|
22.4.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 168/5 |
Fógra le tabhairt ar aird na n-ábhar sonraí a mbeidh feidhm ina leith ag na bearta sriantacha dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2016/849 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1509 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré
(2022/C 168/05)
Tugtar an fhaisnéis seo a leanas le haghaidh na n-ábhar sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).
Is é is bunús dlí don oibríocht phróiseála sin Cinneadh (CBES) 2016/849 (2) ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2021/1304 (3) ón gComhairle, agus Rialachán (AE) 2017/1509 (4) ón gComhairle, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1300 (5) ón gComhairle.
Is í roinn RELEX.1 in Ard-Stiúrthóireacht an Chaidrimh Sheachtraigh (RELEX) Ardrúnaíocht na Comhairle (an Ardrúnaíocht) rialaitheoir na hoibríochta próiseála seo, agus is féidir dul i dteagmháil leis an roinn sin ag an seoladh seo a leanas:
|
Comhairle an Aontais Eorpaigh |
|
An Ardrúnaíocht |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu
Is féidir dul i dteagmháil le hOifigeach Cosanta Sonraí na hArdrúnaíochta ag:
An tOifigeach Cosanta Sonraí
data.protection@consilium.europa.eu
Is é is cuspóir don oibríocht próiseála liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha a bhunú agus a nuashonrú i gcomhréir le Cinneadh (CBES) 2016/849, arna leasú ag Cinneadh (CBES) 2022/661 ón gComhairle (6), agus Rialachán (AE) 2017/1509, arna chur chun feidhme ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/659 (7) ón gComhairle.
Is daoine nádúrtha iad na hábhair sonraí sin a chomhlíonann na critéir maidir le liostú arna leagan síos i gCinneadh (CBES) 2016/849 agus i Rialachán (AE) 2017/1509.
Áirítear ar na sonraí pearsanta arna mbailiú na sonraí is gá chun an duine lena mbaineann a shainaithint i gceart, an ráiteas ar chúiseanna agus aon sonraí eile a bhaineann leis.
Féadfar pé sonraí pearsanta a bhaileofar a chomhroinnt, de réir mar is gá, leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus leis an gCoimisiún.
Gan dochar d’aon srianta dá bhforáiltear de bhun Airteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfar feidhmiú chearta na n-ábhar sonraí, amhail an ceart rochtana, chomh maith leis na cearta chun ceartúcháin nó chun agóid a dhéanamh, a fhreagairt i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725.
Coimeádfar sonraí pearsanta ar feadh 5 bliana ón uair a bhaintear an t-ábhar sonraí de liosta na ndaoine atá faoi réir na mbeart sriantach nó ón uair a théann bailíocht an bhirt in éag, nó ar feadh ré na n-imeachtaí cúirte i gcás tús a bheith curtha leo.
Gan dochar d’aon leigheas breithiúnach, riaracháin nó neamhbhreithiúnach, féadfaidh na hábhair sonraí gearán a thaisceadh leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 (edps@edps.europa.eu).
(1) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(2) IO L 141, 28.5.2016, lch. 79.
(3) IO L 283, 6.8.2021, lch. 13.
(4) IO L 224, 31.8.2017, lch. 1.
(5) IO L 283, 6.8.2021, lch. 1.