14.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 249/3


TUAIRIM ÓN MBANC CEANNAIS EORPACH

an 6 Meitheamh 2023

maidir leis an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí i gcomhair inbhuanaitheacht chorparáideach

(CON/2023/15)

(2023/C 249/03)

Réamhrá agus bunús dlí

An 23 Feabhra 2022 d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach an togra le haghaidh treoir maidir le dícheall cuí i gcomhair inbhuanaitheacht chorparáideach agus lena leasaítear Treoir (AE) 2019/1937 (1) (dá ngairtear an ‘treoir atá beartaithe’ anseo feasta).

Tá cinneadh déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) tuairim a thabhairt ar a thionscnamh féin maidir leis an treoir atá beartaithe. Tá inniúlacht BCE tuairim a thabhairt bunaithe ar Airteagail 127(4) agus 282(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ós rud é go bhfuil forálacha sa treoir atá beartaithe lena ndéantar difear do chúraimí BCE maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa de bhun Airteagal 127(6) den Chonradh agus do rannchuidiú an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla a bhaineann le cobhsaíocht an chórais airgeadais, dá dtagraítear in Airteagal 127(5) den Chonradh. I gcomhréir leis an gcéad abairt d’Airteagal 17.5 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh, ghlac an Chomhairle Rialaithe an tuairim seo.

1.   Barúlacha ginearálta

1.1.

Leis an treoir atá beartaithe, forchuirtear oibleagáidí ar chuideachtaí móra áirithe dícheall cuí maidir le cearta an duine agus leis an gcomhshaol a dhéanamh (2), lena n-áirítear drochthionchair iarbhír agus fhéideartha a aimsiú (3), dícheall cuí a chomhtháthú i mbeartais cuideachtaí (4), drochthionchair a chosc nó a mhaolú (5), nós imeachta gearán a bhunú (6), faireachán a dhéanamh ar bhearta agus ar bheartais (7), agus tuairisciú (8). Chun na críche sin, sainmhínítear sa treoir atá beartaithe ‘cuideachta’ agus faoin sainmhíniú sin sonraítear go n-áirítear leis gnóthas airgeadais rialáilte’ (9), lena n-áirítear, ansin, i measc nithe eile, institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) (dá ngairtear ‘institiúid creidmheasa’ anseo feasta, agus, san iolra, ‘institiúidí creidmheasa’).

1.2.

Thairis sin, leis an treoir atá beartaithe, ceanglaítear ar chuideachtaí a bhfuil feidhm aici maidir leo bearta iomchuí a dhéanamh chun sonrú a dhéanamh ar dhrochthionchair iarbhír agus fhéideartha ar chearta an duine agus ar dhrochthionchair chomhshaoil a eascraíonn as a n-oibríochtaí féin nó as oibríochtaí a bhfochuideachtaí agus, i gcás ina mbaineann siad lena luachshlabhraí, óna gcaidrimh ghnó bhunaithe (11). I gcás gnóthais airgeadais rialáilte, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa, sainmhínítear an téarma ‘luachshlabhra’ sa treoir atá beartaithe mar théarma lena n-áirítear gníomhaíochtaí de chuid cliant a fhaigheann seirbhísí iasachta, seirbhísí creidmheasa agus seirbhísí airgeadais eile (12). Cé nach dtagann dícheall cuí um chearta an duine agus dícheall cuí comhshaoil faoi réimsí inniúlachta BCE, d’fhéadfadh impleachtaí praiticiúla tábhachtacha a bheith ag an treoir atá beartaithe d’institiúidí creidmheasa. Ón taobh sin de, moltar socruithe a bheartú sa treoir atá beartaithe maidir le comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-institiúidí creidmheasa leis an treoir atá beartaithe agus na húdaráis atá freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear BCE. I ndáil leis sin, tugann BCE dá aire go bhfuil socruithe bunaithe ag comhreachtóirí an Aontais maidir le comhar agus malartú faisnéise idir údaráis mhaoirseachta stuamachta ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na húdaráis mhaoirseachta inniúla atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht na n-institiúidí creidmheasa le reachtaíocht an Aontais lena rialáiltear réimsí eile gníomhaíochta nach dtagann faoi inniúlachtaí BCE maidir le maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa. Bunaíodh socruithe den sórt sin, mar shampla, i réimsí na gceanglas um fhrithsciúradh airgid agus um maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhrac (13), margaí in ionstraimí airgeadais (14), agus bonneagair mhargaidh (15).

1.3.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar isteach dliteanas sibhialta do chuideachtaí nach gcomhlíonann na hoibleagáidí atá orthu drochthionchair fhéideartha a chosc agus deireadh a chur le drochthionchair iarbhír, má tharlaíonn damáistí de thoradh na mainneachtana sin (16). Cé gur gá mionsonraí breise maidir leis an gcóras dliteanais shibhialta (mar shampla, an sainmhíniú ar dhamáistí cumhdaithe agus ar an dualgas cruthúnais) a shainiú, táthar ag dréim leis go bhféadfadh méadú suntasach teacht ar rioscaí dlíthíochta na mbanc de thoradh an chórais dliteanais sin. Tá BCE ag dréim leis go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht na rioscaí sin a bhainistiú i gcomhréir le hionchais mhaoirseachta stuamachta BCE arna gcur in iúl ag BCE. Tugtar faoi deara sa chomhthéacs sin go bhfuil cur chuige rioscabhunaithe glactha ag BCE go dtí seo agus measúnú á dhéanamh aige ar an neamhchosaint atá ag banc ar rioscaí rialachais shóisialta comhshaoil (ESG). Mar shampla, chuir BCE in iúl gur gá do na bainc tuiscint a fháil ar na hiarmhairtí a ghabhann leis an aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe ó thaobh a gcuid idirbheart agus a gcuid neamhchosaintí, agus gur gá dóibh na rioscaí sin a léiriú ina straitéis fhoriomlán bainistithe riosca (17). Ón taobh sin de, maidir le iasachtú leanúnach chun gníomhaíochtaí atá neamhchosanta ar ardrioscaí aistrithe a chistiú, ní féidir a mheas go bhfuil an t-iasachtú sin comhsheasmhach le bainistiú fónta riosca ach amháin má tá plean inchreidte eolaíochtbhunaithe aistrithe, atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ag an iasachtaí, (18) chun a riosca aistrithe a bhainistiú agus a laghdú le himeacht ama. Go háirithe, tagann bainistiú fónta ar an riosca dlíthíochta faoi chuimsiú bainistiú fónta ar riosca an aistrithe freisin. Sa chomhthéacs sin, cuireann BCE i bhfáth nár mhór ról phleanáil an aistrithe i gcorparáidí a chur san áireamh agus aitheantas a thabhairt don ról sin dá dtabharfaí isteach dliteanas sibhialta a bhaineann le drochthionchar an iasachtaithe sin. I gcomhréir leis an gcur chuige maoirseachta thuasluaite, féadfar a mheas, mar sin féin, maidir le hiasachtú chun gníomhaíochtaí atá neamhchosanta ar ardrioscaí aistrithe a chistiú, go bhfuil an t-iasachtú sin comhsheasmhach le cuir chuige fhónta bainistithe riosca, ar choinníoll go leanann rannchuidiú imeallach na ngníomhaíochtaí atá beartaithe nó curtha i gcrích de bheith comhleanúnach le pleananna inchreidte aistrithe. Tá sé sin ríthábhachtach chun a áirithiú go mbeidh bainc in ann iarrachtaí aistrithe a mhaoiniú do chliaint nach bhfuil ailínithe go fóill – ach a bhfuil sé beartaithe acu a bheith ailínithe – le spriocanna aeráide an Aontais agus le comhaontú Pháras.

1.4.

Leis an treoir atá beartaithe, forchuirtear oibleagáid ar na cuideachtaí sin a bhfuil feidhm aici maidir leo plean aistrithe a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil samhail ghnó agus straitéis ghnó na cuideachta comhoiriúnach leis an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus le teorannú an téimh dhomhanda go 1.5 °C i gcomhréir le Comhaontú Pháras (19). Go sonrach, ní mór do chuideachta cuspóirí laghdaithe astaíochtaí a áireamh ina plean má shonraíonn an chuideachta gur príomhriosca é an t-athrú aeráide. Cé go bhforchuirtear leis an treoir atá beartaithe an oibleagáid plean aistrithe a ghlacadh, leagtar síos ar leithligh i dTreoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach’ nó ‘CSRD’ anseo feasta) an lánas agus na ceanglais phraiticiúla a ghabhann le plean aistrithe a nochtadh. Tá comhordú agus comhleanúnachas dlúth idir sainmhínithe agus ceanglais na treorach atá beartaithe agus CSRD ríthábhachtach dá bhrí sin. Leagann BCE béim ar an ngá atá ann go n-áiritheofaí comhsheasmhacht agus idir-inoibritheacht na bpleananna aistrithe faoin dá phíosa reachtaíochta sin. Is den tábhacht é go dtabharfaí faoi deara go bhféadfadh aidhmeanna agus cuspóir na bpleananna aistrithe mar a cheanglaítear faoin treoir atá beartaithe agus faoi CSRD a bheith éagsúil le pleananna aistrithe a cheanglaítear ó thaobh na stuamachta de faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21) (dá ngairtear ‘an Treoir maidir le Ceanglais Chaipitil’ nó ‘CRD’ anseo feasta), atá á athbhreithniú faoi láthair. Is é is aidhm do CRD a áirithiú go ndéanfaidh institiúidí creidmheasa measúnú cuimsitheach ar rioscaí ESG agus go ndéanfaidh siad tosca réamhbhreathnaitheacha maidir leis na priacail sin a neadú ina straitéisí, ina bpraghsáil, ina bhfaireachán leanúnach ar riosca, agus ina mbainistiú, d’fhonn athléimneacht na hinstitiúide creidmheasa a áirithiú.

1.5.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar sainordú do na Ballstáit údarás maoirseachta amháin nó níos mó a ainmniú chun maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos inti (22). Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí údaráis atá ainmnithe faoi láthair mar údaráis inniúla chun maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais airgeadais rialáilte a ainmniú freisin mar údaráis mhaoirseachta chun críocha na treorach atá beartaithe i ndáil leis na gnóthais airgeadais sin a thagann faoi raon feidhme na treorach atá beartaithe (23). Cuireann BCE i bhfáth gurb ionann an mhaoirseacht ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos sa treoir atá beartaithe agus cúram atá éagsúil le cúraimí stuamachta na n-údarás inniúil náisiúnta (ÚINanna) laistigh den Sásra Aonair Maoirseachta (SAM) (24). Más rud é go n-ainmneoidh na Ballstáit ÚINanna laistigh de SAM mar údarás maoirseachta faoin treoir atá beartaithe, ba cheart an chóir agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil dóibh chun na cúraimí nua sin a dhéanamh gan dochar dá bhfreagrachtaí stuamachta reatha. Thairis sin, athdhearbhaíonn BCE go bhfuil gá le socruithe cuí maidir le comhordú, comhar agus malartú faisnéise idir na húdaráis atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag institiúidí creidmheasa faoin treoir atá beartaithe ar thaobh amháin, agus, ar an taobh eile, na húdaráis atá freagrach as maoirseacht stuamachta a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa, lena n-áirítear BCE. Ba cheart go gcuideodh socruithe den sórt sin le cosc a chur, a mhéid is féidir, le ceanglais tuairiscithe dhúbailte nach bhfuil gá leo agus le cinnteoireacht neamhréireach i ndáil le hinstitiúidí creidmheasa faoi mhaoirseacht.

1.6.

Bunóidh an Coimisiún Líonra Eorpach Údarás Maoirseachta ar a mbeidh ionadaithe ó na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú ag na Ballstáit, agus féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do ghníomhaireachtaí Eorpacha a bheith rannpháirteach ann chun faisnéis a mhalartú, cúnamh frithpháirteach a sholáthar agus bearta a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach (25). Leis an treoir atá beartaithe, eisiatar an fhéidearthacht, mar is ceart, go mbeadh sé de chúram ar BCE maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh na treorach atá beartaithe ag na hinstitiúidí creidmheasa suntasacha sin atá faoina mhaoirseacht dhíreach. Tá sé sin comhsheasmhach le tuiscint BCE nach dtagann an cúram sin faoi raon feidhme na gcúraimí maoirseachta stuamachta a fhéadfar a thabhairt do BCE faoi Airteagal 127(6) den Chonradh. Mar sin féin, measann BCE gur den ríthábhacht é go ndéanfaí an Líonra Eorpach Údarás Maoirseachta atá beartaithe a leathnú chun BCE ina cháil mar mhaoirseoir stuamachta ar institiúidí creidmheasa a chuimsiú ann. Leis sin d’áiritheofaí comhordú agus chuirfí bunús fónta dlí ar fáil chun socruithe comhair agus malartaithe faisnéise a bhunú idir BCE agus na húdaráis mhaoirseachta arna n-ainmniú faoin treoir atá beartaithe, go háirithe maidir leis na gnóthais airgeadais rialáilte sin a thagann faoi mhaoirseacht dhíreach stuamachta BCE (i.e. institiúidí creidmheasa suntasacha), ach a bheadh freisin faoi réir mhaoirseacht na n-údarás maoirseachta náisiúnta arna n-ainmniú ag na Ballstáit chun críocha na treorach atá beartaithe.

1.7.

Leis an treoir atá beartaithe, tugtar sainmhíniú ar luachshlabhra na ngnóthas airgeadais rialáilte. D’fhéadfadh tionchar a bheith aige sin ar chreataí rialála amach anseo, mar shampla, na Caighdeáin Eorpacha um Thuairisciú Inbhuanaitheachta arna n-ullmhú ag an nGrúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais (26), atá le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhthéacs CSRD. Ba cheart measúnú cúramach a dhéanamh ar an sainmhíniú i gcomhthéacs creataí rialála stuamachta, toisc go bhféadfadh sé nárbh iomchuí úsáid a bhaint as i gcreataí rialála stuamachta. Is amhlaidh atá toisc gur den tábhacht é, ó thaobh na maoirseachta stuamachta de, go mbeadh forléargas cuimsitheach ag gnóthais airgeadais rialáilte ar na rioscaí aistrithe is gné dhílis dá luachshlabhra. Dá réir sin, b’fhéidir gur ghá anailís níos doimhne agus breithniú breise a dhéanamh ar an sainmhíniú ar an luachshlabhra a mhéid a bhaineann sé le gnóthais airgeadais rialáilte.

1.8.

Ar deireadh, leagann BCE béim ar a thábhachtaí atá sé go dtiocfadh an treoir atá beartaithe i bhfeidhm de réir a chéile agus go hordúil chun go mbeidh cuideachtaí in ann a bpróisis inmheánacha agus a gcaidrimh ghnó a choigeartú chun freastal ar na ceanglais nua. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin ionas go mbeidh gnóthais airgeadais rialáilte in ann athmheasúnú ordúil ar rioscaí a áirithiú agus fanacht glan ar éifeachtaí aille lena bhféadfaí foirceantaí tobanna seirbhísí airgeadais a chruthú, rud a d’fhéadfadh drochthionchar a imirt ar an gcobhsaíocht airgeadais.

I gcás ina molann BCE go ndéanfaí an treoir atá beartaithe a leasú, leagtar amach tograí sonracha maidir le dréachtú i ndoiciméad oibre teicniúil ar leithligh a mbeidh téacs míniúcháin chun na críche sin ag gabháil leis. Tá an doiciméad oibre teicniúil le fáil i mBéarla ar EUR-Lex.

Arna dhéanamh in Frankfurt am Main, 6 Meitheamh 2023.

Uachtarán BCE

Christine LAGARDE


(1)  COM (2022) 71 final.

(2)  Féach Airteagal 4 den treoir atá beartaithe.

(3)  Féach Airteagal 6 den treoir atá beartaithe.

(4)  Féach Airteagal 5 den treoir atá beartaithe.

(5)  Féach Airteagal 7 agus Airteagal 8 den treoir atá beartaithe.

(6)  Féach Airteagal 9 den treoir atá beartaithe.

(7)  Féach Airteagal 10 den treoir atá beartaithe.

(8)  Féach Airteagal 11 den treoir atá beartaithe.

(9)  Féach Airteagal 3, pointe (a)(iv), den treoir atá beartaithe.

(10)  Féach pointe 1 d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).

(11)  Féach Airteagal 6(1) den treoir atá beartaithe.

(12)  Féach Airteagal 3, pointe (g), den treoir atá beartaithe.

(13)  Féach Airteagal 49 de Threoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2006/70/CE ón gCoimisiún (IO L 141, 5.6.2015, lch. 73); míreanna 3.1 go 3.8 de Thuairim CON/2022/4 ó BCE. Tá gach tuairim ó BCE le fáil ar EUR-Lex.

(14)  Féach Airteagal 79 de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014 lch. 349).

(15)  Féach Airteagal 84 Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(16)  Féach Airteagal 22 den treoir atá beartaithe.

(17)  Féach ‘Guide on climate-related and environmental risks’ (Treoir maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil) ó BCE, atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le maoirseacht baincéireachta ag www.bankingsupervision.europa.eu. Féach freisin an phreaseisiúint ‘ECB sets deadlines for banks to deal with climate risks’ (Socraíonn BCE spriocdhátaí do bhainc chun dul i ngleic le rioscaí aeráide) atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE maidir le maoirseacht baincéireachta ag www.bankingsupervision.europa.eu

(18)  Féach an óráid a thug Frank Elderson, Running up that hill’ – how climate-related and environmental risks turned mainstream in banking supervision and next steps for banks (Ag rith in aghaidh an aird’ – an chaoi a ndearnadh rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus rioscaí comhshaoil a phríomhshruthú sa mhaoirseacht ar bhaincéireacht agus na chéad chéimeanna eile do na bainc) atá le fáil ar shuíomh gréasáin BCE ag www.ecb.europa.eu

(19)  Féach Airteagal 15 den treoir atá beartaithe.

(20)  Féach Treoir (AE) 2022/2464 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 537/2014, Treoir 2004/109/CE, Treoir 2006/43/CE agus Treoir 2013/34/AE, maidir le tuairisciú inbhuanaitheachta corparáideach (IO L 322, 16.12.2022, lch. 15).

(21)  Féach Airteagal 76 de Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(22)  Airteagal 17(1) den treoir atá beartaithe.

(23)  Airteagal 17(5) den treoir atá beartaithe.

(24)  Féach Airteagal 2(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón an gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).

(25)  Airteagal 21 den treoir atá beartaithe.

(26)  Féach an Grúpa Comhairleach Eorpach um Thuairisciú Airgeadais, First Set of draft ESRS (An Chéad Sraith de dhréacht-ESRS), Samhain 2022, atá le fáil ar shuíomh gréasáin EFRAG ag www.efrag.org