29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 242/61


RÚN (AE) 2023/1825 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 10 Bealtaine 2023

maille le barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

ag féachaint dá chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2021, Roinn III – an Coimisiún,

ag féachaint dá cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséid na ngníomhaireachtaí feidhmiúcháin don bhliain airgeadais 2021,

ag féachaint do Riail 99 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0101/2023),

A.

de bhrí gur ionstraim shuntasach é buiséad an Aontais chun cuspóirí comhchoiteanna beartais a ghnóthú, agus gurb ionann ar an meán é agus 1,3 % d’ollioncam náisiúnta an Aontais nó 2,4 % de chaiteachas ginearálta rialtais na mBallstát agus den chaiteachas poiblí iomlán san Aontas;

B.

de bhrí, nuair a dheonaíonn an Pharlaimint urscaoileadh don Choimisiún, go bhfíoraíonn sí agus go ndéanann sí meastóireacht ar cé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh cistí i gceart agus a baineadh nó nár baineadh spriocanna beartais amach tar éis iniúchtaí inmheánacha agus seachtracha, agus ar an gcaoi sin go ndeimhnítear rialtacht agus feidhmíocht chaiteachas an Choimisiúin ó thaobh luach airgid de;

Tosaíochtaí polaitiúla

1.

Ag meabhrú a tiomantais láidir do na bunphrionsabail agus luachanna a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena n-áirítear bainistíocht fhónta airgeadais mar a leagtar amach in Airteagal 317 agus an comhrac in aghaidh na calaoise agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint mar a leagtar amach in Airteagal 325;

2.

Á chur i bhfáth gur prionsabail bhunriachtanacha eitice iad an trédhearcacht, an chuntasacht agus an tsláine laistigh d’institiúidí an Aontais; á mheabhrú conclúidí agus moltaí na Cúirte Iniúchóirí (an ‘Chúirt’) ina Tuarascáil Speisialta 13/2019 maidir le creataí eiticiúla institiúidí an Aontais, chomh maith le rún ón bParlaimint an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht agus sláine in institiúidí an Aontais a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais a chur ar bun a mbeidh, ar thaobh amháin, ról coisctheach aige trí ardú feasachta agus treoir eiticiúil, agus, ar an taobh eile, ról comhlíonta agus comhairleach leis an gcumas moltaí a eisiúint maidir le hábhair eiticiúla, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa;

3.

Ag cur béim ar ról OIPE, Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), Europol agus OLAF sa chomhrac i gcoinne an éillithe; á iarraidh go ndéanfaí acmhainneachtaí OIPE agus OLAF, chomh maith le comhar eatarthu, a neartú tuilleadh; á iarraidh go mbeadh rialacha comhchoiteanna frith-éillithe ann a mbeadh feidhm acu maidir le foireann uile chomhlachtaí an Aontais;

4.

Ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá buiséad an Aontais chun tosaíochtaí polaitiúla an Aontais a bhaint amach, chomh maith leis an ról atá aige cuidiú leis na Ballstáit i gcásanna gan choinne amhail paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a bhain leis sin; á chur i bhfáth go gcuidíonn cur chun feidhme fónta agus tráthúil an bhuiséid le haghaidh a thabhairt ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí ar na riachtanais agus ar na dúshláin sna réimsí éagsúla beartais; ag tabhairt rabhadh go bhféadfadh, agus an buiséad á chur chun feidhme faoi bhrú ama, go méadófaí earráidí agus mírialtachtaí;

5.

Á mheabhrú go bhfuil tábhacht ag baint le measúnú ex post, lena n-áirítear ar chláir airgeadais a chruthaítear chun freagairt do ghéarchéim; bheadh an mheastóireacht ar fheidhmíocht an chláir i ndáil le héifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, comhleanúnachas agus breisluach an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr agus leis na Treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr;

6.

Á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá sé don nós imeachta um urscaoileadh tuairisciú a dhéanamh ar fheidhmíocht chláir bhuiséad an Aontais; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil dlúthbhaint ag breisluach na n-acmhainní infheistithe leis na torthaí a bhaintear amach agus an méid a chuireann siad le feabhas a chur ar shaol laethúil shaoránaigh an Aontais agus ar an tionchar eacnamaíoch laistigh den Aontas;

7.

Á athdhearbhú gur cúis mhór imní di an chaoi a bhfuil staid an smachta reachta i roinnt Ballstát, ar cúis mhór imní ann féin é sin agus a fhágann go bhfuil caillteanais thromchúiseacha ar bhuiséad an Aontais; á chur i bhfios go láidir nár cheart cistí an Aontais a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí frithdhaonlathacha ná chun an t-údarásaíochas a neartú; á mheabhrú gur thug an tAontas sásra coinníollachta dlíthiúla isteach chun cistiú ó na Ballstáit lena ndéantar an smacht reachta a sheachaint agus á chur in iúl gur geal léi céad chur i bhfeidhm an tsásra sin i gcás na hUngáire, gur seoladh an nós imeachta sin i mí na Samhna 2021 agus gur tugadh i gcrích é i mí na Nollag 2022 le reo 55 % de thrí chlár beartais chomhtháthaithe (thart ar EUR 6,35 billiún); cé go mbeadh údar leis na fíorais 100 % a reo, ag tabhairt dá haire gur formheasadh Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta na hUngáire agus na Polainne; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil roinnt garspriocanna móra sa dá phlean, mar a thugtar orthu; á éileamh ar an gCoimisiún go ndéanfaí faireachán leanúnach ar an staid agus an cistiú a choinneáil siar chomh fada agus a chuireann sáruithe ar an smacht reachta bainistiú fónta airgeadais bhuiséad an Aontais i mbaol; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go gcreideann sí go láidir nach mór do na Ballstáit an daonlathas agus an smacht reachta a urramú chun cistí ón Aontas a fháil agus ag tarraingt aird ar an gCoimisiún go bhfuil staid an smachta reachta ag dul in olcas freisin i mBallstáit eile; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, go ndéanfaí cur i bhfeidhm an tsásra coinníollachta a ghníomhachtú gan mhoill aon uair a shainaithnítear sáruithe ar phrionsabail an smachta reachta mar sháruithe a dhéanann difear do bhainistíocht fhónta airgeadais bhuiséad an Aontais nó do chosaint leasanna airgeadais an Aontais ar bhealach atá díreach go leor nó a bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo go ndéanfaí difear dóibh; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le comhar láidir idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún agus na srianta agus na ceartúcháin institiúideacha á n-athneartú ag an am céanna; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sí tar éis a iarraidh go tréan agus go minic ar an gCoimisiún agus ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid dhomhanda agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe don tuairisciú, don fhaireachán agus don iniúchadh agus trí chomhrialacha frithéillithe a dhéanamh agus tríd an gClár Trédhearcachta idirinstitiúideach (1) a dhéanamh éigeantach d’institiúidí uile an Aontais, fiú do ghníomhaireachtaí;

8.

Á mheabhrú go bhfuil an fhorbairt eacnamaíoch san Ungáir nasctha den chuid is mó le hinfheistíochtaí caipitil eachtraigh; á chur in iúl gur saoth léi, dá bhrí sin, reitric fhrith-ilnáisiúnta rialtas na hUngáire agus á chur in iúl gur saoth léi gur chuir institiúidiú an éillithe agus an córas doiléir soláthair phoiblí, ar cheart aghaidh a thabhairt air trí na hathchóirithe a iarradh i gcomhthéacs chur i bhfeidhm an tsásra coinníollachta, ar chumas an rialtais a úinéireacht i réimsí an fhuinnimh, na baincéireachta, na teileachumarsáide agus na meán a mhéadú le blianta beaga anuas; á chur in iúl gur saoth léi séanadh roghnach claonta ar cheadanna agus forchur coinníollacha agus srianta treallacha atá dolúbtha agus é mar aidhm leo cuideachtaí eachtracha áirithe a lagú agus a bhánú go dtí go gcuirtear iallach orthu glacadh le táthcheangal naimhdeach go hiomlán nó go páirteach ag rialtas na hUngáire nó ag olagarcaí gar don rialtas ar phraghsanna atá go mór faoi bhun fhíorluach na cuideachta; ag cáineadh an Choimisiúin toisc nach ndearna sé a fhreagracht a chomhlíonadh maidir leis an margadh inmheánach agus iomaíocht chóir a chosaint trí gan idirghabháil a dhéanamh sna sáruithe leathana sin ar an smacht reachta agus ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh;

9.

Ag cur sonrú i dtorthaí na Cúirte maidir le buiséad an Aontais a chosaint agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di iad; ag tabhairt dá haire gur ann do Thuarascáil Speisialta 11/2022 ón gCúirt dar teideal ‘Buiséad an Aontais a chosaint’ inar shuigh an Chúirt, cé go bhfuil roinnt láidreachtaí ag córas eisiaimh an Choimisiúin, go gcuireann na heasnaimh ann teorainn lena éifeachtacht; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur mhair cur chun feidhme an Chórais Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) níos faide ná mar a bhí beartaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go mbaineann éagsúlachtaí sa chur chuige an bonn ó éifeachtacht fhoriomlán an eisiaimh; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis an bParlaimint chun an Rialachán Airgeadais a athmhúnlú chun EDES a fheabhsú tuilleadh agus chun uirlis éifeachtúil agus éifeachtach a dhéanamh de;

10.

Á chur i bhfáth gur gá na réimsí ina n-úsáidtear an Córas Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) a mhéadú de bhreis ar an mbainistiú díreach agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a úsáid le haghaidh chistí uile an Aontais, lena n-áirítear cistí atá faoi bhainistiú comhroinnte: ag tabhairt dá haire nach mór úsáid shistéamach a bhaint as EDES chun a áirithiú nach féidir le cuideachtaí ná le úinéirí tairbhiúla a ciontaíodh i ndáil le calaois, le héilliú nó le gníomhaíochtaí tromchúiseacha coiriúla eile tairbhe a bhaint as cistí an Aontais; á chur i bhfáth a ghátaraí atá sé na táscairí in Arachne a chomhchuibhiú le forais eisiaimh EDES chun a áirithiú go mbeidh oibreoirí eacnamaíocha eisiata infheicthe in Arachne freisin; á iarraidh go mbeadh idir-inoibritheacht uasta ann idir Arachne, EDES agus uirlisí TF eile chun baint den ghá atá le hítimí faisnéise a chur isteach i gcórais TF éagsúla arís agus arís eile agus an t-ualach riaracháin a ghabhann leis sin a choinneáil chomh híseal agus is féidir; á chreidiúint nach bhfuil gá le córais rialaithe atá dírithe níos mó ach níos fearr, lena n-áirítear úsáid teicneolaíochtaí nua chun calaois, éilliú nó gníomhaíochtaí coiriúla eacnamaíocha tromchúiseacha eile nach féidir leo tairbhe a bhaint as cistí an Aontais a chomhrac;

11.

Á athdhearbhú go bhfuil géarghá le córas faisnéise agus faireacháin éigeantach comhtháite agus idir-inoibritheach aonair arna sholáthar ag an gCoimisiún lena bhféadfar sonraí a thaifeadadh agus a stóráil go leictreonach maidir le faighteoirí cistithe ón Aontas, lena n-áirítear a n-úinéirí tairbhiúla, agus lena bhféadfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil chun críoch mianadóireachta sonraí agus scórála riosca; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach léargas soiléir agus trédhearcach a fháil ar dháileadh agus comhchruinniú féideartha na gcistí ón Aontas arna n-eisíoc, lena n-áirítear trí fheidhmiúlacht lenar féidir na cistí sin a chomhiomlánú; á chur i bhfios go láidir go laghdódh sé sin an t-ualach maorlathach atá ar na gníomhaithe airgeadais, ar rialaitheoirí agus iniúchóirí agus ar fhaighteoirí cistithe ón Aontas agus gur cheart go ndéanfadh sé éascaíocht ar mheasúnú rioscaí chun críoch roghnúcháin, dámhachtana, bainistíochta airgeadais, faireacháin, imscrúdúcháin, rialúcháin agus iniúchóireachta agus ba cheart go mbeadh sé ina rannchuidiú freisin chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa, cistiú dúbailte agus neamhrialtachtaí eile a chosc, a bhrath, a cheartú agus a mheasúnú go leantach ar bhonn éifeachtach; a gcaithfear dul i ngleic leo go dlúth ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, trí bhearta coisctheacha agus bearta díspreagthacha a bheidh idir éifeachtach agus éifeachtúil, lena n-áirítear smachtbhannaí soiléire; ag tabhairt dá haire go bhfuil an digitiú sin de dhíth láithreach agus fíor-riachtanach i bhfianaise chineál trasteorann na mí-úsáide cistí, na calaoise, na míleithreasuithe, na gcoinbhleachtaí leasa, an chistithe dhúbailte agus fadhbanna sistéamacha eile; á chur i bhfios go láidir gur cheart an uirlis aonair mianadóireachta sonraí sin a bheith inchuardaithe gan stró agus ar fáil do OLAF, do OIPE agus don Choimisiún, chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus na hionstraime téarnaimh i gcoinne neamhrialtachtaí, calaoise agus coinbhleachtaí leasa;

12.

Á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann na Ballstáit go léir úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin chun tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise, coinbhleachtaí leasa agus neamhrialtachtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF) a shainaithint; ag tabhairt dá haire go mbainfidh cúig cinn de na Ballstáit inár sampla iniúchóireachta (an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit agus an Iodáil), úsáid as uirlis mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí an Choimisiúin; á mheabhrú gur gné lárnach i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais é uirlis chomónta mianadóireachta sonraí agus scórála rioscaí a bheith ann agus, níos sonraí, is gné thábhachtach í chun calaois, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc agus chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú;

13.

Á chur in iúl gur mór aici úsáideacht shuíomh gréasáin Kohesio agus an Ardáin Sonraí Oscailte a chuir an Coimisiún ar bun mar uirlisí trédhearcachta agus cuntasachta don bheartas comhtháthaithe agus d’infheistíochtaí a bhaineann le bainistíocht chomhroinnte do chlárthréimhse 2014–2020 agus 2021–2027, lena dtugtar le chéile liostaí náisiúnta de thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Aontas agus lena gcuirtear mapáil ar oibríochtaí (Kohesio) ar fáil agus lena soláthraítear sonraí cothrom le dáta maidir le cláir a glacadh, faireachán rialta ar airgeadas agus gealltanais agus íocaíochtaí an Aontais (Ardán Sonraí Oscailte); ag tabhairt dá haire na hoiriúnuithe leanúnacha a rinneadh chun clárthréimhse 2021–2027 a chumhdach go leordhóthanach, ach á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhordú agus le hidir-inoibritheacht le huirlis scórála riosca Arachne; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún idir-inoibritheacht éifeachtach a áirithiú idir na huirlisí éagsúla;

14.

Á athdhearbhú gur gá, chun cothromaíocht bhreise a bhaint amach idir na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, agus rialuithe níos fear ar na réimsí is minice ina dtarlaíonn mírialtachtaí caiteachais, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt d’iarratasóirí, d’iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir;

15.

Á chur i bhfáth go mbaineann úsáid agus tábhacht mhéadaithe le táscairí feidhmíochta, lena n-áirítear táscairí a roghnú, spriocanna agus clocha míle a shainiú agus faireachán agus tuairisciú a dhéanamh i bhfianaise na samhlacha nua seachadta don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus don Chomhbheartas Talmhaíochta athchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, obair an Choimisiúin feabhas breise a chur ar an bhfaireachán agus ar an tuairisciú a dhéantar ar fheidhmíocht bhuiséad an Aontais le táscairí níos cuíchóirithe agus cáilíochtúla, amhail táscairí maidir le caiteachas aeráidbhainteach, maidir le príomhshruthú inscne agus táscairí a bhaineann le bithéagsúlacht, mar a léirítear i ngníomhartha bunúsacha na gclár caiteachais 2021–2027 a glacadh; ag tabhairt dá haire nach ionann cineál na ngarspriocanna, na spriocanna agus na dtáscairí aschuir; ag tabhairt dá haire go ndéanann RRF idirdhealú breise idir infheistíochtaí agus athchóirithe; á iarraidh arís eile ar an gCoimisiún forléargas a thabhairt ar an timthriall iomlán iniúchóireachta laistigh de na Ballstáit agus den Choimisiún, mar aon le forléargas ar an gcomhar leis na húdaráis iniúchóireachta faoi seach, lena n-áirítear an Chúirt, chomh maith le OLAF agus OIPE;

16.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon agus castacht na n-ionstraimí gardhlí ón gCoimisiún amhail tuairimí, moltaí, teachtaireachtaí, rúin neamhreachtacha, fógraí, treoirdhoiciméid agus ráitis maidir le tosaíochtaí riaracháin; á iarraidh ar an gCoimisiún na hionstraimí sin a shimpliú agus a chuíchóiriú agus iad a úsáid d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú tuilleadh agus an t-ualach maorlathach a laghdú; á mheabhrú go bhfuil clár REFIT ann chun rialacha an Aontais a shimpliú agus chun ualaí nach bhfuil gá leo a laghdú, agus tairbhí na reachtaíochta á mbaint amach ag an am céanna agus tríd an gcur chuige ‘ceann amháin isteach, ceann amháin amach’ a thabhairt isteach; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an prionsabal a chur i bhfeidhm go córasach, rud a chiallaíonn go ndéanfar ualaí nua a tugadh isteach a fhritháireamh trí ualaí coibhéiseacha a bhaint sa réimse beartais céanna;

17.

Á athdhearbhú gur gá dlús a chur leis na hiarrachtaí sa chomhrac i gcoinne na calaoise ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát araon, i ndlúthchomhar le OIPE agus le OLAF; á chur in iúl gur mór aici na hiarrachtaí ar leith atá déanta ag OIPE agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ag OIPE maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh calaoise agus cionta coiriúla eile lena ndéantar difear do leasanna airgeadais an Aontais; ag cur béim ar a thábhachtaí atá neamhspleáchas agus neamhchlaontacht iomlán Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) chun gur féidir léi a cuid feidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach; á chur i bhfáth go n-éilíonn neamhspleáchas, neamhchlaontacht agus éifeachtacht OIPE agus OLAF acmhainní leordhóthanacha airgeadais agus daonna, go háirithe i bhfianaise na gcúraimí nua a bhaineann le NextGenerationEU (NGEU); á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh go práinneach maidir leis na hiarrataí a rinne OIPE maidir lena chur chun feidhme buiséadach, ionas gur féidir le OIPE a bheith ina oifig ionchúisimh atá go hiomlán éifeachtach ;

18.

Ag tabhairt dá haire go dtíolacann an Coimisiún a thuarascáil bhliantúil maidir le cosaint leasanna airgeadais an Aontais (tuarascáil PIF) i bhfómhar na bliana dár gcionn, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint an tuarascáil a ghlacadh tráth is luaithe ná 2 bhliain tar éis na tréimhse lena mbaineann sa tuarascáil (n+2); á chur i bhfáth, chun éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach maidir le beartais agus frithbhearta an Aontais a ghlacadh i leith na calaoise, na himghabhála cánach agus neamhrialtachtaí airgeadais eile a chuirtear i láthair sa tuarascáil, gur cheart go mbeadh an Pharlaimint in ann tuarascáil PIF a phróiseáil agus a ghlacadh tráth nach déanaí ná an bhliain seo chugainn (n+1); á iarraidh ar OLAF agus ar an gCoimisiún a dtuairisciú ar PIF a ghlacadh dá réir sin;

19.

Á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá oibríochtaí trédhearcacha eagraíochtaí neamhrialtasacha agus idirghabhálaithe maidir lena gcistiú agus lena n-úinéireacht, ós rud é gur gníomhaithe tábhachtacha iad i gcur chun feidhme bhuiséad an Aontais faoi na modhanna éagsúla bainistíochta agus go háirithe i réimse na gníomhaíochta seachtraí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cistiú tionscadal arna ndéanamh ag ENRanna nó a bhfuil baint acu le heagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil naisc acu le heagraíochtaí reiligiúnacha agus polaitiúla radacacha; á iarraidh ar an gCoimisiún a ráthú nach maoineoidh cistí an Aontais ach eagraíochtaí a urramaíonn luachanna uile an Aontais go docht; ag tathant ar an gCoimisiún sásraí ex ante a chur ar bun ina sainaithneofar go soiléir eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn ar chríoch an Aontais agus ar an gcoigríoch lena dtugtar aitheantas do naisc le líonraí bunúsacha reiligiúnacha agus lena ndéantar clár oibre a bhaineann an bonn de luachanna an Aontais a chur chun cinn; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go gcruthófaí dúliosta poiblí d’eagraíochtaí neamhrialtasacha, a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí amhail fuathchaint, gríosú chun sceimhlitheoireachta, antoisceachas reiligiúnach lena dtacaítear le foréigean nó lena ndéantar é a mhóradh, nó a bhfuil mí-úsáid nó míleithreasú déanta acu ar chistí de chuid an Aontais agus a liostaítear i mbunachar sonraí EDES, chun a áirithiú go gcuirfear bac orthu ó rochtain ar institiúidí an Aontais agus ar chláir chistiúcháin an Aontais; á athdhearbhú nach féidir aon chistí a leithdháileadh ná a nascadh le haon chúis ná cineál sceimhlitheoireachta agus/nó radacú reiligiúnach nó polaitiúil; á chur i bhfáth gur gá réamh-seiceáil chríochnúil a dhéanamh laistigh den chlárú sa chlár trédhearcachta chun na foinsí cistiúcháin uile a nochtadh; ag tabhairt dá haire nach mór cistiú ó chistí an Aontais a bheith inrianaithe ón bhfaighteoir díreach chuig an tairbhí deiridh nuair a chuirtear cistí ar aghaidh i slabhra; á mheabhrú, maidir le cistiú poiblí, go rialaítear le bunghníomhartha an Aontais conas ba cheart trédhearcacht agus infheictheacht a láimhseáil ina leith sin; ag meabhrú don Choimisiún dá bhrí sin go bhfuil sé de fhreagracht air a sheiceáil go bhfuiltear ag comhlíonadh na rialacha agus na nósanna imeachta, go háirithe na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le fodheontais a thabhairt d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus d’idirghabhálaithe agus institiúidí airgeadais; ag éileamh, thairis sin, go gcuirfeadh an Coimisiún léargas ar fáil don údarás um urscaoileadh ar mhéid iomlán chaiteachas an Aontais maidir leis na heagraíochtaí neamhrialtasacha;

20.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, ar mhaithe le soiléireacht, deimhneacht dhlíthiúil agus an smacht reachta, togra le haghaidh Rialachán ENR a chur ar aghaidh lena n-áirítear sainmhíniú soiléir agus catagóiriú réimsí gníomhaíochta agus méid eagraíochtaí neamhrialtasacha; ba cheart foráil a dhéanamh sa reachtaíocht maidir le forbhreathnú soiléir ar na coinníollacha faoina bhfaighidh eagraíochtaí neamhrialtasacha cistí de chuid an Aontais, lena gcumhdaítear na hoibleagáidí seo a leanas:

(a)

tuairisc a thabhairt ar mhéideanna agus ar fhoinsí cistiúcháin a fuarthas chomh maith lena ngníomhaíochtaí uile a rinneadh thar ceann na bpríomhaithe eachtracha a logáil;

(b)

ábhar lipéid a scaiptear leis an bhfaisnéis riachtanach

(c)

nochtfaidh siad a n-insreafaí agus eis-sreafaí airgeadais agus neamhairgeadais, lena n-áirítear íocaíochtaí nó tabhartais neamhairgeadais a chuirtear ar aghaidh ó eagraíochtaí neamhrialtasacha amháin go heagraíocht neamhrialtasach eile laistigh de bhrateagraíocht dá comhaltaí;

(d)

maoiniú fógraíochta polaitiúla nó feachtais pholaitiúla arna ndéanamh ag eagraíochtaí neamhrialtasacha a nochtadh;

(e)

comhlíonadh na cuntasachta daonlathaí agus urraim do luachanna an Aontais;

(f)

i gcás eagraíochtaí neamhrialtasacha an-mhór a bhfuil struchtúir chorparáideacha acu atá cosúil le cuideachtaí príobháideacha, oibleagáidí tuairiscithe maidir le freagracht shóisialta chorparáideach, comhlíonadh forálacha maidir le cosaint fostaithe, foráil maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn, oibleagáidí tuairiscithe inbhuanaitheachta, an tacsanomaíocht le haghaidh infheistíochtaí agus naisc slabhra soláthair i gceannach;

21.

Á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí leis an togra oibleagáidí trédhearcachta thar ceann an Choimisiúin, lena n-áirítear maidir le comhaontuithe airgeadais, riaracháin nó comhair leis na heagraíochta neamhrialtasacha a nochtadh;

22.

Á mheabhrú don Choimisiún nach mór measúnuithe tionchair láidre agus críochnúla a bheith ag gabháil leis na tograí reachtacha uile a bhfuil tionchar mór eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil acu; á chur i bhfáth gur cuid de chlár oibre an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr é sin agus á chur i bhfios go láidir go ndéanfaidh an t-údarás um urscaoileadh dlúthfhaireachán ar na measúnuithe tionchair sin chun a chinntiú go ndéanfar iad ar bhealach atá go hiomlán neodrach agus neamhchlaonta agus go ndéanfar anailís chórasach iontu ar an tionchar a bheadh ag na roghanna atá á mbreithniú, ar an gcostas a bhainfeadh leis an rogha is mó a bhfuil luí leis agus ar an tairbhe a bhainfeadh léi, lena n-áirítear trí thuairimí na ngeallsealbhóirí a chur san áireamh, trí chomhairliúcháin phoiblí oscailte;

23.

Ag tarraingt aird ar Thuarascáil Speisialta 17/2022 ón gCúirt dar teideal ‘Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach’ ina gcuirtear i bhfios go láidir go gcaitheann an Coimisiún Eorpach tuairim is EUR 1 bhilliún gach bliain ar sheirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha ar mhaithe le tacú le raon leathan gníomhaíochtaí comhairliúcháin, staidéir, meastóireachta agus taighde agus inar thángthas ar an gconclúid go bhfágann an bainistiú a dhéanann an Coimisiún ar úsáid sainchomhairleoirí seachtracha nach bhfaigheann sé an luach is fearr is féidir ar a chuid airgid ná go gcosnaítear a chuid leasanna go hiomlán; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil bearnaí suntasacha sa chreat lena rialaítear úsáid na seirbhísí sin, agus go bhféadfadh rioscaí a bheith ann a bhaineann le comhchruinniú soláthraithe seirbhíse, róspleáchas agus coinbhleachtaí leasa nach ndéantar faireachán leordhóthanach orthu; á éileamh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a chreat lena rialaítear úsáid sainchomhairleoirí seachtracha, úsáid níos fearr a bhaint as torthaí seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha, faireachán a fheabhsú chun na rioscaí a eascraíonn as seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a úsáid a mhaolú agus a thuairisciú maidir le húsáid seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a fheabhsú, agus sonraí cruinne agus iomlána a chur ar fáil maidir le méid agus cineálacha na seirbhísí a fuarthas. á chur i bhfáth, thairis sin, go bhféadfadh Gníomhaireachtaí an Aontais faisnéis shonrach agus ábhartha agus táirgí den chaighdeán céanna a sholáthar is a sholáthraíonn comhairleoirí seachtracha, dá gceadófaí dóibh déanamh amhlaidh de réir a sainordaithe, ach nach mbaintear leas as an acmhainneacht sin; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú ar an bhféidearthacht sin amach anseo chun críoch comhairliúcháin agus taighde i réimsí sonracha;

24.

Á chur in iúl gur geal léi gur rannchuidigh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús maidir le sleabhcadh eacnamaíoch láidir a chosc tar éis phaindéim COVID-19. agus go bhfuil acmhainneacht bhreise aici maidir leis sin freisin; ag tabhairt dá haire go raibh ról lárnach ag an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó thaobh dul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na Moltaí Tírshonracha a thagann as an Seimeastar Eorpach i bhformhór na mBallstát; ag tabhairt dá haire, áfach, nach dtugtar aghaidh ar roinnt moltaí tír-shonracha fós, ag tabhairt dá haire thairis sin rannchuidiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le geilleagair agus sochaithe an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do na dúshláin agus do na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach;

25.

Ag tabhairt aird ar thorthaí an chéad mheasúnaithe bhliantúil a rinne an Chúirt ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl go dtuigeann sí go dtarlaíonn cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta faoi bhrú ama, chun tacaíocht thráthúil a chur ar fáil chun téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, agus, áfach, samhail seachadta i bhfad níos simplí faoina gcuirtear ceanglais níos éadroime ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon, agus lena laghdaítear an t-ualach rialaithe ar an gCoimisiún agus a aistrítear chuig na Ballstáit, go háirithe i gcomparáid le struchtúr maoinithe, tuairiscithe agus rialaithe an bheartais chomhtháthaithe nó talmhaíochta; á thabhairt chun suntais go mbeidh córas rialaithe láidir, a gcaithfidh an Coimisiún a bheith i gceannas air, ag gabháil le haon samhail mear-sheachadta; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, agus cláir agus beartais nua de chuid an Aontais á moladh ag a bhfuil samhail seachadta feidhmíochtbhunaithe mar a úsáidtear i gcur chun feidhme RRF, na ceachtanna a foghlaimíodh ó chur chun feidhme RRF a chomhtháthú go hiomlán, chomh maith le torthaí agus moltaí maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ó iniúchtaí agus measúnuithe arna ndéanamh ag an gCúirt; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé a fháil amach an bhfuil ionsú na gcistí ar siúl ar deireadh, ós rud é gurb é 2023 lárphointe RRF; ag aithint go bhfuil dul chun cinn déanta ag an gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní an údaráis um urscaoileadh maidir le trédhearcacht agus cuntasacht trí ardán cosúil le hardán Kohesio don Bheartas Comhtháthaithe a chur ar bun;

26.

Á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir le RePowerEU maidir le foilsiú débhliantúil an 100 tairbhí deiridh is mó in aghaidh an Bhallstáit ar Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; ag athdhearbhú a hiarrata go gcuirfí liosta na dtairbhithe deiridh uile i mbeartais agus tionscadail uile an Aontais ar fáil d’institiúidí ábhartha an Aontais agus don údarás um urscaoileadh faoi chuimsiú an nós imeachta um urscaoileadh;

27.

Ag tabhairt dá haire gur éirigh go maith leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an gCoimisiún cistí a thiomsú ar na margaí airgeadais chun na hacmhainní airgeadais a sholáthar don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, mar ionstraim thábhachtach i dtráth géarchéime tromchúisí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar sin féin, na fiacha a tháinig as sin, an méadú atá ag teacht ar na rátaí úis agus an éiginnteacht atá ann dá thoradh sin an mbeifear in ann na hiasachtaí a aisíoc agus an baol a bhaineann leis sin do bhuiséad comhaontaithe an Aontais agus do bheartais an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún an riosca a mhaolú agus an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas go hiomlán maidir le stádas bliantúil na n-iasachtaí sin;

28.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di líon teoranta na dtionscadal trasteorann faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag aithint ag an am céanna go bhfuil sé ar cheann de chuspóirí RRF tacú leis an téarnamh eacnamaíoch i mBallstáit an Aontais tar éis phaindéim COVID-19; á chur i bhfáth go ngineann ailíniú na RRPanna náisiúnta le cuspóirí beartais an Aontais, lena n-áirítear tionscadail trasteorann, breisluach an Aontais;

29.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur rinneadh roinnt rialachán maidir le beartais éagsúla an Aontais a ghlacadh go déanach, mar a tharla ag tús chlárthréimhse 2014–2020, rud a fhágann go raibh moill shuntasach ar thús an chur chun feidhme do chlárthréimhse 2021–2027; ag tathant ar an gCoimisiún na bearta uile is gá a dhéanamh chun dlús a chur le cur chun feidhme na mbeartas ar an talamh, agus é ag díriú i gcónaí ar cháilíocht agus ar an ngá atá ann dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, go háirithe faoin mbainistíocht chomhroinnte, nach mór cuid mhór de leithdháileadh buiséadach 2021 a leithdháileadh arís ar na blianta ina dhiaidh sin; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur riosca iad gealltanais atá gan íoc do bhuiséad an Aontais toisc go bhféadfadh saoradh suntasach gealltanas teacht astu, rud a laghdódh tionchar bhuiséad an Aontais; á éileamh go gcuirfidh an Coimisiún in iúl don údarás um urscaoileadh na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh chun an staid sin a sheachaint agus go dtarraingíonn sé na conclúidí agus an taithí is gá chun a áirithiú go gcuirfear cosc ar staid chomhchosúil tarlú ag tús CAI 2028-2034;

30.

Ag spreagadh an Choimisiúin, na Cúirte agus na Comhairle chun oibriú chun dlús a chur leis an bpróiseas um urscaoileadh go n+1;

31.

Ag tabhairt dá haire go bhforáiltear i bPrótacal Uimh. 7 de CFAE (Pribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh) go n-eiseofar laissez-passer, mar a thugtar orthu, do chomhaltaí institiúidí an Aontais, agus d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa go háirithe, lena n-úsáid mar dhoiciméid taistil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil seirbhís lárnach an Choimisiúin le haghaidh laissez-passer i gcoinne na ‘feidhme’ atá ag Feisire de Pharlaimint na hEorpa a thaifeadadh ar an doiciméad, rud a chiallaíonn nach bhfuil Feisirí in ann a stádas a chruthú agus iad ag taisteal, murab ionann agus foireann taidhleoireachta na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), mar shampla; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht phráinneach a dhéanamh chun an neamhréireacht sin a cheartú ionas gur féidir le comhaltaí na n-institiúidí a stádas a chruthú go leormhaith agus iad ag taisteal;

32.

Á chur in iúl gur oth léi gur eisigh an Chúirt tuairim dhíobhálach arís maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais, agus gur shuigh sí nach bhfuil sásraí rialaithe an Choimisiúin agus na mBallstát iontaofa go leor; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sásraí rialaithe an Choimisiúin agus na mBallstát a threisiú, ar sásraí iad a mheasann an Chúirt nach bhfuil iontaofa, rud a chuireann iontaofacht na Tuarascála Bliantúla ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht i mbaol;

33.

Á mheabhrú gur cheart don Choimisiún obair leantach mhionsonraithe a dhéanamh ar bharúlacha uile na Parlaiminte, lena n-áirítear na tosaíochtaí polaitiúla uile;

CAIBIDIL I

an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI)

Ráiteas dearbhaithe agus bainistiú buiséadach agus airgeadais na Cúirte

Beachtas na gcuntas

34.

Á chur in iúl gur geal léi go measann an Chúirt, don bhliain 2021 go bhfuil cuntais an Aontais Eorpaigh iontaofa agus i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus go bhfuil taobh an ioncaim den bhuiséad saor ó earráidí ábhartha;

35.

Ag tabhairt dá haire gurbh ionann iomlán na ndliteanas an 31 Nollaig 2021 agus EUR 496,4 billiún, i gcomparáid le EUR 414,1 billiún de shócmhainní iomlána; á thabhairt chun suntais gurbh ionann an difríocht EUR 82.3 billiún agus glansócmhainní (diúltacha), atá comhdhéanta de chúlchistí agus an chuid sin de na speansais a bhí tabhaithe cheana ag an Aontas suas go dtí an 31 Nollaig agus a chaithfear a chistiú as buiséid amach anseo;

36.

Ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2021, gurbh é an luach measta a bhí ar speansais incháilithe tabhaithe a bhí dlite do thairbhithe ach nach raibh éilithe fós ná EUR 129,9 billiún (2020: EUR 107,8 billiún), arna dtaifeadadh mar speansais fhabhraithe; ag tabhairt dá haire go mbaineann an méadú ar an meastachán sin go príomha leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, arb é sin an chuid lárnach de chlár NGEU a cuireadh ar bun chun aghaidh a thabhairt ar an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta díreach atá déanta ag paindéim COVID-19; á thabhairt chun suntais gur de réir próifíl tráthchodanna réamhshainithe suas go dtí 2026 a dhéantar íocaíochtaí leis na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

37.

Ag tabhairt dá haire, i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse tar éis phróiseas aistarraingthe na Ríochta Aontaithe, gur mheas an Coimisiún, ar dháta an chláir comhardaithe, gur léirigh cuntais an Aontais glansuim infhaighte EUR 41,8 billiún (2020: €47,5 billiún) a bhí dlite ón Ríocht Aontaithe agus meastar go n-íocfar EUR 10,9 billiún de sin sna 12 mhí i ndiaidh an dáta tuairiscithe;

38.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú déanta ag an gCúirt ar an tionchar ar na cuntais a bhí ag an ionsaí míleata gan chúis gan údar atá déanta ag an Rúis ar an Úcráin; á chur in iúl gur geal léi measúnú na Cúirte go bhfuil sé iomchuí déileáil le hionradh na Rúise ar an Úcráin mar theagmhas neamhchoigeartúcháin i ndiaidh dháta an chláir chomhordaithe agus go bhfuil a thionchar nochta go hiomchuí agus go dtugtar léargas fíorcheart air sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite;

39.

Ag tabhairt dá haire, mar chuid dá gnáthnósanna imeachta iniúchóireachta, go ndearna an Chúirt iniúchadh ar na sócmhainní, na dliteanais, an t-ioncam agus na speansais, lena n-áirítear iad siúd a bhain le bearta a bhí déanta ag an gCoimisiún i gcomhthéacs na ngníomhaíochtaí a bhain le COVID-19; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid go dtugtar léargas fíorcheart orthu sin sna cuntais bhliantúla chomhdhlúite;

Dlíthiúlacht agus rialtacht ioncam agus chaiteachas an Aontais

40.

Á chur in iúl gurb oth léi tuairim dhíobhálach maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an taobh caiteachais de bhuiséad an Aontais, arna eisiúint ag an gCúirt;

41.

Ag tabhairt dá haire gurb é an ráta earráide foriomlán a ríomh an Chúirt ná 3,0 %, figiúr atá 1,0 % os cionn na tairsí ábharthachta; ag tabhairt dá haire gur measa an figiúr sin ná figiúr 2020, nuair a bhí an ráta earráide comhionann le 2,7 %, figiúr atá i bhfad os cionn na tairsí ábharthachta freisin; ag tabhairt dá haire gurbh é an freagra an Choimisiúin nach n-easaontaíonn sé leis an ráta earráide a shuigh an Chúirt, ach ag an am céanna go gcosnaíonn sí torthaí a cuid oibre féin as ar tháinig ráta earráide measta tráth na híocaíochta a bhí bunaithe ar mhodheolaíocht dhifriúil; ag tabhairt dá haire gur ríomh an Coimisiún gurb é a riosca íocaíochta trath na híocaíochta do 2021 ná 1,9 %; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go measann an Coimisiún, i gcodarsnacht leis an gCúirt, go bhfuil a ráta earráide faoi bhun na tairsí ábharthachta agus faoi bhun an raoin íochtair de leibhéal earráide measta na Cúirte, atá comhionann le 2,2 %;

42.

Á chur in iúl gur saoth léi go léiríonn na hearráidí a aimsíodh easnaimh leanúnacha i rialtacht an chaiteachais a dhearbhaigh na húdaráis bhainistíochta agus gur shainaithin an Chúirt easnaimh i modheolaíochtaí samplála na n-údarás maoirseachta;

43.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go measann an Chúirt gur dócha go ndéanfaidh measúnú riosca an Choimisiúin gannmheastachán ar an leibhéal riosca i roinnt réimsí; á thabhairt chun suntais gur thuairiscigh an Chúirt laigí in iniúchtaí ex post an Choimisiúin i gCeannteideal 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’, gannmheastachán ar earráidí i gCeannteideal 2 ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’, agus gannmheastachán ar an riosca agus líon ard earráidí i gCeannteideal 6 ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’, i measc fadhbanna eile; á thabhairt chun suntais, in ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’, go bhfuil an dá institiúid i gcomhréir le chéile ina gcuid ríomhanna agus, mar shampla, i gcás ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ go measann an Chúirt go bhfuil leibhéal earráide 4,4 % ann agus go measann an Coimisiún gurb é an riosca tráth na híocaíochta ná 1,3 %;

44.

Ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coimisiún rialuithe i bhfeidhm ar bhuiséad an Aontais sula ndéantar na híocaíochtaí agus ina dhiaidh sin, agus go ndéanann sé ceartúcháin más gá agus nuair is gá; ag tabhairt dá haire go léirítear an córas rialaithe sin sa ‘riosca íocaíochta’, ar meastachán é ar leibhéal an chaiteachais nach bhfuil i gcomhréir leis na rialacha agus na rialacháin is infheidhme tráth na híocaíochta, agus sa ‘riosca go ndúnfar an clár’ (dúnadh an chláir), lena meastar leibhéal an chaiteachais nach bhfuil i gcomhréir nuair a bheidh na rialuithe agus na ceartúcháin ghaolmhara uile curtha i gcrích agus, ó thaobh an dlí, nach féidir aon ghníomhaíocht bhreise a dhéanamh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil riosca measta an Choimisiúin go ndúnfar é cothrom le 0,8 %, go mór faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %;

45.

Ag athdhearbhú go dtacaíonn sí le cur chuige agus modheolaíocht iniúchóireachta na Cúirte; ag tabhairt dá haire go bhfuil an mhodheolaíocht sin bunaithe ar chaighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta lena gceanglaítear sampla randamach idirbheart a thástáil agus nach féidir sampla ionadaíoch a bheith rioscabhunaithe go hiomlán; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil difríochtaí ann idir na rátaí earráide agus an riosca tráth na híocaíochta atá ríofa ag an gCúirt agus ag an gCoimisiún; á thabhairt chun suntais nach dtarlaíonn na difríochtaí sin i ngach réimse caiteachais; ag tabhairt dá haire go mbíonn meastacháin an Choimisiúin ar an riosca tráth na híocaíochta i gcónaí sa raon íochtair nó faoi bhun mheastacháin staidrimh na Cúirte agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur gannmheastachán córasach é sin atá déanta ag an gCoimisiún ar an leibhéal earráide atá ann cheana; á iarraidh ar an gCoimisiún athmhachnamh a dhéanamh ar a mhodheolaíocht agus comhoibriú leis an gCúirt d’fhonn comhchuibhiú a mhéadú chun foráil a dhéanamh do fhigiúirí níos inchomparáide; á chur i bhfios go láidir, mar sin féin, nach léirítear leis an meastachán ginearálta ar an ráta earráide a chuirtear i láthair i ráiteas urrúis na Cúirte gur tharla calaois;

46.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an Coimisiún, ag gníomhú dó ar rioscaí a d’fhéadfadh sé go ndearnadh gannmheastachán orthu, in ann leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go héifeachtach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin an mearbhall a chuireann sé sin ar an údarás um urscaoileadh agus ar shaoránaigh an Aontais, ós rud é go nglacann an Coimisiún, ar thaobh amháin, le ráta earráide na Cúirte i réimsí ina bhfuil sé sin faoi bhun na tairsí ábharthachta (acmhainní nádúrtha) ach go dtugann sé a earráid mheasta féin tráth na híocaíochta i réimsí ina bhfuil ráta earráide na Cúirte os cionn na tairsí ábharthachta, rud a fhágann go bhfuil ceisteanna á n-ardú maidir le hiontaofacht a tuairiscithe airgeadais;

47.

Á iarraidh ar an gCúirt tionchar na mbeart ceartaitheach ar leibhéal foriomlán na hearráide a cháiliú;

48.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil obair leantach déanta ag an gCúirt ar na barúlacha a tháinig as Tuarascáil Bhliantúil 2020 a mhéid a bhaineann leis an tuairisciú ar aisghabhálacha sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht ón gCoimisiún, rud atá casta agus nach bhfuil soiléir i gcónaí, dar leis an gCúirt; á chur in iúl gur geal léi barúil na Cúirte gur tháinig feabhsuithe as an athbhreithniú a rinne an Coimisiún ar a chuid tuairiscithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go measann an Chúirt nach leor na ‘céatadáin le haghaidh íocaíochtaí roimhe sin’ (EUR 5,6 billiún) agus céatadán gaolmhar an chaiteachais ábhartha (3,3 %) agus go bhfuil baol míthuisceana ann; ag tabhairt dá haire, go háirithe, gur shuigh an Chúirt go bhfuil san áireamh sna figiúirí a tíolacadh bearta coisctheacha nach mbaineann le híocaíochtaí roimhe sin ná le caiteachas glactha agus bearta coisctheacha na mBallstát nach féidir a lua go díreach leis an gCoimisiún;

49.

Ag tabhairt dá haire gur shuigh an Chúirt go raibh an caiteachas ísealriosca saor ó earráidí ábharthacha ach go raibh an caiteachas ardriosca i gcónaí faoi lé ag earráidí ábharthacha; á thabhairt chun suntais gurbh é ‘Comhtháthú, Athléimneacht agus Luachanna’ (1,2 pointe céatadáin) an rannchuiditheoir ba mhó leis an ráta earráide 3,0 %, agus ina dhiaidh sin bhí ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ (0,7 pointe céatadáin), ‘An Chomharsanacht agus an Domhan’ (0,4 pointe céatadáin) agus ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ (0,4 pointe céatadáin);

50.

Ag tabhairt dá haire go roinneann an Chúirt a pobal iniúchóireachta ina chaiteachas ardriosca (íocaíochtaí bunaithe ar athchistiú den chuid is mó) agus ina chaiteachas ísealriosca (íocaíochtaí atá bunaithe ar theidlíocht den chuid is mó); ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, go ndéanann an Coimisiún ina Thuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht an caiteachas a aicmiú ina chatagóirí ardriosca, meánriosca agus ísealriosca, bunaithe ar sheiceálacha a dhéanann údaráis náisiúnta, comhpháirtithe eile agus an Coimisiún féin gach bliain; ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann na catagóirí riosca difriúla a úsáideann an Chúirt agus an Coimisiún dúshlán roimh obair an údaráis um urscaoileadh ó thaobh anailís chomparáideach a dhéanamh ar na tuarascálacha faoi seach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go n-eascraíonn neamhréir idir an caiteachas ardriosca a ríomh an Chúirt (63,2 %) agus an caiteachas ardriosca a ríomh an Coimisiún (22 %) as sin; á athdhearbhú go bhfuil neamhréireachtaí den sórt sin idir an Chúirt agus an Coimisiún ag cur bac ar iontaofacht na sonraí ionchuir is gá don údarás um urscaoileadh;

51.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur thángthas ar fhadhbanna móra sa chaiteachas atá bunaithe ar athchistiú, arb ionann é agus 63,2 % de phobal iniúchóireachta na Cúirte, inarb é 4,7 % an leibhéal earráide measta; ag tabhairt dá haire go bhfuil éifeachtaí na n-earráidí a d’aimsigh an Chúirt ábharthach agus forleatach araon i gcás an chaiteachais ar glacadh leis don bhliain;

52.

Ag tabhairt dá haire, in ainneoin go measann an Chúirt go bhfuil an caiteachas faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ar glacadh leis sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2021 dleathach agus rialta i ngach gné ábhartha de, mheas sí go bhfuil garsprioc amháin san íocaíocht leis an Spáinn nár comhlíonadh go sásúil, rud a chaitheann amhras fós ar mheasúnú an Choimisiúin ar an ngarsprioc agus na spriocanna a bhaineann leis an gcaiteachas gaolmhar faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire measúnú na Cúirte inar measadh go raibh an earráid neamhábhartha; á mheabhrú gurbh é an cuspóir a bhí le hiniúchadh na Cúirte ar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta ná rannchuidiú leis an ráiteas dearbhaithe agus bonn a sholáthar dár dtuairim i dtaca le rialtacht chaiteachas RRF do 2021. ag tabhairt dá haire nach raibh sa phobal iniúchóireachta ach an t-aon eisíocaíocht amháin a rinneadh in 2021, i.e. íocaíocht leis an Spáinn, agus imréiteach an réamh-mhaoinithe ghaolmhair; á mheabhrú gurb é an t-aon chúis nár cainníochtaíodh an earráid a fuarthas ná an easpa modheolaíochta atá ann le haghaidh íocaíochtaí páirteacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún; á aithint gur fhoilsigh an Coimisiún modheolaíocht den sórt sin an 21 Feabhra 2023;

Bainistiú buiséadach agus airgeadais

53.

Á chur in iúl gur cúis imní di go raibh cur chun feidhme na ngealltanas an-íseal in 2021, ag 68 % den mhéid iomlán a bhí ar fáil, agus gur chuir glacadh déanach rialachán earnála le linn 2021 moill ar sheoladh clár nua; á chur in iúl gur geal léi gur tháinig méadú ar ráta ionsúcháin foriomlán Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE) in 2021 mar gheall ar íocaíochtaí a bhí níos airde ná mar a bhí in 2020; á thabhairt chun suntais, ag deireadh 2021, go raibh thart ar EUR 161 bhilliún fós le hionsú trí chláir CSIE a dhúnfar in 2025; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di go bhfuil difríochtaí suntasacha i rátaí ionsúcháin na mBallstát, agus go bhfuil ar roinnt Ballstát fós níos mó ná 40 % dá méideanna geallta a ionsú; á chur i bhfáth arís go bhfuil difríochtaí ollmhóra sna hacmhainneachtaí ionsúcháin idir na Ballstáit ar cheann de na bacainní is tromchúisí ar fhorbairt níos éifeachtaí i réigiúin bheagfhorbartha;

54.

Ag tabhairt dá haire gur cuid shuntasach de ghealltanais bhuiséad an Aontais atá fós gan íoc iad Cistí SIE don tréimhse 2014–2020; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn an chur chun feidhme sna Ballstáit agus anailís a dhéanamh ar na difríochtaí, ag díriú go háirithe ar chásanna tearc-chur chun feidhme agus rátaí ionsúcháin ísle; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún measúnuithe tíre a sheachadadh chuig an údarás um urscaoileadh, agus fadhbanna athfhillteacha á sainaithint aige, agus na bearta iomchuí uile a dhéanamh chun an cás a bharrfheabhsú, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil agus trí mhalartú dea-chleachtas;

55.

Á athdhearbhú gur cúis bhuartha di gur shroich na gealltanais le híoc ina n-iomláine an leibhéal is airde riamh ag EUR 341.6 billiún ag deireadh 2021 (agus buiséad an Aontais agus gealltanais NGEU le híoc á dtabhairt le chéile); á thabhairt chun suntais gur dócha go rachaidh na gealltanais nár úsáideadh thar EUR 460 billiún in 2023 ach go dtitfidh siad ansin de ghnáth de réir mar a thiocfaidh deireadh le NextGenerationEU (NGEU); á chur i bhfios go láidir go bhfuil leibhéal áirithe ceangaltas gan íoc ina iarmhairt loighiciúil ar chóras buiséid an Aontais lena ngabhann leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí agus leithreasuithe íocaíochta ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh riosca a bheith ann do dhea-fheidhmiú agus gnáthfheidhmiú bhuiséad an Aontais amach anseo de bharr mhéid na gceangaltas gan íoc;

56.

Ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú ar ghealltanais gan íoc bhuiséad an Aontais ó ard stairiúil ag deireadh 2020 agus go dtuarann an Coimisiún go dtiocfaidh méadú beag ar an méadú a bhfuiltear ag súil leis in 2027, go príomha mar gheall ar an mbearna níos lú idir leithreasú gealltanas agus íocaíochtaí; á mheabhrú go bhfuil sé ráite ag an gCúirt roinnt uaireanta nach féidir iad a laghdú ach amháin má bhíonn na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí sa bhuiséad níos mó ná na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, agus go n-úsáidtear iad; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh go comhsheasmhach maidir leis an moladh sin, atá comhsheasmhach leis an gceanglas cóimheas ordúil a choimeád idir leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí;

57.

Á thabhairt chun suntais go bhfuil an t-am atá ar fáil chun cistí bainistíochta comhroinnte a chur chun feidhme faoi CAI 2021–2027 níos giorra ná mar a bhí in CAInna roimhe seo; á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoi na dúshláin a bhaineann leis na cistí sin a bhainistiú agus a rialú chun comhlíonadh agus bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an t-ualach riaracháin méadaithe atá ar na Ballstáit mar thoradh ar chur chun feidhme chlár NGEU agus an claonadh atá ag na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do chur chun feidhme NGEU ar na cistí traidisiúnta faoi bhainistíocht chomhroinnte, mar a pléadh san Éisteacht Phoiblí i gCoiste CONT an 23 Eanáir 2023;

58.

Á chreidiúint go ngineann Treoir an Choimisiúin maidir le coinbhleachtaí leasa a sheachaint agus a bhainistiú faoin Rialachán Airgeadais maorlathas suntasach agus dochosanta go háirithe vis-a-vis FBManna, eagraíochtaí neamhbhrabúis agus struchtúir rannpháirteacha ar an leibhéal áitiúil; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go ndíreodh an Treoir ar shochair eacnamaíocha agus airgeadais, seachas iarracht a dhéanamh faireachas ar an saol pearsanta nó ar chaidreamh sochaíoch a chuimsiú, go sainráite ar an leibhéal áitiúil nó réigiúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabal na comhréireachta agus an phríobháideachais a urramú go hiomlán agus gan amhras ginearálta a chaitheamh ar na gníomhaithe uile; á iarraidh ar an gCoimisiún a Threoir reatha a shoiléiriú ina leith sin chun soiléireacht a sholáthar d’iarratasóirí agus do chomhlachtaí cinnteoireachta;

59.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di na rioscaí gaolmhara a shainaithin an Chúirt ina tuarascáil 2020 agus a d’athdhearbhaigh sí don bhliain airgeadais 2021, eadhon go bhféadfadh sé nach mbeadh leibhéal na n-acmhainní riaracháin is gá chun ionstraimí buiséadacha éagsúla a bhainistiú ag an am céanna ar fáil agus, le solúbthacht a thabhairt isteach sa chóras chun déileáil le héifeachtaí COVID-19, go bhféadfadh lagú ar na córais rialaithe bhunaithe a bheith mar thoradh air sin;

60.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur tháinig méadú ar neamhchosaint iomlán bhuiséad an Aontais ar dhliteanais theagmhasacha, ó EUR 131,9 billiún in 2020 go EUR 277,9 billiún in 2021; á aithint gurbh iad an dá chúis ba mhó a bhí leis an ardú substainteach sin ná tabhairt isteach NGEU agus méadú ar an méid iasachtaí a tugadh faoi ionstraim SURE; á chur in iúl go dtuigeann sí go maolaítear an riosca do bhuiséad an Aontais ó dhliteanais theagmhasacha trí uasteorainn na n-acmhainní dílse agus frithráthaíochtaí na mBallstát le haghaidh iasachtaí SURE a mhéadú;

Moltaí

61.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

62.

Á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

(a)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairiscithe, faireacháin agus iniúchta (Arachne, EDES, srl.) agus córas éigeantach comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe ar an Rialachán Airgeadais atá ar na bacáin; an Scórchlár Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh an cur síos ar gharspriocanna agus sprioc agus toradh an iniúchta trédhearcach; a áirithiú go n-úsáidfidh na Ballstáit uile na córais agus na cláir lárnacha chun tuairisc a thabhairt ar úinéirí tairbhiúla agus tairbhithe deiridh;

(b)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú go mór, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(c)

acmhainn riaracháin an Choimisiúin agus na mBallstát a mhéadú i gcónaí agus línte leordhóthanacha buiséid a mholadh don Chúirt, do OIPE agus do OLAF chun a n-éifeachtúlacht a áirithiú i ndáil le cur chun feidhme na gcúraimí nua atá le teacht agus a bhaineann leis an ionstraim NextGenerationEU chun airgeadas an Aontais a chosaint;

(d)

achoimre a thabhairt don údarás um urscaoileadh agus don Chúirt ar na cúiseanna atá leis na difríochtaí sna réimsí éagsúla caiteachais agus sna haisghabhálacha agus sna torthaí freisin a bhaineann leis an leibhéal earráide measta arna ríomh ag an gCúirt agus an riosca tráth na híocaíochta arna ríomh ag an gCoimisiún sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht agus tuarascáil a chur faoina mbráid faoin méid sin agus dul i mbun malartú leis an gCúirt ar an leibhéal bainistíochta agus teicniúil araon agus é mar aidhm modheolaíocht aonair a thabhairt isteach maidir le ráta earráide chaiteachas an Aontais;

(e)

oibriú i gcomhar leis an gCúirt chun na modheolaíochtaí catagóirithe riosca agus na modheolaíochtaí oibre iniúchóireachta faoi seach a ailíniú;

(f)

comparáid a dhéanamh idir rátaí cur chun feidhme ionstraim REACT-EU ag na Ballstáit a socraíodh chun tacaíocht airgeadais a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus na Ballstáit nár formheasadh an Plean Téarnaimh Náisiúnta iontu ach amháin faoi choinníollacha ag céim níos déanaí (an Ungáir agus an Pholainn), agus na cúiseanna leis na difríochtaí arna sainaithint a shainaithint, go háirithe iad dírithe ar acmhainneacht riaracháin a bheith ar fáil;

(g)

leanúint de thacaíocht a thabhairt do na Ballstáit feabhas a chur ar cháilíocht agus ar líon na seiceálacha agus dea-chleachtais a roinnt sa chomhrac i gcoinne na calaoise;

(h)

foráil a dhéanamh maidir leis an nós imeachta a shimpliú, lena n-áirítear an doiciméadacht is gá chun rochtain a fháil ar chistiú, gan prionsabail na hiniúchóireachta agus an fhaireacháin a bhriseadh;

(i)

a thuarascálacha iniúchóireachta a fhoilsiú, lena n-áirítear i gcásanna coinbhleachta leasa laistigh de thréimhse ama réasúnta, lena gcuideofar lena áirithiú go ndéanfaidh an t-iniúchaí na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus leantacha a mholtar a chur chun feidhme;

(j)

dianfhaireachán a dhéanamh ar an mbaol éillithe agus calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann;

(k)

an comhar idirinstitiúideach a éascú trí oibriú chun dlús a chur leis an bpróiseas urscaoilte go n+1, gan cáilíocht an phróisis a chur i mbaol;

(l)

dlús a chur leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar thrédhearcacht maidir le húsáid cistí, lena n-áirítear maidir le faisnéis faoi thairbhithe deiridh agus eisíocaíocht cistí le cuideachtaí atá bunaithe i dtearmainn chánach a dhéanamh níos doichte;

(m)

aird níos mó a thabhairt ar na Ballstáit agus cúnamh teicniúil feabhsaithe a thairiscint dóibh i gcásanna nach bhfuil a gcórais bhainistíochta agus rialaithe iontaofa ach i bpáirt nó neamhiontaofa agus i gcás ina bhfuil riosca méadaithe calaoise agus éillithe ann maidir le cistí an Aontais;

(n)

athmheastóireacht a dhéanamh ar a shainaithint eintiteas mar eagraíochtaí neamhrialtasacha agus foráil a dhéanamh maidir le sainmhíniú soiléir, chomh maith le feabhas breise a chur ar Chlár Brústocaireachta an Aontais, chun a áirithiú go gclárófar eagraíochtaí neamhrialtasacha a théann i gcomhairle le hinstitiúidí an Aontais mar bhrústocairí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, sásra éifeachtach a chur ar bun chun a áirithiú go mbeidh gníomhaíochtaí ENRanna ailínithe le luachanna an Aontais agus chun trédhearcacht iomlán a éileamh maidir lena maoiniú, lena dtabharfar léargas níos doimhne ar mhaoiniú na n-eintiteas uile a chláraítear, ba cheart é a bheith ina choinníoll chun dul i ngleic le hinstitiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais;

(o)

á ghealladh go ráthófar acmhainní leormhaithe do rúnaíocht an Chláir Trédhearcachta chun a áirithiú go bhféadfar na hiontrálacha faoi ghníomhaíochtaí stocaireachta grúpaí leasmhara, stocairí agus eagraíochtaí neamhrialtasacha a sheiceáil ó thaobh an chruinnis de agus go n-éireoidh an bhrústocaireacht níos trédhearcaí;

(p)

conradh caighdeánach a dhréachtú maidir leis na coinníollacha chun cistí de chuid an Aontais a fháil le heagraíochtaí neamhrialtasacha; á chur i bhfáth nach mór don chonradh sin a bheith chomh ceangailteach céanna d’institiúidí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais;

Feidhmíocht bhuiséad an Aontais

63.

Á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCúirt maidir le feidhmíocht bhuiséad an Aontais – An stádas ag deireadh 2021, ina ndírítear ar chúig thosaíocht chothrománacha beartais a phríomhshruthú i mbuiséad an Aontais, eadhon an t-athrú aeráide a chomhrac, an bhithéagsúlacht a chaomhnú, an comhionannas inscne, spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, agus an t-aistriú digiteach;

64.

Á chur in iúl gurb oth léi go measann an Chúirt go bhfuil drochthionchar ag ullmhú na tuarascála ar fheidhmíocht sin ar a hiniúchadh agus ar thosaíochtaí an Aontais atá ag teacht chun cinn; ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt filleadh ar an tuairisciú ar fheidhmíocht mar a úsáideadh é roimhe seo i gCaibidil 3 den Tuarascáil Bhliantúil; ag tabhairt dá haire, mar gheall ar na spriocdhátaí dlíthiúla atá i bhfeidhm, go bhféadfadh sé dul deacair ar an gCúirt a measúnú ar an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht a chur san áireamh ina Tuarascáil Bhliantúil; á iarraidh ar an gCúirt na Tuarascálacha Bliantúla ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht a chur san áireamh ina dtuairisciú bliantúil nó trí dhoiciméad ar leithligh más gá chun an t-urscaoileadh bliantúil a chur san áireamh; á mheabhrú gur méadaíodh foireann na Cúirte cheana féin in 2023 chun an t-ualach oibre méadaithe de bharr NextGenerationEU a chur san áireamh;

65.

Á chur in iúl gur geal léi gur shuigh an Chúirt go bhfuil creat i bhfeidhm in CAI 2021–2027 chun aghaidh a thabhairt ar fhormhór na dtosaíochtaí cothrománacha, go n-ionchorpraítear i gcláir chaiteachais roghnaithe de chuid an Aontais na tosaíochtaí beartais cothrománacha a roghnaigh an Chúirt, agus go bhfuil modhanna forbartha ag an gCoimisiún chun an caiteachas a rianú le haghaidh roinnt tosaíochtaí cothrománacha;

66.

Á chur in iúl gur cúis imní di nach dtugann an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht ach conclúidí atá ródhearfach maidir leis an dul chun cinn a rinneadh i dtreo spriocanna príomhshruthaithe, nach bhfuil mórán faisnéise ar fáil faoin gcaoi a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn caiteachas ar bhealach fónta le roinnt tosaíochtaí san am céanna, nach ndéantar torthaí a thomhas go fóill i gcreat feidhmíochta an Choimisiúin, agus go bhfuil an creat sin dírithe den chuid is mó ar tháirgeacht, agus go bhfuil dúshláin roimh athbhreithniú an Choimisiúin ar an bhfaisnéis a thuairiscítear;

67.

Ag tabhairt dá haire gur geal léi go bhfuil na tosaíochtaí aeráide agus bithéagsúlachta comhtháite sa chreat feidhmíochta, de réir an Choimisiúin; á thabhairt dá haire, áfach, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil torthaí breise ag an gCúirt óna Tuarascáil Speisialta 09/2022 dar teideal ‘An Caiteachas Aeráide i mBuiséad an Aontais 2014–2020’; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbíonn an caiteachas tuairiscithe ábhartha i gcónaí maidir leis an ngníomhaíocht ar son na haeráide agus go bhfuil rómheastachán á dhéanamh ar a mhéid a rannchuidíonn buiséad an Aontais leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur shuigh an Chúirt nach raibh an tuairisciú iomlán ar an gcaiteachas aeráide iontaofa, ós rud é go raibh garmheastachán suntasach i gceist leis agus nach ndearna sé ach an dea-thionchar a d’fhéadfadh a bheith aige ar an aeráid a rianú gan meastóireacht a dhéanamh ar an méid a rannchuidigh sé ar deireadh le spriocanna aeráide an Aontais; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh an riosca nach gcaithfí na méideanna atá beartaithe nó geallta an caiteachas aeráide tuairiscithe a mhéadú tuilleadh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur shuigh an Chúirt nach bhfuiltear ag súil ach le feabhsuithe teoranta i dtuairisciú aeráide 2021–2027; á chur in iúl gurb oth léi nár thug an Coimisiún aghaidh go fóill ar laigí i bhfigiúirí tuairiscithe a mhodheolaíochta nua; á chur in iúl gur cúis mhór díomá di freagairt an Choimisiúin, rud a léiríonn easpa freagrachta agus nach n-aithnítear go hiomlán na heasnaimh ina mhodheolaíocht; á chur in iúl nach féidir glacadh leis an ráiteas ón gCoimisiún maidir le haontú le comhaltaí an údaráis um urscaoileadh nach bhfuil siad ar aon intinn ós rud é, de réir na Cúirte, go raibh an méid a caitheadh ar an ngníomhaíocht ar son na haeráide ar a laghad EUR 72 bhilliún níos lú ná an méid a tuairiscíodh don tréimhse 2014–2020;

68.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé nach ndearnadh anailís chuimsitheach ar chaiteachas roimhe seo, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le measúnuithe tionchair cuimsitheacha chun feidhmíocht bhuiséad an Aontais a áirithiú; á mheas go bhfuil buntábhacht le ról an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála; ag moladh don Choimisiún uirlisí agus nósanna imeachta a fhorbairt lena bhféadfar úsáid éifeachtúil a bhaint as an saineolas atá ar fáil dó; á iarraidh ar an gCoimisiún údar sainráite a thabhairt leis na cásanna nach gcloíonn sé leis na moltaí;

69.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh an comhionannas inscne a thabhairt isteach sa chreat feidhmíochta; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór imní di, sa bhreis ar an bplé ar fad a rinne an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne sa Pharlaimint, gur tháinig an Chúirt ar laigí sa phríomhshruthú inscne; á chur in iúl gur oth léi go raibh laigí sa chéad mheastachán a rinne an Coimisiún ar rannchuidiú foriomlán bhuiséad an Aontais le cur chun cinn an chomhionannais inscne; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil cláir an Aontais á gcur chun feidhme ag an gCoimisiún go fóill gan aon spriocanna caiteachais a leagan síos agus gan ach roinnt táscairí a bheith ann a bhaineann leis an gcomhionannas inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den chothromaíocht inscne agus de chur chuige buiséadaithe inscne a chur chun cinn sna cistí a leithdháiltear; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht príomhshruthaithe inscne a fhorbairt go práinneach chun peirspictíocht comhionannais inscne a chomhtháthú i ngach réimse beartais;

70.

Á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil ach faisnéis theoranta ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag cláir an Aontais i dtaca leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léiríonn an obair a rinne an Chúirt roimhe seo nach ndéanann an Coimisiún tuairisciú ar an gcaoi a rannchuidíonn an buiséad leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tús curtha ag an gCoimisiún le tuairisciú ar na naisc atá idir cláir chaiteachais an Aontais agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe;

71.

Á chur in iúl gur geal léi gur tosaíocht nua é an t-aistriú digiteach; á chur in iúl go dtuigtear di gur chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil maidir leis an rannchuidiú leis an aistriú digiteach le haghaidh cláir shonracha agus go bhfuil sí ag fanacht leis an measúnú is déanaí ón gCúirt ar iontaofacht thuairisciú an Choimisiúin ar chur chun feidhme na tosaíochta sin;

Moltaí

72.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

73.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairisciú feidhmíochta a fheabhsú sna réimsí thuasluaite, lena n-áirítear príomhshruthú aeráide agus inscne, inscne agus cothromaíocht gheografach;

(b)

obair leantach a dhéanamh ar mholtaí na Cúirte chun caiteachas an Aontais a nascadh ar bhealach níos fearr lena chuspóirí aeráide, bithéagsúlachta, príomhshruthaithe inscne agus fuinnimh;

(c)

meastóireacht shoiléir chuimsitheach a dhéanamh ar fheidhmíocht na gclár sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht;

74.

Á chur i bhfáth go gcuireann an t-údarás um urscaoileadh an-bhéim ar chur chun feidhme iomlán agus tráthúil na moltaí sin ag an gCúirt agus go ndéanfaidh sé measúnú críochnúil ar chúrsaí sa chéad tuarascáil urscaoilte eile;

Ioncam

75.

Ag tabhairt dá haire go gcuimsíonn ioncam bhuiséad an Aontais acmhainní dílse, ioncam sannta seachtrach lena maoinítear caiteachas na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta den chuid is mó, agus ioncam eile; ag tabhairt dá haire gur ionann an acmhainn dhílis bunaithe ar an ollioncam náisiúnta agus EUR 115,8 billiún (48,2 %) agus ráthaíochtaí buiséadacha oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe i gcomhthéacs NGEU arb ionann iad agus EUR 55,5 billiún (23,2 %) agus gur ionann ranníocaíochtaí agus aisíocaíochtaí a bhaineann le comhaontuithe agus cláir an Aontais agus EUR 19,8 billiún (8,3 %), gur ionann acmhainní dílse traidisiúnta agus EUR 19,0 billiún (7,9 %) agus gur ionann acmhainn dhílis bunaithe ar cháin bhreisluacha agus EUR 17,9 billiún (7,5 %), agus gur ionann acmhainn dhílse dramhaíola ó phacáistíocht phlaisteach agus EUR 5,9 billiún (2,5 %), agus gur ionann ioncam eile agus EUR 5,7 billiún (2,4 %);

76.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla de 55 ordú aisghabhála ón gCoimisiún, a ceapadh le bheith ionadaíoch ar gach foinse ioncaim, ar chórais an Choimisiúin chun na hacmhainní dílse éagsúla a áirithiú agus a bhainistiú, ar na córais le haghaidh cuntasaíocht agus bainistiú acmhainní dílse traidisiúnta (ADT) i dtrí Bhallstát, agus ar iontaofacht na faisnéise maidir le rialtacht atá i dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó AS BUDG agus ó Eurostat;

77.

Ag tabhairt dá haire go mbaineann an Chúirt de thátal nach raibh an leibhéal earráide san ioncam ábhartha; ag tabhairt dá haire go raibh na córais a bhaineann le hioncam a scrúdaíodh éifeachtach go ginearálta ach go bhfuarthas amach nach bhfuil na príomhrialuithe inmheánacha ADT i mBallstáit áirithe agus bainistiú fhorchoimeádais CBL agus pointí oscailte ADT ag an gCoimisiún éifeachtach ach i bpáirt mar gheall ar laigí leanúnacha;

78.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil baol ann nach ndéanann allmhaireoirí dleachtanna custaim a dhearbhú do na húdaráis chustaim náisiúnta, nó go ndéanann siad iad a dhearbhú go mícheart; á thabhairt chun suntais, nach bhfuil na méideanna sin a dhéantar a imghabháil amhlaidh, ar a dtugtar ‘an bhearna chustaim’, áirithe i gcórais chuntasaíochta ADT na mBallstát agus nach dtagann siad faoi raon feidhme thuairim iniúchóireachta na Cúirte maidir le hioncam; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhféadfadh an bhearna chustaim difear a dhéanamh do mhéideanna na ndleachtanna atá suite ag na Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir na Cúirte, den tríú bliain as a chéile, go ndearna an tAontas gníomhaíochtaí chun an bhearna a laghdú agus an riosca nach bhfuil ADTanna curtha i gcrích a mhaolú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann do laigí tromchúiseacha i gcuntasaíocht agus bainistiú ADT na mBallstát le roinnt blianta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil dul chun cinn leordhóthanach déanta maidir le roinnt gníomhaíochtaí i bPlean Gníomhaíochta Custaim an Choimisiúin;

79.

Á chur in iúl gur geal léi gur tháinig laghdú suntasach ar líon na bpointí ADT atá gan réiteach le fada idir 2019 agus 2021, agus gur nuashonraigh an Coimisiún a nós imeachta chun torthaí cigireachta ADT a phróiseáil, á mholadh don Choimisiún córas a chur san áireamh chun easnaimh na mBallstát a rangú in ord tosaíochta agus spriocdhátaí a leagan síos dá ngníomhaíochtaí leantacha bunaithe ar fhreagraí na mBallstát;

80.

Ag tabhairt dá haire, den séú bliain as a chéile, go bhfuil amhras fós ar AS BUDG go bhfuil na suimeanna ADT a aistrítear go dtí buiséad an Aontais míchruinn de bharr gearrluacháil teicstílí agus bróg a allmhairíodh ón tSín i gcaitheamh na tréimhse ó 2011 go 2017; ag tabhairt dá haire, an 8 Márta 2022, gur fhoilsigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a cinneadh críochnaitheach maidir le cás um shárú a bhí tugtha ag an gCoimisiún in aghaidh na Ríochta Aontaithe inar cinneadh nár chomhlíon an Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí faoi dhlí an Aontais i leith acmhainní dílse;

Moltaí

81.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

82.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

feabhas a chur ar mheasúnú rioscaí airgeadais do ADT trí bhearta ábhartha as a Phlean Gníomhaíochta Custam a chur chun feidhme ar shlí thráthúil;

(b)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach

83.

Ag tabhairt dá haire gur 10,2 % nó EUR 18,5 billiún de bhuiséad an Aontais atá i gceannteideal CAI 1 ‘An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’: as an méid sin, caitear EUR 10,8 billiún (58,7 %) ar thaighde, EUR 2,6 billiún (13,9 %) ar an Spás, EUR 2,2 billiún (11,8 %) ar Iompar, Fuinneamh agus Inneachar Digiteach, EUR 1,5 billiún ar InvestEU, agus EUR 1,4 billiún (7,4 %) ar réimsí eile;

84.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de ina raibh 130 idirbheart lena gcumhdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI, an fhaisnéis rialtachta i dtuarascálacha bliantúla gníomhaíochta na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN), AS RTD agus REA, atá san áireamh in AMPR an Choimisiúin, agus i gcórais TF roghnaithe de chuid an Choimisiúin;

85.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt go raibh an leibhéal measta earráide sa chaiteachas ar ‘Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Inneachar Digiteach’ ábhartha, ag sroicheadh 4,4 %, i gcomparáid le 3,9 % sa bhliain roimhe sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gurb é an riosca measta ag tráth na híocaíochta arna ríomh ag an gCoimisiún ná 1,3 %, atá faoi bhun an leibhéil ábharthachta agus faoi bhun raon measta leibhéal earráide na Cúirte araon; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirte, in ainneoin na mbeart atá déanta cheana féin ag an gCoimisiún, go bhfuil a ráta earráide fós ina ráiteas easnamhach;

86.

Ag tabhairt dá haire go leanann H2020 de bheith ag déanamh ionadaíochta ar fhormhór na dtionscadal i sampla na Cúirte, ag tabhairt dá haire nár roghnaíodh aon tionscadal Fís Eorpach le haghaidh iniúchta go fóill, ag tabhairt le fios go bhfuil riosca ard fós ag baint le caiteachas H2020 agus FP7 agus gur príomhfhoinse iad do na hearráidí a bhraitear;

87.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil na rialacha chun costais phearsanra a dhearbhú faoi H2020 fós casta, in ainneoin iarrachtaí atá déanta chun iad a shimpliú, agus is mórfhoinse earráide sna héilimh chostais atá fós i ríomh na gcostas sin. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cur i bhfeidhm mícheart na modheolaíochta chun costais phearsanra a ríomh ar cheann de na príomhchúiseanna earráide; á chur in iúl gur geal léi, faoin gclár Fís Eorpach a tháinig ina dhiaidh, go bhfuil úsáid níos mó á baint as cnapshuimeanna agus costais aonaid le haghaidh costais phearsanra; den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún an cuíchóiriú ar dhearbhú na gcostas pearsanra a chothú agus a éascú tuilleadh agus úsáid níos leithne na roghanna costais simplithe a chur chun cinn mar réamhchoinníoll chun na rátaí earráide a chobhsú faoi bhun an leibhéil ábharthachta; ag tarraingt aird ar bharúil na Cúirte go mbaineann baol earráide le heintitis phríobháideacha, go háirithe FBManna agus iontrálaithe nua;

88.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, go raibh sé mar thoradh ar an tacaíocht shonrach faoi Chlár an Mhargaidh Aonair go raibh malartú dea-chleachtas ann agus go ndeachaigh cúrsaí ó neart go neart ó thaobh tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh i réimse an gheilleagair shóisialta ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach agus taca a chur faoi líonra Eorpach réigiúin an gheilleagair shóisialta; ag tabhairt dá haire, in 2021, gur reáchtáil an Coimisiún feachtas chun an suíomh gréasáin ‘Rochtain ar Airgeadas’ (A2F) a chur chun cinn, sraith seimineár gréasáin maidir le hionstraimí tacaíochta AE do FBManna agus feachtas a bhí dírithe ar líonraí sóisialta (‘Outreach to Businesses and Citizens’) inar leagadh béim ar an tacaíocht trasteorann do ghnólachtaí agus ar dheiseanna do FBManna;

89.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 15/2022 dar teideal ‘Bhí bearta chun rannpháirtíocht i bhFís 2020 a fhairsingiú deartha go maith ach beidh athrú inbhuanaithe ag brath, den chuid is mó, ar iarrachtaí na n-údarás náisiúnta’ cé go raibh dearadh na mbeart um fhairsingiú iomchuí den chuid is mó, nach féidir leo ach spreagadh a thabhairt don dul chun cinn i bhfeidhmíocht T&N; á chur in iúl gur geal léi go raibh dúshláin roimh chur chun feidhme na mbeart um fhairsingiú ach go bhfuil na chéad torthaí le sonrú cheana féin; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di nach bhfuil socruithe leordhóthanacha déanta ag an gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar thionchar na mbeart um fhairsingiú; á thabhairt chun suntais conclúid na Cúirte, chun cásanna a sheachaint ina dtéann formhór na dtionscadal um fhairsingiú chuig líon beag tíortha, gur cheart don Choimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar leibhéil rannpháirtíochta i mbearta um fhairsingiú faoin gclár Fís Eorpach. Chomh maith leis sin, más rud é go dtagann míchothromaíochtaí suntasacha leanúnacha chun solais, ba cheart dó bearta a thabhairt isteach chun patrún rannpháirtíochta níos leithne a bhaint amach;

90.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 07/2022 ‘Ionstraimí um idirnáisiúnú FBManna’, go ndearna an Coimisiún cur chun feidhme neamhiomlán ar an straitéis maidir le hidirnáisiúnú FBManna; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil a phríomhspriocanna á mbaint amach ag an Líonra Fiontar Eorpach (EEN) ach á chur in iúl gur oth léi go bhfuil infheictheacht agus cumhdach fo-optamach i dtríú tíortha; ag tabhairt dá haire gur thug Startup Europe aghaidh ar riachtanais thábhachtacha, ach gur chinn an Chúirt go bhfuil an inbhuanaitheacht, an faireachán agus an comhordú inathraitheach;

Moltaí

91.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

92.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(b)

treorú a thabhairt do thairbhithe i dtaobh difríochtaí sonracha, ag díriú ar ghnéithe incháilitheachta faoi HE, i gcomparáid le H2020 agus cláir chomhchosúla;

(c)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh; agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a chur ar bun go práinneach, ar córas é lena gcuirfear leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá cheana ann ach nach mbeidh teoranta dóibh;

(d)

díriú ar rannpháirtíocht níos cothroime na dtíortha a thagann faoin bhfairsingiú, i gcomhthéacs na mbeart um fhairsingiú;

(e)

tacaíocht a sholáthar, teagmhálacha a chur chun cinn idir tairbhithe tionscadail agus comhpháirtithe ionchasacha tionsclaíocha , go háirithe trí thionscnaimh de chuid an Aontais atá ann cheana lena ndírítear ar naisc a chruthú idir taighde agus gnó, agus tacú tuilleadh le hinfheictheacht tionscadal trí thairbhithe a spreagadh chun nuashonrú rialta a dhéanamh ar thorthaí an tionscadail agus iad a chur ar fáil go poiblí ar ardáin an Aontais arna mbunú chun na críche sin;

(f)

cur leis an bhfeasacht maidir le hidirnáisiúnú FBManna agus le comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht na tacaíochta sin; á athdhearbhú gur gá na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt d’iarratasóirí, d’iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir;

Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna

93.

Ag tabhairt dá haire gur 44,1 % nó EUR 80,1 billiún de bhuiséad an Aontais atá i gceannteideal CAI 2 ‘Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna’: as an méid sin, caitear EUR 45,5 billiún (56,9 %) ar Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus ar oibríochtaí réigiúnacha eile, EUR 19,4 billiún (24,2 %) ar Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE), EUR 9,7 billiún (12,1 %) ar an gCiste Comhtháthaithe (CC), EUR 2,4 billiún (3,0 %) ar Erasmus+, EUR 1,0 billiún (1,2 %) ar Iompar SCE, EUR 0,6 billiún (0,7 %) ar ESI agus EUR 1,5 billiún (1,9 %) ar réimsí eile;

94.

Á chur in iúl gur geal léi an méadú a tháinig ar ídiú acmhainní in 2021, nuair a eisíocadh EUR 56 bhilliún de chistiú a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa/an Ciste Comhtháthaithe (CFRE/CC) ó bhuiséad an Aontais, i gcomparáid le EUR 40,6 billiún ar an meán sna blianta roimhe sin, rud a d’fhág go raibh ráta caiteachais thart ar 75 % ann ag deireadh mhí na Samhna 2022 (i gcomparáid le 67 % ag deireadh 2021); á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh beagnach 1 mhilliún tionscadal (988 000) roghnaithe ar an talamh faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022;

95.

Á chur i bhfios go raibh ról lárnach ag cistiú CFRE, CC agus Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) ó thaobh iarmhairtí phaindéim COVID-19 a shrianadh, cóineasú a spreagadh agus a áirithiú nach bhfágtar aon duine ar lár; ag tabhairt dá haire go raibh solúbthacht eisceachtúil ann faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+) agus san eisíocaíocht thart ar EUR 23 bhilliún dá bharr ó leithreasuithe buiséid 2014–2020 nár leithdháileadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil cistiú breise EUR 50,6 billiún faoi chuimsiú REACT-EU curtha i leataobh freisin le haghaidh bearta athchóirithe agus téarnaimh tar éis na géarchéime suas go dtí 2023 chun an bhearna idir an chéad fhreagairt ar an ngéarchéim agus an téarnamh fadtéarmach a dhúnadh;

96.

Á chur in iúl gur díol sásaimh di gurbh é REACT-EU an chéad ionstraim de chuid Next Generation EU (NGEU) a chuir tacaíocht éifeachtach i dtreo gheilleagar, ghnólachtaí agus oibrithe na hEorpa ar an talamh agus, faoin ionstraim sin, gur soláthraíodh, inter alia, breis agus EUR 4,6 billiún i bhfoirm deontas trí chaipiteal oibre do bhreis agus 754 000 FBM agus gur cuireadh EUR 4,4 billiún i leataobh go sonrach le haghaidh bearta cúraim sláinte chun paindéim COVID-19 a chomhrac, lena n-áirítear EUR 2 bhilliún chun trealamh leighis a cheannach d’ospidéil; ag tabhairt dá haire, mar thoradh ar an gcistiú bunriachtanach sin, gur cuireadh 13 200 aerálaí agus 12 500 leaba ospidéil ar fáil d’aonaid dianchúraim agus gur cuireadh EUR 372 mhilliún de chistiú an bheartais chomhtháthaithe ar fáil chun costas na vacsaínithe uile a sheasamh, lena n-áirítear 133 mhilliún vacsaín COVID-19 agus an bonneagar cuisniúcháin is gá;

97.

Á thabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh di gur lean Ionstraimí Airgeadais EaSI (lena gcuimsítear Ráthaíocht Mhicreamhaoiniúcháin agus Fiontraíocht Shóisialta EaSI, an tIonú um Infheistíochtaí Fothaithe Acmhainneachta agus an Ionstraim Maoinithe), in 2021, de bheith ag tacú le micrifhiontair agus le fiontair shóisialta, agus ón uair a seoladh é go dtí an 30 Meán Fómhair 2021, gur síníodh comhaontuithe ráthaíochta ar fiú EUR 401 mhilliún iad agus as ar tháinig 154 137 n-iasachtaí ar fiú EUR 2.5 billiún iad ar an iomlán do mhicrifhiontair agus d’fhiontair shóisialta; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur cuireadh tús le EaSI go déanach in 2021 mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus ar shaincheisteanna eile;

98.

Ag tabhairt dá haire, ar an meán, go bhfuil níos mó ná duine amháin as cúigear agus leanbh amháin as gach ceathrar leanaí i mbaol bochtaineachta nó eisiamh sóisialta san Aontas; ag meabhrú thiomantas an Aontais chun tacaíocht a thabhairt do na daoine is díothaí trí FEAD agus CSE+, lena maolaítear na cineálacha is measa bochtaineachta san Aontas, amhail díth bia, easpa dídine, agus bochtaineacht leanaí; ag tabhairt dá haire go dtacaíonn FEAD gach bliain le tuairim is 13 mhilliún duine, lena n-áirítear thart ar 4 mhilliún leanbh faoi bhun 15 bliana d’aois;

99.

Á chur in iúl gur geal léi dlúthchomhar an Choimisiúin le húdaráis na mBallstát chun dlús a chur leis an gcur chun feidhme ar an talamh, go háirithe i gcás na gclár a mheastar a bheith i gcruachás, agus chun cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar mhórfhadhbanna ina leith sin; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún treoir luath do na Ballstáit a áirithiú go mbeadh a ndóthain ama acu chun ullmhú do dhúnadh na clárthréimhse agus, i mí Dheireadh Fómhair 2021, gur ghlac sé na treoirlínte ábhartha, a tarchuireadh chuig na Ballstáit i bhfoirm seimineáir ghréasáin agus cúrsaí oiliúna;

100.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de ina raibh 243 idirbheart lena gcumhdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI; ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar an bhfaisnéis rialtachta a tugadh i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí AS EMPL agus DG REGIO agus a áiríodh ina dhiaidh sin in AMPR an Choimisiúin, chomh maith leis an obair atá déanta ag na húdaráis náisiúnta iniúchóireachta;

101.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar ‘Comhtháthú, athléimneacht agus luachanna’ ábhartha agus i gcás cheannteideal 2 de CAI, ba é an leibhéal foriomlán measta earráide ná 3,6 %, i gcomparáid le 3,5 % sa bhliain roimhe sin; ag tabhairt dá haire go raibh leibhéal measta earráide 4,1 % ag caiteachas faoi fho-cheannteideal 2a; ag tabhairt le fios gur thuairiscigh an Coimisiún riosca comhcheangailte ag tráth na híocaíochta do cheannteideal 2 idir 1,7 % agus 2,3 % ina iomláine, agus i gcás fho-cheannteideal 2a gur mheas an Coimisiún an riosca ag tráth na híocaíochta a bheith idir 1,8 % agus 2,5 %; ag tarraingt aird ar an difríocht sna figiúirí idir an Coimisiún agus an Chúirt;

102.

Á chur in iúl gur geal léi go bhfuil feabhas curtha ag an gCoimisiún ar a mhodheolaíocht chun meastachán a dhéanamh ar an riosca uasta, ach ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil rioscaí bunúsacha fós ann ina mhúnla dearbhaithe; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go dtugann an Coimisiún meastachán íosta ar an leibhéal earráide nach bhfuil críochnaitheach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh athbhreithnithe deisce in ann caiteachas neamhrialta a bhrath agus a cheartú, go bhfuil luach teoranta ag baint leo ó thaobh bhailíocht na rátaí earráidí iomlána iarmharacha arna dtuairisciú ag na húdaráis iniúchóireachta a dheimhniú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach mbionn tionchar i gcónaí ag rátáil riosca na n-údarás iniúchóireachta ar cé acu a dhéantar nó nach ndéantar iad a roghnú le haghaidh iniúchóireacht comhlíontachta;

103.

Á thabhairt chun suntais gurbh iad na hearráidí ba choitianta a d’aimsigh an Chúirt ná costais neamh-incháilithe, tionscadail neamh-incháilithe agus sáruithe ar rialacha an mhargaidh inmheánaigh, lena n-áirítear neamhchomhlíonadh na rialacha maidir le soláthar poiblí agus sáruithe ar rialacha maidir leis an státchabhair;

104.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go léiríonn torthaí iniúchóireachta na Cúirte le cúig bliana anuas nach ndéanann na rialuithe atá i bhfeidhm faoi láthair an riosca ard earráide sa réimse sin a fhritháireamh go leordhóthanach fós, agus gur fíor sin go háirithe i gcás na n-údarás bainistíochta, a bhfuil a bhfíoruithe fós neamhéifeachtach go pointe áirithe chun neamhrialtachtaí sa chaiteachas arna dhearbhú ag tairbhithe a chosc nó a bhrath; á chur in iúl gur oth léi gurb í cinnteoireacht lag na n-údarás bainistíochta is mó a rannchuidíonn leis an leibhéal earráide measta, arna ríomh ag an gCúirt sa réimse sin, lena n-áirítear tionscadail neamh-incháilithe nó státchabhair neamhdhleathach a fhormheas;

105.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil easnaimh fós ann sa tslí ina ndéanann údaráis iniúchóireachta a gcuid oibre agus ina ndéanann siad a gcuid oibre a dhoiciméadú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur aimsigh an Chúirt earráidí inchainníochtaithe nár shainaithin na húdaráis náisiúnta iniúchóireachta roimhe sin i mórán cásanna agus a gcuid iniúchtaí á ndéanamh acu arís;

106.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 08/2022 dar teideal ‘Tacaíocht CFRE d’iomaíochas FBManna’, nach raibh an úsáid a bhain na Ballstáit as CFRE chun iomaíochas FBManna a fheabhsú spriocdhírithe go leordhóthanach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nár chuir tacaíocht CFRE feabhas suntasach ar iomaíochas FBManna a dtugtar tacaíocht dóibh, ag tabhairt dá haire gur ann do chinneadh na Cúirte go gcuirtear teorainn le tionchar féideartha CFRE trí thacaíocht a thabhairt do thionscadail neamhspleácha; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil nósanna imeachta roghnúcháin CFRE iomaíoch go leor agus go gcuirtear an chuid is mó den tacaíocht ar fáil trí dheontais seachas trí chabhair inaisíoctha;

107.

Á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le cistiú uile an Ioslamachais agus na n-eagraíochtaí a bhfuil naisc acu leis an Ioslamachas chomh maith le feachtais lena ndéantar hijab a ghlóiriú nó a dhlisteanú;

Moltaí

108.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

109.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leanúint dá comhar leis an gCúirt chun caighdeáin sonraí a chomhchuibhiú tuilleadh agus an léirmhíniú ar théacsanna dlí a ailíniú;

(b)

é a dhéanamh éigeantach agus córasach úsáid a bhaint as uirlisí TF amhail EDES agus ARACHNE le haghaidh chistí uile an Aontais, lena n-áirítear bainistiú comhroinnte, agus úsáid níos fearr as teicneolaíocht nua a áirithiú chun rialuithe a mhéadú agus buiséad an Aontais a chosaint ar chalaois agus ar mhí-úsáid cistí;

(c)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá ann cheana ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

(d)

tuairisc a thabhairt maidir leis na hiniúchtaí arna ndéanamh ar luathchóras coisctheach (EPSA) a rinneadh ag tús na clárthréimhse, chun éifeachtacht na gcóras rialaithe sna Ballstáit a dheimhniú, lena n-áirítear an córas atá i bhfeidhm chun neamhrialtachtaí a chosc;

(e)

oibriú i gcomhar le húdaráis iniúchóireachta na mBallstát, chun a áirithiú go mbeidh an riosca sonrach a bhaineann le cistiú dúbailte, go háirithe le maoiniú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta (RFF), cumhdaithe go maith ag iniúchtaí náisiúnta; ag éileamh go ndéanfadh an Coimisiún iniúchtaí téamacha nó iniúchtaí comhlíontachta, atá saincheaptha díriú ar réimsí ardriosca agus/nó ar na Ballstáit;

(f)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

110.

Ag tabhairt dá haire gur ionann ceannteideal CAI 3 ‘Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol’ agus 31,3 % nó EUR 56,8 billiún de bhuiséad an Aontais: as an méid sin, caitear EUR 38,3 billiún (67,3 %) ar íocaíochtaí díreacha faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), EUR 14,6 billiún (25,7 % ar an gciste talmhaíochta um fhorbairt tuaithe (EARDF), EUR 2,5 billiún (4,5 %) ar chaiteachas a bhaineann leis an margadh faoi CERT, EUR 0,9 billiún (1,6 %) ar Mhuirí agus ar Iascaigh, EUR 0,4 billiún (0,7 % ar an gComhshaol agus ar an Aeráid (LIFE), agus 0,1 billiún (0,2 %) ar réimsí eile;

111.

Ag tabhairt dá haire gurbh é 2021 an chéad bhliain d’idirthréimhse dhá bhliain an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) inar úsáideadh pacáistí an Chiste Eorpaigh um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) ar cuid de chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2021–2027 iad chun CBT a chur chun feidhme faoi na rialacha idirthréimhseacha agus gur cuireadh síneadh leis na cláir forbartha tuaithe don tréimhse 2014–2020; ag tabhairt dá haire freisin gur gealladh agus gur íocadh EUR 40,7 billiún de chistiú CERT, a buiséadaíodh do 2021 faoi CAI 2021–2027, le linn na bliana; ag tabhairt dá haire, as leithreasuithe 2021 faoi chomhair gealltanas le haghaidh CETFT agus NGEU (EUR 17,7 billiún), gur íocadh EUR 624 mhilliún in 2021, agus gur bhain EUR 14 bhilliún d’íocaíochtaí 2021 le gealltanais a rinneadh roimh 2021;

112.

Á chur in iúl gur oth léi an úsáid a bhaintear as an gCiste Eorpach um Ghnóthaí Muirí agus Iascaigh mar nach leor í; á chur i bhfáth, as imchlúdach EUR 5,69 billiún an Choiste um an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) a bhí ar fáil faoi bhainistíocht chomhroinnte don tréimhse 2014–2020, nár gealladh ach EUR 4,1 billiún go dtí deireadh 2021; ag tabhairt dá haire gur dócha nach mbaineann tairbhithe féideartha úsáid as CEMI mar gheall ar an deacracht a bhaineann le hiarratais ar chistí a chur isteach agus lena bpróiseáil; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na cúiseanna atá leis sin;

113.

Ag tabhairt dá haire gur ghlac na Ballstáit córais bhainistithe agus rialaithe chun cásanna déchistithe a shainaithint agus go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm chun na cásanna sin a leigheas má thagann siad chun cinn; ag tabhairt dá haire freisin, i gcás ina bhfaightear laigí i rialuithe agus nósanna imeachta, go bhféadfaidh an Coimisiún a mholadh do na Ballstáit feabhsuithe a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, coigeartuithe airgeadais a dhéanamh chun buiséad an Aontais a chosaint;

114.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de, ina raibh 212 idirbheart lena gclúdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI: ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú freisin ar an bhfaisnéis rialtachta a thugtar i dtuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí AS AGRI agus AS CLIMA agus a áiríodh ina dhiaidh sin in AMPR an Choimisiúin, chomh maith le córais roghnaithe sna Ballstáit;

115.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici gur mheas an Chúirt go raibh an leibhéal earráide do ‘Acmhainní nádúrtha’ gar don tairseach ábharthachta, a mheastar a bheith 1,8 % i gcomparáid le 2,0 % sa chleachtadh roimhe sin, agus go ndearna tromlach na n-earráidí difear d’idirbhearta faoi bhearta forbartha tuaithe agus bearta sa mhargadh; á thabhairt chun suntais go bhfuil an figiúr sin i gcomhréir le meastacháin an Choimisiúin féin; ag tabhairt le fios gurbh é an meastachán a rinne AS AGRI den riosca ag tráth na híocaíochta (ráta earráide coigeartaithe) ná thart ar 1,4 % le haghaidh íocaíochtaí díreacha, 2,9 % le haghaidh forbairt tuaithe agus 2,1 % le haghaidh bearta sna margaí, atá i gcomhréir leis na torthaí ón gCúirt; ag tabhairt le fios nach bhfuil an t-ailíniú sin idir an Chúirt agus an Coimisiún ar mheastacháin earráide ann i réimsí caiteachais eile;

116.

Á thabhairt chun suntais gurb é an phríomhfhoinse earráidí ba choitianta a d'aimsigh an Chúirt ná tairbhithe neamh-incháilithe nó caiteachas neamh-incháilithe, agus ina dhiaidh sin bhí earráidí riaracháin agus neamh-urraim do thiomantais agra-chomhshaoil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt i roinnt cásanna go raibh faisnéis leordhóthanach ag údaráis na mBallstát agus ag an gCoimisiún chun an earráid a chosc, nó a bhrath agus a cheartú, sular glacadh leis an gcaiteachas; á chur in iúl go measann an Chúirt go mbeadh an leibhéal earráide measta don chaibidil seo 1,2 % níos ísle dá mbainfeadh údaráis na mBallstát agus an Coimisiún (le haghaidh bainistíocht dhíreach) úsáid chuí as an bhfaisnéis uile atá ar fáil dóibh; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt gur earráid riaracháin atá i gceist mar gheall nár úsáideadh an fhaisnéis a bhí ar fáil;

117.

Á aithint go bhfuil riosca earráide níos ísle ag baint le híocaíochtaí díreacha, arb ionann iad agus 67 % den chaiteachas; ag tabhairt dá haire go ndéantar iad a bhainistiú tríd an gCóras Comhtháite Riaracháin agus Rialaithe (CCRR), ina bhfuil an Córas Aitheantais le haghaidh Dáileachtaí Talún (LPIS). ag tabhairt dá haire gur measann an Chúirt gur córas éifeachtach bainistithe agus rialaithe atá in CCRR, agus LPIS go háirithe, chun a áirithiú nach ndéanann earráid ábharthach difear do na híocaíochtaí díreacha i gcoitinne; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt go bhfuil riosca níos airde earráide ag baint le bearta forbartha tuaithe, le bearta sa mhargadh agus le híocaíochtaí eile, arb ionann iad agus 33 % den chaiteachas;

118.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 14/2022 dar teideal ‘Freagairt an Choimisiúin ar chalaois sa Chomhbheartas Talmhaíochta’ go mbíonn éagsúlacht sna rioscaí calaoise idir na scéimeanna íocaíochta éagsúla faoi CBT; á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún beart maidir le calaois sa chaiteachas; á chur in iúl gur oth léi, de réir na Cúirte, nach raibh na bearta a rinne an Coimisiún réamhghníomhach go leor ó thaobh aghaidh a thabhairt ar rioscaí áirithe calaoise, amhail ‘grabáil talún’ neamhdhleathach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an baol ann go mbainfidh calaoiseoirí leas as laigí sna seiceálacha a dhéanann na Ballstáit agus gur cheart don Choimisiún faireachán níos fearr a dhéanamh ar na bearta náisiúnta frithchalaoise, treoirlínte níos nithiúla a chur ar fáil agus úsáid teicneolaíochtaí nua a chur chun cinn chun calaois a chosc agus a bhrath; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chuir roinnt gníomhaireachtaí íocaíochta in iúl go bhfuil comhairle níos praiticiúla ón gCoimisiún ag teastáil;

119.

Á chur in iúl gur oth léi nach mbeidh sé mar thoradh ar na gníomhaíochtaí a dhéanann an Coimisiún chun calaois in íocaíochtaí CBT a bhrath agus a chomhrac nach bhfaighfear réidh leis an gcuid is mó de na rioscaí agus den mhí-úsáid; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú córasach a dhéanamh ar úsáid íocaíochtaí CBT trí liosta na dtairbhithe is mó in aghaidh an Bhallstáit a sholáthar agus é a fhoilsiú dá réir;

120.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 16/2022 dar teideal ‘Sonraí sa Chomhbheartas Talmhaíochta’, nach ndéanann na sonraí agus uirlisí reatha an fhaisnéis atá ag teastáil le haghaidh ceapadh beartais ar bhonn eolasach ar leibhéal an Aontais a thabhairt i gcrích ach go páirteach; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt tionscnamh ag an gCoimisiún chun úsáid níos fearr a bhaint as sonraí atá ann cheana féin; á chur in iúl gur oth léi gur chinn an Chúirt go bhfuil bacainní fós sa réimse sin;

121.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt, i dTuarascáil Speisialta 10/2022 uaithi dar teideal ‘Éascaíonn LEADER agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail rannpháirtíocht áitiúil, ach níl léiriú leordhóthanach ann go fóill maidir le buntáistí breise’ go n-éascaíonn grúpaí gníomhaíochta áitiúla an rannpháirtíocht áitiúil ach go mbíonn costais bhreise agus próisis formheasa mhall i gceist leo; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil aon léiriú fós ar na tairbhí breise a bhaineann le LEADER agus le forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail;

122.

Ag meabhrú a thábhachtaí atá leithdháileadh cothrom CBT, lenar cheart, ar thaobh amháin, aon mhí-úsáid cistí a sheachaint, go háirithe ag daoine aonair, scothaicmí agus ilchuideachtaí móra a bhfuil tábhacht pholaitiúil ag baint leo, agus díriú ar fheirmeoirí gníomhacha atá i mbun talmhaíochta go hiomlán ar an taobh eile;

Moltaí

123.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

124.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

na rialacha agus na nósanna imeachta a shimpliú go mór, seisiúin oiliúna éigeantacha agus faisnéis phraiticiúil a fhorbairt le haghaidh iarratasóirí, iarratasóirí nua go háirithe, agus feabhas a chur ar an gcúnamh agus ar na treoirlínte do FBManna, do sheachghnólachtaí, do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghníomhaireachtaí riaracháin agus íocaíochta agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile go léir gan cáilíocht na rialuithe a chur i mbaol;

(b)

leas níos fearr a bhaint as an intleacht shaorga agus na sonraí ó theicneolaíochtaí nua amhail satailítí Copernicus Sentinel atá faoi úinéireacht an Aontais, agus úsáid chórasach IS agus na sonraí sin a spreagadh, chun faireachán agus rialú a dhéanamh ar an úsáid cheart a bhaintear as cistí CBT;

(c)

an úsáid a bhaintear as na huirlisí TF, Arachne agus EDES, a chur ar bhonn éigeantach córasach le haghaidh gníomhaireachtaí íocaíochta, mar uirlisí tábhachtacha is féidir a úsáid chun tionscadail, tairbhithe agus conraitheoirí atá i mbaol calaoise a shainaithint;

(d)

cosaint bhuiséad an Aontais a áirithiú trí úsáid ghinearálta agus chórasach a bhaint as córais dhigiteacha agus uathoibrithe le haghaidh tuairisciú, faireacháin agus iniúchadh agus córas comhtháite agus idir-inoibritheach a bhunú go práinneach, ar córas é a chuirfidh leis na huirlisí agus na bunachair sonraí atá cheana ann ach nach mbeidh teoranta dóibh sin amháin;

(e)

leasú ar rialacha CBT a thíolacadh a mbeidh sé mar aidhm leis cosc a chur le cistí ón Aontas a bheith á n-eisíoc i gcás ina bhfuarthas talamh le lámh láidir nó i gcás ina ndearnadh dearbhú bréagach faoin úinéireacht;

(f)

sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú maidir leis na tairbhithe is mó a fuair cistí faoi CBT sna Ballstáit ar fad, lena n-áirítear na sonraí comhtháite ó chistí eile ón Aontas;

Imirce agus Bainistiú Teorainneacha, Slándáil agus Cosaint

125.

Á chur in iúl gur geal léi gur cruthaíodh ceannteideal 4 de CAI ‘Imirce agus Bainistiú Teorainneacha’ don chlárthréimhse 2021–2027 mar go gcuireann sé sin i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na saincheisteanna gaolmhara don Aontas ina iomláine agus do bhuiséad an Aontais go háirithe; ag tabhairt dá haire gur bhain an ceannteideal sin in 2021 le EUR 2,5 billiún in íocaíochtaí, ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (EUR 1,2 billiún), ón gCiste Slándála Inmheánaí – Teorainneacha agus Víosaí(EUR 0,4 billiún) agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, ó Frontex agus ó eu-LISA (EUR 0,9 billiún); ag tabhairt dá haire go mbaineann an caiteachas sin go príomha le cur i gcrích tionscadal agus scéimeanna atá fós le críochnú ó chlárthréimhse 2014–2020;

126.

Ag tabhairt dá haire go mbaineann ceannteideal 5 ‘slándáil agus cosaint’ le EUR 0,7 billiún in íocaíochtaí, ón gCiste Eorpach Cosanta (EUR 0,2 billiún), ón gCiste Slándála Inmheánaí – Póilíní (EUR 0,2 billiún), ó na gníomhaireachtaí díláraithe (EUR 0,2 billiún), agus ón tsábháilteacht núicléach agus díchoimisiúnú (EUR 0,1 billiún);

127.

Á chur in iúl gur údar imní di go raibh tionchar ag earráidí ar naoi gcinn (32 %) de na 28 n-idirbheart a ndearna an Chúirt scrúdú orthu, gur chainníochtaigh an Chúirt sé earráid a raibh tionchar acu ar na méideanna a cuireadh ar bhuiséad an Aontais, agus gur chinn an Chúirt freisin go raibh sé chás de neamhchomhlíonadh forálacha dlíthiúla agus airgeadais ann, gan aon tionchar ar bhuiséad an Aontais;

128.

Ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt athbhreithniú freisin ar an obair a rinne trí cinn d’údaráis iniúchóireachta nuair a bhí cuntais bhliantúla AMIF/ISF a mBallstáit á n-iniúchadh acu; á chur in iúl gur oth léi gur shainaithin an Chúirt easnaimh ina dtuairisciú, a bhaineann le hobair iniúchóireachta a rinneadh ar rogha tionscadal, nósanna imeachta soláthair, tástáil nach raibh leormhaith ar incháilitheacht an chaiteachais. agus rian iniúchóireachta nach raibh leordhóthanach nó droch-dhoiciméadacht, rud a d’fhág nár braitheadh caiteachas neamh-incháilithe, nach raibh conclúidí na hiniúchóireachta iontaofa agus nach raibh ach dearbhú teoranta ag baint le hobair na n-údarás iniúchóireachta; ag tabhairt dá haire go bhfuil moltaí curtha i dtoll a chéile ag an gCúirt chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh;

129.

Ag tabhairt dá haire, ó fhreagraí an Choimisinéara ar cheisteanna i scríbhinn, go nglacann FBManna páirt i nglaonna ón gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) agus gur ionann iad agus 43 % de na heintitis atá rannpháirteach sna tograí a roghnaíodh; ag tabhairt dá haire go gcuireann an Coimisiún tacaíocht theicniúil ghinearálta ar fáil do thairbhithe féideartha cistí ón gCiste Eorpach Cosanta tríd an Tairseach ‘Cistiú agus Tairiscintí’; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go measann an Coimisiún go dtacaítear le rannpháirtíocht FBManna i nglaonna ó CEF trí roghanna costais simplithe, a théann chun tairbhe do na rannpháirtithe uile, agus trí laethanta faisnéise a eagrú; á mheas go bhféadfadh sé nach leor é sin i gcás FBManna i bhfianaise na bhfadhbanna a bhíonn ag na fiontair sin, a bhfuil baint acu go príomha le heaspa eolais shonraigh maidir le cistiú agus cumas riaracháin an Aontais;

130.

Á chur in iúl gur díol sásaimh di, sa chéad bhliain de ghlaonna CEF ar thograí (2021), go raibh 692 eintiteas ‘aonair’ ó na Ballstáit uile (seachas Málta) agus ón Iorua rannpháirteach sa nós imeachta deiridh ar roghnaíodh 61 thogra dá thoradh, rud a léiríonn an t-ardleibhéal rannpháirtíochta agus leibhéal an chomhair trasteorann araon; ag tabhairt dá haire freisin go raibh baint ag eintitis ó thart ar ocht mBallstát, ar an meán, le togra a roghnaíodh le haghaidh cistiú;

Moltaí

131.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

132.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, breithniú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a rinne an Comhionad Cur Chun Feidhme in AS RTD le haghaidh cistí ón gclár Fís Eorpach chun tacú le FBManna, amhail seimineáir ghréasáin agus laethanta na gcomhordaitheoirí, agus na gnéithe rathúla den Chomhionad Cur Chun Feidhme a úsáid i gcur chuige AS RTD i leith CEF, go háirithe chun eolas níos sonraí ar chistiú ón Aontas a thabhairt do FBManna agus an t-ualach riaracháin atá orthu a laghdú;

133.

Á iarraidh ar an gCúirt machnamh a dhéanamh ar cheannteidil éagsúla CAI a léiriú ina Tuarascáil Bhliantúil trí chaibidil ar leith a thiomnú do gach ceannteideal;

An chomharsanacht agus an domhan

134.

Á chur in iúl gur geal léi gur glacadh NDICI-an Eoraip Dhomhanda in 2021 mar an phríomhionstraim chistiúcháin faoin gceannteideal CAI sin, agus é mar chuspóir aige luachanna, prionsabail agus leasanna bunúsacha an Aontais a chaomhnú agus a chur chun cinn ar fud an domhain, agus cuidiú le hiltaobhachas agus comhpháirtíochtaí níos láidre le tíortha nach bhfuil san Aontas a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire gur léiriú é NDICI-an Eoraip Dhomhanda ar athrú mór i gcomparáid le CAI 2014–2020, le comhtháthú an chomhair le tíortha comhpháirtíochta san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, a bhíodh á mhaoiniú roimhe seo ag na Cistí Eorpacha Forbraíochta, i mbuiséad ginearálta an Aontais; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil cur chuige níos comhtháite in easnamh i dtionscadail forbartha domhanda;

135.

Á mheabhrú go ndearnadh atheagrú ar an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhar um Fhorbairt (AS DEVCO) an 16 Eanáir 2021 agus go ndearnadh Ard-Stiúrthóireacht na gComhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) de; á chur in iúl gur geal léi comhdhlúthú acmhainní i réimse na gcomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta le tabhairt isteach NDICI – an Eoraip Dhomhanda agus freisin trí chur chuige Fhoireann na hEorpa;

136.

Ag tabhairt dá haire, in 2021, gurbh ionann íocaíochtaí ar ‘An chomharsanacht agus an domhan’ agus EUR 10,9 billiún; ag tabhairt dá haire gur eisíocadh na híocaíochtaí sin trí úsáid a bhaint as ionstraimí agus modhanna seachadta éagsúla; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go gcáilíonn an Chúirt an riosca earráide sa cheannteideal CAI sin mar ‘ard’, agus 32 as 67 n-idirbheart iniúchta (48 %) a ndearna earráidí difear dóibh;

137.

Ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar 12 chás nár comhlíonadh forálacha dlíthiúla agus airgeadais agus cé nach raibh tionchar acu ar bhuiséad an Aontais, baineann siad an bonn mar sin féin de bhainistíocht fhónta airgeadais agus d’fhéadfaidís costais a fhágáil neamh-incháilithe; ag tabhairt dá haire go mbaineann na cásanna neamhchomhlíonta sin le roghnú tionscadal agus le cur i bhfeidhm na rialacha soláthair, agus le doiciméadacht tacaíochta le haghaidh éilimh ar chostais a chur isteach;

138.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí an seachtú staidéar ar an Ráta Earráidí Iarmharacha (RER) a rinne AS NEAR in 2021, agus go háirithe an RER foriomlán a fuarthas a bheith ar 1,05 %, faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 %; ag tabhairt dá haire gur shainaithin an Chúirt na teorainneacha maidir leis an modheolaíocht chun RER a chinneadh, go háirithe nach ndéantar sciar suntasach de chaiteachas AS NEAR a mheas i bpobal samplála RER agus go bhfágann sé sin go bhfuil baol ann nach mbraithfear earráidí, dar leis an gCúirt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go háirithe nár nocht AS NEAR na teorainneacha sin ina Tuarascáil Bhliantúil ar Ghníomhaíochtaí, 2021;

139.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí Staidéar RER 2021 a rinne AS INTPA, lena ndéantar idirdhealú idir RER le haghaidh cistí a chuirtear chun feidhme faoi bhuiséad an Aontais (1,45 %) agus na Cistí Eorpacha Forbraíochta (0,91 %); á chur in iúl gur geal léi go dtugann AS INTPA aghaidh ar mholtaí na Cúirte maidir leis na barúlacha iniúchóireachta a bhaineann le RER; ag tabhairt dá haire na mínithe a chuir AS INTPA ar fáil maidir lena modheolaíocht RER agus an t-idirdhealú idir RER agus an obair iniúchóireachta a rinne an Chúirt, agus na conclúidí a tháinig as an obair sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil critíc bhunúsach na Cúirte maidir leis an modheolaíocht, agus go háirithe na cinntí gaolmhara maidir le forchoimeádais, fós ann;

140.

Á chur in iúl gur saoth léi an t-ábhar achrannach a spreagann fuath atá i dtéacsleabhair scoile agus cártaí staidéir na Palaistíne nach bhfuarthas réidh leis fós; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an t-oideachas agus rochtain na ndaltaí ar théacsleabhair shíochánta agus neamhchlaonta ríthábhachtach, go háirithe sa chomhthéacs go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndéagóirí atá á lua le hionsaithe sceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth go gcuirfear tacaíocht airgeadais ón Aontas ar fáil d’Údarás na Palaistíne i réimse an oideachais ar an gcoinníoll go gcuirfear ábhar na dtéacsleabhar i gcomhréir le caighdeáin UNESCO, mar a chinn airí oideachais an Aontais i bPáras an 17 Márta 2015, go scriosfar na tagairtí frith-Sheimíteacha uile, agus go mbainfear amach na samplaí a spreagann fuath agus foréigean, mar a iarradh arís agus arís eile sna rúin a ghabhann leis na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do na blianta airgeadais 2016, 2018, 2019 agus 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, grinnscrúdú géar a dhéanamh ar an gcaoi ghasta a n-athróidh Údarás na Palaistíne an curaclam;

141.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di an scriosadh agus coigistiú leanúnach tionscadal atá maoinithe ag an Aontas sa Bhruach Thiar; á mheabhrú gur ann do sheasamh na Comhairle lena gcuirtear in iúl go ndéanfaidh sí a dícheall a áirithiú go gcuirfear in iúl ar bhealach ríshoiléir agus sainráite i ngach comhaontú idir Iosrael agus an tAontas Eorpach nach bhfuil feidhm ag na comhaontuithe sin maidir leis na críocha atá faoi fhorghabháil Iosrael ó 1967 i leith agus, chomh maith leis sin, go leanfaidh sí de dhlí an Aontais atá ann cheana agus na socruithe déthaobhacha is infheidhme maidir le táirgí lonnaíochta a chur chun feidhme go héifeachtach;

142.

Ag tarraingt aird ar na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme an tionscadail Jordan Industry 4.0 & Digitalization Innovation Centre (InJo4.0) atá faoi stiúir cuibhreannais; á thabhairt chun suntais nach bhfuil rialú ná riarachán soiléir ag baint leis an tionscadal agus go bhfuil príomh-chomhpháirtí an chuibhreannais i gceannas ar acmhainní an tionscadail ar bhealach a fhágann nach raibh ach rochtain an-srianta ag na comhpháirtithe ar acmhainní an tionscadail nó nach raibh aon rochtain acu orthu, agus go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag dhá chomhpháirtí go bhfágfaidh siad an tionscadal; ag caitheamh amhras, thairis sin, ar chumas an Choimisiúin an tionscadal a bhainistiú mar gheall ar choinbhleacht leasa shoiléir a bheith ann ó thaobh cheannaire an tionscadail de, atá ag gníomhú mar chomhordaitheoir an tionscadail, agus an eagla atá roimh mhonaplacht a bheadh i bhfabhar chuideachta an chomhordaitheora trí sheilbh a ghlacadh ar an maoin intleachtúil uile; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchadh neamhspleách a dhéanamh chun léargas soiléir a fháil ar na fadhbanna ar an talamh, cur chun feidhme dlíthiúil agus trédhearcach an tionscadail a áirithiú agus coimircí a fhorbairt le haghaidh tionscadail amach anseo chun nach féidir le cuideachta aonair seilbh a ghlacadh mar aon le bealaí cumarsáide trédhearcacha le haghaidh tionscadail i dtríú tíortha;

143.

Ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé sásra na coinníollachta a nascadh leis an smacht reachta mar aon leis an ailíniú le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála an Aontais; á athdhearbhú go mbeidh cistiú IPA III nasctha go docht leis na critéir sin agus nach n-eisíocfar na cistí sin le tíortha na mBalcán Thiar mura gcomhlíonfar na critéir sin go soiléir, mar a cuireadh i dtreis i dTuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar’;

144.

Ag meabhrú go bhfuil sé d’aidhm ag beartas na forbartha agus an chomhair an bhochtaineacht a dhíothú agus an neamhionannas a laghdú agus nár cheart do chistí ach na tairbhithe a bheartaítear dóibh a bhaint amach;

Moltaí

145.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

146.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

athmhachnamh a dhéanamh ar eisiamh na gcatagóirí caiteachais a shainaithin an Chúirt agus teorainneacha a modheolaíochta RER a nochtadh go soiléir;

(b)

cumarsáid níos fearr a dhéanamh maidir leis na rátaí earráide a ghabhann leis maidir leis an ráta earráide a thíolaic an Chúirt, agus míniú níos fearr á thabhairt ar na difríochtaí agus á rá go soiléir go dtacaíonn an Coimisiún le ráta earráide na Cúirte, agus go soláthraíonn sé a ríomhanna féin chun anailís níos mionsonraithe a dhéanamh lena scrúdaítear bunchúiseanna na n-earráidí;

(c)

a áirithiú go mbeidh comhaontuithe comhpháirtíochta amach anseo bunaithe ar phrionsabail na trédhearcachta, na dlúthpháirtíochta, na freagrachta comhroinnte, na hurraime do chearta an duine, an smachta reachta agus an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta; go nithiúil, trí mheasúnuithe tionchair ex ante ar chearta an duine a dhéanamh sula rachfaí i mbun tionscadal i dtríú tíortha, chomh maith le faireachán a dhéanamh le linn chéim an chur chun feidhme agus na torthaí air sin a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh;

(d)

Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chomhlíonadh trína áirithiú gur ionann an caiteachas a bhaineann leis an imirce in NDICI agus 10 % den ionstraim ar bhonn táscach; trédhearcacht iomlán a áirithiú, trí fhorléargas soiléir a chur ar fáil ar na hionstraimí uile laistigh de bhuiséad an Aontais a úsáidtear chun an comhar le tríú tíortha i réimse an bhainistithe imirce a mhaoiniú, lena n-áirítear faisnéis maidir le méid, cuspóir agus foinse an chistithe, chomh maith le faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil maidir le haon bhearta tacaíochta eile a d’fhéadfadh gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, amhail Frontex, a sholáthar chun a áirithiú gur féidir leis an údarás um urscaoileadh an ról institiúideach atá aige ó thaobh grinnscrúdú a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a dhéanamh go héifeachtach;

(e)

liosta na dtairbhithe deiridh agus na dtionscadal ar fad a chur ar fáil d’iniúchóirí agus don Údarás um Urscaoileadh agus dlús a chur le hiarrachtaí an Choimisiúin i dtaca le faisnéis a bhailiú faoi fhaighteoirí deiridh an chistithe ón Aontas ar leibhéal an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar daoine aonair nó grúpaí atá cleamhnaithe le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta, atá nasctha le heagraíochtaí sceimhlitheoireachta nó a thacaíonn leo a eisiamh ó chistiú ón Aontas;

(f)

cur le comhleanúnachas agus inbhuanaitheacht an chistithe faoi NDICI-an Eoraip Dhomhanda;

(g)

léargas cuimsitheach a thabhairt ar an gcaiteachas faoin gclár nua ‘Global Gateway’ agus na hionstraimí atá ann cheana a shimpliú chun tosaíochtaí an Aontais a phríomhshruthú faoin Global Gateway;

Riarachán poiblí Eorpach

147.

Ag tabhairt dá haire gur ionann Ceannteideal CAI 7 ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ agus 5,9 % nó EUR 10,7 billiún de bhuiséad an Aontais, lena gcuimsítear caiteachas ar acmhainní daonna agus pinsin, arbh ionann é agus thart ar 68 % den iomlán in 2021, agus ar fhoirgnimh, ar threalamh, ar fhuinneamh, agus ar theicneolaíocht chumarsáide agus faisnéise; as an méid iomlán sin, caitheann an Coimisiún Eorpach EUR 6,3 billiún (58,5 %); agus an chuid eile ag institiúidí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais; ag tabhairt dá haire go ndéanann an Chúirt tuairisciú ar leithligh ar ghníomhaireachtaí an Aontais, ar eintitis eile an Aontais agus ar na scoileanna Eorpacha; á thabhairt chun suntais nach gclúdaítear le sainordú na Cúirte iniúchadh airgeadais a dhéanamh ar an mBanc Ceannais Eorpach;

148.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta ag an gCúirt ar shampla atá ionadaíoch ar bhonn staidrimh de, ina raibh 60 idirbheart lena gclúdaítear an raon iomlán caiteachais faoin gceannteideal seo de CAI; ag tabhairt dá haire go bhfuil scrúdú déanta freisin ag an gCúirt ar an bhfaisnéis maidir le rialtacht atá tugtha sna tuarascálacha bliantúla maidir le gníomhaíochtaí ó gach ceann de na hinstitiúidí agus comhlachtaí, lena n-áirítear iad sin ó ardstiúrthóireachtaí agus oifigí an Choimisiúin Eorpaigh atá freagrach go príomha as an gcaiteachas riaracháin, agus ansin curtha isteach sa Tuarascáil Bhliantúil ar Bhainistíocht agus ar Fheidhmíocht (AMPR) ón gCoimisiún, i measc nithe eile;

149.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go gcinneann an Chúirt nach raibh an leibhéal earráide sa chaiteachas ar ‘Riarachán Poiblí Eorpach’ ábhartha; ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon mholtaí nua dírithe ar an gCoimisiún;

150.

Á chur in iúl gur geal léi gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 18/2022 ‘Institiúidí AE agus COVID-19’, gur lean pleananna leanúnachais gnó na n-institiúidí na caighdeáin atá aitheanta, den chuid is mó, agus go raibh siad mar bhonn dá bhfreagairt ar an ngéarchéim; á chur in iúl gur geal léi gur éirigh leis na hinstitiúidí an cur isteach ar a bpríomhghníomhaíochtaí a íoslaghdú; ag tabhairt dá haire go bhfuil tús curtha leis an measúnú ar éifeachtúlacht na mbealaí nua oibre i dtimpeallacht iar-ghéarchéime;

151.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 17/2022 dar teideal ‘Sainchomhairleoirí seachtracha ag an gCoimisiún Eorpach’, go bhfuil bearnaí suntasacha sa chreat lena rialaítear fostú sainchomhairleoirí seachtracha agus sa bhonn cirt a thugtar lena n-úsáid; ag tabhairt dá haire go ndearnadh nósanna imeachta soláthair a chomhlíonadh ach gur ann do rioscaí sonracha nach ndéantar dea-bhainistiú orthu go fóill; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na laigí a braitheadh sa tslí a ndéantar seirbhísí sainchomhairleoirí seachtracha a bhainistiú agus a úsáid; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cruinneas páirteach fhaisnéis bhainistíochta an Choimisiúin agus a thuairisciú córasach lag;

Scoileanna Eorpacha

152.

Ag tabhairt dá haire agus é ina dhíol sásaimh aici nár aimsigh an Chúirt aon earráidí ábhartha i gcuntais bhliantúla chomhdhlúite chríochnaitheacha na Scoileanna Eorpacha do 2021; á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe ar tharraing an Chúirt aird orthu sna cuntais aonair agus sna cuntais chomhdhlúite;

153.

Ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na laigí a braitheadh i gcórais rialaithe inmheánaigh na Lároifige agus an dá scoil a roghnaigh an Chúirt, go háirithe maidir lena nósanna imeachta earcaíochta, soláthair agus íocaíochta; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil an Chúirt in ann a dheimhniú go raibh bainistiú airgeadais na Scoileanna in 2021 i gcomhréir go hiomlán leis an Rialachán Airgeadais agus na Rialacháin Foirne;

Moltaí

154.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Lároifig na Scoileanna Eorpacha ina sainchúraimí faoi seach iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí grinnscrúdú parlaiminteach iomlán ar an gcóras scoile Eorpach chun cuntasacht a mhéadú agus rialachas a fheabhsú;

155.

Á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

leanúint dá chuid oibre chun an comhionannas inscne a áirithiú ar gach leibhéal bainistíochta faoi dheireadh shainordú reatha an Choimisiúin agus chun sonraí inscne-imdhealaithe a thuairisciú;

(b)

leanúint dá chuid oibre chun cothromaíocht gheografach chóir a áirithiú dá fhoireann ar gach leibhéal, go háirithe ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí áit a bhfuil míchothromaíochtaí móra ann go fóill, agus, ag an am céanna, na ceanglais sna Rialacháin Foirne maidir le hinniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, de réir Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach, nach mór don Choimisiún, amhail institiúidí uile an Aontais, a áirithiú go ndéanfar ionadaíocht chomhréireach ar na Ballstáit uile;

(c)

gach beart is gá a dhéanamh chun leanúint de thimpeallacht agus cultúr oibre atá níos éagsúla agus níos ionchuimsithí a chothú trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh i bhfabhar daoine atá faoi mhíchumas, lena n-áirítear feabhas a chur ar an rochtain ar fhoirgnimh;

(d)

anailís a sholáthar ar na héifeachtaí a bhaineann le líon níos mó gníomhairí ar conradh a fhostú, rud a bhfuil imní curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa faoi i rith an ama;

(e)

rialacha soiléire a leagan síos maidir le doirse imrothlacha, go háirithe do Choimisinéirí agus d’iaroifigigh shinsearacha atá i mbun gníomhaíochtaí nua tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil, lena n-áirítear sna gníomhaireachtaí;

(f)

a bheith ar thús cadhnaíochta i ndáil le sceithirí a chosaint, agus an bealach a réiteach do rialáil níos aonfhoirmí i measc na n-institiúidí go léir, bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar chaighdeáin níos airde;

Tacaíocht a bhaineann le COVID-19

156.

Á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil tuarascáil chuimsitheach maidir leis an gcaiteachas faoi bhuiséad an Aontais a bhain le COVID-19 curtha ar fáil go fóill ag an gCoimisiún;

157.

Ag tabhairt dá haire gur chinn an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 28/2022 ‘Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gcás Éigeandála (SURE)’ gur freagairt thráthúil a bhí in ionstraim SURE chun riosca na dífhostaíochta a mhaolú le linn phaindéim COVID-19 agus go raibh riosca airgeadais teoranta do bhuiséad an Aontais ag gabháil léi; á chur in iúl gur geal léi gur chuidigh iasachtaí SURE le maoiniú a chur ar fáil do scéimeanna náisiúnta coinneála post ionas go gcoinneofaí smacht ar an méadú sa dífhostaíocht le linn ghéarchéim COVID-19; á chur in iúl gur oth léi nach féidir an tionchar a bhí ag SURE a mheasúnú go hiomlán mar gheall ar na sonraí faireacháin a bheith teoranta agus gan meastóireacht ex post a bheith ann; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas mór a chur ar an bhfaireachán ar shonraí agus acmhainní a bhfuil géarghá leo a chur i leataobh chun gur féidir measúnú iontaofa a dhéanamh ar thorthaí a chuid clár agus beartas; á chur i bhfáth, mar gheall ar an easpa leanúnach measúnuithe ex post, nach féidir pleanáil a bhfuil bun fírinne léi a dhéanamh maidir leis an gcéad bhuiséad eile de chuid an Aontais;

158.

Ag tabhairt dá haire go luann an Chúirt, ina Tuarascáil Speisialta 19/2022 ‘Soláthar vacsaíní COVID-19 AE’ go bhfuil córas soláthair saincheaptha le haghaidh vacsaíní COVID-19 cruthaithe ag an Aontas; ag tabhairt faoi deara gur éirigh le caibidlíochtaí punann éagsúlaithe vacsaínithe a fháil do Bhallstáit; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún tacaíocht do chur chun feidhme an chonartha, ach go raibh giaráil teoranta aige chun na dúshláin soláthair a shárú; á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún faisnéis bhreise a bhaineann lena bhfuil sna conarthaí sin ar fáil don Chúirt; á chur i bhfáth go bhfuil oibleagáid ar gach institiúid de chuid an Aontais, ar gach Ballstát agus ar gach faighteoir poiblí nó príobháideach cistí ón Aontas gach doiciméad ábhartha a nochtadh, lena n-áirítear faisnéis maidir leis an réamhchaibidlíocht arna déanamh ag an gCoimisiún, nuair a fhaigheann siad iarraidh oifigiúil ón gCúirt déanamh amhlaidh mar chuid d’iniúchadh leanúnach; ag meabhrú an mholta a rinne Parlaimint na hEorpa, sa rún uaithi maidir le hurscaoileadh don bhliain airgeadais 2020, a bhaineann le rochtain ar theachtaireachtaí téacs a mhalartaítear le cuideachta chógaisíochta maidir le vacsaíní in aghaidh COVID-19 a cheannach;

159.

Á chur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún faisnéis ar fáil go fóill, ar bhealach trédhearcach, maidir leis an gcaibidlíocht a rinneadh le monaróirí vacsaíní, rud a d’fhéadfadh amhras a tharraingt ar an bpróiseas; á chur in iúl gur geal léi, arís, cinneadh an Ombudsman Eorpaigh go n-iarrfaidh sí ar Uachtarán an Choimisiúin faisnéis shoiléir agus nithiúil a thabhairt maidir leis an gcaibidlíocht a rinneadh le monaróirí vacsaíní agus go lorgóidh sí trédhearcacht níos fearr i ndáil leis na conarthaí a tugadh i gcrích;

160.

Á chur in iúl gur oth léi nár tháinig Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig an éisteacht leis na coistí speisialaithe i bParlaimint na hEorpa chun freagraí nithiúla a chur ar fáil d’Fheisirí, ar thogh saoránaigh na hEorpa go díreach iad, gníomh arb ionann é agus easpa faisnéise a sholáthar do na saoránaigh;

Moltaí

161.

Ag tacú leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

162.

Ina theannta sin, á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

tuairisciú cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaiteachas a bhaineann le COVID-19 agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh, lena n-áirítear cur i láthair a dhéanamh ar na conarthaí soláthair vacsaíní;

(b)

a fhíorú go gcomhlíonann monaróirí vacsaíní COVID-19 téarmaí na gcomhaontuithe réamhcheannaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le costais táirgthe measta, maoiniú tosaigh a úsáid agus, i gcás inarb infheidhme, clásail neamhbhrabúis a urramú, agus gníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh de réir mar is gá agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas;

(c)

páirt a ghlacadh in éisteachtaí i bParlaimint na hEorpa maidir leis an gcaibidlíocht agus na conarthaí leis na monaróirí vacsaíní;

CAIBIDIL II

An tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF)

Barúlacha ginearálta

163.

Á chur i bhfáth gur athraigh ráig phaindéim COVID-19 ionchas eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais go tobann, rud a d’éiligh iarracht aontaithe, as ar tháinig an comhaontú i mí na Nollag 2020 maidir leis an bpacáiste téarnaimh don Eoraip, lena n-áirítear RRF, agus maidir le CAI 2021–2027; á mheabhrú gur ionstraim théarnaimh shealadach í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta atá bunaithe ar fheidhmíocht, i.e. go bhfuil íocaíochtaí nasctha le comhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhaineann le hathchóirithe agus infheistíochtaí a áirítear sna RRPanna náisiúnta; á chur i bhfáth, cé go ndéantar an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chistiú trí fhiachas a eisiúint, á thabhairt chun suntais go bhforáiltear leis an Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (Rialachán RRF) nach mór spriocanna maidir le caiteachas aeráide agus digiteach a bhaint amach le RRPanna agus rannchuidiú go hiomchuí le réimsí beartais atá ábhartha don Aontas; á mheabhrú gur cheart do gach plean náisiúnta aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar gach dúshlán nó ar fhothacar suntasach de dhúshláin arna sainaithint sa Seimeastar Eorpach, go háirithe na moltaí tírshonracha arna nglacadh ag an gComhairle; á chur i bhfáth go bhfuil breisluach ag baint leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena dtacaítear le clár oibre athchóirithe agus infheistíochtaí nach bhfacthas a leithéid riamh cheana chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shonracha atá os comhair na mBallstát;

164.

Ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Coimisiún 22 RRP náisiúnta in 2021, lenar gealladh EUR 154 bhilliún in iasachtaí agus EUR 291 bhilliún i ndeontais; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú le haghaidh iasachtaí a raibh luach iomlán EUR 18 mbilliún orthu, agus gurbh iad an Iodáil (EUR 15,9 billiún) agus an Ghréig (EUR 1,65 billiún) an dá fhaighteoir is mó; á mheabhrú gur chuir formheas na Comhairle ar na RRPanna náisiúnta ar chumas na mBallstát réamh-mhaoiniú suas le 13 % den ranníocaíocht airgeadais a fháil; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún réamh-mhaoiniú le haghaidh deontas a raibh luach iomlán EUR 36,3 billiún orthu, agus gurbh iad an Spáinn (EUR 9,04 billiún) agus an Iodáil (EUR 8,95 billiún) an dá fhaighteoir is mó; ag tabhairt dá haire gur eisíoc an Coimisiún íocaíocht amháin leis an Spáinn, a raibh luach EUR 10.0 billiún uirthi; ag tabhairt dá haire go raibh imréiteach EUR 1,5 billiún de réamh-mhaoiniú an EUR 9,04 billiún a fuair an Ballstát sin mar réamh-mhaoiniú ag gabháil leis an íocaíocht leis an Spáinn, i gcomhréir le hAirteagal 5(3) den chomhaontú maoinithe idir an Coimisiún agus Ríocht na Spáinne;

165.

Ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún gníomhaíochtaí i ndáil le hurrúis a eisiúint ar na margaí caipitil idirnáisiúnta atá riachtanach chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chistiú, ar ina leith a thiomsaigh an Coimisiún, faoi dheireadh 2021, EUR 71,0 billiún de chistiú fadtéarmach agus EUR 20 billiún de chistiú gearrthéarmach; ag tabhairt dá haire gur eisíodh an chéad bhanna glas NGEU ag a bhfuil luach EUR 12,0 billiún, lena gceanglaítear go gcuirfí tuairisciú chun feidhme ar úsáid bheacht na bhfáltas ó bhannaí glasa agus ar an tionchar a bhíonn ag infheistíochtaí; á mheabhrú gurb ann do na saincheisteanna a bhaineann le tuairisciú feidhmíochta a shainaithin an Chúirt agus na rioscaí clú agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh air sin do na bannaí glasa; á mheas gur tabhaíodh na chéad chostais úis do na méideanna sin a fuarthas ar iasacht, lena n-áirítear ráta úis diúltach os cionn EUR 20 billiún i dtaisce ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE); ag tabhairt dá haire gur tugadh isteach riosca an ráta úis do bhuiséad an Aontais mar gheall ar riachtanais chistiúcháin NGEU;

166.

Ag tabhairt dá haire gurb ann do bharúil ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil 2021 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus maidir leis an íocaíocht amháin a rinneadh in 2021, leis an Spáinn; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar obair ex ante an Choimisiúin ar na garspriocanna uile a bhaineann leis an íocaíocht sin, agus measúnú á dhéanamh aici ar bhailigh an Coimisiún fianaise leordhóthanach agus iomchuí chun tacú lena mheasúnú ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna a áirítear san iarraidh ar íocaíocht; á thabhairt faoi deara nár scrúdaigh an Chúirt íocaíochtaí eile in 2021; á thabhairt faoi deara, agus é ina ábhar imní di, nach mbeidh an Chúirt in ann measúnú a dhéanamh ar na garspriocanna uile a bhaineann le híocaíochtaí amach anseo leis na Ballstáit uile, rud a mbeidh tionchar aige ar na hanailísí a dhéanfaidh sí amach anseo; ag moladh don Chúirt, mar sin féin, garspriocanna agus spriocanna a áireamh ina sampla do 2022, le haghaidh na n-íocaíochtaí uile a rinneadh in 2022;

167.

Ag tabhairt dá haire gurb é conclúid na Cúirte nár comhlíonadh ceann amháin de na gearrspriocanna go sásúil maidir leis an íocaíocht a rinneadh leis an Spáinn in 2021; á chur in iúl gurb oth léi a thabhairt faoi deara nach raibh an Chúirt in ann an earráid sin a chainníochtú toisc an gá le forbairt tráthúil modheolaíochta chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar (i bpáirt) a ghabhann le bheith gan garsprioc nó sprioc a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur thug Iniúchóir Inmheánach an Choimisiúin faoi deara agus gur chuir an t-Iniúchóir sin i dtábhacht go raibh an mhodheolaíocht sin in easnamh ina Thuairim Foriomlán in 2021 maidir le bainistiú airgeadais an Choimisiúin; á chur in iúl gurb oth léi nach raibh modheolaíocht níos láidre i bhfeidhm ag an gCoimisiún sula ndearna sé íocaíochtaí; á mheas go bhfuil sé ina fhaillí ó thaobh an Choimisiúin de gan an mhodheolaíocht sin a bheith i bhfeidhm roimh íocaíochtaí a dhéanamh, ós rud é go gcuireann sé sin amhras ar an gCoimisiún i dtaobh a mheasúnaithe ar chomhlíonadh sásúil na ngarspriocanna agus na spriocanna; á chur in iúl gur geal léi, áfach, gur ghlac an Coimisiún, tar éis don údarás um urscaoileadh agus don Chúirt a iarraidh arís agus arís eile, teachtaireacht an 21 Feabhra 2023 maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear dhá iarscríbhinn ina bhfuil creat chun measúnú a dhéanamh ar gharspriocanna agus spriocanna faoi Rialachán RRF agus modheolaíocht de chuid an Choimisiúin chun íocaíochtaí a chur ar fionraí faoi Rialachán RRF a chinneadh;

168.

Ag moladh obair an Choimisiúin maidir leis an easpa modheolaíochta don chéad 23 íocaíocht ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a cheartú; ag tabhairt dá haire gur cheart go ligfeadh an mhodheolaíocht don Choimisiún an méid atá le cur ar fionraí a chinneadh mura gcomhlíontar garsprioc nó sprioc go sásúil, agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na córa comhionainne agus na comhréireachta; á thabhairt faoi deara go léireofar le ríomh an mhéid ar fionraí cineál feidhmíochtbhunaithe RRF agus an teaglaim uathúil d’athchóirithe agus d’infheistíochtaí, chomh maith leis an bhfíoras nach rannchuidíonn gach beart go cothrom le cuspóirí an Phlean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil mínithe sa chreat chun garspriocanna agus spriocanna a mheasúnú, mar shampla cén fáth nár cheart an sásra fíorúcháin agus na céimeanna faireacháin mar a thuairiscítear sa socrú oibríochtúil a mheas don mheasúnú agus cén fáth a sainmhínítear an tairseach de minimis mar ‘thart ar 5 % nó níos lú de dhiallas’; á chur i bhfios go láidir go ndéantar na sainmhínithe ar ‘chomhlíonadh sásúil’ na ngarspriocanna agus na sprice ábhartha a shainiú trí théarmaí, nach bhfuil sainmhíniú soiléir orthu agus ina bhfuil eilimintí suibiachtúla amhail ‘miondiallas ó cheanglas foirmiúil’, ‘moill theoranta agus chomhréireacha’ agus ‘diallas íosta ó cheanglas substainte’; á iarraidh go dtabharfaí soiléiriú breise ina leith sin agus á iarraidh go mbeidh cur chuige soiléir agus cuimsitheach ann agus measúnú á dhéanamh ar dhiallais chun a áirithiú go mbeidh siad teoranta a mhéid is gá; á chreidiúint gur cheart an mhodheolaíocht fionraíochta íocaíochta a fheabhsú tuilleadh maidir leis an gcomhpháirt infheistíochta chun na garspriocanna agus na spriocanna faoi seach a nascadh ar bhealach níos fearr leis an bhfíorchostas a thabhaítear; á thabhairt chun suntais gur cheart measúnú leanúnach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta chun a áirithiú nach gcuirfear moill ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna den chuid is mó;

169.

Ag tabhairt dá haire nach dtugtar míniú sa mhodheolaíocht chun fionraí íocaíochta a chinneadh ar na luachanna a roghnaítear mar chomhéifeachtaí agus go bhfuil eilimintí suibiachtúla inti freisin, amhail coigeartuithe aníos nó anuas ar an luach aonaid ceartaithe agus téarmaí nach bhfuil sainmhínithe soiléire acu, amhail infheistíochtaí a bhfuil ‘mórthábhacht ag baint leo’ nó athchóirithe a bhfuil ‘tábhacht ar leith’ ag baint leo; á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh soiléirithe;

170.

Ag tabhairt dá haire na conclúidí tar éis mhisean an Choiste um Rialú Buiséadach chuig an Spáinn an 20–23 Feabhra 2023, inar aithníodh na deacrachtaí a bhaineann le cur chun feidhme iomlán an ardáin bainistithe agus rialaithe do chistí RRF na Spáinne, CoFFEE, go háirithe i ndáil leis an easpa idir-inoibritheachta le hardáin réigiúnacha agus le hardáin an Aontais agus nach raibh an córas ag feidhmiú go hiomlán; ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún go raibh an gharsprioc ghaolmhar i bPlean Téarnaimh na Spáinne comhlíonta go sásúil, le feidhmiúlacht iomlán, tráth nárbh amhlaidh an cás go fóill; á aithint gur iarr an Coimisiún faisnéis fhorlíontach agus gur sainaithníodh laigí maidir le bailiú faisnéise; ag aithint go bhfuil sé d’acmhainn ag an gcóras a bheith ina chóras láidir rialaithe inmheánaigh don rialtas láir; á mholadh gur cheart an córas a fheabhsú ó thaobh idir-inoibritheachta leis na córais ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á chur i bhfios go láidir gur cheart trédhearcacht a mhéadú ionas go gcuirfear ar chumas na réigiún dea-chleachtais a chomhroinnt agus faisnéis leordhóthanach agus sonraí digiteacha comhiomlánaithe a chur ar fáil go héasca don phobal le feidhmiúlachtaí cuardaigh nua-aimseartha;

171.

Ag tabhairt dá haire gur thosaigh Seirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach an Choimisiúin aon fhostaíocht iniúchóireachta a mhéid a bhaineann le clár NGEU in 2021; ag tabhairt dá haire, tar éis an obair a bheith déanta, go dtarraingíonn an tIniúchóir Inmheánach aird freisin, sa Tuairim Fhoriomlán uaidh ar bhainistíocht airgeadais an Choimisiúin, ar an ngá atá le leanúint den obair ar dhearadh rialaithe agus ar chur chun feidhme na bainistíochta airgeadais iomchuí, agus ar straitéisí iniúchóireachta agus rialaithe; á mheas gur gné bhunriachtanach de na srianta agus na ceartúcháin inmheánacha laistigh den Choimisiún é an tIniúchóir Inmheánach agus go bhfuil faisnéis neamhspleách oibiachtúil a fhaightear óna ghníomhaíochtaí iniúchóireachta féin fíor-riachtanach chun go mbeidh an tIniúchóir Inmheánach in ann feidhmiú go héifeachtach; á chur i bhfios, de réir chaighdeáin iniúchóireachta inmheánaí idirnáisiúnta, gur cheart don tSeirbhís um Iniúchóireacht Inmheánach machnamh a dhéanamh ar a cuid oibre a chomhordú ar bhealach níos fearr leis an gCúirt mar iniúchóir seachtrach;

172.

Á mheabhrú gurb ann don tuairim ó Choiste CONT chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á mheabhrú gur iarradh ann liosta d’fhaighteoirí deiridh agus de thionscadail deiridh uile na Saoráide i gcomhréir iomlán leis na ceanglais cosanta sonraí chomh maith le taifid a choimeád ar na hoibreoirí eacnamaíocha agus ar a n-úinéirí tairbhiúla chun críche iniúchóireachta agus rialaithe; á mheas go gcuireann Airteagal 22(2)(d) de Rialachán RRF an ceanglas ar na Ballstáit na taifid sin a choinneáil (i) chun críche iniúchta agus rialaithe agus (ii) foráil a dhéanamh maidir le faisnéis inchomparáide maidir le húsáid cistí; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go n-iarrtar leis na forálacha in Airteagal 22(3) go gcuirfí na sonraí lena mbaineann ar fáil don Choimisiún faoi chuimsiú an urscaoilte don údarás um urscaoileadh; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh comhlachtaí rialaithe, imscrúdaitheacha agus iniúchóireachta náisiúnta na sonraí sin a iarraidh nó, ar leibhéal an Aontais, de réir Airteagal 22(2)(e) de Rialachán RRF, don Choimisiún mar aon le OLAF, OIPE agus an Chúirt; á chur in iúl gurb oth léi an easpa faisnéise maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus íocaíochtaí á n-eisíoc ag an am céanna;

173.

Á chur in iúl gur geal léi an comhaontú ar thángthas air sa chaibidlíocht idirinstitiúideach maidir le Rialachán RePowerEU lena leasaítear Rialachán RRF chun é a dhéanamh éigeantach an 100 faighteoir is mó de RePowerEU agus RRF a fhoilsiú dhá uair sa bhliain do gach Ballstát faoi mhí Feabhra 2024; ag tabhairt dá haire, sa treoir a glacadh an 1 Feabhra 2023, gur iarr an Coimisiún ar na Ballstáit liosta den sórt sin a fhoilsiú chomh luath le mí Aibreáin 2023 chun trédhearcacht RRF a mhéadú; á mheas, áfach, nach dtagann sé sin in ionad an cheanglais maidir le liosta na bhfaighteoirí deiridh agus na dtionscadal deiridh uile a sholáthar d’iniúchóirí agus don údarás um urscaoileadh le haghaidh gach bliana airgeadais;

174.

Ag tabhairt dá haire gur chuir seirbhísí an Choimisiúin a chuireann NGEU, cláir chomhtháthaithe agus forbartha tuaithe chun feidhme an t-údarás um urscaoileadh ar an eolas go bhfuil comhordú ex ante déanta acu chun cistiú dúbailte ar ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe faoi na cláir sin a sheachaint; á mheas go bhfuil seiceálacha ex post ar leibhéal na bhfaighteoirí deiridh ag na Ballstáit fíor-riachtanach chun cistiú dúbailte a shainaithint; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé córas comhtháite faisnéise agus faireacháin éigeantach aonair a bheith ann ar leibhéal an Aontais lena soláthrófar idir-inoibritheacht idir córais an Aontais agus córais náisiúnta, chun, inter alia, cásanna cistithe dúbailte agus mí-úsáid cistí ar fud na mBallstát a shainaithint;

175.

Ag tabhairt dá haire gurb é cur chuige an Choimisiúin maidir le bheith ag cloí leis na rialacha soláthair agus státchabhrach sna hinfheistíochtaí faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta brath ar chórais náisiúnta, agus filleadh ar nósanna imeachta um shárú nuair a bhraitear cásanna neamhchomhlíonta sna Ballstáit; á mheas nach gá go ndíríonn sí ar na faighteoirí a bhain buntáiste míchuí as na cásanna neamhchomhlíonta; á aithint, i gcomhréir leis na RRPanna náisiúnta, go bhfuil an chéad fhreagracht i ndáil leis sin ar na Ballstáit a bhfuil sé d’oibleagáid orthu córais rialaithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm agus comhlíonadh na reachtaíochta ábhartha náisiúnta agus Eorpaí uile, lena n-áirítear rialacha soláthair agus státchabhrach; á mheabhrú gur ann do na torthaí atá faighte ag an gCúirt arís agus arís eile mar a léirítear i dtuarascálacha ar urscaoileadh roimhe seo go mbaineann claonadh rómhór chun earráide le hobair údarás náisiúnta nó le hobair comhlachtaí deimhniúcháin agus go bhfuil a gcuid oibre neamhiontaofa; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil an fhreagracht iarmharach ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh éifeachtacha agus éifeachtúla i bhfeidhm lena n-áirithítear comhlíonadh rialacha uile an Aontais agus na rialacha náisiúnta, lena n-áirítear, go háirithe, rialacha maidir le soláthar poiblí agus státchabhair, agus rialacha chun calaois, éilliú, coinbhleachtaí leasa agus cistiú dúbailte a chosc agus a bhrath, agus chun céim a ghlacadh i gcás nach ngníomhaíonn na Ballstáit mar a cheanglaítear le Rialachán RRF lena n-áirítear trí íocaíochtaí páirteacha nuair a bhíonn neamhchomhlíonadh soláthair phoiblí ann; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, straitéis iniúchóireachta an Choimisiúin agus seoladh iniúchtaí córais in 2022 maidir le Cosaint Leas Airgeadais an Aontais i 16 Bhallstát, chomh maith leis na pleananna chun na Ballstáit uile a chumhdach faoi dheireadh 2023;

176.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann difríochtaí i gcáilíocht na rialuithe agus i gcastacht na gcóras rialaithe arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit go bhféadfadh easnaimh a bheith sa chóras rialaithe inmheánaigh do na cistí atá ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an bharúil ón gCúirt ina Tuairim 04/2022 maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh caibidlí REPowerEU sna RRPanna faoin easpa sásra éifeachtach tuairiscithe calaoise a cheadódh faireachán agus maoirseacht leanúnach ar chosaint leasanna airgeadais an Aontais i ndáil leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di tuairim na Cúirte nach bhfuil aon oibleagáid ar na Ballstáit amhras calaoise sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thuairisciú don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus do OIPE mar a fhoráiltear sna Rialacháin ábhartha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di rabhaidh a thug OLAF, OIPE, Europol agus comhlachtaí inniúla eile arís agus arís eile go bhféadfadh córas rialaithe inmheánaigh nach bhfuil chomh héifeachtach mí-úsáid, calaois agus coireacht eagraithe a mhealladh;

177.

Á mheabhrú nach mór don Choimisiún RRF a chur chun feidhme tríd an mbainistíocht dhíreach i gcomhréir leis na rialacha ábhartha arna nglacadh de bhun Airteagal 322 CFAE, go háirithe an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3); á athdhearbhú go bhfuil éifeachtacht an tsásra coinníollachta maidir leis an smacht reachta ag brath i bpáirt ar fhaisnéis a eascraíonn as iniúchtaí agus imscrúduithe ar leibhéal an Aontais agus mura mbeidh an fhaisnéis sin ar fáil, go bhféadfadh sé tionchar diúltach a imirt ar éifeachtacht an tsásra;

178.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach leor rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach in ullmhú na RRPanna náisiúnta agus nach bhfuil mórán tionchair acu ar an leagan deiridh de na RRPanna náisiúnta; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart cur chuige cuimsitheach a bheith ann, lena n-áirítear trí chur chuige an chomhrialachais, sna Ballstáit uile chun a ráthú go mbeidh páirt leormhaith ag údaráis áitiúla agus réigiúnacha, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, comhpháirtithe sóisialta, lucht acadúil nó geallsealbhóirí ábhartha eile i ndearadh agus i gcur chun feidhme na bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta; á iarraidh go mbeadh a gcuid rannpháirtíochta bunaithe ar phrionsabail shoiléire, chothroma, thrédhearcacha agus neamhpholaitithe, maidir le cur chun feidhme RRPanna náisiúnta a mhéid is féidir faoin gcreat reachtach náisiúnta;

179.

Á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh na Ballstáit cur chuige neamhfhulaingthe i bhfeidhm maidir leis an éilliú chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, lena n-áirítear rialuithe láidre ex-ante chun claonchasadh, calaois agus coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhrath, gan aon eisceacht;

Tuairisciú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta

180.

Ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, mar a shonraítear le hAirteagal 30 den Rialachán maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; tugann sí dá haire go mbaineann formhór an tuairiscithe go dtí seo, go háirithe maidir leis na comhtháscairí, leis na torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus nach mbaineann siad leis na torthaí a baineadh amach; á mheabhrú gur shainaithin an Chúirt an tsaincheist chéanna sin ina Tuarascáil Speisialta 09/2022 maidir leis an gCaiteachas Aeráide;

181.

Ag tabhairt dá haire gur ann do scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina dtuairiscíonn an Coimisiún dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á mheas go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear i láthair úsáideach i bhfianaise an mhéid faisnéise atá ar fáil; á mholadh go n-áireofaí liosta mionsonraithe de na garspriocanna agus na spriocanna comhlíonta lena léirítear an dul chun cinn a baineadh amach ar fud na mBallstát agus na gcolún beartais; á mheas, áfach, gur cheart tuilleadh forbartha a dhéanamh air chun faisnéis bhreise maidir le dul chun cinn agus feidhmíocht iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a áireamh; á mheas gur cheart dul chun cinn iarbhír a rinneadh maidir leis na táscairí, ní hamháin an dul chun cinn atá buiséadaithe nó a bhfuiltear ag súil leis, a chur i láthair ar bhealach soléite;

182.

Á iarraidh ar an gCoimisiún Scórchlár tiomnaithe mionsonraithe a thionscnamh le haghaidh garspriocanna an Smachta Reachta, agus athchóirithe na mBallstát agus a mhéid a chomhlíonann siad na garspriocanna agus cásdlí CBAE á gcur san áireamh, le hionchur sheirbhísí inniúla uile an Choimisiúin agus rannchuidithe neamhspleácha acadúla agus na sochaí sibhialta;

183.

Á aithint go bhfuil stór iomlán agus úsáideach de dhoiciméid oifigiúla sa Scórchlár RRF lena dtugtar léargas ar na comhaontuithe is tábhachtaí ar thángthas orthu leis na Ballstáit sna RRPanna náisiúnta agus sna doiciméid ghaolmhara, amhail réamh-mheasúnú an Choimisiúin ar íocaíochtaí leis na Ballstáit; ag tabhairt dá haire go gceadaítear le Rialachán RRF rianú a dhéanamh ar shreafaí airgeadais ó leibhéal an Aontais go dtí leibhéal na mBallstát mar thairbhithe RRF de réir Airteagal 22(1) de Rialachán RRF, go háirithe na deontais agus na hiasachtaí a leithdháiltear agus a íoctar le gach Ballstát, agus dá bhrí sin, gur féidir forléargas a sholáthar ar chur chun feidhme iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar an leibhéal sin; á mheabhrú nach gceadaítear le Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta rianú a dhéanamh ar shreafaí airgeadais ó leibhéal an Aontais chuig na faighteoirí deiridh sna Ballstáit agus nach dtugann sé forléargas soiléir ar chur chun feidhme iarbhír na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ina leith sin;

184.

Á mheabhrú in Airteagal 4(2) de Rialachán RRF gurb é cuspóir sonrach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ná tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit d’fhonn garspriocanna agus spriocanna na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí a bhaint amach mar a leagtar amach ina gcuid pleananna téarnaimh agus athléimneachta; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil toirmeasc cinnte ann go n-úsáidfear airgead ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun teacht in ionad caiteachas buiséadach athfhillteach náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Rialachán RRF; á chur in iúl, áfach, gur cúis bhuartha di na chéad tásca nach féidir é a eisiamh go n-úsáidtear airgead ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in ionad an chaiteachais náisiúnta i roinnt Ballstát; á mheas go bhfuil gá le hanailís ar chaiteachas náisiúnta chun a fháil amach a mhéid a bhí an cistiú a cuireadh ar fáil tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sa bhreis i ndáiríre agus nár úsáideadh é in ionad caiteachais náisiúnta athfhillteacha, á mheabhrú, i gcomhréir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, nach bhfuil aon fhaisnéis ar fáil ag an gcéim seo maidir leis an méid a tharla don réamh-mhaoiniú a fuair na Ballstáit nár tabhaíodh aon chostais a bhaineann le hinfheistíocht ina leith go fóill; á iarraidh ar an gCoimisiún iniúchtaí agus rialuithe ábhartha a dhéanamh chun breisíocht a dheimhniú; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gur fhorbair an Coimisiún treoirlínte chun an léirmhíniú ar chistiú dúbailte a leagan amach agus gur chuir sé faisnéis shoiléir ar fáil do na Ballstáit chun sineirgí a áirithiú agus cistiú dúbailte a sheachaint; ag tabhairt dá haire thairis sin go ndéanann na Ballstáit tuairisciú ar an gcistiú a fuarthas ó chistí eile do na bearta faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

185.

Á mheabhrú gur prionsabal tábhachtach de bhainistíocht fhónta airgeadais é doiciméadacht a thacaíonn le híocaíochtaí a choinneáil; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cinneadh na Cúirte nach raibh an rian iniúchóireachta leordhóthanach chun na heilimintí uile a mheastar a bheith ábhartha sa phróiseas measúnaithe i gcás dhá gharsprioc don chéad iarraidh ar íocaíocht a chumhdach; á mheabhrú go háirithe torthaí na Cúirte maidir le garsprioc 215 agus freagra an Choimisiúin ar an toradh sin, ina mínítear go raibh measúnú dearfach an Choimisiúin bunaithe ar anailís ar inneachar shuíomh gréasáin DATAESTUR, lena n-áirítear seatanna scáileáin a glacadh i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2021; ag tabhairt dá haire gur aithin an Coimisiún nach ndearnadh na seatanna scáileáin sin a chlárú i gcomhréir leis an treoir inmheánach agus go bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh ar choimeád taifead; ag meabhrú na ceiste i scríbhinn ón údarás um urscaoileadh inar iarradh an anailís sin agus an freagra ón gCoimisiún nár scríobh sé anailís, ná tuarascáil mhionsonraithe ar an ábhar sin ach ‘go ndearna roinnt ball foirne de chuid an Choimisiúin athbhreithniú ar shuíomh DATAESTUR agus gur dheimhnigh siad go raibh an fhaisnéis riachtanach ann’; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh sé sin i gcomhréir le prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais;

186.

Á aithint gur bhunaigh an Coimisiún uirlis thiomnaithe TF do thuairisciú na mBallstát maidir le cur chun feidhme RRPanna (‘Fenix’); á chur in iúl gur cúis bhuartha di, áfach, go bhfuil rochtain na Cúirte ar an gcóras sin teoranta ó thaobh líon na ndaoine a bhfuil rochtain acu chomh maith le raon feidhme na rochtana; á chur in iúl gur geal léi gur chruthaigh an Coimisiún feidhmiúlacht in Arachne lenar féidir sonraí maidir le hinfheistíochtaí agus spriocanna ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur isteach san uirlis; ag tathant ar na Ballstáit sonraí iomlána agus cuimsitheacha maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a uaslódáil chuig Arachne;

187.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil dearbhú urrúis na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (AS ECFIN) do 2021 éagsúil le dearbhú urrúis na nArd-Stiúrthóireachtaí uile eile; ag tabhairt dá haire go mbaineann an dearbhú le dlíthiúlacht agus rialtacht na mbun-idirbheart, atá ailínithe leis na hArd-Stiúrthóireachtaí eile; ag tabhairt dá haire thairis sin gur cuireadh isteach ‘cur chun feidhme Airteagal 22(5) de Rialachán RRR’; ag tabhairt dá haire gur thug an Coimisiún freagra ar cheisteanna i scríbhinn ón údarás um urscaoileadh ‘níl sé éagsúil ach i bhformáid amháin ach ní maidir leis an leibhéal dearbhaithe a chuirtear ar fáil’; ag tabhairt dá haire freisin, i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialachán RRF, agus i gcomhréir leis an gcur chuige feidhmíochtbhunaithe, gur ar an mBallstát atá an oibleagáid leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, freagra an Choimisiúin go n-áirithíonn sé, trí mheasúnú tosaigh ar gach clár téarnaimh agus athléimneachta agus trí iniúchtaí ar na córais atá curtha i bhfeidhm ag na Ballstáit chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint, go gcuireann gach Ballstát na córais faireacháin agus rialaithe is gá chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras, murab ionann agus dearbhú dearbhaithe na nArd-Stiúrthóireachtaí eile go léir, nach n-áirithíonn an ceann ó AS ECFIN go gcomhlíontar na hidirbhearta bunúsacha rialacha uile an Aontais agus na rialacha náisiúnta uile ar leibhéal an fhaighteora deiridh nó ar leibhéal an tionscadail; á mheas go gcaithfidh an dearbhú urrúis ón gCoimisiún ina cháil mar chaomhnóir an Chonartha, go háirithe maidir le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus cuntasacht i leith cáiníocóirí, a bheith iontaofa agus nach féidir leis amhras a fhágáil gur sheachain an Coimisiún a fhreagracht tríd na dearbhuithe éagsúla ó oifigigh údarúcháin aonair;

An caidreamh idir an Comhtháthú agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta

188.

Ag tabhairt dá haire gur ann do bharúlacha na Cúirte ina hAthbhreithniú 01/2023 maidir le maoiniú an Aontais tríd an mbeartas comhtháthaithe agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena dtugtar aghaidh ar chomhlántacht an dá chistiú; ag tabhairt dá haire go háirithe gur sholáthair Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe, thart ar 10 % den infheistíocht phoiblí iomlán ar fud AE-27 cheana féin le linn na tréimhse 2014–2020, agus go ndéanfaidh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta an sciar d’infheistíochtaí poiblí atá á maoiniú ag an Aontas a mhéadú tuilleadh sna Ballstáit. á mheabhrú, ina leith sin, cinneadh na Cúirte go raibh an ráta ionsúcháin don Chiste Comhtháthaithe an-íseal in 2021, arb é an míniú a bhí air an comhthionchar a bhí ag glacadh déanach Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus rialacháin chiste-shonracha i lár 2021, clársceidealú REACT-EU, agus cur chun feidhme beart éigeandála eile ar na húdaráis bhainistíochta;

189.

Ag tabhairt dá haire gur ann don chonclúid ón gCúirt go bhféadfadh cistiú breise na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit ina bhfuil an sciar ard cheana féin d’infheistíochtaí arna maoiniú ag an Aontas cur leis an mbrú ar chumas na mBallstát na cistí atá ar fáil dóibh a chaitheamh; á mheabhrú go gcuirtear RRF chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, agus cistí an bheartais chomhtháthaithe á gcur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, rud a chiallaíonn go bhfuil freagrachtaí éagsúla ar údaráis an Aontais agus ar údaráis na mBallstát i dtaca le gach foinse cistiúcháin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar gheall ar na modhanna seachadta éagsúla, le bainistíocht dhíreach don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus don bhainistíocht chomhroinnte don bheartas comhtháthaithe, go bhféadfaí go gcuirfí an cistiú níos casta trí chomhtháthú de dhroim seoil mar thoradh ar mhodh cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta atá níos simplí; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh sé sin dochar do rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus na réigiún áitiúil, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta i gcistiú an Aontais; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé nach mbeadh acmhainneacht riaracháin leordhóthanach ag roinnt Ballstát chun ualach na gcóras riaracháin comhthreomhar a láimhseáil; ag tabhairt dá haire gur breathnaíodh an brú sin ar an acmhainn riaracháin le linn éisteachtaí agus misin éagsúla choiste CONT; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go bhféadfadh sé go dtiocfadh as NGEU, i roinnt Ballstát, feachtas athnáisiúnaithe maidir le cistí an Aontais a phleanáil agus faireachán agus rialú a dhéanamh orthu, ó leibhéal an Aontais go dtí rialtais náisiúnta araon agus a d’fhéadfadh a bheith ann ó réigiúin go rialtais náisiúnta; á mheabhrú go bhféadfadh RRF a bheith contrártha d’fhorbairtí dearfacha ar chumhachtú réigiúnach a baineadh amach tríd an mbeartas comhtháthaithe le fiche nó tríocha bliain anuas, agus go lagaíonn an easpa caidrimh dhírigh airgeadais idir an Coimisiún agus na húdaráis bhainistíochta príomhghnéithe an rialaithe airgeadais agus an urscaoilte airgeadais;

190.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannchuidiú diomaibhseach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le comhar trasteorann, go háirithe i bhfianaise mhéid an chistithe ón Aontas lena mbaineann;

191.

Á thabhairt faoi deara, de réir dhoiciméid inmheánacha oibre an Choimisiúin, go ndéanann 20 Ballstát foráil do thionscadail trasteorann ina gcuid RRPanna náisiúnta agus tugann sí dá haire go bhfuil éagsúlacht mhór idir na méideanna a infheistítear in aghaidh an Bhallstáit; á chur i bhfios, in 2021, nach bhfuil sa mheáninfheistíocht atá beartaithe ach thart ar 6 % ar an iomlán de leithdháileadh iomlán RRF ar fud na mBallstát le haghaidh tionscadail trasteorann; á mheas gur tionscnaíodh líon róbheag tionscadal trasteorann faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di rannchuidiú diomaibhseach na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta le comhar trasteorann, go háirithe i bhfianaise mhéid an chistithe ón Aontas lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go mbeadh gá le níos mó ama le haghaidh pleanála agus le sásra dreasachta do na Ballstáit chun díriú níos láidre ar thionscadail trasteorann; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról suntasach ag RRF maidir leis an Aontas a atreorú i dtreo neamhspleáchas fuinnimh agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le soláthar neamhspleách fuinnimh don Aontas agus le hinfheistíochtaí comhfhreagracha i líonraí trasteorann, in idirnascairí agus i dtionscadail hidrigine; á chur in iúl gur geal léi gur thairg an Coimisiún, ina threoir i mí Eanáir 2021, ardán comhordúcháin a chur ar fáil do na Ballstáit leasmhara chun cabhrú leo tionscadail trasteorann a chur ar bun; ag tabhairt dá haire, lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a mhéid a bhaineann le caibidlí REPowerEU i RRPanna, go dtugtar isteach in Airteagal 27 critéar maidir le gné nó éifeacht thrasteorann nó iltíre na n-athchóirithe agus na n-infheistíochtaí; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go bhfuil an sprioc de 30 % de thionscadail trasteorann neamhcheangailteach; á iarraidh go gcuirfear iasachtaí RRF atá ar fáil ar fáil do na Ballstáit ar spéis leo infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail trasteorann atá dírithe ar neamhspleáchas fuinnimh agus ar an eangach fuinnimh a chlaochlú san Aontas;

192.

Á chur i bhfáth go gcuirfear méid iomlán na n-íocaíochtaí RRF saortha ar fáil do na Ballstáit ar spéis leo infheistiú i dtionscadail trasteorann atá dírithe ar neamhspleáchas fuinnimh agus an eangach fuinnimh a chlaochlú;

Measúnú ar Phleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta (RRPanna)

193.

Ag tabhairt dá haire gur ann do thorthaí na Cúirte ina Tuarascáil Speisialta 21/2022 maidir le ‘Measúnú an Choimisiúin ar RRPanna Náisiúnta – Ar an iomlán iomchuí ach tá rioscaí fós ann don chur chun feidhme’; ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnú na Cúirte bunaithe ar shampla de shé Bhallstát, ceithre cinn ag a bhfuil an leithdháileadh deontais is airde i ndearbhthéarmaí agus dhá cheann ag a bhfuil an leithdháileadh deontais is airde i ndáil lena n-olltáirgeacht intíre do 2020; á chur in iúl gur geal léi conclúid na Cúirte go raibh measúnú an Choimisiúin ar na RRPanna náisiúnta iomchuí ar an iomlán i bhfianaise chastacht an phróisis agus na srianta ama, cé gur sainaithníodh roinnt laigí sa phróiseas agus rioscaí do chur chun feidhme rathúil na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta freisin; á chur in iúl gur geal léi gur thug an Coimisiún tacaíocht do na Ballstáit agus na RRPanna á ndréachtú aige agus gur eisigh sé treoirdhoiciméid; ag tabhairt dá haire gur ghlac an Coimisiún le beagnach gach ceann de mholtaí na Cúirte;

194.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur chinn an Chúirt go raibh bearnaí ann maidir le haghaidh a thabhairt ar Mholtaí Tír-Shonracha (CSRanna) 2019 agus 2020 sna RRPanna Náisiúnta; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt nach raibh bearnaí in RRPanna na mBallstát atá sách beag, de bhrí gur mheas an Chúirt go bhfuil bearnaí tromchúiseacha in RRPanna i gcás Ballstáit níos mó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur as na ‘caibidlíochtaí’ a thug an Chúirt faoi deara maidir le teacht ar chomhaontú maidir le RRPanna, a éiríonn neamhionannas sa chaoi a gcaitear leis na Ballstáit; á cheistiú freisin an gcuirfear chun feidhme riamh codanna tábhachtacha de na CSRanna, ar codanna iad nach nglacann na Ballstáit leo fiú amháin le dreasachtaí airgeadais na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta;

195.

Ag cáineadh nár mhínigh an Coimisiún conas a bhaineann méid tráinse íocaíochta le méid na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh an neamhréireacht sin i méid na híocaíochta agus líon na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha na Ballstáit a dhreasú gan iarrataí ar íocaíocht deiridh a chur isteach, rud atá ag brath i gcásanna áirithe ar líon sách mór garspriocanna agus spriocanna, agus dá bhrí sin gan na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile a comhaontaíodh ina phlean náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a thabhairt chun críche, tar éis an sciar is mó dá ranníocaíocht na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a fháil cheana féin;

196.

Á mheabhrú gur chinn an Chúirt gur thug an Coimisiún, ina mheasúnú ar na RRPanna náisiúnta uile, ‘rátáil B’ do mheastacháin chostais na n-infheistíochtaí sin, in ainneoin na n-easnamh a sainaithníodh i sampla na Cúirte , agus fadhbanna féideartha á dtabhairt chun suntais aige ar chruinneas na méideanna lena mbaineann; ag tabhairt dá haire go bhfuil na laigí sin ag dul ó easpa faisnéise do chuid de na bearta ag an gcéim phleanála go dtí toimhdí bunúsacha nach bhfuil go hiomlán inchreidte do gach uile bheart; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún measúnú ar chostais mheasta iomlána na RRPanna náisiúnta ar bhonn na gcritéar a luaitear in Iarscríbhinn V de Rialachán RRF; á thabhairt faoi deara gur chuir an Coimisiún de cheangal ar gach Ballstát feabhas a chur ar a meastacháin chostais agus fianaise bhreise agus bonn cirt a thíolacadh go dtí go sroichfear ‘B’ ar a laghad maidir le hinchreidteacht agus réasúnaíocht an mheasúnaithe costais; á chur i bhfios go láidir go n-áirithítear leis an teaglaim shonrach d’infheistíochtaí le hathchóirithe go ndéantar na hathchóirithe is gá a chur chun feidhme go tráthúil agus go minic sna blianta roimhe sin agus go seasfar leo; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir leis an údarás um urscaoileadh fanacht chun soiléireacht iomlán a fháil maidir le húsáid chuí chistí an Aontais go dtí deireadh na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfios go láidir an riosca nach n-iarrfadh na Ballstáit an tráinse íocaíochta deiridh a mhéadú, agus dá bhrí sin go bhféadfadh sé go dteipfeadh orthu na hathchóirithe agus na hinfheistíochtaí uile a chomhlíonadh tar éis dóibh an chuid is mó dá dtacaíocht airgeadais iomlán a fháil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

197.

Ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh athchóirithe agus infheistíochtaí mar thoradh ar na cistí uile a leithdháiltear ar na Ballstáit faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, ós rud é nach féidir ach an t-údarás um urscaoileadh amháin a bheith cinnte gur leithdháileadh na cistí uile ar fhaighteoirí deiridh agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na breisíochta; á mheabhrú gur cáineadh i dtuarascálacha urscaoilte roimhe seo an cleachtas ina ndéanann roinnt Ballstát cláir chistiúcháin ar bhainistíocht chomhroinnte a ró-áirithint go córasach agus go dtarraingíonn siad siar tionscadail ó chistí an Aontais nuair a aimsítear neamhrialtachtaí agus/nó calaois ina chaiteachas gaolmhar, agus ar an gcaoi sin imscrúduithe an Aontais agus/nó obair leantach éifeachtach agus ceartúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint i ndáiríre; á chur in iúl gur saoth léi go n-aistrítear ualach na neamhrialtachtaí sin agus na calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann chuig an mbuiséad náisiúnta, agus, dá bhrí sin, chuig an gcáiníocóir náisiúnta;

Garspriocanna a shainiú

198.

Á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur ann do bharúil na Cúirte go bhfuil easpa soiléireachta i ngarspriocanna agus i spriocanna áirithe; á chur in iúl go bhfuil sí ar aon tuairim leis an gCúirt, in éagmais shainmhínithe soiléire agus inchomparáide ar gharspriocanna agus ar spriocanna, go dtugtar le tuiscint go bhfuil an riosca ann go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar na garspriocanna agus spriocanna sin agus go bhfuil an riosca gaolmhar ann nár comhlíonadh an cuspóir a bhí mar aidhm acu ar dtús; á chur i bhfios go láidir go bhfágann sé sin corrlach mór lánroghnach don Choimisiún agus measúnú á dhéanamh aige ar cibé ar baineadh amach garsprioc agus sprioc a shainítear go doiléir; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur ann do bharúil ón gCúirt, nár comhlíonadh garsprioc 395 sa chéad iarraidh ar íocaíocht ón Spáinn go sásúil; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur ann d’fhreagra ón gCoimisiún nach cuid den gharsprioc í an ghné a measann an Chúirt nár comhlíonadh í, ach go bhfuil sí sa tuairisc ar an mbeart; á chur i bhfáth nach féidir comhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna a bhunú ach amháin ar bhonn measúnú mionsonraithe agus critéir shoiléire, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil; á mheas gur cheart ceachtanna a fhoghlaim ó thaithí RRF a bheith léirithe i modheolaíocht chaighdeánaithe chun garspriocanna agus spriocanna a shainiú;

199.

Á chur i bhfáth nach féidir comhlíonadh na ngarspriocanna a bhunú ach amháin ar bhonn measúnú mionsonraithe agus critéir shoiléire agus sheasta, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil;

200.

Ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di gur ann do chinneadh na Cúirte gur minic a bhíonn garspriocanna agus spriocanna bunaithe ar tháscairí aschuir agus fiú táscairí ionchuir, rud a chuireann teorainn leis an bhféidearthacht feidhmíocht na mbeart a thomhas nach léirítear ach na haschuir a baineadh amach agus ní na torthaí, agus, ar deireadh, a dtionchair mheántéarmacha ar chuspóirí beartais an Aontais maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; ag tabhairt dá haire barúil na Cúirt, de réir nádúr na dtáscairí tionchair, go mbíonn tréimhse ama ionchasach níos faide acu, rud nach bhfuil oiriúnach don tráthchlár teoranta atá ag gabháil le cur chun feidhme RRF;

201.

Ag tabhairt dá haire gur ann do chinneadh na Cúirte go raibh measúnú an Choimisiúin ar RRPanna bunaithe i bpáirt ar shocruithe nach raibh i bhfeidhm go fóill; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur ann do chinneadh na Cúirte gur chuir an Coimisiún garspriocanna agus spriocanna breise san áireamh a bhí le baint amach roimh an gcéad íocaíocht chun an RRP a ghlacadh agus gur rannchuidigh a mheasúnú le feabhas a chur ar cháilíocht na ngarsriocanna agus na spriocanna; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nuair toisc nach raibh córas faireacháin lánfheidhmiúil i bhfeidhm ag tús chur chun feidhme RRP go bhfuil riosca ann go mbeadh moileanna ann maidir le measúnaithe agus faireachán a dhéanamh ar gharspriocanna nó spriocanna a bhaint amach; á thabhairt chun suntais an fíoras nach raibh na córais faireacháin nó na comhlachtaí cur chun feidhme sna Ballstáit inár sampla tráth an mheasúnaithe go hiomlán i bhfeidhm fós nuair a rinneadh na RRPanna a fhormheas agus gur chuir sé sin teorainn freisin le measúnú an Choimisiúin ar a n-acmhainneacht riaracháin; ag tabhairt dá haire thairis sin, i ndáil leis an méid sin, gur ann do chinneadh na Cúirte gur tugadh rátáil A fiú amháin maidir le socruithe iniúchóireachta agus rialaithe, an rogha dheireanach ó thaobh iontaofacht na faisnéise de, in ainneoin nach raibh roinnt beart i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire chuige sin conclúid na Cúirte gur féidir míniú a thabhairt, go pointe áirithe ar a laghad, go bhfuair gach RRP náisiúnta rátáil ‘A’ sa réimse seo leis an bhfíric gur rátáil ‘A’ (leormhaith) nó ‘C’ (neamhdhóthanach) amháin a d’fhéadfaí a thabhairt don réimse seo faoi Rialachán RRF agus gurb é an toradh a bheadh ar rátáil ‘C’ ná go ndiúltófaí an RRP ina iomláine. á mheabhrú gur réamhriachtanas iad struchtúir iniúchóireachta agus rialaithe leormhaithe chun cistí a fháil ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

202.

Ag tabhairt dá haire, ó thuarascálacha iriseoirí iniúchacha, gur bhraith roinnt Ballstát ar shaineolas arna sholáthar ag gnólachtaí comhairliúcháin chun an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar bun agus go dtairgeann na gnólachtaí sin, dá réir sin, seirbhísí chun tacú le faighteoirí féideartha na tacaíochta airgeadais faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta sna Ballstáit sin;

Moltaí

203.

Ag tacú go láidir leis na moltaí ón gCúirt ina Tuarascáil Bhliantúil, agus i dtuarascálacha speisialta gaolmhara; á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chur chun feidhme gan mhoill agus an t-údarás um urscaoileadh a choinneáil ar an eolas maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme;

204.

Á iarraidh ar an gCúirt an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

modheolaíocht éifeachtach a fhorbairt chun garspriocanna agus spriocanna a shampláil, i gcás ina gcinneann sí athmheasúnú a dhéanamh ar mheasúnú an Choimisiúin, ós rud é nach mbeidh na hacmhainní aige chun garspriocanna agus spriocanna uile na n-iarrataí íocaíochta uile a sheiceáil amach anseo; á mheas gur cheart garspriocanna agus spriocanna a shainaithint go héifeachtach leis an modheolaíocht sin, ar garspriocanna agus spriocanna iad a bhfuil riosca níos airde acu maidir le neamhchomhlíonadh agus/nó a bhfuil níos mó ábharthachta acu chun cur le rath foriomlán na spriocanna deiridh a leagtar síos; á iarraidh ar an gCúirt an rian iniúchóireachta den doiciméadacht maidir lena gcomhlíonadh a chur san áireamh ina hiniúchadh ar mheasúnú an Choimisiúin ar gharspriocanna agus ar spriocanna;

205.

á iarraidh ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)

liosta na bhfaighteoirí agus na dtionscadal deiridh uile de chistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta a chur ar fáil d’iniúchóirí agus don údarás um urscaoileadh le haghaidh na n-íocaíochtaí uile (in 2021 agus le linn chur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta) agus rochtain iomlán ar an uirlís FT Fenix’ a thabhairt don Chúirt;

(b)

bearta a dhéanamh chun an oibleagáid nua ar na Ballstáit a chur i ngníomh chun an 100 faighteoir deiridh is mó a fhaigheann an méid is airde de chistiú RRF a fhoilsiú agus chun gach beart iomchuí a dhéanamh má theipeann ar na Ballstáit an fhoráil sin a chur chun feidhme go leordhóthanach;

(c)

léiriú a dhéanamh, i gcomhar leis na Ballstáit, ainm beacht na gclár sóisialta uile agus na mbeart tacaíochta uile arna gcur chun feidhme sna Ballstáit le cistí RRF; á éileamh, dá bhrí sin, go léireofar sciar na gcistí RRF sna cláir sin agus go dtabharfar léiriú cruinn ar na sochair ar cuireadh cistí RRF ina n-ionad go comhréireach i gcosaint náisiúnta le haghaidh dífhostaíochta, sláinte agus cúraim fhadtéarmaigh;

(d)

míniú a thabhairt don údarás um urscaoileadh ar an réasúnaíocht agus an loighic atá taobh thiar den chreat chun garspriocanna agus spriocanna a mheasúnú faoi Rialachán RRF agus faoi mhodheolaíocht an Choimisiúin chun íocaíochtaí a chur ar fionraí faoi Rialachán RRF a chinneadh agus machnamh a dhéanamh ar shainmhínithe breise a sholáthar chun tionchar na n-eilimintí suibiachtúla atá iontu a laghdú;

(e)

measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh garspriocanna an smachta reachta sna RRPanna ag na Ballstáit ar bhonn measúnú mionsonraithe, critéir shoiléire agus sheasta, agus go hiomlán i gcomhréir le cásdlí CBAE, ní hamháin ag féachaint ar reachtaíocht athchóirithe a ghlacadh go foirmiúil ach freisin ar chur i bhfeidhm dlíthiúil agus praiticiúil, agus ní ar bhonn caibidlíocht pholaitiúil;

(f)

nós imeachta ceapacháin níos trédhearcaí a chur i bhfeidhm maidir le gach post, go háirithe na poist sin i bainistíochta, agus chun níos mó soiléireachta a thabhairt don nós imeachta ceapacháin atá ann cheana, ar nós imeachta gearr é ó thaobh trédhearcachta agus cuntasachta de;

(g)

gan aon iarraidh ar íocaíocht a fhormheasach ach amháin má tá garspriocanna uile an Smachta Reachta bainte amach go hiomlán;

(h)

tacú leis na Ballstáit a n-acmhainneacht riaracháin a mhéadú chun córais riaracháin chomhthreomhara RRF agus cur chun feidhme an chiste chomhtháthaithe a láimhseáil, agus cabhrú leo ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a laghdú, tairiscintí a shimpliú agus faisnéis níos spriocdhírithe a sholáthar, agus ar an gcaoi sin rochtain ar chistiú a éascú do FBManna agus dóibh siúd atá féinfhostaithe;

(i)

forairdeall breise a chur i bhfeidhm má tá comharthaí mí-úsáide, calaoise agus coireachta eagraithe ann atá dírithe ar na cistí atá ar fáil faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta i gcomhar le Europol, OIPE, OLAF, agus gníomhaithe ábhartha eile agus tuairisciú ar amhras calaoise sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a thabhairt isteach don Choimisiún tríd an gCóras Bainistíochta Neamhrialtachtaí agus do OIPE mar a fhoráiltear sna Rialacháin ábhartha;

(j)

soiléiriú a dhéanamh maidir leis na tionscadail agus na bearta uile a dhéantar maoiniú orthu trí aon RRP náisiúnta de Bhallstáit atá rannpháirteach sa chomhair feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle (5), go measfar iad a bheith maoinithe le hairgead AE ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, agus dá bhrí sin go dtagann siad faoi raon feidhme OIPE;

(k)

iarr, go háirithe i bhfianaise mheasúnú riosca an Iniúchóra Inmheánaigh mar bhonn lena phleanáil iniúchóireachta, gur cheart go leanfadh cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta de bheith a bheith feiceálach ina phleananna iniúchóireachta, i bhfianaise a chineáil nuálaigh agus na ngeallta móra airgeadais;

(l)

meastóireacht a dhéanamh ar an nós imeachta sa mhéid a bhaineann le cur chun feidhme CSRanna sa Seimeastar Eorpach agus sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a fhorfheidhmiú agus, i gcás inar gá, uirlisí nua a mholadh chun cur chun feidhme a fhorfheidhmiú, ós rud é gur tugadh aghaidh, i gcás roinnt Ballstát, ar na Moltaí Tír-Shonracha uile sa plean téarnaimh agus athléimneachta, agus i gcás Ballstáit eile (níos mó) nár tugadh aghaidh ar na moltaí tírshonracha uile;

(m)

idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na torthaí a bhí buiséadaithe agus na torthaí a baineadh amach ina theachtaireacht maidir leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go ginearálta agus ar bhealach níos sonraí maidir le Scórchlár na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas i gceart agus míthuiscintí a sheachaint;

(n)

feabhas a chur ar fhoilsiú, lena n-áirítear ar scórchlár RRF, ar na méideanna a fuair an tAontas ar iasacht chun RRF a chistiú, agus ar an ús arna thabhú chun íoc as na méideanna a fuarthas ar iasacht chomh maith leis na méideanna úis a d’íoc na Ballstáit leis an gCoimisiún ar na hiasachtaí a cuireadh ar fáil dóibh faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

(o)

anailís a dhéanamh, in 2023, ar chaiteachas náisiúnta trí chomparáid a dhéanamh idir caiteachas agus infheistíochtaí sna buiséid náisiúnta sula gcuirfear cistiú na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta ar fáil do na Ballstáit a fuair an sciar is mó de thacaíocht faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ina dhiaidh sin chun a shuí ar cuireadh cistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta in ionad an chaiteachais náisiúnta athfhillteach seachas infheistíochtaí, agus é á aithint ag an am céanna go ndearnadh mórshleabhcadh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 a sheachaint;

(p)

tuairisc a thabhairt don údarás um urscaoileadh cad é a ndearna na Ballstáit, a fuair réamh-mhaoiniú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nárbh fhéidir a leithdháileadh go fóill ar infheistíochtaí, leis na cistí a fuarthas;

(q)

gan glacadh ach le garspriocanna agus spriocanna a bhfuil doiciméadacht faighte ina leith a thacaíonn lena gcur chun feidhme, agus ní hamháin le ráitis ó na Ballstáit, agus taifead de rian iniúchóireachta leordhóthanach a áirithiú lena gcumhdaítear na heilimintí uile a mheastar a bheith ábhartha sa phróiseas measúnaithe ar gharspriocanna agus spriocanna;

(r)

creat iontaofa ex ante agus ex post a chur ar bun chun a sheiceáil an bhfuil na garspriocanna agus na spriocanna go léir á gcur chun feidhme agus á ndoiciméadú go hiarbhír, lena n-áirítear rian iniúchóireachta leordhóthanach lena ndéantar taifeadadh ar mheasúnú na ngarspriocanna, agus aird ar leith á tabhairt ar an measúnú ar cibé ar urramaíodh prionsabal DNSH, agus chun bunús a thabhairt le torthaí le haghaidh infheistíochtaí a rannchuidíonn leis na spriocanna glasa agus digiteacha sa tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

(s)

athmhachnamh a dhéanamh ar fhoirmliú dhearbhú urrúis na hArd-Stiúrthóireachta um Ghnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais agus a raon feidhme a leathnú go gcuimseofar comhlíontacht bhearta cistithe RRF le rialacha an Aontais agus rialacha náisiúnta sna blianta atá le teacht i bhfianaise an údair mhíshásúil a thug an Coimisiún agus i bhfianaise na freagrachta mar Chaomhnóir an Chonartha chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint;

(t)

dlúthfhaireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na ngarspriocanna agus na spriocanna, go háirithe iad siúd a bhaineann le hiniúchóireacht, faireachán agus rialú;

(u)

measúnú a dhéanamh ní hamháin ar bhunú shocruithe iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát faoi Airteagal 22 de Rialachán RRF ach ar fheidhmiú iarbhír na socruithe sin freisin, agus réimsí á sainaithint a d’fhéadfaí a fheabhsú nó a dhéanamh níos éifeachtúla;

(v)

an mhodheolaíocht a chuir sé i bhfeidhm chun teacht ar na próifílí íocaíochta comhaontaithe a shoiléiriú don údarás um urscaoileadh, go háirithe an chaoi a mbaineann líon agus méid na ngarspriocanna agus na spriocanna foluiteacha le méid gach tráinse íocaíochta;

(w)

anailís na Cúirte ar phróifílí íocaíochta ó Thuarascáil Speisialta 21/2022 a chur i gcrích an athuair maidir le próifílí íocaíochta uile na mBallstát uile agus tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an gcaoi a mbaineann gach iarraidh ar íocaíocht le líon na ngarspriocanna agus na spriocanna atá le comhlíonadh i gcás gach Ballstáit, agus bearta a mholadh chun a ráthú go gcuirfear na garspriocanna agus na spriocanna uile i gcrích faoin 31 Lúnasa 2026;

(x)

aghaidh a thabhairt ar na rioscaí agus ar na dúshláin a eascraíonn as cur chun feidhme comhthreomhar an chomhtháthaithe agus na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, go háirithe maidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe áitiúla, réigiúnacha, eacnamaíocha agus sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, rud a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hionsú níos éasca ar chistiú RRF i gcomparáid le cistiú comhtháthaithe, trí níos mó béime a chur ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe sin i gcur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta trí chur chuige comhrialachais, lena ndírítear freisin ar an gcomhlántacht idir an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus comhtháthú a neartú;

(y)

á mholadh go láidir do na Ballstáit a fhéachann lena RRPanna a leasú tionscadail trasteorann a áireamh ina n-infheistíochtaí agus níos mó béime a chur ar thionscadail fhíor-Eorpacha den sórt sin go ginearálta; á mheabhrú gur cheart do thionscadail trasteorann aghaidh a thabhairt ar scrogaill atá ann cheana maidir le tarchur, dáileadh agus stóráil fuinnimh, agus breisluach Aontais á chur ar fáil ar an gcaoi sin; gan a fhormheas ach caibidlí RePowerEU de na Ballstáit a leithdháileann 30 % ar a laghad dá maoiniú ar thionscadail a bhfuil gné nó éifeacht trasteorann nó ilnáisiúnta ag baint leo, mar a comhaontaíodh i gcaibidlíocht RePowerEU agus a thuairiscíonn don údarás um urscaoileadh;

(z)

méid iomlán na n-iasachtaí gan íoc agus na n-íocaíochtaí saortha a chur ar fáil, go háirithe do thionscadail trasteorann, ar tionscadail iad a dhíríonn ar neamhspleáchas fuinnimh, agus dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; ag tathant ar an gCoimisiún na Ballstáit a spreagadh agus tacú leo chun tionscadail trasteorann a fhorbairt, go háirithe maidir le neamhspleáchas fuinnimh agus cead a thabhairt do na Ballstáit iasacht a iarraidh ó iasachtaí gan íoc agus íocaíochtaí saortha chun tionscadail trasteorann atá dírithe ar fhuinneamh a mhaoiniú; á iarraidh ar an gCoimisiún tuairisciú don Pharlaimint agus don Chomhairle araon maidir le dul chun cinn an chur chun feidhme, le híocaíochtaí atá curtha ar fionraí agus íocaíochtaí saortha, agus le hiarrataí ar iasachtaí;

(aa)

a hiniúchtaí córais a neartú sna Ballstáit, i gcás inarb ábhartha, le haghaidh gach córais rialaithe inmheánaigh (i gcás modhanna díláraithe nó cur chun feidhme) agus líon réasúnta tástálacha ar chomhaid soláthair aonair a áirithiú chun éifeachtacht iarbhír na gcóras rialaithe inmheánaigh a ráthú;

(ab)

a áirithiú go n-áireofar seiceálacha ar chistiú dúbailte i gcreataí iniúchóireachta agus rialaithe na mBallstát le haghaidh NGEU, cláir forbartha tuaithe agus cláir chomhtháthaithe agus chun a fheidhmiú cuí a áirithiú trí sheiceálacha córais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, a fhíorú nach ndéantar cistiú dúbailte trí sheiceálacha riosca-bhunaithe a dhéanamh ar na híocaíochtaí uile le faighteoirí deiridh faoi na cláir sin;

(ac)

a áirithiú go ráthófar iontaofacht stórtha fhaighteoirí deiridh na mBallstát, go háirithe maidir le sláine agus iomláine, d’fhonn a áirithiú, a luaithe a aimseofar neamhrialtachtaí maidir leis na faighteoirí deiridh, go ndéanfar obair leantach cheart ar leibhéal an Aontais a áirithiú;

(ad)

tuairisciú don údarás um urscaoileadh maidir leis an méid atá déanta ag an gCoimisiún chun an choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann i mBallstáit agus ar leibhéal an Aontais, go háirithe maidir le comhairleoirí a fhostú.

(ae)

tuarascáil mhionsonraithe a chur ar fáil don údarás um urscaoileadh maidir le hathchóirithe a chuir na Ballstáit chun feidhme cheana féin sular íocadh amach na heisíocaíochtaí agus na bearta éigeantacha atá déanta acu chun an dlí náisiúnta a chur in oiriúint do threoracha nua an Aontais mar gharspriocanna nó spriocanna sna RRPanna náisiúnta;


(1)  Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach (IO L 207, 11.6.2021, lch. 1).

(2)  Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (IO L 209, 14.6.2021, lch. 1).

(3)  Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (IO L 57, 18.2.2021, lch. 17).

(5)  Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2017 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe maidir le bunú Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) (IO L 283, 31.10.2017, lch. 1).