14.12.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 474/31


Conclúidí ón gComhairle maidir leis an tsaoirse ó phionós a chomhrac maidir le coireanna cogaidh arna ndéanamh i ndáil le cogadh foghach na Rúise ar an Úcráin

(2022/C 474/08)

I.   Réamhrá

Díreach tar éis thús an ionsaithe armtha, an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach a láidre ab fhéidir cogadh ionsaithe gan chúis gan údar na Rúise ar an Úcráin, ar sárú ollmhór an dlí idirnáisiúnta agus phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe é agus arb é ba chúis le líon mór básanna agus gortuithe sibhialtach.

An 1 agus an 2 Márta 2022, rinne 39 Stát is Páirtithe i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (“Reacht na Róimhe”), lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais Eorpaigh, tarchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (ICC), inar iarr siad ar Ionchúisitheoir ICC imscrúdú a dhéanamh ar an staid san Úcráin. An 2 Márta 2022, d’fhógair Ionchúisitheoir ICC go raibh imscrúdú oscailte aige ar an staid san Úcráin ar bhonn na dtarchur a fuarthas. Ina dhiaidh sin, rinne ceithre Stát eile is Páirtithe an staid san Úcráin a tharchur chuig an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, rud a d’fhág gur 43 stát líon iomlán na Stát is Páirtithe a rinne amhlaidh.

I gConclúidí an 24 agus an 25 Márta 2022 uaithi, dúirt an Chomhairle Eorpach “[go bhfuil] ionsaithe á ndíriú ag an Rúis ar an bpobal sibhialta agus réada sibhialtacha mar sprioc aici, lena n-áirítear ospidéil, saoráidí leighis, scoileanna agus scáthláin. Ní mór deireadh a chur leis na coireanna cogaidh sin láithreach bonn. Iad siúd atá freagrach, tabharfar chun cuntais iad, iad féin agus a gcionpháirtithe, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta”.

I gConclúidí an 30 agus an 31 Bealtaine 2022 uaithi, d’áitigh an Chomhairle Eorpach ar an Rúis stop a chur láithreach bonn leis na hionsaithe neamh-idirdhealaitheacha a bhí á ndéanamh aici ar shibhialtaigh agus ar bhonneagar sibhialtach. “Is thar insint iad na hainghníomhartha atá á ndéanamh ag fórsaí na Rúise agus an fhulaingt agus an scrios atá ann dá mbarr,” a dúirt sí. Dúirt an Chomhairle Eorpach ina theannta sin go molann sí iad siúd uile atá ag cabhrú chun fianaise a bhailiú agus chun coireanna cogaidh agus na coireanna eile is tromchúisí a imscrúdú agus go dtacaíonn sí leis an obair mhór atá ar bun ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ina leith sin. Is díol sásaimh di freisin an obair atá á déanamh ag Ard-Ionchúisitheoir na hÚcráine, obair a bhfuil tacaíocht airgeadais agus tacaíocht fothaithe acmhainneachta á tabhairt di ag an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit. Is díol sásaimh di bunú na Foirne Comhpháirtí Imscrúdaithe arna comhordú ag Eurojust, ar treisíodh a ról, agus an tacaíocht oibríochtúil leanúnach ó Europol.

I gConclúidí an 23 agus an 24 Meitheamh 2022 uaithi, chuir an Chomhairle i dtreis “[go nd]éanfar an Rúis, an Bhealarúis agus iad siúd go léir atá freagrach as coireanna cogaidh agus na coireanna eile is tromchúisí a thabhairt chun cuntais as an méid atá déanta acu, i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta”.

I gConclúidí an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022 uaithi, dúirt an Chomhairle Eorpach an méid seo a leanas: “Na coireanna cogaidh atá á ndéanamh in aghaidh mhuintir na hÚcráine, ar i méid atá an fhianaise ina leith ag dul, agus an scrios leanúnach atá á dhéanamh ar an mbonneagar sibhialtach, is sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta iad. Athdhearbhaíonn an tAontas Eorpach go bhfuil rún daingean aige an Rúis, agus déantóirí uile na gcoireanna agus na comhchoirithe ar fad, a thabhairt chun cuntais, agus athdhearbhaíonn sé go dtacaíonn sé go láidir leis na himscrúduithe atá á ndéanamh ag Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta. Aithníonn an Chomhairle Eorpach na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Úcráin an chuntasacht a áirithiú, lena n-áirítear maidir le coir an fhogha in aghaidh na hÚcráine. Iarrann sí ar an Ardionadaí agus ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí lena bhféadfaí cuntasacht iomlán a áirithiú.”

Ina theannta sin, i gConclúidí an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022 uaithi, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún roghanna a thíolacadh i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta arb aidhm dóibh sócmhainní reoite a úsáid chun tacú le hatógáil na hÚcráine. Meabhraíodh don Chomhairle Eorpach, sa chomhthéacs sin, conclúidí an 30 agus an 31 Bealtaine 2022 uaithi. Rachadh atógáil na hÚcráine chun tairbhe íospartaigh na gcoireanna a rinneadh san Úcráin freisin.

Meabhraítear i Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta (“Reacht na Róimhe”) “nach féidir na coireanna is tromchúisí ar ábhar imní iad don chomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine a bheith saor ó phionós agus nach mór a n-ionchúiseamh éifeachtach a áirithiú trí bhearta a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta” (aistriúchán neamhoifigiúil).

I gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta (1), is ar na Stáit a thiteann an phríomhfhreagracht as imscrúdú agus ionchúiseamh a dhéanamh orthu siúd atá freagrach as croíchoireanna idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 5 de Reacht na Róimhe.

Meabhraíodh i gCinneadh 2011/168/CBES ón gComhairle (2) gur ábhar imní iad, don chomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine agus don Aontas agus dá Bhallstáit go háirithe, na coireanna tromchúiseacha atá faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta, agus dearbhaíodh ann an rún daingean deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós a bhíonn ann do dhéantóirí na gcoireanna sin trí thionscnaimh nó bearta a dhéanamh chun cur chun feidhme phrionsabal na comhlántachta a áirithiú ar an leibhéal náisiúnta agus trí fheabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta chun a n-ionchúiseamh éifeachtach a áirithiú.

Ba cheart don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit gach beart is gá a dhéanamh, mar ábhar práinne, chun a áirithiú go n-imscrúdófar agus go n-ionchúiseofar iad siúd a dhéanann croíchoireanna idirnáisiúnta san Úcráin agus go gcuirfear an milleán orthu sa chúirt.

Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl cheana féin gur díol sásaimh di an cinneadh a rinne Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta tús a chur le himscrúdú. Tá tús curtha freisin ag údaráis inniúla i mBallstáit éagsúla le himscrúduithe ar chroíchoireanna idirnáisiúnta a líomhnaítear go ndearnadh san Úcráin iad.

Chun a áirithiú go n-éireoidh le himscrúduithe agus le hionchúisimh croíchoireanna idirnáisiúnta, ní mór comhar agus comhordú feabhsaithe a dhéanamh idir na húdaráis inniúla uile ar an leibhéal idirnáisiúnta agus náisiúnta, go háirithe chun fianaise a bhailiú, a stóráil agus a dhaingniú, ar fianaise í a bhféadfaí brath uirthi sa chúirt ina dhiaidh sin.

Is gníomhaithe ríthábhachtacha iad Eurojust agus Europol i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais. Tá saineolas agus taithí ag an dá Ghníomhaireacht sin chun tacú le himscrúduithe agus le hionchúisimh coireanna trasteorann, lena n-áirítear croíchoireanna idirnáisiúnta agus cionta coiriúla gaolmhara, agus tá siad faoi réir, laistigh dá sainorduithe faoi seach, chun rannchuidiú le malartú éifeachtach na fianaise a bhailítear. Comhordaíonn Eurojust agus Europol a róil agus a ngníomhaíochtaí faoi seach chun tacú le himscrúduithe ar chroíchoireanna idirnáisiúnta.

An 30 Bealtaine 2022, glacadh Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara (3).

Bunaíodh Foireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe an 25 Márta 2022, le cúnamh ó Eurojust, agus é mar aidhm comhordú a dhéanamh ar na himscrúduithe ar gach coir a rinne an Rúis le linn an chogaidh ar an Úcráin. Féachann an Fhoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe le feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach i measc na n-údarás inniúil a bhíonn páirteach agus croíchoireanna idirnáisiúnta á n-imscrúdú agus á n-ionchúiseamh ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Ar dtús ba iad údaráis bhreithiúnacha na hÚcráine, na Liotuáine agus na Polainne iad a bhí ar an bhFoireann Chomhpháirteach Imscrúdaithe, agus ina dhiaidh sin chuaigh údaráis bhreithiúnacha ón Eastóin, ón Laitvia, ón tSlóvaic agus ón Rómáin isteach inti. An 25 Aibreán 2022, d’fhógair Oifig Ionchúisitheora na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta go rachadh sé isteach san fhoireann chomhpháirteach imscrúdaithe sin mar rannpháirtí.

Chun an t-anailísiú a éascú ar fhaisnéis a bhaineann le fianaise a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le croíchoireanna idirnáisiúnta, chuir Europol an Tionscadal Anailíseach tiomnaithe maidir le Croíchoireanna Idirnáisiúnta ar bun.

Ba cheart aird chuí a thabhairt freisin ar chás íospartaigh na gcroíchoireanna idirnáisiúnta. Ba chóir ceartas a thabhairt dóibh.

Tá saineolas tábhachtach ag Líonra Eorpach na bPointí Teagmhála um Imscrúdú agus Ionchúiseamh an Chinedhíothaithe, Coireanna in aghaidh an Chine Dhaonna agus Coireanna Cogaidh (“an Líonra um Chinedhíothú”) i réimse na gcroíchoireanna idirnáisiúnta. Cuidíonn sé go mór le malartú faisnéise, eolais, taithí agus dea-chleachtas a éascú i measc cleachtóirí náisiúnta (4).

An 21 Meán Fómhair 2022, d’fhoilsigh Eurojust, an Líonra um Chinedhíothú agus Oifig an Ionchúisitheora ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta treoirlínte d’eagraíochtaí sochaí sibhialta dar teideal “Documenting international crimes and human rights violations for criminal accountability purposes” [Coireanna idirnáisiúnta agus sáruithe chearta an duine a dhoiciméadú chun críoch cuntasachta coiriúla].

Ar an láthair san Úcráin, tugann Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh san Úcráin (EUAM Ukraine) tacaíocht d’údaráis na hÚcráine. Leasaíodh sainordú EUAM Ukraine an 13 Aibreán 2022 (5) chun tacaíocht a thabhairt d’údaráis na hÚcráine a bhfuil baint acu le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh trí chomhairle straitéiseach agus oiliúint straitéiseach a chur ar fáil. Comhoibríonn an Misean go dlúth leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta sa réimse seo agus glacann sé páirt i ngníomhaíochtaí Ghrúpa Comhairleach um Choireanna Ainghníomhartha.

I bhfianaise an mhéid thuas, ghlac an Chomhairle na conclúidí seo a leanas:

II.   Iarrann an Chomhairle ar na Ballstáit an méid seo leanas a dhéanamh:

a)

na bearta reachtacha is gá a ghlacadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

i)

an sainmhíniú ar chroíchoireanna idirnáisiúnta agus ar mhodhanna dliteanais a chumhdaítear i Reacht na Róimhe a chur chun feidhme go hiomlán;

ii)

feidhmiú dlínse uilíoch nó cineálacha eile dlínse náisiúnta a cheadú maidir le croíchoireanna idirnáisiúnta arna ndéanamh thar lear; agus

iii)

dlúthchomhar breithiúnach leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a chumasú agus, a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta, le sásraí imscrúdaitheacha nó cuntasachta eile, amhail an Coimisiún Neamhspleách Idirnáisiúnta Fiosrúcháin maidir leis an Úcráin arna bhunú ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faoi chuimsiú foireann chomhpháirteach um imscrúdú.

b)

tacú le hOifig an Ard-Ionchúisitheora san Úcráin d’fhonn feabhas a chur ar chumais na hÚcráine croíchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta.

c)

machnamh a dhéanamh ar pháirt ghníomhach a ghlacadh sa tsamhail uainíochta arna comhordú ag an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.

d)

an comhar breithiúnach idir na Ballstáit, agus leis an Úcráin, tríú tíortha eile agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta a neartú, chun a áirithiú go ndéanfar croíchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh go rathúil, lena n-áirítear trí thacú leis an tionscnamh idirnáisiúnta maidir le conradh iltaobhach a chaibidil le haghaidh cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus eiseachadadh i dtaca le hionchúiseamh coireanna ainghníomhacha ar an leibhéal náisiúnta.

e)

úsáid foirne comhpháirteacha um imscrúdú idir údaráis inniúla na mBallstát agus geallsealbhóirí eile a éascú, amhail an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, chun feabhas a chur ar an gcomhar breithiúnach i gcásanna aonair agus ar imscrúdú agus ionchúiseamh croíchoireanna idirnáisiúnta ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta.

f)

comhoibriú leis an nGrúpa Comhairleach maidir le Coireanna Ainghníomhacha agus, i gcás inarb ábhartha, dlúth-chomhordú a éascú idir an Grúpa Comhairleach um Choireanna Ainghníomhacha agus an Fhoireann Chomhpháirteach um Imscrúdú arna bunú idir an Úcráin agus roinnt Ballstát.

g)

comhar a neartú le geallsealbhóirí an Aontais amhail Eurojust, Europol, an Gréasán Breithiúnach Eorpach, an Líonra um Chinedhíothú, EUAM Ukraine, agus Líonra na Saineolaithe Náisiúnta ar Fhoirne Comhpháirteacha um Imscrúdú (“Líonra JITanna”), chun feabhas a chur ar imscrúdú agus ionchúiseamh rathúil na gcroíchoireanna idirnáisiúnta.

h)

cumais EUAM Ukraine a neartú a thuilleadh trí shaineolaithe náisiúnta a bhfuil saineolas ábhartha acu a thabhairt ar iasacht.

i)

leanúint de thacaíocht dhlíthiúil, oibríochtúil agus airgeadais a chur ar fáil go leordhóthanach do chruthú agus d’fheidhmiú cuí aonad speisialaithe atá tiomnaithe do bhunchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh ar an leibhéal náisiúnta laistigh de na húdaráis atá inniúil in ábhair a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, le hionchúiseamh, le cúnamh dlíthiúil frithpháirteach agus le teistiméireachtaí íospartach a bhailiú, agus, i gcás inarb ábhartha, laistigh de sheirbhísí inimirce.

j)

na húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta a bhfuil croíchoireanna idirnáisiúnta á n-imscrúdú acu a chur ar an eolas faoi na hinniúlachtaí a thugtar do Eurojust le Rialachán (AE) 2022/838, agus béim a leagan ar an gcúnamh is féidir a thabhairt trí Eurojust, i gcomhar leis an Líonra um Chinedhíothú, agus trí Europol chun faisnéis a chros-seiceáil go tapa éifeachtúil agus chun naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir cásanna a imscrúdaítear i mBallstáit éagsúla a bhrath.

k)

bailiú agus comhroinnt faisnéise idir na húdaráis ábhartha agus na geallsealbhóirí a mbíonn teagmháil acu le híospartaigh coireanna cogaidh a chuíchóiriú, ag tógáil ar an saineolas a d’fhorbair, go háirithe, Líonra Eisiaimh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann, an Líonra um Chinedhíothú agus Ardán an Aontais um Chearta Íospartach.

l)

acmhainní leordhóthanacha a thiomnú d’fhothú acmhainneachta agus do ghníomhaíochtaí oiliúna d’údaráis náisiúnta a bhfuil baint acu le híospartaigh agus finnéithe croíchoireanna idirnáisiúnta a shainaithint.

m)

dul i gcomhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear trí Ardán an Aontais um Chearta Íospartach, go sonrach chun feabhas a chur ar chomhroinnt faisnéise agus ar iarrachtaí for-rochtana i ndáil le híospartaigh agus na pobail lena mbaineann.

n)

an comhar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí, maidir le bailiú fianaise ar bhunchoireanna idirnáisiúnta agus inghlacthacht fianaise den sórt sin sa chúirt a éascú a mhéid a cheadaítear faoin dlí náisiúnta.

o)

feasacht a mhúscailt i measc phobal dídeanaithe na hÚcráine maidir leis an bhféidearthacht fianaise a thabhairt sna Ballstáit maidir leis na croíchoireanna idirnáisiúnta a bhféadfaidís a bheith ina n-íospartaigh díobh agus/nó ina bhfinnéithe orthu, agus a staid leochaileach agus an tacaíocht is gá dóibh á meas ag an am céanna.

p)

a mhéid a bhaineann le híospartaigh croíchoireanna idirnáisiúnta, rannpháirtíocht in imeachtaí coiriúla agus faisnéis faoi imeachtaí coiriúla a fheabhsú agus tacaíocht agus cosaint d’íospartaigh croíchoireanna idirnáisiúnta a fheabhsú, mar a fhoráiltear le Treoir 2012/29/AE maidir le cearta íospartach, lena n-áirítear trí thaithí agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le tacú le híospartaigh agus iad a chosaint.

III.   Iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

leanúint den dlúthchomhar le hUachtaránacht na Comhairle, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, le hArdrúnaíocht na Comhairle agus leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun comhordú ghníomhaíochtaí an Aontais agus, i gcás inar féidir, ghníomhaíochtaí na mBallstát a áirithiú chun tacú le hiarrachtaí cuntasachta faoi stiúir Oifig an Ard-Ionchúisitheora san Úcráin.

b)

leanúint dá chuid oibre laistigh den Ardán um Chearta Íospartach chun feasacht a mhúscailt faoin ngá atá le soláthar tacaíochta agus cosanta d’íospartaigh croíchoireanna idirnáisiúnta a áirithiú, i gcomhréir lena riachtanais shonracha agus i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cearta Íospartach.

c)

tacú le gníomhaíochtaí speisialaithe oiliúna agus fothaithe acmhainneachta d’údaráis forfheidhmithe dlí, d’údaráis bhreithiúnacha agus d’údaráis ábhartha eile, ag tógáil ar obair agus ar shaineolas na n-eintiteas atá ann cheana amhail an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach (EJTN), Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Oiliúint i bhForfheidhmiú an Dlí (CEPOL), EUAM Ukraine agus na cláir oiliúna atá ann cheana arna bhforbairt ag an Líonra um Chinedhíothú.

d)

feabhas a chur ar an tacaíocht airgeadais, lóistíochta, theicniúil agus shubstainteach atá ar fáil do na Ballstáit ina n-iarrachtaí chun fianaise ar chroíchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a bhailiú go héifeachtúil, lena n-áirítear tríd an gcistiú do chomhfhoirne imscrúdaithe a mhéadú.

e)

malartú dea-chleachtas, eolais agus saineolais a chur chun cinn tríd an Líonra um Chinedhíothú, lena n-áirítear trí chláir mhalartaithe agus cuairteanna staidéir ó chleachtóirí, agus acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun na críche sin.

f)

leanúint de thacaíocht a thabhairt do shásraí náisiúnta agus idirnáisiúnta imscrúdaithe agus bailithe fianaise, go háirithe maidir le fianaise ón láthair chatha.

IV.   Iarrann an Chomhairle ar Eurojust an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

leanúint de na bearta is gá a dhéanamh chun Rialachán (AE) 2022/838 a chur chun feidhme go pras, d’fhonn fianaise ar na croíchoireanna idirnáisiúnta a luaitear sa Rialachán sin a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil i saoráid stórála lárnach.

b)

leanúint d’ábhar agus treoir a chur ar fáil maidir le conas fianaise ar chroíchoireanna idirnáisiúnta a bhailiú agus a tharchur.

c)

an comhar le tríú tíortha a fheabhsú a thuilleadh, i gcás inar féidir, d’fhonn bailiú agus malartú fianaise ar chroíchoireanna idirnáisiúnta ábhartha a éascú, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.

V.   Iarrann an Chomhairle ar Eurojust agus Europol an méid seo leanas a dhéanamh:

a)

an comhar idir an dá Ghníomhaireacht sin a fheabhsú a thuilleadh, bunaithe ar na róil chomhlántacha agus ar na cumais oibríochtúla atá acu chun tacú le himscrúduithe i ndáil le croíchoireanna idirnáisiúnta, agus i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach agus é mar aidhm acu dúbailt iarrachtaí a sheachaint, ionas go mbeidh siad in ann cúnamh níos fearr a chur ar fáil do na Ballstáit i dtaca le croíchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

b)

an Chomhairle a chur ar an eolas faoin staid imeartha agus faoi na céimeanna a thógfar amach anseo a mhéid a bhaineann leis an gcomhar atá eatarthu maidir le croíchoireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

VI.   Iarrann an Chomhairle ar an Líonra um Chinedhíothú an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

leanúint dá chuid saineolais a fhorbairt i réimse na gcroíchoireanna idirnáisiúnta.

b)

leanúint de mhalartú faisnéise, eolais, taithí agus dea-chleachtas a éascú i measc cleachtóirí náisiúnta, i gcomhréir lena shainordú.

VII.   Iarrann an Chomhairle ar EUAM Ukraine:

a)

leanúint dá thacaíocht d’údaráis na hÚcráine a fhorbairt chun imscrúdú agus ionchúiseamh croíchoireanna idirnáisiúnta a éascú.

b)

an comhar le Europol, Eurojust agus CEPOL a fheabhsú a thuilleadh chun oiliúint a chur ar fáil maidir le croíchoireanna idirnáisiúnta san Úcráin a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun tacú go díreach leis an méid sin.

VIII.   Iarrann an Chomhairle ar institiúidí ábhartha an Aontais Eorpaigh an méid seo a leanas a dhéanamh:

a)

leanúint de chúnamh a thabhairt don Úcráin ar bhealach éifeachtúil agus an cúnamh sin a fheabhsú a thuilleadh.

b)

leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do na Ballstáit ina n-iarrachtaí fianaise ar chroíchoireanna idirnáisiúnta a bhailiú go héifeachtúil, agus sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú agus an dúbailt a sheachaint ag an am céanna.

c)

iarrachtaí a mhéadú chun cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na n-iarrachtaí an stair a athscríobh.

IX.   Iarrann an Chomhairle ar an Úcráin an méid seo a leanas a dhéanamh:

aontú do Reacht na Róimhe.


(1)  Féach Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, Coinbhinsiún 1948 maidir le Coir an Chinedhíothaithe a Chosc agus a Pionósú; ceithre Choinbhinsiún na Ginéive 1949 agus na trí Phrótacal Bhreise a ghabhann leo; Coinbhinsiún na Háige 1954 agus an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis; an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Cinedheighilt a Dhíchur agus a Phionósú 1976; an Coinbhinsiún in aghaidh na Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach, 1984; Coinbhinsiún Idirnáisiúnta 2006 maidir leis an Uile Dhuine a Chosaint ón bhFuadach.

(2)  Cinneadh 2011/168/CBES an 21 Márta 2011 ón gComhairle maidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2003/444/CBES (IO L 76, 22.3.2011, lch. 56).

(3)  IO L 148, 31.5.2022, lch. 1.

(4)  Cinneadh 2002/494/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Líonra Eorpach na bpointí teagmhála i ndáil le daoine atá ciontach as cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh (IO L 167, 26.6.2002, lch. 1); Cinneadh 2003/335/CGB ón gComhairle an 8 Bealtaine 2003 maidir le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 118, 14 Bealtaine 2003, lch. 12).

(5)  Cinneadh (CBES) 2022/638 ón gComhairle an 13 Aibreán 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/486/CBES maidir le Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh le haghaidh Athchóiriú na hEarnála Slándála Sibhialtaí san Úcráin (EUAM Ukraine), IO L 117, 19.4.2022, lch. 38.