29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/142


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat chun soláthar slán inbhuanaithe amhábhar criticiúil a áirithiú agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 168/2013, (AE) 2018/858, 2018/1724 agus (AE) 2019/1020

[COM(2023) 160 final — 2023/0079 (COD)]

agus Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Soláthar amhábhar criticiúil ar bhonn inbhuanaithe slán chun tacú leis an dá aistriú

(COM(2023) 165 final)

(2023/C 349/22)

Rapóirtéir:

Maurizio MENSI

Comhrapóirtéir:

Michal PINTÉR

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 8.5.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 16.5.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 agus Airteagal 304 CFAE

Rannóg atá freagrach

An Coimisiún Comhairleach um Athruithe Tionsclaíocha

Dáta a glactha sa rannóg

22.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

12.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

183/1/6

I.   MOLTAÍ (1)

TÁ COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA

1.

á chur in iúl gur geal leis gur mian leis an gCoimisiún Eorpach beartas comhleanúnach de chuid an Aontais a ullmhú maidir le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha agus maidir le slabhraí luacha a fhorbairt sna tionscail eastóscacha, scagtha, agus athchúrsála, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais agus leis an reachtaíocht ghaolmhar go léir.

2.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach cur chuige cuimsitheach a áirithiú agus na beartais Eorpacha a chomhordú chun cinnteacht rialála a chur ar fáil le haghaidh infheistíochtaí i dtaiscéalaíocht, eastóscadh, próiseáil, scagadh, agus athchúrsáil na n-amhábhar, na seachtháirgí amhábhar, agus na mianraí eisintiúla, arna bhunú ar an indéantacht eacnamaíoch agus theicniúil, ar an gcomhtháthú beartas, agus ar an deimhneacht dhlíthiúil atá ann do na gnólachtaí sna hearnálacha sin.

3.

Tá CESE ag iarraidh go gcomhordófaí an beartas amhábhair le beartais shóisialta an Aontais agus go dtacófaí leis an bhfothú acmhainneachta ar fud an Aontais i dtaca leis na scileanna a theastaíonn sna tionscail eastóscacha, agus, chuige sin, go ndíreofaí ar an lucht saothair atá ann cheana a athsciliú agus a uas-sciliú, agus go bhforbrófaí an acmhainneacht rialála in údaráis riaracháin phoiblí i mBallstáit an Aontais.

4.

Molann CESE ábhair eile atá ríthábhachtach d’earnálacha na teicneolaíochta glaise agus na teicneolaíochta glaine a chur san áireamh ar liosta na n-amhábhar criticiúil agus straitéiseach, á thabhairt faoi deara go dtabharfar na liostaí sin cothrom le dáta go rialta arna bhunú ar mheasúnú críochnúil trédhearcach fianaise-bhunaithe ar a chriticiúla atá na hamhábhair sin agus ar an luach straitéiseach a bhaineann leo, rud a dhéanfar i gcomhairle le hionadaithe tionscail agus saineolaithe.

5.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach, mar atá inniu agus mar a bheidh amach anseo, rochtain ar phraghsanna fuinnimh iomaíocha agus maoiniú spriocdhírithe a áirithiú do thionscail eastóscacha agus le haghaidh na hathchúrsála, agus, san am céanna, simpliú agus giorrú na nósanna imeachta ceadaithe agus ceadúnaithe le haghaidh na dtionscadal nua amhábhar a áirithiú agus a laghad ceanglais nua tuairiscithe nó iniúchóireachta a thabhairt isteach le haghaidh gnólachtaí.

6.

Tá CESE i bhfabhar bearta cosanta trádála a chur chun feidhme chun cosaint a thabhairt do thionscadail amhábhar san Aontas atá i mbéal a bhforbartha agus chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais agus srianta éagóracha trádála i bhfoirm a thagann le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

7.

Molann CESE tús áite a thabhairt do na hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha sa reachtaíocht maidir le hathchúrsáil agus dramhaíl agus tacaíocht a thabhairt do mhargaí na n-amhábhar tánaisteach, go háirithe i gcás na n-ábhar atá ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe ghlais.

8.

Molann CESE cistí poiblí a úsáid chun tacú le taiscéalaíocht agus eastóscadh na n-amhábhar criticiúil ar thalamh an Aontais, ach na rialacha maidir leis an státchabhair a chomhordú.

9.

Molann CESE comhordú a áirithiú idir an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla atá beartaithe agus uirlisí an Aontais in aghaidh trustaí d’fhonn saobhadh míchuí an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint.

10.

Molann CESE bealaí nua a thriail i dtaca le comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe comhair ar leith le tíortha is iarrthóirí freisin.

11.

Molann CESE an chothromaíocht cheart (ó thaobh an chomhshaoil de) a bhaint amach agus measúnú á dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht le beartais eile an Aontais.

II.   NÓTAÍ MÍNIÚCHÁIN/MÍNIÚ BREISE

1.

An 16 Márta 2023, thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh rialachán nua arb é is aidhm dó rochtain ar amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha a dheimhniú (an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla), maille le teachtaireacht. Cé go leagtar amach leis an rialachán sin creat rialála chun tacú le hinniúlachtaí intíre a fhorbairt agus chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht shlabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil a neartú san Aontas, moltar bearta sa teachtaireacht chun tacú le héagsúlú slabhraí soláthair trí chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta frithpháirteacha nua a bhunú.

2.

Is é aidhm ghinearálta an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla aghaidh a thabhairt ar a laghad amhábhair chriticiúla a bhfuil rochtain shlán inbhuanaithe ag an Aontas orthu tríd an bhfeasacht a mhúscailt i measc an lucht tionscail, rioscaí a bhaineann le hamhábhair chriticiúla sa slabhra soláthair domhanda a mhaolú, acmhainn shlabhra luacha amhábhair chriticiúla an Aontais sa mhargadh inmheánach a mhéadú, agus lorg comhshaoil thomhaltas amhábhair chriticiúla an Aontais a laghdú.

3.

Trí chur chuige comhleanúnach Eorpach a mholadh chun slándáil soláthair na n-amhábhar criticiúil a fheabhsú agus a dheimhniú, cuideoidh an tionscnamh le cosc a chur le saobhadh féideartha ar an iomaíocht agus le hilroinnt an mhargaidh aonair is dócha a bheidh ann de thoradh gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe dá leithéid sin, agus cothroime iomaíochta a chaomhnú le haghaidh gnólachtaí laistigh den Aontas.

Cur chuige cuimsitheach a áirithiú le beartais Eorpacha chomhordaithe chun cinnteacht rialála a dheimhniú i leith infheistíochtaí

4.

Tá an tAontas ag brath ar allmhairí le haghaidh roinnt mhaith amhábhar (idir 75 % agus 100 % den soláthar) faoi láthair. Dá bhrí sin, tá sé neamhchosanta ar leochaileachtaí feadh slabhraí luacha agus ar luaineacht shuntasach i bpraghsanna. De réir Global Material Resources Outlook to 2060 [Ionchas Acmhainní Ábhair Domhanda go dtí 2060] ó ECFE, meastar go dtiocfaidh méadú faoi dhó, nó geall leis sin, ar úsáid amhábhar ar fud an domhain faoi 2060 agus meastar go dtiocfaidh an méadú is tapa ar úsáid miotal, agus miotail phríomhúla agus miotail thánaisteacha san áireamh leis sin. Ag an am céanna, táirgeann an tAontas níos lú ná 5 % de tháirgeadh domhanda amhábhar mianraí. Soláthraíonn an tSín thart ar 75 % d’inniúlacht táirgthe dhomhanda na gcealla ceallra ian litiam agus tá na deich soláthróir is mó trealamh fótavoltaigh lonnaithe inti. I gcontrárthacht leis sin, níl ach 3 % d’inniúlacht táirgthe dhomhanda na gcealla ceallra ian litiam lonnaithe san Aontas.

5.

Foráiltear leis an rialachán maidir le hamhábhair chriticiúla go sainaithneofar Tionscadail Straitéiseacha i réimse an eastósctha, na próiseála nó na hathchúrsála amhábhar straitéiseach, agus go dtacófar leis na tionscadail sin. D’fhonn infheistíochtaí den sórt sin lena mbaineann tréimhsí ama sách fada a mhealladh, ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar shaincheist na cinnteachta rialála. Tá timpeallacht rialála intuartha chobhsaí ríthábhachtach chun infheistíochtaí a mhealladh, ní hamháin chuig taiscéalaíocht agus eastóscadh na n-amhábhar, ach chuig próiseáil agus athchúrsáil na n-amhábhar freisin.

6.

Tá roinnt creataí reachtacha ann a imríonn tionchar ar chobhsaíocht agus tarraingteacht thimpeallacht ghnó an Aontais, agus cuirtear leis an éiginnteacht rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe iomadúla a thagann salach ar a chéile go minic (féach, inter alia, an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (2), an Rialachán maidir le Ceallraí Inbhuanaithe (3), an t-athbhreithniú ar REACH, an reachtaíocht maidir le dramhaíl, an Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, an Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta, an Straitéis Eorpach nua maidir le tionsclaíocht, plean gníomhaíochta um an ngeilleagar ciorclach, an Treoir maidir le hÉicidhearthóireacht (4) etc.). Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach rialáil dhúbailte nó ró-rialáil a sheachaint ionas go mbeifear in ann infheistíochtaí san inniúlacht thionsclaíoch intíre i dtaca le taiscéalaíocht, mianadóireacht, scagadh, próiseáil ábhar agus athchúrsáil a mhealladh agus a spreagadh. Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart cur leis an obair a rinne an Coimisiún i réimsí eile. Ina theannta sin, ba cheart an Gníomh a bheith ailínithe go hiomlán le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus a bheith comhsheasmhach leis an reachtaíocht ghaolmhar. Ba cheart beartas na n-amhábhar criticiúil a bhunú ar an bhfianaise a oiread agus is féidir, agus na sonraí atá ar fáil á gcur san áireamh (féach an staidéar fadbhreathnaitheachta ón Airmheán Comhpháirteach Taighde ‘Critical Raw Materials for Strategic Technologies and Sectors in the EU’ (2020) nó an tuarascáil Science for Policy uaidh ‘Supply chain analysis and material demand forecast in strategic technologies and sectors in the EU’).

7.

Baineann saincheist eile leis an ngá atá le treoraíocht bheacht a chur ar fáil do gheallsealbhóirí faoin gcaoi a gcuirfear an liosta d’amhábhair straitéiseacha agus chriticiúla chun feidhme i mbeartais an Aontais agus an chaoi a gcuirfear in oiriúint é i bhfianaise fhorbairt mhargadh na n-amhábhar criticiúil. Féadfaidh an liosta d’amhábhair chriticiúla cuidiú lena gcur in iúl do lucht ceaptha beartas an tábhacht agus an ról a bhaineann le substaintí áirithe i ngeilleagar an Aontais, ach is gá níos mó a dhéanamh chun tacaíocht chuí a thabhairt sa reachtaíocht atá ann faoi láthair agus sa reachtaíocht atá le teacht do shubstaintí atá liostaithe mar amhábhair chriticiúla. Is gá tús áite soiléir a thabhairt do na hamhábhair chriticiúla sa cheapadh beartas, go háirithe i réimse an bheartais thionsclaíoch, trádála, státchabhrach, T&F&N, aeráide agus comhshaoil, mar aon leis an reachtaíocht maidir le ceimiceáin. Ba cheart na beartais agus na haidhmeanna sin go léir a ailíniú chun cúinsí cumasúcháin agus córas rialála fabhrach a chruthú le haghaidh na n-amhábhar criticiúil agus chun na slabhraí luacha a ghabhann leo a fhorbairt. Tá gá lena thuilleadh soiléirithe freisin a mhéid a bhaineann le tús áite a thabhairt do thionscadail nach bhfuil an príomhábhar eastósctha straitéiseach ná criticiúil murab ionann agus an seachtháirge (e.g. tionscadal eastósctha amhiarainn ina ndéantar dúile tearc-chré a eastóscadh mar sheachtháirgí). De bhreis air sin, tá gá le soiléiriú ar an stádas ‘eile’, i.e. tionscadail ‘neamhstraitéiseacha’, ionas go dtuigfear go soiléir conas a dhéanfar na tionscadail sin a mheasúnú, cén sórt amlínte a bhainfidh leo, agus cén tacaíocht airgeadais a thabharfar dóibh. Ar deireadh, níor cheart an tábhacht níos mó a thabharfar san ord tosaíochta do na tionscadail amhábhar straitéiseacha a bheith ina cúis le tionscadail amhábhar thábhachtacha eile nó tionscadail a bhaineann le slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil a chur ar gcúl san ord tosaíochta.

8.

Chomh maith le deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú do na geallsealbhóirí, ba cheart tionscnaimh amhábhair an Choimisiúin sa réimse sin a bheith bunaithe ar thacaíocht phoiblí níos leithne. Le leathnú na dtionscal mianadóireachta, próiseála agus athchúrsála, cruthófar poist nua agus cuirfear leis an dul chun cinn eacnamaíoch ach, mar sin féin, tá údar imní mór ann fós maidir le glacadh poiblí a áirithiú. Tá sé ríthábhachtach feasacht a mhúscailt i measc na saoránach: déanfaidh an Coimisiún straitéisí cumarsáide spriocdhírithe a chur chun feidhme chun saoránaigh an Aontais a chur ar an eolas faoi na tairbhí, mar aon le tionchar inbhuanaithe agus comhshaoil na n-infheistíochtaí tionsclaíochta nua a bhaineann le hamhábhair chriticiúla agus aghaidh a thabhairt freisin ar na húdair imní atá ag grúpaí geallsealbhóirí ar leith, ag na pobail áitiúla, agus ag na saoránaigh Eorpacha maidir leis na gníomhaíochtaí taiscéalaíochta agus mianadóireachta a mhéadú.

Comhordú le beartais shóisialta an Aontais: tacú le hacmhainneacht uile-Aontais i dtéarmaí scileanna le haghaidh na dtionscal eastóscach

9.

Cuireann earnáil na n-amhábhar thart ar 350 000 post ar fáil san Aontas, mar aon le hos cionn 30 milliún post in earnáil na monaraíochta atá ag brath ar rochtain sheasmhach ar amhábhair mhianracha. Beidh breis agus 1,2 milliún post nua ag teastáil faoi 2030 (5), má táthar chun soláthar inbhuanaithe amhábhar agus amhábhar sárfhorbartha a dheimhniú. Dá bhrí sin, ba cheart an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a ailíniú le beartais shóisialta an Aontais agus ba cheart dó tacú le hiarrachtaí fothaithe acmhainneachta ar leibhéal na mBallstát freisin chun an lucht saothair i slabhraí soláthair na n-amhábhar criticiúil, i dtionscail eastóscacha, i bpróiseáil agus in athchúrsáil a neartú. Tá sé ríthábhachtach tacú leis an oideachas agus leis an bhforbairt scileanna i measc an lucht acadúil, ach ní mór iarrachtaí fothaithe acmhainneachta a dhíriú ar ghairmithe tionscail laistigh d’earnáil na n-amhábhar agus ar riaracháin phoiblí na mBallstát freisin. D’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach ach institiúidí tiomnaithe nua (agus/nó tacaíocht d’institiúidí atá ann cheana féin) a bhunú chun tacú leis an ardoideachas agus an ghairmoiliúint in earnáil na n-amhábhar, agus chun an fórsa saothair Eorpach atá ann cheana féin a athsciliú agus a uas-sciliú. Ar deireadh, ba cheart iarracht fheabhsaithe a dhíriú ar an bhfoghlaim fheidhmeach a chruthú, an teicneolaíocht a aistriú idir an saol acadúil, an tionsclaíocht agus eagraíochtaí taighde, agus tacú leis an méid sin.

Ábhair eile atá ríthábhachtach le haghaidh earnálacha na teicneolaíochta glaise agus na teicneolaíochtaí glaine a chur san áireamh ann agus comhleanúnachas a chinntiú leis na beartais eile

10.

Anuas ar na hábhair sin a liostaítear sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla mar ábhair straitéiseacha nó chriticiúla, tá amhábhair neamhchriticiúla ann a d’fhéadfadh a bheith criticiúil sa mheántéarma nó san fhadtéarma. Éilíonn sé sin liosta solúbtha is féidir a oiriúnú go héasca agus ba cheart a thabhairt cothrom le dáta go rialta, gach dhá bhliain ar a laghad agus níos minice fós nuair is gá, ag brath ar dhul chun cinn sa réimse sin amach anseo. Ba cheart an measúnú ar thábhacht straitéiseach ábhar difriúil a bheith earnáilsonrach freisin chun an t-éileamh in earnálacha monaraíochta difriúla a chur san áireamh. Thairis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh ar an rochtain ar amhábhair riachtanacha, d’fhonn comhlánú iomlán a dhéanamh ar iarrachtaí an Choimisiúin chun tacú le hamhábhair chriticiúla agus straitéiseacha.

11.

Ba cheart a léiriú sa mheasúnú tosaíochtaí agus riachtanais an Aontais maidir leis an aistriú fuinnimh chomh fada le 2030 b’fhéidir, agus ba cheart a chur san áireamh ann ábhair nach mbaineann aon riosca follasach leo faoi láthair maidir le briseadh soláthair, ach a bhfuil éileamh mór orthu in earnálacha atá ríthábhachtach d’aidhmeanna dícharbónaithe an Aontais, don aistriú glas agus don aistriú digiteach, nó ábhair a mheastar a bheith ina mianraí riachtanacha. Ba cheart díriú go hiomchuí freisin sna cláir oibre tosaíochta sin ar shlabhraí luacha bunúsacha, amhail an tslándáil bia nó táirgí íocshláinte. Ba cheart sainaithint na n-ábhar atá le cur leis na liostaí éagsúla a bhunú i gcónaí ar anailís chríochnúil thrédhearcach atá sainithe go soiléir chun an chriticiúlacht agus/nó an luach straitéiseach a mheas, ceann a chuireann san áireamh slabhra luacha iomlán na n-amhábhar criticiúil, na gceanglas próiseála, agus infhaighteacht na n-ábhar ionaid. Ba cheart dul i gcomhairle go rialta le hionadaithe na dtionscal agus le saineolaithe agus ba cheart idirphlé dea-fheidhmiúil oscailte a áirithiú idir an Coimisiún agus an lucht tionscail.

Rochtain ar phraghsanna iomaíocha fuinnimh agus maoiniú spriocdhírithe níos fearr le haghaidh thionscail an Aontais

12.

Tá tionchar tromchúiseach ag an ngéarchéim fuinnimh atá ag titim amach faoi láthair ar gach gnó san Aontas, go háirithe ar thionscail dianfhuinnimh, lena n-áirítear an earnáil eastóscach agus an athchúrsáil. Tá gá le freagairt chomhordaithe ón Aontas chun dea-fheidhmiú mhargadh fuinnimh an Aontais a áirithiú. Tá rathúlacht aon bheartais Eorpaigh maidir le hamhábhair chriticiúla ag brath ar rochtain iontaofa ar mhéideanna leordhóthanacha de leictreachas saor ó iontaise ar phraghsanna iomaíocha. Ba dhíol sásaimh do CESE dá ndéanfaí na creataí maoinithe atá ar fáil faoi láthair a athchóiriú, trí aithris a dhéanamh ar an Acht um Laghdú Boilscithe (Inflation Reduction Act) sna Stáit Aontaithe trí mhaoiniú a dhíriú níos mó ar an gcéim tráchtálaithe agus ar chostais oibriúcháin a íoc, seachas tús áite a thabhairt do chéim an taighde agus na forbartha (T&F) i dtionscadail straitéiseacha nua, mar a dhéantar le maoiniú ón Aontas faoi láthair. Cé go bhfuil sé tábhachtach díriú ar theicneolaíochtaí nuálacha agus taighde nuálach, ba cheart tacaíocht iomchuí a thabhairt do na táirgí a eascraíonn as an méid sin agus iad sa chéim tráchtálaithe chomh maith.

13.

Is díol mór sásaimh do CESE uaillmhian an Choimisiúin chun dlús a chur le nósanna imeachta ceadaithe agus ba cheart tús áite a thabhairt dó sin chun uasfhad 12–18 mí a bhaint amach i leith na nósanna imeachta sin. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar thionscadail chriticiúla nua faoi sprioc-amanna brostaithe agus ba cheart sprioc-amanna diana a shocrú d’uasfhad na nósanna imeachta ceadaithe/ceadúnaithe sin. Le haon athchóiriú a dhéanfar ar nósanna imeachta ceadaithe, ba cheart díriú ar an bhfad agus an chastacht a bhaineann leo a laghdú, agus beaichte na gcaighdeán comhshaoil, sóisialta agus rialachais á coinneáil san am céanna. Áiritheofar go ngéarófar ar luas an nós imeachta ceadaithe ach sásra an ionaid ilfhreastail a neartú. Déanfar amhlaidh de réir sprioc-amanna réamhshainithe, d’fhonn an nós imeachta údaraithe láraithe a dhéanamh níos éifeachtaí agus an t-ualach a ghabhann leis a laghdú. Ba cheart feidhm a bheith ag forálacha ceadaithe athchóirithe maidir le saoráidí taiscéalaíochta, mianadóireachta, scagtha, próiseála agus athchúrsála, agus ba cheart cinnteacht rialála a ráthú leo a mhéid a bhaineann lena dtorthaí. De bhreis air sin, aon cheanglas tuairiscithe nó iniúchóireachta nua sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, níor cheart a bheith ann ach a bhfuil gá leis, ionas nach gcuirfear ualach breise riaracháin ar ghnólachtaí an Aontais, is cuma cé chomh beag nó mór is atá siad. Bord an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla atá beartaithe, beidh ról ríthábhachtach aige i dtaca leis an nGníomh a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás na nósanna imeachta údaraithe. Chuige sin, lena áirithiú go ndéanfar go héifeachtach cúraimí faireacháin an bhoird, b’fhiú go mór ní hamháin ionadaithe ón lucht tionscail a bheith ar an mbord ach saineolaithe teicniúla neamhspleácha freisin.

Aghaidh a thabhairt ar chleachtais agus srianta trádála éagóracha

14.

D’ainneoin aidhmeanna uaillmhianacha an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla, tá srianta nádúrtha ar infhaighteacht amhábhar áirithe san Aontas, agus, dá bhrí sin, fanfaidh allmhairí de bheith ríthábhachtach don aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach.

15.

Beidh gá le bearta éifeachtacha maidir le cosaint trádála a choinneáil ar bun chun cosaint a thabhairt d’infheistíochtaí Eorpacha nua agus chun cothrom iomaíochta le tríú tíortha a áirithiú. Tá gá le nuachóiriú a dhéanamh ar bhearta cosanta trádála an Aontais d’fhonn cosaint a thabhairt ar an dumpáil ag tríú tíortha. Go háirithe, ba cheart don Aontas díriú ar an méid seo a leanas a áirithiú: cur chun feidhme níos tapa beart maidir le cosaint trádála chun allmhairí éagóracha a chomhrac; imscrúduithe níos tapa agus níos éifeachtúla a dhéanamh; agus ceadú do chur i bhfeidhm forleathan beart sealadach ag céim luath.

16.

Ba cheart gníomhaíocht an Aontais i réimse an bheartais trádála a bheith comhlántach le haidhmeanna an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla agus le haidhmeanna na mbeartas gaolmhar, cearta sóisialta san áireamh, agus ba cheart díriú ar na comhaontuithe saorthrádála atá á gcaibidliú faoi láthair nó atá le daingniú go fóill le tíortha atá saibhir ó thaobh acmhainní de (an Astráil, an Indinéis, etc.) a thabhairt i gcrích go pras. I dtaca le comhaontuithe saorthrádála a tugadh i gcrích cheana féin, ba cheart na forálacha atá iontu a bhaineann le fuinneamh agus amhábhair a mheas agus a neartú nuair is féidir. Ba cheart aird a thabhairt, freisin, ar chomhleanúnachas an bheartais trádála agus na rialacha custaim/na rialacha tionscnaimh is infheidhme maidir le hamhábhair, agus ar shaincheisteanna ar leith a bhaineann le teacht timpeall ar na smachtbhannaí is infheidhme maidir le hamhábhair.

Tús áite a thabhairt d’amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha sa reachtaíocht maidir le hathchúrsáil agus dramhaíl agus tacaíocht do mhargaí na n-amhábhar tánaisteach

17.

Tá an athchúrsáil tábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach an Aontais a fheabhsú. Ba cheart don Aontas tacú leis an tionscal cóireála agus próiseála dramhaíola atá aige trí amhábhair thánaisteacha a ullmhú le bheith athchúrsáilte i bpróisis táirgthe, agus leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le dramhaíl ionas go dtabharfar tús áite d’athchúrsáil agus do chiorclaíocht amhábhar criticiúil agus straitéiseach a bhfuil an acmhainneacht theicniúil is mó acu ó thaobh athchúrsála de (indéantacht). Ba cheart tacú le margaí amhábhar tánaisteach leis. Maidir le hamhábhair thánaisteacha, tá CESE á mholadh gur cheart bearta a dhéanamh chun margaí dea-fheidhmiúla a bhunú agus sceitheadh dramhaíola a íoslaghdú.

18.

Is féidir go mbeidh amhábhair thánaisteacha ina gcabhair i dtaca leis an spleáchas ar amhábhair chriticiúla ar leith a laghdú agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a mheas faoi raon feidhme an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla. Mar shampla amháin den iliomad samplaí atá ann, má dhéantar athchúrsáil éifeachtach ar dhramh feiriúil is féidir riachtanais an tsoláthair amhábhar a laghdú in earnáil na miotalóireachta. Táthar ag súil leis go n-éireoidh an dramh feiriúil gann roimh 2030, rud a chuirfidh isteach ar an soláthar, b’fhéidir, cé gur cuid riachtanach den aistriú fuinnimh é.

19.

Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart an rochtain ar gach amhábhar criticiúil a áirithiú le haghaidh na dtionscal agus na bhfeithiclí leictreacha. Áirítear leis sin ní hamháin dúile tearc-chré, an mhangainéis, ábhair atá ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe ghlais, lena n-áirítear an chruach, an t-alúmanam agus an copar, mianraí tionsclaíocha, an ghraifít nó an nicil, ach amhábhair thánaisteacha freisin. Is cumasóirí bonneagair ríthábhachtacha don aistriú glas iad na miotail éagsúla, agus ba cheart na cumasóirí sin a shainaithint i gceart agus aird chuí a thabhairt orthu sa Ghníomh um Amhábhair Chriticiúla, feadh na slabhraí luacha ina n-iomláine.

Taighde eacnamaíoch agus comhshaoil ar an tionchar truaillitheach atá ag eastóscadh amhábhar criticiúil: comhordú le forálacha státchabhrach

20.

Agus machnamh á dhéanamh ar an méid éiginnteachta a bhaineann le méid éifeachtach amhábhair chriticiúla a bheith san Aontas, ní rachfar i bhfiontar chun tosú ar thionscadail taiscéalaíochta ná eastósctha ar ithir an Aontais ach amháin má thacaítear leis an ngníomhaíocht sin trí mhaoiniú poiblí. Ós rud é go gceanglaítear faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla go mbeidh feachtais den sórt sin i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, tá CESE á mholadh gur cheart a bheith níos oscailte maidir le maoiniú poiblí a dheonú má tá an t-eastóscadh bunaithe ar réamhstaidéir eacnamaíocha agus chomhshaoil ina ndéantar measúnú ar an tionchar truaillitheach atá ag eastóscadh na n-amhábhar criticiúil.

21.

I gcás ina bhfuil réamhstaidéir den sórt sin lasmuigh de raon feidhme na dTionscadal Straitéiseach atá beartaithe faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, ba cheart a maoiniú poiblí a spreagadh trí chomhordú a dhéanamh leis na rialacha maidir le státchabhair, agus leis an leasú a rinneadh ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine i bhfianaise an Chomhaontuithe Ghlais a glacadh le déanaí, in 2023. Go deimhin, cáileofar réamhstaidéir den sórt sin mar chabhair le haghaidh an chomhshaoil nó mar chabhair TFN agus i gcás ina bhfuil roinnt Ballstát páirteach iontu, cáileofar iad mar thionscadail thábhachtacha ar mhaithe le leas na hEorpa i gcoitinne (IPCEInna).

22.

Go deimhin, le comhordú éifeachtach le bearta státchabhrach an Aontais atá ag réamhchéim T&D cheana féin, d’fhéadfaí a áirithiú go ndéanfaí an cistiú poiblí a thacaíonn le cur chun feidhme na dTionscadal Straitéiseach ina dhiaidh sin a dhíriú go héifeachtach i dtreo cuspóirí inbhuanaithe agus go n-áiritheofaí, i gcás IPCEInna go sonrach, go saothrófar toradh comhordaithe leo. Ní fhéadfar sásraí cistiúcháin phoiblí (e.g. mear-rochtain agus rochtain níos éasca ar shásraí amhail iasachtaí/ráthaíochtaí iasachta/deontais) a thabhairt isteach freisin, ach amháin i dtaca le hinfheistíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí de chuid an Aontais mar chuid de thionscadail comhaontaithe saorthrádála.

Uirlisí in aghaidh trustaí: rialachán maidir le cumaisc a bheith i bhfabhar churaidh an Aontais i réimse na hathchúrsála agus an eastósctha amhábhar

23.

Ag cur san áireamh mar réamhchoinníollacha infhaighteacht na n-amhábhar criticiúil laistigh den Aontas atá fós gan iniúchadh agus na hinfheistíochtaí suntasacha is gá chun slabhra luacha na n-amhábhar criticiúil atá deimhin agus inbhuanaithe a chur chun feidhme, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé inmholta cuid d’uirlisí an Aontais in aghaidh trustaí a oiriúnú chun na cuspóirí arna leagan síos faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a éascú, agus saobhadh míchuí ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach á sheachaint chomh maith. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé ina chuidiú an creat um rialú cumasc a chur i bhfeidhm ar bhealach níos solúbtha agus atá dírithe níos mó ar an inbhuanaitheacht, á gcur san áireamh ní hamháin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip (mar atá beartaithe cheana féin ag an gCoimisiún Eorpach), ach aidhmeanna an Ghnímh freisin.

24.

Dá bhrí sin, b’fhiú measúnú a dhéanamh ar chumaisc i bhfianaise na dtionscadal straitéiseach a bheidh le cur chun feidhme faoin nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, d’fhonn an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir na leasa éagsúla atá i gceist.

25.

Ba cheart a iarraidh ar na húdaráis iomaíochta cineálacha nua éifeachtúlachtaí a mheas, i.e. briseadh soláthair a laghdú agus ullmhacht thionsclaíoch a mhéadú i gcás ganntanas seachtrach amhábhair chriticiúla. I measúnuithe den sórt sin, ba cheart breathnú ar aidhm an Choimisiúin chun an t-éileamh ó cheannaitheoirí leasmhara amhábhar criticiúil a chomhiomlánú, agus, thar aon ní eile, cuidiú leis na praghsanna arda atá ann faoi láthair a laghdú.

Rannpháirteachas idirnáisiúnta agus éagsúlú acmhainní: rannpháirt na dtíortha is iarrthóirí agus comhordú an chomhair dhéthaobhaigh i bhfóraim idirnáisiúnta

26.

I gcomhréir le cuspóir an Choimisiúin foinsí seachtracha na n-amhábhar criticiúil a éagsúlú, molann CESE bealaí a fhiosrú d’fhonn comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe comhair ar leith a bhunú, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe leis na tíortha is iarrthóirí. Féadfar a áireamh ar na comhpháirtíochtaí sin tionscadail atá maoinithe ag an Aontas chun feachtais taiscéalaíochta a fhorbairt i láithreáin nua-roghnaithe agus/nó i láithreáin mhianadóireachta thréigthe, i gcomhréir leis na Tionscadail Straitéiseacha a sheolfar i mBallstáit an Aontais faoi na tograí nua ón gCoimisiún.

27.

D’fhéadfadh sé go mbeadh comhpháirtíochtaí den sórt sin faoi réir ghealltanais na dtíortha is iarrthóirí chun a mbeartais chomhshaoil a ailíniú le acquis an Aontais ar bhealach níos tapa. Tá seans réasúnta maith ann go mbeadh dhá bhuntáiste ann don Aontas ina iomláine dá gcuirfí comhpháirtíochtaí dá leithéid sin san áireamh i gcreat na gcaibidlíochtaí maidir le haontachas atá ar bun faoi láthair, is é sin seans níos mó go gcuirfí le foinsí amhábhar criticiúil an Aontais amach anseo agus comhlíonadh reachtaíocht chomhshaoil an Aontais a dhéanamh níos éasca do na tíortha is iarrthóirí (e.g. i réimsí na dramhaíola, an uisce, an truaillithe thionsclaíoch, agus cháilíocht an aeir).

28.

Déanfar an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a chomhordú ní hamháin le beartais eile an Aontais agus gníomhaíochtaí trádála idirnáisiúnta, ach leis an gcomhar déthaobhach arna chur chun feidhme ag an Aontas i bhfóraim idirnáisiúnta chomh maith (i.e. an comhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe i bhfóraim amhail an Chomhpháirtíocht Slándála Mianraí, an Chomhdháil maidir le hÁbhair agus Mianraí Criticiúla agus an Mheitheal um Mianraí Criticiúla de chuid na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh arna neartú le déanaí ag Coiste Fuinnimh AE-SAM).

29.

Leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla, cinnteofar ní hamháin neamhthuilleamaíocht intíre don Aontas maidir le hamhábhair chriticiúla, ach cinnteofar neamhspleáchas seachtrach freisin chun caighdeáin nua a leagan síos ar an leibhéal domhanda a mhéid a bhaineann le slándáil agus inbhuanaitheacht a slabhraí soláthair coibhneasta a áirithiú. Dá mbeadh an tAontas ina cheannaire i dtéarmaí caighdeán a leagan síos ar an leibhéal domhanda, mhéadódh sé sin an dóchúlacht go mbainfear amach na cuspóirí foriomlána a leagtar amach i dtogra an Choimisiúin chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais trádála thruaillitheacha agus éagóracha i ndáil leis na hamhábhair chriticiúla ar fud an domhain.

Cuspóirí fadtéarmacha agus cuspóirí gearrthéarmacha agus measúnú á dhéanamh ar an gcomhsheasmhacht le beartais eile an Aontais: an chothromaíocht cheart (ó thaobh an chomhshaoil de) a bhaint amach

30.

Mar chríoch, ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, d’fhonn an Gníomh um Amhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme go héifeachtach san fhadtéarma, go mbeadh gá le hathmhúnlú a dhéanamh sa ghearrthéarma ar chuspóirí ar leith de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhfuil dlúthbhaint acu leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla. Go deimhin, d’fhéadfadh sé go mbeadh sé níos éasca spriocanna maidir le hinbhuanaitheacht/aeráidneodracht a bhaint amach san fhadtéarma le hAontas atá (beagnach) neamhthuilleamaíoch, fiú má thógann sé níos mó ama chun bheith go hiomlán éifeachtach (agus an truailliú níos airde a eascraíonn as na modhanna eastósctha ábhair atá á n-úsáid faoi láthair i roinnt tíortha i mbéal forbartha á chur san áireamh freisin).

III.   LEASUITHE ATÁ MOLTA I LEITH COM(2023) 160 final

Leasú 1

Aithris 29

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

(29)

Tá infheistíocht phríobháideach arna ndéanamh ag cuideachtaí, infheisteoirí airgeadais agus ceannaitheoirí fíor-riachtanach. I gcás nach leor infheistíocht phríobháideach amháin, d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith ag teastáil chun tionscadail feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí, iasachtaí nó infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí cuasachothromais. D’fhéadfadh Státchabhair a bheith i gceist leis an tacaíocht phoiblí sin. Ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair sin, ní mór gá a bheith leis an gcabhair agus ní mór di a bheith iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte Státchabhrach atá ann cheana, a ndearnadh grinn-athbhreithniú orthu le déanaí i gcomhréir le cuspóirí an dá aistriú, soláthraítear go leor féidearthachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil faoi réir coinníollacha áirithe.

(29)

Tá infheistíocht phríobháideach arna ndéanamh ag cuideachtaí, infheisteoirí airgeadais agus ceannaitheoirí fíor-riachtanach. I gcás nach leor infheistíocht phríobháideach amháin, d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith ag teastáil chun tionscadail feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil a chur i bhfeidhm go héifeachtach, mar shampla i bhfoirm ráthaíochtaí, iasachtaí nó infheistíochtaí cothromais agus infheistíochtaí cuasachothromais. D’fhéadfadh Státchabhair a bheith i gceist leis an tacaíocht phoiblí sin. Ní mór éifeacht dreasachta a bheith ag an gcabhair sin, ní mór gá a bheith leis an gcabhair agus ní mór di a bheith iomchuí agus comhréireach. Leis na treoirlínte Státchabhrach atá ann cheana, a ndearnadh grinn-athbhreithniú orthu le déanaí i gcomhréir le cuspóirí an dá aistriú, soláthraítear go leor féidearthachtaí chun tacú le hinfheistíochtaí feadh an tslabhra luacha amhábhar criticiúil faoi réir coinníollacha áirithe. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit a thuilleadh soiléire a chur ar fáil faoin gcaoi a n-úsáidfí na rialacha maidir leis an Státchabhair agus sásraí deontais, iasachta agus creidmheasa cánach a thabhairt isteach chun tacú leis an acmhainneacht thionsclaíoch atá ann cheana féin san Aontas agus chun tacú le saoráidí nua a chruthú san Aontas agus i dtríú tíortha ar comhpháirtithe iad ar féidir brath orthu. Ba cheart na sásraí sin a dhíriú ar an gcaiteachas oibríochtúil agus an caiteachas caipitiúil araon.

Cúis

Na bearta atá beartaithe maidir leis an Státchabhair, tá siad doiléir agus ní ghabhann sásraí leo arbh fhéidir tacú leis an acmhainneacht thionsclaíoch atá ann cheana féin, acmhainneacht a bualadh go dona de dheasca na bpraghsanna fuinnimh an-ard, ná le cruthú na saoráidí nua amhábhar criticiúil san Aontas agus thar lear.

Leasú 2

Airteagal 1(2), pointe (a) (pointe nua)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

 

(a)

modheolaíocht thrédhearcach atá sainithe go soiléir a leagan síos i dtaca le measúnú a dhéanamh ar na hábhair atá le cur ar liosta na n-amhábhar straitéiseach, agus leas a bhaint as bileoga eolais teicniúla mar chuid de, ceann a bheidh cosúil leis an modheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm i gcás liosta na n-amhábhar criticiúil. Ba cheart measúnú tionchar a bheith ag gabháil le liostaí na n-amhábhar straitéiseach agus criticiúil amach anseo, ceann a dhíreodh ar an reachtaíocht Eorpach atá ann cheana féin agus ar an tionchar a d’imreofaí ar na hábhair atá ar na liostaí sin.

Cúis

Déantar measúnú ar amhábhair chriticiúla le measúnú criticiúlachta a bhunaítear ar mhodheolaíocht ar leith lena n-áirítear próiseas bailíochtaithe fada críochnúil arna dhéanamh le cúnamh ó shaineolaithe seachtracha, ionadaithe ó na tionscail, agus institiúidí taighde. Os a choinne sin, ní raibh sainaithint na n-amhábhar straitéiseach bunaithe ar mhodheolaíocht a foilsíodh agus níor reáchtáladh aon chomhairliúchán mar chuid den phróiseas ach oiread. Má chuirtear amhábhair straitéiseacha le liosta na n-amhábhar criticiúil (Iarscríbhinn II), tugtar le fios gur éirigh leis na hamhábhair go léir na tairseacha arna leagan síos i modheolaíocht na n-amhábhar criticiúil a bhaint amach, rud nach bhfuil fíor.

Leasú 3

Airteagal 1(3),

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

3.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 42, gur dócha nach mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 amach, déanfaidh sé measúnú ar indéantacht agus comhréireacht bearta a mholadh nó a chumhachtaí a fheidhmiú ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin.

3.   I gcás ina gcinneann an Coimisiún, bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 42, gur dócha nach mbainfidh an tAontas na cuspóirí a leagtar amach i mír 2 amach, ceadóidh sé leibhéal áirithe solúbthachta chun an léiriú is fearr is féidir a thabhairt ar uathúlacht shlabhra soláthair an amhábhair atá i gceist, óir tá airíonna ar leith ag baint le gach ábhar agus tá dúshláin ar leith ag baint lena fhoinsiú, lena phróiseáil, agus lena athchúrsáil. Ba cheart dó díriú ar an acmhainneacht atá ann cheana a choinneáil agus tacú léi. Ba cheart idirphlé oscailte leanúnach idir an lucht tionscail agus an lucht ceaptha beartas a spreagadh chun tagarmharcanna a shainaithint atá indéanta ón taobh teicniúil agus eacnamaíoch de, agus atá ag teacht le cuspóirí an Aontais.

Cúis

Na tagarmhacanna a bhaineann leis an bhfoinsiú, an phróiseáil, agus an athchúrsáil, tá siad róghinearálta agus níl siad réalaíoch, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh drochthorthaí nach bhfuil súil leo ann dá ndeasca. Ba cheart na forálacha a mheas go cúramach i bhfianaise na ndeacrachtaí eacnamaíocha agus teicniúla a bhainfeadh lena gcur chun feidhme agus i bhfianaise an bhaoil go bhféadfaidís ualach rómhór a chur ar thionscail an Aontais, go háirithe i gcás na FBManna.

Leasú 4

Iarscríbhinn I

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair seo a leanas:

(a)

Biosmat

(b)

Bórón - grád miotalóireachta

(c)

Cóbalt

(d)

Copar

(e)

Gailliam

(f)

Gearmáiniam

(g)

Litiam - grád ceallra

(h)

Miotal m aignéisiam

(i)

Mangainéis - grád ceallra

(j)

Graifít Nádúrtha – grád ceallra

(k)

Nicil - grád ceallra

(l)

Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim

(m)

Dúile Tearc-Chré le haghaidh maighnéad (Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce)

(n)

Miotal sileacain

(o)

Miotal t íotáiniam

(p)

Tungstan

Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair phríomhúla agus thánaisteacha seo a leanas , lena n-áirítear na miotail iompróra agus na mianraí iompróra lena n-eastósctar na hamhábhair straitéiseacha sin faoi seach :

(a)

Biosmat

(b)

Bórón

(c)

Cóbalt

(d)

Copar

(da)

Dramh feiriúil (cruach dhosmálta san áireamh)

(e)

Gailliam

(f)

Gearmáiniam

(g)

Litiam

(ga)

Maignéisít/maignéis

(h)

M aignéisiam

(i)

Mangainéis

(j)

Graifít

(k)

Nicil

(ka)

Fosfar

(kb)

Potais

(l)

Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim

(m)

Dúile Tearc-Chré (Nd, Pr, Tb, Dy, Gd, Sm, agus Ce)

(n)

Sileacan

(o)

Tíotáiniam

(p)

Tungstan

(pa)

Sinc

Leasú 5

Iarscríbhinn II

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

Measfar gur amhábhair chriticiúla iad na hamhábhair seo a leanas:

(a)

Antamón

(b)

Arsanaic

(c)

Báicsít

(d)

Bairít

(e)

Beirilliam

(f)

Biosmat

(g)

Bórón

(h)

Cóbalt

(i)

Gual Cóic

(j)

Copar

(k)

Iathchloch

(l)

Fluar

(m)

Gailliam

(n)

Gearmáiniam

(o)

Haifniam

(p)

Héiliam

(q)

Dúile Tearc-chré Troma

(r)

Dúile Tearc-chré Éadroma

(s)

Litiam

(t)

Mangnéisiam

(u)

Mangainéis

(v)

Graifít Nádúrtha

(w)

Nicil – grád ceallra

(x)

Niaibiam

(y)

Carraig fosfáite

(z)

Fosfar

(aa)

Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim

(bb)

Scaindiam

(cc)

Miotal sileacain

(dd)

Strointiam

(ee)

Tantalam

(ff)

Miotal tíotáiniam

(gg)

Tungstan

(hh)

Vanaidiam

Measfar gur amhábhair straitéiseacha iad na hamhábhair phríomhúla agus thánaisteacha seo a leanas , lena n-áirítear na miotail iompróra agus na mianraí iompróra lena n-eastósctar na hamhábhair chriticiúla sin faoi seach :

(a)

Antamón

(b)

Arsanaic

(c)

Báicsít

(d)

Bairít

(e)

Beirilliam

(f)

Biosmat

(g)

Bórón

(h)

Cóbalt

(i)

Gual Cóic

(j)

Copar

(k)

Iathchloch

(ka)

Dramh feiriúil (cruach dhosmálta san áireamh)

(l)

Fluar

(m)

Gailliam

(n)

Gearmáiniam

(o)

Haifniam

(p)

Héiliam

(q)

Dúile Tearc-chré Troma

(r)

Dúile Tearc-chré Éadroma

(s)

Litiam

(sa)

Maignéisít/maignéis

(t)

Mangnéisiam

(u)

Mangainéis

(v)

Graifít

(w)

Nicil

(x)

Niaibiam

(y)

Carraig fosfáite

(z)

Fosfar

(aa)

Miotail de chuid an Ghrúpa Platanaim

(aaa)

Potais

(bb)

Scaindiam

(cc)

Miotal sileacain

(dd)

Strointiam

(ee)

Tantalam

(ff)

Miotal tíotáiniam

(gg)

Tungstan

(hh)

Vanaidiam

(ii)

Sinc

Cúis le leasú 4 agus leasú 5

Tá ábhair ann nach féidir a bhaint gan ábhar eile, táirmhiotail, a bhaint leo, cuir i gcás dúile tearc-chré ar gá amhiarann a bhaint leo. Lena chois sin, tá ábhair ar leith ann ar cuid riachtanach iad d’éiceachóras táirgthe, scagtha, agus athchúrsála na n-ábhar. An mhaignéisít le haghaidh na mbruithneoirí, cuir i gcás, ina héagmais ní féidir miotail ná ábhair a athchúrsáil trí bhíthin teocht ard. Ba cheart srianta a sheachaint sa réimse sin (i gcás amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha araon) agus níor cheart úsáid ar leith a leagan amach le haghaidh amhábhair ar leith sa slabhra luacha. Mura ndéanfar amhlaidh, ní bheidh incháilithe ach céim dheiridh an scagtha ach ní an t-eastóscadh féin.

I bhfianaise an aistrithe chuig geilleagar ciorclach ísealcharbóin, tá na hamhábhair thánaisteacha ag éirí níos tábhachtaí óir cabhraíonn siad leis an spleáchas ar ógh-amhábhair a laghdú agus cuireann siad leis an éifeachtúlacht acmhainne, leis an laghdú dramhaíola, agus leis an inbhuanaitheacht. De bhreis air sin, tá cuid de na hábhair sin riachtanach i dtaca le dícharbónú na tionsclaíochta, i dtaca leis an aistriú glas, agus i dtaca leis na spriocanna glan-nialasacha a bhaint amach.

Leasú 6

Airteagal 2, pointe (15) (pointe nua)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

 

(15)

Ciallaíonn ‘tionscadal amhábhar straitéiseach’ saoráid ar bith atá beartaithe nó síneadh nó athrú cuspóra ar bith atá beartaithe i leith saoráid atá ann cheana a bhfuil eastóscadh, próiseáil, nó athchúrsáil amhábhar atá liostaithe in Iarscríbhinn II ar bun inti, lena n-áirítear i gcás inar seachtháirgí eastóscadh agus phróiseáil na n-amhábhar iompróra nach bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn I nó Iarscríbhinn II na hamhábhair sin.

Cúis

Is minic a bhíonn amhábhair straitéiseacha ina seachtháirgí de chuid miotail iompróra (táirmhiotail) nó mianraí iompróra. Teastaíonn soiléiriú i dtaca le tionscadail eastóscacha na dtáirmhiotal agus na miotal iompróra agus na mianraí iompróra sin a chur san áireamh i raon feidhme thionscadail straitéiseacha an Ghnímh um Amhábhair Chriticiúla.

Leasú 7

Airteagal 3a (airteagal nua)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

 

Airteagal 3a

1.    Is i liosta na n-amhábhar straitéiseach (Iarscríbhinn I) agus i liosta na n-amhábhar criticiúil (Iarscríbhinn II) a chíorfar na hamhábhair thánaisteacha.

2.    Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú gach dhá bhliain ar a laghad ar liostaí na n-amhábhar tánaisteach straitéiseach agus criticiúil in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II, agus, de réir mar is gá, tabharfaidh sé cothrom le dáta iad, á chur san áireamh an ról straitéiseach atá acu sa dícharbónú agus san aistriú glas, mar aon leis an bhfás mór ar an éileamh a bhfuiltear ag súil leis nó an ganntanas atáthar á thuar ar an leibhéal domhanda, an deacracht a bhaineann lena mbailiú/lena n-aisghabháil san Aontas, agus an acmhainneacht mhór atá ann i dtaca le haisghabháil na n-amhábhar criticiúil san Aontas.

Cúis

Tá ról tábhachtach ag na hamhábhair thánaisteacha i ndícharbónú na dtionscal Eorpach, go háirithe na tionscail a tháirgíonn teicneolaíochtaí straitéiseacha le haghaidh na n-aistrithe glasa agus digiteacha. Is féidir tacú leis an bhfoinsiú freagrach agus eastóscadh na n-óghábhar a laghdú ach luach straitéiseach na n-amhábhar tánaisteach a aithint. Ba cheart foliosta d’amhábhair thánaisteacha straitéiseacha laistigh de liosta na n-amhábhar straitéiseach, ina gcuirfí san áireamh, inter alia, na critéir seo a leanas: ról straitéiseach an ábhair sa dícharbónú agus san aistriú glas; a dheacra atá sé an t-ábhar a bhailiú, a aisghabháil, nó a athchúrsáil san Aontas; acmhainneacht mhór i dtaca le haisghabháil na n-amhábhar criticiúil. Ba cheart na sonraí is déanaí atá ar fáil a chur san áireamh sa mheasúnú, mar aon leis an athrú a bhfuiltear ag súil leis ar an éileamh agus an soláthar thar thréimhse thagartha iomchuí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar an nganntanas nó an suaitheadh soláthair a bheidh ann amach anseo.

Leasú 8

Airteagal 5(1), pointe (c)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

(c)

go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú na dtionchar ar an gcomhshaol, úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine agus cearta saothair a urramú, acmhainneacht post ar ardchaighdeán agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht;

(c)

go gcuirfí an tionscadal chun feidhme ar bhealach inbhuanaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le faireachán, cosc agus íoslaghdú na dtionchar ar an gcomhshaol , go háirithe ar bhonn fadtéarmach domhanda , úsáid cleachtas lena mbaineann freagracht shóisialta lena n-áirítear cearta an duine agus cearta saothair a urramú, acmhainneacht post ar ardchaighdeán agus rannpháirtíocht fhiúntach le pobail áitiúla agus le comhpháirtithe sóisialta ábhartha, agus úsáid cleachtas gnó trédhearcach lena ngabhann beartais leordhóthanacha um chomhlíonadh chun an riosca go n-imreofar drochthionchair ar fheidhmiú cuí an riaracháin phoiblí a chosc agus a íoslaghdú, lena n-áirítear éilliú agus breabaireacht;

Cúis

An chothromaíocht cheart a bhaint amach idir cuspóirí inbhuanaitheachta fadtéarmacha agus cuspóirí gearrthéarmacha (ba cheart a chur san áireamh freisin gur mó an truailliú a bhíonn ann de dheasca na modhanna eastósctha ábhar atá a gcleachtadh i láthair na huaire i gcuid de na tíortha atá i mbéal forbartha i gcomparáid lena bhfuil ar bun i dtíortha eile agus go bhfuil an domhan céanna á roinnt ag gach duine againn).

Leasú 9

Airteagal 19(1), pointe (e) (pointe nua)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

 

(e)

cleachtais éagóracha trádála. Déanfaidh an Coimisiún bearta cosanta trádála a choinneáil agus a neartú d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú. Ba cheart don Aontas dreasachtaí a thagann le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a bhunú mar ábhar tosaíochta d’fhonn cothroime iomaíochta a áirithiú ar fud an domhain. D’fhéadfadh na dreasachtaí sin a bheith ina ndreasachtaí don tomhaltóir i dtaca le hamhábhair inbhuanaithe Eorpacha nó tacaíocht chun saoráidí níos forbartha a mhonarú.

Cúis

Tá tionscal amhábhar na hEorpa faoi mhíbhuntáiste iomaíoch ar an leibhéal domhanda agus caithfear a chur ina luí air go mbainfear leas as bearta cosanta trádála leis an tionscal a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála.

Leasú 10

Airteagal 35(1)

An téacs a mhol an Coimisiún

Leasú CESE

1.   Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún a bheidh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach air.

1.   Is iad na Ballstáit agus an Coimisiún agus saineolaithe teicniúla neamhspleácha a bheidh ar an mBord. Beidh an Coimisiún ina chathaoirleach air.

Cúis

Bord na nAmhábhar Criticiúil atá beartaithe, beidh ról ríthábhachtach aige i dtaca leis an nGníomh um Amhábhair Chriticiúla a chur chun feidhme, lena n-áirítear i gcás na nósanna imeachta údaraithe. Chuige sin, lena áirithiú go ndéanfar go héifeachtach cúraimí faireacháin an bhoird, b’fhiú go mór ní hamháin ionadaithe ón lucht tionscail a bheith ar an mbord ach saineolaithe teicniúla neamhspleácha freisin.

An Bhruiséil, an 12 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  Tá na moltaí seo forlíonta le tograí le haghaidh leasuithe ag deireadh an doiciméid.

(2)  Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (athmhúnlú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).

(3)  Rialachán (AE) 2023/1542 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2023 maidir le ceallraí agus ceallraí dramhaíola, lena leasaítear Treoir 2008/98/CE agus Rialachán (AE) 2019/1020 agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/66/CE (IO L 191, 28.7.2023, lch. 1).

(4)  Treoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat chun na ceanglais um éicidhearthóireacht maidir le táirgí a bhaineann le fuinneamh a shocrú (athmhúnlú) (IO L 285, 31.10.2009, lch. 10).

(5)  Meastúchán maidir le hamhábhair ón Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht.