21.4.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 167/9


Conclúidí ón gComhairle maidir le straitéis Eorpach lena gcumhachtaítear institiúidí ardoideachais ar mhaithe le todhchaí na hEorpa

(2022/C 167/03)

DÉANANN COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH AN MÉID SEO A LEANAS,

Agus an cúlra polaitiúil a bhaineann leis an tsaincheist seo, mar a leagtar amach é san Iarscríbhinn a ghabhann leis na conclúidí seo, á mheabhrú di,

AGUS AN MÉID SEO A LEANAS Á MHEABHRÚ DI:

1.   

Glacann institiúidí ardoideachais (1) san Eoraip páirt, a bheag nó a mhór, i gcruthú, i ndáileadh agus i ndeimhniú eolais. Níl a gcomhshamhail le fáil maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde nua a bhaint amach, ar bhonn sineirge le Limistéar Eorpach an Ardoideachais. Tá tábhacht nach beag le hinstitiúidí ardoideachais maidir leis an sprioc a leagtar amach sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) a bhaint amach – eadhon gur cheart cáilíochtaí oideachais threasaigh a bheith bainte amach, faoin mbliain 2030, ag 45 % ar a laghad de na daoine atá idir 25 agus 34 bliana d’aois.

2.   

Sna blianta atá le teacht, tiocfaidh méadú níos géire fós ar an bhfás a tháinig ar chláruithe ardoideachais – buntreocht a chonacthas fud fad an domhain leis na deicheanna de bhlianta anuas. Meastar, faoi 2030, go mbeidh 300 milliún duine idir 25 agus 34 bliana d’aois i dtíortha ECFE agus G20 a mbeidh cáilíocht threasach acu (2).

3.   

Rachaidh an iliomad deiseanna agus dúshlán i bhfeidhm ar fhorbairt institiúidí ardoideachais san Eoraip amach anseo. Tabharfaidh treochtaí déimeagrafacha domhanda agus an domhandú dúshlán na hEorpa maidir leis an seasamh atá aici mar mhol iomráiteach cruthaithe eolais. Tá tionchar cheana féin ag an téamh domhanda agus ag díghrádú an chomhshaoil, ag an luathú ar an athrú teicneolaíoch agus ag an méadú ar an iomaíocht maidir le teicneolaíochtaí digiteacha ar straitéisí agus ar shuí institiúidí ardoideachais san Eoraip féin agus mórthimpeall na cruinne. Beidh sé fíorthábhachtach don Eoraip amach anseo go mbeidh fáil ar líon mór daoine cumasacha a mbeidh oideachas agus oiliúint den scoth orthu má tá uaithi a seasamh mar cheann feadhna a choinneáil agus a dheimhniú in éadan iomaíocht mhéadaithe dhomhanda.

4.   

Idir an dá linn, leis méadú atá ag teacht, i dtíortha atá i mbéal a dtionsclaithe, ar an éileamh ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta agus ar thaighde agus nuálaíocht den scoth, táthar ag cur leis an líonrú domhanda, ach tá bagairtí nua ag teacht chun cinn, ag an am céanna, a chuirfidh na bunluachanna agus na bunphrionsabail lena seasann daonlathais na hEorpa, i mbaol. Tiocfaidh athrú ó bhonn ar mhargadh an tsaothair, san Eoraip agus ó cheann ceann an domhain, de dheasca an neamhionannais, atá ag dul i méid, agus de dheasca na ndúshlán a bhaineann le sochaithe a bheith ag dul in aois, agus is mó fós an gá a bheidh leis an gcuimsiú agus le gnóthachtáil an ardoideachais, rud a fhágfaidh go mbeidh súil le níos mó ó thaobh na foghlama ar feadh an tsaoil.

5.   

Leis an téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime agus leis an bhforbairt ghasta ar eolas, ar scileanna agus ar inniúlachtaí a bhaineann leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas, beidh sé riachtanach d’institiúidí ardoideachais féachaint lena mbonneagar a fhorbairt a thuilleadh, uirlisí nua oideolaíochta a ghlacadh, gearreispéiris foghlama sholúbtha a chur ar fáil, foghlaimeoirí a ullmhú do thimpeallacht na sochaí agus do thimpeallacht mhargadh an tsaothair, ar timpeallachtaí iad atá ag síorathrú, agus taighdeoirí a chumasú lena bheith ag obair i gcomhar chun teacht ar réitigh nuálacha maidir leis na dúshláin dhomhanda reatha.

6.   

Ní mór infheistíocht shuntasach a dhéanamh i gcoitinne in earnáil ardoideachais an Aontais má táthar leis an gcuimsiú agus le leibhéal barr feabhais a bhaint amach, agus an meánchaiteachas ar an oideachas treasach san Aontas faoi láthair á chur san áireamh, agus i bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na mac léinn agus na bhfoghlaimeoirí, agus i bhfianaise na ndúshlán atá roimh institiúidí ardoideachais.

7.   

Tá deis ann, le suí uathúil an ardoideachais, freastal ar mhisin thrasnaíocha an oideachais, an taighde, na nuálaíochta agus na seirbhíse don tsochaí, deis nach mór a thapú chun leas a bhaint as na sineirgí a d’fhéadfadh a bheith ann idir na ceithre mhisean sin.

8.   

Tá sé ríthábhachtach leas a bhaint as na sineirgí sin chun aghaidh a thabhairt ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Ní mór comhpháirtíochtaí il-gheallsealbhóirí a chothú mar aon le comhar idir institiúidí ardoideachais agus leis na hinstitiúidí sin.

9.   

Sa chomhthéacs sin, iarradh sa Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) clár a bhunú lena n-athrófar an t-ardoideachas ó bhonn, lena ndíreofar ar an gcuimsiú, ar an nuálaíocht, ar an nascacht, ar an ullmhacht dhigiteach agus ghlas agus ar iomaíochas idirnáisiúnta, agus freisin ar bhunluachanna acadúla agus ar ardphrionsabail eiticiúla, agus ar an bhfostaíocht agus ar an infhostaitheacht.

10.   

Sa chomhthéacs céanna sin, sainaithníodh sna conclúidí ón gComhairle maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde Nua “claochluithe institiúideacha, gairmeacha sa taighde, oideachas eolaíochta, oiliúint, comhar idirnáisiúnta agus cúrsaíocht eolais mar réimsí a d’fhéadfadh a bheith ina gcuid de chomhar níos daingne” idir an Limistéar Eorpach Taighde, Limistéar Eorpach an Ardoideachais agus gné an ardoideachais den Limistéar Eorpach Oideachais. Thug an Chomhairle dá haire freisin “an togra ón gCoimisiún le haghaidh treochlár gníomhaíochtaí a fhorbairt chun sineirgí a chruthú idir an t-ardoideachas agus an taighde” agus thacaigh sí le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar “‘Chomhghuaillíochtaí Ollscoileanna na hEorpa’ mar eiseamláir shuaitheanta d’institiúidí ardoideachais nua-aimseartha agus cuimsitheacha amach anseo san Eoraip”. I gclár oibre beartais LET don tréimhse 2022-2024, atá i gceangal leis na conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo, sainaithníodh gníomhaíochtaí atá dírithe ar institiúidí ardoideachais.

11.   

Sna Conclúidí uaithi maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach, d’aithin an Chomhairle gur cheart treoir a thabhairt do “na hOllscoileanna Eorpacha”“cuidiú le gnéithe taighde agus nuálaíochta institiúidí ardoideachais san Eoraip a neartú trí chlár oibre coiteann, bonneagair chomhroinnte agus acmhainní comhroinnte a fhorbairt” agus “comhghuaillíochtaí níos láidre fós a bhunú trí fhéachaint an bhféadfaí mic agus iníonacha léinn a chlárú go comhpháirteach agus lucht léinn agus taighdeoirí a earcú go comhpháirteach, laistigh de na córais náisiúnta éagsúla, chun a ngairmeacha oideachais agus taighde a dhéanamh níos tarraingtí, níos inbhuanaithe agus níos solúbtha laistigh de na comhghuaillíochtaí”. D’iarr sí freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit “machnamh a dhéanamh ar ionstraimí cistiúcháin níos inbhuanaithe do na ‘Ollscoileanna Eorpacha’, lena n-áirítear trí leas a bhaint as sineirgí idir scéimeanna réigiúnacha agus náisiúnta agus scéimeanna Eorpacha, ionas go mbeidh siad in ann a straitéis uaillmhianach a bhaint amach”, agus tograí soiléire a fhorbairt, ag tosú ó 2022, chun “cuidiú le deireadh a chur, nuair is gá, leis na constaicí ar chomhar ar an leibhéal Eorpach, trí fhéachaint, mar shampla, ar an ngá atá le céimeanna Eorpacha comhpháirteacha laistigh de na comhghuaillíochtaí ‘Ollscoileanna Eorpacha’”.

12.   

Sna conclúidí uaithi maidir leis “an Limistéar Eorpach Taighde a Dhoimhniú: gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú”, d’iarr an Chomhairle ar an gCoimisiún “tacú leis na Ballstáit agus bearta beartais á gceapadh acu le haghaidh comhar trasnáisiúnta saoráideach agus uaillmhianach idir institiúidí ardoideachais san Eoraip, go háirithe i réimse na ngairmeacha acadúla agus taighde a bhíonn fite ina chéile go minic, cuimsitheacht a chur chun cinn, barr feabhais a ghiaráil agus iomaíochas idirnáisiúnta earnáil ardoideachais na hEorpa a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, tarraingteacht na hearnála a mhéadú do dhaoine tallannacha laistigh den Eoraip agus lasmuigh di”. Chomhaontaigh sí chomh maith “gur ardáin oiriúnacha iad comhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus a gcomhpháirtíochtaí leis na héiceachórais áitiúla chun samhlacha féideartha a thástáil lena gcothófar idir-inoibritheacht gairmeacha taighde, agus chun deiseanna a iniúchadh do scéimeanna comhpháirteacha earcaíochta, d’oiliúint agus do chórais forbartha gairme a fhreastalóidh ar ghnéithe taighde agus teagaisc araon, chomh maith le córais nua luaíochta agus mheasúnaithe a thástáil, lena n-áirítear don teagasc taighdebhunaithe”.

MEASANN SÍ AN MÉID A LEANAS:

13.   

Déanfar an comhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais ó cheann ceann na hEorpa a neartú, a dhoimhniú agus a shimpliú a thuilleadh ach aghaidh a tabhairt ar an leibhéal Eorpach, ar bhealach éifeachtach, ar na dúshláin thuasluaite. I ndáil leis an méid sin, tá straitéis Eorpach uaillmhianach curtha i láthair ag an gCoimisiún do na hollscoileanna, a bhfuil sé mar aidhm léi cumhacht agus tacaíocht a thabhairt do na hinstitiúidí sin ina misean uile chun feabhas a chur ar an gcomhar eatarthu agus chun a gcuid láidreachtaí a chur chun tairbhe, i bhfianaise a mhéid a chuidíonn siad leis an Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin atá roimpi amach. Ba cheart cur leis na cineálacha éagsúla comhair leanúnaigh, agus ba cheart na torthaí agus na dea-chleachtais lena mbaineann a chomhroinnt chun ugach a thabhairt d’earnáil iomlán an ardoideachais san Eoraip, agus inniúlachtaí, saoirse acadúil agus neamhspleáchas institiúideach na mBallstát á n-urramú ag an am céanna.

14.   

Chun é sin a bhaint amach, ní mór ceithre phríomhchuspóir, atá ar comhchéim lena chéile, a shaothrú mar chuid d’iarracht chomhpháirteach ar an leibhéal institiúideach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach:

an ghné Eorpach a neartú san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus na sineirgí eatarthu a neartú freisin;

ról agus ceannaireacht an Aontais ar an leibhéal domhanda a chur chun cinn;

téarnamh na hEorpa agus freagairt na hEorpa ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas a neartú;

an muintearas san Eoraip a dhoimhniú ar bhonn luachanna coiteanna.

IARRANN SÍ AR AN gCOIMISIÚN AGUS AR NA BALLSTÁIT, I gCOMHRÉIR LENA nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, DUL I dTEAGMHÁIL LE hINSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS AGUS LE GEALLSEALBHÓIRÍ D’FHONN NA PRÍOMHCHUSPÓIRÍ SEO A LEANAS A BHAINT AMACH:

An ghné Eorpach a neartú san ardoideachas, sa taighde agus sa nuálaíocht agus na sineirgí eatarthu a neartú freisin

15.

Cuidíonn comhar trasnáisiúnta níos doimhne leis an Limistéar Eorpach Oideachais agus an Limistéar Eorpach Taighde nua a bhaint amach ar bhonn sineirge iomlán, trí institiúidí ardoideachais a neartú agus trí cháilíocht an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta san Eoraip a ardú ina hiomláine. Trí bhíthin gnéithe, formáidí agus deiseanna nua don tsoghluaisteacht idir disciplíní agus earnálacha agus thar theorainneacha, trí bhíthin gairmeacha tarraingteacha inbhuanaithe acadúla agus taighde agus trí bhíthin oideachas oscailte agus eolaíocht oscailte, is fearr a fhéadfar dul i ngleic le dúshláin shochaíocha agus an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí cearta a thabhairt do mhic léinn, do lucht foghlama ar feadh an tsaoil agus do thaighdeoirí, ar mhaithe lena bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta amach anseo. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar mhic léinn agus ar thaighdeoirí óga a bhfuil tionchar mór á imirt ag an bpaindéim ar a gcuid staidéir agus ar a ngairmeacha, agus orthu siúd ó cheantair thuaithe agus iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí.

16.

Léiríonn comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais, amhail “Ollscoileanna Eorpacha”, na buntáistí a leanfadh comhar fairsing fadtéarmach i measc institiúidí ardoideachais. Tá sé d’acmhainn ag na comhghuaillíochtaí sin fíor-bhreisluach Eorpach a chruthú trí mhais chriticiúil a bhaint amach ar scála Eorpach a bhuí le tiomantas fadtéarmach na bpáirtithe uile lena mbaineann. Éascaíonn siad saorghluaiseacht fud fad na hEorpa chun críocha staidéir, oibre agus taighde bunaithe ar leasanna coiteanna. Trí leibhéal láidir lánpháirtíochta, trédhearcachta agus oscailteachta, bíonn tionchar claochlaitheach acu laistigh den Eoraip agus ar mhaithe leis an Eoraip. Trí chomhordú agus trí chomhlántacht le tionscnaimh agus líonraí Eorpacha, náisiúnta, réigiúnacha, áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, le tionscnaimh agus líonraí idirnáisiúnta, feabhsófar a dtionchar claochlaitheachta.

17.

Má táthar le lántairbhe a bhaint as breisluach comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais amhail “Ollscoileanna Eorpacha”, beidh tuilleadh tacaíochta de dhíth ar an leibhéal Eorpach agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal náisiúnta trí bhíthin cur chuige céim ar chéim. Mar chatalaígh don chlaochlú institiúideach, ba cheart tacú leis na comhghuaillíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí, chun gné láidir taighde agus nuálaíochta a fhorbairt agus chun cláir chomhpháirteacha oideachasúla nuálacha a chur chun feidhme ar gach leibhéal, faoi chuimsiú chur chuige atá dírithe ar mhic léinn, ar an taighde agus ar an nuálaíocht, lena bhféadfaí céimeanna comhpháirteacha a bhronnadh bunaithe ar chritéir Eorpacha a chruthófaí i gcomhar leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí ábhartha, i gcomhréir le hionstraimí Phróiseas Bologna. Ba cheart tacú leis na comhghuaillíochtaí sin, i gcás inarb iomchuí, chun bainistiú acmhainní daonna a fheabhsú, i dtaobh lucht léinn agus taighdeoirí a earcú i gcomhpháirt, dá mb’fhéidir é; chun forbairt gairmeacha tarraingteacha agus inbhuanaithe a chur chun cinn; agus chun acmhainní agus struchtúir, amhail saotharlanna agus ardáin mar shampla, a fhrithpháirtiú.

18.

Cé go n-aithnítear go hiomlán an luach a bhaineann le foghlaim aghaidh ar aghaidh agus le soghluaisteacht fhisiciúil, mar aon leis an ngá atá le cúrsaíocht chothrom daoine oilte, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach cineál soghluaisteachta i gcás na mac léinn, ball foirne agus taighdeoirí, rud a chuireann leis an rath acadúil agus le gnóthachtáil phearsanta, trína chur ar chumas na mac léinn uile, na mball foirne uile agus na dtaighdeoirí uile inniúlachtaí idirnáisiúnta agus idirchultúrtha a ghnóthachtáil trí bhíthin idirnáisiúnú na gcuraclam nó trí bheith rannpháirteach i dtimpeallachtaí nuálacha idirnáisiúnta in institiúidí ina dtír dúchais.

19.

Tá ról cumasúcháin ag Bliain Eorpach na hÓige ina leith sin. Is fiú an méid seo a leanas a mheabhrú: an sprioc maidir le gur cheart tréimhse staidéir nó tréimhse oiliúna thar lear a bheith déanta ag 20 % ar a laghad de na céimithe i Limistéar Eorpach an Ardoideachais, mar a athdhearbhaíodh i Communiqué Aireachta na Róimhe an 19 Samhain 2020, agus an tacaíocht atá le tabhairt do thionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha chun an sprioc uaillmhianach go mbeadh 50 % de na mic léinn soghluaiste a bhaint amach, mar a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach.

20.

Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart do na Ballstáit agus don Choimisiún, i gcomhar le hinstitiúidí ardoideachais, a ndícheall a dhéanamh nósanna imeachta riaracháin a shimpliú d’institiúidí, lena n-áirítear trí chur chun feidhme thionscnamh an Chárta Eorpaigh Mic Léinn a leathnú a thuilleadh agus trí aitheantas frithpháirteach uathoibríoch cáilíochtaí acadúla agus tréimhsí staidéir thar lear a chur chun feidhme a thuilleadh, i gcomhar leis na Lárionaid Náisiúnta Faisnéise um Aitheantas Acadúil (NARIC). Ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le leas iomlán a bhaint as uirlisí digiteacha le haghaidh soghluaisteachta agus aitheantais, leis an ilteangachas, leis an idirchultúrthacht agus leis an gcuimsiú a chur chun cinn i measc na mac léinn sin ar a gcampais ar lú na deiseanna atá acu, agus leis an tsoghluaisteacht a leabú ina gcuraclam.

Ról agus ceannaireacht an Aontais ar an leibhéal domhanda a chur chun cinn

21.

Tá tábhacht straitéiseach gheopholaitiúil ag roinnt le hidirnáisiúnú an ardoideachais agus an taighde i gcás na hEorpa, mar a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach maidir le The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda]. Ní mór bunluachanna agus bunphrionsabail a bheith mar bhunús leis an gcomhoibriú domhanda san ardoideachas, agus ní mór an tsaoirse acadúil, an neamhspleáchas institiúideach, an t-oideachas oscailte agus an eolaíocht oscailte a bheith lárnach iontu. Ba cheart prionsabail na cómhalartachta agus na cothroime iomaíochta a bheith ina réamhriachtanas don chomhar idirnáisiúnta. Ba cheart cloí leis an treoirphrionsabal “a oscailte is féidir, a iata is gá” i gcaidrimh taighde agus nuálaíochta agus sa chaibidlíocht le comhpháirtithe domhanda. Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais trí bhíthin cur chuige Eorpach comhordaithe chun na luachanna agus na prionsabail Eorpacha sin a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda d’fhonn comhar cothrom, a rachaidh chun tairbhe dóibh uile, a bhaint amach, ar cuid de chumhacht bhog agus d’acmhainneacht na hEorpa é ina cáil mar bhunaitheoir caighdeán domhanda. Ní mór don chomhar le tríú tíortha i réimse an ardoideachais agus an taighde a bheith fothaithe ar chomhthuiscint agus ar chomhroinnt na luachanna agus na bprionsabal sin a chuirtear chun cinn ar an leibhéal Eorpach i gcomhréir le leasanna straitéiseacha eile an Aontais i gcomhréir le Comhdháil Marseille maidir leis an gCur Chuige Domhanda.

22.

Is féidir leis an gcomhar Eorpach níos doimhne a bheith tairbheach chun tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus chun na huirlisí is gá a thabhairt do thaighdeoirí, d’oiliúnóirí, do mhic léinn agus do bhaill foirne chun déileáil leis na dúshláin a bhaineann le comhoibriú cothrom domhanda, amhail éagothromas, cur isteach eachtrach, agus bacainní ar an eolaíocht oscailte. Tá sé de dhíth freisin chun tuiscint fheasach neamhspleách ar chontrapháirtithe tríú tíortha a chur chun cinn. Chun go mbeidh an tAontas Eorpach ina thearmann sábháilte do shaoirse an taighde eolaíoch agus na luachanna daonlathacha, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais trí scéimeanna Eorpacha agus náisiúnta, agus prionsabal an bharr feabhais á urramú go hiomlán, chun fáilte a chur roimh mhic léinn, taighdeoirí agus acadóirí a bhfuil a saoirse faoi bhagairt.

23.

Chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas ar an leibhéal domhanda, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun éiceachórais áitiúla nó réigiúnacha a shlógadh, agus comhtháthú críochach á chothú ar an gcaoi sin, trí chomhpháirtíochtaí láidre le heagraíochtaí taighde, gníomhaithe nuálaíochta, lucht cistiúcháin agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta, agus dlúth-idirghníomhaíochtaí le húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta á bhfeabhsú ag an am céanna. Chun éagsúlacht agus barr feabhais na n-institiúidí ardoideachais Eorpacha a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda, ba cheart tuilleadh oibre a dhéanamh agus tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach do na Ballstáit chun beartais náisiúnta a chur chun cinn, mar shampla trí thionscnaimh barr feabhais agus trí mhoil réigiúnacha agus áitiúla.

24.

Leis an gcomhar trasnáisiúnta idir institiúidí ardoideachais Eorpacha, cuirtear lena mhealltaí atá na hinstitiúidí sin do mhic léinn idirnáisiúnta, do thaighdeoirí agus do chomhpháirtithe domhanda, agus méadaítear an cháilíocht tairiscintí oideachais agus an acmhainneacht taighde agus nuálaíochta. Ba cheart cláir Eorpacha atá ann cheana, amhail Erasmus+, ionstraimí gníomhaíochta seachtraí an Aontais agus Fís Eorpach, a úsáid faoi chuimsiú na ngníomhaíochtaí a áirítear ina mbunúis dlí agus ba cheart meastóireacht a dhéanamh orthu de réir a gcritéar meastóireachta faoi seach chun tacú le comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais amhail na “Ollscoileanna Eorpacha” agus na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) chun gníomhaíochtaí agus straitéisí comhpháirteacha idirnáisiúnúcháin a fhorbairt ar fud an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta. Chuideodh sé sin leo iad féin a chur chun cinn go hidirnáisiúnta, líonraí a thógáil le comhpháirtithe tábhachtacha ar fud an domhain, inniúlachtaí comhpháirtithe i dtríú tíortha a neartú agus soghluaisteacht idirnáisiúnta (isteach agus amach) mac léinn, taighdeoirí, acadóirí agus foirne a threisiú. Ba cheart lántairbhe a bhaint as Coinbhinsiún Domhanda UNESCO 2019 maidir le hAitheantas do Cháilíochtaí a bhaineann leis an Ardoideachas toisc go n-éascaíonn sé soghluaisteacht idirnáisiúnta mac léinn agus ar an gcaoi sin réitíonn sé an chonair chun go bhféadfaí an t-ardoideachas Eorpach a idirnáisiúnú. Le hiarrachtaí coiteanna Eorpacha ionsar thríú tíortha, d’fhéadfaí freisin, trí chur chuige “Foireann na hEorpa”, tairiscint ardoideachais na hEorpa a chur chun cinn a thuilleadh agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí fothaithe acmhainneachta a bheadh chun tairbhe an dá thaobh.

Téarnamh na hEorpa agus freagairt na hEorpa ar an aistriú digiteach agus ar an aistriú glas a neartú

25.

Ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh a thuilleadh chun scileanna, inniúlachtaí agus nuálaíocht a dhéanamh d’eolas. Is féidir é sin a dhéanamh agus lánurraim á tabhairt don tsaoirse acadúil trí dhlúthchomhar a fhorbairt le comhpháirtithe eacnamaíocha, sóisialta agus tionsclaíocha laistigh d’éiceachórais thaighde agus nuálaíochta áitiúla agus réigiúnacha, agus trí shoghluaisteacht idirearnálach idir institiúidí ardoideachais agus comhpháirtithe eile a éascú, ag tógáil go háirithe ar straitéisí um speisialtóireacht chliste agus ar an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) agus ar na PENanna. D’fhéadfadh an comhar sin a bheith an-tairbheach freisin do ghnólachtaí áitiúla agus d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus deis a thabhairt do mhic léinn, do thaighdeoirí, d’acadóirí, d’oiliúnóirí agus don fhoireann oiliúint a fháil, e.g. i mbainistíocht maoine intleachtúla, in aistriú eolais agus i bhfiontraíocht, lena n-áirítear rochtain ar mhaoiniú, ag céim ar bith dá ngairmréim. Ní mór éagsúlacht iomlán na ngníomhaíochtaí acadúla laistigh den saol acadúil agus lasmuigh de, maidir le gach gné de mhisin na n-institiúidí ardoideachais, a chur san áireamh ina measúnuithe gairme. Ba cheart d’institiúidí ardoideachais freisin feabhas a chur ar a gcumas teagmháil a dhéanamh lena n-éiceachórais tríd an eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí is gá a chothú, go háirithe le haghaidh earnálacha straitéiseacha tionsclaíocha agus trí aistrithe eolais agus teicneolaíochta agus cruthú seach-chuideachtaí a chothú.

26.

D’fhéadfaí tacú le hinstitiúidí ardoideachais chun go bhfeabhsófaí an fhoghlaim atá dírithe ar mhic léinn agus an fhoghlaim atá bunaithe ar thaighde, lena bhfuil sé d’aidhm inniúlachtaí, scileanna agus eolas atá cothrom le dáta a thabhairt do mhic léinn chomh maith lena gcuid scileanna taighde agus taithí a fhorbairt. Ba cheart tacaíocht a thabhairt do mhic léinn freisin agus iad ag obair i ndisciplíní éagsúla i gcuir chuige atá bunaithe ar dhúshláin.

27.

Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais ról lárnach a bheith acu san fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus maidir le freagairt ar chlaochlú mhargadh an tsaothair trí oscailt suas do gach cineál foghlaimeoirí agus trína n-infhostaitheacht a chothú, lena n-áirítear trí athsciliú agus uas-sciliú. Chuige sin, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus an digiteáil á húsáid acu chun modhanna nuálacha foghlama agus teagaisc a chothú, agus conairí foghlama solúbtha agus saincheaptha á ndearadh agus á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cúrsaí níos giorra nó eispéiris foghlama a bhféadfadh micridhintiúir a bheith mar thoradh orthu agus, ag an am céanna, gan imeacht ó chroíphrionsabal na gclár céime iomláine. D’fhonn scileanna, inniúlachtaí, dearcthaí agus meon fiontraíochta ábhartha foghlaimeoirí a fhorbairt, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh le comhoibriú lena n-éiceachórais, chun eispéiris obairbhunaithe amhail intéirneachtaí, printíseachtaí agus deiseanna saorálaíochta a chur chun cinn agus, i gcás inarb iomchuí, raonta fiontraíochta a fhorbairt a thuilleadh lena gcuirfear ar chumas mac léinn tionscadail fiontraíochta a dhéanamh le linn a gcuid staidéir.

28.

Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais maidir le tacú leis an aistriú glas agus i leith aghaidh a thabhairt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar ghné cháilíochta ar leith ar an leibhéal domhanda. I ndáil leis sin, ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais ar fud na hEorpa cuir chuige inbhuanaitheachta agus ghlasa a thabhairt isteach agus leas á bhaint as cur chuige institiúide iomláine mar chuid dá misin, dá mbonneagair agus dá n-oibríochtaí, i gcás inarb ábhartha.

29.

Chun aghaidh a thabhairt ar an aistriú glas, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh eolas, scileanna agus inniúlachtaí idirdhisciplíneacha a fhorbairt, tacú le heolas faoi inbhuanaitheacht a fháil agus a úsáid i measc na bhfoghlaimeoirí agus na bpobal uile, agus oideachas inbhuanaitheachta a leabú mar chuid de churaclaim sna hearnálacha ábhartha go léir. Ba cheart iad a spreagadh chun taighde a choimisiúnú agus a dhéanamh lena gcuirfí leis an mbonn eolais maidir le hinbhuanaitheacht.

30.

Mar a léirítear le linn phaindéim COVID-19, is uirlis chumhachtach claochlaithe iad na teicneolaíochtaí digiteacha do chórais ardoideachais san Eoraip, agus tá na hinstitiúidí ardoideachais lárnach maidir le dlús a chur leis an aistriú digiteach san Eoraip.

31.

Is gá seirbhísí digiteacha agus bonneagair dhigiteacha ardfheidhmíochta le nascacht láidir a sholáthar d’institiúidí ardoideachais, ar bonneagair agus seirbhísí iad ar cheart dóibh a bheith, a mhéid is féidir, idir-inoibritheach agus comhroinnte ar fud na hEorpa, a bheith ag brath ar chaighdeáin Eorpacha (3), agus ar cheart dóibh teicneolaíochtaí iontaofa a úsáid, i gcomhréir le riachtanais shonracha institiúidí ardoideachais, amhail sonraí slán.

32.

Chun dlús a chur le haistriú digiteach na hEorpa, is gá litearthacht dhigiteach agus litearthacht sonraí a chur ar fáil do gach mac léinn, oiliúnóir, foireann, acadóirí agus taighdeoir agus, i gcás inarb ábhartha, don phobal i gcoitinne. Tá ról lárnach ag institiúidí ardoideachais chuige sin i ndáil le hinniúlachtaí digiteacha atá ag teacht chun cinn agus i ndáil leis an ngné eiticiúil a bhaineann leis na hinniúlachtaí sin – amhail maoirseacht sonraí, intleacht shaorga, ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus cibearshlándáil – a thabhairt d’fhoghlaimeoirí agus ó thaobh taighde agus nuálaíocht a dhéanamh.

33.

Agus an luach a ghabhann leis an bhfoghlaim aghaidh ar aghaidh á aithint acu, ba cheart d’institiúidí ardoideachais leas iomlán a bhaint as modhanna digiteacha chun cáilíocht an eispéiris foghlama a fheabhsú do mhic léinn, don fhoireann, d’acadóirí agus do thaighdeoirí agus chun aghaidh a thabhairt ar neamhionannais shóisialta. Chun an bhearna dhigiteach a dhúnadh, ba cheart tacú le tionscnaimh lena dtugtar rochtain chomhionann ar dheiseanna foghlama indibhidiúlaithe do chách, agus úsáid á baint, mar shampla, as teagasc fíorúil nó hibrideach in áiteanna cianfhoghlama. Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iarrachtaí á ndéanamh acu ardáin agus uirlisí idir-inoibritheacha a chomhroinnt lenar féidir sonraí a mhalartú agus, ag an am céanna, acmhainní oideachais ardcháilíochta atá furasta le húsáid, amhail cúrsaí ar líne, a chur ar fáil.

An muintearas Eorpach a dhoimhniú ar bhonn luachanna coiteanna

34.

Chun an muintearas Eorpach a dhoimhniú agus chun ár slí mhaireachtála Eorpach a chur chun cinn, tá sé ríthábhachtach luachanna daonlathacha na hEorpa a chaomhnú agus a chosaint, éagsúlacht, cuimsitheacht agus comhionannas inscne a chothú agus cáilíocht agus ábharthacht an ardoideachais a neartú do scileanna a sheasfaidh an aimsir. Tá institiúidí ardoideachais uathrialaitheach agus is croíphrionsabal dá misean agus dá ngníomhaíochtaí í an tsaoirse acadúil agus eolaíoch.

35.

Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iad i mbun iarrachta an t-oideachas agus an eolaíocht a chosaint i gcoinne na bréagaisnéise, tacú leis an eolaíocht oscailte agus luachanna daonlathacha a chosaint. Chuige sin, is coimirce don daonlathas agus príomhfhóram don eolaíocht saoránach iad na hinstitiúidí ardoideachais, agus mic léinn a ullmhú le haghaidh na saoránachta gníomhaí agus na rannpháirtíochta poiblí.

36.

Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais dlús a chur le díospóireacht phoiblí le heolas praiticiúil léirsteanach, trí rochtain níos leithne ar fhoilseacháin agus ar shonraí taighde agus trí imeachtaí poiblí a eagrú chun torthaí taighde a scaipeadh agus a phlé. Is féidir le hinstitiúidí ardoideachais a bheith ina bpríomhghníomhaithe maidir le dul i ngleic le leas saofa a bhaint as taighde, agus is féidir leo a bheith ina gcomhéadan idir oideachas, taighde, nuálaíocht, údaráis phoiblí agus an tsochaí shibhialta. D’fhéadfadh institiúidí ardoideachais an ról sin a neartú agus a úsáid a thuilleadh chun dul i dteagmháil ar bhealach níos córasaí leis na gníomhaithe sochaíocha uile, lena n-áirítear nuálaithe poiblí agus príobháideacha, údaráis phoiblí réigiúnacha agus áitiúla, lena n-áirítear scoileanna, na meáin, eagraíochtaí cur chun cinn na heolaíochta i measc an phobail, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta amhail comhlachais tomhaltóirí agus úsáideoirí nó cumainn othar.

37.

Ba cheart d’institiúidí ardoideachais a áirithiú go mbíonn mic léinn, acadóirí, taighdeoirí agus an fhoireann rannpháirteach sa rialachas orthu, mar chomhaltaí iomlána agus mar chomhpháirtithe cuiditheacha den phobal ardoideachais. Chuige sin, d’fhéadfadh mic léinn a bheith páirteach i sásraí cinnteoireachta, lena n-áirítear maidir le curaclaim, mar ghné de bhunluachanna acadúla, mar chomhartha daonlathais agus mar chultúr idirphlé in institiúidí ardoideachais.

38.

Ba cheart tacú le hinstitiúidí ardoideachais agus iad a spreagadh ina gcuid iarrachtaí cuimsiú agus rath a gcuid mac léinn, acadóirí, taighdeoirí agus foirne a áirithiú, agus comhdheiseanna a chur chun cinn, gan beann ar inscne, ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, ar reiligiún nó creideamh, cúlra sóisialta agus eacnamaíoch, sláinte, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, cúlra imirceach agus ar shuíomh geografach. Chuige sin, ba cheart tacaíocht a thabhairt d’institiúidí ardoideachais chun dea-bhail gach duine a áirithiú i gcomhréir le héagsúlacht shóisialta níos mó. I ndáil leis sin, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun dul i dteagmháil le grúpaí atá faoi ghannionadaíocht chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar an ardoideachas agus chun cabhrú leo a gcuid staidéir a chur i gcrích, agus aird chuí á tabhairt ar mhic léinn agus ar thaighdeoirí óga a raibh tionchar mór ag an bpaindéim ar a gcuid staidéir agus ar a ngairmeacha, agus orthu siúd ó cheantair thuaithe agus ó cheantair iargúlta, amhail na réigiúin is forimeallaí.

39.

Ba cheart tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d’institiúidí ardoideachais bearta ábhartha a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a fheabhsú ina gcuid comhlachtaí mac léinn agus foirne, lena n-áirítear i gcomhthéacs dul chun cinn sa ghairm acadúil.

40.

Féadfaidh institiúidí ardoideachais úsáid a bhaint as uirlisí teagaisc agus oideolaíochtaí nuálacha, lena n-áirítear uirlisí digiteacha, chun cur chuige foghlama atá dírithe ar mhic léinn a chur ar fáil gan beann ar an gcúlra socheacnamaíoch nó foghlama. Chun an neamhionannas a laghdú agus an ghnóthachtáil phearsanta a chur chun cinn, ba cheart institiúidí ardoideachais a spreagadh chun seirbhísí saincheaptha treorach agus tacaíochta a sholáthar, go háirithe do dhaoine nuathagtha, agus stíl agus conair foghlama á gcur san áireamh chomh maith le cúlra socheacnamaíoch gach foghlaimeora.

NÍOS SONRAÍ FÓS, IARRANN SÍ AR NA BALLSTÁIT AGUS AR AN gCOIMISIÚN, I gCOMHRÉIR LENA nINNIÚLACHTAÍ FAOI SEACH AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT AR PHRIONSABAL NA COIMHDEACHTA, TACAÍOCHT A THABHAIRT DO CHOMHGHUAILLÍOCHTAÍ INSTITIÚIDÍ ARDOIDEACHAIS AMHAIL NA “hOLLSCOILEANNA EORPACHA”:

41.

Ba cheart tuilleadh tacaíochta a thabhairt do gach cineál comhghuaillíochta d’institiúidí ardoideachais trí na modhanna iomchuí ábhartha uile chun gníomhaíochtaí comhair a éascú bunaithe ar ardchaighdeán, barr feabhais, tionchar, cuimsitheacht agus cothromaíocht gheografach, agus chun constaicí agus réitigh a d’fhéadfadh a bheith i gcoiteann ag gach comhghuaillíocht a shainaithint. Go sonrach, ar bhonn an athbhreithnithe mheántéarma ar na chéad chomhghuaillíochtaí píolótacha, ba cheart tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a chur i bhfeidhm a thuilleadh. Leis sin d’fhéadfaí gníomhaíochtaí a bhraisliú chun dea-chleachtais maidir le hardoideachas, taighde agus nuálaíocht agus seirbhís don tsochaí a chomhroinnt.

42.

Ar an gcéad dul síos, ba cheart comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a spreagadh chun leas iomlán a bhaint as na cláir chistiúcháin atá ann cheana agus as uirlisí cumasúcháin ar an leibhéal Eorpach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach d’fhonn an comhar eatarthu a mhéadú agus a dhoimhniú.

43.

I gcás inarb ábhartha agus i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, na comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais agus na geallsealbhóirí, ba cheart bearta a dhéanamh chun na bacainní ar chomhar trasnáisiúnta níos doimhne, fadtéarmach agus solúbtha a shárú agus chun ionstraimí comhair institiúidithe a dhearadh, bunaithe ar réamh-mheasúnú cuimsitheach ar an ngá atá leo, ar a dtairbhí agus ar a n-indéantacht. Is é an aidhm spás a thabhairt do chomhghuaillíochtaí, ar bhonn deonach, chun gníomhú le chéile, comhchinntí straitéiseacha a dhéanamh, earcaíocht chomhpháirteach a dhéanamh, curaclaim chomhpháirteach a dhearadh nó acmhainní agus inniúlachtaí daonna, teicniúla, sonraí, oideachais, taighde agus nuálaíochta a chomhthiomsú.

44.

Agus béim á leagan ar chur chun feidhme an Chur Chuige Eorpaigh um Dhearbhú Cáilíochta Clár Comhpháirteach, ba cheart céimeanna breise a ghlacadh chun an luach a bhaineann le heispéiris foghlama trasnáisiúnta nuálacha a aithint agus chun infheictheacht, tarraingteacht agus clú na gclár comhpháirteach sin arna soláthar ag comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais a mhéadú san Eoraip agus níos faide i gcéin. Ba cheart critéir chomhchoiteanna a fhiosrú a d’fhéadfadh lipéad Eorpach a chruthú le haghaidh cláir chomhpháirteacha. Ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí féachaint le céimeanna comhpháirteacha ar gach leibhéal a cheapadh agus a sheachadadh, ar bhonn deonach, ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó institiúideach, bunaithe ar na critéir Eorpacha chomhchruthaithe sin, i gcomhréir le hionstraimí Phróiseas Bologna atá ann cheana. Ba cheart an próiseas sin a dhéanamh i ndlúthchomhar leis na húdaráis náisiúnta, na comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais agus leis na geallsealbhóirí.

45.

Ag gach céim, chuirfí torthaí na bpróiseas fiosrúcháin a luaitear i míreanna 43 agus 44 faoi bhráid na Comhairle le go ndéanfaí cinneadh eile ina leith.

46.

Ba cheart próisis dearbhaithe cáilíochta atá éifeachtúil agus éifeachtach a chumasú ar an leibhéal náisiúnta chun cur chuige Eorpach um Dhearbhú Cáilíochta a éascú do chláir chomhpháirteacha, de réir na gCaighdeán agus na dTreoirlínte maidir le Dearbhú Cáilíochta sa Limistéar Eorpach Ardoideachais (LEO), agus tábhacht na cáilíochta, an taighde agus na hinfhostaitheachta á gcur san áireamh.

47.

Chun go mbeidh comhghuaillíochtaí institiúidí ardoideachais in ann a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach trí aghaidh a thabhairt ar na costais airgeadais a bhaineann le comhar trasnáisiúnta chun a misin uile a chlúdach san fhadtéarma, ba cheart bearta a dhéanamh chun dul i dtreo peirspictíocht chistiúcháin Aontais a bheidh níos inbhuanaithe, níos iomlánaíche agus níos comhtháite. I ndáil leis sin, ba cheart don Choimisiún tástáil a dhéanamh ar bhealaí cuir chuige píolótacha i ndáil le réitigh fhéideartha i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí ábhartha faoi 2024, agus ba cheart beart tuairiscithe chuig an gComhairle a dhéanamh ina dhiaidh sin chun go ndéanfar cinneadh breise ina leith.

TRÍ BHÍTHIN NA gCÉAD CHÉIMEANNA EILE, AGUS AIRD CHUÍ Á TABHAIRT DO PHRIONSABAIL NA COIMHDEACHTA AGUS DO PHRIONSABAL AN NEAMHSPLEÁCHAIS INSTITIÚIDIGH, AGUS I gCOMHRÉIR LEIS NA hIMTHOSCA NÁISIÚNTA:

48.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit luachanna bunúsacha acadúla a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear an tsaoirse agus an tsláine acadúil i gcomhréir le Communiqué Aireachta na Róimhe 2020 agus le dearbhú Bonn maidir le saoirse an taighde eolaíoch.

49.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, gníomhaíochtaí a thabhairt ar aghaidh go comhpháirteach chun sineirgí a chruthú idir an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht laistigh den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint agus struchtúir rialachais an Limistéir Eorpaigh Taighde. Ba cheart fíor-bhreisluach a léiriú leis na gníomhaíochtaí sin ar an leibhéal Eorpach agus obair a dhéanamh i dtreo na bpríomhchuspóirí thuasluaite, agus ba cheart don Choimisiún, agus do na Ballstáit, ar bhonn deonach, iad a chur i gcrích trí aon mhodh iomchuí i gcomhréir leis na comhthéacsanna náisiúnta.

50.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún treochlár a chur faoi bhráid na Comhairle faoi lár 2022 chun na hionstraimí nua a chomhdhearadh, chun faisnéis a fháil agus chun cinneadh breise a dhéanamh. Léireodh an treochlár na príomh-gharspriocanna agus na grúpaí saineolaithe lena mbaineann. Agus na príomhchuspóirí á gcur chun feidhme, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh: gníomhaíochtaí arna sainaithint sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le straitéis Eorpach d’ollscoileanna; an rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030); agus na gníomhaíochtaí ábhartha a sainaithníodh i gclár oibre beartais an Limistéir Eorpaigh Taighde 2022-2024 atá i gceangal leis na conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo chomh maith leis na luachanna agus na prionsabail a leagtar amach sa Mholadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip.

51.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí páirt a ghlacadh i gcomhar feabhsaithe chun na sineirgí sin a chur chun feidhme, ag tógáil ar na struchtúir rialachais atá sa chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint agus sa Limistéar Eorpach Taighde cheana, i ndlúthshineirgíocht leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais, agus trí leas a bhaint as dea-chleachtais na n-institiúidí ardoideachais. I ndáil leis sin, d’fhéadfaí cruinnithe comhpháirteacha na nArd-Stiúrthóirí ardoideachais agus an Coiste um an Limistéar Eorpach Taighde agus um Nuálaíocht a mheas i gcás inarb ábhartha agus ina mbeadh topaicí comhleasa agus cuspóir coiteann sainithe go soiléir.

52.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit obair a dhéanamh chun na príomhchuspóirí sin a bhaint amach trí dhlúthchomhar le brateagraíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, nó le heagraíochtaí iomchuí eile atá ábhartha ar leibhéal an Aontais, agus le hionadaí na ngeallsealbhóirí, amhail: Institiúidí ardoideachais, lena n-áirítear comhghuaillíochtaí Institiúidí Ardoideachais na hEorpa, cumainn mac léinn, gníomhaireachtaí dearbhaithe cáilíochta, eagraíochtaí a dhéanann taighde agus teicneolaíocht, gnólachtaí dian-T&N, lena n-áirítear FBManna, taighdeoirí agus nuálaithe aonair, bonneagair thaighde, eagraíochtaí cistiúcháin T&I agus acadaimh eolaíochtaí. D’fhéadfaí cruinnithe rialta amhail Fóram na nOllscoileanna do thodhchaí na hEorpa a mheas chun plé a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise agus chun comhroinnt dea-chleachtas a chothú. Ba cheart do thorthaí an Fhóraim sin tuilleadh forbairtí agus tuilleadh oibre a spreagadh ó na grúpaí ábhartha den chreat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint agus leis an Limistéar Eorpach Taighde, i sineirgíocht leis an Limistéar Eorpach Ardoideachais.

53.

IARRANN SÍ ar na Ballstáit leas a bhaint as malartuithe iltaobhacha le tacaíocht ón gCoimisiún chun comhroinnt dea-chleachtas agus foghlama piaraí ó Bhallstáit eile a chothú.

54.

TUGANN SÍ DÁ hAIRE go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún na huirlisí faireacháin ardoideachais a chuíchóiriú. D’fhéadfadh sé sin feabhas a chur ar a n-acmhainneacht agus ar a n-ábharthacht do lucht déanta beartas, d’institiúidí ardoideachais, do mhic léinn agus do thaighdeoirí, gan an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit ná ar na hinstitiúidí ardoideachais a mhéadú, chun faisnéis a chur ar fáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme na straitéise Eorpaí lena dtugtar cumhacht d’institiúidí ardoideachais agus chun cuidiú leis na Ballstáit ar mian leo na gníomhaíochtaí a cheapadh a bhfuil sé beartaithe acu rannchuidiú leo bunaithe ar fhianaise agus sonraí daingne. Is ar bhonn deonach a ghlacfaidh na Ballstáit páirt sa phróiseas sin. MOLANN SÍ go mbunófaí tuilleadh plé ar staidéar mapála i ndáil le creat féideartha dlíthiúil na n-uirlisí ábhartha faireacháin. CUIREANN SÍ I bhFIOS GO LÁIDIR gur cheart an cúram sin a fhorbairt i sineirgíocht le próiseas comhordaithe beartais agus faireacháin LET, lena n-áirítear deais LET.

55.

IARRANN SÍ ar an gCoimisiún nuashonrú rialta a chur faoi bhráid na mBallstát maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí thuasluaite, agus forléargas cuimsitheach a thíolacadh sa tuarascáil iomlán ón gCoimisiún maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais in 2025, agus aird á tabhairt freisin ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde a chur chun feidhme.

(1)  Chun críocha na gconclúidí seo, is chun tagairt don earnáil iomlán a úsáidtear an téarma “institiúidí ardoideachais”, agus cuimsítear leis réimse iomlán an oideachais threasaigh agus, dá bhrí sin, gach cineál institiúide ardoideachais, lena n-áirítear, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta nó leis an gcleachtas náisiúnta, ollscoileanna taighde, coláistí ollscoile, ollscoileanna eolaíochtaí feidhmeacha, institiúidí ardoideachais gairmoideachais agus gairmoiliúna, agus institiúidí ardoideachais ealaíon.

(2)  ECFE (2020), Resourcing Higher Education: Challenges, Choices and Consequences, [Acmhainní a chur ar fáil don Ardoideachas: Dúshláin, Roghanna agus Iarmhairtí] an tArdoideachas, Foilsitheoireacht ECFE, Páras.

(3)  Carretero Gomez, S., Vuorikari, R. agus Punie, Y., DigComp 2.1: The Digital Competence Framework for Citizens with eight proficiency levels and examples of use [Creat na hInniúlachta Digití do Shaoránaigh le hocht leibhéal inniúlachta agus samplaí úsáide], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg, 2017.


IARSCRÍBHINN

Cúlra polaitiúil

An Chomhairle Eorpach

Conclúidí ón gComhairle Eorpach, an 14 Nollaig 2017 (EUCO 19 Eanáir 2017 REV 1)

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Moladh (AE) 2021/2122 ón gComhairle an 26 Samhain 2021 maidir leis an gComhaontú um Thaighde agus Nuálaíocht san Eoraip (IO L 431, 2.12.2021, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le rialachas an Limistéir Eorpaigh Taighde (LET) amach anseo (14308/21, an 26 Samhain 2021)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith taighde agus nuálaíochta – Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach (12301/21, an 28 Meán Fómhair 2021)

Conclúidí ón gComhairle maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: An bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach (IO C 221, 10.6.2021, lch. 14)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis “an Limistéar Eorpach Taighde a Dhoimhniú: Gairmeacha agus dálaí oibre tarraingteacha inbhuanaithe a chur ar fáil do thaighdeoirí agus cúrsaíocht daoine oilte a fhíorú” (9138/21, an 28 Bealtaine 2021)

Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus thairis sin (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir leis an Limistéir Eorpach Taighde Nua (13567/20, an 1 Nollaig 2020)

Moladh ón gComhairle an 26 Samhain 2018 chun aitheantas uathoibríoch frithpháirteach a chur chun cinn do cháilíochtaí oideachais agus oiliúna ar leibhéil an ardoideachais agus an mheánoideachais shinsearaigh, agus do thorthaí tréimhsí foghlama ar an gcoigríoch’ (IO C 444, 10.12.2018, lch. 1)

Conclúidí ón gComhairle maidir le dul chun cinn i dtreo fís de Limistéar Eorpach Oideachais (IO C 195, 7.6.2018, lch. 7)

Council Recommendation of 22 May 2018 on promoting common values, inclusive education, and the European dimension of teaching [Moladh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn] (IO C 195, 7.6.2018, lch. 1)

An Coimisiún Eorpach

Ag Dul i nGleic le Trasnaíocht Eachtrach in T&N (SWD(2022) 12 final)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir le Straitéis Eorpach d’Ollscoileanna (COM(2022) 16 final)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún maidir leis an gCur Chuige Domhanda i leith Taighde agus Nuálaíochta dar teideal Europe’s strategy for international cooperation in a changing world [Straitéis na hEorpa don chomhar idirnáisiúnta i saol athraitheach] (COM)(2021) 252 final/2)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal A new ERA for Research and Innovation [Limistéar Eorpach Taighde Nua don Taighde agus don Nuálaíocht] (COM(2020) 628 final)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal Achieving the European Education Area by 2025 [An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025] (COM(2020) 625 final)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste na Réigiún dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Eorpach do Scileanna i gcomhair iomaíochas inbhuanaithe, cothroime shóisialta agus athléimneacht] (COM(2020) 274 final)

An Coimisiún Eorpach agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála

Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta dar teideal The Global Gateway [An Tairseach Dhomhanda] (JOIN (2021) 30 final)

Dearbhuithe

Communiqué Aireachta na Róimhe (an 19 Samhain 2020)

Dearbhú Bonn maidir le saoirse an taighde eolaíoch (an 20 Deireadh Fómhair 2020)