9.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 87/7


Achoimre ar Chinneadh ón gCoimisiún

an 20 Nollaig 2022

a bhaineann le nós imeachta faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE

(Cásanna AT.40462 – Amazon Marketplace agus AT.40703 – Amazon Buy Box)

(a bhfuil fógra tugtha ina leith faoi dhoiciméad UIMHIR C(2022) 9442 final)

(Is é an téacs Béarla amháin atá barántúil)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

(2023/C 87/05)

An 20 Nollaig 2022, ghlac an Coimisiún cinneadh a bhaineann le nós imeachta faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE. I gcomhréir le forálacha Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (1) , foilsíonn an Coimisiún anseo ainmneacha na bpáirtithe agus príomhábhar an chinnidh, lena n-áirítear aon phionós a fhorchuirtear, ag féachaint do leas dlisteanach gnóthas i leith a rúin ghnó a chosaint.

1.   RÉAMHRÁ

(1)

Leis an gCinneadh déantar ceangailteach ó thaobh dlí de na gealltanais a thairg Amazon.com, Inc., Amazon Services Europe S.à.r.l., Amazon EU S.à.r.l. agus Amazon Europe Core S.à.r.l. (dá ngairtear le chéile “Amazon”), faoi Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle (“Rialachán 1/2003”) in imeachtaí faoi Airteagal 102 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an “Conradh”) agus Airteagal 54 de Chomhaontú LEE.

(2)

Baineann an Cinneadh leis an dá imscrúdú ar leith seo a leanas faoi Airteagal 102 den Chonradh:

na cleachtais ghnó de chuid Amazon a ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu faoi chás AT.40462 – Amazon Marketplace, ar cleachtais iad a bhaineann leis an úsáid a bhaineann Amazon as sonraí nach bhfuil ar fáil go poiblí maidir le liostuithe agus idirbhearta díoltóirí tríú páirtí, chun críocha a chuid oibríochtaí miondíola (an “tIompar maidir le hÚsáid Sonraí”);

na cleachtais ghnó de chuid Amazon a ndearna an Coimisiún imscrúdú orthu faoi chás AT.40703 – Amazon Buy Box, ar cleachtais iad a bhaineann (i) leis na coinníollacha agus na critéir lena rialaítear roghnú na tairisceana a thaispeántar sa “Buy Box” (an “tIompar a bhaineann leis an Buy Box”) agus (ii) leis na coinníollacha agus na critéir lena rialaítear incháilitheacht díoltóirí tríú páirtí maidir le díol le Prime agus lena rialaítear incháilitheacht a dtairiscintí don lipéad Prime (an “tIompar a bhaineann le Prime”).

2.   NÓS IMEACHTA

(3)

Ba ar thionscnamh an Choimisiúin féin a d’eascair an dá chás i gcoinne Amazon.

(4)

An 17 Iúil 2019 thionscain an Coimisiún imeachtaí i gcás AT.40462 – Amazon Marketplace de bhun Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 773/2004 ón gCoimisiún.

(5)

An 10 Samhain 2020 chuir an Coimisiún Ráiteas Agóidí (an “Ráiteas Agóidí”) chuig Amazon i gcás AT.40462 – Amazon Marketplace agus an dáta céanna thionscain sé imeachtaí i gcás AT.40703 – Amazon Buy Box d’fhonn cinneadh a ghlacadh faoi Chaibidil III de Rialachán Uimh. 1/2003.

(6)

I gcás AT.40703 – Amazon Buy Box, an 15 Meitheamh 2022, ghlac an Coimisiún Réamh-Mheasúnú (an “Réamh-Mheasúnú”) de bhun Airteagal 9(1) de Rialachán Uimh. 1/2003. Tugadh fógra d’Amazon faoin Réamh-Mheasúnú sin i litir dar dáta an 16 Meitheamh 2022.

(7)

An 8 Iúil 2022, chuir Amazon gealltanais (na “Gealltanais Tosaigh”) faoi bhráid an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar na réamh-ábhair imní a leagtar amach sa Ráiteas Agóidí agus sa Réamh-Mheasúnú.

(8)

An 20 Iúil 2022, foilsíodh fógra in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Airteagal 27(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 (an “Fógra”), fógra inar tugadh achoimre ar an gcás agus ar na gealltanais atá beartaithe agus inar iarradh ar thríú páirtithe leasmhara a mbarúlacha maidir leis na gealltanais atá beartaithe a chur ar fáil díreach laistigh de 2 mhí ó dháta foilsithe an fhógra.

(9)

An 20 Meán Fómhair 2022, chuir an Coimisiún Amazon ar an eolas maidir leis na barúlacha a fuarthas ó thríú pháirtithe leasmhara tar éis fhoilsiú an Fhógra. An 22 Samhain 2022, chuir Amazon isteach togra leasaithe le haghaidh gealltanas (na “Gealltanais Deiridh”).

(10)

An 12 Nollaig 2022, d’eisigh an Coiste Comhairleach um Chleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha tuairim fhabhrach.

(11)

An 13 Nollaig 2022, d’eisigh an tOifigeach Éisteachta an tuarascáil chríochnaitheach uaidh.

3.   ÁBHAIR IMNÍ AN CHOIMISIÚIN MAIDIR LE hIOMAÍOCHT

3.1.   Fíorais

(12)

Tá dhá ról ag Amazon mar ardán. Tá sé i mbun margadh inar féidir le díoltóirí neamhspleácha táirgí a dhíol go díreach chuig tomhaltóirí agus an tráth céanna díolann sé táirgí ar a ardán mar mhiondíoltóir, in iomaíocht leis na díoltóirí neamhspleácha sin. De thoradh an reachta dhéach sin, tá rochtain ag Amazon ar thacair mhóra sonraí maidir le gníomhaíochtaí na ndíoltóirí neamhspleácha ar a ardán, lena n-áirítear sonraí gnó nach bhfuil ar fáil go poiblí.

(13)

Tá cuid mhór de dhíolacháin Amazon ar a shuíomhanna gréasáin go léir san Eoraip bunaithe ar chóras ar a dtugtar an “Buy Box”. In Buy Box Amazon, taispeántar tairiscint ó dhíoltóir aonair amháin go feiceálach agus is féidir táirgí a cheannach go pras trí chnaipe “ceannaigh” a chliceáil. Tá sé fíor-riachtanach do dhíoltóirí tríú páirtí an Featured Offer a bhaint amach (i.e. an Buy Box a bhuachan) chun go mbeidh siad le feiceáil ag tomhaltóirí agus chun a dtairiscintí a thiontú ina ndíolacháin, ós rud é go gcuirtear formhór mór na ndíolachán ar shuíomhanna gréasáin Amazon i gcrích tríd an Buy Box.

(14)

I dteannta na deise a thugann Amazon do thomhaltóirí earraí a thairgtear ar a shuíomhanna gréasáin a cheannach, tairgeann sé seirbhísí roghnacha breise do thomhaltóirí freisin. Go háirithe, d’fhorbair Amazon an clár ballraíochta Amazon Prime, seirbhís íoctha lena dtugtar rochtain do thomhaltóirí ar roinnt seirbhísí breise amhail seachadadh níos tapa, rochtain ar sheirbhísí ceolsruthaithe agus fís-sruthaithe, seirbhísí cearrbhachais agus roinnt sochair siopadóireachta eile. Le clár Amazon Prime ceadaítear freisin do dhíoltóirí neamhspleácha díol le custaiméirí Prime faoi choinníollacha áirithe.

3.2.   Measúnú dlíthiúil

(15)

Sa Ráiteas Agóidí, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid go bhfuil ceannasacht ag Amazon sna margaí náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí margaidh sa Ghearmáin agus sa Fhrainc agus gurb ionann an tIompar maidir le hÚsáid Sonraí agus mí-úsáid cheannasacht Amazon de shárú ar Airteagal 102 den Chonradh.

(16)

Is iad seo a leanas réamhthorthaí an Choimisiúin: (i) an spleáchas córasach atá ag córais uathoibrithe Amazon agus a chuid fostaithe ar shonraí neamhphoiblí a iomaitheoirí sa mhiondíol ar líne, sonraí a fhaightear sa chomhthéacs ina sholáthraítear seirbhísí margaidh ceannasacha Amazon do na díoltóirí sin, is cosaint do Amazon Retail é ar chuid de na ghnáthrioscaí agus na gnáthchostais a bhaineann leis an iomaíocht miondíola, agus (ii) dá réir sin, trí úsáid a bhaint as modhanna nach bhfuil bunaithe ar thuillteanas, saobhann Amazon an iomaíocht le díoltóirí tríú páirtí. Dá dheasca sin tá deis ag Amazon a cheannasacht a ghiaráil ar na margaí maidir le soláthar seirbhísí margaidh do mhargaí miondíola ar líne.

(17)

Sa Réamh-Mheasúnú, tháinig an Coimisiún ar an réamhchonclúid go bhfuil ceannasacht ag Amazon sna margaí náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí margaidh, sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus sa Spáinn ar a laghad, agus chuir sé in iúl gur réamh-ábhar imní é go mbeadh mí-úsáid bainte ag Amazon as a cheannasacht de shárú ar Airteagal 102 den Chonradh trí bhuntáiste a thabhairt go saorga dá chuid tairiscintí miondíola féin agus do thairiscintí díoltóirí margaidh a úsáideann seirbhísí lóistíochta agus seachadta Amazon (seirbhísí ar a dtugtar seirbhísí “Fulfilment by Amazon” nó “FBA”), rud a rachadh chun dochair do dhíoltóirí margaidh eile agus do thomhaltóirí, (i) nuair a roghnaítear an tairiscint aonair a thaispeántar go feiceálach ar leathanach sonraí táirge Amazon (buaiteoir an “Buy Box”); agus (ii) nuair a chuirtear ar chumas díoltóirí táirgí a chur ar fáil d’úsáideoirí chlár dílseachta Amazon (an “clár Prime”) faoin lipéad Prime.

(18)

Leis an Buy Box taispeántar go feiceálach tairiscint miondíoltóra amháin le haghaidh táirge sonrach agus ceadaítear do chustaiméirí an t-earra sin a chur go díreach isteach ina gcairteacha siopadóireachta. An Buy Box a bhuachan, tá sé sin ríthábhachtach do dhíoltóirí ar mhargadh Amazon ós rud é nach bhféachann formhór mór na dtomhaltóirí ach ar an Buy Box agus nach gceannaíonn siad ach an tairiscint atá ar taispeáint ann. Dá thoradh sin, féadfaidh na coinníollacha neamhionanna agus na critéir neamhionanna faoina roghnaítear buaiteoir an Buy Box an trácht chuig tairiscintí bhrainse miondíola Amazon agus chuig tairiscintí díoltóirí a úsáideann seirbhísí FBA Amazon a mhéadú go saorga, agus ceannach na dtairiscintí sin a mhéadú go saorga, rud a shaobhann an iomaíocht ar mhargaí Amazon.

(19)

Tá sé tábhachtach do dhíoltóirí rochtain a fháil ar úsáideoirí Prime toisc go bhfuil líon úsáideoirí Prime ag fás go seasta, toisc gur dílse iad de ghnáth, agus toisc go mbíonn tionchar ag incháilitheacht díoltóirí don chlár Prime ar a gcumas an Buy Box a bhuachan. Na coinníollacha agus na critéir atá ag Amazon maidir le díoltóirí agus tairiscintí a roghnú atá incháilithe don lipéad Prime, thabharfaidís buntáiste do Amazon Retail agus do dhíoltóirí a úsáideann seirbhísí FBA Amazon, rud a shaobhann an iomaíocht ar mhargaí Amazon. Áirítear ar choinníollacha agus ar chritéir neamhionanna chlár Prime na cinn sin atá ábhartha maidir leis an rogha, na téarmaí conarthacha agus feidhmíocht sholáthraithe seirbhísí lóistíochta na ndíoltóirí neamhspleácha a bhíonn ag lorg incháilitheachta do Prime.

4.   NA GEALLTANAIS TOSAIGH, AN TÁSTÁIL MARGAIDH AGUS NA GEALLTANAIS DEIRIDH

4.1.   Na Gealltanais Tosaigh

(20)

An 8 Iúil 2022, chuir Amazon isteach na Gealltanais Tosaigh arbh é a bhí iontu trí thacar de ghealltanais: an gealltanas maidir le stóras aonraithe sonraí, an gealltanas maidir le Buy Box agus an gealltanas maidir le Prime.

(21)

Faoin ngealltanas maidir le stóras aonraithe sonraí, geallann Amazon nach mbainfidh sé úsáid as sonraí neamhphoiblí a sholáthraíonn díoltóirí tríú páirtí do Amazon agus iad ag baint úsáide as seirbhísí margaidh Amazon, ná sonraí neamhphoiblí a dhíothaítear tríd an úsáid a bhaineann díoltóirí tríú páirtí as seirbhísí margaidh Amazon nó seirbhísí gaolmhara amhail seirbhísí íocaíochtaí nó comhlíonta, chun críocha oibríochtaí miondíola Amazon féin, in iomaíocht leis na díoltóirí tríú páirtí sin.

(22)

Faoin ngealltanas maidir le Buy Box, geallann Amazon go gcuirfidh sé coinníollacha agus critéir neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm chun an Featured Offer a thaispeántar sa Buy Box a roghnú. Bheadh feidhm acu sin maidir le gach paraiméadar agus ualú is infheidhme chun cothrom iomaíochta a bhunú maidir leis an iomaíocht idir na díoltóirí go léir le haghaidh an Buy Box.

(23)

Ina theannta sin, geallann Amazon tairiscint iomaíoch amháin ar a laghad a thaispeáint in aice leis an Featured Offer i gcás ina bhfuil ceann ar fáil agus í éagsúil leis an Featured Offer ó thaobh praghais/ama seachadta de (an “Second Displayed Offer”). Taispeánfar an fhaisnéis thuairisciúil chéanna sa Featured Offer agus sa Second Displayed Offer ar bhonn comhionann agus beidh cothroime iomlán ann i ndáil lena bhfeidhmiú ó thaobh deiseanna ceannaigh de.

(24)

Ar deireadh, faoin ngealltanas maidir le Prime, geallann Amazon go gcuirfidh sé coinníollacha agus critéir neamh-idirdhealaitheacha i bhfeidhm (i) i ndáil le hincháilitheacht díoltóirí agus tairiscintí tríú páirtí maidir le Prime agus (ii) i ndáil leis an lipéad Prime, chun cothroime idir na díoltóirí uile a áirithiú agus chun cead a thabhairt do dhíoltóirí Prime iompróirí a roghnú agus rátaí agus téarmaí tráchtála a chaibidliú leis na hiompróirí sin, gan srian. Geallann Amazon freisin gan úsáid a bhaint as aon sonraí a bhaineann le téarmaí nó feidhmíocht iompróirí tríú páirtí chun críocha oibríochtaí lóistíochta Amazon féin.

(25)

Bheadh feidhm ag na Gealltanais Tosaigh sin ar feadh tréimhse 5 bliana agus chumhdófaí leo gach margadh Amazon atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo in LEE, cé is moite de na gealltanais a thuairiscítear in aithrisí (22) go (24) thuas, ar gealltanais iad nach mbeadh feidhm acu maidir leis an Iodáil i bhfianaise chinneadh Údarás Iomaíochta na hIodáile an 30 Samhain 2021 i gcás A528.

(26)

Dhéanfadh iontaobhaí faireacháin neamhspleách faireachán ar chomhlíontacht Amazon maidir leis na Gealltanais Tosaigh, le linn a bhfad tréimhse.

4.2.   An Tástáil Margaidh

(27)

D’fhoilsigh an Coimisiún an togra ó Amazon le haghaidh tástáil margaidh fhoirmiúil an 14 Iúil 2022. Mar fhreagra air sin, fuair an Coimisiún 25 aighneacht ó thríú pháirtithe leasmhara (an “Tástáil Margaidh”).

(28)

Na barúlacha a fuarthas, bhain a bhformhór le sainmhínithe a úsáidtear sna Gealltanais Tosaigh, le sásraí um rialú rochtana i ndáil le sonraí neamhphoiblí díoltóirí tríú páirtí, le hamharcthaispeántas an Second Displayed Offer, le faisnéis a thugtar do dhíoltóirí tríú páirtí maidir le hoibleagáidí Amazon faoi na gealltanais, an gá atá ag Amazon sonraí teagmhála na n-úsáideoirí deiridh a roinnt leis na hiompróirí a sheachadann na bearta chucu, raon feidhme agus fad tréimhse na ngealltanas, an gá atá ann réiteach díospóidí nó sásra gearráin a thabhairt isteach i gcás ina bhfuil amhras maidir le sárú na ngealltanas, an neamh-inchéimniú nó an faireachán ar chomhlíonadh.

4.1.   Na gealltanais deiridh

(29)

Mar fhreagra ar na barúlacha a fuarthas, chuir Amazon isteach tacar nua gealltanas. Tá na Gealltanais Deiridh éagsúil ó na Gealltanais Tosaigh atá beartaithe mar a leanas:

Daingnítear leo an oibleagáid atá ar Amazon sásraí teicniúla nó lámhrialaithe a chur ar bun a cheaptar chun iniúchadh agus faireachán a dhéanamh ar rochtain Amazon Retail ar shonraí díoltóirí tríú páirtí;

Feabhsaítear leo cur i láthair an Second Displayed Offer trína dhéanamh níos feiceálaí agus trí shásra athbhreithniúcháin a bheith san áireamh i gcás nach bhfuil aird leordhóthanach ó na tomhaltóirí á tarraingt ag an taispeántas;

Méadaítear leo an trédhearcacht agus na sreabha faisnéise luaithe do dhíoltóirí tríú páirtí agus d’iompróirí maidir leis na gealltanais agus na cearta nua atá faighte acu, nithe lena gcuirtear ar chumas na ndíoltóirí aistriú chuig iompróirí neamhspleácha go pras, mar shampla;

Leagtar amach leo na modhanna inar féidir le hiompróirí neamhspleácha teagmháil a dhéanamh go díreach lena gcustaiméirí Amazon, i gcomhréir le rialacha maidir le cosaint sonraí, rud a chuireann ar a gcumas seirbhísí seachadta a sholáthar atá coibhéiseach leis na seirbhísí a thairgeann Amazon;

Feabhsaítear leo cosaint sonraí na n-iompróirí ar úsáid a bhféadfadh seirbhísí lóistíochta Amazon atá in iomaíocht leo a bhaint astu, go háirithe maidir le faisnéis a bhaineann le próifílí lasta;

Méadaítear leo cumhachtaí an iontaobhaí faireacháin trí oibleagáidí breise a thabhairt isteach maidir le fógra a thabhairt;

Tugtar isteach leo sásra láraithe gearán, sásra atá oscailte do na díoltóirí agus na hiompróirí go léir i gcás ina bhfuil amhras ann maidir le comhlíontacht na ngealltanas;

Méadaítear leo go dtí 7 mbliana, in ionad na 5 bliana a beartaíodh ar dtús, tréimhse na ngealltanas a bhaineann le Prime agus leis an Second Displayed Offer;

Déantar beagán soiléirithe leo ar fhoclaíocht na nGealltanas Tosaigh.

5.   CONCLÚID

(30)

Tá na gealltanais ina bhfoirm dheiridh leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na réamh-ábhair imní a d’aithin an Coimisiún.

(31)

Leis an ngealltanas maidir le stóras aonraithe sonraí áirithítear go gcuirfidh Amazon deireadh lena chleachtas leanúnach maidir le sonraí neamhphoiblí de chuid díoltóirí tríú páirtí a úsáid chun dul san iomaíocht leis na díoltóirí sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar réamh-ábhair imní an Choimisiúin, staonfaidh Amazon ó húsáid sonraí neamhphoiblí chun críocha oibríochtaí miondíola uile Amazon.

(32)

Leis an ngealltanas maidir le Buy Box, cuirfear deireadh leis na laofachtaí a thugann buntáiste do Amazon Retail agus do dhíoltóirí FBA maidir le roghnú agus taispeántas an Featured Offer sa Buy Box. Sna Gealltanais Deiridh tá Second Displayed Offer ann freisin chun rogha an tomhaltóra a mhéadú. Tá na hathruithe sin ríthábhachtach i bhfianaise na tábhachta a bhaineann le buachan an Buy Box chun go mbeidh díoltóirí tríú páirtí le feiceáil ag tomhaltóirí agus chun a dtairiscintí a thiontú ina ndíolacháin.

(33)

Leis an ngealltanas maidir le Prime, cuirfear deireadh freisin leis na laofachtaí a thugann buntáiste do Amazon Retail agus do dhíoltóirí FBA maidir le hincháilitheacht a dtairiscintí do Prime agus don lipéad Prime. Tugtar aghaidh leo freisin ar an míbhuntáiste san iomaíocht atá ann do dhíoltóirí tríú páirtí nach mbaineann úsáid as seirbhísí FBA Amazon chun a ndíolacháin a chomhlíonadh i gcóras Prime Amazon trí bhíthin oibleagáidí a bhaineann le hiompróirí lena dtabharfar deis rogha éifeachtach iompróirí a dhéanamh ar féidir na díoltóirí brath orthu i leith a seachadtaí beart.

(34)

Measann an Coimisiún go bhfuil fad tréimhse na nGealltanas Deiridh comhréireach, toisc go bhfuil sé sách fada chun aghaidh a thabhairt ar réamh-ábhair imní an Choimisiúin, agus chun cinnteacht a thabhairt do rannpháirtithe sa mhargadh ar feadh tréimhse leordhóthanach. Beidh cur chun feidhme na nGealltanas Deiridh faoi réir athbhreithniú neamhspleách saineolaithe ag iontaobhaí faireacháin, iontaobhaí a bheidh ag gníomhú faoi mhaoirseacht an Choimisiúin, ar feadh fhad tréimhse iomlán na nGealltanas Deiridh. Is beart riachtanach agus comhréireach é iontaobhaí faireacháin a úsáid chun cur chun feidhme éifeachtach an Chinnidh a áirithiú.

(35)

Leis an gclásail neamh-inchéimithe, an sásra gearáin agus cumhachtaí daingnithe an iontaobhaí faireacháin, mar aon leis na híocaíochtaí pionósacha dá bhforáiltear sa Chinneadh maidir le neamhchomhlíontacht, measann an Coimisiún go soláthraítear coimircí leordhóthanacha i gcoinne neamh-chomhlíontacht na nGealltanas Deiridh.

(36)

Is é conclúid an Choimisiúin go dtugann na Gealltanais Deiridh aghaidh éifeachtach ar na hábhair imní thosaigh a aithnítear sa Ráiteas Agóidí agus sa Réamh-Mheasúnú uaidh. Le linn dó teacht ar an gconclúid sin, chuir an Coimisiún leasuithe tríú páirtithe, lena n-áirítear leasuithe na dtríú páirtithe leasmhara a d’fhreagair an Tástáil Margaidh, san áireamh agus measann sé nach gcuirfidh na Gealltanais Deiridh bac ar leasuithe dlisteanacha aon tríú páirtí ó thaobh trádála de.

(37)

Níor thairg Amazon, mar fhreagra ar an Ráiteas Agóidí agus an Réamh-Mheasúnú, gealltanais a mbaineann ualach níos lú leo agus a thugann aghaidh go leordhóthanach ar réamh-ábhair imní an Choimisiúin. Dá réir sin, comhlíonann na Gealltanais Deiridh prionsabal na comhréireachta.

(38)

I bhfianaise na nGealltanas Deiridh arna dtairiscint ag Amazon, measann an Coimisiún nach bhfuil údair a thuilleadh le gníomhaíocht uaidh. Beidh feidhm ag an gCinneadh ar feadh na dtréimhsí seo a leanas ón dáta a gheofar fógra faoin gCinneadh:

5 bliana agus 6 mhí le haghaidh an ghealltanais maidir le stóras aonraithe sonraí agus an ghealltanais a bhaineann leis na coinníollacha agus critéir neamh-idirdhealaitheacha chun an Featured Offer a thaispeántar sa Buy Box a roghnú mar a thuairiscítear i míreanna 1 go 6 de na Gealltanais Deiridh;

7 mbliana agus 6 mhí le haghaidh na ngealltanas maidir le Prime agus na ngealltanas a bhaineann leis an Second Displayed Offer mar a thuairiscítear i míreanna 7 go 24 de na Gealltanais Deiridh.

(39)

Leis an gCinneadh déantar na gealltanais atá beartaithe ag Amazon ceangailteach air ó thaobh dlí de.

(1)  IO L 1, 4.1.2003, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 411/2004 (IO L 68, 6.3.2004, lch. 1).