8.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 154/7


Achoimre ar Thuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí maidir leis an Togra le haghaidh Treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát

(Tá téacs iomlán na Tuairime seo le fáil i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis ar shuíomh gréasáin an MECS www.edps.europa.eu)

(2022/C 154/05)

An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forghníomhaithe dlí na mBallstát. Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhair phóilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Chinneadh 2008/615/JHA agus 2008/616/JHA (na “Cinntí Prüm”) agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019/817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (faoi réir tuairime ar leithligh ón MECS), agus Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta.

Tá sé mar aidhm ag an Togra rochtain chomhionann a éascú d’údaráis forfheidhmithe dlí ar fhaisnéis atá i seilbh i mBallstát eile, agus cearta bunúsacha á gcomhlíonadh, lena n-áirítear ceanglais maidir le cosaint sonraí; chomh maith lena chinntiú go mbeidh Pointe Teagmhála Aonair a fheidhmíonn go héifeachtach ag na Ballstáit uile agus go leigheasfar an t-iomadú bealaí cumarsáide a úsáidtear chun faisnéis a mhalartú idir na Ballstáit maidir le forfheidhmiú an dlí, agus ról Europol mar mhol faisnéise coiriúla an Aontais Eorpaigh á neartú ag an am céanna.

Cé go dtuigeann an MECS an gá atá leis na húdaráis forfheidhmithe dlí leas a bhaint as na huirlisí dlíthiúla agus teicniúla is fearr is féidir chun faisnéis a mhalartú chun críocha cionta coiriúla a chosc, a bhrath nó a imscrúdú, measann sé gur gá gnéithe áirithe den Togra a leasú d’fhonn comhlíonadh na gceanglas um chosaint sonraí a áirithiú.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart go saineofaí go soiléir sa Togra raon feidhme pearsanta an mhalartaithe faisnéise, agus in aon chás, teorainn a chur leis na catagóirí sonraí pearsanta a fhéadfar a mhalartú faoi fhinnéithe agus faoi íospartaigh, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir maidir le Forfheidhmiú an Dlí 680/2016 agus ar an gcaoi chéanna leis an gcur chuige a ghlactar le hIarscríbhinn II de Rialachán Europol.

Measann an MECS freisin, i gcomhréir leis an bprionsabal um theorannú stórála, gur cheart a leagan síos go sainráite sa Treoir amach anseo nár cheart na sonraí pearsanta i gcórais chásbhainistíochta na bPointí Aonair Teagmhála a stóráil ach ar feadh tréimhsí an-ghearra ar cheart dóibh a chomhfhreagairt go ginearálta do na teorainneacha ama maidir le faisnéis a sholáthar a shonraítear in Airteagal 5 den Togra.

Ar deireadh, tá an MECS den tuairim gur cheart go gceanglófaí ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhonn cás ar chás cibé ar cheart nó nár cheart do Europol cóip den fhaisnéis arna malartú a fháil, agus cén cuspóir atá léi. Ba cheart go gceanglófaí go sainráite leis an Togra freisin go gcuirfí an chríoch seo, mar aon le haon srian de bhun Airteagal 19 de Rialachán Europol, in iúl do Europol.

Sa Tuairim, déantar anailís freisin agus cuirtear moltaí ar fáil maidir le roinnt saincheisteanna sonracha eile, amhail an gaol atá ag an Treoir Bheartaithe leis an gcreat dlíthiúil um chosaint sonraí atá ann cheana agus úsáid SIENA mar an príomhbhealach cumarsáide idir na Ballstáit.

1.   RÉAMHRÁ AGUS CÚLRA

1.

An 8 Nollaig 2021, ghlac an Coimisiún Eorpach Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí sna Ballstáit, lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2006/960/CGB ón gComhairle (an “Togra”) (1).

2.

Tá an Togra mar chuid de phacáiste reachtach níos mó, dá ngairtear “Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta”, ina gcuimsítear freisin:

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le malartú sonraí uathoibrithe le haghaidh comhair phóilíneachta (“Prüm II”), lena leasaítear Cinneadh 2008/615/JHA agus 2008/616/JHA ón gComhairle agus Rialacháin (AE) 2018/1726, 2019 /817 agus 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), agus

Togra le haghaidh Moladh ón gComhairle maidir le comhar oibríochtúil póilíneachta (3).

3.

Is é cuspóir Chód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta comhar um fhorfheidhmiú dlí idir gníomhaireachtaí náisiúnta ábhartha a chuíchóiriú, a fheabhsú, a fhorbairt, a nuachóiriú agus a éascú (4). I dtaca leis sin, tá sé d’aidhm ag an Togra le haghaidh Treoir rochtain chomhionann a áirithiú d’údaráis forfheidhmithe dlí d’aon Bhallstát ar fhaisnéis atá ar fáil i mBallstáit eile chun cionta coiriúla a chosc agus a bhrath, imscrúduithe coiriúla nó oibríochtaí coiriúla a sheoladh, agus ar an mbealach sin rialacha ar an leibhéal náisiúnta a shárú, ar rialacha iad a chuireann bac ar shreabhadh éifeachtach agus éifeachtúil faisnéise (5). Féachtar leis an Togra, dá bhrí sin, le creat dlíthiúil a bhunú lena n-áiritheofar cóineasú cleachtais náisiúnta agus lena gceadaítear faireachán agus forfheidhmiú níos fearr ar rialacha ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, féachann an Togra le neaschaighdeáin a áirithiú lena n-áiritheofar feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil na bPointí Aonair Teagmhála (“SPOCanna”). Cumhdaítear leis na híoscheanglais choiteanna sin comhdhéanamh, struchtúir, freagrachtaí, foireann agus cumais theicniúla.

4.

Tá an Togra, agus go ginearálta Cód an Aontais Eorpaigh um Chomhar Póilíneachta, nasctha le spriocanna beartais roinnt doiciméad straitéiseach AE i réimse an Cheartais agus Gnóthaí Baile, go háirithe Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh (6), Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025 (7) agus Straitéis 2021 i dtreo limistéir Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach (8). Thairis sin, ba cheart na Tograí lena mbunaítear an Cód um Chomhar Póilíneachta a mheas i bhfianaise an athchóirithe ar Europol atá ar siúl agus ról méadaitheach na Gníomhaireachta mar chroílár faisnéise coiriúla de chuid an Aontais, atá ag bailiú agus ag próiseáil méideanna sonraí atá ag síormhéadú (9).

5.

Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leis an MECS faoin Togra le haghaidh Treoir maidir le malartú faisnéise idir údaráis forfheidhmithe dlí an 7 Eanáir 2022, de bhun Airteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725. Tá na tuairimí agus na moltaí sa Tuairim seo teoranta do na forálacha sa Togra is ábhartha ó thaobh chosaint sonraí de.

4.   CONCLÚIDÍ

33.

I bhfianaise na méide thuasluaite, déanann an MECS na príomh-mholtaí seo a leanas:

Ba cheart an gaol leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana maidir le cosaint sonraí a mhíniú ar bhealach níos soiléire sna hAithrisí. Ina theannta sin, ba cheart don Togra staonadh ó thagairtí don RGCS, toisc nach cosúil go bhfuil sé ábhartha i gcomhthéacs na próiseála sonraí pearsanta a shamhlaítear leis an Togra.

Ba cheart go saineofaí go soiléir sa Togra raon feidhme pearsanta na malartuithe faisnéise atá beartaithe agus teorainn a chur leis na catagóirí sonraí pearsanta a d’fhéadfaí a mhalartú faoi fhinnéithe agus faoi íospartaigh, i gcomhréir le hAirteagal 6 de LED agus ar an gcaoi chéanna leis an gcur chuige a ghlactar le hIarscríbhinn II de Rialachán (AE) Europol.

Measann an MECS, i gcomhréir leis an bprionsabal um theorannú stórála, gur cheart a leagan síos go sainráite sa Togra nach bhféadfar na sonraí pearsanta a stóráil ach amháin i CMS an SPOC ar feadh tréimhse an-ghearr, ar cheart dó a chomhfhreagairt go ginearálta do na teorainneacha ama maidir le faisnéis a sholáthar a shonraítear in Airteagal 5 den Togra.

Measann an MECS gur cheart go gceanglófaí go sainráite leis an Togra ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh ar bhonn gach cáis ar leith cibé ar cheart nó nár cheart cóip den fhaisnéis arna malartú a chur chuig Europol, agus cén cuspóir atá leis sin. Ba cheart go bhforálfaí go sainráite sa Togra freisin go ndéanfar an cuspóir seo, mar aon leis na srianta a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Airteagal 19 de Rialachán Europol, a chur in iúl do Europol. Molann an MECS freisin an abairt dheireanach in Aithris 18 a scriosadh.

An Bhruiséil, 7 Márta 2022

Wojciech Rafał WIEWIÓROWSKI


(1)  COM(2021) 782 final.

(2)  COM(2021) 784 final.

(3)  COM(2021) 780 final.

(4)  Meabhrán míniúcháin, lch. 2.

(5)  Meabhrán míniúcháin, lch. 3.

(6)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh, COM/2020/605 final.

(7)  Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh chun dul i ngleic le Coireacht Eagraithe 2021-2025, COM/2021/170 final

(8)  Teachtaireacht ón gCoimisiún “Straitéis i dtreo limistéir Schengen atá lánfheidhmiúil agus athléimneach”, COM/2021/277 final.

(9)  Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach Tuairim an MECS 4/2021, https://edps.europa.eu/system/files/2021-03/21-03-08_opinion_europol_reform_en.pdf