1.8.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 293/2


Fógra le haghaidh na ndaoine a bhfuil feidhm ag na bearta sriantacha maidir leo dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol

(2022/C 293/02)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas dá n-aire do na daoine a luaitear in Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Cinneadh 2012/285/CBES ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 ón gComhairle (2) a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe a chuireann síocháin, slándáil nó cobhsaíocht Phoblacht Ghuine Bissau i mbaol.

Tar éis do Chomhairle an Aontais Eorpaigh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na ndaoine a ainmnítear sna hIarscríbhinní thuasluaite, chinn sí gur cheart do na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh 2012/285/CBES agus i Rialachán (AE) Uimh. 377/2012 leanúint d’fheidhm a bheith acu maidir leis na daoine sin, cé is moite de naonúr ar cheart iad a bhaint de na liostaí in Iarscríbhinní II agus III de Chinneadh 2012/285/CBES agus in Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 377/2012.

Tugtar dá n-aire do na daoine lena mbaineann gur féidir iarratas a dhéanamh chuig údaráis inniúla an Bhallstáit ábhartha nó na mBallstát ábhartha mar a léirítear sna suíomhanna gréasáin a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 377/2012, chun údarú a fháil le cistí reoite a úsáid chun freastal ar riachtanais bhunúsacha nó chun íocaíochtaí sonracha a dhéanamh (cf. Airteagal 4 den Rialachán).

Féadfaidh na daoine lena mbaineann iarraidh ar athbhreithniú ar an gcinneadh iad a áireamh ar na liostaí thuasluaite, mar aon le doiciméadacht tacaíochta, a chur faoi bhráid na Comhairle, 31 Deireadh Fómhair 2022, ag an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

AS RELEX 1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu


(1)  IO L 142, 1.6.2012, lch. 36.

(2)  IO L 119, 4.5.2012, lch. 1.