|
25.2.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 92/10 |
Fógra arna dhíriú ar Serhiy Vitaliyovich KURCHENKO atá faoi réir na mbeart sriantach dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/119/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin.
(2022/C 92/04)

Tá sé beartaithe ag an gComhairle an duine thuasluaite a áireamh san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2014/145/CBES ón gComhairle agus in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 269/2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí a bhaineann an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin.
Cuirtear in iúl don duine sin, leis seo, go bhféadfaidh sé iarraidh a chur faoi bhráid na Comhairle chun na ráitis ar chúiseanna lena n-ainmniú atá beartaithe a fháil, faoin 4 Márta 2022, chuig an seoladh seo a leanas:
|
Council of the European Union |
|
General Secretariat |
|
RELEX.1 |
|
Rue de la Loi/Wetstraat 175 |
|
1048 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
ríomhphost: sanctions@consilium.europa.eu