcoinne chinntí na Gníomhaireachta; á iarraidh ar an nGníomhaireacht aon fhorbairt ina leith sin a thuairisciú don údarás um urscaoileadh;

22.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé córais bhainistíochta agus rialaithe a neartú chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú; á áitiú go láidir go mbeadh ceanglas ann maidir le bainistiú éifeachtach agus córais rialaithe chun a sheachaint go mbeadh cásanna féideartha coinbhleachtaí leasa ann, go mbeadh rialuithe ex anteex post ar iarraidh, go mbeadh gealltanais bhuiséadacha agus dlí á mbainistiú ar bhealach easnamhach, agus go mbeadh mainneachtain ann maidir le saincheisteanna a thuairisciú i gclár na n-eisceachtaí;

Digitiú agus an t-aistriú glas

23.

ag tabhairt dá haire go n-úsáideann an Ghníomhaireacht roinnt uirlisí TF chun éifeachtúlacht agus úsáid acmhainní a fheabhsú, lena n-áirítear seirbhísí comhroinnte arna soláthar ag an gCoimisiún, amhail ARES (bainistiú doiciméad) agus Sysper (bainistiú acmhainní daonna);

24.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir ganntanas acmhainní daonna agus airgeadais na Gníomhaireachta teorainn leis an gcumas atá aici digitiú na Gníomhaireachta a fheabhsú agus a fhorbairt tuilleadh (mar shampla, b’éigean tionscadail i réimse na néalríomhaireachta a chur ar feitheamh), toisc nach féidir le bearta cibearshlándála i réimsí áirithe na rioscaí a mhaolú i gcomhréir le fonn riosca na Gníomhaireachta;

25.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur ann do Phlean Gníomhaíochta na Gníomhaireachta maidir le Glasú, 2021-2022, ina bhfuil 17 bpointe gníomhaíochta nithiúla arb é is aidhm dóibh lorg carbóin na Gníomhaireachta a laghdú, amhail braiteoirí solais agus soilsiú LED a shuiteáil, tuilleadh néalacmhainní a úsáid, agus leictreachas glas 100 % a cheannach;

26.

á chur in iúl gur geal léi gurb amhlaidh, in 2021, maidir leis an earnáil gáis, a dhírigh an Ghníomhaireacht ar an reachtaíocht atá le teacht chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip le páipéar seasaimh maidir le príomhcheanglais rialála chun dícharbónú gáis a bhaint amach, le páipéar bán maidir le rialacha chun sceitheadh meatáin a chosc san earnáil fuinnimh agus le páipéar bán rialála maidir le cathain agus conas líonraí hidrigine a rialáil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ann don páipéar seasaimh maidir le feabhas a chur ar Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus don pháipéar bán maidir le láimhseáil rialála na cumhachta i leith gáis; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur ann do rannchuidiú na Gníomhaireachta i ndáil leis an bpacáiste ‘Fuinneamh Glan do gach Eorpach’;

27.

ag meabhrú a thábhachtaí atá sé digitiú na gníomhaireachta a mhéadú ó thaobh oibriú agus bainistiú inmheánach de ach freisin chun dlús a chur le digitiú na nósanna imeachta; á chur i bhfáth gur gá don ghníomhaireacht leanúint de bheith réamhghníomhach i ndáil leis sin chun bearna dhigiteach idir na gníomhaireachtaí a sheachaint; ag tarraingt aird, mar sin féin, ar a riachtanaí atá sé na bearta slándála riachtanacha uile a dhéanamh chun go seachnófar aon riosca do shlándáil ar líne na faisnéise a phróiseáiltear;

28.

ag spreagadh na Gníomhaireachta chun oibriú i ndlúthchomhar le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil); á mholadh go ndéanfaí cláir oiliúna a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus a thugtar cothrom le dáta go rialta a thairiscint do gach ball foirne laistigh den Ghníomhaireacht;

Leanúnachas gnó le linn ghéarchéim COVID-19

29.

ag tabhairt dá haire gur bunaíodh grúpa bainistithe leanúnachais, a bhí comhdhéanta de lucht bainistíochta sinsearach na Gníomhaireachta agus atá freagrach as acmhainní daonna, as TF agus as slándáil, i mí an Mhárta 2021 agus gur chrom an Ghníomhaireacht ar a straitéis maidir le bealaí nua oibre a chur chun feidhme ó fhómhar 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh í an teilea-obair an príomh-mhodh oibríochtúil chun sláinte na foirne a choimirciú, go ndearna an Ghníomhaireacht a dícheall freisin modhanna oibre hibrideacha a thabhairt isteach, agus gur teorannaíodh láithreacht na foirne san oifig i gcomhréir leis na bearta sábháilteachta a bhí ar fáil; ag spreagadh na Gníomhaireachta chun cruinnithe a eagrú ar bhealach níos fearr i gcás na gcruinnithe a d’fhéadfaí a reáchtáil ar bhealach níos éifeachtúla go cianda ná i bpearsa amach anseo;

30.

ag tabhairt dá haire go ndearna Stiúrthóir na Gníomhaireachta eisceachtaí sealadacha slándála a sholáthar agus a fhormheas chun rochtain ar fhaisnéis íogair a éascú le haghaidh obair a bhain le cásanna faoi Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011, agus gur cuireadh roinnt bearta maolaithe riosca i bhfeidhm i ndáil leis sin;

Barúlacha eile

31.

ag tabhairt dá haire agus is mór aici gur chuir an Ghníomhaireacht tús leis an bpróiseas chun a suíomh gréasáin poiblí a aistriú chuig córas nua bainistithe lánais (Drupal) in 2021, mar iarracht íomhá phoiblí na Gníomhaireachta a nuachóiriú agus feabhas a chur ar sholáimhsitheacht a suímh gréasáin; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil feabhas tagtha ar leathanaigh ócáidí poiblí na Gníomhaireachta;

32.

á iarraidh ar an nGníomhaireacht leanúint dá sineirgí a fhorbairt (mar shampla acmhainní daonna, bainistiú foirgneamh, seirbhísí TF agus slándáil), agus a comhar, a malartú dea-chleachtas agus a plé maidir le réimsí leasa fhrithpháirtigh le gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais a threisiú, d’fhonn éifeachtúlacht a fheabhsú;

33.

ag tagairt, i ndáil le barúlacha eile de chineál tras-earnálach a ghabhann lena cinneadh maidir le hurscaoileadh, do rún uaithi an 10 Bealtaine 2023 (4) maidir le feidhmíocht, bainistíocht airgeadais agus rialú na ngníomhaireachtaí.

(1)   IO C 141, 29.3.2022, lch. 157.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh mórdhíola fuinnimh (IO L 326, 8.12.2011, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 (IO L 115, 25.4.2013, lch. 39).

(4)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0190.