9.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 225/6


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí i leith an Togra le haghaidh Rialachán maidir le malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhar póilíneachta (“Prüm II”)

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)

(2022/C 225/04)

An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhair phóilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinneadh 2008/615/JHA agus Cinneadh 2008/616/JHA ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“Cinntí Prüm” mar a thugtar orthu). Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát (faoi réir tuairim ón MECS ar leithligh), agus Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta.

Is é is cuspóir ag an Togra comhar um fhorfheidhmiú dlí a fheabhsú agus go háirithe an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, trí na coinníollacha agus na nósanna imeachta a leagan síos maidir le cuardach uathoibrithe próifílí DNA, sonraí dachtalascópacha (méarloirg), íomhánna den aghaidh, taifid phóilíní agus sonraí áirithe maidir le clárú feithiclí, chomh maith le sonraí a mhalartú tar éis meaitseála.

Cé go dtuigeann an MECS an gá atá leis na húdaráis forfheidhmithe dlí leas a bhaint as na huirlisí dlíthiúla agus teicniúla is fearr is féidir chun faisnéis a mhalartú chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, tugann sé dá aire nach leagtar síos go soiléir sa chreat nua Prüm atá beartaithe gnéithe bunriachtanacha den mhalartú sonraí, amhail na cineálacha coireanna, a d’fhéadfadh údar a thabhairt le fiosrúchán, agus nach bhfuil sé sách soiléir faoi raon feidhme na ndaoine is ábhar do na sonraí a ndéanann malartú uathoibrithe sonraí difear dóibh, e.g. cibé an gcuimsítear nó nach gcuimsítear sna bunachair shonraí, atá faoi réir fiosrúcháin, sonraí faoi amhrastaigh amháin agus/nó daoine ciontaithe, nó sonraí daoine is ábhar do na sonraí freisin, amhail íospartaigh nó finnéithe.

Measann an MECS go háirithe nár cheart go bhféadfaí cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA agus ar íomhánna aghaidhe ach amháin i gcomhthéacs imscrúduithe aonair ar choireanna tromchúiseacha, in ionad aon chiona choiriúil, dá bhforáiltear sa Togra. Ina theannta sin, measann an MECS gur gá ceanglais agus coinníollacha coiteanna a thabhairt isteach sa Togra maidir leis na sonraí sna bunachair sonraí náisiúnta a bhfuil rochtain orthu le haghaidh cuardaigh uathoibrithe, agus aird chuí á tabhairt ar an oibleagáid faoi Airteagal 6 de Threoir 680/2016 um Fhorfheidhmiú an Dlí (LED) idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla daoine is ábhar do na sonraí (i.e. coirpigh chiontaithe, amhrastaigh, íospartaigh, etc.).

Tá imní ar an MECS freisin faoi na himpleachtaí do chearta bunúsacha na ndaoine aonair atá i gceist ag an gcuardach uathoibrithe atá beartaithe agus ag malartú taifead póilíneachta. Measann sé nach bhfuil an gá atá leis an gcuardach agus malartú uathoibríoch atá beartaithe ar shonraí taifid na bpóilíní sách léirithe. Má ghlactar beart den sórt sin mar sin féin, fiú ar bhonn deonach, bheadh gá le coimircí láidre breise chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Go háirithe, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le cáilíocht sonraí, ba cheart go saineofaí go sainráite sa Rialachán atá le teacht, inter alia, na cineálacha agus/nó tromchúis na gcoireanna a bhféadfadh údar a bheith leo le fiosrúchán uathoibrithe i dtaifid náisiúnta na bpóilíní.

Maidir le cuimsiú Europol faoi chreat Prüm, measann an MECS go bhfuil a thuairimí agus a mholtaí i dTuairim 4/2021 maidir leis an Togra le haghaidh Leasaithe ar Rialachán Europol fós bailí go hiomlán i gcomhthéacs chomhar Prüm, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an méid sin, ar a dtugtar “dúshlán mór sonraí”, i.e. próiseáil ag an nGníomhaireacht ar thacair shonraí mhóra agus chasta. Ba mhaith leis an MECS dhá cheann de na príomhtheachtaireachtaí sa Tuairim ar Europol a thabhairt chun cuimhne: le cumhachtaí níos láidre ba cheart go dtiocfadh forbhreathnú níos láidre i gcónaí, agus, chomh tábhachtach céanna, níor cheart ligean d’aon eisceacht is infheidhme i bhfoirm maoluithe teacht chun bheith mar riail.

Foráiltear leis an Togra d’ailtireacht chasta maidir le cuardach agus malartú uathoibrithe sonraí laistigh de chreat Prüm ina mbeidh trí réiteach theicniúla ar leith, arna bhforbairt agus arna gcothabháil ag trí eintiteas éagsúla. Measann an MECS gur cheart go mbeadh an Togra níos sainráite maidir leis an bhfreagracht as próiseáil sonraí pearsanta, go háirithe in EUCARIS, nach bhfuil bunaithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus a bhfuil nádúr idir-rialtasach aige. Ina theannta sin, tá an MECS den tuairim, i bhfianaise scála agus íogaireacht na próiseála sonraí pearsanta, nach bhfuil an tsamhail rialachais chothrománaigh bheartaithe de chreat Prüm oiriúnach agus gur cheart é a neartú tuilleadh, e.g. trí ról lárnach comhordaithe a shannadh don eintiteas AE, e.g. an Coimisiún.

Ina theannta sin, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, measann an MECS go bhfuil gaol idir na rialacha cosanta sonraí sa Togra leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le cosaint sonraí san Aontas Eorpach, go háirithe an LED agus Rialachán (AE) 1725/2018 ( EUDPR), a shoiléiriú go sainráite.

Sa Tuairim, déantar anailís freisin agus cuirtear moltaí ar fáil maidir le roinnt saincheisteanna sonracha eile, amhail nasc chreat Prüm leis an gcreat idir-inoibritheachta, aistriú sonraí chuig tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, nó maoirseacht ar oibríochtaí próiseála chun críocha chomhar Prüm.

1.   RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA

1.

An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú uathoibrithe sonraí le haghaidh comhair phóilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinneadh 2008/615/JHA agus Cinneadh 2008/616/JHA ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an “Togra”) (1).

2.

Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin:

Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/JHA ón gComhairle (2), agus

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta (3).

3.

Is é cuspóir Chód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta, mar atá sonraithe ag an gCoimisiún, comhar um fhorfheidhmiú dlí a fheabhsú ar fud na mBallstát agus go háirithe an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla (4). I dtaca leis sin, leagtar síos leis an Togra na coinníollacha agus na nósanna imeachta maidir le cuardach uathoibrithe ar phróifílí DNA, ar shonraí dachtalascópacha (méarloirg), ar íomhánna den aghaidh, ar thaifid phóilíní agus ar shonraí áirithe maidir le clárú feithiclí, agus sonraí a mhalartú tar éis meaitseála idir na húdaráis atá freagrach as cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú.

4.

Tá an Togra, chomh maith le Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta i gcoitinne, nasctha le spriocanna beartais roinnt doiciméad straitéiseach AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, go háirithe Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh (5), Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025 (6) agus Straitéis 2021 maidir leis an limistéar Schengen (7). Thairis sin, ba cheart na tograí lena mbunaítear an Cód um Chomhar Póilíneachta a mheas i bhfianaise an athchóirithe leanúnaigh ar Europol agus ról méadaitheach na Gníomhaireachta mar lárionad faisnéise coiriúla de chuid an Aontais, atá ag bailiú agus ag próiseáil méideanna sonraí atá ag síormhéadú (8).

5.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an MECS ar an Togra le haghaidh Rialachán Prüm II an 5 Eanáir 2022, de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725. Tá na tuairimí agus na moltaí sa Tuairim seo teoranta do na forálacha sa Togra is ábhartha ó thaobh cosaint sonraí de.

4.   CONCLÚIDÍ

73.

Ní leagtar síos go soiléir sa chreat nua Prüm atá beartaithe gnéithe riachtanacha de mhalartú sonraí, amhail na cineálacha coireanna, a d’fhéadfadh údar a thabhairt le fiosrú (cuardach), go háirithe próifílí DNA, i.e. aon chion coiriúil nó coireanna níos tromchúisí amháin. Ina theannta sin, níl an Togra soiléir maidir le raon feidhme na ndaoine is ábhar do na sonraí a ndéanann malartú uathoibrithe sonraí difear dóibh, i.e. cibé an gcuimsítear nó nach gcuimsítear sna bunachair shonraí, atá faoi réir fiosrúcháin, sonraí faoi amhrastaigh amháin agus/nó daoine ciontaithe, nó sonraí daoine is ábhar do na sonraí freisin, amhail íospartaigh nó finnéithe.

74.

D’fhonn a áirithiú go bhfuil gá agus comhréireacht leis an gcur isteach ar an gceart bunúsach chun sonraí pearsanta a chosaint, i bhfianaise Airteagal 52(1) den Chairt, tá sé ríthábhachtach raon feidhme pearsanta agus ábhartha na mbeart a shoiléiriú, i.e. catagóirí na ndaoine is ábhar do na sonraí a ndéanfar difear díreach dóibh, agus na coinníollacha oibiachtúla a bhféadfaidh údar a thabhairt le fiosrúchán uathoibrithe i mbunachar sonraí Ballstát eile nó Europol faoi seach.

75.

Measann an MECS go háirithe nár cheart go bhféadfaí cuardach uathoibrithe a dhéanamh ar phróifílí DNA agus ar íomhánna aghaidhe ach amháin i gcomhthéacs imscrúduithe aonair ar choireanna tromchúiseacha, agus ní i gcomhthéacs aon chiona choiriúil, dá bhforáiltear sa Togra. Ina theannta sin, i gcomhréir leis an oibleagáid faoi Airteagal 6 LED idirdhealú a dhéanamh idir catagóirí éagsúla na n-ábhar sonraí, ba cheart go ndéanfaí foráil sa Togra do theorannú na gcatagóirí daoine is ábhar do na sonraí ar cheart a bpróifílí DNA agus a n-íomhánna aghaidhe, arna stóráil sna bunachair sonraí náisiúnta, a bheith inrochtana le haghaidh cuardach uathoibrithe, ag cur san áireamh go háirithe an teorannú cuspóir bunúsach do shonraí ó chatagóirí eile seachas coirpigh ná daoine a bhfuil amhras fúthu.

76.

Measann an MECS nach bhfuil an gá atá leis an gcuardach agus malartú uathoibríoch atá beartaithe ar shonraí taifid na bpóilíní sách léirithe. Má ghlactar beart den sórt sin mar sin féin, fiú ar bhonn deonach, bheadh gá le coimircí láidre breise chun prionsabal na comhréireachta a chomhlíonadh. Go háirithe, i bhfianaise na ndúshlán a bhaineann le cáilíocht sonraí, nach féidir a réiteach le bearta teicniúla amhail ainm bréige a chur i bhfeidhm amháin, ba cheart go leagfaí síos ar a laghad sa Rialachán atá le teacht na cineálacha agus/nó tromchúis na gcoireanna a d’fhéadfadh údar a thabhairt le cuardach uathoibrithe i dtaifid náisiúnta na bpóilíní.

77.

Maidir le cuimsiú Europol faoi chuimsiú Prüm, measann an MECS go bhfuil a thuairimí agus a mholtaí i dTuairim 4/2021 maidir leid an Togra le haghaidh Leasú ar Rialachán Europol fós bailí go hiomlán i gcomhthéacs chomhar Prüm, go háirithe iad siúd a bhaineann le próiseáil thacair shonraí mhóra ag an nGníomhaireacht. Ina theannta sin, molann an MECS an raon feidhme pearsanta a shoiléiriú, i.e. na catagóirí is ábhar do na sonraí atá faoi réir fiosrúcháin faoi Airteagal 49 agus Airteagal 50 a shonrú, chomh maith le ailíniú na dtréimhsí coinneála do logaí, chun comhsheasmhacht le Rialachán Europol a áirithiú.

78.

Foráiltear leis an Togra d’ailtireacht chasta maidir le cuardach agus malartú uathoibrithe sonraí laistigh de chreat Prüm ina mbeidh trí réiteach theicniúla ar leith, arna bhforbairt agus arna gcothabháil ag trí eintiteas éagsúla. Ina theannta sin, tá ceann acu - EUCARIS - nach bhfuil bunaithe ar ghníomh dlíthiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ach a bhfuil nádúr idir-rialtasach aige. Dá bhrí sin, measann an MECS gur cheart go ndíreodh an Togra go sainráite ar an bhfreagracht as sonraí pearsanta a phróiseáil in EUCARIS. Ina theannta sin, measann an MECS, i bhfianaise scála agus íogaireacht na próiseála sonraí pearsanta, nach bhfuil samhail rialachais chothrománaigh reatha an chreat Prüm oiriúnach agus gur cheart í a neartú tuilleadh, e.g. trí ról lárnach comhordaithe a shannadh d’eintiteas de chuid an Aontais Eorpaigh, amhail an Coimisiún.

79.

Is gné thábhachtach eile den Togra, lena n-éilítear anailís chúramach ar a impleachtaí maidir le cearta bunúsacha, is ea creat Prüm a ailíniú le creat idir-inoibritheachta chórais faisnéise an Aontais Eorpaigh i réimse an cheartais agus gnóthaí baile. Iarrann an MECS ar chomhreachtóir breithniú a dhéanamh ar an ngá atá le rialacha breise maidir leis seo, e.g. i ngníomh cur chun feidhme nó i ngníomh tarmligthe, ar cheart dó aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha amhail cáilíocht agus feidhmíocht na n-algartam meaitseála d’íomhánna aghaidhe.

80.

Ag cur san áireamh go n-áirítear le bunús dlí an Togra, inter alia, Airteagal 16 CFAE, ar mhaithe le soiléire agus le cinnteacht, molann an MECS a shonrú sa Togra go bhfuil na forálacha cosanta sonraí i gCaibidil 6 gan dochar do chur i bhfeidhm an LED agus an EUDPR, maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhthéacs an chomhair um fhorfheidhmiú dlí faoin gcreat Prüm.

81.

Ina theannta sin, measann an MECS gur cheart an ceanglas maidir le hiniúchtaí rialta ar oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta chun críocha Rialachán Prüm II a leathnú agus gur cheart go gcumhdófaí ann oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta ar an leibhéal náisiúnta freisin. Sa chomhthéacs sin, molann an MECS go ndéanfaí tagairt in Airteagal 60(2) den Togra go ginearálta do chumhachtaí an MECS, de bhun Airteagal 58 EUDPR, agus ní amháin do chuid acu.

An Bhruiséil, 2 Márta 2022

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2021) 784 final.

(2)  COM(2021) 782 final.

(3)  COM(2021) 780 final.

(4)  https://ec.europa.eu/home-affairs/news/boosting-police-cooperation-across-borders-enhanced-security-2021-12-08_en

(5)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, COM/2020/605 final.

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025, COM/2021/170 final.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún “Straitéis i dtreo limistéar Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach”, COM/2021/277 final.

(8)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach Tuairim an MECS 4/2021, https://edps.europa.eu/system/files/2021-03/21-03-08_opinion_europol_reform_en.pdf