|
27.9.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 341/6 |
P9_TA(2023)0089
Bliain Eorpach na Scileanna 2023
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 30 Márta 2023 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna 2023 (COM(2022)0526 – C9-0344/2022 – 2022/0326(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2023/C 341/04)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0526), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0344/2022), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Nollaig 2022 (1), |
|
— |
tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún, |
|
— |
ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 17 Márta 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
|
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don litir ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0028/2023), |
|
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
|
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2022)0326
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 30 Márta 2023 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2023/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Bliain Eorpach na Scileanna
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2023/936.)