|
29.6.2023 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 228/121 |
Tuairim — ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán
[COM(2022) 748 final —2022/0432 (COD)]
(2023/C 228/17)
|
Rapóirtéir: |
John COMER |
|
Comhairliúchán |
Parlaimint na hEorpa, 13.2.2023 An Chomhairle, 10.2.2023 |
|
Bunús dlí |
Airteagal 114 agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |
|
Rannóg atá freagrach |
Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol |
|
Dáta a glactha sa rannóg |
13.4.2023 |
|
Dáta a glactha sa seisiún iomlánach |
27.4.2023 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
578 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
145/0/0 |
1. Conclúidí agus moltaí
Seo Seasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE)
|
1.1. |
Siúd is go bhfuil sé de rogha ag an Aontas Eorpach nuashonrú ar Chóras Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe a mholadh i gcomhréir leis an leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP atá beartaithe, ní féidir talamh slán a dhéanamh de go nglacfaidh na páirtithe uile leis an togra ón Aontas. An neamhréir shealadach seo, tá an baol ann gur fadhb bhuan a thiocfaidh di i bhfad na haimsire. Is cosúil go mba dhodhéanta, geall leis de, na tograí nua maidir le díolacháin ar líne nach de thionscnamh an Aontais Eorpaigh iad a chur chun feidhme mura nglacfaidh Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe leo. |
|
1.2. |
Tá CESE den tuairim gur den mhórthábhacht a dóthain acmhainní, saineolais agus foirne a bheith ag an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán chun gur féidir di an leagan athbhreithnithe den Rialachán a chur chun feidhme. Thar aon ní eile, beidh ar an nGníomhaireacht agus ar na Ballstáit cur lena bhfuil d’acmhainní acu chun déileáil go sonrach leis an ualach oibre méadaithe. |
|
1.3. |
Is oth le CESE nach ann d’fhoráil shonrach lena dtabharfaí rabhadh don tomhaltóir i gcás ina n-athrófaí na comhábhair cheimiceacha i dtáirge brandáilte ach gan athrú a theacht ar an ainm branda. I gcás branda a bhfuil taithí ag tomhaltóirí air, ní sheiceálfaidh siad é ach amháin má chuirtear foláireamh speisialta ar lipéad an bhranda sin. Is minic a athraíonn monaróirí glantach tí a gcuid comhábhar, mar shampla na heinsímí agus na tuaslagóirí iontu a athrú. Ba cheart an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na hathruithe sin i gcás nach n-athraítear ainm an bhranda dá n-ainneoin sin. |
|
1.4. |
Molann CESE gur gá don chreat atá curtha ar bun ag an gCoimisiún chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an leagain athbhreithnithe de Rialachán CLP meastóireacht chúramach a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ann do luachshlabhraí bunriachtanacha a mbaineann ceimiceáin leo ionas nach gcuirfear isteach ar na slabhraí sin. Dar leis an gComhairle Eorpach um Thionscal Ceimiceán (CEFIC) go bhfuil an baol ann go mbainfidh na hathruithe atá beartaithe ar Rialachán CLP agus ar an gcur chuige cineálach maidir le bainistiú riosca le 12 000 substaint, nach mór. Dá thoradh sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh fáil ar an margadh a thuilleadh ar go leor táirgí a úsáideann tomhaltóirí agus gairmithe de ghnáth. |
|
1.5. |
Tá CESE ag iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar fholláine na ndaoine a oibríonn i dtionscal na gceimiceán. Ní foláir tús áite a thabhairt i gcónaí don tsláinte agus don tsábháilteacht. Ní mór dianoiliúint a chur orthu siúd atá ag obair i dtionscal na gceimiceán ionas go mbeidh tuiscint iomlán acu ar na ceimiceáin a theagmhaíonn leo ina gcuid oibre. Ní mór an uile chuid den trealamh a chothabháil i gceart. Tá sé le baint as sonraí ón gCóras um Thuairisciú Mórthionóiscí (eMARS) go dtarlaíonn os cionn 30 tionóisc thionsclaíoch in aghaidh na bliana ar an meán sna 12 000 bunaíocht thionsclaíoch ardghuaise atá cláraithe san Aontas Eorpach. |
|
1.6. |
Tá CESE ag leagan béim air gur mór an tábhacht atá leis an gcur chuige réamhchúraim i gcosaint na sláinte agus an chomhshaoil óir baintear úsáid as sonraí atá ann cheana maidir le ceimiceáin atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de, rud a fhágann gur féidir cinneadh réamhchúraim a dhéanamh sula mbeidh fianaise eolaíoch iomlán ann ar riosca. |
|
1.7. |
Tugann CESE dá aire gur aithníodh sa tuarascáil maidir leis an reachtaíocht i réimse na gceimiceán a d’fhoilsigh an Biúró Eorpach Comhshaoil (BEC) (Iúil 2022) gur ann do thrí phríomhscrogall i bpróiseas rialála na gceimiceán de bharr:
|
2. An togra ón gCoimisiún
|
2.1. |
Tá athbhreithniú á mholadh ag an gCoimisiún ar Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (Rialachán CLP). |
Is éard is cuspóir do Rialachán CLP ardleibhéal cosanta sláinte agus comhshaoil a leagan síos chomh maith le saorghluaiseacht substaintí ceimiceacha, meascán agus earraí áirithe a éascú. Le Rialachán CLP cuirtear de cheangal ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar úsáideoirí foghabhálacha substaintí ceimiceacha agus meascán, ceimiceáin ghuaiseacha a lipéadú agus a phacáistiú sula gcuirfidh siad ar an margadh iad. Leagtar síos le Rialachán CLP na rialacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhaineann le sainaithint guaise agus aicmiú guaise. Leagtar amach sa Rialachán seo na rialacha comhchoiteanna maidir le lipéadú d’fhonn na tomhaltóirí agus na hoibrithe a chur ar an eolas i gceart faoi úsáid táirgí contúirteacha.
|
2.2. |
Tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún gur éirigh leis an Aontas margadh aonair éifeachtúil a chruthú do cheimiceáin. |
Is gá athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán CLP, dar leis an gCoimisiún, mar gheall ar laigí agus bearnaí dlíthiúla áirithe a bheith sa leagan de Rialachán CLP atá i bhfeidhm i láthair na huaire. Déantar foráil sna tograí do na nithe seo a leanas: aicmí guaise nua a thabhairt isteach le haghaidh suaiteoirí inchríneacha agus ceimiceáin chontúirteacha eile (trí bhíthin gníomh tarmligthe), rialacha sonracha maidir le ceimiceáin arna ndíol i gcoimeádáin in-athlíonta, feabhas a chur ar chúrsaí cumarsáide, ar a n-áirítear an chumarsáid ar líne, a bhuí sin le lipéadú níos soiléire agus níos inléite, deis a thabhairt don Choimisiún tograí maidir le haicmiú a thabhairt chun cinn, maille le próisis fheabhsaithe thapa.
|
2.3. |
Tá an tAontas tiomanta do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna). Creideann an Coimisiún go rannchuideoidh an t-athbhreithniú sin ar Rialachán CLP le SDGanna áirithe a chur i gcrích, lena n-áirítear iad siúd atá dírithe ar an dea-shláinte agus an fholláine a áirithiú mar aon le patrúin inbhuanaithe tomhaltais agus táirgthe agus uisce glan agus sláintíocht. I bpáirt an Choimisiúin de, is “toradh tábhachtach” é an t-athbhreithniú seo freisin ar an Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht (ar cuid den Chomhaontú Glas í). |
|
2.4. |
Tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún gur gá ceimiceáin ghuaiseacha a shainaithint agus a aicmiú ar bhealach níos fearr mar gheall ar an riosca do shláinte an duine agus don chomhshaol a ghabhann leo. Ní mór aghaidh a thabhairt ar a bhfuil de neamhéifeachtúlachtaí sna nósanna imeachta agus ar na heasnaimh ar an gcumarsáid a dhéantar faoi cheimiceáin ghuaiseacha. Is ann do líon suntasach aicmithe substaintí atá earráideach nó imithe i léig i bhfardal na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán. Is iomaí cúis atá leis seo, ina measc an mhainneachtain athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar aicmithe agus athruithe ar aicmiú comhchuibhithe na substaintí comhábhair. Tá an baol ann freisin go dtiocfaidh fadhbanna chun cinn de dheasca “bileoga sonraí sábháilteachta” míchruinne. Is féidir leis an bhfaisnéis i mbileog sonraí sábháilteachta éifeachtaí iartheachtacha an-tromchúiseach a bheith aici, go háirithe más faisnéis mhíchruinn atá inti. Ar a mhuin sin, is féidir go ndéanfar substaintí a sainíodh tráth ina substaintí neamhghuaiseacha a athshainiú ina substaintí guaiseacha de bharr taighde nua a theacht chun solais. Mar shampla, rinneadh aigéad bórach a chatagóiriú lá den saol mar shubstaint neamhghuaiseach. Ina dhiaidh sin, áfach, rinneadh é a chatagóiriú mar shubstaint an-ghuaiseach (de thoradh a tocsaineachta atáirgthe), rud a d’fhág go raibh gá le bileoga sonraí sábháilteachta nua. |
|
2.5. |
Mar chuid den phacáiste maidir leis an athbhreithniú ar Rialachán CLP, tá gníomh tarmligthe á mholadh ag an gCoimisiún faoinar féidir substaintí agus meascáin ag a bhfuil airíonna suaiteoir inchríneach (“ED”), airíonna marthanacha, bithcharnacha agus tocsaineacha (“PBT”), airíonna an-mharthanach agus an-bhithcharnach (“vPvB”), airíonna marthanacha, soghluaiste agus tocsaineacha (“PMT”), nó airíonna an-mharthanach agus an-soghluaiste (“vPvM”) a aicmiú in aicmí nua guaise atá le leagan síos. |
|
2.6. |
Moltar san athbhreithniú é a chur ar a chumas don Choimisiún sainchomhaid aicmiúcháin níos comhchuibhithe ná riamh a thionscnamh agus a mhaoiniú. |
|
2.7. |
Tá sé beartaithe feabhas a chur ar an modh trína n-aicmíonn cuideachtaí substaintí, lena n-áirítear trí oibleagáid a chruthú cúiseanna a thabhairt le haicmithe éagsúla ar tugadh fógra fúthu nach bhfuil de réir a chéile i bhfardal na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán agus trí bhíthin sprioc-am luath faoina gcaithfear fógraí a thabhairt cothrom le dáta. |
|
2.8. |
Tiocfaidh feabhas ar thrédhearcacht agus intuarthacht na dtograí a bhfuil sé beartaithe ag na gníomhaithe éagsúla a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán ós rud é go mbeidh oibleagáid orthu a bhfuil ar intinn acu a chur in iúl don Ghníomhaireacht. |
|
2.9. |
Moltar san athbhreithniú feabhas a chur ar an gcumarsáid maidir le ceimiceáin ghuaiseacha mar leanas:
|
|
2.10. |
Ina theannta sin, tugtar aghaidh sa togra maidir le hathbhreithniú ar bhearnaí dlíthiúla agus débhríochtaí is infheidhme maidir le fógraí díolacháin ar líne agus lárionaid nimhe. |
|
2.11. |
I gcás gach díolacháin ar líne, beidh ar sholáthróir a chinntiú go gcomhlíonann substaint nó meascán a chuirtear ar mhargadh an Aontais Eorpaigh ceanglais CLP agus áireofar air sin díolacháin ar líne ón taobh amuigh den Aontas. |
|
2.12. |
Soiléireofar an fhoráil maidir le fógra a thabhairt do lárionaid nimhe. Beidh ar na gníomhaithe ábhartha uile a chinntiú go gcuirfidh siad a bhfuil de lárionaid nimhe fud fad an Aontais ar an eolas. |
|
2.13. |
Moltar athrú tábhachtach a dhéanamh, lena chois sin, i réimse na fógraíochta. Beidh oibleagáid ar na gníomhaithe i gceist a chinntiú go mbeidh an fhaisnéis uile is tábhachtaí maidir le sábháilteacht agus le cosaint an chomhshaoil áirithe san fhógraíocht faoi shubstaintí guaiseacha agus meascáin ghuaiseacha. Ba chóir an aicme ghuaise, na ráitis ghuaise agus na picteagraim a áireamh san fhógra. |
|
2.14. |
Áirítear ar na príomhghníomhaíochtaí atá liostaithe sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht agus a bhfuil sé d’aidhm ag an gCoimisiún díriú orthu sa togra seo córas atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhunú chun guaiseacha suaiteoirí inchríneacha a shainaithint (bunaithe ar shainmhíniú na hEagraíochta Domhanda Sláinte), ag tógáil dó ar chritéir a tugadh chun cinn cheana le haghaidh lotnaidicídí agus bithicídí, agus á gcur i bhfeidhm ar fud na reachtaíochta uile. Tá na haicmí guaise nua agus critéir nua ceaptha ar chuma a ligfidh dóibh aghaidh a thabhairt sa tslánchruinne ar thocsaineacht, marthanacht, soghluaisteacht agus bithbhailiú sa chomhshaol. |
3. Barúlacha ginearálta
|
3.1. |
Is díol sásaimh do CESE an t-athbhreithniú spriocdhírithe atá beartaithe ar Rialachán CLP arb é is aidhm dó a áirithiú go bhfeidhmeoidh an Rialachán sin go héifeachtach agus go héifeachtúil. |
|
3.2. |
Is mór an sásamh do CESE freisin an gníomh tarmligthe atá beartaithe chun aicmí guaise nua a bhunú maidir le suaiteoirí inchríneacha, agus maidir le substaintí agus táirgí nach lobhann sa chomhshaol agus ar féidir leo bailiú chucu féin in orgánaigh bheo nó dul isteach sa chóras uisce, ar a n-áirítear in uisce óil. |
|
3.3. |
Easnamh mór ar an leagan reatha de Rialachán CLP is ea nach gcomhlíonann roinnt mhaith ceimiceán a dhíoltar ar líne san Aontas ceanglais dhlíthiúla CLP. Cuirtear sláinte an duine agus an comhshaol araon i mbaol dá dheasca sin. Is díol sásaimh do CESE an togra seo óir déantar iarracht ann an t-easnamh réamhráite a chur ina cheart. |
|
3.4. |
Ní léir conas a fhorfheidhmeofar an t-athrú atá beartaithe ar na rialacha a bhaineann le fógraíocht. An amhlaidh a bheidh an t-eintiteas a fhoilseoidh fógra atá de shárú ar na rialacha i mbaol smachtbhannaí agus an mar sin freisin do dhíoltóir an táirge a d’iarr an fógra an chéad lá? |
|
3.5. |
I bpáipéar leathoifigiúil a foilsíodh i mí na Bealtaine 2022, maíonn an BCE go ndéanann cuideachtaí sonraí neamhiomlána nó lochtacha a chur isteach go rialta maidir le héifeachtaí guaiseacha a gceimiceán, ach go dtugtar rochtain ar an margadh dóibh, ar a shon sin (rud a chuireann an riail “mura bhfuil sonraí ann, ní bheidh margadh ann” ó rath). Dá thoradh sin, bac suntasach ar an rialáil is ea drochcháilíocht na sainchomhad clárúcháin arna gcur isteach ag lucht an tionscail féin. |
|
3.6. |
I litir chomhpháirteach chuig an gCoimisiún dar dáta an 27 Feabhra 2023, dúirt an Biúró Eorpach Comhshaoil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha éagsúla gur dheis ríthábhachtach iad na hathchóirithe atá le déanamh ar chórais rialála REACH agus CLP chun na bearnaí sonraí doshéanta atá ann faoi láthair a dhúnadh agus chun deifir a chur leis an ngníomhaíocht rialála maidir le ceimiceáin dhíobhálacha, rud is riachtanas. Leis an litir seo, is mian linn a chur in iúl gur cúis mhór imní dúinn na bearnaí sin sna sonraí, rud a chuireann bac ar shainaithint éifeachtach agus ar bhainistiú riosca na gceimiceán is mó is cás linn. |
|
3.7. |
Is ag comhlánú a chéile atá an t-athbhreithniú ar Rialachán REACH agus ar Rialachán CLP. Mar shampla, fágfaidh na ceanglais nua faisnéise faoin leagan athbhreithnithe de Rialachán REACH go mbeidh faisnéis ar fáil maidir le hairíonna intreacha substaintí, rud a éascóidh a n-aicmiú faoi na haicmí guaise nua sa leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP. |
|
3.8. |
Ionas nach sárófar dlí na hiomaíochta, mhol an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán do na cuideachtaí lena mbaineann faisnéis a mhalartú le chéile go cúramach, rud a fhágann nár ghá a mhalartú ach an fhaisnéis is fíor-riachtanach chun dúbailt chostasach tástálacha a sheachaint. |
4. Barúlacha sonracha
|
4.1. |
An 11 Iúil 2022, d’fhoilsigh an Biúró Eorpach Comhshaoil tuarascáil maidir leis an reachtaíocht i réimse na gceimiceán agus aithníodh inti gur ann do thrí phríomhscrogall i bpróiseas rialála na gceimiceán de bharr:
|
|
4.2. |
Mhol an Biúró Eorpach Comhshaoil gur cheart spriocdhátaí ceangailteacha a thabhairt isteach le haghaidh cinntí, smachtbhannaí nua a ghearradh ar eagraíochtaí nach soláthraíonn na sonraí uile is gá agus cur chuige réamhchúraim a leanúint i gcás na rialála a dhéantar ar cheimiceáin. |
|
4.3. |
Tá spriocdhátaí leagtha síos san athbhreithniú faoina gcaithfear lipéid a thabhairt cothrom le dáta tar éis athrú a theacht ar aicmiú, agus moltar ann gur cheart feidhm a bheith ag an spriocdháta sé mhí i gcás ina mbeidh guais nua le háireamh ar mhuin guais atá ann cheana. I gcás ina bhfuil éagsúlachtaí idir na haicmithe is déanaí agus aicmithe atá imithe i léig, ba cheart a chur de cheangal ar fhógróirí a bhfógraí a thabhairt cothrom le dáta laistigh de shé mhí tar éis athrú a theacht ar aicmiú. |
|
4.4. |
Deir an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán sa tuarascáil a chuir sí amach i mí an Mheithimh 2022 gur gá guaiseacha a dheimhniú sula bhféadfar tús a chur le gníomhaíochtaí bainistithe riosca agus nach annamh tuilleadh sonraí de dhíth i dtosach báire, rud a fhágann gur gá do chuideachtaí a gclárúcháin a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn réamhghníomhach trí fhaisnéis atá cothrom le dáta a chur leo. |
|
4.5. |
Is mór go léir an tábhacht atá le faisnéis cothrom le dáta má tá rath le bheith ar an bpróiseas seo agus, dá bhrí sin, ní mór don uile ghníomhaí cur leis an bpróiseas sin ar mhaithe le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol. Ba cheart feidhm a bheith ag smachtbhannaí nuair is ann d’fhianaise ghlan go bhfuil moill mhíchuí á déanamh nó i gcásanna ina gcuirtear sonraí isteach nach leor. |
|
4.6. |
Beidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán cur leis an líon foirne atá aici más uaithi an Rialachán nua seo atá beartaithe a chur chun feidhme go héifeachtúil. Ina theannta sin, tá cuid mhaith de na Ballstáit ar bheagán acmhainní, rud a chuireann srian orthu sainchomhaid a chur isteach. |
|
4.7. |
Faoi na húdaráis náisiúnta atá sé Rialachán CLP a fhorfheidhmiú agus is cuid den chúram sin é a sheiceáil ar cláraíodh nó ar réamhchláraíodh an tsubstaint i gceist agus cruinneas na mbileog sonraí sábháilteachta lena mbaineann a dheimhniú. Níl an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán freagrach ar mhodh ar bith as an bhforfheidhmiú. Mar sin féin, óstálann an Ghníomhaireacht fóram le haghaidh malartú faisnéise idir na Ballstáit a fhad a bhaineann le forfheidhmiú. |
|
4.8. |
Tá creat á fhorbairt ag an gCoimisiún faoi láthair arb é is aidhm dó faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an leagain athbhreithnithe den Rialachán. Tá sé ríthábhachtach a chur san áireamh sa phróiseas faireacháin an tionchar a imreofar ar luachshlabhraí ar ar cheimiceáin a bhíonn a mbrath, ní áirím an tionchar foriomlán ar mhargadh aonair na gceimiceán. |
|
4.9. |
Ceanglaítear leis na forálacha nua maidir le díolacháin ar líne go bhfuil soláthróir bunaithe san Aontas ar air a thiteann sé a áirithiú go gcomhlíonann an tsubstaint cheimiceach ceanglais an rialacháin. Is é an dála céanna ag díolacháin ar líne ón taobh amuigh den Aontas Eorpach isteach san Aontas é. Is éard is aidhm don togra seo cosc a chur ar thomhaltóirí a bheith ina n-allmhaireoirí de jure agus de facto ón taobh amuigh den Aontas. Ní dhearnadh aon togra soiléir, áfach, maidir le conas é sin a chur chun feidhme go rathúil. Go deimhin, dealraíonn sé gur dodhéanta an ní é, geall leis de, an socrú sin a chur chun feidhme go dtí go dtabharfar leagan athbhreithnithe de Rialachán CLP i gcomhréir le Córas Comhchuibhithe Domhanda na Náisiún Aontaithe um Cheimiceáin a Aicmiú agus a Lipéadú. |
|
4.10. |
Monaróirí a athraíonn na comhábhair i dtáirge brandáilte gan athrú a dhéanamh ar an ainm branda, ba cheart a chur de cheangal orthu foláireamh faoi leith a chur ar an lipéad d’fhonn an tomhaltóir a chur ar an eolas faoi na hathruithe ceimiceacha atá sa táirge. |
|
4.11. |
Creideann an Chomhairle Eorpach um Thionscal na gCeimiceán (2) go bhfágfaidh na hathruithe ar Rialachán CLP a rian ar lúba na luachshlabhraí uile agus gur den ghéar-riachtanas go ndéanfaidh an Coimisiún anailís cháiréiseach d’fhonn a fháil amach an bhféadfadh droch-thionchar a bheith ag an athbhreithniú ar Rialachán CLP ar luachshlabhraí straitéiseacha bunriachtanacha agus, más ea, conas sin. |
|
4.12. |
Ós rud é go dtugtar le fios le prionsabal an réamhchúraim gur chóir cur chun gnímh ar mhaithe leis na rioscaí ó cheimiceáin a laghdú i gcás ina bhfuiltear in amhras air, más go héideimhin féin é, gur ann do rioscaí díobhála, ba cheart, dá réir sin, gníomh a dhéanamh sula mbeidh cruthúnas iomlán eolaíoch ar an riosca ann. |
|
4.13. |
Tá tábhacht thar na bearta le sábháilteacht na ndaoine a oibríonn i dtionscal na gceimiceán. Ba cheart measúnú a dhéanamh go rialta ar an tsábháilteacht san ionad oibre, agus deimhin a dhéanamh de, san am céanna, go gcuirtear gach prótacal sláinte agus sábháilteachta chun feidhme go hiomlán agus mar is cuí. |
|
4.14. |
Is fadhbanna tromchúiseacha iad ceimiceáin a bheith á láimhseáil go míchuí agus gan measúnuithe leordhóthanacha riosca a bheith ar siúl, fadhbanna nach foláir béim a leagan orthu san ionad oibre. Ní mór dianoiliúint a chur orthu siúd atá ag obair i dtionscal na gceimiceán ionas go mbeidh tuiscint iomlán acu ar na ceimiceáin a theagmhaíonn leo ina gcuid oibre. Is den riachtanas é go ndéanfar an uile chuid den trealamh i ngléasraí ceimiceacha a chothabháil i gceart ionas gur féidir oibrithe a chosaint ar ghortú nó ar an mbás féin de dheasca trealamh fabhtach. Tá sé le baint as sonraí ón gCóras um Thuairisciú Mórthionóiscí (eMARS) go dtarlaíonn os cionn 30 tionóisc thionsclaíoch in aghaidh na bliana ar an meán sna 12 000 bunaíocht thionsclaíoch ardghuaise atá cláraithe san Aontas Eorpach. Níl san áireamh sna sonraí sin tionóiscí a tharlaíonn i saoráidí guaiseacha nach bhfuil cumhdaithe le Treoir Seveso. Níl tionóiscí píblínte nó iompair san áireamh iontu ach chomh beag. |
An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Oliver RÖPKE
(1) IO L 353, 31.12.2008, lch. 1
(2) www.cefic.org.