25.5.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 184/13


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — “Ról na ndaoine óga san aistriú glas”

(Tústuairim arna hiarraidh sin d’Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 184/03)

Rapóirtéir:

Nicoletta MERLO

Iarraidh ó Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Litir, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

8.3.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

22.3.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

577

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

152/00/01

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Creideann CESE gur féidir le daoine óga agus nach mór do dhaoine óga ról ríthábhachtach a bheith acu i gcomhthéacs an aistrithe ghlais. Measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh samhail nua rialachais ann atá níos cuimsithí agus atá in ann rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga i bpróisis chinnteoireachta a áirithiú, agus na bacainní atá fós ann á sárú san am céanna.

1.2.

Tá sé á chur i bhfios go láidir ag CESE a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh ról ceannasach ag eagraíochtaí don óige sa phróiseas cinnteoireachta agus i bhforbairt agus scaipeadh tionscadal a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus leis an gcomhshaol, tríd an tacaíocht airgeadais is gá a ráthú dóibh i measc nithe eile.

1.3.

Measann CESE gur den ríthábhacht go ndéanfar faireachán leanúnach ar na héifeachtaí atá ag infheistíochtaí poiblí, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas, ar dhaoine óga agus ar na tionchair a bheidh acu orthu amach anseo trí mheasúnú tionchair eacnamaíoch, polaitiúil agus sóisialta a dhéanamh ar na beartais atá le cur chun feidhme, agus táscairí á n-úsáid roimh a bhformheas, lena linn agus tar éis a bhformheasta.

1.4.

Molann CESE d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh i ngach réimse beartais agus an deis a chur ar fáil rannpháirtíocht ghníomhach daoine óga a ráthú trí Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a ghlacadh ina iomláine.

1.5.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach na tionscnaimh agus na beartais a ghlacfar i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na Scileanna a nascadh le téama an aistrithe ghlais, leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus leis na dúshláin atá roimh dhaoine óga i saol atá ag athrú go tapa.

1.6.

Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach an t-oideachas agus forbairt na scileanna a bhfuil daoine óga ag súil leo maidir leis an tsaincheist sin a chur san áireamh. Déanfar amhlaidh trí úsáid a bhaint as cur chuige trasearnála lena bhféadfar scileanna teoiriciúla agus praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an aistriú ón scoil go dtí an obair agus printíseachtaí gairmiúla a chur chun feidhme agus a fheabhsú, agus trí pháirt a thabhairt do na comhpháirtithe sóisialta freisin. Ina theannta, an oiliúint ar na hábhair sin a chuirfí ar fáil, ba cheart di a bheith struchtúrach trí dhearadh agus forbairt na hoiliúna sin a bhunú ar na críocha agus na riachtanais atá acu, agus an méid sin laistigh de chreat níos leithne ar an leibhéal náisiúnta.

1.7.

Measann CESE nach mór na saincheisteanna maidir le hinbhuanaitheacht agus cosaint an chomhshaoil a theagasc ó aois óg, trí uirlisí nuálacha oideachais a ghlacadh lena gcuirfear san áireamh cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, agus gnóthú na gcuspóirí gaolmhara. Tá oideachas ar ardchaighdeán do chách agus obair chuibhiúil dóibh siúd a chuireann ar fáil é ríthábhachtach chun é sin a áirithiú.

1.8.

Tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé do scoileanna dul i ngleic leis na saincheisteanna a bhaineann leis an aistriú glas i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus trí bhíthin gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil, go háirithe i gcomhar le heagraíochtaí don óige agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe. Ar an gcaoi sin, cruthófar feasacht agus rannpháirtíocht i measc na ngnáthshaoránach. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE an dea-thaithí a cuireadh ar fáil le Tionscadal Erasmus Glas agus tá sé ag súil lena chur chun feidhme.

1.9.

Chun scileanna a thabhairt d’oibrithe, idir óg agus aosta, a chuirfidh ar a gcumas an nuálaíocht a thagann as an aistriú glas a rialú, creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhoghlaim obairbhunaithe. Mar chuid de sin, bheadh sé tábhachtach oiliúint sa láthair oibre agus intéirneachtaí agus printíseachtaí ardcháilíochta a chur chun cinn lena bhféadfaí idirphlé dearfach a chruthú i dtaca le riachtanais an mhargaidh agus scileanna aonair daoine óga. Is féidir ról lárnach a bheith ag an idirphlé sóisialta agus ag an gcómhargáil ina leith sin.

1.10.

Tá CESE den bharúil go bhfuil sé riachtanach beartais oiliúna iomlánaíocha a bheith ann atá comhtháite le beartais thionsclaíocha, a bheidh comhordaithe le straitéisí forbartha eile, agus a bheidh pleanáilte go mion ar an leibhéal críochach agus áitiúil. Ba cheart sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta chun a áirithiú gur aistriú cóir a bheidh san aistriú glas agus nach bhfágfar aon duine ar lár.

1.11.

Chun rannpháirtíocht leordhóthanach na mban in earnálacha a bhaineann leis an aistriú glas a áirithiú, creideann CESE nach mór an comhionannas inscne a bheith ina dhlúthchuid den aistriú glas. Ba cheart do na Ballstáit níos mó acmhainní a infheistiú chun treoir ghairme a chur ar fáil do dhaoine óga ar scoil agus chun tacú leo san obair trí sheirbhísí éifeachtúla poiblí fostaíochta atá nasctha go leormhaith le creatlach táirgthe na críche.

1.12.

Is féidir le fiontraithe óga ról tábhachtach a bheith acu i bhforbairt na nuálaíochta, lena n-áirítear i réimse an aistrithe ghlais. Creideann CESE gur gá na daoine óga sin a spreagadh trí oiliúint agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do thionscadail nuálacha, agus trí thacaíocht leordhóthanach airgeadais a áirithiú.

1.13.

Chun a áirithiú gur aistriú cóir a bheidh san aistriú glas freisin agus go seachnófar dúnadh cuideachtaí a mbeidh caillteanas post mar thoradh orthu, measann CESE gur tosaíocht é go ndéanfaidh na Ballstáit acmhainní suntasacha a infheistiú, na hacmhainní atá sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús, chun tacú le gnólachtaí ar gá dóibh a ngníomhaíochtaí a athrú, chun oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a athfhostú, agus chun tacú le fiontraithe, go háirithe fiontraithe óga, a bhfuil sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí glasa.

2.   Cúlra na tuairime

2.1.

D’iarr Uachtaránacht na Sualainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh an tústuairim sin chun imscrúdú a dhéanamh ar ról na ndaoine óga san aistriú glas.

2.2.

Is éard atá i gceist leis an “aistriú glas” ná aistriú gheilleagar agus shochaí an Aontais i dtreo spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach trí bheartais agus infheistíochtaí den chuid is mó. Is i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, lena leagtar síos an oibleagáid an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, an Comhaontú Glas don Eoraip agus Comhaontú Pháras a dhéanfar sin chun a áirithiú go mbeidh an t-aistriú cóir agus cuimsitheach do chách.

2.3.

I bhfianaise na ndúshlán mór sin, is den ríthábhacht a thabhairt faoi deara gurb í an ghlúin óg an ghlúin is íogaire agus is feasaí i dtaobh an ghá atá le gníomhú chun inbhuanaitheacht chomhshaoil a bhaint amach. Go deimhin, má tá ábhair ar leith sa lá atá inniu ann lena mbeifear in ann nasc dearfach a chruthú idir íogaireacht agus luachanna an aosa óig agus ceisteanna oscailte ár linne, mar atá an comhshaol, cur chun cinn na sláinte, agus cosaint bhithéagsúlacht an phláinéid. Baineann ardacmhainneacht nuálaíochta leis na hábhair sin a mhéid a bhaineann le samhlacha táirgthe agus tomhaltais.

2.4.

Le blianta beaga anuas, bhí an gníomhú ar son na haeráide mar spreagadh do líon mór daoine óga ar fud na hEorpa agus tá méadú tagtha ar líon na ngluaiseachtaí comhshaoil agus sóisialta ar an leibhéal críochach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach. Mar chuid de sin, téann daoine óga i mbun agóide agus bearta nithiúla ó rialtais agus ó lucht ceaptha beartas á n-éileamh acu chun an comhshaol a chosaint agus an aeráidneodracht a bhaint amach.

2.5.

Fógraíodh 2022 mar Bhliain Eorpach na hÓige ní hamháin chun an ghlúin óg, na daoine is mó atá thíos leis an bpaindéim, a cheiliúradh agus chun tacú leo trí dhóchas, neart agus creideamh nua a spreagadh iontu don todhchaí, ach chun aird a tharraingt, freisin, ar an gcaoi a gcuireann an t-aistriú glas agus digiteach ionchais agus deiseanna nua ar fáil.

3.   Rannpháirtíocht na hóige san aistriú glas

3.1.

Chun aistriú glas cóir a bhaint amach, ní mór Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghabhann leis a chur chun feidhme tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, lena n-áirítear trí shamhail nua rialachais a chur chun feidhme atá níos cuimsithí agus lena féidir páirt ghníomhach a thabhairt do dhaoine óga sna próisis chinnteoireachta.

3.2.

Na cinntí sin a dhéanfaidh ceannairí polaitiúla san am i láthair maidir leis an athrú aeráide agus saincheisteanna comhshaoil eile, beidh tionchar acusan ar ghlúin óg an lae inniu agus ar na glúnta a bheidh ann amach anseo go háirithe. Tá sé de cheart ag daoine óga cead cainte a bheith acu maidir leis na saincheisteanna sin a mbíonn tionchar acu orthu, mar atá luaite i gClár Oibre 2030 ina dtugtar aitheantas do dhaoine óga mar ghníomhaithe tábhachtacha don athrú laistigh dá SDGanna.

3.3.

Cé go n-aithnítear níos mó ná riamh ról na ndaoine óga maidir le domhan níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos glaise a chothú, agus in ainneoin forógra bliana a bheith tiomnaithe dóibh, is léir go mbíonn sé deacair fós ar dhaoine óga, i ndáiríre, a bheith rannpháirteach go gníomhach i gcomhlachtaí cinnteoireachta.

3.4.

Le blianta beaga anuas, in ainneoin ardleibhéal gníomhaíochais i measc an aosa óig maidir le saincheist an athraithe aeráide, feictear chomh maith go bhfuil méadú tagtha ar an míshástacht agus ar an gcailliúint muiníne i measc daoine óga i ndáil le hinstitiúidí polaitiúla. Fágann sin go dtagann laghdú ar rannpháirtíocht ghníomhach na ndaoine sin i bpáirtithe polaitiúla agus go dtagann méadú ar líon na ndaoine a staonann ó pháirt a ghlacadh i dtoghcháin pholaitiúla, mar vótálaithe agus mar iarrthóirí araon. Is bagairt é sin ar an gcóras daonlathach agus is bac é ar bheartais réamhbhreathnaitheacha a fhorbairt, go háirithe iad siúd a bhfuil gá leo chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe aeráide, agus atá in ann freagairt d’íogaireachtaí agus do riachtanais éagsúla. I ndáil leis an méid sin, creideann CESE gur cheart rannpháirtíocht na hóige sa pholaitíocht agus i bpróisis chinnteoireachta eile a chur chun cinn mar thosaíocht agus gur cheart féachaint ar na roghanna uile chun go mbeidh an rannpháirtíocht sin indéanta agus éifeachtach ar gach leibhéal.

3.5.

Mar thúsphointe, bheadh sé tábhachtach bacainní sóisialta, eacnamaíocha agus cultúrtha ar rannpháirtíocht iomlán an aosa óig a shainaithint agus a shárú, bacainní a d’fhéadfadh a bheith ann freisin mar gheall ar easpa feasachta nó deacrachtaí rochtana ar fhaisnéis maidir le rannpháirtíocht na hóige agus sásraí ionadaíochta. Gné eile ar cheart béim a leagan uirthi is ea na bealaí nua neamhfhoirmiúla atá ag daoine óga le bheith rannpháirteach agus le hidirphlé a dhéanamh sa lá atá inniu ann. Is minic a bhíonn an teicneolaíocht agus na meáin shóisialta in úsáid acu, agus ba cheart aird chuí a thabhairt air sin ós rud é go bhféadfadh na nithe sin cabhrú le glúnta iomlána a spreagadh chun gnímh.

3.6.

An inbhuanaitheacht is bonn le dearcadh an aosa óig ar an domhan agus lena bpróisis chinnteoireachta, agus is dearcadh thar a bheith réadúil atá acu freisin. Dá bhrí sin, is féidir le heagraíochtaí don óige, a chuireann leasanna agus íogaireachtaí na milliún daoine óga san Eoraip chun cinn, ról tábhachtach a imirt chun a áirithiú go mbeidh guth ag an nglúin óg in institiúidí agus sa tsochaí shibhialta, agus ní hamháin sin, ach go mbeidh deis acu freisin rannchuidiú go fóinteach agus go cáilithe leis an bpróiseas cinnteoireachta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach (1).

3.7.

Ar na cúiseanna sin, tá béim á leagan ag CESE ar a thábhachtaí atá sé deiseanna a chruthú do na heagraíochtaí uile is ionadaíche don óige, ag tosú leo siúd a dhéanann ionadaíocht ar na daoine óga is leochailí agus iad siúd atá ina gcónaí sna ceantair is forimeallaí agus is mó atá faoin tuath, chun páirt a ghlacadh i gceapadh beartas agus i bhforbairt smaointe maidir le saincheisteanna inbhuanaitheachta.

3.8.

Is féidir le heagraíochtaí don óige a lán feidhmeanna a chomhlíonadh agus ról ríthábhachtach a bheith acu maidir le tionscadail a bhaineann leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht a scaipeadh agus a chur chun feidhme. Ar an gcúis sin, iarrann CESE ar institiúidí an Aontais tacaíocht airgeadais struchtúrach a chur ar fáil do na comhlachais sin trí acmhainní leordhóthanacha agus sonracha, ionas go mbeidh na dálaí cearta ag eagraíochtaí don óige chun rannpháirtíocht daoine óga san aistriú glas a áirithiú agus a fhorbairt.

3.9.

Ní leor an rannpháirtíocht inti féin, áfach. Ní mór a chur san áireamh i ngach beartas poiblí an tionchar a bheidh acu ar dhaoine óga agus na hionchais a bheidh acu, agus ar na glúnta atá fós le teacht freisin. Dá bhrí sin, ní mór meastóireacht ex ante, in itinere agus ex post a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí ar fad, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an aistriú glas, chun a fháil amach go cinnte, trí tháscairí a úsáid, cad iad na tionchair eacnamaíocha, pholaitiúla agus shóisialta a bheidh ag na hinfheistíochtaí sin ar na glúnta óga.

3.10.

Molann CESE d’institiúidí an Aontais agus do na Ballstáit bearta agus sásraí a chur chun feidhme chun a áirithiú go gcuirfear dearcadh na hóige san áireamh i ngach réimse beartais, agus molann sé an deis a chur ar fáil do dhaoine óga rannchuidiú go comhleanúnach agus ar bhonn a n-inniúlachta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá rompu trí Mheasúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de a ghlacadh ina iomláine (2).

3.11.

Is é an rud atá ag teastáil, ar mhaithe leis an bpláinéad agus le hardfhorbairt ár mBallstát araon, cumhachtú daoine óga sna cheithre réimse seo a leanas: rannpháirtíocht i bpróisis an athraithe; an fhéidearthacht ról gníomhach a imirt trí fhreagracht a fheidhmiú nuair a bhíonn roghanna aonair agus roghanna comhchoiteanna le déanamh; tuilleadh eolais a fháil faoi na claochluithe atá ag tarlú agus faoi iarmhairtí dosheachanta an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh; agus scileanna a fhorbairt chun gur féidir idirghabháil a dhéanamh ar bhealach cáilithe.

4.   An t-aistriú glas san oideachas agus i margadh an tsaothair

4.1.

Fógraíodh 2023 mar Bhliain Eorpach na Scileanna. Measann CESE go bhfuil sé ríthábhachtach na tionscnaimh agus na beartais a ghlacfar i ndáil leis sin a nascadh le téama an aistrithe ghlais, leis an bhforbairt inbhuanaithe, agus leis na dúshláin atá roimh dhaoine óga i saol atá ag athrú go tapa.

4.2.

I gcomhthéacs na héigeandála aeráide agus comhshaoil, ba cheart tús áite a thabhairt sna scoileanna don oideachas ar mhaithe leis an inbhuanaitheacht. Tá ról lárnach ag oideoirí maidir lena chinntiú go bhfuil daltaí eolach ar chúrsaí aeráide agus go bhfuil an t-eolas agus na scileanna cuí acu chun páirt a ghlacadh sa gheilleagar glas. Is iomaí cur chuige is féidir le múinteoirí agus scoileanna a ghlacadh chun na saincheisteanna seo a fhiosrú le daltaí, ach chuige sin, tá oideachas ardchaighdeáin do chách ag teastáil mar aon le hobair chuibhiúil dóibh siúd a chuireann ar fáil é. Measann CESE go bhfuil sé riachtanach cistiú leordhóthanach a áirithiú ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail agus do thionscnaimh chun teagasc agus foghlaim a chothú agus a chur chun feidhme i réimsí an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta.

4.3.

Níl amhras ar bith ann ach go bhfuil an t-aistriú glas agus na straitéisí forbartha inbhuanaithe trasearnálach amach is amach. Ní mór, dá bhrí sin, an t-oideachas agus forbairt na scileanna a bhfuil daoine óga ag súil leo maidir leis an tsaincheist sin a chur san áireamh. Déanfar amhlaidh trí úsáid a bhaint as cur chuige trasearnála lena bhféadfar scileanna teoiriciúla agus praiticiúla a chur ar fáil, lena n-áirítear tríd an aistriú ón scoil go dtí an obair agus printíseachtaí gairmiúla a chur chun feidhme agus a fheabhsú. Ina theannta, an oiliúint ar na hábhair sin a chuirfí ar fáil, ba cheart di a bheith struchtúrach trí dhearadh agus forbairt na hoiliúna sin a bhunú ar na críocha agus na riachtanais atá acu, agus an méid sin laistigh de chreat níos leithne ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn foghlaim ar feadh an tsaoil a bhaint amach.

4.4.

Ba cheart páistí a mhúineadh faoi shaincheisteanna inbhuanaitheachta agus cosanta comhshaoil ag aois óg; ag tosú sa réamhscoil agus ag leanúint ar aghaidh le cláir thiomnaithe le linn na scolaíochta. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go gcuirfí oiliúint ar leith ar mhúinteoirí agus go ndéanfaí deimhin de go mbeadh deiseanna acu a gcuid scileanna a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn leanúnach.

4.5.

Trí chonairí an aistrithe ghlais agus chultúrtha a thabhairt isteach laistigh de na próisis oideachais, tugtar le tuiscint go ndéanfar athdhearbhú ar ról oideachasúil na scoileanna, a bhfuil sé de chúram orthu tacú le conairí sibhialta a chruthú lena bhféadfar mic léinn a theagasc chun maireachtáil sa domhan ar bhealach nua agus inbhuanaithe. Dá bhrí sin, is gníomhaithe mórthábhachtacha iad na daltaí a bhíonn ag tiomáint athraithe chun cinn a threoraíonn iad i dtreo samhail nua den tsochaí, samhail ina gcuirtear an timpeallacht i gcroílár na sochaí. Tugtar deis dóibh, mar sin, stíleanna maireachtála nua atá i dtiúin leis an dúlra a thriail agus a scaipeadh.

4.6.

Sa chomhthéacs reatha, atá de shíor ag athrú go tapa, ní mór timpeallachtaí oideachais nuálacha a chur ar fáil trí aibítir éiceolaíoch nua a chruthú atá i gcomhréir le spriocanna Chlár Oibre 2030 agus atá dírithe ar na modhanna chun an geilleagar ciorclach a chur chun feidhme agus ar na huirlisí a chuirtear ar fáil leis an smaointeoireacht saolré (3). Cuirtear san áireamh leis sin cosaint an chomhshaoil, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch, agus gnóthú cuspóirí gaolmhara.

4.7.

Tá béim á leagan ag CESE air go bhfuil eolas de dhíth ar chách chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, go háirithe maidir le gach gné den tomhaltas agus den táirgeadh inbhuanaithe, roghanna freagracha bia agus laghdú ar chur amú bia, agus úsáid fuinnimh inbhuanaithe. Ba cheart tacú le hoideachas daoine óga tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil do thuismitheoirí agus trí oideachas a thabhairt do na saoránaigh (4).

4.8.

Dá bhrí sin, beidh rath an aistrithe éiceolaíoch ag brath ar chumas scoileanna oibriú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla agus le gníomhaíochtaí lasmuigh den scoil, go háirithe le heagraíochtaí don óige agus leis an tsochaí shibhialta eagraithe, rud a spreagfaidh feasacht agus rannpháirtíocht, lena n-áirítear i measc na ngnáthshaoránach. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do CESE an dea-thaithí a cuireadh ar fáil le Tionscadal Erasmus Glas agus tá sé ag súil lena chur chun feidhme.

4.9.

Murab ionann is riamh, tá feasacht, eolas agus ceannaireacht dhearfach maidir le saincheisteanna cosanta comhshaoil in uachtar i measc na glúine níos óige, i.e. Glúin Z nó “Gen Z” (iad siúd atá faoi bhun 25 bliana d’aois) agus iad siúd a bhfuil níos mó oideachais orthu agus uirlisí cultúrtha níos láidre acu. Fágann sé sin go dtiocfaidh méadú agus comhdhlúthú ar fheasacht agus ar fhaisnéis cháilithe luath nó mall, ach gur féidir na freagraí dearfacha a theastaíonn a neartú, freisin, trí oideachas daoine óga a fheabhsú agus trína gcaipiteal daonna a neartú sna réimsí sóisialta agus eacnamaíocha. Os a choinne sin, ní hamháin go gcuireann cáilíochtaí ísle oideachais agus an deacracht a bhaineann le dul isteach i saol na hoibre moill ar rannchuidiú siúd le fás reatha na tíre, ach laghdaíonn siad freisin ról na ndaoine óga mar rannpháirtithe gníomhacha i bpróisis nua fáis atá i dtiúin go mór le dúshláin an lae inniu.

4.10.

Ní haistriú go scileanna. Tá sé ríthábhachtach scileanna a thabhairt d’oibrithe, idir óg agus aosta, a chuirfidh ar a gcumas an nuálaíocht a eascraíonn as an aistriú glas a rialú, ar aistriú é a bhfuil tionchar suntasach aige, agus a mbeidh tionchar suntasach aige amach anseo, ar shaol na hoibre. Creideann CESE go bhfuil sé tábhachtach infheistíocht a dhéanamh san fhoghlaim obairbhunaithe. Is sócmhainn chinntitheach í an fhoghlaim obairbhunaithe, i.e. an tacar cleachtas oiliúna agus foghlama a tharlaíonn i gcomhthéacsanna oibre, go háirithe i bhfoirm printíseachtaí, le haghaidh sealbhú nó athshealbhú scileanna, idir scileanna teicniúla agus scileanna trasearnála. Tá trí rud a chabhraíonn ar a mbealaí éagsúla féin le hidirphlé dearfach a chruthú i dtaca le riachtanais an mhargaidh agus scileanna aonair an aosa óig, is iad sin oiliúint sa láthair oibre, intéirneachtaí agus printíseachtaí. Tá ról ríthábhachtach ag na comhpháirtithe sóisialta chun é sin a bhaint amach tríd an idirphlé sóisialta agus an chómhargáil.

4.11.

Is aistriú cóir a chaithfidh a bheith san aistriú glas lena n-áiritheofar athsciliú agus uas-sciliú oibrithe agus poist ardcháilíochta do chách chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Sin an fáth a measann CESE go bhfuil sé riachtanach go mbeadh beartais oiliúna iomlánaíoch, go ndéanfaí iad a chomhtháthú le beartais thionsclaíocha, go ndéanfaí iad a chomhordú le straitéisí forbartha eile, agus go ndéanfaí iad a phleanáil go mion ar an leibhéal críochach agus áitiúil, i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe sóisialta.

4.12.

Tá fianaise ann faoi láthair go bhfuil easpa cur chuige iomlánaíoch den sórt sin ann, agus nach bhfuil scileanna glasa á scaipeadh mar is ceart agus, mar thoradh air sin, tá ganntanas post glas, go háirithe i measc na ndaoine sin a bhfuil leibhéal oideachais agus scileanna níos ísle acu. Is baolach go dtiocfaidh polarú nua chun cinn dá bharr sin: idir na daoine sin a bhfuil scileanna glasa acu, agus deiseanna iontacha fostaíochta mar gheall air sin agus an t-aistriú glas, agus iad siúd a eisiatar i gcónaí ó na próisis oiliúna sin, a bhfuil scileanna teoranta acu, agus ar minic iad i mbun cúraimí oibríochtúla atá i mbaol dul ar ceal de bharr éifeacht chomhcheangailte an aistrithe ghlais agus an uathoibrithe thionsclaíoch.

4.13.

Ní mór an comhionannas inscne a bheith ina dhlúthchuid de straitéisí an gheilleagair ghlais freisin. Tá mná óga faoi ghannionadaíocht i réimsí teicneolaíochta agus eolaíochta, toisc nach dócha go roghnóidh siad oideachas speisialaithe sna hearnálacha sin mar gheall ar steiréitíopaí inscne lena dtugtar le tuiscint gur poist d’fhir amháin iad poist áirithe. Má táthar chun rannpháirtíocht leordhóthanach na mban a áirithiú in earnálacha a bhfuil forbairt mhór á déanamh orthu agus a ndéanfar forbairt mhór orthu go luath mar gheall ar an aistriú glas, ní mór aghaidh a thabhairt ar na steiréitíopaí sin agus tá ról ríthábhachtach ag an treoir ghairme i scoileanna i ndáil leis sin. Creideann CESE gur cheart do na Ballstáit níos mó acmhainní a infheistiú chun treoir ghairme a chur ar fáil do dhaoine óga ar scoil agus chun tacú leo san obair trí sheirbhísí éifeachtúla poiblí fostaíochta atá nasctha go leormhaith le creatlach táirgthe na críche.

4.14.

Is gné ríthábhachtach í forbairt na nuálaíochta lena n-áiritheofar an t-aistriú glas. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach daoine óga a bhfuil dearcadh fiontraíochta acu i leith an phróisis nuálaíochta a spreagadh trí oiliúint agus tacaíocht shonrach a chur ar fáil do thionscadail nuálacha agus trí thacaíocht airgeadais leordhóthanach a áirithiú dóibh chun go mbainfear amach na cuspóirí sin.

4.15.

D’fhéadfaí aon mhilliún post nua a chruthú san Aontas Eorpach faoi 2030 a bhuí leis an aistriú glas, ach d’fhéadfadh idir 500 000 agus 2 mhilliún duine a bheith dífhostaithe freisin dá dheasca, de réir measúnú tionchair (5) a rinne an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil. Measann CESE gur tosaíocht é go ndéanfaidh na Ballstáit acmhainní suntasacha a infheistiú, na hacmhainní atá sna Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta ar dtús, chun tacú le gnólachtaí ar gá dóibh a ngníomhaíochtaí a athrú, chun oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht a athfhostú, agus chun tacú le fiontraithe, go háirithe fiontraithe óga, a bhfuil sé beartaithe acu infheistíocht a dhéanamh i ngnólachtaí glasa.

An Bhruiséil, an 22 Márta 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Christa SCHWENG


(1)  Tuairim ó CESE I dtreo rannpháirtíocht struchtúrtha na hóige maidir leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht i bpróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh (níl leagan Gaeilge ann) (IO C 429, 11.12.2020, lch. 44).

(2)  Tuairim ó CESE Measúnú tionchair an Aontais ó thaobh na hóige de (IO C 486, 21.12.2022, lch. 46).

(3)  https://www.lifecycleinitiative.org/starting-life-cycle-thinking/what-is-life-cycle-thinking/.

(4)  Tuairim ó CESE An óige a chumhachtú chun forbairt inbhuanaithe a bhaint amach tríd an oideachas (IO C 100, 16.3.2023, lch. 38).

(5)  https://www.eea.europa.eu/policy-documents/swd-2020-176-final-part.