|
11.8.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 283/95 |
P9_TA(2023)0044
Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach: an Comhghnóthas um Shliseanna
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2023 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna (COM(2022)0047 – C9-0113/2022 – 2022/0033(NLE))
(Comhairliúchán)
(2023/C 283/27)
Tá Parlaimint na hEorpa,
|
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2022)0047), |
|
— |
ag féachaint d’Airteagal 187 agus don chéad fhomhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0113/2022), |
|
— |
ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta, |
|
— |
ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0012/2023), |
|
1. |
ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú; |
|
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; |
|
3. |
á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa; |
|
4. |
á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil; |
|
5. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. |
Leasú 1
2022/0033 (NLE)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, a mhéid a bhaineann leis an gComhghnóthas um Shliseanna
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 187 agus 188, an chéad mhír de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(-1) |
Tá an neartú ar éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa ar cheann de na príomhghnéithe chun athléimneacht eacnamaíoch agus slándáil, uathriail straitéiseach, ceannasacht dhigiteach fheabhsaithe agus spleáchais laghdaithe a bhaint amach; agus beidh ról tábhachtach aige san aistriú glas agus san aistriú digiteach. |
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2021/2085 (3) ón gComhairle, bunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach, lena n-áirítear an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha (an ‘Comhghnóthas um Shliseanna’) . |
|
(2) |
Tugann an Comhghnóthas um Shliseanna aghaidh ar ábhair atá sainithe go soiléir a chuireann ar a gcumas do thionscail Eorpacha trí chéile taighde a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí is nuálaí, iad a dhearadh , a nuáil , a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus i gcórais leictreonacha. |
|
(3) |
Le Rialachán (AE) […] (4) bunaítear creat chun athléimneacht, inoiriúnaitheacht, éifeachtúlacht, slándáil agus cobhsaíocht soláthair an Aontais i réimse na dteicneolaíochtaí leathsheoltóra a mhéadú. Tá sé d’aidhm aige infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus rathúnas eacnamaíoch a spreagadh; cumais shlabhra soláthair leathsheoltóirí na hEorpa a neartú, agus an comhar idir na Ballstáit, an Coimisiún agus geallsealbhóirí tionscail a mhéadú. Bunaítear an Tionscnamh Sliseanna don Eoraip (‘an Tionscnamh’) chun na dálaí a chruthú is gá chun acmhainneacht thionsclaíoch, taighde, forbartha agus nuálaíochta (‘TFN’) an Aontais a neartú. Chun cur chun feidhme comhsheasmhach an Tionscnaimh a áirithiú, ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí comhairle a sholáthar do Bhord na nÚdarás Poiblí. |
|
(3a) |
Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna féachaint le tairbhí soiléire agus inaitheanta a áirithiú ar fud éiceachórais na leathsheoltóirí. Ba cheart dó féachaint le rannchuidiú a dhéanamh le bunluachanna an Aontais agus iad a léiriú, lena n-áirítear príobháideachas trí dhearadh, muinín, slándáil, sábháilteacht, inbhuanaitheacht, agus méadú a dhéanamh ar scileanna agus fostaíocht ardcháilíochta ar leibhéil uile an tslabhra luacha [Rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna)] agus ba cheart a bheith d’aidhm ag an gComhghnóthas um Shliseanna dlúthshineirgí a fhorbairt le cláir agus ionstraimí cistiúcháin an Aontais, go háirithe iad siúd a thacaíonn leis an bhforbairt ar réitigh nuálacha le haghaidh dhúshláin an Aontais. Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna na geallsealbhóirí ábhartha, FBManna agus na comhpháirtithe sóisialta uile a chomhtháthú. |
|
(3b) |
Ba cheart go n-oibreodh gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Shliseanna go héifeachtach in éineacht le cuspóirí leathana an Chiste um Shliseanna chun tacú leis an bhforbairt ar éiceachórais leathsheoltóirí atá dinimiciúil agus athléimneach. Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna deiseanna a sholáthar maidir le hinfhaighteacht mhéadaithe ar chistí chun tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, mar aon le hinfheistíocht ar fud an tslabhra luacha agus an Aontais ina iomláine, lena rannchuidítear leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach araon a bhaint amach. Ba cheart tacaíocht agus treoir a thabhairt, go háirithe do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, maidir leis an gcaoi ar féidir rochtain a fháil ar infheistíocht phoiblí agus phríobháideach, lena n-áirítear caipiteal fiontair, agus é mar aidhm leis dlús a chur, ní hamháin le rochtain, ach freisin leis an bpróiseas iarratais agus formheasa. |
|
(3c) |
Ba cheart do ghníomhaíochtaí an Chiste um Shliseanna tacú leis an bhforbairt ar éiceachóras leathsheoltóirí atá dinimiciúil agus athléimneach. Ba cheart deiseanna a sholáthar leis an gCiste um Shliseanna maidir le hinfhaighteacht mhéadaithe ar chistí chun tacú le fás gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna agus le hinfheistíocht ar fud an tslabhra luacha ina iomláine. Ba cheart don Aontas féachaint le feabhas a chur ar éifeacht ghiarála chaiteachas an Aontais agus éifeacht iolraitheora níos airde a bhaint amach ó thaobh maoiniú ón earnáil phríobháideach de a mhealladh. Ina leith sin, ba cheart pointí soiléire treorach agus rochtana a sholáthar chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus le FBManna rochtain a fháil ar chistí poiblí agus príobháideacha. Thairis sin, ba cheart straitéis a bheartú chun déileáil le géarchéimeanna eisceachtúla cistiúcháin, amhail méaduithe suntasacha ar bhoilsciú. |
|
(3d) |
I bhfianaise a thábhachtaí atá comhoibriú le tríú páirtithe i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta (TFN), ba cheart don Bhord Eorpach um Leathsheoltóirí agus don Choimisiún treoirlínte soiléire agus a mbeidh fáil orthu go héasca a leagan síos maidir le modhanna rochtana, bogearraí agus crua-earraí ar mhaithe lena rannpháirtíocht i dtionscadail a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Laistigh de struchtúir an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí, fóram idirnáisiúnta, agus chomhaontuithe agus straitéisí eile an Aontais le tríú tíortha, ba cheart treoir a thabhairt chun na constaicí atá cheana ann ar chomhar idirnáisiúnta i réimse TFN a shárú. |
|
(3e) |
Ba cheart don Choimisiún treoirlínte soiléire a mbeidh fáil orthu go héasca a sholáthar maidir leis na téarmaí agus na coinníollacha chun forbairt a dhéanamh ar línte píolótacha agus ar rochtain tríú páirtí ar na línte sin, agus freisin maidir le comhoiriúnacht agus inrochtaineacht ardáin dearthóireachta fhíorúla, leabharlanna dearthóireachta agus lárionaid inniúlachta an Aontais. |
|
(3f) |
Beidh rath an Tionscnaimh fothaithe ar iarracht chomhchoiteann ó na Ballstáit, i gcomhar leis an Aontais, chun tacú leis na costais shuntasacha chaipitil agus le hinfhaighteacht fhorleathan na dearthóireachta fíorúla araon, le hacmhainní a thástáil agus a phíolótú agus le heolas, scileanna agus inniúlachtaí a scaipeadh. Ba cheart tacú le coincheapa agus uaillmhianta nua an … [Rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna)] agus an Tionscnaimh trí fhorálacha nua suntasacha airgeadais maidir le TFN agus chun ardteicneolaíochtaí agus táirgí ardfhorbartha atá cheana ann agus atá ag fabhrú a dhearadh, a thriail agus a thástáil laistigh d’éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais. |
|
(3g) |
Tionscnamh straitéiseach nua de chuid an Aontais is ea an Tionscnamh a bhfuil acmhainní buiséadacha nua ag teastáil ina leith. Déanfar a chistiú a mheas le linn an athbhreithnithe meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil, d’fhonn cobhsaíocht, comhleanúnachas, uaillmhian agus maoiniú fadtéarmach an Tionscnaimh a áirithiú. Ní mór a áirithiú go leanfar de na gníomhaíochtaí atá beartaithe cheana faoin gclár Fís Eorpach. Níor cheart na hacmhainní airgeadais iomlána a leithdháiltear ar Fís Eorpach a laghdú ná a athcheapadh chun gníomhaíochtaí a chistiú lasmuigh de TFN. Ba cheart aon laghdú ar acmhainní airgeadais an chláir, arb é is aidhm dó treisiú a dhéanamh ar imchlúdach airgeadais an chláir don Eoraip Dhigiteach chun rannchuidiú leis an Tionscnamh, a chúiteamh le foinsí cistiúcháin breise. |
|
(3h) |
Ba cheart measúnú agus athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar an chaiteachais phoiblí ar an Tionscnamh agus ar earnáil TFN an Aontais roimh an gcéad CAI eile. Tá sé de fhreagracht ar institiúidí poiblí úsáid a bhaint as cistí poiblí go héifeachtúil agus go héifeachtach sna réimsí uile agus bainistíocht fhónta airgeadais, luach ar airgead, toradh ar infheistíocht phoiblí, agus seachaint dramhaíola agus earráide a áirithiú. Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag infheistíocht phoiblí ar éiceachóras leathsheoltóirí an Aontais agus ar a shaoránaigh. Ina leith sin, ba cheart bunú na gclár oibre agus a gcur chun feidhme don Chomhghnóthas um Shliseanna an prionsabal ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’ a urramú. |
|
(3i) |
Ba cheart tacaíocht airgeadais a eascraíonn as an Tionscnamh a úsáid ar bhealach comhréireach chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamaí a bhíonn ann mar thoradh ar ard-déine caipitil, ardriosca agus tírdhreach casta éiceachóras na leathsheoltóirí. Níor cheart do ghníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an gComhghnóthas um Shliseanna maoiniú príobháideach a dhúbailt ná a phlódú ná iomaíocht sa mhargadh inmheánach a shaobhadh, agus ba cheart breisluach soiléir a bheith aige don Aontas. |
|
(4) |
Ba cheart na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh a chistiú ó Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) lena mbunaítear an Clár Fís Eorpach agus ó Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach. Níor cheart go dtiocfadh ciorruithe ar chláir an Aontais nó ar thionscadail atá cheana ann as an méadú ar ranníocaíocht an Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna agus ba cheart é a tharraingt suas i gcomhréir leis an … [Rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna)], go príomha ó na corrlaigh neamh-leithdháilte faoi uasteorainneacha CAI nó arna slógadh trí ionstraimí speisialta neamhthéamacha CAI. |
|
(5) |
Is é is aidhm don Tionscnamh treisiú a dhéanamh ar iomaíochas agus athléimneacht an bhoinn theicneolaíoch agus thionsclaíoch leathsheoltóirí, agus neartú agus éagsúlú á dhéanamh leis ar acmhainneacht TFN a éiceachórais leathsheoltóirí, lena laghdaítear an spleáchas ar líon teoranta cuideachtaí agus limistéir gheografacha tríú tír, agus lena neartaítear a acmhainneacht chun comhpháirteanna ardfhorbartha , inbhuanaithe agus nuálacha a dhearadh agus a tháirgeadh. Ba cheart tacú leis na haidhmeanna sin tríd an mbearna atá idir ardchumais TFN an Aontais agus a saothrú tionsclaíoch a dhúnadh , agus trí infheistíocht a dhéanamh sna hiarrachtaí sin . Ba cheart dó fothú acmhainneachta a chur chun cinn chun TFN, dearthóireacht, monarú, táirgeadh , pacáistiú agus comhtháthú córas a chumasú i dteicneolaíochtaí leathsheoltóra na chéad ghlúine eile amhail fótónaic agus teicneolaíochtaí candamacha , mar aon leis an bhforbairt ar teicneolaíochtaí leathsheoltóra atá cheana ann. Ba cheart dó an comhar idir príomhghníomhaithe ar fud an Aontais a fheabhsú, lena neartófaí slabhraí soláthair agus luacha leathsheoltóirí na hEorpa, a d’fhónfadh do phríomhearnálacha tionsclaíocha, agus a chruthódh margaí nua. |
|
(5a) |
Chun an dea-thionchar is fearr is féidir a fháil as an gcistiú ón Aontas agus chun rannchuidiú le cuspóirí beartais an Aontais ar an dóigh is éifeachtaí is féidir, ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna agus don Chiste um Shliseanna féachaint le hacmhainneacht na gcomhpháirtithe ón earnáil phríobháideach agus/nó ón earnáil phoiblí a uasmhéadú. Ba cheart a áireamh ar na comhpháirtithe sin eagraíochtaí tionscail, TFN agus teicneolaíochta, comhlachtaí ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail fondúireachtaí a thacaíonn le TFN, agus/nó a mbíonn TFN ar bun acu, ar choinníoll gur féidir an tionchar inmhianaithe a bhaint amach ar dhóigh níos éifeachtaí i gcomhpháirtíocht ná a dhéanfadh an tAontas leis féin. |
|
(5b) |
Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna agus don Chiste um Shliseanna comhpháirtíochtaí ón earnáil phríobháideach agus/nó ón earnáil phoiblí a chur ar bun le chéile, trí mheabhráin tuisceana, mar shampla, d’fhonn tionchair shonracha a bhaint amach ar dhóigh níos éifeachtaí. D’fhéadfaí a áireamh ar na comhpháirtithe sin eagraíochtaí tionscail, TFN agus teicneolaíochta, comhlachtaí ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail fondúireachtaí a thacaíonn le TFN, nó a mbíonn TFN ar bun acu. |
|
(5c) |
Chun uathriail straitéiseach oscailte éifeachtach a bhaint amach, ba cheart do thairbhithe na tacaíochta airgeadais a eascraíonn as an tionscnamh bearta a dhéanamh chun aistrithe teicneolaíochta agus eolais a fhorbraítear faoi chuimsiú an Tionscnaimh agus nach bhfuil ag teastáil a chosc, agus úsáid á baint as an raon ionstraimí atá ar fáil ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart fógra a thabhairt do na Ballstáit agus don Choimisiún agus iad a bheith ábalta gníomhú nuair a thagann an riosca chun cinn maidir le haistrithe ó eintitis an Aontais go lasmuigh den Aontas mar thoradh ar tháthcheangail eachtracha nó ar bhearta eile arna ndéanamh ag eintitis lasmuigh den Aontas chun aistrithe teicneolaíochta nó eolais a chur faoi deara. |
|
(5d) |
Ba cheart an infheistíocht a dhéantar i dtallann agus i scileanna a mheas mar phríomhthosaíocht de chuid an Tionscnaimh. Tá infhaighteacht tallainne ríthábhachtach chun infheistíocht i leathsheoltóirí a mhealladh. Ba cheart don Aontas acmhainneacht dhaonna agus scileanna a chur chun cinn trí oideachas ETIM, agus béim ar leith á leagan ar mhná, a bhfuil tearcionadaíocht á déanamh orthu sna hearnálacha sin. Chun an tionchar is mó is féidir a bhaint as an gComhghnóthas um Shliseanna, ba cheart dó féachaint le sineirgí a aimsiú le cláir agus le deiseanna cistiúcháin eile i réimse na scileanna agus an oideachais. Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna, i gcás inarb ábhartha agus inarb iomchuí faoi rialacha Fís Eorpach atá cheana ann, féachaint lena chomhar idirnáisiúnta a neartú go suntasach, rud atá ríthábhachtach chun rochtain ar eolas, saineolas agus margaí ar fud an domhain a áirithiú. |
|
(6) |
Ba cheart an cistiú leordhóthanach agus riachtanach a chur ar fáil don Tionscnamh ionas go mbeidh sé ábalta a chuspóirí uaillmhianacha a ghnóthú. Ba cheart an Tionscnamh a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí lenar cheart forbairt a dhéanamh ar an mbonn láidir eolais a fuarthas tríd an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Ba cheart a chur de chúram ar an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha tacaíocht airgeadais a sholáthar do ghníomhaíochtaí a chistítear faoin Tionscnamh, trí aon ionstraim nó nós imeachta dá bhforáiltear in Fís Eorpach nó sa Chlár don Eoraip Dhigiteach. Thairis sin, ba cheart an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a athainmniú mar an Comhghnóthas um Shliseanna. I rith shaolré an Chomhghnóthais um Shliseanna, ba cheart EUR 2,5 billiún ar a laghad a thiomnú do línte píolótacha, do bhonneagair dhearthóireachta, do lárionaid inniúlachta, agus do ghníomhaíochtaí eile fothaithe acmhainneachta. |
|
(7) |
Ba cheart na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna a chumhdach in aon chlár oibre amháin, ar cheart don Bhord Rialaithe é a ghlacadh. Sula n-ullmhófar gach clár oibre, ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí, agus aird á tabhairt aige ar chomhairle an Bhoird Eorpaigh um Leathsheoltóirí agus ar ionchur ó gheallsealbhóirí tionscail ábhartha eile, ó shaineolaithe, ó na comhpháirtithe sóisialta, ó Bhord na gComhaltaí Príobháideacha, agus lena n-áirítear, de réir mar is iomchuí, ó threochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra (7), an chuid sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus le gníomhaíochtaí TFN a shainiú, lena n-áirítear a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh ar Bhord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí. Ina dhiaidh sin, ar bhonn an tsainithe sin, ba cheart don Stiúrthóir Feidhmiúcháin an clár oibre a ullmhú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta agus gníomhaíochtaí TFN agus a meastacháin chomhfhreagracha ar chaiteachas. |
|
(8) |
Ba cheart do chomhaltaí uile an Bhoird Rialaithe a bheith rannpháirteach in ullmhú an chláir oibre, agus ba cheart dóibh a bheith rannpháirteach sna pléití ábhartha agus an fhaisnéis is gá a fháil. Nuair a ghlacfaidh an Bord Rialaithe an clár oibre, ba cheart na cearta vótála le haghaidh na coda sin den chlár oibre a bhaineann le fothú acmhainneachta a theorannú don Choimisiún agus do na Ballstáit amháin. Ba cheart na cearta vótála le haghaidh na coda sin den chlár oibre a bhaineann le gníomhaíochtaí T&N a roinnt go cothrom idir an Coimisiún, na Stáit Rannpháirteacha, agus na comhaltaí príobháideacha. Sa chás nach féidir teacht ar chinneadh maidir le ceann amháin den dá chuid den chlár oibre, ba cheart an clár oibre a ghlacadh gan ach an chuid sin ar thángthas ar chinneadh dearfach ina leith a bheith san áireamh ann. |
|
(9) |
Ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí a bheith freagrach as roghnú na dtionscadal a bhaineann le gníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta. Chun na críche sin, níor cheart a áireamh ar Bhord na nÚdarás Poiblí ach an Coimisiún agus údaráis phoiblí. Ba cheart an inniúlacht agus an saineolas is gá a bheith ag comhaltaí Bhord na nÚdarás Poiblí chun moltaí a dhéanamh a chuirfidh cuspóirí an Chomhghnóthais um Shliseanna san áireamh. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag Bord na nÚdarás Poiblí cothromaíocht inscne a mhéadú laistigh dá struchtúir agus dá thionscadail agus ba cheart dó féachaint le cothromaíocht gheografach a áirithiú idir na tionscadail a roghnaítear. |
|
(10) |
Ba cheart do Bhord na nÚdarás Poiblí a bheith freagrach as roghnú na dtionscadal a bhaineann le gníomhaíochtaí T&N. |
|
(11) |
D’fhonn dlús a chur le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Tionscnaimh agus an comhar idir eintitis dhlítheanacha, go háirithe Eagraíochtaí Taighde agus Teicneolaíochta, a fheabhsú, níor cheart tograí áirithe le haghaidh gníomhaíochtaí a bheith incháilithe le haghaidh cistiúcháin ach amháin más eintitis dhlítheanacha a dhéanann an ghníomhaíocht, ar eintitis iad atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas ina bhfuil trí eintiteas dhlítheanacha ar a laghad ó thrí Bhallstát éagsúla , a léiríonn cothromaíocht gheografach ar fud an Aontais . D’fhéadfaí an cuibhreannas sin a struchtúrú mar an Cuibhreannas Eorpach um Bonneagar Sliseanna mar a mholtar sa ‘Ghníomh Eorpach um Shliseanna’, nó d’fhéadfaí é a bhunú ar uirlisí dlí eile atá ar fáil faoi dhlí an Aontais. Ós rud é go ndéantar na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoin Tionscnamh agus a chuirtear chun feidhme ag an gComhghnóthas um Shliseanna a mhaoiniú ón gclár Fís Eorpach agus ón gclár don Eoraip Dhigiteach, ba cheart ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna a luaitear in Airteagal 128 de Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle a mhéadú dá réir. Ba cheart costais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna a mhéadú freisin i gcomhréir leis an méadú ar chúraimí oibríochtúla. Níor cheart do na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht a dhéanamh leis na costais bhreise riaracháin. |
|
(12) |
Ba cheart do sholáthar tacaíochta airgeadais do ghníomhaíochtaí ón gClár don Eoraip Dhigiteach Rialachán (AE) 2021/694 a chomhlíonadh. |
|
(13) |
Ba cheart don Chomhghnóthas um Shliseanna éascú a dhéanamh ar an gcomhar idir an tAontas agus gníomhaithe idirnáisiúnta ábhartha atá ar aon intinn chun neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a neartú agus chun cearta maoine intleachtúla a chosaint. Ba cheart dó straitéis comhair a shainiú a dhéanann forbairt ar chomhlántachtaí agus ar idirthuilleamaíochtaí feadh shlabhra soláthair na leathsheoltóirí , lena n-áirítear réimsí comhair a shainaithint agus a chur chun cinn maidir le TFN, forbairt scileanna, agus gníomhaíochtaí a chur chun feidhme i gcás ina bhfuil sochar frithpháirteach ann, bunaithe go príomha ar chómhalartacht , i gcomhréir le Fís Eorpach agus le hoibleagáidí idirnáisiúnta . |
|
(14) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle a leasú dá réir, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2021/2085 mar a leanas:
|
(1) |
Leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:
|
|
(2) |
Leasaítear Airteagal 3 mar a leanas:
|
|
(3) |
In Airteagal 4(1), cuirtear isteach an fhomhír seo a leanas: ‘Rannchuideoidh an Comhghnóthas um Shliseanna freisin le cur chun feidhme chuspóirí an Tionscnaimh Sliseanna don Eoraip agus an Chláir don Eoraip Dhigiteach.’; |
|
(4) |
In Airteagal 10, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 2 agus 3: ‘2. Féadfar méid ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach i gcomhréir le hAirteagal 16(5) de Rialachán (AE) 2021/695 agus, i gcás inarb infheidhme, leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le pointe (d) d’Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2021/694, ar choinníoll go ndéanfar an méid iomlán faoina méadófar ranníocaíocht an Aontais a mheaitseáil ar a laghad leis an ranníocaíocht ó chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó óna gcomheintitis nó óna n-eintitis chleamhnaithe. 3. Íocfar ranníocaíocht an Aontais ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais a leithdháiltear ar an gClár Sonrach lena gcuirtear Fís Eorpach chun feidhme, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c)(iv), agus Airteagal 154 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 i gcás na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán sin.’; |
|
(5) |
Leasaítear Airteagal 12(1) mar a leanas:
|
|
(6) |
In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
|
|
(7) |
Leasaítear Airteagal 126 mar a leanas:
|
|
(8) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 128: ‘Airteagal 128 1. EUR 4 175 000 000 ar a laghad a bheidh i ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gComhghnóthas um Shliseanna lena n-áirítear leithreasuithe LEE, lena n-áirítear suas le EUR 50 174 000 le haghaidh costais riaracháin, a dháilfear mar a leanas:
2. Íocfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 1 ó na leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais, leithreasuithe a leithdháiltear ar gach clár ábhartha. 3. Féadfar cistí breise an Aontais lena gcomhlánaítear an ranníocaíocht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a leithdháileadh ar an gComhghnóthas um Shliseanna ó thríú tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach nó leis an gClár don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir lena gcomhaontuithe comhlachais faoi seach. Ní dhéanfaidh na cistí breise sin ón Aontas difear do ranníocaíocht na Stát Rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 129(1). 4. Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo chun go ndéanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí indíreacha mar a shainítear in Airteagal 2, pointe (43), de Rialachán (AE) 2021/695, a chomhfhreagraíonn do ghníomhaíochtaí TFN an Chomhghnóthais um Shliseanna . 5. Úsáidfear an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), le haghaidh fothú acmhainneachta i gcás línte píolótacha agus bonneagair dhearthóireachta ar fud an Aontais ina iomláine.’; |
|
(9) |
In Airteagal 129, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: ‘3. De mhaolú ar Airteagal 28(4), déanfaidh na comhaltaí príobháideacha ranníocaíocht airgeadais nó socróidh siad go ndéanfaidh a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe ranníocaíocht airgeadais suas le EUR 26 331 000 le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Is é 35 % a bheidh i sciar na ranníocaíochta iomláine a dhéanfaidh na comhaltaí príobháideacha ar bhonn bliantúil le haghaidh chostais riaracháin an Chomhghnóthais um Shliseanna. Má thagann athrú suntasach ar raon feidhme nó ar bhallraíocht an Chomhghnóthais um Shliseanna, rachfar i gcomhairle leis na comhaltaí príobháideacha maidir le haon athruithe ar an ranníocaíocht airgeadais. ’; |
|
(10) |
In Airteagal 133, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas: ‘3a. Ní áireofar sa Bord Rialaithe ach amháin an Coimisiún agus údaráis phoiblí ó na Ballstáit agus iad ag vótáil ▌ . Beidh 50 % de na cearta vótála ag an gCoimisiún. Beidh feidhm mutatis mutandis ag míreanna 2 agus 3 maidir le cearta vótála na mBallstát.’; |
|
(11) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 133a seo a leanas ‘Airteagal 133a Rialacha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach 1. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2021/694 maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna faoin gClár don Eoraip Dhigiteach. 2. Foilseofar clár oibre agus glaonna ar thograí an Chomhghnóthais um Shliseanna ar shuíomh gréasáin an Chláir don Eoraip Dhigiteach. 3. I gcás an Chomhghnóthais um Shliseanna, déanfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna iniúchtaí ex post ar chaiteachas ar ghníomhaíochtaí arna gcistiú le buiséad an Chláir don Eoraip Dhigiteach i gcomhréir le hAirteagal 27 de Rialachán (AE) 2021/694.’; |
|
(12) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 134: ‘Airteagal 134 Teorainneacha agus coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha 1. I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi Fís Eorpach, de mhaolú ar Airteagal 17(2), pointe (l), i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 22(5) de Rialacháin (AE) 2021/695. 2. I gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, i gcás ina n-iarrfaidh an Coimisiún amhlaidh, tar éis formheas ó Bhord na nÚdarás Poiblí, beidh an rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí sonracha teoranta i gcomhréir le hAirteagal 12(6) agus Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694. 3. Maidir le gníomhaíochtaí arna gcistiú faoi níos mó ná clár amháin de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht, socrófar leis an gclár oibre coinníollacha comhpháirteacha, lena n-áirítear coinníollacha maidir le rannpháirtíocht a theorannú faoi mhíreanna 1-2 den Airteagal seo, i gcomhréir le rialacha na gclár de chuid an Aontais lena ndéantar ranníocaíocht. 4. Féadfaidh eintitis dhlítheanacha atá ag comhoibriú laistigh de chuibhreannas gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh, ar cuibhreannas é atá struchtúrtha i bhfoirm Cuibhreannas Eorpach um Bonneagar Sliseanna. Saineofar sa chlár oibre na gníomhaíochtaí a bhféadfadh gá a bheith leis an gcuibhreannas sin ina leith, chomh maith le ceanglais shonracha incháilitheachta maidir le gníomhaíochtaí agus cúraimí sonracha a chur chun feidhme, agus, i gcás inarb iomchuí, ceanglais oibríochtúla maidir le cur ar bun, oibriú agus foirceannadh. 4a. Chun tionchar dearfach chistiú agus thionscadail an Aontais a uasmhéadú, agus chun cosaint a thabhairt ar theicneolaíocht agus aistrithe eolais neamh-inmhianaithe, beidh feidhm ag Airteagal 27a(2a) de… [Rialachán lena mbunaítear creat beart chun éiceachóras leathsheoltóirí na hEorpa a neartú (an Gníomh um Shliseanna)].’ ; |
|
(13) |
Cuirtear isteach an tAirteagal 134a seo a leanas ‘Airteagal 134a Cúraimí breise an Stiúrthóra Feidhmiúcháin Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 19, ullmhóidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Shliseanna an clár oibre don Chomhghnóthas um Shliseanna , agus, tar éis dó an sainmhíniú ar Bhord na nÚdarás Poiblí dá dtagraítear in Airteagal 137(f) a chur san áireamh, mar aon leis an ionchur ábhartha ó gheallsealbhóirí agus saineolaithe lena n-áirítear de réir mar is iomchuí, treochláir a tháirgeann an Chomhghuaillíocht um Próiseálaithe agus Teicneolaíochtaí Leathsheoltóra, cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Rialaithe é lena ghlacadh, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme.’ |
|
(14) |
Leasaítear Airteagal 136 mar a leanas:
|
|
(15) |
Leasaítear Airteagal 137 mar a leanas:
|
|
(16) |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 141: ‘Airteagal 141 Rátaí cistiúcháin agus rialacha rannpháirtíochta 1. I gcás gníomhaíochtaí indíreacha arna gcistiú faoi Fís Eorpach, i gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) 2021/695 agus de mhaolú ar Airteagal 34 den Rialachán sin agus i gcás gníomhaíochtaí arna gcistiú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, féadfaidh an Comhghnóthas um Shliseanna rátaí difriúla cistiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, go háirithe FBManna agus eintitis dhlítheanacha neamhbhrabúis, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Sonrófar na rátaí cistiúcháin sa chlár oibre. 2. I gcás ina bhfuil údar cuí léirithe ina leith i dtuairisc na n-ábhar ábhartha sa chlár oibre, beidh eintiteas dlítheanach aonair atá bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe nó i gcuibhreannas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos in Airteagal 22(2) de Rialachán (AE) 2021/695 nó in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2021/694 incháilithe chun bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag an gComhghnóthas um Shliseanna.’ |
|
(17) |
Tuigfear gur tagairtí don ‘Chomhghnóthas um Shliseanna’ iad na tagairtí don ‘Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
(1) IO C , , lch. .
(2) IO C , , lch. .
(3) Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014, (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014 (IO L 427, 30.11.2021, lch. 17).
(4) IO L …, lch. …
(5) Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013 (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
(6) Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach agus lena n-aisghairtear Cinneadh (AE) 2015/2240 (IO L 166, 11.5.2021, lch. 1).
(7) Tá tagairt don Chomhghuaillíocht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Bealtaine 2021 dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Nua Tionsclaíochta 2020 a thabhairt cothrom le dáta: Margadh Aonair níos láidre a Fhorbairt do théarnamh na hEorpa].