11.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 283/31


P9_TA(2023)0034

Comhaontú Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus an Ghuáin: forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Feabhra 2023 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le cur i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Deonaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (09272/2022 – C9-0432/2022 – 2022/0142(NLE))

(Toiliú)

(2023/C 283/17)

Tá Parlaimint na hEorpa,

ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (09272/2022),

ag féachaint don dréacht-Chomhaontú Comhpháirtíochta Saorálaí idir an tAontas Eorpach agus Comharphoblacht na Guáine maidir le forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil i dtáirgí adhmaid chuig an Aontas Eorpach (09271/2022),

ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(3), an chéad fhomhír, Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0432/2022),

ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an 14 Feabhra 2023 (1) ar an dréachtchinneadh,

ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0008/2023),

1.

ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.

á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Chomharphoblacht na Guáine.

(1)  Téacsanna arna nglacadh an dáta sin, P9_TA(2023)0035.