25.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 170/1


Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát maidir le spórt agus gníomhaíocht choirp, réimsí a bhfuil gealladh fúthu chun iompraíocht a athrú ó bhonn ar mhaithe leis an bhforbairt inbhuanaithe

(2022/C 170/01)

MAIDIR LE COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AGUS IONADAITHE RIALTAIS NA mBALLSTÁT AG TEACHT LE CHÉILE DÓIBH I dTIONÓL NA COMHAIRLE,

AGUS IAD AG TABHAIRT DÁ nAIRE AN MÉID SEO A LEANAS:

1.

Is mó airde anois atá á thabhairt dá thábhachtaí atá an spórt a bheith á chleachtadh agus leis an ról atá aige agus leis an ngníomhaíocht choirp chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh (1).

2.

Tá an pobal idirnáisiúnta agus eolaíochta feasach anois i dtaobh na dtairbhí féideartha agus na seachtrachtaí dearfacha a bhaineann leis an spórt agus leis an ngníomhaíocht choirp, agus le eagrú imeachtaí spóirt, i réimsí éagsúla (2) (3) agus iad comhtháite aige iontu: meabhairshláinte agus sláinte fhisiciúil agus folláine daoine a fheabhsú, buntáistí eacnamaíocha, oideachas, cumhachtú ban agus daoine óga, teacht chun cinn sochaithe atá níos cothroime, níos síochánta, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí agus níos oscailte, cuimsiú daoine atá faoi mhíchumas agus a bhfuil níos lú deiseanna acu chomh maith le foghlaim faoin gcaoinfhulaingt.

3.

Is féidir tionchar diúltach a bheith ag an athrú aeráide agus ag bagairtí comhshaoil eile ar chleachtais spóirt agus ar gheallsealbhóirí sa spórt (4) – go háirithe trí thionchar a imirt ar shláinte cleachtóirí. Is gá go mbeadh timpeallacht fholláin ar fáil chun go mbeifear in ann spóirt a chleachtadh go hiomchuí, ach níl na dálaí aeráide agus comhshaoil atá ann faoi láthair chomh fabhrach céanna a thuilleadh do roinnt cleachtas spóirt agus do ghníomhaíocht choirp.

4.

Le hiarmhairtí an athraithe aeráide – amhail teochtaí atá ag ardú, tréimhsí sínte triomaigh, agus níos mó tuilte méadaithe – cuirtear teorainn leis na spásanna agus leis an am atá ar fáil chun spórt a chleachtadh agus, dá bhrí sin, is mór an t-achrann a bhaineann leis na hiarmhairtí sin ó thaobh an éiceachórais spóirt dhomhanda a fheidhmiú agus a eagrú – go háirithe i gcás spórt geimhridh amuigh faoin aer agus gníomhaíochtaí muirí áirithe (5).

5.

Fearacht gníomhaíochtaí eile an duine, is féidir le gnéithe áirithe den spórt agus eagrú imeachtaí spóirt cur le díghrádú an chomhshaoil agus leis an aeráid a athrú, trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghiniúint go díreach nó go hindíreach agus trí rannchuidiú le díobháil a dhéanamh do na timpeallachtaí nádúrtha éagsúla ina dtarlaíonn na spóirt – timpeallacht na mara, timpeallacht na foraoise agus timpeallacht na sléibhte go háirithe.

6.

Is féidir le gnéithe áirithe den spórt a bheith ina bhfoinsí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus d’fhéadfadh drochthionchar a bheith acu ar an gcomhshaol freisin: turasóireacht spóirt, tairgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe trealaimh spóirt nó na hearraí agus na seirbhísí a bhaineann le spórt, scaipeadh micreaphlaisteach, saoráidí spóirt lena mbaineann tomhaltas ard acmhainní (fuinneamh agus uisce go háirithe), líon méadaitheach na n-imeachtaí spóirt ar gach leibhéal (lena n-áirítear oiliúint, toscaireachtaí móra, agus bonneagar sealadach a thógáil), chomh maith le saorchleachtais spóirt saor in aisce i timpeallachtaí nádúrtha.

7.

Le filleadh na gCluichí Oilimpeacha agus Para-Oilimpeacha ar an Eoraip, an gealltanas a thug Coiste Eagrúcháin Pháras 2024 maidir leis an gcomhshaol agus neodracht charbóin, chomh maith leis na gealltanais a thug eagraithe Chraobhchomórtas Sacair na hEorpa 2024 sa Ghearmáin, féadfar spreagadh a thabhairt do na geallsealbhóirí uile gealltanas a thabhairt go gcothófaí oidhreacht inláimhsithe agus dholáimhsithe chun Spriocanna Forbartha 3, 4, 5, 6, 7, 8, 11, 12, 13 agus 17 a chur chun cinn ar gach leibhéal i ngach críoch.

DE BHRÍ GUR FÍOR AN MÉID SEO A LEANAS:

8.

Mar mhodh tábhachtach chun an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil a sholáthar, is bealach iontach é an spórt le hiompar eiseamláireach a thaispeáint agus, dá réir sin, le freagracht shóisialta a scaipeadh lena gceadaítear do chách, go háirithe daoine óga (6), a bheith rannpháirteach mar ghníomhaithe ar son an athraithe. Baineann feidhm chumarsáide leis an spórt freisin chun saoránaigh a chur ar an eolas faoin tábhacht a bhaineann le héiceachórais a chaomhnú, le leas comhchuí inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha agus leis an athrú aeráide a mhaolú.

9.

Trí Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhtháthú sa spórt, d’fhéadfaí daoine a mhealladh chun páirt a ghlacadh i spóirt agus leanúint dá gcleachtadh, go háirithe daoine óga, toisc go bhféadfadh cuid mhór acu spéis ar leith a chur sna saincheisteanna sin agus go bhféadfaidís a bheith tiomanta dóibh (7).

10.

Leis an tóir atá ar lúthchleasaithe barrleibhéil, an tuiscint níos mó atá acu ar an éigeandáil aeráide agus a rannpháirtíocht agus a n-abhcóideacht, féadfar comhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa spórt a chur chun cinn ar bhealach an-éifeachtach.

11.

Is féidir leis an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit dea-shampla a thabhairt trí mhórimeachtaí inbhuanaithe (8) spóirt a óstáil nó a chomh-óstáil lena gcuirtear san áireamh riachtanais na freagrachta éiceolaíche, sóisialta, eacnamaíche agus sibhialta, lena n-áirítear an chiorclaíocht, úsáid plaisteach nó uisce, lorg carbóin, dea-rialachas, cearta an duine, iontaofacht agus cothrom na Féinne.

12.

Agus imeachtaí spóirt á n-eagrú, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar an bhfeasacht níos mó arb ann dó laistigh den phobal maidir leis an tionchar eacnamaíoch agus comhshaoil, na héifeachtaí díreacha nó indíreacha a bhaineann le heagrú imeachtaí spóirt, agus ar chearta an duine a chosaint. A bhuí leis an méid sin, is féidir tionchar dearfach a imirt ar ghlacadh an phobail le himeachtaí a óstáil.

13.

Mar thoradh ar phaindéim COVID-19, is mó spéis a chuirtear i ngníomhaíochtaí spóirt sa bhaile, i ngníomhaíochtaí aonair amuigh faoin aer, i saorghníomhaíochtaí saor in aisce agus sa tsoghluaisteacht ghníomhach. Leis na treochtaí sin, is léir go bhfuil gá, anois níos mó ná riamh, leis an dúlra (9), le gníomhaíochtaí spóirt neamheagraithe agus le spásanna uirbeacha inrochtana (10).

14.

Le gníomhaíocht choirp agus spóirt, go háirithe iad siúd a tharlaíonn lasmuigh nó i dtimpeallachtaí nádúrtha (e.g. foraoisí, sléibhte, aigéin, aibhneacha agus lochanna), is féidir cur le litearthacht chomhshaoil na saoránach a fheabhsú, chomh maith le feasacht a mhúscailt faoin ngá atá leis an gcomhshaol a chosaint agus leis an athrú aeráide a mhaolú.

15.

Le Clár Spóirt Erasmus+, tacaítear le malartú eolais agus dea-chleachtas, go háirithe maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12, 13 agus 17. Féadfar na dea-chleachtais sin a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí agus imeachtaí spóirt á n-eagrú.

16.

Leis an spórt, is féidir cur leis an bhfás eacnamaíoch agus is féidir breisluach a chur leis an earnáil eacnamaíoch.

AGUS BÉIM Á LEAGAN AICI AR AN MÉID SEO A LEANAS:

17.

Tá sé tábhachtach an tionchar diúltach a bhíonn ag gach cineál gníomhaíochta spóirt ar an mbithéagsúlacht, ar an gcomhshaol, agus ar dhinimic phróiseas leanúnach an athraithe aeráide a íoslaghdú. Tá sé tábhachtach go mbeadh na geallsealbhóirí uile, idir eintitis phoiblí agus phríobháideacha agus na saoránaigh, ar an eolas faoina bhfreagracht aonair agus faoina bhfreagracht chomhchoiteann, agus faoi iarmhairtí a ngníomhaíochtaí agus iad i mbun spórt a chleachtadh nó a eagrú.

18.

Is iomchuí a áirithiú go mbeidh earnáil an spóirt ina rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais Eorpaigh, mar atá leagtha amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip. Chun an méid sin a bhaint amach, tá gá le cineálacha éagsúla tacaíochta chun go mbeidh earnáil an spóirt in ann aistriú i dtreo cleachtais níos freagraí.

19.

Chun sochaí chuimsitheach, fholláin a thógáil, tá sé ríthábhachtach go gcuirfí ar chumas gach duine spórt agus gníomhaíocht choirp a chleachtadh go rialta i dtimpeallacht shláintiúil, shábháilte, gan beann ar a aois, a inscne, a staid mheabhrach agus fhisiceach, a chúlra socheacnamaíoch nó a thionscnamh geografach.

20.

Tá sé tábhachtach saincheisteanna a bhaineann le dea-rialachas sa spórt, le hionrachas, le rochtain chomhionann ar an spórt, le hurraim do chearta an duine, le hiontaofacht, le cothroime agus le hinbhuanaitheacht a chur san áireamh. Ba cheart an méid sin a dhéanamh ar gach leibhéal, amhail ar leibhéal an chlub, na sraithe, na gcónaidhmeanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha, na n-oibreoirí eacnamaíocha, na n-eagraithe imeachtaí móra spóirt, na ngnólachtaí nó na meán.

IARRANN SIAD AR NA BALLSTÁIT AN MÉID SEO A LEANAS A DHÉANAMH:

21.

Beartais agus straitéisí poiblí a bhaineann leis an spórt a ailíniú agus a chomhordú i gcomhréir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, agus leis na spriocanna gaolmhara.

22.

Rochtain a chur ar fáil do shaoránaigh ar chleachtais agus ar imeachtaí spóirt atá sábháilte, cuimsitheach agus inbhuanaithe de réir a gcuid riachtanas, mar shampla trí shaoráidí spóirt áitiúla atá neamhdhíobhálach don chomhshaol atá inrochtana trí bhonneagar soghluaisteachta gníomhaí.

23.

Féachaint ar bhealaí chun uirlisí a chur ar fáil do na húdaráis ábhartha náisiúnta chun tionchar an athraithe aeráide ar an spórt a mheas d’fhonn straitéisí a fhorbairt chun na héiceachórais spóirt is mó a mbeidh tionchar ag an athrú aeráide orthu san fhadtéarma a réamh-mheas, a oiriúnú agus tacú leo, mar shampla trí aistriú i dtreo cleachtais níos athléimní agus níos freagraí a lorg agus trí dhul i mbun idirphlé leis an ngluaiseacht spóirt d’fhonn tráthchláir níos iomchuí a fhorbairt.

24.

A chinntiú go ndéanfaidh eagraithe mórimeachtaí spóirt measúnuithe tionchair ar an gcomhshaol agus a mhéid a bhaineann le carbón agus spreagadh a thabhairt dóibh tomhas a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann a n-imeachtaí le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 11, 12 agus 13 a bhaint amach.

25.

Oibriú le heagraithe mórimeachtaí spóirt chun sásraí a bhunú chun an drochthionchar comhshaoil a bhíonn ag a gcuid imeachtaí a mhaolú i gcomhréir leis an díobháil a dhéantar agus d’fhonn neodracht carbóin a bhaint amach.

26.

Eagraíochtaí spóirt agus institiúidí oideachais a spreagadh chun go n-áireoidh siad, i gcás inarb iomchuí, ina gcláir oiliúna d’oideoirí, do bhaill foirne spóirt, do lúthchleasaithe agus do bhainisteoirí ar shaoráidí spóirt, saincheisteanna agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an aistriú éiceolaíoch agus leis an bhforbairt inbhuanaithe.

27.

Infheistíocht mhéadaitheach a choinneáil sa nuálaíocht agus sa taighde chun tacú agus rannchuidiú leis an aistriú i dtreo gníomhaíocht choirp agus cleachtais spóirt atá níos glaise agus níos inbhuanaithe.

28.

Gach iarracht a dhéanamh chun critéir chomhshaoil agus gealltanais do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a áireamh i bpróiseas an mheasúnaithe le haghaidh cistiú poiblí agus tacaíocht phoiblí, le haghaidh imeachtaí spóirt a eagrú ar gach leibhéal, gníomhaíochtaí spóirt mar aon le tógáil, athchóiriú, cothabháil agus úsáid saoráidí spóirt. Cuimsiú na gcritéar a chur chun cinn sa mheastóireacht ar na gníomhaíochtaí sin.

29.

Agus conarthaí á ndéanamh acu le comhpháirtithe eacnamaíocha chun mórimeachtaí spóirt a eagrú, saoráidí spóirt a thógáil, a athchóiriú agus a chothabháil nó trealamh spóirt a tháirgeadh, comhtháthú agus ualú critéar i leith Freagracht Shóisialta Corparáideach (FSC) (11) sna conarthaí a neartú.

30.

Nuair is iomchuí, úsáid chistí an Aontais a chur chun cinn – lena n-áirítear cistí comhtháthaithe (CFRE, CSE+), RRF, Erasmus+ nó clár LIFE – chun tionscnaimh a fhorbairt lena gcothófar gníomhaíocht choirp agus cleachtais spóirt atá glas inbhuanaithe agus na cinn lena ndírítear ar an ailíniú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chothú.

31.

Tús áite a thabhairt d'fhorbairt cathracha cliste, glasa ina mbeidh bonneagar éicifhreagrach iontu agus pleanáil uirbeach iomchuí nó an fhorbairt sin a spreagadh, i gcomhréir le meon an tionscnaimh ‘Bauhaus Eorpach Nua’, chun timpeallacht mhaireachtála níos duinelárnaí a chur ar fáil ina mbeidh rochtain ag saoránaigh ar shaoráidí spóirt inbhuanaithe agus inar féidir leo stíl mhaireachtála níos sláintiúla, níos gníomhaí agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol a ghlacadh chucu féin.

32.

Úsáid a bhaint as líonraí taidhleoireachta chun cur chuige comhchoiteann Eorpach a chur chun cinn chun feabhas a chur ar bhreithniú agus ar chomhtháthú na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa spórt, laistigh den Aontas Eorpach agus ina gcuid gníomhaíochtaí seachtracha agus ina gcláir cúnaimh forbartha.

33.

Machnamh a dhéanamh ar Ambasadóirí Spóirt Ghlais a ainmniú ar bhonn deonach, a mbeadh ról acu comhtháthú breise na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe sa spórt a chur chun cinn.

34.

Comhpháirtíochtaí a spreagadh idir earnáil an spóirt, an t-oideachas foirmiúil, an fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, gníomhaíochtaí sochoideachasúla, eagraíochtaí don óige agus an earnáil phríobháideach chun bealaí trasnacha, comhordaithe agus comhlántacha a fhorbairt chun feasacht a mhúscailt agus saineolas a chur chun cinn maidir le saincheisteanna comhshaoil agus athraithe aeráide.

35.

Éifeachtúlacht fuinnimh agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn maidir le gach saoráid spóirt thógáil, a athchóiriú, a chothabháil agus a úsáid .

IARRANN SIAD AR AN gCOIMISIÚN EORPACH:

36.

A áirithiú go mbeidh an obair atá déanta ag an nGrúpa Saineolaithe maidir leis an spórt glas dírithe ar chomhchaighdeáin a fhorbairt ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, agus critéir agus cuspóirí á sainaithint chun gníomhaíocht choirp agus cleachtais spóirt atá glas inbhuanaithe a eagrú. Na critéir agus na cuspóirí sin a chur chun cinn nuair a fhorbraíonn na Ballstáit beartais náisiúnta spóirt.

37.

I gcomhthéacs an Ghrúpa Saineolaithe maidir leis an spórt glas, leanúint d’fhianaise ábhartha ar dhea-chleachtais agus de shamplaí ábhartha dea-chleachtas a bhailiú maidir leis an gcaoi ar féidir leis an spórt an tionchar atá aige ar an gcomhshaol a laghdú agus cuidiú leis an athrú aeráide a mhaolú.

38.

Saincheisteanna na forbartha inbhuanaithe a chur san áireamh sa phlé maidir leis na príomhghnéithe de Shamhail Eorpach Spóirt.

39.

Úsáid chistí an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn le go n-éascófaí tógáil agus athchóiriú saoráidí spóirt chun astaíochtaí gás ceaptha teasa, lorg carbóin agus ídiú fuinnimh, chomh maith le tionchar diúltach an athraithe aeráide ar chleachtais spóirt, a laghdú.

40.

An spórt a chur san áireamh ar bhealach níos fearr sna beartais phoiblí a fhorbraítear ar leibhéal an Aontais, agus go háirithe na beartais agus na tionscnaimh chomhshaoil.

41.

Leanúint de dhearadh éiceabhách tionscadal a mheasúnú agus de chleachtais ghlasa a ionchorprú nuair a dhéantar meastóireacht ar dheontais Erasmus+ i réimse an spóirt agus nuair a bhronntar na deontais sin, mar a leagtar amach sa Treoirleabhar do Chlár Erasmus+.

42.

An fhéidearthacht a áirithiú agus a chur chun cinn chun tionscadail a fhorbairt maidir le spórt glas agus scileanna glasa i gclár spóirt Erasmus+.

43.

Malartú eolais agus dea-chleachtas a spreagadh i measc na mBallstát i réimse an spóirt ghlais, mar a leagtar amach i bPlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2021-2024.

44.

Comhroinnt dea-chleachtas a spreagadh i measc gníomhaithe atá tiomanta d’iompar sa spórt a chlaochlú i bhfianaise na ndúshlán comhshaoil agus sochaíoch atá os ár gcomhair amach ar gach leibhéal, i.e. trí na tionscnaimh SHARE nó HealthyLifestyle4All.

A IARRAIDH AR AN nGLUAISEACHT SPÓIRT AGUS AR NA GEALLSEALBHÓIRÍ ÁBHARTHA UILE AN MÉID A LEANAS A DHÉANAMH:

45.

Eagrú gníomhaíochta coirp, cleachtas spóirt agus imeachtaí spóirt a ailíniú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide, le Plean Gníomhaíochta Kazan, leis an gCairt Idirnáisiúnta um Chorpoideachas, Gníomhaíocht Choirp agus Spórt agus le Creat an Spóirt um Ghníomhartha ar son na hAeráide.

46.

Agus straitéisí agus cláir á gcruthú, aird ar leith a thabhairt ar na saincheisteanna maidir le hídiú acmhainní (go háirithe uisce, fuinneamh) a laghdú, deireadh a chur le cur amú bia, dramhaíl a athchúrsáil agus trealamh spóirt a athúsáid, bithéagsúlacht agus cáilíocht aeir a chaomhnú, lorg carbóin a laghdú agus, ar bhonn níos ginearálta, aird ar leith a thabhairt ar an gcaoi a n-eagraítear spórt chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach.

47.

Féachaint an bhféadfaí duine aonair nó struchtúr tiomnaithe a cheapadh a bheadh freagrach as straitéisí agus cláir chomhshaoil a chur i gcrích.

48.

Bealaí a aimsiú chun oideachas forbartha inbhuanaithe, agus cothú mheon na freagrachta comhshaoil agus sibhialta a chur chun cinn i measc clubanna spóirt, cónaidhmeanna agus geallsealbhóirí eile i réimse an spóirt.

49.

Ábhair maidir le saincheisteanna comhshaoil a chomhtháthú, i gcás inarb iomchuí, i gcláir oiliúna saorálaithe agus gairmithe spóirt.

50.

Lúthchleasaithe a bhfuil infheictheacht acu sna meáin, a mbíonn tóir mhór orthu agus creidiúnacht mhór acu chun cleachtais eiticiúla, ghlasa agus inbhuanaithe spóirt a chur chun cinn.

51.

Aird ar leith a thabhairt ar shaincheisteanna éiceolaíocha, sóisialta agus daonlathacha, ar thrédhearcacht chomh maith le cearta an duine a chosaint (12) sa phróiseas chun mórimeachtaí spóirt a shannadh agus chun cistiú nó urraíocht a thabhairt d’eagraithe na n-imeachtaí sin.

52.

Uirlisí iomchuí a fhorbairt nó a úsáid chun tionchar sóisialta agus comhshaoil na ngníomhaíochtaí spóirt a thomhas, go háirithe eagrú mórimeachtaí spóirt, agus oidhreacht shóisialta agus chomhshaoil na ngníomhaíochtaí sin a chur san áireamh i bpróiseas an mheasúnaithe.

53.

Slabhraí soláthair inbhuanaithe gearra a chur chun cinn agus, i gcás inar féidir, tús áite a thabhairt don gheilleagar áitiúil agus imeachtaí spóirt á n-eagrú, agus saoráidí spóirt á dtógáil, á n-athchóiriú agus á chothabháil nó trealamh spóirt á dtáirgeadh.

54.

Comhtháthú saincheisteanna na freagrachta eiticiúla, daonlathaí, sóisialta agus comhshaoil i gclársceidealú spóirt closamhairc agus i gcraoladh imeachtaí spóirt a chur chun cinn agus a spreagadh, agus saoirse na meán á hurramú go hiomlán ag an am céanna.

55.

Comhpháirtithe, soláthróirí, urraitheoirí agus an lucht leanúna a chur ar an eolas faoi cheanglais chomhshaoil ba cheart dóibh a chur san áireamh go cuí.

(1)  Na Náisiúin Aontaithe, A/RES/70/1, Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe], Rún a ghlac Comhthionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015 (mír 37).

(2)  Global Action Plan on Physical Activity 2018-2030 [Plean Gníomhaíochta Domhanda maidir le Gníomhaíocht Choirp], An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

(3)  Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (an 1 Eanáir 2021 go dtí an 30 Meitheamh 2024) (2020/C 419/01).

(4)  WWF, an Fhrainc, 2021.

(5)  WWF, an Fhrainc, 2021.

(6)  https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/c2c8d076-0a04-11ec-b5d3-01aa75ed71a1/language-en

(7)  https://eeb.org/wp-content/uploads/2021/04/IPSOS-Multi-Country-Report-complete.FINAL_.pdf

(8)  Is é an sainmhíniú a thugann Sainghrúpa an Aontais Eorpaigh maidir leis an nGné Eacnamaíoch den Spórt ar ‘mhórimeacht spóirt’ imeacht arna eagrú ag tír, ag réigiún nó ag cathair amháin is ósta nó ag roinnt acu agus ar a bhfreastalaíonn toscaireachtaí idirnáisiúnta éagsúla, a bhfuil sé d’aidhm acu spórt amháin nó roinnt spórt a chleachtadh. Is minic a bhíonn dúshláin mhóra agus dúshláin lóistíochtúla ag roinnt leis na himeachtaí sin. Bíonn an-tóir ar mhórimeachtaí spóirt sna meáin idirnáisiúnta, bíonn na mílte daoine, lena n-áirítear an lucht tacaíochta, iriseoirí, foirne teicniúla agus oifigigh, i láthair , agus is minic a ritear thar roinnt laethanta as a chéile iad.

(9)  https://iopscience.iop.org/article/10.1088/1748-9326/abb396/pdf

(10)  https://journals.plos.org/plosone/article?id=10.1371/journal.pone.0249268

(11)  https://www.unido.org/our-focus/advancing-economic-competitiveness/competitive-trade-capacities-and-corporate-responsibility/corporate-social-responsibility-market-integration/what-csr

(12)  https://www.ohchr.org/Documents/Publications/GuidingPrinciplesBusinessHR_EN.pdf


IARSCRÍBHINN

Tagairtí

Eagraíochtaí idirnáisiúnta

Na Náisiúin Aontaithe, A/RES/70/1, Transforming our world: the 2030 Agenda for Sustainable Development [I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe], Rún arna ghlacadh ag an Tionól Ginearálta an 25 Meán Fómhair 2015, www.un.org/ga/search/view_doc.asp?symbol=A/RES/70/1&Lang=E (§37)

An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, The global action plan on physical activity 2018-2030, http://apps.who.int/iris/bitstream/handle/10665/272722/9789241514187-eng.pdf, 2018.

Na Náisiúin Aontaithe, Paris Agreement, ADOPTION OF THE PARIS AGREEMENT - Paris Agreement text English (unfccc.int), 2015.

UNESCO, Kazan Action Plan, Kazan Action Plan - UNESCO Digital Library, 2017.

UNESCO, International Charter for Physical Education, Physical Activity and Sport, International Charter of Physical Education, Physical Activity and Sport - UNESCO Digital Library, 2015.

Na Náisiúin Aontaithe, Climate Change, Sport for Climate Actions Framework, UNITED NATIONS (unfccc.int), 2018.

OECD, Local Economic and Employment Development, Global Sports Events and Local Development, Principles For Leveraging Local Benefits From Global Sporting Events, https://www.oecd.org/cfe/leed/OECD-leed-principles-global-sporting-events.pdf, 2017.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an Nuálaíocht i gcúrsaí spóirt, 2021/C 212/02.

Conclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le gníomhaíocht choirp ar feadh an tsaoil, 2021/C 501 I/01.

Conclúidí ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht a chothú i measc daoine óga mar ghníomhaithe ar son an athraithe chun an comhshaol a chosaint (ag feitheamh ar fhormheas ag Comhairle EYCS an 5 Aibreán 2022).

Parlaimint na hEorpa

Resolution on EU sports policy: assessment and possible ways forward [Rún maidir le beartas spóirt an Aontais: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann (2021/2058(INI)), 23 Samhain 2021.

Study request by CULT Committee, EU sports policy: assessment and possible ways forward [Iarraidh ar staidéar ó Choiste CULT: beartas spóirt an Aontais: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann] www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/652251/IPOL_STU(2021)652251_EN.pdf PE 652.251, Meitheamh 2021.

An Coimisiún Eorpach

Teachtaireacht ón gCoimisiún, The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip], COM(2019) 640 final.

Eagraíocht Neamhrialtasach

WWF an Fhrainc 2021, www.wwf.fr/sites/default/files/doc-2021-07/02072021_Rapport_Dereglement-climatique_le_monde_du_sport_a_plus_2_et_4_degres_WWF%20France_4.pdf