29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/178


RÚN (AE) 2023/1842 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0114/2023),

A.

de bhrí go ndéantar comhar an Aontais um fhorbairt, mar a shainmhínítear in Airteagail 208 go 210 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) é, i gcomhthéacs domhanda, a shainítear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’) agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena mbaineann;

B.

de bhrí go bhfuil caidreamh comhair ag an Aontas le líon mór tíortha atá i mbéal forbartha agus é mar phríomhchuspóir aige forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn agus é mar phríomhaidhm an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú go fadtéarmach trí chabhair um fhorbairt agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thíortha is tairbhithe;

C.

de bhrí gurb é cuspóir chomhar an Aontais um fhorbairt seasamh le luachanna agus leasanna an Aontais agus iad a chur chun cinn ar fud an domhain chun cuspóirí agus prionsabail a ghníomhaíochta seachtraí a shaothrú, mar a leagtar síos in Airteagal 3(5) agus in Airteagail 8 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach;

D.

de bhrí, ó 1959 agus go dtí 2020, gur chuir na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna) cabhair le haghaidh comhar um fhorbairt ar fáil do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do na tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); de bhrí gur chomhaontú comhpháirtíochta é an creat lenar rialaíodh caidreamh an Aontais le tíortha ACC agus leis na tíortha agus críocha thar lear a síníodh in Cotonou (‘Comhaontú Cotonou’) ar an 23 Meitheamh 2000 le haghaidh tréimhse 20 bliain agus ar cuireadh síneadh leis go dtí an 30 Meitheamh 2022 ina dhiaidh sin;

E.

de bhrí go bhfuil an t-aonú Ciste Eorpach Forbraíochta (CEF) déag tar éis a chéim dheiridh a bhaint amach ós rud é gur tháinig a chlásal éagtha i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020 agus, amhail ó 2021, gur áiríodh cláir CEF i gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an Aontais; de bhrí, áfach, go síneofar conarthaí sonracha le haghaidh comhaontuithe maoiniúcháin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023;

F.

de bhrí, le haghaidh CAI 2021-2027, go ndearnadh an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a ionchorprú san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (‘NDICI-An Eoraip Dhomhanda’) agus gur ionchorpraíodh an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha agus críocha thar lear sa Chinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn (1);

G.

de bhrí nár ionchorpraíodh an ochtú, an naoú, an deichiú agus an aonú CEF déag i mbuiséad ginearálta AE agus go leanfar dá gcur chun feidhme agus de thuairisciú a dhéanamh orthu ar leithligh go dtí go ndúnfar iad;

H.

de bhrí gurb í an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) (2) sa Choimisiún a bhainistíonn na CEFanna den chuid is mó agus go bhfuil sciar beag (0,25 %) de chaiteachas 2021 CEF á bhainistiú ag an Ard-Stiúrthóireacht um Chosaint Shibhialta Eorpach agus Oibríochtaí um Chabhair Dhaonnúil;

I.

de bhrí go bhfuil athrú ag teacht ar an gcomhar um fhorbairt a fhágann go bhfuil sé dírithe níos mó anois ar chomhleasanna, lena n-áirítear infheistíocht, trádáil agus forbairt na n-earnálacha sa gheilleagar a bhfuil an-bhreisluach ag baint leo, forbairt inbhuanaithe, oideachas agus comhionannas inscne, seachas a bheith dírithe ar na hearnálacha sóisialta mar a bhí go traidisúnta;

J.

de bhrí go bhfuil gá le hathruithe struchtúracha in earnáil talmhaíochta na dtíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha, go háirithe trí fheirmeoirí áitiúla ar mhionscála a chumhachtú, trí chúnamh a thabhairt dóibh teicneolaíochtaí talmhaíochta nua-aimseartha a úsáid, trí mhodhanna nua-aimseartha bainistithe uisce a chur chun feidhme agus trí rochtain ar an margadh a éascú;

K.

de bhrí, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa (3), go n-oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Ballstáit ar an láthair, le tairbhithe áitiúla agus leis na deontóirí eile chun tionchar follasach a imirt agus athrú ó bhonn a bhaint amach sna tíortha comhpháirtíochta; á mheabhrú nach mór don tacaíocht bhuiséadach freagairt do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta agus do phríomhbheartais an Aontais; á mheabhrú gur gá feidhmíocht na gclár agus a dtionchar i dtíortha comhpháirtíochta agus ar an bpobal sibhialtach a thomhas freisin;

L.

de bhrí gur inniúlacht roinnte idir na Ballstáit agus an tAontas é an comhar um fhorbairt, agus go luaitear go sonrach in Airteagal 208 CFAE go ndéanann ‘beartas an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus beartas na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a neartú.’;

M.

de bhrí gur féidir leis an Aontas agus leis na Ballstáit gníomhaíochtaí comhpháirteacha a dhéanamh agus gur cheart dóibh a chéile a chur ar an eolas faoi ghníomhaíochtaí atá á ndéanamh i réimse an chomhair um fhorbairt;

N.

de bhrí go bhfuil an inbhuanaitheacht ríthábhachtach chun na spriocanna agus na torthaí atá leagtha síos a bhaint amach agus, go háirithe, chun tionchar fadtéarmach na cabhrach um fhorbairt a bhaint amach;

O.

de bhrí, go traidisiúnta, go dtarlaíonn cur chun feidhme CEF, agus forbairt i gcoitinne, i dtimpeallachtaí a bhfuil baol ag baint leo, atá casta agus a bhíonn ag athrú go mear, scéal a chuaigh in olcas in 2021 de dheasca phaindéim COVID-19 agus na staide polaitiúla míshocra a bhí i gcuid de thíortha comhpháirtíochta an Aontais, rud a chuir bac ar chur chun feidhme CEF agus na ngníomhaíochtaí iniúchóireachta faoi seach;

P.

de bhrí go bhfuil an bhearna atá ag dul i méid idir na cistí is gá agus iad siúd atá ar fáil chun freagairt do na géarchéimeanna aeráide, ocrais, fiachais, daonnúla agus do ghéarchéimeanna eile atá ag dul i méid, rud a chruthaíonn éagothromaíocht atá ag dul i méid idir tíortha tionsclaithe agus tíortha lagfhorbartha agus a mhéadaíonn leibhéil na bochtaineachta den chéad uair le blianta fada anuas;

Q.

de bhrí, d’ainneoin an ráitis roimhe seo, go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht, cuntasacht, dícheall cuí maidir le cearta an duine a chothú agus éilliú agus calaois a chomhrac chun go n-éireoidh le hoibríochtaí tacaíochta buiséadaí an Aontais;

R.

de bhrí gur léiriú í an chabhair dhaonnúil agus an chabhair um fhorbairt ar dhlúthpháirtíocht dhomhanda de facto, rud a chumhdaítear sna Conarthaí agus atá i gcroílár luachanna an Aontais;

Cur chun feidhme an bhuiséid

1.

á mheabhrú go raibh an bhliain 2021 tábhachtach ar dhá chúis – ba í an chéad bhliain í tar éis chlásal éagtha an aonú CEF déag (an 31 Nollaig 2020), rud a chiallaíonn nár tugadh aon ghealltanais dhomhanda eile ann le haghaidh tionscadail faoin aonú CEF déag, agus, sa bhreis air sin, cuireadh as do chur chun feidhme airgeadais na gconarthaí (gealltanais aonair: EUR 2 118 milliún) agus na n-íocaíochtaí (EUR 3 393 mhilliún) faoin deichiú agus an aonú CEF déag de dheasca ghéarchéim COVID-19 a bhí ag dul ar aghaidh i gcónaí in 2021 (4);

2.

ag tabhairt dá haire gurb ionann CEF agus 46,1 % de phunann AS INTPA sa Choimisiún ó thaobh íocaíochtaí de in 2021, íocaíochtaí a bhí comhionann le EUR 3 435 mhilliún (i.e. 91,27 % den sprioc bhliantúil); ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus EUR 613 mhilliún; ag tabhairt faoi deara, ó chuaigh clásal éagtha an aonú CEF déag in éag an 31 Nollaig 2020, nár tugadh aon ghealltanais nua in 2021, cé is moite de ghealltanais na gcistí a tháinig as athshreabha faoi Shaoráid Infheistíochta ACC ó oibríochtaí faoin naoú, an deichiú agus an aonú CEF déag; ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí BEI maidir le Saoráid Infheistíochta ACC agus EUR 179 mhilliún;

3.

á chur in iúl gurb oth léi, mar gheall gur mhair paindéim COVID-19 níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis, nár shroich 50 % de na toscaireachtaí san Afraic Fho-Shahárach a sprioc íocaíochta íosta a bhí tuartha (90 %); á chur i bhfáth gur ar na cinn sin ba shuntasaí bhí Madagascar, a dhún a theorainneacha ar fad beagnach, rud a d’fhág go raibh sé an-deacair leanúint den chur chun feidhme mar a beartaíodh ar dtús, Sead agus an Ghaimbia mar gheall ar chur chun feidhme a cuireadh ar fionraí nó ar cuireadh moill air, agus an Aetóip, an Ghuine Conacraí agus Mailí, áiteanna a ndearna géarchéimeanna polaitiúla difear tromchúiseach d’oibríochtaí, rud a d’imir tionchar suntasach ar na híocaíochtaí tacaíochta buiséadaí a bhí tuartha; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearna srianta COVID-19 san Aigéan Ciúin agus i Muir Chairib difear freisin don chur chun feidhme, agus i bhFidsí agus i Háítí go raibh tionchar tubaisteach ar thionscadail bhonneagair ag na héifeachtaí comhthaobhachta diúltacha a d’eascair as an staid eacnamaíoch, shóisialta agus pholaitiúil a bheith ag dul in olcas;

4.

á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí rialta atá á ndéanamh ag AS INTPA chun sean-réamh-mhaoiniú agus seanghealltanais nár caitheadh a laghdú agus sprioc 35 % acu; á thabhairt dá haire gur sháraigh AS INTPA an sprioc trí shean-réamh-mhaoiniú CEF a laghdú 46 % (50 % do réimsí eile cabhrach) agus laghdú 39 % a dhéanamh ar sheanghealltanais CEF nár caitheadh agus ar fud a réimse freagrachta ina iomláine;

5.

á thabhairt dá haire gur bhain AS INTPA a sprioc amach gan níos mó ná 15 % i dtaobh seanchonarthaí atá imithe in éag a bheith ann do CEF; á thabhairt dá haire go bhfuair sé scór 13 % do CEF agus 10 % ar fud a réimse freagrachta ina iomláine; á thabhairt dá haire go bhfuil feabhas comhsheasmhach tagtha ar CEF ó 2017 i leith;

Tionchar na ngníomhaíochtaí sna ráitis airgeadais

6.

á thabhairt dá haire gur tháinig laghdú EUR 101 mhilliún ar an réamh-mhaoiniú, go príomha mar thoradh ar níos lú réamhíocaíochtaí arna n-íoc mar gheall ar an laghdú ar líon na gconarthaí a síníodh (EUR 3 670 milliún in 2020 i gcomparáid le EUR 2 118 milliún in 2021); á thabhairt dá haire, thairis sin, gurb iad na dúshláin a bhí ann de dheasca phaindéim COVID-19 agus géarchéimeanna geopholaitiúla atá ar siúl faoi láthair is cúis leis an laghdú sin agus, dá bhrí sin, go bhfuil méadú EUR 266 mhilliún ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid ann mar thoradh ar an laghdú suntasach sin ar réamh-mhaoiniú agus ar íocaíochtaí eile;

7.

á thabhairt dá haire go raibh líon i bhfad níos ísle conarthaí oscailte ann ag deireadh 2021, mar thoradh ar an ngearradh siar ar CEF agus an drochthionchar a bhí ag paindéim COVID-19, a bhí fós ag leanúint ar aghaidh, agus ag géarchéimeanna geopholaitiúla ar shíniú conarthaí nua, agus gur fhág sé sin gur tháinig laghdú substaintiúil EUR 519 milliún ar mhuirir fhabhraithe;

8.

á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil éifeacht chomhcheangailte ag an laghdú foriomlán EUR 1 743 mhilliún ar speansais i dtaca le hionstraimí cabhrach: ar thaobh amháin, chuir na dálaí dúshlánacha a bhaineann le paindéim COVID-19 agus an staid gheopholaitiúil mhíshocair i roinnt tíortha bac ar chur chun feidhme ghníomhaíochtaí CEF in 2021, agus, ar an taobh eile, d’fhág an laghdú ar ghníomhaíochtaí faoin diechiú CEF agus faoi CEFanna roimhe sin a bhí i gcomhréir leis an ngearradh siar ar na CEFanna sin go raibh níos lú conarthaí oscailte ann fúthu;

9.

á thabhairt dá haire gur bealach iad cur chun feidhme éifeachtach agus cistiú leormhaith chun dlisteanacht agus éifeachtacht chomhar um fhorbairt an Aontais a áirithiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb amhlaidh, dá fhad a mhairfidh conarthaí faoin mbeartas forbartha, is ea is inbhuanaithe a bheidh na tionscadail;

10.

á thabhairt dá haire go n-úsáidfear cistiú CEF EUR 600 000 000 le haghaidh gníomhaíochtaí eile i dtíortha ACC a rinne na Ballstáit a shaoradh le déanaí le haghaidh bearta chun cabhrú leis an ngéarchéim dhomhanda bia a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, nach mór do na cistí sin a úsáid chun tacaíocht bhreise a áirithiú don fheirmeoireacht áitiúil ar mhionscála, chomh maith le cleachtais agrai-éiceolaíocha agus iascaigh inbhuanaithe atá fabhrach do neamhspleáchas bia pobal áitiúil, rud a fhágann nach mbíonn siad chomh spleách ar na luaineachtaí sna margaí domhanda bia agus talmhaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit staonadh go comhsheasmhach, as seo amach, ó aisíocaíocht chistí saortha CEF a fháil, i bhfianaise an ghá le cistí chun riachtanais phráinneacha a chumhdach i dtíortha ACC agus aird á tabhairt ar mhaoiniú an Aontais agus a mBallstát maidir le gealltanais forbartha chomh maith leis na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chonradh ar Chomhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt;

11.

ag cur béim, thairis sin, ar an bhfíoras go bhfuil gá le hathruithe struchtúracha in earnáil talmhaíochta na dtíortha comhpháirtíochta atá i mbéal forbartha chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime bia, go háirithe trí fheirmeoirí áitiúla ar mhionscála a chumasú chun teicneolaíochtaí nua talmhaíochta a úsáid, trí mhodhanna nua-aimseartha bainistithe uisce a chur chun feidhme, agus trína rochtain ar an margadh a éascú;

Beachtas na gcuntas

12.

á thabhairt dá haire gurbh ionann buiséad an ochtú CEF (1995–2000) agus EUR 12.8 billiún, buiséad an naoú CEF (2000–2007) agus EUR 13.8 billiún, buiséad an deichiú CEF (2008–2013) agus EUR 22.7 billiún, agus an aonú CEF déag agus EUR 30.5 billiún, suim ar leithdháileadh EUR 29,1 billiún di ar thíortha ACC agus EUR 0.4 billiún di ar na tíortha agus críocha thar lear, agus EUR 1.1 billiún a bhí i gceist le haghaidh costais riaracháin;

13.

á thabhairt dá haire, in 2019, gur dhún an Coimisiún na hidirbhearta a bhí fós gan íoc do thionscadail an ochtú CEF agus gur aistríodh gach iarmhéid agus gach saoradh chuig an naoú CEF; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur fhógair an Coimisiún in 2021 gur dúnadh an ochtú CEF ó thaobh airgeadais de agus go hoibríochtúil agus go bhfuil na gníomhaíochtaí gaolmhara go léir curtha i gcrích, go ndearnadh na seiceálacha agus na rialuithe uile, agus go bhfuil na conarthaí agus na cinntí airgeadais go léir dúnta i gcuntais CEF;

14.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’) ar an gconclúid, ina tuarascáil bhliantúil maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an ochtú, an naoú, an deichiú agus an t-aonú CEF déag don bhliain airgeadais 2021, go dtugann na cuntais don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2021 léiriú cothrom, i ngach gné ábhartha, ar staid airgeadais na CEFanna, ar thorthaí a n-oibríochtaí, ar a gcuid sreafaí airgid agus ar na hathruithe ar a nglansócmhainní don bhliain dar críoch ar an dáta sin, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle (5) (‘Rialachán Airgeadais CEF’) agus leis na caighdeáin chuntasaíochta don earnáil phoiblí;

15.

á aithint, agus cláir CEF á gcur san áireamh i CAI an Aontais, go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hiniúchadh na Cúirte ar CEF de réir mar a laghdófar íocaíochtaí CEF agus de réir mar a mhéadóidh na híocaíochtaí ó bhuiséad an Aontais; á thabhairt dá haire, ina dhiaidh sin, go n-aistreoidh an Chúirt acmhainní de réir a chéile chun buiséad an Aontais a iniúchadh; á thabhairt dá haire, áfach, go gcoinnítear an cur chuige atá ann faoi láthair (tuarascáil ar leithligh maidir le CEF) le haghaidh ráiteas urrúis 2022;

Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais

16.

á chur in iúl gur geal léi an tuairim ón gCúirt, ar dá réir atá an t-ioncam is bun leis na cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2021 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;

17.

á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an iliomad cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na tuairimí díobhálacha i ndiaidh a chéile ón gCúirt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais toisc go bhfuil tionchar ábhartha ag earráidí ar an gcaiteachas arna ghlacadh sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021;

18.

á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar shampla 140 idirbheart a bhí ionadaíoch ar an réimse iomlán caiteachais ó CEF d’fhonn iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n-idirbheart; á thabhairt dá haire, thairis sin, gur áiríodh leis sin 26 idirbheart a bhaineann leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, 92 idirbheart arna n-údarú ag 17 dtoscaireacht de chuid AE (6) agus 22 íocaíocht arna bhformheas ag ceanncheathrú an Choimisiúin (7);

19.

ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go raibh earráidí in 54 (38,8 %) as an 140 idirbheart a scrúdaíodh, i gcomparáid le 36 (25,7 %) idirbheart in 2020 don líon céanna idirbheart; á chur i bhfáth, thairis sin, gur chainníochtaigh an Chúirt 43 earráid (31 earráid in 2020), ar ar a mbonn a mheas sí gurbh é 4,6 % an leibhéal earráide don bhliain airgeadais 2021 (3,8 % in 2020);

20.

á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go leanann tíopeolaíocht na n-earráidí a sainaithníodh sa bhliain airgeadais 2021 patrún 2020, eadhon an earráid mheasta a bhaineann le caiteachas neamh-incháilithe (38,6 % in 2021, 38,2 % in 2020), mainneachtain thromchúiseach na rialacha soláthair phoiblí a leanúint (14,6 % in 2021, 2,2 % in 2020), an easpa doiciméad tacaíochta bunriachtanach (23,3 % in 2021, 38,3 % in 2020) agus caiteachas nár tabhaíodh (18,1 % in 2021, 14,9 % in 2020);

21.

á chur in iúl gur cúis bhuartha di go sáraíonn an leibhéal measta earráide an tairseach ábharthachta go córasach (2 %) agus go raibh tionchar aige sin ar 4,6 % den chaiteachas don ochtú, naoú, deichiú agus aonú CEF déag don bhliain airgeadais 2021 (i gcomparáid le 3,8 % in 2020, 3,5 % in 2019, 5,2 % in 2018, 4,5 % in 2017, 3,3 % in 2016, 3,8 % in 2014 agus in 2015, 3,4 % in 2013 agus 3 % in 2012); á thabhairt dá haire, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2020, gur ionann an méadú ar an leibhéal earráide agus 0,8 % (0,3 % in 2020); á athdhearbhú go bhfuil sé ríthábhachtach aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chúiseanna an mhéadaithe sin;

22.

á aithint, nárbh fhéidir leis an gCúirt, mar gheall ar phaindéim COVID-19, cuairteanna ar an láthair a thabhairt ar thoscaireachtaí an Aontais (8) agus, dá bhrí sin, nárbh fhéidir léi nósanna imeachta iniúchta áirithe a chur i gcrích, go háirithe cur chun feidhme conarthaí a fhíorú i leith na n-idirbheart a roghnaíodh, agus, dá bhrí sin, go raibh obair iniúchta na Cúirte teoranta go príomha d’athbhreithnithe deisce ar idirbhearta agus ar thionscadail trí nasc cianda le hiniúchaithe; á thabhairt dá haire, áfach, de réir fhreagraí an Choimisiúin ar cheisteanna i scríbhinn agus na díospóireachta éisteachta a tionóladh sa Choiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa, nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh méadú ar mhí-úsáid cistí ann mar thoradh ar an easpa cuairteanna ar an láthair; á thabhairt dá haire, ina theannta sin, go gcreideann an Coimisiún gur chuidigh cur chuige Fhoireann na hEorpa le comhordú i bhfad níos dlúithe a dhéanamh ar leibhéal na tíre is tairbhí idir an tAontas agus a Bhallstáit, rud a mhéadaigh an éifeachtacht agus an chuntasacht araon;

Trédhearcacht agus éifeachtacht na gcóras faireacháin agus dearbhaithe

23.

á thabhairt dá haire gur tháinig AS INTPA ar chonclúid maidir le cost-éifeachtúlacht na rialuithe a bhfuil sé freagrach astu (éifeachtacht, éifeachtúlacht agus barainneacht a chórais rialaithe) (9); á chur i bhfios go láidir, áfach, go measann an Chúirt, mar a tharla sna blianta roimhe seo, go léiríonn minicíocht na n-earráidí a aimsíodh – lena n-áirítear cuid acu atá sna héilimh dheiridh a bhí faoi réir iniúchóireacht sheachtrach ex ante agus fíoruithe caiteachais – go bhfuil laigí sna seiceálacha sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, ós rud é go bhfuil an ráta earráide ard gach bliain, go ndéanfaí athbhreithniú ar a straitéis iniúchóireachta ex ante agus ex post, agus go ndéanfaí ginearálú níos mó ar dhigitiú le haghaidh rialuithe níos córasaí agus tosaíocht á tabhairt do na tíortha comhpháirtíochta inar sainaithníodh na hearráidí is mó;

24.

ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go ndearna an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme, mar a rinne siad in 2020, níos mó earráidí a bhí bainteach le deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le tíortha is tairbhithe, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí na mBallstát ná mar a rinne siad le haon chineálacha tacaíochta eile (amhail iad siúd a chlúdaíonn conarthaí oibreacha, soláthair agus seirbhíse); á thabhairt dá haire, thairis sin, gurb amhlaidh, as 92 idirbheart den chineál sin a scrúdaigh an Chúirt, go raibh earráidí inchainníochtaithe i 39 díobh, arbh ionann iad agus 81 % den leibhéal measta earráide;

25.

á chur in iúl gur eol di, mar a luaigh an Coimisiún sna freagraí (10) a thug sé ar thuarascáil bhliantúil na Cúirte, go mbíonn an Coimisiún ag feidhmiú i dtríú tíortha i gcomhthéacsanna casta polaitiúla agus teicniúla, agus é ag obair le go leor comhpháirtithe amhail tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí idirnáisiúnta nó gníomhaireachtaí de chuid na mBallstát; á thabhairt dá haire, thairis sin, cé go gcuirtear pleananna gníomhaíochta i gcrích go rialta chun na rátaí earráide a choinneáil chomh híseal agus is féidir, go measann an Coimisiún nach dócha go dtarlóidh cás gan earráid sa chomhthéacs sin;

26.

á iarraidh ar an gCoimisiún arís eile, i bhfianaise bharúlacha na Cúirte, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige cost-éifeachtúleachta a úsáidtear i seiceálacha ex post toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh sé éifeachtach agus go bhféadfadh na laigí ceannann céanna teacht as mar atá léirithe ag an gCúirt agus ag an bParlaimint;

27.

ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, de réir thuarascáil na Cúirte, go raibh a dhóthain faisnéise ag an gCoimisiún i 15 chás d’earráid inchainníochtaithe agus in ocht gcás d’earráid neamh-inchainníochtaithe chun an earráid a chosc, nó é a bhrath agus a cheartú, sular ghlac sé leis an gcaiteachas; á thabhairt dá haire, thairis sin, dá mba rud é, de réir mheasúnú na Cúirte, gur bhain an Coimisiún úsáid chuí as an bhfaisnéis uile atá ar fáil dó, go mbeadh an leibhéal measta earráide 2.4 pointe céatadáin níos ísle, i gcomparáid le 1.19 pointe céatadáin in 2020;

28.

á thabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur cuireadh 25 idirbheart ina raibh earráidí inchainníochtaithe, rud ba chúis le 1.9 pointe céatadáin i dtaca leis an leibhéal measta earráide, faoi réir iniúchadh nó fíorú caiteachais; á thabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil córas rialaithe AS INTPA bunaithe ar sheiceálacha ex ante agus gur fhág an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha iniúchóireachta nó fíoraithe ina ndéantar cur síos ar an obair a rinneadh go hiarbhír nárbh fhéidir leis an gCúirt a mheas an bhféadfaí na hearráidí a bhrath agus a cheartú le linn na seiceálacha ex ante sin, ós rud é nach gcumhdaítear 100 % den chaiteachas tuairiscithe sna tuarascálacha ná nach dtugtar mionsonraí leordhóthanacha iontu chun a dheimhniú an raibh na míreanna inar aimsigh an Chúirt earráidí mar chuid de na seiceálacha ex ante;

29.

á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinne an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2021 agus i mí na Bealtaine 2022 ar théarmaí tagartha na bhfíoruithe caiteachais; á thabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún na hanailísí a neartú tuilleadh agus aghaidh a thabhairt ar ghnéithe eile, amhail sampláil, agus aird a thabhairt ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus ar na freagraí a tugadh i suirbhé a rinneadh i mí Feabhra 2022 ar úsáideoirí an chreat-chonartha iniúchóireachta;

30.

á chur i bhfios go láidir go ndearna an Chúirt dhá réimse caiteachais a shainaithint ar lú an claonadh chun earráide a bhí iontu mar gheall ar choinníollacha sonracha íocaíochta: (a) tacaíocht bhuiséadach agus b) tionscadail ildeontóra arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus atá faoi réir ‘cur chuige barúlach’ (11); á thabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh in 2021 ar cheithre idirbheart tacaíochta buiséadaí agus ocht dtionscadal ‘cur chuige bharúlaigh’ arna mbainistiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;

31.

á mheas nach féidir glacadh leis, mar a tharla sna blianta roimhe seo, nár sholáthair roinnt eagraíochtaí idirnáisiúnta ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chuir bac ar an gCúirt cóipeanna a dhéanamh de na doiciméid agus a d’fhág, ar an gcaoi sin, gur cuireadh cosc le pleanáil agus forghníomhú an iniúchta agus go raibh moilleanna ann agus, ar an gcaoi sin, gur cuireadh cosc ar an gCúirt a saincheart bunúsach a chomhlíonadh mar a áirithítear leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), mar a luadh cheana i mbarúlacha gaolmhara na Cúirte i dtuarascálacha bliantúla 2018 agus 2020; ag aithint iarrachtaí an Choimisiúin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb trí bheith ag obair go gníomhach leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann ar chuir a n-idirbhearta leis an ráta earráide, trí réitigh phraiticiúla a fháil agus idirphlé ardleibhéil a dhéanamh; á chur in iúl gur geal léi go raibh roinnt torthaí dearfacha ar na hiarrachtaí sin: tá feabhas tagtha ar an gcomhar leis an mBanc Domhanda d’iniúchadh 2021 na Cúirte i gcomparáid le 2020; á chur in iúl, mar sin féin, go gcaithfear níos mó a dhéanamh agus á iarraidh ar an gCoimisiún go leanfaí leis na hiarrachtaí agus go ndéanfaí an comhar a neartú le heagraíochtaí idináisiúnta chun a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán, neamhshrianta agus thráthúil ag an gCúirt ar an bhfaisnéis uile is gá chun gur féidir leis an gCúirt dlíthiúlacht agus rialtacht chaiteachas buiséid an Aontais a sheiceáil;

32.

á thabhairt dá haire gur measadh sa deichiú staidéar ar an ráta earráide iarmharach ó AS INTPA, a rinne conraitheoir seachtrach thar a cheann in 2021, go raibh an ráta earráide iarmharach foriomlán faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % arna leagan síos ag an gCoimisiún don séú bliain as a chéile: 1,14 % (0,95 % in 2020);

33.

á chur i bhfáth nach dearbhú iontaofachta ná iniúchadh atá sa staideár ar an ráta earráide iarmharach, de réir mheasúnú na Cúirte, agus go bhfuil sé bunaithe ar mhodheolaíocht an ráta earráide iarmharaigh agus ar an lámhleabhar lena mbaineann a chuireann AS INTPA ar fáil; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil cur síos déanta ag an gCúirt i dtuarascálacha bliantúla 2017–2020 ar CEF ar na teorainneacha sna staidéir a d’fhéadfadh cur le tearcmheastachán córasach RER;

34.

á thabhairt dá haire tuairim na Cúirte ina meastar gur gné chriticiúil de staidéar RER é a mhéid a bhraitheann iniúchóirí eile ar obair iniúchóirí eile, ina mínítear go bhféadfadh trí chás a bheith ann: a) gan aon spleáchas ar obair iniúchóirí eile agus tástáil shubstainteach iomlán ann; b) spleáchas pháirteach ar obair iniúchóirí eile agus tástáil shubstainteach laghdaithe ann; c) spleáchas iomlán ar obair iniúchóirí eile gan aon tástáil bhreise a dhéanamh; á thabhairt dá haire gur tháinig méadú ar an spleáchas iomlán ó 15 % d’idirbhearta in 2020 go 34 % d’idirbhearta in 2021; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí ar aon intinn leis an gCúirt nach bhfuil spleáchas chomh fairsing sin ar obair iniúchóirí eile ag teacht leis an gcuspóir atá le staidéar ar an ráta earráide iarmharach, arb é sin meastachán a dhéanamh ar ráta na n-earráidí nár aimsíodh trí sheiceálacha bainistíochta AS INTPA chun earráidí den chineál sin a chosc, a bhrath agus a cheartú;

35.

á thabhairt dá haire go ndearna AS INTPA laghdú suntasach, ó 2018 i leith, ar raon feidhme na bhforchoimeádas (i.e. sciar an chaiteachais a chumhdaítear leo) sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí agus, ar an gcaoi chéanna, nach n-áirítear aon fhorchoimeádais i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí;

36.

á chur in iúl go bhfuil sí ar aon intinn leis an gCúirt nach bhfuil údar cuí leis an easpa forchoimeádas i dTuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí agus go dtagann sé sin, go pointe, as teorainneacha an staidéir ar an ráta earráide iarmharach, ós rud é go mbaineann fionnachtana na Cúirte i leith an staidéir sin freisin leis na meastacháin ar na méideanna faoi riosca atá bunaithe air sin; á thabhairt dá haire gurb é meastachán AS INTPA gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth na híocaíochta ná EUR 79.65 milliún (1,41 % de chaiteachas 2021) agus gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth an chlabhsúir ná EUR 66.03 milliún; á thabhairt dá haire, thairis sin, as an méid faoi riosca ag tráth na híocaíochta, go measann AS INTPA go ndéanfar EUR 13.62 milliún (24 %) a cheartú trína chuid seiceálacha sna blianta atá le teacht (tugtar ‘acmhainneacht cheartaitheach’ ar an méid sin) (12);

37.

ag tabhairt dá haire, tar éis na moltaí ón gCúirt sna tuarascálacha bliantúla uaithi do na blianta airgeadais 2019 agus 2020, go ndearna AS INTPA scrúdú ar an mbealach is fearr chun moltaí na Cúirte a ionchorprú, agus athruithe á ndéanamh aige ar lámhleabhar agus modheolaíocht an ráta earráide iarmharaigh, agus na costais agus na sochair a bhfuiltear ag súil leo á gcur san áireamh go hiomlán; ag tabhairt dá haire go ndearna AS INTPA lámhleabhar agus modheolaíocht ón staidéar ar an ráta earráide iarmharach a nuashonrú i mí Eanáir 2022;

38.

ag tabhairt dá haire go bhfuil AS INTPA ag obair chun feabhas a chur ar cháilíocht a chuid sonraí chun an acmhainneacht cheartaitheach a ríomh agus, in 2021, gur lean sé dá chuid gníomhaíochtaí oiliúna agus múscailte feasachta maidir le haisghabhálacha agus cáilíocht sonraí cuntasaíochta; ag tabhairt dá haire, mar an gcéanna le blianta roimhe seo, go ndearna AS INTPA seiceálacha spriocdhírithe ar orduithe aisghabhála chun na neamhréireachtaí a sainaithníodh a cheartú; ag tabhairt dá haire gur athbhreithnigh an Chúirt ríomh na hacmhainneachta ceartaithí do 2021 agus, tar éis 35 % (de réir luacha) de mhéid iomlán na n-aisghabhálacha a thástáil, nár aimsigh an Chúirt earráidí sa sampla;

39.

á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh ‘scórchlár airgeadais’, ina bhfuil sé tháscaire (13), d’fhonn an tuairisciú airgeadais a dhéanamh níos comhsheasmhaí in Ard-Stiúrthóireachtaí uile an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire gur cuireadh ceithre tháscaire eile leis in 2021 (14); ag tabhairt dá haire go raibh sé cinn as na deich dtáscaire infheidhme maidir le CEF agus na cistí iontaobhais in 2021; ag tabhairt dá haire, maidir le ‘hionsú na ngealltanas foriomlán’, gur bhain AS INTPA toradh 99 % amach do bhuiséad an Aontais agus 97 % do CEF in 2021, i gcomparáid le 95 % agus 94 % faoi seach in 2020 agus maidir le ‘híocaíochtaí tráthúla’, gur bhain AS INTPA 97 % amach do bhuiséad an Aontais agus 95 % do CEF in 2021, i gcomparáid le 98 % agus 97 % faoi seach in 2020;

Calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú

40.

ag tabhairt dá haire go bhfuil a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS INTPA ó 2014 i leith, ar bhonn na modheolaíochta a chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar fáil agus, ó tháinig sí i bhfeidhm, go ndearnadh trí nuashonrú uirthi, ar glacadh an ceann deireanach díobh in 2021; ag tabhairt dá haire go bhfuil faireachán á dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise agus go bhfaigheann an bhainistíocht tuarascálacha leathbhliantúla ar imscrúduithe leanúnacha OLAF agus ar an obair leantach ar mholtaí OLAF; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go bhfuil 16 ghníomhaíocht inmheánacha i bplean gníomhaíochta nua AS INTPA a glacadh in 2021, ar cuireadh 80 % díobh chun feidhme laistigh den spriocdháta a sonraíodh nó de réir na minicíochta a bhí beartaithe agus go bhfuil an 20 % eile de na gníomhaíochtaí ar siúl faoi láthair nó, i gcás ina bhfuil spriocdháta cur chun feidhme leagtha síos dóibh in 2022, go bhfuiltear ag súil go gcuirfear i gcrích iad in 2022 (15);

41.

ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh AS INTPA freisin le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus gur chuir sé gníomhaíocht 33 de Phlean Gníomhaíochta Frithchalaoise an Choimisiúin (SWD(2021)0262) (16) chun feidhme go tráthúil; á chur in iúl gur oth léi nach ndearna AS INTPA obair leantach ach ar 33 % de mholtaí airgeadais OLAF agus, ar an iomlán, go bhfuil 20 % de na moltaí airgeadais (a eisíodh in 2017–2021) curtha chun feidhme go hiomlán, go bhfuil 20 % curtha chun feidhme go páirteach, go bhfuil 60 % i bpróiseas cur chun feidhme atá ar siúl faoi láthair nó go bhfuil anailís á déanamh orthu go fóill; á chur in iúl go gcaithfidh ráta cur chun feidhme níos fearr a bheith ann do mholtaí OLAF fiú má tá deacrachtaí ann a tharlaíonn arís is arís eile maidir le moltaí OLAF a chomhlíonadh agus má tá na deacrachtaí sin ann mar gheall ar shainiúlachtaí agus srianta dlíthiúla, amhail caingne dlí fada, dul in éag na tréimhse teorann agus féimheacht;

42.

ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, go raibh AS INTPA ar an eolas faoi 23 imscrúdú leanúnacha (17 in 2020, 19 in 2019) agus gur dhún OLAF trí imscrúdú le moltaí airgeadais, riaracháin agus/nó breithiúnacha agus dhá imscrúdú gan mholtaí;

43.

á chur in iúl gur geal léi an oiliúint nua ar líne maidir le calaois a chosc i gcaidreamh seachtrach an Aontais, an feachtas faisnéise a seoladh atá dírithe ar chomhpháirtithe seachtracha AS INTPA, go bhfuil comhfhreagraí frithchalaoise na hArd-Stiúrthóireachta ag lárú agus ag dáileadh faisnéise i gcónaí i ndlúthchomhar le líonra frithchalaoise INTPA agus OLAF, na nuashonruithe ar leathanaigh ghréasáin agus lámhleabhair mar aon leis an nóta bliantúil agus an feachtas faisnéise do gach ball foirne maidir le huirlisí chun calaois a chosc agus smachtbhannaí a ghearradh i gcás calaoise;

44.

á iarraidh ar an gCoimisiún rialuithe a fheabhsú tuilleadh chun earráidí idirbheartaíochta a laghdú agus chun moltaí na Cúirte a chur chun feidhme ina n-iomláine;

45.

á thabhairt chun suntais go bhfuil dlisteanacht agus éifeachtacht chomhar an Aontais um fhorbairt ag brath ar chur chun feidhme ceart gníomhaíochtaí agus a gcistiú cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún rialuithe a fheabhsú tuilleadh chun méid na n-earráidí idirbheartaíochta a laghdú agus chun moltaí na Cúirte a chur chun feidhme ina n-iomláine;

An tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ar chuntais 2021 CEF

46.

ag tabhairt dá haire, tar éis don chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’) a bheith curtha i gcrích idir an dá pháirtí, gur gheall an Ríocht Aontaithe go mbeadh sé fós ina páirtí de CEF go dtí go gcuirfí clabhsúr ar an 11ú CEF agus gach CEF roimhe sin nár dúnadh fós; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh na hoibleagáidí ceánna ar an Ríocht Aontaithe is atá ar na Ballstáit faoin gcomhaontú inmheánach lenar cuireadh ar bun an 11ú CEF chomh maith leis na hoibleagáidí a eascraíonn ó CEFanna roimhe sin go dtí go ndúnfar iad;

47.

ag tabhairt dá haire, go luaitear freisin sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, i gcás nach bhfuil na méideanna ó thionscadail faoin 10ú CEF nó ó CEFanna roimhe sin geallta nó nach bhfuil siad saortha ó ghealltanais ar dháta theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe sin, nach ndéanfar sciar na Ríochta Aontaithe de na méideanna sin a athúsáid agus gurb amhlaidh an cás maidir le sciar na gcistí de chuid na Ríochta Aontaithe nár gealladh nó nár saoradh faoin 11ú CEF tar éis an 31 Nollaig 2021;

48.

á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte nach bhfuil aon tionchar airgeadais le tuairisciú ar chuntais 2021 CEF agus gur léiriú cuí iad cuntais CEF amhail an 31 Nollaig 2021 ar staid an phróisis aistarraingthe ar an dáta sin;

Tacaíocht bhuiséadach an Aontais

49.

ag tabhairt dá haire, sna na freagraí comhdhlúite ar an gceistneoir a cuireadh chuig an gCoimisiún, gurbh ionann na híocaíochtaí tacaíochta buiséadaí faoi CEF agus EUR 340 milliún in 2021: bhain 25 thír ACC agus 10 dTír agus Críoch Thar Lear tairbhe as tacaíocht bhuiséadach faoi CEF in 2021;

50.

ag tabhairt dá haire, le 2 bhliain anuas, gur chabhraigh tacaíocht bhuiséadach an Aontais le tíortha le híocaíochtaí foriomlána de EUR 4.2 billiún – EUR 3 bhilliún in 2020 agus EUR 1.2 billiún in 2021 chun tacú le hathchóirithe in earnálacha éagsúla agus chun cosc a chur ar thuilleadh socruithe eacnamaíocha agus sóisialta, ag tabhairt dá haire, thairis sin, nárbh fhéidir na hiarrachtaí ar acmhainní tús-ualaithe in 2020 a fhritháireamh go hiomlán in 2021, mar gur tháinig NDICI-Eoraip Dhomhanda nua i bhfeidhm le linn na bliana agus nár tháinig an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais i bhfeidhm go dtí deireadh 2021; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur chuir bacainní polaitiúla agus géarchéimeanna ar bhonn náisiúnta bac ar chur chun feidhme na gclár leanúnach i roinnt tíortha;

51.

ag tabhairt dá haire gurb í an Afraic fho-Shahárach an réigiún a fhaigheann an tacaíocht bhuiséadach is mó ón Aontas (35 %), agus ina dhiaidh sin tá comharsanacht na hEorpa (31 %), an Áise (16 %), Meiriceá Laidineach (6 %), na Balcáin Thiar (4 %), an Mhuir Chairib (3 %), na tíortha/críocha thar lear (3 %) agus réigiún an Aigéin Chiúin (2 %); ag tabhairt dá haire, thairis sin, de réir an chineáil conartha, gur mó conarthaí feidhmíochta athchóirithe earnála ná conarthaí forbartha stáit agus forbartha athléimneachta agus conarthaí maidir leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe, agus 79 % de luach na punainne acu i gcomparáid le 19 % agus 2 % faoi seach;

52.

á chur i bhfios go láidir gur bealach í tacaíocht bhuiséadach an Aontais chun cúnamh éifeachtach a chur ar fáil, lena n-áirítear i gcásanna géarchéime, agus gur cuidiú í chun córais na dtíortha agus na próisis bhuiséid le haghaidh beartais phoiblí a chur chun feidhme agus torthaí inbhuanaithe a bhaint amach a neartú; á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint leis an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19 (COVAX) a choinneáil chun an seans a uasmhéadú go bhfaighidh daoine i dtíortha rannpháirteacha rochtain ar vacsaíní COVID-19 agus vacsaíní eile i gcás géarchéim nua chomh luath, chomh cothrom agus chomh sábháilte agus is féidir; á chur i bhfáth, thairis sin, go raibh ról lárnach aici le linn phaindéim COVID-19 sa mhéid gur cuireadh spás fioscach breise ar fáil chun dul i ngleic le tionchar diúltach na paindéime; ag aithint gur cheart do na hiarrachtaí sin leanúint ar aghaidh go luath amach anseo i bhfianaise éifeachtaí uafásacha domhanda chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine;

53.

ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil díothú na bochtaineachta, cur chun cinn na luachanna daonlathacha agus díghrádú an chomhshaoil fós ar na dúshláin is mó atá ann sa lá atá inniu ann; á mheabhrú go bhfuil domhan ina bhfuil 1.2 billiún duine in 111 thír i mbéal forbartha (17) atá thíos le géarbhochtaineacht a mbaineann gnéithe éagsúla léi neamhchothrom agus neamh-inbhuanaithe ó thaobh na héiceolaíochta de; á iarraidh go ndéanfar cistiú iomchuí chun stop a chur leis an ngluaiseacht leanúnach ó Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe;

54.

á chur i bhfáth nach gníomh carthanachta é deireadh a chur leis an mbochtaineacht ach gur gníomh ceartais é agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun acmhainneacht ollmhór an duine a éascú; á chur i bhfáth, thairis sin, gan idirghabhálacha seachtracha, gur gnách go mbuanaítear timthriall na bochtaineachta ar bhealaí éagsúla de réir mar a fhaigheann an bhochtaineacht greim ar theaghlaigh a bhfuil sócmhainní teoranta acu nó nach bhfuil aon sócmhainní acu agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar ghanntanais sheasta bhia, drochshláinte, cruachás de dheasca an athraithe aeráide agus stiogmaí sóisialta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil teaghlaigh atá ina gcónaí i gceantair iargúlta fós gan cheangal le go leor seirbhísí bunúsacha amhail uisce glan agus sláintíocht, cúram sláinte, agus córais mhargaidh, agus go gcaomhnaíonn gach ceann acu a stádas socheacnamaíoch, mura ndéanann siad níos measa é;

55.

ag tarraingt aird ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh daoine, agus daoine óga go háirithe, in ann maireachtáil, staidéar a dhéanamh agus oibriú ina dtír agus a réigiún féin; á chur i bhfios go láidir, gan bearta éifeachtúla agus éifeachtacha lena dtugtar aghaidh ar an mbochtaineacht, tacaíocht chuíchóirithe don mhicreamhaoiniú agus d’fhiontraithe ar mionscála a fhorbairt, go leanfaidh an méadú ar ghluaiseachtaí imirce ar chúiseanna eacnamaíocha, eadhon imirce daoine oilte, rud a fhágann go mbeidh an iliomad dúshlán roimh na tíortha cinn scríbe agus na tíortha tionscnaimh araon;

56.

á chreidiúint go daingean gurb é cur chuige ilghnéitheach agus iomlánaíoch i leith na fíorbhochtaineachta an cur chuige is fearr agus á athdhearbhú gur ceart daonna agus an uirlis is cumhachtaí araon chun an bhochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas a chomhrac é an t-oideachas (agus an oiliúint);

57.

á chur i bhfáth nach bhfreastalaíonn thart ar 64 mhilliún leanbh i dtíortha atá i mbéal forbartha ar an mbunscoil; á chur i bhfáth gur cailíní atá i gceist go háirithe, toisc go bhfuiltear ag baint níos mó agus níos mó dá gcearta chun oideachais ar ardchaighdeán mar gheall ar dhúnadh scoileanna, easpa rochtana ar an gcianfhoghlaim lena n-áirítear ar ábhair digiteacha, agus laghdú ar bhuiséid oideachais náisiúnta mar gheall ar an mbrú atá ar na geilleagair náisiúnta; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cúis mhór amháin é an foréigean sna réigiúin ar domhan a bhfuil coinbhleacht ar siúl iontu agus gurb í an bhochtaineacht an bhacainn mhór eile – a bhíonn fite fuaite go dlúth le coinbhleacht go minic; á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint le comhionannas deiseanna a bheith lárnach don fhorbairt; á chur i bhfáth gur céimeanna tábhachtacha iad mná a chumhachtú agus rochtain ar oideachas leormhaith i dtíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe do chailíní agus do mhná, sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus na neamhshlándála bia; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, nach mór rochtain na mban óg ar thionscadail, oiliúint ghnó agus cistí Eorpacha a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta toisc go bhfuil ról tábhachtach ag mná i bhforbairt an gheilleagair áitiúil agus réigiúnaigh i roinnt tíortha i mbéal forbartha;

58.

ag tabhairt dá haire go dtacaíonn an tAontas Eorpach leis an oideachas i dtuairim is 100 tír agus trí chomhpháirtíochtaí amhail an Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas (18) agus Education Cannot Wait (19), agus go bhfuil an comhionannas inscne á chur chun cinn aige i gcónaí i gcomhpháirt le rialtais agus le geallsealbhóirí neamhrialtasacha;

59.

ag moladh thosaíocht an Choimisiúin dul thar an sprioc 10 % a socraíodh agus 13 % a bhaint amach maidir le hoideachas i bpunann iomlán AS INTPA;

60.

ag tabhairt dá haire go ndearna an tAontas, in 2021, EUR 85 mhilliún a eisíoc as CEF chun tacú leis an oideachas i dtíortha comhpháirtíochta, rud a d’fhág gur cláraíodh níos mó ná 32 mhilliún dalta bunscoile agus beagnach 3 mhilliún mac léinn ar leibhéal na meánscoile thar 2018–2020; ag tabhairt dá haire, as an EUR 85 mhilliún sin, gur úsáideadh EUR 6 mhilliún chun tacú le tionscadail soghluaisteachta agus fothaithe acmhainneachta faoi chlár Erasmus do thíortha ACC, gur eisíocadh EUR 31 mhilliún ar mhaithe leis an ngairmoideachas agus an ghairmoiliúint – as an méid sin, íocadh EUR 5 mhilliún mar chuid de chláir tacaíochta buiséadaí, EUR 1,2 milliún le haghaidh oibreacha agus soláthairtí, EUR 0,8 milliún le haghaidh seirbhísí agus íocadh na EUR 24 mhilliún a bhí fágtha i bhfoirm deontas;

61.

ag tabhairt dá haire gur gheall an Coimisiún EUR 700 milliún don Chomhpháirtíocht Dhomhanda um Oideachas anuraidh, chun cuidiú le múinteoirí oilte a chur ar fáil do 140 milliún leanbh agus chun go mbeadh 88 milliún leanbh breise ar scoil agus ag foghlaim;

62.

á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag na cláir fiontraíochta sa chomhrac i gcoinne na bochtaineachta agus i bhforbairt an fháis eacnamaíche; á thabhairt chun suntais gur féidir le cúrsaí oiliúna gnó cabhrú le fiontraithe ar mionscála gnólachtaí a chur ar bun agus cleachtais ghnó a fheabhsú, rud a chuireann ar chumas teaghlach bocht a gconair i dtreo slite beatha inbhuanaithe agus athléimneacht shocheacnamaíoch a phleanáil; ag tabhairt dá haire, áfach, chun éifeachtacht na gclár sin a fheabhsú, gur cheart an oiliúint a chomhlánú le tacaíocht shaincheaptha agus le seirbhísí leantacha; á mheabhrú go bhfuil sí den tuairim nach mór rochtain na mban óg ar thionscadail, oiliúint ghnó agus cistí Eorpacha a spreagadh i dtíortha comhpháirtíochta;

63.

á chur in iúl gur geal léi gur tháinig Creat Bainistithe Riosca nua (RMF+) i bhfeidhm in 2021; ag tabhairt dá haire go gcuireann an uirlis nua sin leis an gcreat bainistithe riosca a bhí ann roimhe seo, a cuireadh i bhfeidhm in 2013; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil RMF+ curtha in oiriúint don chomhthéacs athraitheach do chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta, don tírdhreach geopholaitiúil atá ag athrú agus don NDICI-An Eoraip Dhomhanda nua agus go bhfuil feidhm aige maidir le tíortha a bhfuil socruithe déthaobhacha comhair ag an Aontas leo, lena n-áirítear líon suntasach tíortha nach gcuirtear tacaíocht bhuiséadach ar fáil iontu;

64.

ag tábhairt dá haire go mbaineann toscaireachtaí AE agus seirbhísí lárnacha an Choimisiúin úsáid as conclúidí agus obair leantach RMF+ ar chur chun feidhme beart maolaithe riosca agus ar an dul chun cinn a baineadh amach le tosaíochtaí idirphlé beartais, i sineirgíocht le huirlisí anailíseacha agus tuairiscithe eile atá ann cheana;

65.

á mheas go bhfuil CEF, cosúil le cláir eile an Aontais, thíos le heaspa infheictheachta, tuisceana agus poiblíochta i measc na bpobal áitiúil a bhaineann tairbhe as cistiú an Aontais toisc nach bhfuil siad ar an eolas faoi thacaíocht agus dlúthpháirtíocht an Aontais; á mheas nach mór EDF a mhíniú níos fearr don phobal;

66.

á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur thug an Coimisiún íosrialacha corparáideacha comhleanúnacha agus ceangailteacha maidir leis an gcumarsáid agus infheictheacht an Aontais isteach i gcláir chistiúcháin agus modhanna bainistíochta uile an Aontais sa tréimhse chistiúcháin 2021–2027 (20); á mheas, áfach, gur cheart go mbeadh gach tír is tairbhí freagrach go páirteach as gníomhaíochtaí cumarsáide a chlársceidealú (faoi mhaoirseacht sheirbhísí an Aontais) d’fhonn feasacht a mhúscailt i measc a bpobal lena mbaineann na tionscadail agus na gníomhaíochtaí arna maoiniú ag an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhéidearthacht sin a fhiosrú;

67.

á chreidiúint gur cheart do gach tír is tairbhí plean fadtéarmach a thíolacadh, ina luafar a cuid tionscadal agus spriocanna, feadh fhéilire CAI; á chreidiúint go bhféadfadh an t-ollstruchtúr sin trédhearcacht agus intuarthacht an chúnaimh Eorpaigh um fhorbairt a mhéadú, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí cuspóirí fadtéarmacha a leagan síos mar atá siad sainithe ag an gCoimisiún, eadhon i réimsí ina bhfuil gá le réamhphleanáil amhail fuinneamh, sláinte, soláthar uisce agus an t-aistriú digiteach agus glas; ag tabhairt dá haire gur cheart don rialtas is tairbhí plean den sórt sin a thíolacadh, a bheadh ag brath ar rannpháirtíocht geallsealbhóirí áitiúla, ar cheart a rannpháirtíocht a spreagadh; á chreidiúint go gcothódh sé sin rannpháirtíocht na dtíortha cinn scríbe i ndréachtú bheartas forbartha an Aontais freisin, trí rannpháirtíocht a gcuid institiúidí agus geallsealbhóirí;

68.

á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfaí ardán ar líne ina bpoibleofaí tionscadail uile CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda a bhunú, chun trédhearcacht agus rochtain ar shonraí a mhéadú;

69.

ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur ghlac AS INTPA, i réimse na gníomhaíochta seachtraí, in éineacht le hArd-Stiúrthóireachtaí agus seirbhísí eile lena mbaineann, cur chuige nua i leith na cumarsáide ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda; ag tabhairt dá haire, leis an gcur chuige nua sin, go n-imítear ó chumarsáid ilroinnte a bhaineann go sonrach le tionscadal go hiarracht atá níos dírithe agus níos straitéisí; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh na treoirlínte nuashonraithe maidir le hInfheictheacht an Aontais a chur in iúl agus a mhéadú i ngníomhaíochtaí seachtracha (21) ina leagtar amach an méid a bhfuiltear ag súil leis ó chomhpháirtithe a chuireann gníomhaíochtaí seachtracha an Aontais chun feidhme;

70.

á chur in iúl gur oth léi, tar éis dhul in éag chomhaontú comhpháirtíochta Cotonou idir an tAontas agus tíortha ACC i mí Feabhra 2020 agus tar éis inisealacha a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta nua i mí Aibreáin 2021, nach bhfuil siniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta nua údaraithe ag an gComhairle go fóill, lenar cuireadh fadú bliantúil leis an sean-chomhaontú agus lenar cuireadh amhras dlíthiúil ar phobail iomlána ACC agus an Aontais i ndáil le leanúint den idirphlé polaitiúil agus de bheartais forbartha; ag tathant ar an gComhairle go ndéanfaí cros ó Bhallstát aonair a shárú agus siniú an chomhaontaithe comhpháirtíochta nua a údarú;

71.

á mheas go bhféadfaí na torthaí ar chabhair an Aontais um fhorbairt a mhéadú le comhordú láidir agus spriocdhírithe i measc ghníomhaíochtaí CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda maidir le maoiniú, go háirithe trí thionscadail trasteorann, d’fhonn sineirgí a chruthú agus breisluach airgeadais CEF agus NDICI-an Eoraip Dhomhanda a mhéadú;

72.

ag cur i bhfios go bhfuil breisluach le hionstraimí ‘cumaisc’ ina ndéantar deontais phoiblí a chomhcheangal le hiasachtaí príobháideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt d’úsáid ionstraimí den sórt sin agus í a dhreasú; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirt a thabhairt don earnáil phríobháideach, eadhon trí fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus fiontraithe áitiúla;

73.

ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún barúlacha ar na meastóireachtaí a dhéanann sé ar EDF, mar aon le barúlacha eile; á athdhearbhú, mar sin féin, gur iarr sí go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach ar thionscadail arna gcistiú ag CEF, chun go mbeidh an Pharlaimint in ann meastóireacht bheacht a dhéanamh ar thionchar chistí CEF agus chun a fhíorú go ndéanfaí cuspóir deiridh na cabhrach um fhorbairt a urramú - eadhon an bhochtaineacht a laghdú agus deireadh a chur léi ar deireadh;

74.

ag tarraingt aird ar an gcomhthéacs atá ag dul in olcas go seasta, ina ndéantar beartais forbartha agus cabhair dhaonnúil an Aontais, arb é is saintréith de ná paindéim COVID-19, an géarú gan staonadh ar thionchair an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta, éiginnteacht an tsoláthair bia, atá ag dul i méid agus iarmhairtí méadaitheacha chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tabhairt dá haire gur ann don bhearna atá ag dul i méid idir na cistí is gá agus iad siúd atá ar fáil chun freagairt do na géarchéimeanna aeráide, ocrais, fiachais, daonnúla agus do ghéarchéimeanna eile atá ag dul i méid, rud a chruthaíonn neamhionannas atá ag dul i méid agus a mhéadaíonn leibhéil na bochtaineachta den chéad uair le blianta fada anuas; á iarraidh go ndéanfar cistiú iomchuí chun stop a chur leis an ngluaiseacht leanúnach ó SDGanna seachas i dtreo na spriocanna sin; ag cur béim ar an bhfíoras, in ainneoin na ndúshlán iomadúla atá os comhair an Aontais a bhaineann le paindéim COVID-19, agus le fogha chogadh na Rúise san Úcráin agus a éifeachtaí geopholaitiúla agus eacnamaíocha, gur gá an caiteachas ar chúnamh forbartha a mhéadú;

75.

á chur in iúl gur saoth léi nach ann don aistriú ‘ó na billiúin go dtí na trilliúin’ i maoiniú le haghaidh forbartha a measadh a bheith riachtanach nuair a glacadh Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) in 2015; ag tabhairt dá haire gur práinní i bhfad níos mó acmhainní an domhain arna gcoimeád go príobháideach a shlógadh, trí chur chun cinn na hinfheistíochta agus trí chánachas níos éifeachtaí, agus á áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ailínithe le cuspóirí Chlár Oibre 2030 agus leis an gcomhtháthú beartas ar mhaithe le forbairt, ach freisin maoiniú poiblí forbraíochta a uas-scálú, i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta ar leibhéil a bhfuil an tAontas fós i bhfad uathu;

Obair leantach ar urscaoileadh 2020

76.

ag tabhairt dá haire gur sholáthair an Coimisiún achoimre ar ghníomhaíochtaí a rinneadh mar fhreagairt ar na príomhthosaíochtaí polaitiúla a chuir an Pharlaimint agus an Chomhairle in iúl i nós imeachta urscaoilte 2020 trí bhíthin na Tuarascála ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir leis an obair leantach maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020 (22), ar cuid den tuairisciú comhtháite airgeadais agus cuntasachta í;

77.

ag tabhairt dá haire, mar fhreagairt ar iarraidh na Parlaiminte, gur chuir an Coimisiún nuashonrú ar fáil don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme an t-ochtú CEF agus an naoú CEF;

78.

á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme mholadh na Parlaiminte maidir le tacaíocht do riarachán na dtíortha agus na gcríoch thar lear, lena ráthaítear dáileadh cothrom cistí; á thabhairt chun suntais mar sin féin go bhfuil gá le comhleanúnachas níos láidre maidir le gníomhaíocht an Aontais i réigiún ACC, agus é á áirithiú go dtugtar tús áite do na cuspóirí forbartha agus go bhfuil na beartais i leith na dtíortha agus na gcríoch thar lear nasctha le forbairt a réigiún geografach faoi seach agus go bhfuil siad i gcomhréir le tosaíochtaí an Aontais;

79.

ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur cuireadh barúlacha na Parlaiminte san áireamh agus measúnú á dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta 2021 AS INTPA maidir le haghaidh a thabhairt ar laigí rialaithe agus ardrioscaí a sainaithníodh.

(1)  Cinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn), (IO L 355, 7.10.2021, lch. 6).

(2)  Rinneadh AS INTPA de AS DEVCO i mí Eanáir 2021

(3)  Uirlis chun cabhrú le Toscaireachtaí AE oibriú ar bhealach níos fearr i gcomhar leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara na dtíortha trí chlársceidealú agus cur chun feidhme comhpháirteach, https://europa.eu/capacity4dev/wbt-team-europe

(4)  Cuntais bhliantúla an Chiste Eorpaigh Forbraíochta don bhliain 2021, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0321

(5)  Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).

(6)  an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, Djibouti, Tíomór Thóir, an Aetóip, Gána, Guine Bissau, Háítí, Iamáice, an Libéir, an Mhaláiv, Mailí, an Nígir, an Nigéir, an tSaimbia, an Tansáin, Uganda agus an tSaimbia.

(7)  Chuaigh gach ceann den 140 íocaíocht a rinneadh trí AS INTPA.

(8)  An Bhotsuáin, Buircíne Fasó, an Aetóip, Gána, Guine Bissau, Háítí, an Libéir, an Mhaláiv, an Nígir, an Nigéir, an Tansáin, Uganda agus an tSaimbia.

(9)  Tuarascáil bhliantúil 2021 ó AS INTPA maidir le gníomhaíochtaí, lch. 51.

(10)  https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreports-2021/annualreports-2021_GA.pdf (lch. 383).

(11)  Faoin ‘gcur chuige barúlach’, nuair a dhéantar ranníocaíochtaí ón gCoimisiún chuig tionscadail ildeontóra a thiomsú le ranníocaíochtaí ó dheontóirí eile agus nach gcuirtear iad i leataobh le haghaidh míreanna caiteachais sonracha agus inaitheanta, déanann an Coimisiún talamh slán de go bhfuil an caiteachas ag comhlíonadh rialacha incháilitheachta an Aontais ar choinníoll go ndéantar caiteachas incháilithe atá leordhóthanach chun ranníocaíocht an Aontais a chlúdach a áireamh sa mhéid iomlán atá tiomsaithe, https://www.eca.europa.eu/Lists/ECADocuments/annualreports-2021/annualreports-2021_EN.pdf

(12)  Tuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí ó AS INTPA, lch. 34.

(13)  Is iad na táscairí ná: 1) cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, 2) cur chun feidhme na dtuartha do leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, 3) cur chun feidhme leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, 4) cur chun feidhme na dtuartha do leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, 5) ionsú na ngealltanas foriomlán agus 6) íocaíochtaí tráthúla.

(14)  Is iad seo a leanas na ceithre tháscaire bhreise: 7) saoradh ó ghealltanais ar bhonn tráthúil, 8) am cláraithe i gcás sonrasc, 9) cáilíocht na sonraí cuntasaíochta, 10) cáilíocht na sonraí bainistíochta.

(15)  Tuarascáil Bhliantúil 2021 ar Ghníomhaíochtaí ó AS INTPA (lch. 43).

(16)  I gcás inarb iomchuí, bearta sonracha frithchalaoise a áireamh i measc na ‘gcoinníollachtaí’ le haghaidh tacaíocht bhuiséadach. Maidir le tacaíocht bhuiséadach agus cúnamh macra-airgeadais, i gcás inarb iomchuí, feabhas a chur ar straitéisí rialaithe agus sásraí fíoraithe a neartú, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52021SC0262

(17)  Innéacs Domhanda na Bochtaineachta Ilghnéithí, 2022 (MPI).

(18)  https://www.globalpartnership.org/

(19)  https://www.educationcannotwait.org/

(20)  https://commission.europa.eu/funding-tenders/managing-your-project/communicating-and-raising-eu-visibility_ga

(21)  https://international-partnerships.ec.europa.eu/knowledge-hub/communicating-and-raising-eu-visibility-guidance-external-actions_en

(22)  COM(2022), 0331 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/PDF/?uri=CELEX:52022DC0331