29.9.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 349/173


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Athbhreithniú ar Thionscnamh an Aontais um Pailneoirí — Beart nua le haghaidh pailneoirí

(COM(2023) 35 — final)

(2023/C 349/26)

Rapóirtéir:

Jarmila DUBRAVSKÁ

Comhrapóirtéir:

Veselin MITOV

Comhairliúchán

An Coimisiún Eorpach, 24.1.2023

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa rannóg

28.6.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

13.7.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

580

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

182/0/3

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tacaíonn Coiste Eacanamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an Teachtaireacht uaillmhianach ón gCoimisiún (1), ina bhfreagraítear don laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí fiáine san Aontas. Mar sin féin, tá sé den tuairim, cúig bliana tar éis an tionscnaimh bhunaidh, nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach, go háirithe maidir leis na sonraí riachtanacha a fháil a chuirfeadh dlús leis an ngníomhaíocht beartais. Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE nach bhfuil rialachas soiléir ann maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe agus tathantaíonn sé ar na Ballstáit an Teachtaireacht atá faoi chaibidil anseo a fhormhuiniú go pras.

1.2.

Na tosca éagsúla seo a leanas is cúis leis an meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí; foinsí bia neamhleora, easpa cleachtas maidir le huainíocht barr, bainistiú lotnaidicídí i mBallstáit éagsúla, úsáid lotnaidicídí aghaidh an heicteáir ar thalamh talmhaíochta, iompar áitritheoirí uirbeacha agus tuaithe, ionradh na speiceas neamhdhúchasach feithidí agus plandaí, creachadóirí, modhanna bainistíochta beachairí, ionfhabhtuithe pataigineacha lena n-áirítear víris agus tionchar an athraithe aeráide. Is díol sásaimh do CESE gur tugadh isteach córas uile-Eorpach chun líon na bpailneoirí a fhaire agus a rialú (EU-PoMS).

1.3.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an cumas riaracháin sna Ballstáit uile a fheabhsú agus comhar a neartú i measc na n-údarás poiblí, na ngeallsealbhóirí príobháideacha, na n-institiúidí taighde agus na ngeallsealbhóirí talmhaíochta. Tá sé á chur i bhfáth, freisin, ag CESE go bhfuil ganntanas gairmithe speisialaithe sa réimse sin.

1.4.

Iarrann CESE go láidir go dtabharfaí maoiniú suntasach don taighde, don fhorbairt agus don nuálaíocht (TFN) chun sonraí eolaíocha riachtanacha a bhailiú agus chun tabhairt faoi thionscnaimh iomchuí chun borradh a chur faoi líon na bpailneoirí, lena n-áirítear laistigh den chlár Fís Eorpach. Tá comhordú ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar sonraí náisiúnta a chomhdhlúthú agus a anailísiú trí ardán tiomnaithe de chuid an Aontais le haghaidh pailneoirí faoina gceadaítear rochtain oscailte ar shonraí.

1.5.

Molann CESE clár agus straitéis a chruthú le haghaidh limistéir uirbeacha a thacaíonn le pailneoirí, lena neartófar cleachtais um bainistíocht úsáide talún chun éagsúlacht a chothú i measc pailneoirí agus gnáthóga nádúrtha a chaomhnú i réigiúin uirbeacha agus pheirea-uirbeacha.

1.6.

Má táthar chun dul chun cinn suntasach a bhaint amach, ní mór don Aontas agus do na Ballstáit eolas a roinnt go tapa agus an taighde a dhíriú ar chleachtais talmhaíochta inbhuanaithe agus ar mhodhanna éifeachtacha um bainistiú comhtháite lotnaidí.

1.7.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an t-oideachas iomchuí ar fáil d’fheirmeoirí maidir le bearta comhshaoil trí chórais chomhairleacha feirme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnacha, agus go gcumhdófaí úsáid lotnaidicídí a mbaineann riosca íseal leo agus nach ndéanann dochar ar bith do phailneoirí ná do bhainistiú comhtháite lotnaidí. Tá gá freisin le cláir oiliúna a bhfuil sé d’aidhm leo cur leis an eolas faoi éiceolaíocht na bpailneoirí, faoin bpróiseas sainaitheanta agus faoi athchóiriú gnáthóige.

1.8.

Tá sé á iarraidh ag CESE go ndéanfaí staidéar Eorpach arbh é ab aidhm dó sonraí cruinne a chur ar fáil maidir le tionchar na radaíochta leictreamaighnéadaí a astaítear ó aeróga teileachumarsáide ar phailneoirí fiáine ina ngnáthóga nádúrtha, agus maidir leis na bearta beartais is gá a ghlacadh chun cosaint éifeachtach pailneoirí a áirithiú.

1.9.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE gur gá scála tomhais a chruthú lena bhféadfaí truailliú solais ar fud an Aontais a thomhas trí leas a bhaint as sonraí satailíte. Féadfar an scála tomhais sin a úsáid chun éifeachtaí réigiúnacha agus áitiúla an truaillithe sin ar na pailneoirí a fhaire agus a mheas.

1.10.

Is díol sásaimh do CESE gur iarr an Coimisiún tacaíocht ar Choiste na Réigiún chun an tionscnamh maidir le pailneoirí a chur chun feidhme, ach is cúis díomá dó nár luadh CESE oiread is uair amháin i gceachtar den dá thionscnamh go dtí seo, go háirithe maidir lena chumas an straitéis sin a chur chun cinn i measc catagóirí éagsúla geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt i measc na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na saoránach.

1.11.

Tá béim á leagan ag CESE ar an ngá atá le cistiú cuí chun a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún a bhaint amach agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc na mbeart agus na n-ionstraimí beartais éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chaomhnú na bpailneoirí fiáine. Ní mór cistiú a chur ar fáil freisin chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr faoin meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí agus faoin tionchar atá aige sin ar shaol na ndaoine, chomh maith leis an tionchar a bheidh ag an easpa gnímh ar na glúnta atá le teacht.

1.12.

Tá sé ríthábhachtach bearta láidre a chur chun feidhme chun pailneoirí fiáine a chosaint i rith phróiseas an mheasúnaithe riosca i dtaca le lotnaidicídí agus i rith na céime úsáide. Tá CESE ag iarraidh go mbeadh trédhearcacht níos fearr ann maidir le húsáid lotnaidicídí laistigh den Aontas agus i dtríú tíortha.

1.13.

Is é an réiteach is éifeachtaí ná teacht ar chomhaontú domhanda chun úsáid lotnaidicídí sintéiseacha a laghdú, rud a d’áiritheodh tiomantas uilíoch agus iomaíocht chothrom. Cé go bhfuil cuma dhúshlánach ar an obair sin, ní mór cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus iarrachtaí níos fearr a dhéanamh i gcomhthéacs na caibidlíochta idirnáisiúnta. Áirítear leis sin plé dáiríre faoi thoirmeasc ar lotnaidicídí a onnmhairiú, ar lotnaidicídí iad a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid cheana féin san Aontas.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá sé ríthábhachtach go n-aithneofaí na tairbhí riachtanacha a bhaineann le pailneoirí agus an ról atá acu san éiceachóras le go mbainfear amach roinnt de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Táscaire ríthábhachtach atá sna pailneoirí chun sláinte ár dtimpeallachta a chinneadh, agus tá tairbhí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha fíor-riachtanacha ag baint leo.

2.2.

Tá athbhreithniú ar thionscnamh an Aontais maidir le pailneoirí ullmhaithe ag an gCoimisiún lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar an laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí fiáine san Aontas. Cé go dtacaíonn sé leis an Teachtaireacht uaillmhianach, is é tátal CESE nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta sna cúig bliana ó tháinig an tionscnamh bunaidh ar an bhfód, go háirithe maidir leis na sonraí uile is gá a bheith ar fáil lena gcuirfí gníomhaíocht beartais chun cinn.

2.3.

Ní hamháin gur cuid riachtanach iad na pailneoirí d’éiceachórais dhea-fheidhmiúla, ach is iadsan bonn na beatha ar ár bpláinéad freisin. Tá eolas againn ar na mílte speiceas éagsúil de phailneoirí fiáine, ach is iad na beacha an speiceas is mó a bhfuil an pobal i gcoitinne ar an eolas faoi. Bíonn tionchar ag tosca éagsúla faoin meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí fiáine agus tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá sé prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm chun iad a chosaint.

2.4.

Is mór ag CESE na pleananna uaillmhianacha a leagtar amach sa Teachtaireacht seo, ach tugann sé dá aire gur liosta fada atá ann de thionscadail a bheidh ann amach anseo a mbeidh amchláir leordhóthanacha ag teastáil ina leith. Bheadh CESE ag súil leis, mar gheall ar an mbrú ama, go mbeadh bearta agus gníomhaíochtaí gearrthéarmacha soiléire i gceist a chuirfeadh leis na ceachtanna a foghlaimíodh go dtí seo, bunaithe ar thuarascáil an tionscnaimh bhunaidh um pailneoirí (2). Tá sé á chur in iúl ag CESE go bhfuil gá le gníomhaíocht thrasearnálach ar fud na mBallstát a dhéanfaí láithreach bonn, agus is díol sásaimh dó gur tugadh isteach córas uile-Eorpach chun líon na bpailneoirí a fhaire agus a rialú (EU-PoMS).

2.5.

Tá CESE ag tathant ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú gan mhoill maidir leis na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus aghaidh a thabhairt orthu go tapa. Tá sé ag súil, freisin, go dtacóidh siad go pras leis an Teachtaireacht atá faoi chaibidil anseo.

2.6.   Tosca a mbíonn tionchar acu ar an meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí

2.6.1.

Is iomaí fachtóir a théann i bhfeidhm ar phailneoirí san fhiántas (3). Ar na cinn is tábhachtaí tá an comhshaol, an easpa uainíocht barr, an bhéim a leagann na feirmeoirí ar tháirgeadh a uasmhéadú, agus iompar na gcónaitheoirí uirbeacha agus tuaithe freisin. Is féidir an meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí a chur i leith tosca eile freisin amhail foinsí bia neamhleora, ionsaithe ag speicis ionracha feithidí agus plandaí, creachadóirí, bainistiú lotnaidicídí i gceantair thuaithe agus uirbeacha, cleachtais bainistithe coirceog na mbeachairí, agus, an ceann is suntasaí, ionfhabhtuithe pataigineacha lena n-áirítear víris agus tionchar an athraithe aeráide.

2.6.2.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE go bhfuil nasc soiléir idir an meath atá ag teacht ar líon na bpailneoirí agus úsáid lotnaidicídí in aghaidh an heicteáir ar thalamh talmhaíochta ar an taobh amháin agus táirgeadh bia laistigh de na Ballstáit ar an taobh eile (4). Sampla de na fadhbanna praiticiúla maidir le conas cosaint plandaí a bhainistiú go héifeachtúil agus cáilíocht agus cainníocht an táirgthe a áirithiú is ea na húdaruithe éigeandála ar úsáid lotnaidicídí a cheadaíonn na Ballstáit. Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia nach raibh roghanna malartacha ar fáil ach ar thart ar aon trian de na heisceachtaí ar mhaoluithe éigeandála maidir le húsáid na neoinicitínóideach sin. Tugann CESE chun cuimhne an cinneadh ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 19 Eanáir 2023 i gCás C-162/21 ar dá réir nach féidir leis na Ballstáit aon údarú éigeandála breise a dheonú le haghaidh táirgí ina bhfuil neoinicitínóidigh.

3.   TOSAÍOCHT I: Feabhas a chur ar an eolas atá ann ar an meath atá tagtha ar an líon pailneoirí, ar na cúiseanna leis agus ar na hiarmhairtí a bhaineann leis

3.1.

Measann CESE go bhfuil géarghá le hacmhainneacht riaracháin na mBallstát a mhéadú agus leis an gcomhar idir na húdaráis phoiblí agus na geallsealbhóirí príobháideacha a neartú, lena n-áirítear institiúidí taighde agus eolaithe, ach gan earnáil na talmhaíochta a fhágáil ar lár.

3.2.

Tá sé ríthábhachtach eolas agus saineolas a chomhroinnt agus tabhairt faoi iarrachtaí comhchoiteanna i measc geallsealbhóirí éagsúla chun bearta costéifeachtacha a cheapadh agus chun sineirgí a ghiaráil. Éilíonn cur chuige cuimsitheach den sórt sin comhoibriú éifeachtach i measc lucht ceaptha beartas, na ngeallsealbhóirí, agus an phobail i gcoitinne.

3.3.

Tá sé á thabhairt dá aire ag CESE, sa bhreis ar an laghdú atá tagtha ar líon na bpailneoirí, go bhfuil ganntanas saineolaithe ann sa réimse freisin. Ní mór iarrachtaí náisiúnta chun bailiú sonraí a áirithiú a chomhordú ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear bailiú agus anailísiú sonraí, trí bhíthin ardán de chuid an Aontais atá tiomnaithe do phailneoirí agus a éascaíonn rochtain oscailte ar shonraí. A bhuí lena leithéid d’ardán, cuirtear ar chumas daoine aonair rannchuidiú leis an iarracht chomhchoiteann, agus pobal sonraí foinse oscailte agus stór algartam agus samhlacha fíoraithe á gcruthú.

3.4.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí cistiú nithiúil suntasach i gcúrsaí taighde, forbartha agus nuálaíochta chun an fhaisnéis eolaíoch uile is gá a bhailiú agus tionscnaimh leordhóthanacha a shaothrú chun an meath ar líon na bpailneoirí a aisiompú.

3.5.

Is mór ag CESE go ndearna an Coimisiún, tar éis gur glacadh an chéad tionscnamh, ábhar sonrach faoi phailneoirí a chur san áireamh i gclár oibre 2018-2020 don chlár Fís 2020. Ní mór cistiú breise a leithdháileadh laistigh den chlár Fís Eorpach le haghaidh taighde ar phailneoirí, lena n-áirítear, i measc rudaí eile nach é, taighde ar na cúiseanna atá leis an meath, agus chun faireachán a dhéanamh ar speicis agus ar líon na bpailneoirí laistigh den Aontas, lena n-áirítear i limistéir uirbeacha.

4.   TOSAÍOCHT II: Feabhas a chur ar chaomhnú pailneoirí agus dul i ngleic leis na cúiseanna leis an meath

4.1.

Aithníonn CESE a thábhachtaí atá sé na sonraí atá ar fáil maidir le pailneoirí a úsáid chun straitéisí i gcaomhnú na bpailneoirí a shainiú tuilleadh agus tá sé ag súil go mbeidh spriocanna sonracha inchainníochtaithe ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát chun líon agus gnáthóga na bpailneoirí a athbhunú san Aontas.

4.2.

Molann CESE gur gníomhaíocht tosaigh ríthábhachtach é na gnáthóga agus na líonraí uirbeacha atá ann faoi láthair agus a d’fhéadfadh a bheith ann do phailneoirí a mhapáil, agus tacaíonn sé leis an tionscnamh ón gCoimisiún lena spreagtar cathracha chun an treoir do chathracha a thacaíonn le pailneoirí a chur chun feidhme (5). Ina theannta sin, molann CESE go mbunófaí clár agus fís do chathracha a thacaíonn le pailneoirí, lena bhfeabhsófaí bainistiú úsáide talún chun éagsúlacht pailneoirí a chur chun cinn agus chun limistéir don dúlra a chaomhnú i réigiúin uirbeacha agus pheirea-uirbeacha. Mhol CESE cheana féin nach mór ‘talamh a bhainistiú go cúramach i ngach Ballstát, lena n-áiritheofar an chothromaíocht cheart idir iomaíochas agus inbhuanaitheacht, agus lena gcuirfear na deiseanna cistiúcháin is gá ar fáil’ (6).

4.3.

Chun líon agus flúirse na bpailneoirí faoin tuath a chobhsú, tá sé riachtanach dálaí oiriúnacha a chruthú trí thalamh feirme a bhainistiú. Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE nach mbainfear amach córais bhia atá níos inbhuanaithe gan beartais phoiblí lena gcuirtear tacaíocht airgeadais leordhóthanach ar fáil d’fheirmeoirí. Ní hé an cistiú ón gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) an t-aon deis amháin atá ann chun tacaíocht a bhainistiú.

4.4.

Ní mór measúnú réalaíoch a dhéanamh ar bheart ar bith lena ndéanfar dáileadh na bpailneoirí a chobhsú. Ní mór bearta a d’fhéadfadh teacht salach ar a chéile a chur as an áireamh agus bearta iomchuí a chur chun cinn ar bhonn córasach. Creideann CESE nach bhfuil rialachas soiléir ann maidir le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, agus measann sé go mbeidh neamhréireacht shuntasach ann idir iarrachtaí na mBallstát éagsúil.

4.5.

Toisc éagsúlacht mhór a bheith ann maidir le húsáid lotnaidicídí in aghaidh an heicteáir de thalamh talmhaíochta ar fud na mBallstát, bíonn neamhréireachtaí ann ní hamháin i gcaomhnú an dúlra ach sna leibhéil táirgthe freisin. Ba cheart don Aontas agus do na Ballstáit dáileadh an eolais a leathnú go pras agus iarrachtaí taighde a dhíriú ar an agra-éiceolaíocht, ar úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí agus ar dhea-chleachtais maidir le bainistiú comhtháite lotnaidí.

4.6.

Molann CESE córas rialaithe trédhearcach a chur chun feidhme chun na huasleibhéil iarmhar chéanna le haghaidh lotnaidicídí a fhorfheidhmiú i dtaca le táirgí bia allmhairithe agus a fhorfheidhmítear le haghaidh bia a tháirgtear san Aontas. D’iarr CESE cheana ar an gCoimisiún prionsabal na cómhalartachta caighdeán a chur chun feidhme go pras chun srian a chur leis an saobhadh iomaíochta ar gá d’fheirmeoirí na hEorpa dul i ngleic leis (7). Ba cheart tomhaltóirí a chosaint agus ba cheart táirgí ardchaighdeáin a thairiscint ar phraghsanna córa.

4.7.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an t-oideachas iomchuí ar fáil d’fheirmeoirí maidir le bearta comhshaoil trí chórais chomhairleacha feirme ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus go gcumhdófaí úsáid lotnaidicídí a mbaineann riosca íseal leo agus bainistiú comhtháite lotnaidí.

4.8.

Ní mór táscairí maidir le stádas líon na bpailneoirí a fhorbairt faoi 2024 ionas gur féidir na táscairí a mheasúnú laistigh de CBT. Céim ríthábhachtach is ea meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar thionchar CBT a mhéid a bhaineann le meath na bpailneoirí a chosc agus cleachtais lena spreagtar aisiompú an mheatha sin. Ba cheart do na Ballstáit díriú ar chistí cúnaimh theicniúil arna leithdháileadh laistigh de CBT a chur chun tairbhe do phailneoirí, agus cistí breise a úsáid chun tomhaltóirí agus an comhshaol a chosaint.

4.9.

Soláthraíonn barra bláthanna timpeallacht fhabhrach do speicis éagsúla pailneoirí, rud a chabhróidh gan amhras le hiad a chosaint. Mar sin féin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí beacha agus pailneoirí eile i mbaol mar gheall orthu má chuirtear na stiallacha sin in aice le screamhuisce agus má tá na lotnaidicídí atá i gceist fós san ithir. Chun na críche sin, bheadh cistí de dhíth chun taighde a dhéanamh agus chun modheolaíocht shoiléir a fhorbairt le haghaidh stiallacha bláthanna.

4.10.

De réir staidéir eolaíocha áirithe (8), imríonn an radaíocht leictreamaighnéadach a astaíonn ó aeróga teileachumarsáide tionchar ar líon na bpailneoirí fiáine ina ngnáthóga nádúrtha. Ina theannta sin, in 2018, mheas Coiste Eolaíoch an Choimisiúin Eorpaigh um Rioscaí Sláinte agus Comhshaoil, agus Rioscaí atá ag teacht chun cinn (SCHEER) go raibh an riosca go mbeadh tionchar diúltach ag an radaíocht leictreamaighnéadach ar an gcomhshaol (go háirithe an riosca a bhain le 5G) chomh hard agus ab fhéidir (9). Tá sé deimhnithe trí mheasúnuithe breise a rinne an clár Eklipse, agus ag taighdeoirí neamhspleácha, gur cinnte gur féidir go ndéanann réimsí leictreamaighnéadacha dochar do líon na bhfeithidí (10). Iarrann CESE go ndéanfar staidéar de chuid an Aontais ina gcuirfear sonraí cruinne ar fáil maidir leis an ábhar sin, agus maidir leis na gníomhaíochtaí beartais is gá chun cosaint éifeachtach pailneoirí a áirithiú.

4.11.

Measann CESE gur gá scála tomhais a fhorbairt lena bhféadfar truailliú solais ar fud an Aontais a thomhas trí leas a bhaint as sonraí satailíte. Féadfar an scála sin a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar na héifeachtaí réigiúnacha agus áitiúla atá ar phailneoirí agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu.

4.12.

Is féidir na cistí a chuirtear ar fáil le beartas comhtháthaithe an Aontais a úsáid chun infheistíocht a dhéanamh chun an dúlra agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athchóiriú, chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus forbairt uirbeach inbhuanaithe a áirithiú, amhail bonneagar glas dúlrabhunaithe a chur chun feidhme do phailneoirí. Is mór ag CESE moladh 11.2 ón gCoimisiún ina leith sin.

5.   TOSAÍOCHT III: An tsochaí a ghríosú agus an phleanáil straitéiseach agus comhar a chur chun cinn ar gach leibhéal

5.1.

Is díol sásaimh do CESE gur iarr an Coimisiún tacaíocht ar Choiste na Réigiún chun tionscnamh na bpailneoirí a chur chun feidhme i measc na n-údarás áitiúil agus réigiúnach. Is cúis díomá dó, áfach, nár luadh CESE oiread is uair amháin sa tionscnamh seo (11) ná sa tionscnamh bunaidh (12), go háirithe maidir lena ról mar ghuth shochaí shibhialta an Aontais. Tá CESE den tuairim gur cheart dualgais shonracha a thabhairt dó chun an straitéis sin a chur chun cinn i measc catagóirí éagsúla geallsealbhóirí, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt i measc na gcomhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus na saoránach.

5.2.

Ba cheart uirlisí cumarsáide sonracha a úsáid chun feasacht a mhúscailt i measc na saoránach faoin meath atá tagtha ar líon na bpailneoirí agus faoin tionchar atá aige sin ar shaol na ndaoine chomh maith leis an tionchar a bheidh ag an easpa gnímh (lena n-áirítear impleachtaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil) ar na glúnta atá le teacht, agus chun feachtais faisnéise a chur chun cinn sna meáin phoiblí sna Ballstáit uile. Ní mór cistiú a chur ar fáil chun an pobal i gcoitinne a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr, lena n-áirítear trí na meáin shóisialta agus trí fhógraí gearra teilifíse a chur ar siúl le linn buaic-amanna teilifíse.

5.3.

Aithníonn CESE an ról tábhachtach atá ag Pollinator Coalition of the Willing (13), ardán atá faoi stiúir an Aontais a bhfuil na náisiúin atá páirteach ann tiomanta d’eolas agus dea-chleachtais a mhalartú, do thaighde a dhéanamh maidir le pailneoirí a chaomhnú, agus do chúnamh agus comhar frithpháirteach a chur ar fáil.

5.4.

Tá CESE ag iarraidh go mbunófar cláir oiliúna a bheidh dírithe ar chomhairleoirí feirme, feirmeoirí, foraoiseoirí, bainisteoirí talún agus pleanálaithe tírdhreacha a chur ar an eolas níos mó faoi éiceolaíocht na bpailneoirí, faoin tsainaithint agus faoi (athchóiriú/athbhunú) na ngnáthóg.

6.   Focal scoir

6.1.

Tá liosta tosaíochta de 42 ghníomhaíocht ullmhaithe ag an gCoimisiún a bhfuil dátaí socraithe soiléire ag gabháil leo. I gcás na ngníomhaíochtaí atá beartaithe, is iomchuí amchlár mionsonraithe a leagan amach le haghaidh an ullmhúcháin agus le haghaidh na tástála ina dhiaidh sin. Is fusa a bheidh sé rialú a dhéanamh ar chlár ama a bhunófar ar an mbealach sin, agus is fusa a bheidh sé é a bhaint amach do na rannpháirtithe ar fad.

6.2.

Creideann CESE go mbeidh comhar éifeachtach agus leithdháileadh iomchuí acmhainní ríthábhachtach chun comhsheasmhacht a áirithiú i measc na mbeart agus na n-ionstraimí beartais éagsúla a bhfuil tionchar acu ar chaomhnú na bpailneoirí fiáine. Tá sé á chur i bhfáth ag CESE a thábhachtaí atá sé cistí comhfhreagracha a bheith ann chun freastal ar a bhfuil sa Teachtaireacht ón gCoimisiún.

6.3.

Tá coimircí feabhsaithe de dhíth chun pailneoirí fiáine a chosaint i rith phróiseas an mheasúnaithe riosca i dtaca le lotnaidicídí agus i rith na céime úsáide araon. Mura nglacfar straitéis uaillmhianach chun dul i ngleic le húsáid lotnaidicídí, cuirfear todhchaí na mbeach agus na bpailneoirí eile i mbaol mar aon lenár n-éiceachóras iomlán agus slándáil bia chónaitheoirí an Aontais. Tá gá le trédhearcacht níos fearr maidir le fíorúsáid lotnaidicídí laistigh den Aontas Eorpach.

6.4.

Creideann CESE gurb é an cur chuige is éifeachtaí agus an réiteach is fearr ná teacht ar chomhaontú domhanda chun úsáid lotnaidicídí sintéiseacha a laghdú, rud a d’áiritheodh tiomantas uilíoch agus iomaíocht eacnamaíoch chothrom. Cé gur cosúil gur caolseans go dtarlóidh sin, ní mór cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus na hiarrachtaí a threisiú i gcomhthéacs na caibidlíochta idirnáisiúnta. Áirítear leis sin plé dáiríre faoi thoirmeasc ar lotnaidicídí a onnmhairiú chuig tríú tíortha, ar lotnaidicídí iad a bhfuil toirmeasc ar a n-úsáid cheana féin san Aontas.

An Bhruiséil, an 13 Iúil 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  COM(2023) 35 final.

(2)  COM(2021) 261 final (níl leagan Gaeilge ann).

(3)   IO C 100, 16.3.2023, lch. 45 (níl leagan Gaeilge ann).

(4)  Eurostat, Agri-environmental indicator – consumption of pesticides.

(5)  An Coimisiún Eorpach, A guide for pollinator-friendly cities [Treoir maidir le cathracha a thacaíonn le pailneoirí].

(6)   IO C 152, 6.4.2022, lch. 192.

(7)  Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — ‘Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le húsáid inbhuanaithe táirgí cosanta plandaí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/2115’ (COM(2022) 305 final – 2022/0196 (COD)) (IO C 100, 16.3.2023, lch. 137).

(8)   Electromagnetic radiation of mobile telecommunication antennas affects the abundance and composition of wild pollinators.

(9)  SCHEER, Statement on emerging health and environmental issues (2018).

(10)   Risk to pollinators from anthropogenic electro-magnetic radiation (EMR).

(11)  COM(2023) 35 final.

(12)  COM(2018) 395 final (níl leagan Gaeilge ar fáil).

(13)   Coalition of the Willing on Pollinators, Promote Pollinators.