19.7.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 277/5


Fógra atá le tabhairt ar aird daoine áirithe atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua

(2022/C 277/04)

Tugtar an fhaisnéis seo a leanas ar aird Francisco Javier DÍAZ MADRIZ (n 3) agus Lumberto Ignacio CAMPBELL HOOKER (n 19), daoine atá in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle (1) agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1716 ón gComhairle (2) maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i Nicearagua.

Tá sé ar intinn ag an gComhairle na bearta sriantacha i gcoinne na ndaoine thuasluaite a choinneáil bunaithe ar ráitis leasaithe ar chúiseanna. Cuirtear in iúl do na daoine sin, leis seo, go bhféadfaidh siad iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun an ráiteas ar chúiseanna atá beartaithe lena n-ainmniú a choinneáil a fháil, faoin 26 Iúil 2022, chuig an seoladh seo a leanas:

Comhairle an Aontais Eorpaigh

An Ardrúnaíocht

RELEX.1

Rue de la Loi/Wetstraat 175

1048 Bruxelles/Brussel

BELGIQUE/BELGIË

R-phost: sanctions@consilium.europa.eu

Féadfaidh na daoine lena mbaineann, tráth ar bith, iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chuig an seoladh thuas, mar aon le haon doiciméadacht tacaíochta, go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcinneadh iad a chur agus a choinneáil ar an liosta. Déanfar na hiarrataí sin a mheas ach a bhfaighfear iad. I ndáil leis an méid sin, tugtar ar aird na ndaoine lena mbaineann go ndéanann an Chomhairle athbhreithniú go tráthrialta de réir Airteagal 9 de Chinneadh (CBES) 2019/1720 ón gComhairle.


(1)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 58.

(2)  IO L 262, 15.10.2019, lch. 1.