18.8.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/77


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchoiteanna lena gcuirtear deisiú earraí chun cinn agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394, Treoracha (AE) 2019/771 agus (AE) 2020/1828

[COM(2023) 155 final — 2023/0083 (COD)]

(2023/C 293/11)

Rapóirtéir:

Thierry LIBAERT

Comhrapóirtéir:

Émilie PROUZET

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 17.4.2023

Comhairle an Aontais Eorpaigh, 12.4.2023

Bunús dlí

Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

An Margadh Aonair, Táirgeacht agus Tomhaltas

Dáta a glactha sa rannóg

2.6.2023

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

66/0/0

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14.6.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

178/1/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1

Tréaslaíonn Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) leis an gCoimisiún Eorpach an pacáiste tograí seo arb é is aidhm dó indeisitheacht táirgí a éascú agus próiseas deisithe táirgí atá éifeachtach tráthúil a áirithiú ó chéim a ndeartha go deireadh a saolré.

1.2

Tá CESE den tuairim go bhféadfadh roinnt de na bearta atá leagtha amach anseo thíos rannchuidiú le cur chun feidhme éifeachtach an chirt chun deisiúcháin.

1.3

Ar an gcéad rud, níl aon amhras ach gur féidir treisiú leis an gceart sin ach feabhas a chur ar an bhfaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí. Más céim chun tosaigh sa treo sin bunú ardáin náisiúnta ina dtabharfar le chéile an fhaisnéis ar fad, ní foláir na coinníollacha a shonrú faoina ndéanfar an t-ardán sin a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta.

1.4

Ar an dara rud, is díol sásaimh do CESE a chothroime atá na bearta a bhaineann leis an ráthaíocht dhlíthiúil, rud a chuirfidh ar a chumas don tomhaltóir táirge a chur á dheisiú ar a éascaíocht. Féach go neartaítear léi, ar thaobh amháin, an oibleagáid maidir le táirge a dheisiú ach fágtar de rogha ag an tomhaltóir, ar an taobh eile, táirge ionaid a iarraidh nuair is ró-mhór an chiotaí dó an deisiú féin. Bíodh sin mar atá, creideann an Coiste gur chóir an ceart chun deisiúcháin a chur i bhfeidhm go dáiríre, mar a bheadh leathbhreac na hoibleagáide treisithe atá ar an dáileoir a chuidse táirgí a dheisiú, agus má dhéantar amhlaidh ceart a bheidh ann a ligfidh don dáileoir sásamh iomlán dlí a lorg in aghaidh an mhonaróra (go háirithe i dtaca le páirteanna spártha agus costais). Is amhlaidh a fheidhmíonn dáileoirí mar a bheadh comhéadan i leith tomhaltóirí ann agus ba cheart tacaíocht a thabhairt dóibh i ndáil leis sin.

1.5

I dtreo is gur fusa don tomhaltóir teacht ar sheirbhís deisiúcháin nuair a bheidh an ráthaíocht dhlíthiúil istigh, is den riachtanas deimhin a dhéanamh de go mbeidh soláthróirí seirbhísí deisiúcháin ar fáil dó. Ní féidir sin, ámh, mura gcuirfear oiliúint ghairmiúil ar na soláthróirí agus mura dtabharfar rochtain do na deisitheoirí uile ar fhaisnéis riachtanach faoi dheisiú agus cothabháil táirgí, sin agus ar pháirteanna spártha riachtanacha ar phraghas réasúnta.

1.6

Indeisitheacht táirgí a chur chun cinn ó thús a dtimthrialla amach, is é is ábhar do dhréachtrialachán faoi leith. Ba cheart í a chur chun cinn freisin i ndiaidh chéim an deartha, mar atá le linn chéim an iardhíola. Chuige sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún, mar chuid den nuachóiriú leanúnach ar an gcreat um maoin intleachtúil (1) atá ar siúl, a mheas arbh inmholta an rud comhroinnt sonraí a chur chun cinn le haghaidh páirteanna spártha agus indeisitheacht táirgí. Ar a mhuin sin, ní foláir cur leis an rochtain ar pháirteanna spártha priontáilte 3T nó ar pháirteanna athláimhe sábháilte agus céim suas a thabhairt do tháirgí athchóirithe.

1.7

De ghrá na comhsheasmhachta, ní leor an ceart chun deisiúcháin a bheith ann mura gcuirfear toirmeasc san am céanna ar chleachtais (go háirithe an srathú) a chuireann bac d’aon ghnó ar an deisiú sna cásanna inar léir nach bhfuil sé d’aidhm ag na cleachtais sin ach bac a chur ar an iomaíocht i margadh na bpáirteanna spártha.

1.8

Ar an ásc deiridh, ba cheart bearta a dhéanamh ar mhaithe le cáilíocht, sábháilteacht agus costas an deisiúcháin. Uirlis áisiúil chun an margadh a thabhairt chun cinn is ea iallach a chur ar sholáthraithe na seirbhísí deisiúcháin tairiscintí iomaíocha bunaithe ar fhaisnéis chomparáideach a chur isteach tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Tá CESE den tuairim, áfach, gur den riachtanas tuilleadh beart a dhéanamh trína chinneadh, de bhun thaithí na mBallstát féin, cad iad na huirlisí airgeadais is mó a spreagfaidh tomhaltóirí, chomh dócha lena athrach, lena gcuid táirgí a chur á ndeisiú.

1.9

Tugann CESE dá aire go mbaineann ceist an deisiúcháin leis na geallsealbhóirí uile seachas leis na gnólachtaí amháin. Iarrann sé ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta dírithe ar na tomhaltóirí a chur chun cinn maidir le conas táirgí a chothabháil, a úsáid agus a chur á ndeisiú.

2.   Éirim an doiciméid ón gCoimisiún

2.1

An togra seo le haghaidh Treorach, is cuid de shraith téacsanna é a bhfuil sé d’aidhm acu ról an tomhaltóra san aistriú glas a chur chun tosaigh. Tá sé comhsheasmhach le sraith eile téacsanna, ar a n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip (Nollaig 2019), an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach (Márta 2020) agus an Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí (Samhain 2020).

2.2

D’fhonn deisiú earraí neamhchomhlíontacha a chur chun cinn, tá an Coimisiún Eorpach ag féachaint leis na tomhaltóirí a chumhachtú athuair trína chur ar a gcumas dóibh rogha a dhéanamh den gheilleagar ciorclach ag dhá chéim thábhachtacha de phróiseas an deisiúcháin:

1.

tráth ceannaithe táirge, de bhun na nithe seo a leanas:

(a)

an Togra le haghaidh Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, ar a n-áirítear ceanglais maidir le dearadh táirgí agus infhaighteacht páirteanna spártha;

(b)

an togra le haghaidh Treoir maidir le tomhaltóirí a chumhachtú i gcomhair an aistrithe ghlais, ar a n-áirítear ceanglais maidir le faisnéis faoi mharthanacht agus indeisitheacht táirgí ag an díolphointe;

2.

agus le linn chéim an iardhíola:

(a)

de bhun na Treorach lena leagtar síos an ráthaíocht dhlíthiúil, mar atá le linn na tréimhse baránta tar éis an táirge a cheannach, féadfaidh an tomhaltóir, i gcás fabht a bheith ann, rogha a dhéanamh idir an táirge neamhchomhlíontach a chur á dheisiú nó glacadh le táirge ionaid in aisce. Ní fhéadfar dul ar iontaoibh an deisiúcháin, áfach, nuair is dodhéanta an rud táirge a chur á dheisiú nó nuair is costas as compás le méid a chuirfear ar an dáileoir dá thairbhe, nó neachtar acu nuair is mór an chiotaí don tomhaltóir é;

(b)

clúdaítear leis an tionscnamh seo maidir le hindeisitheacht táirgí céim an iardhíola freisin.

2.3

An togra le haghaidh Treoir lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna chun deisiú earraí a chur chun cinn, baineann sé le cásanna ina ráiníonn fabht sa táirge nó ina ndéantar damáiste do tháirgí agus an ráthaíocht dhlíthiúil fós i bhfeidhm nó istigh. Déantar foráil ann maidir le ceithre oibleagáid go mór mór:

oibleagáid ghinearálta ó thaobh an deisiúcháin de;

foirm faisnéise faoin deisiú agus faoi na deisitheoirí a chur ar fáil;

faisnéis faoin deisiú a chur ar fáil;

ardán náisiúnta a chur ar bun le haghaidh faisnéis faoin deisiú agus faoi na deisitheoirí.

Os a choinne sin, is ann d’Airteagal amháin, áfach, lena leasaítear Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) maidir le forálacha sásaimh do thomhaltóirí i gcás neamhchomhréireachta (an ráthaíocht dhlíthiúil). Tugann sé tosaíocht don deisiú ar an ionadú i gcás inar lú costas an deisiúcháin ná an costas a leanfadh táirge ionaid a sholáthar nó i gcás inarb ionann iad.

3.   Barúlacha ginearálta

3.1

Is díol sásaimh do CESE cuspóirí an togra le haghaidh treorach, mar atá fíorcheart Eorpach chun deisiúcháin a chur chun cinn. Síleann sé gur comhlánú conláisteach an téacs seo ar théacsanna eile roimhe seo maidir le héicidhearthóireacht táirgí, téacsanna lena ndéantar tomhaltóirí na hEorpa a chumhachtú agus lena gcuirtear tomhaltóirí ar an eolas faoi éilimh chomhshaoil.

3.2

Mar sin féin, ní mór tús áite ar chlár oibre an Aontais a thabhairt d’fhorbairt earnáil an deisiúcháin, rud a d’aithin an Coimisiún mar ba cheart. Cuid lárnach den tsamhail ghnó atá le cur chun cinn ag an Aontas é an deisiú, rud a chaithfidh sé a chur chun tosaigh i gcomhar leis na hoibreoirí eacnamaíocha (monaróirí, dáileoirí, etc.), na tomhaltóirí agus na saoránaigh i gcoitinne. An fhís maidir le ‘ceart chun deisiúcháin’ ba mhian le CESE a chur os comhair an tsaoil, mar sin, ní fís í a fhéadfar a bhunú ar cheart atá ‘foirmiúil’ nó ‘teoiriciúil’ amháin. Ní foláir an reachtaíocht Eorpach a bheith bunaithe ar phrionsabal na ráthaíochta i réimse an deisiúcháin ardcháilíochta, bíodh sin ar thaobh an tsoláthair nó an éilimh, trí sholáthar éifeachtach seirbhísí deisiúcháin a chinntiú agus trí thomhaltóirí a spreagadh le táirgí a chur á ndeisiú.

3.3

Ó thaobh an chomhshaoil de, beart tábhachtach chun tionchar an tomhaltais a laghdú is ea síneadh a chur le saolré táirgí. Ar ndóigh, i dtreo is gur féidir cur le fad saoil táirge, ní foláir anailís a dhéanamh ar an tsaolré i gceist óir ní cuí ná ní cóir síneadh gan teorainn a chur le gach uile tháirge dá bhfuil ann. Ar an ábhar sin, tá CESE i bhfách leis an mbeart atá dírithe ar an oibleagáid maidir le hindeisitheacht táirgí a cheangal lena saolré, rud atá sainithe do chatagóirí táirgí sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe a bheidh ann amach anseo.

3.4

Ina theannta sin, molann CESE leis an liosta tosaigh de na táirgí lena mbaineann atá tugtha in Aguisín 2. Tá sé i bhfách freisin leis an moladh na catagóirí táirgí atá sainithe sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i bPointe 3.3 a áireamh sa liosta tosaigh sin. Fágann sin go mbeidh faisnéis faoi dhearadh na dtáirgí agus a n-indeisitheacht le fáil in aon roinn leis an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil cheana don tomhaltóir agus an oibleagáid maidir leis na táirgí sin a dheisiú.

3.5

Ón taobh sóisialta agus eacnamaíoch de, is amhlaidh a chruthaíonn earnáil an deisiúcháin idir luach agus phoist ardcháilíochta san Aontas Eorpach. De réir staidéar a rinneadh faoi choimirce Gaïa (3), cruthaítear 404 phost san earnáil in aghaidh gach 10 000 tona de tháirgí deisithe, eadhon caoga oiread is mó ná mar a chruthófaí dá ndéanfaí na táirgí deisithe sin a dhiúscairt i bhfoirm dramhaíola. Is ábhar imní do CESE, ar a shon sin, nach leor an oiliúint ghairmiúil agus na scileanna teicniúla atá ann leis an gceart sin a chur chun feidhme, mar is cóir. Dá bhrí sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún na huirlisí uile is gá a chur i ngníomh, i ndlúthchomhar leis na heagraíochtaí gairmiúla, chun oiliúint tosaigh leanúnach a thabhairt chun cinn dóibh siúd atá ag obair in earnáil an deisiúcháin.

3.6

Anuas air sin, is féidir cur go mór le cumhacht cheannaigh na dtomhaltóirí, a bhuíochas sin ar an deisiú, go háirithe i gcás na ngrúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste, ós éigean dóibh, de ghnáth, earraí áirithe atá ceannaithe cheana féin acu a cheannach athuair roimh am.

3.7

Is díol sásaimh do CESE go dtugann an Coimisiún dá aire sa Togra seo le haghaidh treorach gur gá cur chun gnímh cibé acu a bhíonn an ráthaíocht dhlíthiúil féin i bhfeidhm nó ó mhaith. Is móide a thábhacht an creat reachtach lena rialaítear tréimhse na ráthaíochta dlíthiúla a bheith éagsúil ó Bhallstát go chéile (2 bhliain atá i gceist i bhformhór na mBallstát; 3 bliana sa Ghréig; is í saolré mheasta an táirge atá cumhdaithe san Fhionlainn agus san Ísiltír). Ní foláir cur lena bhfuil de thrédhearcacht agus de shoiléireacht ann a fhad a bhaineann le cleachtais deisiúcháin ar an leibhéal Eorpach, agus comhchuibhiú a dhéanamh ó bharr anuas ar na creataí dlíthiúla fiú, ar mhaithe leis an gceart chun deisiúcháin a chur i ngníomh.

4.   Barúlacha sonracha

Bunaithe ar na tograí ón gCoimisiún, leagtar amach sna barúlacha sonracha slite ina bhféadfaí a áirithiú gur tarraingtí don tomhaltóir deisiú an táirge féin ná táirge ionaid a iarraidh.

4.1   An fhaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí a fheabhsú

4.1.1

Is díol sásaimh do CESE an togra seo ón gCoimisiún ós é is aidhm dó, i measc aidhmeanna eile, an fhaisnéis atá ar fáil do na tomhaltóirí a fheabhsú trína áirithiú go mbeidh aon ardán náisiúnta amháin ann ina molfar réitigh deisiúcháin dóibh. Tá sé tábhachtach go sonrófar na coinníollacha faoina mbunófar agus faoina mbainisteofar an t-ardán sin chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a chuirfear air iomlán agus cothrom le dáta.

4.1.2

Nuair a dhéantar táirge a dheisiú, ní mór dálaí an deisiúcháin féin a bheith soiléir, rud nach gá nuair a chuirtear táirge ionaid ar fáil. Trí chóras tairiscintí iomaíocha ar sheirbhísí deisiúcháin a chothú agus trí phraghsáil na seirbhísí, cáilíocht an deisiúcháin agus na modhanna oibre féin a thabhairt chun soiléireachta ar mhaithe leis na tomhaltóirí (trí bhíthin na hoibleagáide foirm um deisiú a sholáthar), cuirfear ar a gcumas tairiscintí níos fearr a fháil le haghaidh obair dheisiúcháin, agus, ar an dul sin, cuirfear le líon na n-earraí a bhíonn á ndeisiú. Dá bhrí sin, is díol sásaimh do CESE go bhfuil sé beartaithe an fhaisnéis a chuireann deisitheoirí isteach a chomhchuibhiú tríd an bhFoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán. Iarrann CESE ar an dá chomhreachtóir a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an togra seo, an Togra maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe agus an Togra maidir le hÉilimh Chomhshaoil.

4.1.3

Ina theannta sin, tá CESE i bhfách le córas scórála indeisitheachta a chruthú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de réir catagóir táirgí, rud dá bhforáiltear sa dréacht-Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, faoi mar a mhol an Coiste. Iarrann sé ar na Ballstáit gabháil orthu féin an córas scórála sin a chur ar bun de mheon an tionscadail Eorpaigh. Mura ndéanfar amhlaidh, is mó fós na costais a chuirfear ar na geallsealbhóirí agus an mearbhall a bheidh ar na tomhaltóirí.

4.1.4

Ar an ásc deiridh, is gá feachtas faisnéise agus múscailte feasachta a chur ar siúl ar fud na hEorpa chun go dtuigfear na buntáistí a bhaineann le táirgí a chur á ndeisiú agus fiúntas an phrionsabail ‘ceannaíocht mhaith inniu, coigilt amárach’. Ba cheart don fheachtas múscailte feasachta seo féachaint le soiléiriú a thabhairt don tomhaltóir maidir leis na bearta cothabhála a chaithfidh sé a dhéanamh. Dá réir sin, tá CESE i bhfabhar na mbeart atá molta sa Togra le haghaidh Treoir maidir le hÉilimh Chomhshaoil.

4.2   An obair deisiúcháin a éascú

4.2.1

Is leis an tréimhse bharánta, thar aon ní eile, a shamhlaítear céim an deisiúcháin. Maidir leis sin, an tús áite don deisiú atá á mholadh de rogha ar tháirge nua a sholáthar, rud a mhol CESE sa tuairim uaidh maidir le tomhaltóirí agus an t-aistriú glas (4), is tráthúil é a bheith á chur chun cinn anois. Go deimhin, beidh sé d’fhiacha ar an díoltóir feasta earraí a dheisiú ar chostas a bheidh coibhéiseach le costas an athsholáthair nó ar chostas is ísle ná sin, mura rud é go mbeidh an costas sin as alt le méid nó an deisiú féin dodhéanta. Dá thoradh sin, cuirfear isteach freisin ar rogha an tomhaltóra idir táirge ionaid a fháil nó táirge a chur á dheisiú. Mar sin féin, fágfar de rogha aige i gcónaí táirge ionaid a iarraidh i gcás moill an-mhór, rud is féidir a iarraidh i gcás ina bhfuil táirgí áirithe riachtanach do shaol laethúil an tomhaltóra nó dá shaol gairmiúil.

4.2.2

Ar a mhuin sin, tá CESE den tuairim nach foláir gur de chearta an dáileora an dlí a chur ar an monaróir agus nach foláir an ceart sin a leabú sa dlí éigeantach agus a ráthú dá réir sin d’fhonn is go mbeidh an beart faoi chaibidil inchurtha i bhfeidhm agus inmharthana ó thaobh na gheilleagair de. Má tá iallach le cur ar an dáileoir tabhairt faoin deisiú, cibé ar bith cén costas a chuirfear air dá bharr, ní foláir é a bheith in ann sásamh a lorg ar an monaróir, mar is ceart, chomh fada agus a bhaineann le rochtain a fháil ar pháirteanna spártha agus le comhroinnt na gcostas. Ní mór an oibleagáid sin a bheith éasca go leor le cur chun feidhme i dtreo go mbeidh FBManna in ann í a chomhlíonadh.

4.2.3

Céim an-mhór chun tosaigh atá sonraithe sa téacs is ea an oibleagáid atá á cur anois ar an táirgeoir a chuidse earraí a dheisiú fiú amháin agus an ráthaíocht dhlíthiúil istigh. De ghrá na hiomaíochta, is ríthábhachtach an ní an oibleagáid chéanna sin a chur ar tháirgeoirí nach den Aontas Eorpach iad. Dá bhrí sin, athdhearbhaíonn CESE gur gá an fhreagracht a chur ar na hionadaithe údaraithe nó fiú ar na hionaid dáileacháin, de réir mar a bheidh.

4.2.4

Ina theannta sin, is den tábhacht líonra pointí rochtana a bheith ar fáil ó chríoch go chéile d’fhonn tomhaltóirí a spreagadh le táirgí a chur á ndeisiú. Creideann CESE go bhfuil gá le tuilleadh deisitheoirí san Eoraip. Fágann sin go bhfuil gá freisin le beartas réamhghníomhach gairmoiliúna i réimse an deisiúcháin. Is móide an gá atá leis an mbeartas sin na hathruithe nach beag atá tagtha ar ghairm an deisitheora de thoradh fás rábach a bheith faoi theicneolaíochtaí digiteacha agus faoi tháirgí nasctha. Chomh maith le hoiliúint a chur ar fáil, beidh gá le poist ardcháilíochta a bhfuil pá maith ag gabháil leo, ós rud é go bhfuil ganntanas oibrithe oilte (go mór mór i réimse na gceirdeanna) in go leor Ballstát cheana féin.

4.2.5

Ach na seirbhísí deisiúcháin a thabhairt chun cinn, b’fhéidir a chinntiú gurbh ionann deiseanna do dheisitheoirí neamhspleácha agus do dheisitheoirí atá údaraithe ag táirgeoirí. Tá CESE den tuairim freisin gur cheart don Choimisiún rannchuidiú le samhlacha nua gnó a fhorbairt, sin agus na samhlacha céanna a spreagadh, cuir i gcás seirbhísí gairmiúla deisiúcháin, ceardlanna deisiúcháin, ‘caiféanna deisiúcháin’, etc. Tá sé ag iarraidh, dá bhrí sin, cur le líon na bpointí rochtana a bheidh ann chun táirgí a dheisiú.

4.3   Indeisitheacht táirgí a chur chun cinn ó chéim an deartha amach

4.3.1

Más fíor gur bacainn sa tslí ar tháirgí a chur á ndeisiú an dífheidhmeacht phleanáilte, is é tuairim CESE go dtugtar aghaidh ar an ábhar sin go sonrach i dTreoracha eile.

4.3.2

Mar sin féin, luífeadh sé le comhsheasmhacht go gcuirfeadh an Coimisiún comaoin bhreise ar an téacs seo maidir le deisiú trína iarraidh ar na Ballstáit toirmeasc a chur ar an dodheisitheacht phleanáilte. Ní féidir an ceart chun deisiúcháin a bheith ann más amhlaidh is dodheisithe d’earraí áirithe de dheasca mhodh a ndeartha.

4.3.3

Fágann an srathú nó an phéireáil gur deacair nó gur dodhéanta an ní páirteanna táirge a athsholáthar toisc go ndéantar sraithuimhir a mharcáil ar pháirteanna áirithe. I gcás ina ndéantar sraitheilimint a athsholáthar agus nach ionann an uimhir nua agus an uimhir atá taifeadta ar an máthairchlár, athraíonn sin an chaoi a n-oibríonn an fearas nó cuireann bac go fiú air. Fágann an cleachtas sin gurb é an líonra de dheisitheoirí teicniúla atá formheasta nó deimhnithe ag an monaróir, agus an líonra sin amháin, a fhéadfaidh an deisiú a dhéanamh sna cásanna sin, rud a dhéanann aimhleas na ndeisitheoirí agus na n-athchóiritheoirí neamhspleácha, agus fágann sé freisin nach féidir leas a bhaint as páirteanna a thagann chucu ón ngeilleagar ciorclach. Iarrann CESE ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit toirmeasc agus pionóis a chur ar chleachtais den sórt sin, ós ríléir gur bacainn iad ar an gceart chun deisiúcháin.

4.3.4

Foráiltear leis an dréacht-Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe don tréimhse nach mór páirteanna spártha de réir catagóir táirgí a bheith ar fáil lena linn. Mar sin féin, i bhfianaise a ghannchúisí atá an t-amhábhar, gan trácht ar na dúshláin a eascróidh as sin, iarrann CESE ar an gCoimisiún táirgeadh páirteanna spártha a chur chun tosaigh trí úsáid a bhaint as an bpriontáil 3T. Dá réir sin, ba ghá do na monaróirí pleananna 3T a fhoilsiú, mar atá déanta cheana féin ag cuid acu le blianta beaga anuas, nuair a scoirfidh siad féin de na páirteanna sin a tháirgeadh. Agus athbhreithniú á dhéanamh ar chreat an Aontais Eorpaigh um maoin intleachtúil, iarrann an Coiste ar an gCoimisiún a mheas arbh inmholta an ní sonraí maidir leis na páirteanna spártha sin a chomhroinnt agus a chur ar fáil ar an ardán.

4.3.5

Ba mhaith le CESE go dtacódh an tAontas Eorpach le cleachtais athchóirithe gléasanna, ós ionann na cuspóirí eacnamaíocha agus comhshaoil atá leo agus atá leis an deisiú féin.

4.4   Costais an deisiúcháin

4.4.1

Ceann de na bacainní is mó ar sheirbhísí deisitheora a lorg is ea na costais a ghabhann leo; dá bhrí sin, is gá forálacha na treorach atá beartaithe a fhorlíonadh le Tograí atá dírithe ar an gcostas deisiúcháin a chuirtear ar an tomhaltóir a laghdú.

4.4.2

Cé is moite den ráthaíocht dhlíthiúil, síleann CESE go spreagfar tuilleadh tomhaltóirí le dul ar iontaoibh seirbhísí deisiúcháin agus go laghdófar costais an deisiúcháin ach an Fhoirm Eorpach um Fhaisnéis faoin Deisiúchán a thabhairt isteach ar bhonn uilechoiteann d’fhonn soiléireacht faoin bpraghsáil sa réimse seo a chinntiú agus soláthróirí na seirbhísí deisiúcháin a chur in iomaidh le chéile.

4.4.3

D’fhonn costas an deisiúcháin a laghdú, féadfaidh an tAontas spreagadh a thabhairt do dheisitheoirí páirteanna spártha athláimhe a úsáid. Is oth le CESE go bhfuil margadh na n-ábhar earraí athláimhe nó margadh na bpáirteanna spártha sábháilte agus athchúrsáilte sách teoranta agus ar uireasa iomaíochta faoi láthair mar gheall ar easpa bonneagair agus easpa reachtaíocht leordhóthanach.

4.4.4

Ní foláir don Choimisiún cromadh ar bhearta nithiúla eile a dhéanamh chun an comhartha praghais a ghabhann le deisiú táirgí a dhéanamh níos fabhraí. Ní foláir dó ceangal a chur ar na Ballstáit bearta a dhéanamh ina leith chomh maith. Dá bhrí sin, síleann CESE gur ríthábhachtach an ní dreasachtaí cánach nó bearta cúitimh eile a chur chun cinn le leas na hearnála a dhéanamh. Bunaithe ar thaithí na mBallstát go sea, ba cheart na huirlisí is oiriúnaí chun borradh a chur faoi mhargadh na n-earraí athláimhe agus faoi earnáil an deisiúcháin a shainaithint.

An Bhruiséil, an 14 Meitheamh 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://single-market-economy.ec.europa.eu/industry/strategy/intellectual-property/industrial-design-protection_fr

(2)  Treoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE (IO L 136, 22.5.2019, lch. 28)

(3)  Gaïa, ‘Zero Waste and Economic Recovery. The job creation potential of zero waste solution’, 2021.

(4)   IO C 443, 22.11.2022, lch. 75.