|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 228/144 |
Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe coinsíneachtaí earraí miondíola, plandaí le haghaidh plandú, prátaí síl, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, chomh maith le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe isteach i dTuaisceart Éireann
(COM(2023) 124 final — 2023/0062 (COD))
(2023/C 228/21)
|
Rapóirtéir ginearálta: |
Klaas Johan OSINGA |
|
Comhairliúchán |
An Chomhairle, 10.3.2023 Parlaimint na hEorpa, 13.3.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagail 43(2), 114, 168(4)(b) agus 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
An rannóg atá freagrach |
An Rannóg um Chaidreamh Seachtrach |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
27.4.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
578 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
147/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
|
1.1. |
Is díol sásaimh do Choiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) go bhfuil Creat Windsor (1) ina chruthúnas gur féidir leis an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach teacht le chéile de mheon macánta chun réitigh arna gcomhaontú go frithpháirteach a aimsiú agus gur féidir torthaí nithiúla a bhaint amach don tsochaí shibhialta sa dá pháirtí de thoradh an chaidrimh dhéthaobhaigh sin. |
|
1.2. |
Tacaíonn CESE leis an Rialachán atá beartaithe ón gCoimisiún (2) chun rialú a dhéanamh ar theacht isteach i dTuaisceart Éireann earraí talmhaíochta áirithe — lena n-áirítear plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, agus prátaí síl — agus ar chur ar an margadh na n-earraí sin agus chun gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cat agus firéad isteach i dTuaisceart Éireann agus ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe (an Bhreatain Mhór) a rialú freisin. |
|
1.3. |
Aithníonn CESE a phráinní agus a theicniúla atá an Rialachán atá beartaithe agus na hábhair atá sé beartaithe a rialú leis. Aithníonn sé freisin an iarracht shuntasach a rinneadh chun réiteach a dhéanamh idir nósanna imeachta a éascú, sláine mhargadh inmheánach an Aontais a chaomhnú, agus sláinte an phobail, na n-ainmhithe agus na bplandaí a chosaint. |
|
1.4. |
Maidir leis an sprioc-am dá ndéantar foráil maidir le margaíocht na n-earraí miondíola réamhphacáilte a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór, tugann CESE dá aire go bhféadfadh sé go mbainfeadh dúshláin leis i gcás roinnt gnólachtaí sa Ríocht Aontaithe, go háirithe iad siúd a bhfuil srianta airgeadais agus teicniúla níos déine acu – cuir i gcás fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). |
|
1.5. |
Tá CESE á chur in iúl gur ábhar imní dó, ar an dóigh chéanna, an tacar sonraí aonair arna fhorbairt le haghaidh gnólachtaí sa Bhreatain Mhór chun na ceanglais sláintíochta agus fíteashláintíochta (SPS) mar aon leis na ceanglais chustaim a chomhlíonadh agus earraí á soláthar acu do chustaiméirí i dTuaisceart Éireann. Tugann sé dá aire go bhféadfadh seiceálacha céannachta níos faide i gcomparáid leo siúd dá ndéantar foráil sa Rialachán féin a bheith mar thoradh ar aon mhoill i ndiaidh an sprioc-ama bheartaithe. |
|
1.6. |
Tá CESE ag tathant ar an gCoimisiún réitigh a shoiléiriú a thuilleadh agus a sholáthar maidir leis na réimsí ina bhfuil an neamhréir níos soiléire idir caighdeáin SPS sa Ríocht Aontaithe agus san Aontas, agus aird ar leith á tabhairt ar úsáid táirgí cosanta plandaí i dTuaisceart Éireann. Tugann sé dá aire gurbh ionann éiginnteacht leanúnach agus idirdhealú in aghaidh fheirmeoirí Thuaisceart Éireann. |
|
1.7. |
Tá roinnt ceisteanna le freagairt fós maidir le gluaisteacht ainmhithe beo agus ábhar plandaí ó Thuaisceart Éireann agus chuig Tuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus ón Aontas. Tá CESE ag iarraidh ar an gCoimisiún na ceisteanna sin a réiteach a luaithe agus is féidir ós rud é go dteastaíonn soiléireacht ó na hoibreoirí. |
|
1.8. |
Na himpleachtaí a bhaineann leis an dréachtleagan de Border Target Operating Model (An Dréacht-Spriocshamhail Oibriúcháin Teorann) a d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe atá le tabhairt isteach ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus ina leagtar amach samhail nua le haghaidh allmhairí isteach sa Bhreatain Mhór, lena n-áirítear rialuithe SPS, tá baol ann go gcuirfeadh na himpleachtaí sin leis an éiginnteacht, ar rud é sin nach mór a sheachaint ar ais nó ar éigean. Tá éiginnteacht ann cheana féin maidir le cur chun feidhme an Bhille um Dhlí an Aontais Eorpaigh atá Coinnithe. |
2. Barúlacha ginearálta
|
2.1. |
Leagtar síos leis an Rialachán atá beartaithe rialacha sonracha a bhaineann le teacht isteach coinsíneachtaí earraí miondíola áirithe i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór lena gcur ar an margadh i dTuaisceart Éireann, chomh maith le coinsíneachtaí áirithe plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí a oibrítear chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta, agus prátaí síl lena gcur ar an margadh agus lena n-úsáid i dTuaisceart Éireann. |
|
2.2. |
Leagtar síos leis an Rialachán rialacha sonracha freisin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí madraí, cat agus firéad isteach i dTuaisceart Éireann ó chodanna eile den Ríocht Aontaithe. Leagtar síos leis freisin rialacha maidir le cur i bhfeidhm rialacha sonracha an Rialacháin a chur ar fionraí. |
|
2.3. |
I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, tá feidhm ag roinnt gníomhartha reachtacha de chuid an Aontais i ndáil le bearta SPS maidir leis an Ríocht Aontaithe agus sa Ríocht Aontaithe i leith Thuaisceart Éireann i ndiaidh dheireadh na hidirthréimhse a leagtar amach sa Comhaontú um Tharraingt Siar. |
|
2.4. |
Dá réir sin, maidir le teacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór coinsíneachtaí áirithe táirgí de thionscnamh ainmhíoch nó plandaí, lena n-áirítear beatha ainmhithe, plandaí le haghaidh plandú, innealra agus feithiclí chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta agus prátaí síl, tagann sé sin faoi raon feidhme na ngníomhartha sin agus tá sé faoi réir rialuithe oifigiúla, ceanglais deimhniúcháin agus toirmeasc. Tá feidhm aige sin freisin maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí áirithe. |
|
2.5. |
Chuir an Ríocht Aontaithe agus geallsealbhóirí atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe in iúl gur údar mór imní dóibh go gcuireann an Comhaontú um Tharraingt Siar ualach ard riaracháin atá díréireach ar theacht isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór earraí áirithe atá faoi réir bhearta SPS, arb earraí iad atá ceaptha do chustaiméirí deiridh i dTuaisceart Éireann. Bhainfeadh sé sin an bonn de stádas Thuaisceart Éireann mar chuid de mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe. |
|
2.6. |
Ar an mbonn sin, chomhaontaigh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe sraith chuimsitheach réiteach comhpháirteach chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna laethúla a bhaineann leis na pobail uile i dTuaisceart Éireann, ar réitigh iad lena gcosnaítear sláinte mhargadh inmheánach an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon. Áirítear orthu sin an méid seo a leanas:
|
|
2.7. |
Dhéanfaí foráil sna réitigh sin uile maidir le cosaint iomchuí a thabhairt do shláinte an phobail, na n-ainmhithe, agus na bplandaí agus maidir le sláine mhargadh inmheánach an Aontais a chaomhnú. |
3. Barúlacha sonracha
|
3.1. |
Maidir le hearraí miondíola a lipéadú, in Airteagal 4(1)(a) den Rialachán atá beartaithe, maidir le hearraí miondíola réamhphacáilte a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór agus atá le caitheamh nó le húsáid i dTuaisceart Éireann, foráiltear gur gá “Ní táirge do AE é seo” a mharcáil ar na hearraí sin, mar atá sonraithe in Airteagal 6. |
|
3.2. |
Fágann Airteagal 6(1)(a) go mbeidh an mharcáil sin infheidhme ón 1 Deireadh Fómhair 2023. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair ar roinnt gnólachtaí sa Bhreatain Mhór a sholáthraíonn earraí do thomhaltóirí i dTuaisceart Éireann cloígh leis an amscála sin. Go háirithe i gcás FBManna, tá seans ann nach mbeadh na hacmhainní is gá acu, idir acmhainní teicniúla agus acmhainní airgeadais, chun an sprioc-am sin a chomhlíonadh nó d’fhéadfadh sé nach mbeadh údar cuí leis an infheistíocht a theastaíonn bunaithe ar an méid gnó a dhéanann siad. |
|
3.3. |
D’fhéadfadh sé go gcruthódh an sprioc-am docht sin dúshláin maidir le bainistiú sonraí freisin. Na tacair sonraí nach mór a bheith ag gnólachtaí i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe chun na ceanglais SPS agus chustaim a chomhlíonadh i gcás ina bhfuil earraí á soláthar acu do chustaiméirí i dTuaisceart Éireann, tá na tacair sonraí sin cosúil lena chéile. Bheadh buntáiste ag baint le tacar sonraí amháin a bheith ann, ní hamháin ó thaobh na ngnólachtaí de ach i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas SPS agus custaim freisin. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé deacair tacar sonraí den sórt sin a chur le chéile faoin 1 Deireadh Fómhair 2023. |
|
3.4. |
Mura féidir Airteagal 6(1)(a) a chur chun feidhme ar an 1 Deireadh Fómhair 2023, d’fhéadfadh sé go mbeadh an leibhéal ar a gcuirfí seiceálacha céannachta i bhfeidhm ar choinsíneachtaí a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór ní b’airde ná an leibhéal a shonraítear in Airteagal 4(3). Ní léir ach oiread, ón taobh praiticiúil de, conas a d’fhéadfaí lipéad “Ní táirge do AE é seo” a chur ar earraí miondíola réamhphacáistithe de thionscnamh an Aontais ag ionaid dáileacháin miondíola ollmhargaidh a sholáthraíonn earraí do Thuaisceart Éireann agus d’Éirinn araon. |
|
3.5. |
D’fhéadfadh fadhb eile teacht chun cinn maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí i dTuaisceart Éireann, rud a chuireann i dtábhacht na himpleachtaí a bhaineann leis an neamhréir idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. I dTuaisceart Éireann, úsáidtear formhór na dtáirgí cosanta plandaí le haghaidh féarthailte, agus is ón Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a fhaightear iad faoi láthair. Tá na huasleibhéil iarmhar sonrach le haghaidh gach táirge cosanta plandaí, agus tá difríochtaí ó thaobh na leibhéal sin de i roinnt cásanna idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. Fágann sé sin i bponc feirmeoirí Thuaisceart Éireann agus b’fhiú athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras dá bharr sin. |
|
3.6. |
Gné eile nach mór a chur san áireamh is ea na himpleachtaí a bhaineann leis an Dréacht-Spriocshamhail Oibriúcháin Teorann a d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe ar an 5 Aibreán 2023 ina leagtar amach samhail nua le haghaidh allmhairí isteach sa Bhreatain Mhór, lena n-áirítear rialuithe SPS. Tabharfar an tsamhail sin isteach ó dheireadh Dheireadh Fómhair 2023. Cuireann na gnéithe sin leis an éiginnteacht ó thaobh na n-oibreoirí de a chruthaítear leis an mBille um Dhlí an Aontais Eorpaigh atá Coinnithe, rud a chiallaíonn go bhféadfadh sé go gcuirfear deireadh leis na mílte dlíthe de chuid an Aontais faoi dheireadh 2023. |
|
3.7. |
Cé gur leasaigh an tAontas a “rialachán tarmligthe” chun gluaiseacht eallaí agus caorach lasmuigh de chrios rialála an Aontais a cheadú – agus lasmuigh de Thuaisceart Éireann dá bhrí sin — fad is a thugtar ar ais iad laistigh de 15 lá, is dúshlán do phóraitheoirí eallaigh i dTuaisceart Éireann é sin fós. |
|
3.8. |
Ceanglaítear ar mhargaí beostoic sa Bhreatain Mhór a bheith ina n-ionaid easpórtála atá formheasta ag an nGníomhaireacht Sláinte Ainmhithe agus Plandaí (APHA), agus go mbeadh an stádas sláinte céanna ag na hainmhithe uile a úsáideann na hionaid sin. A bhuí le stádas oifigiúil na hAlban mar áit atá saor ón eitinn, díolmhaítear ionaid na hAlban ón gceanglas ainmhithe a thástáil sula ndíoltar iad sa Bhreatain Mhór nó sula gcuirtear i seó ann iad, ach bheadh ar phóraitheoirí ó Shasana agus ón mBreatain Bheag tástáil a dhéanamh sula ndíolfaidís ainmhithe sa Bhreatain Mhór nó sula gcuirfidís ainmhithe i seó ann. Ós rud é gur beag an t-éileamh atá ann, i gcomhthéacs na Breataine Móire, ar ionaid easpórtála atá formheasta ag APHA nó nach bhfuil aon éileamh ann ar chor ar bith, is é Carlisle an t-aon mharglann atá formheasta ag APHA agus, dá bhrí sin, is é an t-aon mharglann é inar féidir eallach ó Thuaisceart Éireann a dhíol agus inar féidir leas a bhaint as rialachán tarmligthe an Aontais. Ciallaíonn sé sin maidir le hainmhithe ó Thuaisceart Éireann a thairgtear lena ndíol ag marglann nach bhfuil formheasta ag APHA agus nach ndíoltar iad, ní mór dóibh fanacht sa Bhreatain Mhór ar feadh sé mhí sula bhfilleann siad ar Thuaisceart Éireann, rud a fhágann nach bhfuil sé inmharthana ó thaobh airgid de déanamh amhlaidh. |
|
3.9. |
Maidir le hathchlibeáil beostoic a gluaiseadh go Tuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe, ní léir faoi láthair cén chaoi ar cheart é sin a fheidhmiú. Faoi láthair, ní mór clib easpórtála breise ón mBreatain Mhór a bheith ar eallach a thagann isteach i dTuaisceart Éireann ón mBreatain Mhór de bhreis ar an dá chlib easpórtála ón Ríocht Aontaithe. Ní mór dhá chlib ó Thuaisceart Éireann a chur orthu ansin laistigh de 20 lá tar éis dóibh dul isteach i dTuaisceart Éireann de bhreis ar na clibeanna eile sin. Is nós imeachta an-neamhphraiticiúil é sin agus d’fhéadfadh sé go mbainfeadh impleachtaí maidir le leas na n-ainmhithe leis freisin mura mbaintear cuid de na clibeanna. |
|
3.10. |
Maidir le hábhair iomadaithe plandaí, amhail prátaí síl, ligeann an creat dá ngluaiseacht isteach i dTuaisceart Éireann ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe agus ón Aontas Eorpach freisin. Éascaíonn sé sin leanúnachas sa trádáil idir Albain, go háirithe, agus Tuaisceart Éireann, a forbraíodh sna blianta fada roimh Brexit. |
|
3.11. |
Ní dócha go gcruthófar fadhbanna do ghnólachtaí leis an doiciméadacht agus na seiceálacha atá beartaithe le bheith ag gabháil le gluaiseacht prátaí síl. Is féidir na barra ó phrátaí síl sin ó Thuaisceart Éireann a dhíol le saothróirí laistigh den mhargadh aonair agus sa Bhreatain Mhór. Is féidir prátaí margaidh a thabhairt isteach i dTuaisceart Éireann ón margadh aonair lena bpróiseáil agus lena ndíol ar aghaidh sa chuid eile den Ríocht Aontaithe. |
An Bhruiséil, an 27 Aibreán 2023.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/fs_23_1272
(2) COM(2023) 124 final