29.6.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 228/64


Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Scileanna agus inniúlachtaí a fhorbairt i gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh

(tústuairim arna hiarraidh ag Uachtaránacht na Sualainne)

(2023/C 228/08)

Rapóirtéir:

Maria del Carmen BARRERA CHAMORRO

Comhrapóirtéir:

Justyna Kalina OCHĘDZAN

Iarraidh ó Uachtaránacht na Sualainne ar an gComhairle

Litir, 14.11.2022

Bunús dlí

Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Tústuairim

Rannóg atá freagrach

Fostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Saoránacht

Dáta a glactha sa rannóg

3.4.2023

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

27.4.2023

Seisiún iomlánach Uimh.

578

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

149/0/0

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tugann Coiste Eacnamaíoch agus Soisialta na hEorpa (CESE) dá aire gur ag dul i méid atá an neamhionannas i margadh an tsaothair de thoradh an chlaochlaithe dhigitigh. Go háirithe, tá laghdú tagtha ar phoist ar mheánphá a dteastaíonn meánleibhéal scileanna chucu i ngeall ar uathoibriú post. San am céanna tá méadú ag teacht ar phoist ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chucu. Táthar á thuar freisin go gcruthófar poist ar phá ard a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu agus go mbeidh leibhéal níos mó scileanna ag teastáil dá bharr sin (1). Tugann CESE dá aire freisin gur suntasaí fós an ganntanas saothair agus scileanna i raon leathan earnálacha. Tá CESE den bharúil gur ríthábhachtach an ní í rochtain éifeachtach ar oiliúint chun cabhrú le gnólachtaí agus le hoibrithe an dúshlán sin a shárú agus chun éagothroime sa mhargadh saothair atá mar thoradh ar an gclaochlú digiteach a chosc.

1.2.

Aithníonn CESE nár cheart aistrithe a dhéanamh trí iomarcaíocht nó trí bhearta a mbeadh tionchar suntasach acu ar an margadh saothair. Tathantaíonn sé ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit córais a bhunú lena gcúiteofar aistrithe inmheánacha (seachas aistrithe neamhsheachtracha), is é sin le rá, aistrithe ina gcuirfidh cuideachtaí oiliúint ar a n-oibrithe i scileanna riachtanacha seachas oibrithe nach bhfuil na scileanna sin acu a bhriseadh as a bpost.

1.3.

Is ceart daonna é an t-oideachas ar cheart a bheith ag an uile dhuine ar feadh an tsaoil. Ar an ábhar sin, agus i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, tá CESE ag tathant ar na Ballstáit cearta a leagan síos maidir leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil (agus córais náisiúnta caidrimh thionsclaíoch agus cleachtais oideachais agus oiliúna á gcur san áireamh), cearta lena gcuirfear deiseanna foghlama agus forbartha pearsanta agus gairmiúla ar fáil do gach saoránach ionas gurb í príomhphrionsabal treorach na mbeartas oideachais agus oiliúna í.

1.4.

I bhfianaise na ndúshlán atá i gceist leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas, iarrann CESE go mbeadh an rochtain ar cháilíocht iomlán ina ceart ag an uile dhuine, agus an cháilíocht sin a bheith bunaithe ar oiliúint bhailíochtaithe agus dheimhnithe maidir le scileanna feasachta digiteacha, glasa agus comhshaoil. Chuige sin, ní foláir an oiliúint i scileanna a nascadh le saoire oiliúna íoctha, agus reachtaíocht agus comhaontuithe náisiúnta á gcur san áireamh san am céanna.

1.5.

Dar le CESE nach leor na tionscnaimh atá déanta ag an gCoimisiún go nuige seo ó thaobh scileanna digiteacha agus glasa de agus nach bhfuil ach líon beag comhpháirtithe sóisialta páirteach iontu. Ar an cúis sin, iarrann sé go ndéanfaí straitéisí éifeachtacha a ionchorprú i bPlean Gníomhaíochta an Aontais don Oideachas Digiteach do 2021-2027 chun feabhas a chur ar an oiliúint agus chun scileanna ball foirne fostaithe agus dífhostaithe i ngach earnáil a oiriúnú, gan beann ar mhéid an chuideachta, agus go mbeadh lámh ag na comhpháirtithe sóisialta san obair sin. Ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na comhpháirtithe sóisialta náisiúnta leanúint den Chreat-Chomhaontú Eorpach maidir leis an digiteáil a chur chun feidhme (2). Is mian le CESE béim a leagan ar ról na cómhargála mar uirlis chun cláir oiliúna a mhúnlú agus a oiriúnú.

1.6.

Iarrann CESE go ndéanfadh na húdaráis inniúla an oiliúint i inniúlachtaí agus scileanna digiteacha agus glasa a dheimhniú agus seachas í a bhailíochtú amháin.

1.7.

Tá CESE ag áitiú ar an gCoimisiún táscaire bliantúil a thabhairt isteach faoi 2030 a thabharfaidh léargas ar líon na ndaoine fásta agus na bhfostaithe, go háirithe daoine óga, a thugann faoi chúrsaí oiliúna maidir le scileanna glasa, feasacht chomhshaoil agus freagracht éiceolaíoch agus chomhshaoil, agus aird á tabhairt ar uirlisí simplí saincheaptha do FBManna.

1.8.

Iarrann CESE go spreagfaí agus go n-éascófaí coigeartú na gclár foghlama atá ann cheana d’fhonn na scileanna is gá a ionchorprú san aistriú digiteach agus san aistriú glas.

1.9.

Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach tosú ar fhaireachán straitéiseach a dhéanamh maidir leis an gcumas atá ann na riachtanais a bheidh de dhíth ar an margadh saothair agus ar an tsochaí sna Ballstáit ó thaobh oiliúna de a réamh-mheas d’fhonn bearnaí glasa agus digiteacha a sheachaint agus iomaíochas an Aontais a neartú.

1.10.

Tugann CESE dá aire go bhfuil éagsúlacht mhór idir leibhéil bhunúsacha scileanna digiteacha, agus is iad grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste agus líon ard daoine fásta, agus go háirithe daoine scothaosta, is mó atá thíos leis sin. Is amhlaidh gur ann do bhearna dhigiteach agus, dá bhrí sin, ba cheart oiliúint do dhaoine scothaosta agus do ghrúpaí eile faoi mhíbhuntáiste a chur san áireamh agus scileanna digiteacha á bpleanáil, agus an oiliúint sin a chur in oiriúint dá riachtanais i gcás inar gá sin, lena áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár san aistriú digiteach agus san aistriú glas. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar mhná a chuimsiú san oiliúint sin, i bhfianaise na bearna idir na hinscní ó thaobh rochtain ar oiliúint de, chun cuidiú leo iad féin a chur in oiriúint don aistriú digiteach agus don aistriú glas.

1.11.

Má táthar chun aistriú cóir a bhaint amach, aithníonn CESE gur gá féachaint chuige go mbeidh sé ar acmhainn an uile dhuine cur leis na bunscileanna digiteacha atá acu chun cúraimí laethúla a chur i gcrích agus tuiscint a fháil ar an gcibearshlándáil, ar an gcumarsáid dhigiteach, ar shlándáil sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar phríobháideachas ar an idirlíon agus ar an gcontúirt a bhaineann leis an mbréagaisnéis.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Tá uair an athraithe agus na n-aistrithe buailte linn. An tráth céanna atá géarchéimeanna ag titim amach ceann i gceann, tá mórdhúshláin le sárú ag gnólachtaí, ag an lucht saothair agus ag na saoránaigh chomh maith, ina measc, na hathruithe meara atá ag teacht ar an margadh saothair de thoradh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais. San am céanna, tá réimse gairmeacha nua ag teacht chun cinn a bhfuil baint acu leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, tá na poist atá ann faoi láthair ag athrú agus tá cinn nua á gcruthú. Ní foláir na huirlisí ábhartha a thabhairt d’oibrithe chun gur féidir leo na hathruithe sin a bhainistiú agus dul i ngleic leo agus, san am céanna, chun gur féidir le gnólachtaí leanúint de bheith táirgiúil agus iomaíoch.

2.2.

Tá na dúshláin sin le sonrú ag gach leibhéal agus ag gach céim den saol oibre. Ar an ábhar sin, tá dúshláin le sárú ag daoine óga agus ag daoine fásta araon agus is amhlaidh an cás do dhaoine ar bheagán oiliúna agus do dhaoine ardcháilithe freisin. Sa lá atá inniu ann, tá scileanna digiteacha de dhíth le haghaidh poist áirithe nach dteastaíodh mórán scileanna chucu roimhe seo óir tá athrú ag teacht ar an dóigh a bhfaightear rochtain ar phoist. Thairis sin, bíonn tionchar faoi leith ag an méid sin ar mhná, ós ag méadú fós an bhearna dhigiteach idir na hinscní. Is ó bhéal a chloistí faoi dheiseanna poist tráth dá raibh, nó trí mhodhanna traidisiúnta eile. Is ag bogadh i dtreo tairiscintí nach féidir teacht orthu ach amháin tríd an idirlíon nó trí ardáin dhigiteacha tiomnaithe atáthar anois, áfach. Ós amhlaidh atá, is gá oiliúint i mbunscileanna digiteacha a chur ar fáil don phobal ar fad.

2.3.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an méadú ar an neamhionannas sa mhargadh saothair ar cheann de na héifeachtaí a bhí ag géarchéim COVID-19, agus sin toisc a choitianta a d’éirigh an teilea-obair, go háirithe (3). Mar shampla, iad siúd atá ag obair i ngairmeacha áirithe, gairmeacha a bhféadfadh fostaíocht ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chuici a bheith i gceist leo, is annamh a bhíonn an teilea-obair mar rogha acu. Os a choinne sin, na daoine sin a bhfuil poist acu a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu agus a mbíonn pá ard ag gabháil leo, go háirithe poist oifige, is minic a bhíonn an deis acu teilea-obair a dhéanamh. Is é sin an fáth nach mór a áireamh leis an teilea-obair an fhéidearthacht scileanna digiteacha agus comhshaoil a fhorbairt ionas nach méadófar neamhionannais agus chun go mbeidh rochtain ar an gcineál oiliúna sin ag daoine nach acmhainn dóibh teilea-obair a dhéanamh.

2.4.

Tugann CESE dá aire go bhfuil méadú ag teacht ar an éagothroime sa mhargadh saothair a bhaineann go sonrach leis an “deighilt mhór dhigiteach”, mar a thugtar uirthi. Is éard atá san fheiniméan sin laghdú ar phoist ar mheánphá a dteastaíonn meánleibhéal scileanna chucu i ngeall ar uathoibriú post. San am céanna tá méadú ag teacht ar phoist ar phá íseal nach dteastaíonn mórán scileanna chucu agus ar phoist ar phá ard a dteastaíonn ardleibhéal scileanna chucu. Cuireann CESE i bhfáth go gcuirtear cothabháil an stáit leasa i mbaol i ngeall ar an méadú atá ag teacht ar an neamhionannas.

2.5.

Tugann CESE dá aire go bhfuil dúshlán mór déimeagrafach le sárú ag an Eoraip agus go bhfuil laghdú ag teacht ar an daonra atá in aois oibre. Tá an méid sin ag cur le ganntanas suntasach saothair agus scileanna i ngach uile earnáil den gheilleagar agus ar leibhéil éagsúla scileanna. Ina fhianaise sin, tá daoine ag gach leibhéal scileanna de dhíth má táthar chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí sin. D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, is gá uas-sciliú agus athsciliú oibrithe a ráthú agus rannpháirtíocht daoine neamhghníomhacha agus daoine dífhostaithe sa mhargadh saothair a spreagadh trí bheartais tionlacain. I ndáil leis sin, is riachtanach freisin an cur chuige i leith beartais imirce a mheas.

2.6.

Aithníonn CESE nár cheart aistrithe a dhéanamh trí iomarcaíocht nó trí bhearta a mbeadh tionchar díobhálach acu ar an margadh saothair. Ba cheart, trí bhíthin an chórais, aistrithe inmheánacha a chúiteamh, seachas aistrithe neamhsheachtracha, is é sin le rá, aistrithe ina gcuirfidh cuideachtaí oiliúint ar a n-oibrithe i scileanna riachtanacha seachas oibrithe nach bhfuil na scileanna sin acu a bhriseadh as a bpost. Is rud é sin atá thar a bheith deacair do FBManna, a bhfuil tacaíocht airgeadais ó na Ballstáit de dhíth orthu chun dul i mbun an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh.

2.7.

Tugann CESE dá aire gur solúbtha anois é an margadh saothair ar bhonn domhanda a bhuíochas sin leis an líon níos mó daoine atá i mbun na teilea--oibre. Fágann sé sin nach féidir le hoibrithe Eorpacha dul san iomaíocht ó thaobh costais de, toisc na costais mhaireachtála agus an airgeadra a bheith níos ísle i dtíortha eile i gcomparáid le hairgeadraí na hEorpa. Dá bhrí sin, is éard atá le déanamh féachaint chuige go mbeidh scileanna agus inniúlachtaí níos mó agus níos fearr ag oibrithe Eorpacha chun gur féidir leo dul san iomaíocht le hoibrithe eile.

2.8.

Oibrithe a bhfuil cineálacha éagsúla conarthaí acu, is den tábhacht é go mbeadh rochtain acu ar oiliúint chun gur féidir leo a scileanna agus a n-infhostaitheacht a choinneáil i bhfianaise dhálaí iarbhír nua an mhargaidh saothair.

2.9.

Tugann CESE dá aire go bhfuil an t-am idir teacht chun cinn scile nua agus ardéileamh ar an scil sin sa mhargadh saothair ag éirí níos giorra. Chun coinneáil suas leis sin, is gá a bheith inoiriúnaithe, réamhghníomhach agus laghdú a dhéanamh ar an rómhaorlathas a bhaineann le rochtain ar oiliúint agus sciliú in institiúidí poiblí. Leagann sé béim freisin ar a thábhachtaí atá sé an curaclam oideachais agus oiliúna a thabhairt cothrom le dáta go tráthúil agus go héifeachtach chun freagairt don ghá atá le scileanna nua. Is tábhachtach sin freisin i bhfianaise an ghá atá le comhar níos láidre idir rialtais, comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe oideachais agus oiliúna agus an tsochaí shibhialta.

2.10.

Tugann CESE dá aire, i ngeall ar an líon mór gnáthphost agus post neamhchasta i margaí saothair na hEorpa, nach mbaineann 55 % d’oibrithe fásta san Aontas leas iomlán as a gcuid scileanna ag an obair agus go bhfuil cáilíochtaí níos airde ag 28 % díobh ná mar a theastaíonn chun a bpost a dhéanamh. Ní mór aird a thabhairt ar an bhfíoras go mbíonn caillteanas ioncaim agus folláine laghdaithe oibrithe mar thoradh ar acmhainneacht amú an chaipitil dhaonna. Tarraingítear aird i dtuarascálacha ón Lárionad Eorpach um Fhorbairt na Gairmoiliúna (Cedefop) go bhféadfadh sé gur léiriú iad fadhbanna earcaíochta agus míoiriúint scileanna ar dhroch-cháilíocht poist, i measc nithe eile (4).

2.11.

Agus aghaidh á tabhairt ar an dúshlán a bhaineann le claochlú digiteach an gheilleagair, níor cheart díriú ar an dóigh le cur le scileanna bunúsacha digiteacha gach oibrí, agus air sin amháin, b’fhiú díriú freisin ar na scileanna atá ag oibrithe cheana a dhigiteáil agus foghlaim scileanna digiteacha níos forbartha a éascú. Ní mór díriú ar scileanna clasaiceacha a athrú ó bhonn lena n-úsáid sa saol digiteach. Rud trasearnálach atá i gcoincheap na scileanna digitithe agus tagraíonn sé don chumas gnéithe digiteacha a chomhtháthú le scileanna eile. Chuige sin, teastaíonn inniúlachtaí agus eolas leordhóthanach faoin saol digiteach, agus sin sa bhreis ar oiliúint leordhóthanach i scileanna nithiúla gairmiúla.

2.12.

Ní haon dóithín é an claochlú glas ó thaobh an mhargadh saothair agus riachtanais scileanna de. Tiocfaidh athrú ar an dóigh a bhfeidhmíonn gach earnáil mar thoradh ar an dícharbónú, rud a bhfuil gá leis, agus ar oiriúnú samhlacha gnó do na riachtanais inbhuanaitheachta a bhfuil baint acu leis an gComhaontú Glas don Eoraip (5). Cuirtear i bhfáth sa Chomhaontú sin gur chóir aird a thabhairt sa straitéis tionsclaíochta ar an tionchar ar an lucht saothair agus, lena chois sin, ar oiliúint, athsciliú agus uas-sciliú. Ba cheart anailís a dhéanamh ar na tionchair sin i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe sóisialta agus é mar chuspóir i gcónaí éifeachtaí neamh-inmhianaithe ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar a thuar agus, ar an dóigh sin, iad a sheachaint.

2.13.

“Réabhlóid” atá san aistriú digiteach agus san aistriú glas, réabhlóid atá geall le réabhlóid thionsclaíoch an 20ú haois ó thaobh éifeachtaí de. An digiteáil agus na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh táirgeadh tionsclaíoch, ceardaíochta, talmhaíochta, tráchtála nó seirbhíse chomh glan agus is féidir, tá tionchar acu siúd ar gach uile ghairm, nó ní fada go mbeidh. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar FBManna agus ar mhicrifhiontair agus tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh, i dtéarmaí daonna agus airgeadais araon de.

2.14.

Measann CESE go mbeidh gá le hoiliúint agus oideachas i scileanna glasa má táthar chun aistriú cóir glas a bhaint amach i ngach earnáil den tionscal lena mbaineann. Seo a leanas trí phríomhdhúshlán atá le sárú:

na scileanna atá ag oibrithe cheana a chur in oiriúint do riachtanais na n-earnalácha agus iad i mbun an phróisis dícharbónaithe agus do na dúshláin a bhaineann le foinsí nua fuinnimh;

oiliúint i scileanna le haghaidh gach post inbhuanaithe glas;

feasacht a ardú chun an lorg carbóin san áit oibre a laghdú.

2.15.

D’fhonn aistriú cóir a bhaint amach, agus an t-aistriú sin a bheith i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, ba cheart an rochtain chéanna a bheith ag an uile dhuine, laistigh den áit oibre agus lasmuigh di, ar oiliúint ardcháilíochta agus ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus glasa a bheidh in úsáid i ngairmeacha atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo. I gcomhréir le cleachtais náisiúnta agus earnálacha na mBallstát, ní foláir tacaíocht éifeachtach a thabhairt d’oibrithe chun cur lena leibhéal oiliúna sna scileanna sin (cothromaíocht oibre is saoil, saoire oiliúna, etc.) agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do ghnólachtaí chun na críche sin.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

De bharr an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais, tá athrú ag teacht ar phoist atá ann faoi láthair agus tá cinn nua á gcruthú. Rudaí is riachtanas le haghaidh aistriú cóir is ea cáilíocht na bpost agus dálaí córa oibre agus pá, aistriú lena gcumasaítear digiteáil agus dícharbónú fadtéarmach maille le fás inbhuanaithe an gheilleagair, táirgiúlacht agus nuálaíocht. Tá tábhacht thar na bearta le scileanna mar ghné d’iomaíochas cuideachtaí chun tionscnaimh athoiliúna a chur le chéile agus chun rochtain éifeachtach ar oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe. Is é an t-aon bhealach trínar féidir na cuspóirí sin a bhaint amach an fhoghlaim ar feadh an tsaoil maidir le scileanna digiteacha agus digitithe nua, de bhreis ar scileanna glasa.

3.2.

Is ríthábhachtach an fhorbairt ghairmiúil ag gach uile aois chun aistriú cóir digiteach agus aistriú cóir glas a áirithiú. I dtaca leis de, iarrann CESE go áireofaí i bPlean Gníomhaíochta 2021-2027 an Aontais don Oideachas Digiteach agus sna tograí le haghaidh Moltaí ón gComhairle maidir le scileanna digiteacha agus oiliúint dhigiteach straitéisí éifeachtacha chun oiliúint agus oiriúnú scileanna na mball foirne fostaithe agus dífhostaithe a fheabhsú i ngach earnáil gan beann ar mhéid na gcuideachtaí. Ba cheart oiliúint i scileanna digiteacha a chur in oiriúint do riachtanais gach gairme agus earnála agus an chothromaíocht oibre is saoil á hurramú san am céanna.

3.3.

Is feasach do CESE nár cheart é a fhágáil faoi dhaoine aonair scileanna nua a fhoghlaim agus a scileanna a chur in oiriúint do dhúshláin nua dhigiteacha agus ghlasa, is freagracht chomhroinnte ar an tsochaí ina hiomláine an méid sin. I ndáil leis sin, tá sé tugtha le fios ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil 90 % den oiliúint arna cur ar fáil san áit oibre á maoiniú ag cuideachtaí (6). Ba cheart do na Ballstáit, d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus do ghnólachtaí, trína gcomhlachais earnála agus ar bhonn aonair chomh maith, straitéisí a cheapadh chun borradh a chur faoin digiteáil agus chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán glas agus ba cheart tacú leis uas-sciliú trí bhíthin na straitéisí sin freisin. Ba chóir anailís chríochnúil a dhéanamh ar dhea-shamplaí de shásraí cistiúcháin náisiúnta agus de straitéisí atá dírithe ar oiliúint i leith comhaontuithe comhchoiteanna agus iad a chur chun cinn mar dhea-chleachtais (7).

3.4.

Is díol sásaimh do CESE an Creat-Chomhaontú Eorpach maidir leis an digiteáil a síníodh idir Cónaidhm Eorpach na gCeardchumann, BusinessEurope, SGI Europe agus an Comhlachas Eorpach um Ghnóthais Cheardaíochta agus um Ghnóthais Bheaga agus Mheánmhéide (SMEUnited) (8), ina luaitear, i gcás ina n-iarrann fostóir ar oibrí tabhairt faoi oiliúint a bhaineann leis an obair, oiliúint a bhfuil baint dhíreach aici le claochlú digiteach na cuideachta, gurb é an fostóir a íocfaidh as an oiliúint nó go mbeidh sí i gcomhréir le comhaontú comhchoiteann nó cleachtas náisiúnta. D’fhéadfadh an oiliúint sin a bheith inmheánach nó seachtrach agus dhéanfaí í ag am cuí arna chomhaontú ag an bhfostóir agus an oibrí araon agus, a mhéid is féidir, le linn uaireanta oibre. I gcás ina n-eagrófaí an oiliúint lasmuigh d’uaireanta oibre, ba cheart an oibrí a chúiteamh go leordhóthanach as sin. Iarrann CESE go gcuirfí na prionsabail sin san áireamh agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 á fhorbairt.

3.5.

Má táthar chun aistriú cóir a bhaint amach, aithníonn CESE gur gá féachaint chuige go mbeidh sé ar acmhainn an uile dhuine cur leis na bunscileanna digiteacha atá acu chun cúraimí laethúla a chur i gcrích agus tuiscint a fháil ar an gcibearshlándáil, ar an gcumarsáid dhigiteach, ar shlándáil sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar phríobháideachas ar an idirlíon agus ar an gcontúirt a bhaineann leis an mbréagaisnéis. Sa chomhthéacs sin, iarrann CESE go ndéanfadh na húdaráis inniúla an oiliúint in inniúlachtaí agus scileanna digiteacha a aithint agus a dheimhniú.

3.6.

Aontaíonn CESE lena bhfuil sa Mholadh ón gComhairle maidir leis an bhfoghlaim le haghaidh na hinbhuaine comhshaoil (9) i ndáil le micridhintiúir dhigiteacha, ach tugann sé rabhadh gur gá na micridhintiúir a bheith comhlántach le dioplómaí agus deimhnithe iomlána. Ar a mhuin sin, tugann CESE dá aire gur gá a gcáilíocht a ráthú agus a dheimhniú, seachas iad a bhailíochtú amháin, i dtreo gur féidir ról ábhartha a bheith acu freisin maidir leis an bhfoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a bhailíochtú.

3.7.

Má táthar chun aistriú cóir a áirithiú, aithníonn CESE nach foláir an oiliúint i scileanna a nascadh le saoire oiliúna íoctha, agus an oiliúint sin a bheith i gcomhréir le reachtaíocht náisiúnta agus le comhaontuithe náisiúnta. Ar an dóigh sin, ba cheart go gcumasófaí rannpháirtíocht oibrithe i gcláir agus i gcúrsaí forbartha gairme a bhaineann le poist nua ghlasa agus dhigiteacha agus, san am céanna, go mbeadh daoine in ann freastal ar an obair agus ar an saol sa bhaile araon.

3.8.

Maidir le Creat Inniúlachta AE a chuir an Coimisiún Eorpach le chéile (10) chun cur le forbairt agus measúnú eolais, scileanna agus dearcthaí i leith an athraithe aeráide agus na forbartha inbhuanaithe, iarrann CESE ar an gCoimisiún réitigh phraiticiúla a chur ar bun chun go mbeidh rochtain éifeachtach ag cuardaitheoirí poist agus ag oibrithe ar ghairmoiliúint chuimsitheach ardcháilíochta a chabhróidh leo na scileanna a bheidh ag teastáil don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fháil. I dtaca leis sin de, iarrann sé freisin go gcuirfí le héifeachtacht agus cáilíocht na hoiliúna chun oiliúint ardcháilíochta, chuimsitheach agus chothrom a áirithiú do chách.

3.9.

Iarrann CESE ar an gCoimisiún táscaire bliantúil a thabhairt isteach faoi 2030 a thabharfaidh léargas ar líon na ndaoine fásta agus na bhfostaithe, go háirithe daoine óga, a thugann faoi chúrsaí oiliúna maidir le scileanna glasa, feasacht chomhshaoil agus scileanna agus freagracht éiceolaíoch agus chomhshaoil, agus aird á tabhairt ar uirlisí simplí saincheaptha do FBManna.

3.10.

Ní mór na cláir oiliúna arb ann dóibh cheana a chur in oiriúint do dhúshláin nua. Ar an gcúis sin, iarrann CESE go spreagfaí agus go n-éascófaí coigeartú na gclár foghlama atá ann cheana d’fhonn na scileanna is gá a ionchorprú san aistriú glas agus go gcuirfí oiliúint ar mhúinteoirí maidir leis na hábhair sin. Ba cheart oiliúint maidir le freagracht chomhshaoil agus feasacht i leith na haeráide a áireamh sa ghairmoiliúint. Is den ríthábhacht measúnú a dhéanamh ar chúrsaí oiliúna agus iad a dheimhniú. Iarrann CESE ar an gCoimisiún Eorpach na Ballstáit a spreagadh chun na bearta is gá a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh rochtain ag cuardaitheoirí poist agus ag oibrithe ar oiliúint ardcháilíochta dheimhnithe a bhfuil meastóireacht déanta uirthi.

3.11.

Tá gá le faisnéis agus le hinfheictheacht mhaith maidir le gach earnáil gníomhaíochta. D’fhéadfaí dea-chleachtais a shainaithint bunaithe ar an méid atá ann cheana san Eoraip agus i roinnt tíortha san Aontas ó thaobh faisnéise nó faireachlann maidir le poist agus scileanna chun measúnú a dhéanamh ar na riachtanais a bheidh ann amach anseo, feasacht a mhúscailt agus oibrithe agus gnólachtaí a thabhairt chun páirtíochta ar mhaithe leis na réimsí ina mbeidh gníomhaíochtaí ag teastáil amach anseo a shonraigh ar bhonn comhpháirteach agus le tallann nua a mhealladh.

3.12.

Tá CESE den tuairim gur ríthábhachtach tosú ar fhaireachán straitéiseach a dhéanamh ar riachtanais scileanna chun na riachtanais a bheidh de dhíth ar an margadh saothair agus ar an tsochaí sna Ballstáit ó thaobh oiliúna de a réamh-mheas d’fhonn bearnaí glasa agus digiteacha a sheachaint agus iomaíochas an Aontais a neartú. Ba cheart ról ceannasach a bheith ag na comhpháirtithe sóisialta, ag an tsochaí shibhialta agus ag na seirbhísí fostaíochta poiblí maidir le hanailís agus diagnóis a dhéanamh ar éilimh. Ba cheart lámh a bheith acu agus réamh-mheas á dhéanamh ar riachtanais scileanna agus ní mór dóibh a bheith ar an eolas faoin gcaoi a bhfreagraíonn an oiliúint a chuirtear ar fáil ar na scileanna a theastaíonn ó chuideachtaí agus ón margadh saothair, agus treochtaí á gcur san áireamh chomh maith, lena n-áirítear ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach.

4.   Scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus glasa

4.1.

Molann CESE an fhorbairt inbhuanaithe a áireamh i mbeartais agus i gcláir a bhaineann leis an oideachas agus an oiliúint, dála mar a rinneadh i gcás an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, i gcomhréir le sprioc 4.7 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, i measc nithe eile. Is éard atá i gceist leis sin an t-oideachas agus an oiliúint i leith na forbartha inbhuanaithe a chur san áireamh in Erasmus+, CSE+ agus Fís Eorpach agus sineirgí a chruthú idir na cláir sin.

4.2.

Tugann CESE chun suntais go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus cur leis rochtain ar dheiseanna foghlama ar feadh an tsaoil agus atá sé infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí digiteacha, glasa agus inbhuanaithe.

4.3.

Tá CESE ag iarraidh ar an lucht déanta cinntí feabhas a chur ar an tacaíocht a thugtar do mhúinteoirí agus d’oideoirí maidir le teicneolaíochtaí digiteacha, glasa agus inbhuanaithe a chur i bhfeidhm i dtimpeallachtaí foghlama trí infheistíocht a dhéanamh ina bhforbairt ghairmiúil tosaigh agus leanúnach agus sna scileanna agus inniúlachtaí digiteacha agus glasa atá acu.

4.4.

Tá CESE ag iarraidh go ndéanfaí infheistíocht i dtaighde fadaimseartha idirdhisciplíneach neamhchlaonta ar na gnéithe éagsúla de theicneolaíochtaí digiteacha san oideachas, lena nasctar eolaíocht oideachais, an oideolaíocht, an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht, eolaíocht néarchórais, an innealtóireacht agus an ríomhaireacht. Is tábhachtach an méid sin chun tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil intinn leanaí ag forbairt sa saol digiteach.

4.5.

Tá CESE ag iarraidh go nglacfaí cur chuige cuimsitheach maidir le straitéisí digiteacha lena gcuirtear forbairt bunscileanna chun cinn mar bhunchloch an chomhtháthaithe shóisialta.

4.6.

Is díol sásaimh do CESE Bliain Eorpach na Scileanna agus tarraingíonn sé aird ar an gcur chuige maidir le scileanna digiteacha agus glasa a fhorbairt ó dhearcadh níos leithne. Bíodh sin mar atá, is den ríthábhacht bearnaí bunúsacha i scileanna digiteacha a dhúnadh, óir níl na scileanna sin ach ag 54 % de mhuintir na hEorpa. Faoi spriocanna Dheacáid Dhigiteach na hEorpa, táthar ag iarraidh go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 80 % de mhuintir na hEorpa, ar a laghad, faoi 2030. Aithníonn CESE gur gá tacú le forbairt scileanna chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le teicneolaíochtaí nua a chur in úsáid, amhail anailísí mórshonraí, an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil.

4.7.

Dar le CESE gur réamhriachtanas é an tsaoránacht dhigiteach a fhorbairt má táthar chun rannpháirtíocht ghníomhach gach foghlaimeora sa tsochaí a áirithiú. I gcomhthéacs an aistrithe ghlais agus an aistrithe dhigitigh, ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar an mbearna idir na hinscní a mhéid a bhaineann le rochtain ban ar oiliúint. Ní féidir formhór an daonra a fhágáil ar lár i ngeall ar easpa cur chuige inscne. Chuige sin, ba cheart an Creat Inniúlachta Digití AE (DigComp 2.0) a chur chun cinn ar dhóigh níos fearr lena áirithiú go nglacfaidh soláthraithe foghlama éagsúla agus geallsealbhóirí oideachais agus oiliúna leis. Ar an dóigh sin, cuirfear sraith níos leithne inniúlachtaí chun cinn, inniúlachtaí a theastaíonn chun bheith i do shaoránach digiteach.

4.8.

Tugann CESE dá aire go bhfuil baint ag na bearnaí sa rochtain ar acmhainní digiteacha agus i bhforbairt scileanna digiteacha leis an timpeallacht shocheacnamaíoch. Ba cheart bearnaí réigiúnacha agus socheacnamaíocha a dhúnadh trí thacaíocht spriocdhírithe a áirithiú do na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste agus trí aird a thabhairt ar cheantair thuaithe.

4.9.

Iarrann CESE go ndéanfaí prionsabail a bhaineann leis an idir-inoibritheacht agus le prótacail oscailte a chur chun cinn sna huirlisí digiteacha a úsáidtear chun spás foghlama ar líne níos daonlathaí agus uirlisí digiteacha a chothú a bheidh de rogha ar uirlisí seanbhunaithe traidisiúnta lenar féidir foghlaim agus ábhar a chomhchruthú.

4.10.

Ba cheart faireachán a dhéanamh ar fhorbairt scileanna digiteacha tríd an Seimeastar Eorpach agus tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun féachaint chuige go mbeidh beartais foghlama iomchuí arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi scileanna digiteacha ina mbonn taca le haon chistiú a úsáidtear chun bearnaí sa bhonneagar digiteach a dhúnadh.

4.11.

Aithníonn CESE na deacrachtaí a bhíonn ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ag FBManna dul in oiriúint don aistriú digiteach mura bhfuil na hacmhainní nó an oiliúint chuí acu chuige sin. Ba cheart tuilleadh deiseanna cistiúcháin, gníomhaíochtaí piarfhoghlama agus malartú acmhainní digiteacha san earnáil a éascú, ó tharla gur éascaitheoirí nó soláthraithe oideachais agus oiliúna do chách iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta. De bhreis air sin, ba cheart rochtain ar bhogearraí foinse oscailte a chur chun cinn chun saor-rochtain a áirithiú, spásanna ar líne a chomhchruthú ar bhealach daonlathach agus acmhainní digiteacha malartacha lena n-osclaítear an spás ar líne do chách a chur chun cinn.

An Bhruiséil, 27 Aibreán 2023.

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)  https://www.cedefop.europa.eu/en/news/more-employment-higher-skills-demand

(2)  https://www.businesseurope.eu/sites/buseur/files/media/reports_and_studies/2020-06-22_agreement_on_digitalisation_-_with_signatures.pdf

(3)  https://www.businessinsider.com/service-industry-work-from-home-remote-madrid-london-paris-berlin-2021-2?r=US&IR=T

(4)  https://www.cedefop.europa.eu/files/3092_en.pdf

(5)  Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

(6)  Adult Learning Statistical Report [Tuarascáil Staitistiúil maidir leis an bhFoghlaim Aosach], https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=738&langId=en&pubId=8337&furtherPubs=yes

(7)  Mar shampla, maoiniú Scuola Edile in earnáil na tógála san Iodáil tríd an gcomhaontú comhchoiteann don earnáil nó Fondi Interprofessionali, cistí sonracha chun gníomhaíochtaí oiliúna do FBManna a mhaoiniú, arna gcomhaontú ag na comhpháirtithe sóisialta sna comhaontuithe comhchoiteanna.

(8)  http://erc-online.eu/wp-content/uploads/2020/07/Final-22-06-20-with-signatures_Agreement-on-Digitalisation-2020.pdf

(9)  https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9242-2022-INIT/ga/pdf

(10)  https://joint-research-centre.ec.europa.eu/greencomp-european-sustainability-competence-framework_en