|
29.7.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 290/1 |
Rún ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an gcogadh san Úcráin agus an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a bheidh aige
(2022/C 290/01)
|
Bunús dlí |
Riail 35 de na Rialacha Nós Imeachta |
|
|
Rún |
|
Dáta a ghlactha sa seisiún iomlánach |
24.3.2022 |
|
Seisiún iomlánach Uimh. |
568 |
|
Toradh na vótála (ar son/in aghaidh/staonadh) |
176/1/1 |
Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE),
|
1. |
á chur in iúl go bhfuil an t-ionsaí aontaobhach i gcoinne na hÚcráine arna ordú ag Uachtarán Chónaidhm na Rúise, agus rannpháirtíocht réimeas na Bealarúise ann, á cháineadh go géar aige; á chur i bhfáth go sáraíonn ionradh fhórsaí míleata na Rúise ar an Úcráin rialacha agus comhaontuithe idirnáisiúnta atá i bhfeidhm agus go gcuireann sé slándáil na hEorpa agus an tslándáil dhomhanda i mbaol; á chur i bhfáth freisin go sáraíonn an t-ionradh sin príomhaidhm an Aontais Eorpaigh “an tsíocháin, a chuid luachanna agus dea-bhail a chuid pobal a chur chun cinn”; |
|
2. |
ag áitiú go dtabharfaidh an tAontas tacaíocht iomlán lena áirithiú go ndéanfar gach coir chogaidh agus gach coir in aghaidh an chine dhaonna a thaifeadadh agus a phróiseáil tríd an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta; |
|
3. |
ag tabhairt ómós don mhisneach éachtach atá léirithe ag muintir na hÚcráine atá ag cosaint na hÚcráine i gcoinne ionróirí na Rúise; á iarraidh ar an domhan saor tacú le comhrac na hÚcráine ar son na síochána agus na saoirse le gach acmhainn atá ar fáil dóibh; |
|
4. |
á iarraidh ar an Aontas agus ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis seasamh le chéile, leanúint de dhlúthpháirtíocht iomlán a léiriú agus aghaidh á tabhairt ar an gcogadh sin atá gan chúis gan údar, agus bealach taidhleoireachta a shainaithint chun deireadh a chur leis an gcogaíocht; á chur i bhfáth go bhfuil gá le gníomhaíocht taidhleoireachta chun sos comhraic a bhaint amach láithreach bonn agus chun fíorphróiseas síochána a chur ar bun a mbeidh ról gníomhach ag institiúidí an Aontais Eorpaigh ann. Ba cheart do na gníomhaithe sin dlús a chur freisin leis an mbrú atá á chur ar réimeas na Rúise trí smachtbhannaí breise a fhorchur go pras agus trí gach uirlis eile atá ar fáil dóibh a úsáid chun deireadh a chur láithreach bonn le gníomhaíocht mhíleata na Rúise ar chríoch na hÚcráine, chun fórsaí na Rúise a tharraingt siar go hiomlán, chun an tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a athbhunú i gComharsanacht Oirthear an Aontais agus chun tacú le sochaithe a bhfuil na luachanna céanna acu agus atá ag an Aontas; |
|
5. |
den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas agus don chomhphobal idirnáisiúnta nach n-athrófaí teorainneacha trí mhodhanna míleata, agus nach mbainfeadh an t-ionsaitheoir leas as aon tairbhe. Ní mór cloí leis an smacht reachta, agus ní le cearta an té is láidre, agus ní mór cúiteamh iomlán a thabhairt don Úcráin. |
|
6. |
ag tacú leis na príomhtheachtaireachtaí atá sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear na bearta a mholtar chun tacú láithreach bonn leis an Úcráin agus lena saoránaigh agus iad ag troid ar son neamhspleáchais agus saoirse; |
|
7. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó gníomhaíochtaí na gcuideachtaí Eorpacha sin a chinn tarraingt siar ó mhargadh na Rúise; ag spreagadh cuideachtaí eile chun an cine daonna agus an dlúthpháirtíocht a chur chun cinn thar na leasanna gearrthéarmacha eacnamaíocha; |
|
8. |
ag athdhearbhú a thacaíochta gan staonadh a chuirfidh sé ar fáil do cheannasacht, neamhspleáchas agus iomláine chríochach na hÚcráine agus thíortha eile Chomhpháirtíocht an Oirthir, eadhon an Mholdóiv agus an tSeoirsia mar aon le Ballstáit uile an Aontais, laistigh dá dteorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta; |
|
9. |
ag cur a dhobhróin in iúl d’íospartaigh uile an ionsaithe, do leanaí, do mhná agus d’fhir, maidir leis na cathracha agus an bonneagar a scriosadh, maidir le fulaingt dholáimhsithe na ndaoine agus maidir leis an damáiste do-áirithe don chomhshaol; á chur in iúl gur oth leis gur cuireadh iallach ar na milliúin daoine a dtithe a fhágáil agus dídean a lorg in áiteanna níos sábháilte laistigh den Úcráin nó i dtíortha comharsanacha; ag áitiú go dtabharfar na hionsaitheoirí chun cuntais as a gcoireanna; |
|
10. |
ag tathant go gcuirfear dlús le gníomhaíochtaí chun seasamh agus ceannasacht na hÚcráine a neartú, chomh maith le dlús a chur le gníomhaíochtaí daonnúla a d’fhéadfadh tacú le muintir na hÚcráine rochtain a fháil ar earraí bunriachtanacha, go háirithe uisce, bia, leigheas agus leictreachas; ag iarraidh ar gach rialtas gach a bhfuil ar a gcumas a dhéanamh chun soláthar bia agus sábháilteacht bia a áirithiú trí bhia agus uisce glan a chur ar fáil i limistéir chogaidh; ag áitiú ar an Rúis rochtain dhaonnúil a áirithiú ar dhaonra na hÚcráine; ag tabhairt rabhaidh freisin nach mbeidh a dtuarastail á bhfáil ag roinnt mhaith oibrithe agus nach mbeidh rochtain ag daoine ar a gcoigilteas; ag iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeidh bearta eacnamaíocha leordhóthanacha ann chun cliseadh eacnamaíoch a chosc; |
|
11. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó cur chuige gníomhach rialtais uile an Aontais, go háirithe rialtais na Polainne, na hUngáire, na Rómáine, na Bulgáire agus na Slóvaice, chomh maith le rialtas na Moldóive, agus a dteorainneacha á gcoinneáil ar oscailt acu agus bealaí á gcur ar fáil acu maidir le haslonnú, dídean, cúnamh éigeandála, cúnamh leighis agus tearmann dóibh siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin, lena n-áirítear náisiúnaigh Úcránacha agus neamh-Úcránacha; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiúchán breise a chur ar fáil do na tíortha sin toisc gurb iad sin na príomhphointí iontrála do dhídeanaithe ón Úcráin isteach chuig an Aontas agus go mbeidh siad ina bpríomhthíortha cónaithe freisin do dhídeanaithe ón Úcráin sna míonna amach romhainn; |
|
12. |
á iarraidh arís eile go mbeadh beartas inimirce ann lena n-áiritheofaí nach mbeadh ualach díréireach ar aon tír agus go roinnfí an t-ualach sin go cothrom ar na Ballstáit; |
|
13. |
ag tacú le tiomantas an Aontais cúnamh a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún “Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin” (1); á chur i bhfáth gur cheart na cistí atá ar fáil tríd an nGníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip agus trí REACT (2) a bheith solúbtha agus ar fáil go pras; á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur ghníomhachtaigh an tAontas an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta cheana féin agus gur chruthaigh sé moil lóistíochta i dtíortha comharsanacha chun cabhair a chur ar fáil don Úcráin; |
|
14. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an dlúthpháirtíocht láidir atá léirithe ag an Aontas agus ag eagraíochtaí comharsanacha na sochaí sibhialta agus na gníomhaíochtaí leanúnacha atá ar siúl acu ón gcéad lá d’ionsaí na Rúise; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht airgeadais AE a leithdháileadh ar rialtais agus ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag gníomhú ar an láthair; |
|
15. |
á iarraidh an Treoir um Chosaint Shealadach (a chuir an Chomhairle Eorpach i ngníomh den chéad uair riamh an 4 Márta 2022 ar thogra an Choimisiúin Eorpaigh) a chur chun feidhme go hiomlán trí dhlúthpháirtíocht agus trí fhreagracht chomhroinnte idir Ballstáit an Aontais, trí raon iomlán na gceart dá bhforáiltear sa Treoir a ráthú, lena n-áirítear rochtain ar an margadh saothair, tithíocht, cúram sláinte, oideachas agus tacaíocht leasa shóisialta, dóibh siúd uile atá i dteideal na cosanta sin agus go dtabharfar aghaidh mar is cuí ar riachtanais grúpaí leochaileacha, go háirithe leanaí, mná, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas; á mholadh do na tíortha óstacha glacadh go fonnmhar le cruthú agus le hurramú na gconairí daonnúla céanna do na dídeanaithe uile a bheidh ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin gan beann ar a náisiúntacht; |
|
16. |
ag aithint na ndeacrachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag tíortha óstacha maidir le dídeanaithe a lánpháirtiú go tapa ina margaí saothair; á chur i dtábhacht go bhfuil sé d’acmhainn ag geilleagair an Aontais glacadh leis an slua daoine ón Úcráin ar choinníoll go ndéanfar an t-athlonnú a bhainistiú i gceart; á iarraidh go mbeidh sásraí cuimsithe oiriúnach ó thaobh cúrsaí inscne agus aoise de; á iarraidh ar an Údarás Eorpach Saothair faireachán a dhéanamh, i gcomhréir lena shainordú, ar lánpháirtiú dídeanaithe i margadh an tsaothair agus tuarascálacha rialta a chur ar fáil maidir leis sin; á mheabhrú, i ndáil leis sin, go bhféadfadh an geilleagar sóisialta agus dlúthpháirtíochta, faoi chuimsiú na seirbhísí stáit leasa, poist a choinneáil agus a mhéadú fiú in aimsir ghéarchéime; ag moladh do na Ballstáit teacht ar réitigh chun dídeanaithe na hÚcráine a lánpháirtiú ar bhealach níos fearr i margadh an tsaothair; ag aithint staid shonrach na mban agus na leanaí i gcriosanna coinbhleachta agus ar theacht isteach dóibh i dtíortha óstacha, lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann le dúshaothrú agus foréigean inscnebhunaithe, go háirithe foréigean gnéasach agus gáinneáil ar dhaoine; á thabhairt dá aire go leanfar d’fhaireachán a dhéanamh ar staid shaoránaigh na hÚcráine ar tugadh cosaint shealadach dóibh san Aontas Eorpach, nó atá i dteideal an stádas sin a iarraidh, agus go gcuirfidh an Fóram Eorpach um Imirce an staid sin san áireamh; |
|
17. |
á éileamh go mbeadh tacaíocht níos fearr ag sochaí shibhialta na hÚcráine, laistigh den Úcráin agus lasmuigh di araon; den tuairim gur cheart don Aontas Eorpach smaoineamh ar shochaí shibhialta na hÚcráine a rannpháirtiú i ngach plé a dhéantar a bhaineann leis an Úcráin; á chur in iúl go mbeidh baint dhíreach ag sochaí shibhialta na hÚcráine le tionchar an chogaidh a mhaolú agus le creat socheacnamaíoch na tíre a atógáil; ag moladh, sa chomhthéacs sin, scéimeanna cistiúcháin atá ann cheana a chomhdhlúthú agus a fheabhsú, ar scéimeanna iad a ceapadh chun tacú leis an tsochaí shibhialta san Úcráin; |
|
18. |
ag iarraidh ar institiúidí an Aontais agus ar na Ballstáit uile, i bhfianaise ráitis de chuid Uachtarán na Comhairle Eorpaí le déanaí, comhoibriú go hiomlán leis an Úcráin agus cistí agus cláir ábhartha uile an Aontais a chur ar fáil don Úcráin; |
|
19. |
á iarraidh ar institiúidí an Aontais tús a chur le hidirphlé nithiúil leis an Úcráin maidir le próiseas aontachais na tíre leis an Aontas Eorpach a luaithe is féidir ar bhonn fiúntais agus i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus cabhair airgeadais a chur ar fáil láithreach bonn chun tacaíocht dhaonnúil a áirithiú don Úcráin; ag áitiú tús a chur leis an idirphlé céanna leis na tíortha eile sin a raibh baint acu leis an Aontas Eorpach amhail an tSeoirsia agus an Mholdóiv d’fhonn cobhsaíocht agus cóir chomhionann a ráthú do na tíortha sin. Ba cheart dó sin tarlú gan dochar a dhéanamh do phróiseas aontachais na mBalcán Thiar atá ar siúl faoi láthair; á iarraidh, idir an dá linn, go leanfar i dtreo chomhtháthú na hÚcráine i margadh aonair an Aontais Eorpaigh i gcomhréir leis an gComhaontú Comhlachais; |
|
20. |
á chur in iúl gur cúis mhór imní dó an úsáid ollmhór a bhaineann rialtas na Rúise as an mbolscaireacht agus as an mbréagaisnéis, agus í ag féachaint le húdar cuí a thabhairt lena hionsaí i gcoinne na hÚcráine agus leis sin a dhoiléiriú; á chur i dtábhacht, i ndáil leis an méid sin, a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar athléimneacht an Aontais i gcoinne cibirionsaithe agus straitéis dhomhanda a cheapadh chun an bhréagaisnéis a chomhrac; á chur in iúl nach mór don Aontas Eorpach a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain i ndáil leis sin; |
|
21. |
á chur i bhfáth nach mór tacú le sochaí shibhialta agus iriseoirí neamhspleácha na Rúise agus na Bealarúise agus bealaí cumarsáide a choinneáil ar oscailt leo; ag cáineadh go géar a bhfuil ar siúl sa Rúis lena n-áirítear an brú faoi chois, gabhálacha agóideoirí síochánta, na meáin a chur ina dtost agus guth na sochaí sibhialta a mhúchadh; |
|
22. |
á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí comhpháirteacha dlúthpháirtíochta chun táirgí agus seirbhísí ón Rúis a bhaghcatáil; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur leis an gcomhar le cuideachtaí agus eagraíochtaí Rúiseacha a thacaíonn le beartais Putin; ag cáineadh an nóis dul timpeall ar ghníomhaíochtaí comhchoiteanna baghcatála mar iarracht chun buntáiste de chineál ar bith a bhaint amach; |
|
23. |
á aithint go mbeidh tionchar socheacnamaíoch ag an gcogadh agus ag na bearta uile a bhaineann leis, eadhon smachtbhannaí, ar na Ballstáit agus na tíortha comharsanacha, agus nach mór don Aontas a bheith réidh le dul i ngleic leis; á chur in iúl go léirítear leis an ngéarchéim gur gá an margadh inmheánach agus feidhmiú an mhargaidh sin a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na caillteanais arna dtabhú ag fiontair Eorpacha a bhfuil tionchar ag na smachtbhannaí orthu a fhritháireamh agus tá béim á leagan aige ar an ngá atá le hanailís tionchair chríochnúil a dhéanamh ar na smachtbhannaí, chun go mbeifear réidh leis na hiarmhairtí eacnamaíocha a bhaineann leo a mhaolú; |
|
24. |
á chur i bhfáth go mbeidh tionchar nach beag ar roinnt earnálacha tionsclaíochta; á chur in iúl, seachas fuinneamh, go bhfuil sciar suntasach d’allmhairí miotal chuig an Aontas ag an Rúis agus ag an Úcráin, miotail amhail nicil, copar agus iarann agus amhábhair chriticiúla amhail neon, pallaidiam, tíotáiniam agus platanam, atá riachtanach do roinnt tionscail straitéiseacha lena n-áirítear an chosaint agus táirgeadh micrishliseanna; |
|
25. |
ag leagan béim ar an ngá atá le dlús a chur le neamhspleáchas teicneolaíoch agus straitéiseach a fhorbairt san Eoraip; ag iarraidh ar cheannairí an Aontais a n-aontacht agus a dtiomantas a dheimhniú chun go mbeidh an tAontas Eorpach níos neamhspleáiche agus níos ceannasaí trí fheabhas a chur ar ár gcumas cosanta agus trí theorainn a chur lenár spleáchas ar fhuinneamh, amhábhair chriticiúla agus bia; |
|
26. |
ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé spleáchas fuinnimh an Aontais ar thríú páirtithe, go háirithe an Rúis, a laghdú; á iarraidh go mbeadh plean inmharthana ann chun na foinsí fuinnimh laistigh de mheascán fuinnimh na mBallstát a éagsúlú; á chur in iúl gur díol sásaimh dó na moltaí a rinneadh i ndáil leis sin i nDearbhú Versailles (3); á aithint nach féidir slándáil agus inbhuanaitheacht an tsoláthair fuinnimh a bhaint amach ina n-iomláine san fhadtéarma ach amháin trí bhorradh a chur faoin úsáid a bhaintear as foinsí fuinnimh ísealcharbóin nó saor ó charbón agus úsáid níos mó á baint as foinsí áitiúla fuinnimh agus foinsí in-athnuaite fuinnimh; ag moladh go gcuirfear dlús le hinfheistíochtaí taighde chun teicneolaíochtaí glana nua a fhorbairt d’fhonn córas fuinnimh AE a bheidh athléimneach agus inbhuanaithe amach anseo a áirithiú; |
|
27. |
á chur i dtábhacht an gá atá le straitéisí fioscacha a dhifreáil ar fud na mBallstát, d’fhonn inbhuanaitheacht fiachais a chaomhnú, go háirithe sna Ballstáit sin a bhfuil fiachas poiblí ard acu. Ba cheart do na Ballstáit sin a bhfuil leibhéil ísle fiachais agus meánleibhéil fiachais acu tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt na hinfheistíochta poiblí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tús áite a thabhairt d’fhorbairt na hinfheistíochta poiblí chun athléimneacht gheilleagar an Aontais a fheabhsú; |
|
28. |
á chur in iúl gur ábhar imní dó staid éigeandála codanna suntasacha den earnáil iompair; ag áitiú ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar ghéarchéim na hearnála iompair mar gheall ar chostais arda bhreosla agus leictreachais agus an Creat um Ghéarchéim Shealadach a luaitear sa teachtaireacht REPower EU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe (4) á cheapadh aige; á iarraidh go mbeifear aireach agus na nósanna imeachta rialála á maolú chun nach ndéanfar caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil a lagú; |
|
29. |
á chur i dtábhacht gur cinnte go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha ag an gcoinbhleacht d’earnáil agraibhia an Aontais, a mbeidh tacaíocht bhreise ag teastáil ina leith; á chur i bhfáth, chuige sin, nach mór don Aontas a thiomantas chun córais bhia inbhuanaithe a chur i gcrích a atreisiú agus, san am céanna, inacmhainneacht bia ar ardchaighdeán a ráthú do chách; á chur in iúl nach mór don Aontas, go háirithe, feabhas a chur ar a shlándáil bia trí spleáchas ar phríomhtháirgí talmhaíochta allmhairithe agus ar ionchuir thábhachtacha talmhaíochta a laghdú; á chur i bhfios, thairis sin, go mbeidh ar thomhaltóirí i mBallstáit uile an Aontais aghaidh a thabhairt ar mhéaduithe suntasacha ar phraghsanna bia agus fuinnimh a d’fhéadfadh na leibhéil bochtaineachta laistigh den Aontas a mhéadú; |
|
30. |
á chur i bhfios gur onnmhaireoirí suntasacha iad an Úcráin agus an Rúis de roinnt mhaith táirgí talmhaíochta, amhail grán agus síolta ola; á thabhairt dá aire go bhfuil méaduithe ollmhóra domhanda tagtha cheana féin ar phraghsanna tráchtearraí talmhaíochta mar thoradh ar shuaitheadh onnmhairí ó na tíortha sin agus go bhfuil na hiarmhairtí sin le brath go háirithe sna tíortha is boichte ar domhan agus gurb iad na daoine is boichte is mó a bheidh thíos leis; |
|
31. |
á chur i bhfáth nár cheart cur isteach ar an ngníomhú ar son na haeráide ná ar an inbhuanaitheacht agus aghaidh á tabhairt ar thionchair an chogaidh mar a fhoráiltear i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe, ar clár oibre é don tsíocháin, don tslándáil agus do laghdú na bochtaineachta thar aon ní eile; á chur i dtreis nach mór dul chun cinn a dhéanamh chun Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe agus aistriú cóir a chur chun feidhme tríd an gComhaontú Glas don Eoraip, agus é á chur i dtábhacht nach féidir díolúintí eisceachtúla a dheonú ach amháin ar feadh tréimhse theoranta ama; |
|
32. |
den tuairim gur cúis mhór imní do phobal na hÚcráine agus do phobal an Aontais an tionchar a bhí ag an gcoinbhleacht ar an gcomhshaol, mar thoradh ar bhuamáil, sceitheadh ola/gáis, teagmhais i monarchana ceimiceán nó i ngléasraí núicléacha; á chur i bhfáth nach mór don Aontas rannchuidiú leis an dochar don chomhshaol de dheasca an chogaidh a chosc agus a chóiriú agus smachtbhannaí a fhorchur i leith coireanna comhshaoil ós rud é gur cinnte go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha acu; |
|
33. |
á chur i bhfáth gur gá an dlúthpháirtíocht a chaomhnú agus freagairtí comhchoiteanna Eorpacha a fhorbairt a thuilleadh chun an t-ualach a bhaineann leis an tionchar eacnamaíoch a roinnt; á mholadh ionstraim Eorpach sholúbtha a cheapadh; á thabhairt dá aire, i gcás na dtíortha is mó atá thíos leis, go bhféadfadh sé go mbeadh gá leis na Pleananna Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta a phróiseáil agus a athbhreithniú, go háirithe i bhfianaise an riosca maidir le marbh-bhoilsciú; á aithint go mbeidh tionchar díreach ag an ionradh san Úcráin ar Bhallstáit uile an Aontais agus ar a saoránaigh uile agus go mbeidh an costas daonna agus na hiarmhairtí do mhuintir na hÚcráine domheasta agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá le dlúthpháirtíocht laistigh den Aontas agus le dlúthpháirtíocht fhadtéarmach AE leis an Úcráin; |
|
34. |
á chur in iúl gur díol sásaimh dó an gealltanas a tugadh i nDearbhú Versailles (5) chun úsáid níos mó a bhaint as ionstraim na Saoráide Eorpaí Síochána; á chur i dtábhacht gur cheart don Aontas bogadh i dtreo comhtháthú polaitiúil níos láidre lena bhféadfaí tacú le comhbheartas eachtrach; ag iarraidh ar na Ballstáit tús a chur láithreach bonn le córas cosanta a chur chun feidhme a bheadh comhchoiteann agus éifeachtach i ndáiríre agus lena neartófaí go mór cumas na hEorpa í féin a chosaint; |
|
35. |
á aithint gur ábhar imní é sábháilteacht núicléach an phobail áitiúil agus na hEorpa ina hiomláine de dheasca fhorghabháil na ngléasraí cumhachta núicléiche; ag iarraidh go gcomhoibreofaí go hiomlán leis na gníomhaithe uile lena mbaineann agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun faireachán a dhéanamh ar an gcás agus cosc a chur ar aon astú radaighníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann; |
|
36. |
á chur i bhfáth gur gá do cheannairí polaitiúla a bheith soiléir ina gcumarsáid le saoránaigh an Aontais agus costas an chogaidh a mhíniú; á chur i dtábhacht go mbaineann costas leis an tsíocháin freisin agus nach mór dúinn uile ar fud na mBallstát íobairtí a dhéanamh ar a son; |
|
37. |
á iarraidh ar an Aontas agus a Bhallstáit plean leormhaith cúnaimh agus téarnaimh a ullmhú don Úcráin chun tacú le geilleagar na hÚcráine agus le hatógáil a bonneagair scriosta; á chur i bhfios go láidir nach mór do Chónaidhm na Rúise freagracht a ghlacadh as bonneagar na hÚcráine a scriosadh, lena n-áirítear foirgnimh shibhialtacha agus chónaithe, agus as na caillteanais shuntasacha eacnamaíocha freisin, agus go mbeidh uirthi an damáiste a rinneadh de dheasca a gníomhaíochtaí ionsaitheacha a chúiteamh; |
|
38. |
á chur in iúl go bhfuil sé tiomanta do dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar an gcás, trí mhalartú faisnéise a spreagadh maidir leis an tacaíocht a thugann eagraíochtaí Eorpacha na sochaí sibhialta ar an láthair, trí fhíor-idirphlé a spreagadh le heagraíochtaí na sochaí sibhialta san Úcráin, lena n-áirítear eagraíochtaí fostóirí agus ceardchumainn, trína sásraí idirphlé bhuain; á chur in iúl go bhfuil rún daingean aige faireachán a dhéanamh ar staid na ndídeanaithe ar an láthair agus sna tíortha comharsanacha, agus lántacaíocht á tabhairt do mhuintir na hÚcráine. |
An Bhruiséil, 24 Márta 2022.
Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
Christa SCHWENG
(1) COM(2022) 107 final – Dlúthpháirtíocht na hEorpa le dídeanaithe agus leo siúd atá ar a dteitheadh ón gcogadh san Úcráin.
(2) COM(2022) 109 final – Gníomhaíocht Chomhtháthaithe le haghaidh Dídeanaithe san Eoraip (CARE).
(3) Dearbhú Versailles arna ghlacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit agus Rialtais an 10 agus an 11 Márta 2022 https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf
(4) COM(2022) 108 final – REPowerEU: Gníomhaíocht Chomhpháirteach Eorpach le haghaidh fuinneamh atá níos inacmhainne, níos sláine agus níos inbhuanaithe.
(5) Dearbhú Versailles arna ghlacadh ag cruinniú neamhfhoirmiúil na gCeann Stáit agus Rialtais an 10 agus an 11 Márta 2022 https://www.consilium.europa.eu/media/54773/20220311-versailles-declaration-en.pdf