|
10.
|
IARRANN SÍ ar na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
a)
|
Na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide sa timthriall bainistithe tubaistí a chur san áireamh, mar shampla leas a bhaint as na huirlisí a bhunaigh an Coimisiún agus an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil le chéile, amhail an t-ardán Climate-ADAPT;
|
b)
|
Obair agus taighde a chothú maidir leis na bealaí ar féidir éifeachtaí an athraithe aeráide a athbhreithniú agus a ionchorprú ina gcórais bainistithe rioscaí tubaistí; obair agus taighde den sórt sin a chomhtháthú i measúnú riosca náisiúnta na mBallstát, measúnú ar an gcumas bainistithe riosca a fhorbairt agus pleanáil an bhainistithe riosca tubaiste a fheabhsú mar a fhoráiltear in Airteagal 6 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;
|
c)
|
Tacú le taighde agus nuálaíocht agus iad a chomhthiomsú chun feabhas a chur ar na hacmhainneachtaí náisiúnta um chosaint shibhialta i gcomhthéacs an athraithe aeráide, go háirithe tríd an Líonra Eolais Eorpach um Chosaint Shibhialta (“an Líonra Eolais” anseo feasta), agus sa chomhthéacs sin, trí ionaid barr feabhais, ollscoileanna, taighdeoirí agus pobail théamacha nó ionaid saineolais;
|
d)
|
Infheistíocht a spreagadh i dtaighde agus i nuálaíocht i réimse na cosanta sibhialta i gcomhthéacs an athraithe aeráide agus cistiú Eorpach ábhartha a shlógadh;
|
e)
|
Gníomhaíochtaí leordhóthanacha maidir le cosc agus le hullmhacht a fhorbairt, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh acmhainneachtaí leordhóthanacha ar fáil, a bheidh dírithe ar na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide amhail dóiteáin foraoise agus tuilte, ar baol iad araon atá ag dul i méid do shaoránaigh an Aontais;
|
f)
|
Féachaint, i ndáil leis sin, le hacmhainneachtaí ECPP agus rescEU a fhorbairt bunaithe, i measc nithe eile, ar chásanna reatha agus réamhbhreathnaitheacha dá bhforáiltear in Airteagal 10 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE, agus rioscaí arna sainaithint agus rioscaí atá ag teacht chun cinn, agus acmhainneachtaí agus bearnaí foriomlána ar leibhéal an Aontais, go háirithe i réimsí aerchomhrac na ndóiteán foraoise, na dteagmhas ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach, na práinnfhreagartha leighis, mar aon le réimsí an iompair agus na lóistíochta. agus dídine;
|
g)
|
Oibríochtaí cosanta sibhialta a dhéanamh níos glaise agus níos inbhuanaithe ag gach céim den timthriall bainistithe tubaistí agus taighde, nuálaíocht agus comhroinnt eolais a chur chun cinn;
|
h)
|
Tionchair ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide a chur san áireamh sa chúnamh a chuirtear ar fáil trí UCPM, go háirithe trí acmhainní a chomhthiomsú i gcás inarb iomchuí;
|
i)
|
Tacú le hullmhacht agus le hathléimneacht an daonra atá neamhchosanta ar rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide trí fhaisnéis shonrach, oideachas, oiliúint agus cleachtaí a bhféadfadh na leibhéil náisiúnta agus fo-náisiúnta agus fiú gné thrasteorann a bheith i gceist leo, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine a bhfuil leochaileachtaí sonracha acu;
|
j)
|
Eagraíochtaí saorálaithe a neartú mar dhlúthchuid den chosaint shibhialta;
|
k)
|
Féachaint, ina leith sin, ar thionscnaimh spontáineacha a chomhthiomsú in oibríochtaí freagartha i gcás inarb iomchuí agus i gcomhordú leis na húdaráis áitiúla;
|
l)
|
Béim a chur ar an tábhacht atá le rannchuidiú na saoránach lena sábháilteacht agus lena n-athléimneacht féin, agus spreagadh a thabhairt d’aon tionscnamh atá dírithe ar a rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí deonacha agus i socruithe deonacha don fhreagairt ar thubaistí a luacháil, a aithint agus a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí trí chreat dlíthiúil;
|
m)
|
Aird a thabhairt ar ról speisialta na hóige ina leith sin;
|
n)
|
An saoránach a chur chun cinn a ghlacann páirt ghníomhach, as a stuaim féin maidir le sábháilteacht nó athléimneacht phearsanta, nó mar chomhalta de struchtúir shibhialta náisiúnta nó áitiúla a chuireann leis an gcosaint shibhialta, trí na trí ghné seo a leanas:
i)
|
foláirimh a thabhairt: ról agus freagrachtaí na n-institiúidí éagsúla a shoiléiriú maidir le foláirimh spriocdhírithe a eisiúint chuig daoine lena mbaineann, agus úsáid a bhaint freisin as teicneolaíochtaí nua-aimseartha faisnéise agus cumarsáide;
|
ii)
|
faisnéis a sholáthar: feasacht phoiblí a mhúscailt maidir leis na rioscaí lena mbaineann, go hairithe sna limistéir is mó atá neamhchosanta ar éifeachtaí an athraithe aeráide, trí fhaisnéis phoiblí a scaipeadh agus gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú, lena n-áirítear ar bhonn deonach;
|
iii)
|
slógadh: líonraí agus comhlachais saoránach agus saorálaithe a spreagadh a bhfuil baint acu le tionscnaimh chun rioscaí a chosc, freagairt ar thubaistí agus oiliúint gharchabhrach;
|
|
o)
|
A thábhachtaí atá éigeandálaí fadtéarmacha agus na rioscaí méadaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil leo do chórais cosanta sibhialta ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon a chur san áireamh;
|
p)
|
Tionchar an athraithe aeráide ar ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta cosanta sibhialta a mheas, tríd an gcomhar a neartú agus trí thacú le bainistiú tubaistí agus géarchéime;
|
|