|
14.12.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 474/1 |
FÓGRA ÓN GCOIMISIÚN
Treoirlínte maidir le dúnadh na gclár oibríochtúil arna nglacadh ar mhaithe le cúnamh ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, ó Chiste Sóisialta na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus ó chláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (2014-2020)
(2022/C 474/01)
Tagann an fógra seo ón gCoimisiún in ionad an fhógra ón gCoimisiún a foilsíodh roimhe seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh C 417 an 14 Deireadh Fómhair 2021.
Agus an tábhacht á cur san áireamh a bhaineann le dúnadh tráthúil agus éifeachtúil na gclár oibríochtúil arna bhfaomhadh chun cúnamh a fháil ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (lena n-áirítear na cláir um chomhar faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh), ó Chiste Sóisialta na hEorpa, ón gCiste Comhtháthaithe agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh don chlárthréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020, lena n-áirítear na cláir sin a bhain tairbhe as acmhainní REACT-EU, is gá treoir chuí a thabhairt maidir leis na cláir sin a chríochnú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) agus na gníomhartha dlíthiúla a bhfuil feidhm ghinearálta leo arna nglacadh ar a bhonn.
Faoi na treoirlínte seo, cumhdaítear freisin na cláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II). Tagraíonn Rialachán Cur Chun Feidhme IPA go ginearálta don CPR nó go sonrach d'fhorálacha áirithe de. Dá bhrí sin, tá feidhm ag na treoirlínte seo freisin maidir le cláir um chomhar trasteorann IPA II, mura sonraítear a mhalairt.
I bhfianaise na taithí a fuarthas as dúnadh na gclárthréimhsí 2000-2006 agus 2007-2013, moltar sna treoirlínte nósanna imeachta simplithe arb é is aidhm leo leas a bhaint as na dea-chleachtais a sainaithníodh le linn dhúnadh na dtréimhsí roimhe sin.
Cuirtear san áireamh sna treoirlínte géarchéim COVID-19 a tharla gan fasach in 2020 agus 2021 agus an fogha míleata a thug Poblacht na Rúise faoin Úcráin an 24 Feabhra 2022 chomh maith leis an tionchar a bhaineann leis sin ar chur chun feidhme clár.
Is é an cuspóir leis na treoirlínte an próiseas um dhúnadh a éascú tríd an gcreat modheolaíoch a sholáthar faoinar cheart an cleachtadh um dhúnadh a dhéanamh ar mhaithe le socrú airgeadais ghealltanais bhuiséadacha gan íoc an Aontais trí aon iarmhéid deiridh a íoc leis an mBallstát i ndáil le clár agus/nó saoradh nó aisghabháil na suimeanna a d'íoc an Coimisiún go míchuí leis an mBallstát.
Leis an gcóras maidir le scrúdú bliantúil ar chuntais agus glacadh cuntas, tugadh isteach simpliú suntasach ar an nós imeachta maidir le dúnadh. Níor cheart go mbeadh dúnadh críochnaitheach an chláir bunaithe dá bhrí sin ach ar na doiciméid a bhaineann leis an mbliain chuntasaíochta deiridh agus ar an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó ar an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme.
|
SÉANADH: Is doiciméad oibre é seo a d'ullmhaigh seirbhísí an Choimisiúin. Ar bhonn dhlí an Aontais is infheidhme, soláthraítear leis treoir theicniúil do chomhghleacaithe agus do chomhlachtaí a bhfuil baint acu le dúnadh Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Chiste Sóisialta na hEorpa, an Chiste Chomhtháthaithe, agus an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh. Tá an treoir seo gan dochar do léirmhíniú na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta. |
Clár na nÁbhar
|
1. |
PRIONSABAIL GHINEARÁLTA | 4 |
|
2. |
DEIS LE hAGHAIDH DÚNADH LUATH | 4 |
|
3. |
ULLMHÚ DON DÚNADH | 5 |
|
3.1. |
Cláir a leasú | 5 |
|
3.2. |
Tograí móra a chur isteach/a fhógairt agus a leasú | 5 |
|
4. |
BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS | 6 |
|
4.1. |
Saoradh | 6 |
|
4.2. |
Réiteach an réamh-mhaoinithe tosaigh agus bhliantúil | 6 |
|
4.3. |
An t-iarmhéid deiridh a ríomh | 6 |
|
4.4. |
Caiteachas iomarcach | 7 |
|
5. |
TÁSCAIRÍ AGUS CREAT FEIDHMÍOCHTA TRÁTH AN DÚNTA | 8 |
|
5.1. |
Luachanna gnóthaithe táscairí aschuir a thuairisciú | 9 |
|
5.2. |
Na himpleachtaí a bhaineann leis an gcreata feidhmíochta maidir le dúnadh | 9 |
|
6. |
CÉIMNIÚ OIBRÍOCHTAÍ ÁIRITHE THAR DHÁ CHLÁRTHRÉIMHSE | 10 |
|
7. |
OIBRÍOCHTAÍ NEAMHFHEIDHMIÚLA | 12 |
|
8. |
OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE NÁISIÚNTA LEANÚNACHA ORTHU NÓ ATÁ CURTHA AR FIONRAÍ LE hIMEACHT DLÍTHIÚIL NÓ LE hACHOMHARC RIARACHÁIN A BHFUIL ÉIFEACHT FIONRAÍOCHTA LEIS | 13 |
|
9. |
CAITEACHAS A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE LEANÚNACHA OLAF, TUARASCÁLACHA OLAF NÓ INIÚCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN NÓ CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA AIR | 14 |
|
10. |
NEAMHRIALTACHTAÍ | 14 |
|
10.1. |
Láimhseáil neamhrialtachtaí sa bhliain chuntasaíochta deiridh | 14 |
|
10.2. |
Méideanna atá le gnóthú agus méideanna do-inghnóthaithe | 14 |
|
10.3. |
An baol go ndéanfaidh údaráis an chláir deimhnithe breise ar chaiteachas a dearbhaíodh cheana féin don Choimisiún mar thoradh ar neamhrialtachtaí | 15 |
|
10.4. |
Méideanna a gnóthaíodh i ndiaidh an dúnta | 15 |
|
11. |
DOICIMÉID UM DHÚNADH A CHUR ISTEACH | 16 |
|
11.1. |
Spriocdháta chun doiciméid um dhúnadh a chur isteach | 16 |
|
11.2. |
Mionathrú ar na doiciméid um dhúnadh i ndiaidh an spriocdháta lena gcur isteach | 16 |
|
11.3. |
Infhaighteacht doiciméad | 16 |
|
12. |
ÁBHAR NA nDOICIMÉAD UM DHÚNADH | 17 |
|
12.1. |
Tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme | 17 |
|
12.1.1. |
Mórthionscadail a thuairisciú | 18 |
|
12.1.2. |
Glacadh agus spriocdhátaí | 18 |
|
12.2. |
Cuntais | 18 |
|
12.2.1. |
Scrúdú agus glacadh | 18 |
|
12.3. |
Dearbhú bainistíochta agus achoimre bhliantúil | 19 |
|
12.4. |
Tuairim iniúchóireachta agus tuarascáil ar rialú | 19 |
|
12.4.1. |
Ionstraimí airgeadais | 19 |
|
12.4.2. |
Iontaofacht sonraí | 20 |
|
12.4.3. |
Caiteachas poiblí a íoctar le tairbhithe | 20 |
|
13. |
ÍOCAÍOCHT AN IARMHÉID DEIRIDH | 20 |
|
14. |
SAINCHEISTEANNA DLÍTHIÚLACHTA AGUS RIALTACHTA | 20 |
| IARSCRÍBHINN I | 21 |
| IARSCRÍBHINN II | 22 |
| IARSCRÍBHINN III | 23 |
| IARSCRÍBHINN IV | 24 |
1. PRIONSABAIL GHINEARÁLTA
Maidir le cláir oibríochtúla faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (“CFRE”) (2) (lena n-áirítear na cláir um chomhar faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh) (3), faoi Chiste Sóisialta na hEorpa (“CSE”) (4) faoin gCiste Comhtháthaithe (5) (dá ngairfear “na Cistí” anseo feasta) agus faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (“CEMI”) (6) arna gcur chun feidhme i gcomhréir le CPR do chlárthréimhse 2014-2020 (7), chomh maith le cláir um chomhar trasteorann faoi Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) bunaithe ar Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus arna gcur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 447/2014 (9) IPA II ón gCoimisiún, dúnfar iad i gcomhréir leis na treoirlínte reatha.
Is éard atá i gceist le dúnadh na gclár sin ná socrú airgeadais ghealltanais bhuiséadacha gan íoc an Aontais trí aon iarmhéid deiridh a íoc leis an mBallstát (10) (11) i ndáil le clár agus/nó na suimeanna a d’íoc an Coimisiún go míchuí leis an mBallstát a shaoradh nó a ghnóthú. Tá dúnadh na gclár gan dochar do chumhacht an Choimisiúin ceartuithe airgeadais a fhorchur faoi fhorálacha ábhartha CPR.
2. DEIS LE hAGHAIDH DÚNADH LUATH
Féadfaidh na Ballstáit dúnadh luath a iarraidh ar an gcoinníoll go mbeidh na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le cur chun feidhme an chláir curtha i gcrích acu. Chun na críche sin, ba cheart bliain chuntasaíochta níos luaithe ná an bhliain a mhairfidh ón 1 Iúil 2023 go dtí an 30 Meitheamh 2024 a mheas mar bhliain chuntasaíochta deiridh an chláir. Má ghlacann an Coimisiún le hiarratas den sórt sin, ní mór don Bhallstát na doiciméid um dhúnadh a leagtar amach in Airteagal 141 den CPR (“na doiciméid um dhúnadh”) (12) a chur isteach faoin 15 Feabhra den bhliain i ndiaidh na bliana cuntasaíochta a breithníodh. Maidir leis an dúnadh luath ba cheart go gcloífí leis na rialacha uile atá bunaithe maidir le dúnadh.
3. ULLMHÚ DON DÚNADH
3.1. Cláir a leasú
Chun cur chun feidhme cuí na gclár agus ullmhú tráthúil don dúnadh a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit iarratais a chur isteach maidir le leasuithe ar na cláir (13), lena n-áirítear leasuithe ar phleananna maoinithe chun cistí a aistriú idir aiseanna tosaíochta an chláir chéanna faoin gcatagóir chéanna réigiúin agus faoin gCiste céanna, faoin 30 Meán Fómhair 2023. Beifear ábalta leis sin cinntí a ghlacadh roimh an dáta deiridh le haghaidh incháilitheachta, an 31 Nollaig 2023. Ba cheart do na Ballstáit fógra a thabhairt don Choimisiún faoi tháblaí airgeadais athbhreithnithe le haghaidh aistrithe neamhshubstaintiúla i gcomhréir le hAirteagal 30(5) agus (6) den CPR (14) agus le haghaidh na leasuithe a bhaineann leis an ráta cómhaoinithe i gcomhréir le hAirteagal 30 (7) den CPR (15) roimh an dáta deiridh le haghaidh incháilitheachta, an 31 Nollaig 2023.
Leasaítear cláir um chomhar trasteorann faoi IPA II i gcomhréir le hAirteagal 31(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II. Ba cheart leasuithe ar an gclár lena gceanglaítear cinneadh foirmiúil ón gCoimisiún a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023. Maidir le haistrithe idir tosaíochtaí, beidh Airteagal 31(5A) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II i bhfeidhm. Ba cheart fógra a thabhairt faoi na haistrithe sin faoin 31 Nollaig 2023.
Ní bheidh feidhm ag aistrithe acmhainní REACT-EU dá dtagraítear in Airteagal 92a den CPR (16) idir CFRE agus CSE, i gcomhréir leis an deichiú fomhír d’Airteagal 92b(5) den CPR (17) ach amháin maidir leis an mbliain reatha nó le blianta amach anseo sa phlean um maoiniú. Maidir le hiarratais ar bith ar leasuithe ar na pleananna um maoiniú a rachaidh i gcion ar na hacmhainní atá ar fáil lena gclárú do na blianta 2021 agus 2022 lena mbaineann aistriú idir CFRE agus CSE, ba cheart iad a chur isteach faoin 15 Samhain den bhliain chomhfhreagrach, chun go leor ama a thabhairt na cinntí a ghlacadh roimh an 31 Nollaig. Ní féidir gealltanais bhuiséadacha bhliantúla do bhliain ar leith a mhionathrú i ndiaidh an 31 Nollaig den bhliain sin.
3.2. Tograí móra a chur isteach/a fhógairt agus a leasú (18)
Ós rud é go bhfuil méideanna suntasacha de na Cistí i gceist le mórthionscadail agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad tábhachtach ó thaobh fheidhmíocht fhoriomlán na gclár, ba cheart do na Ballstáit iarratas nó fógra maidir le mórthionscadail a fhaomhadh nó a leasú a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2023. Leis sin, beifear ábalta na cinntí a ghlacadh roimh an dáta deiridh le haghaidh incháilitheachta, an 31 Nollaig 2023.
Ní mór na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 102 agus in Airteagal 103 den CPR agus na ceanglais maidir le faisnéis a leagtar amach in Airteagal 101 den CPR, i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 (19) ón gCoimisiún agus i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1011/2014 (20) ón gCoimisiún a leanúint maidir le mórthionscadail a chur isteach agus fógra a thabhairt ina leith.
Caithfidh na hiarratais ar leasú mórthionscadal cloí leis an nós imeachta céanna leis an nós imeachta a úsáidtear chun fógra tosaigh a thabhairt nó chun na mórthionscadail a chur faoi bhráid an Choimisiúin (Airteagal 102(1) nó Airteagal 102(2) den CPR faoi seach). Áirítear ar leasuithe ar mhórthionscadail iarratais a chur isteach de réir a chéile, leasuithe ar mhórthionscadail atá fós le cur i gcrích le linn chlárthréimhse 2014-2020 agus mórthionscadail a chur ar ceal.
4. BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS
4.1. Saoradh
Déanfar gealltanais nár úsáideadh a bhaineann leis an mbliain dheireanach den chlárthréimhse a shaoradh le linn an dúnta (21). Saorfar an chuid sin de na gealltanais a bheidh fós oscailte an 31 Nollaig 2023 mura mbeidh aon cheann de na doiciméid um dhúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2025, nó faoin 1 Márta 2025 má chuireann an Coimisiún síneadh léi (22).
I gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 92b(8) den CPR (23), cumhdófar sna cláir ar a leithdháilfidh na Ballstáit acmhainní REACT-EU an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2022, faoi réir mhír 4 den Airteagal sin. Déanfar gealltanais nár úsáideadh a bhaineann le hacmhainní REACT-AE a shaoradh freisin le linn dhúnadh na gclár (24).
4.2. Réiteach an réamh-mhaoinithe tosaigh agus bhliantúil
Déanfaidh an Coimisiún réamh-mhaoiniú tosaigh a íoctar leis na Ballstáit a imréiteach tráth nach déanaí ná an tráth a dhúntar clár (25). Baineann sé sin freisin le réamh-mhaoiniú breise a íoctar ó acmhainní REACT-EU (26).
Ní féidir méideanna arna n-íoc mar réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach ach amháin maidir le caiteachas incháilithe dearbhaithe. Féadfar tús a chur le réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach, áfach, a luaithe a gheofar ranníocaíocht uasta i leith an chláir trí íocaíochtaí ó na Cistí a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an clár. Sa chás sin, úsáidfidh an Coimisiún an caiteachas incháilithe a bheidh sna cuntais, i ndiaidh an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus CEMI a ríomh, chun an réamh-mhaoiniú bliantúil a imréiteach ar dtús agus ina dhiaidh sin rachaidh an Coimisiún ar aghaidh leis an réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach. Déanfar imréiteach de réir an chláir, an Chiste agus na catagóire réigiúin, i ndiaidh glacadh leis na cuntais.
Glanfar nó gnóthófar méideanna nach ngnóthóidh an Coimisiún in 2020 do na cuntais a chuirfear isteach in 2020 tráth an dúnta (27). Cuirfear méideanna den sórt sin san áireamh agus iarmhéid deiridh an chláir á ríomh.
4.3. An t-iarmhéid deiridh a ríomh
Maidir leis an mbliain chuntasaíochta deiridh, agus i gcás aon bhliain chuntasaíochta eile, aisíocfaidh an Coimisiún 90 % den mhéid a éileoidh an Ballstát tríd an ráta cómhaoinithe i leith gach tosaíochta a chur i bhfeidhm ar an gcaiteachas incháilithe i leith na tosaíochta a áirítear sna hiarratais ar íocaíocht eatramhach, ar an gcoinníoll go bhfuil gealltanais ar fáil sa chlár, agus faoi réir an maoinithe a bheidh ar fáil.
Cinnfidh an Coimisiún an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta deiridh i gcomhréir le hAirteagal 139 de CPR. Bunaítear le hAirteagal 139(6) den CPR go ríomhfaidh an Coimisiún, ar bhonn na gcuntas a nglactar leo, an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI don bhliain chuntasaíochta, agus méideanna na gcuntas agus méid iomlán na n-íocaíochtaí a rinne an Coimisiún le linn na bliana cuntasaíochta á gcur san áireamh.
I ndiaidh an méid is inmhuirir i leith na gCistí agus i leith CEMI a ríomh, déanfaidh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú bliantúil agus/nó an réamh-mhaoiniú tosaigh a imréiteach. I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 139(7), den CPR (28), déanfar méideanna is inghnóthaithe ach nár ngnóthóidh an Coimisiún do na cuntais a chuirfear isteach in 2020 a imréiteach nó a ghnóthú tráth an dúnta.
I gcomhréir le hAirteagal 130(3) den CPR (29), ní rachaidh an ranníocaíocht ó na Cistí nó ó CEMI tríd an iarmhéid deiridh a íoc thar an méid seo a leanas:
|
— |
ar leibhéal na tosaíochta in aghaidh an Chiste agus in aghaidh gach catagóire réigiúin,
|
|
— |
ar leibhéal an chláir,
|
Is ionann acmhainní REACT-EU agus ioncam sannta seachtrach, a úsáidfear, i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 (30) chun míreanna sonracha caiteachais a mhaoiniú. Coinnítear acmhainní REACT-EU ar línte buiséid sonracha, ar leithligh ó na línte buiséid nach mbaineann le CFRE agus CSE REACT-EU. Dá bhrí sin, ní féidir an tsolúbthacht 15 % a chur i bhfeidhm eatarthu, mar go dtabharfaí le tuiscint leis sin mionathrú ar an ngealltanas buiséadach i ndiaidh na bliana ina ndearnadh é. Mar thoradh air sin, i gcás REACT-EU, ní bheidh feidhm ag an tsolúbthacht 15 % ach amháin idir tosaíochtaí REACT-EU an Chiste chéanna laistigh den chlár céanna, mar shampla idir dhá thosaíocht CFRE REACT-EU.
Is é an t-iarmhéid deiridh a bheidh i gceist leis an gclár an méid atá dlite lena íoc/lena ghnóthú arna ríomh de réir na rialacha a mínítear thuas.
Tá sampla de chur i bhfeidhm na solúbthachta 15 % agus uasteorannú an chaiteachais phoiblí maidir le ríomh an iarmhéid deiridh maidir le clár leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis na treoirlínte seo.
4.4. Caiteachas iomarcach
Is ionann caiteachas iomarcach agus cleachtas de chuid na mBallstáit a dhearbhú don Choimisiún go bhfuil caiteachas incháilithe níos mó ná ranníocaíocht uasta na gCistí a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an clár.
Toisc nach mbíonn iarratais ar íocaíocht carnach ach laistigh de bhliain chuntasaíochta ar leith, má shroicheann tosaíocht ranníocaíocht uasta na gCistí a leagtar amach sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an clár roimh an mbliain chuntasaíochta deiridh, ní dhéanfar caiteachas a dhearbhófar don Choimisiún de bhreis ar ranníocaíocht uasta sin na gCistí i leith na tosaíochta a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain chuntasaíochta eile.
Dá bhrí sin, féadfaidh na húdaráis deimhniúcháin a chinneadh go ndéanfar méideanna a cuireadh isteach ina gcóras cuntasaíochta i mbliain chuntasaíochta a dhearbhú don Choimisiún i mbliain chuntasaíochta ina dhiaidh sin nó, go deimhin, sa bhliain chuntasaíochta deiridh chun críocha an dúnta.
Agus an méid thuas á chur san áireamh, agus dá mba mhian leis na Ballstáit go mbeadh caiteachas iomarcach ar fáil sa bhliain chuntasaíochta deiridh, d’fhéadfaidís staonadh ó chaiteachas iomarcach a dhearbhú don Choimisiún in aon bhliain chuntasaíochta roimh an mbliain chuntasaíochta deiridh agus an caiteachas sin a úsáid agus riachtanais an chláir á gcur san áireamh. Ní fhéadfaidh na Ballstáit smaoineamh ar chaiteachas iomarcach a dhearbhú ach amháin sa bhliain chuntasaíochta deiridh, seachas sna cásanna seo a leanas:
|
— |
má chaithfidh siad é a dhearbhú i mbliain chuntasaíochta níos luaithe lena chur in ionad na méideanna neamhrialta a braitheadh (laistigh de theorainneacha na gCistí nó ranníocaíocht CEMI don tosaíocht); nó |
|
— |
má mhionathraíonn siad plean maoinithe an chláir chun na Cistí nó ranníocaíocht CEMI don tosaíocht iomarcach a mhéadú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le leasuithe ar an gclár. |
Mura bhfuil gá le caiteachas iomarcach roimh an mbliain chuntasaíochta deiridh, ní dhearbhódh na Ballstáit caiteachas den sórt sin don Choimisiún, lena n-áirítear caiteachas arna thabhú agus arna íoc ag tairbhithe le linn na mblianta cuntasaíochta roimhe sin, ach amháin sa bhliain chuntasaíochta deiridh (nó ag céim níos luaithe má roghnaíonn Ballstát dúnadh luath). Breithneofar caiteachas iomarcach a dhearbhófar don Choimisiún sa bhliain chuntasaíochta deiridh ag tráth an dúnta agus ina dhiaidh thráth an dúnta lena chur in ionad méideanna neamhrialta (a dhearbhófar in aon bhliain chuntasaíochta, lena n-áirítear an bhliain chuntasaíochta deiridh) agus don tsolúbthacht 15 % de réir Airteagal 130(3) den CPR (31). Gan dochar d’Airteagal 145(7) den CPR (32), féadfaidh na Ballstáit caiteachas iomarcach a úsáid lena chur in ionad méideanna eile neamhrialta a bhraithfear i ndiaidh na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach/i ndiaidh a ndúnta.
5. TÁSCAIRÍ AGUS CREAT FEIDHMÍOCHTA TRÁTH AN DÚNTA
Ag tráth an dúnta don CEMI, ní mór sonraí le haghaidh táscairí a tharchur sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme an chláir, agus úsáid á baint as na táblaí teimpléid 1, 2 agus 3 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1362/2014 (33) ón gCoimisiún.
Ag tráth an dúnta maidir le CFRE, CSE agus an Ciste Comhtháthaithe, ní mór sonraí do tháscairí aschuir agus toraidh a tharchur i dtuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir agus úsáid á baint as na táblaí teimpléid 1, 2, 3 agus 4 atá leagtha amach in Iarscríbhinn V (34) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 ón gCoimisiún. Sa cholún “Barúlacha”, ba cheart do na Ballstáit luachanna gnóthaithe na bliana 2023 a mhíniú (i gcás inar gá), go háirithe i gcásanna ina bhfuil difríocht shuntasach idir na luachanna sin agus na spriocanna socraithe (i.e. diall níos mó ná 20 %). Ní mór sonraí maidir leis na táscairí a roghnaíodh don chreat feidhmíochta a thuairisciú i dtábla 5 d’Iarscríbhinn V (35) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 ón gCoimisiún.
Ceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas maidir le táscairí a chuimsiú sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme:
|
— |
carnach (bliantúil do CSE): luachanna le haghaidh táscairí aschuir agus toraidh go dtí an bhliain 2023 agus an bhliain sin san áireamh. Maidir le táscairí aschuir CFRE agus an Chiste Chomhtháthaithe agus maidir le haschuir CSE agus táscairí toraidh, bainfidh na luachanna le hoibríochtaí atá cómhaoinithe ón gclár; |
|
— |
aon saincheisteanna a théann i bhfeidhm ar fheidhmíocht an chláir, lena n-áirítear na spriocanna a bhaint amach; |
|
— |
(do CFRE agus don Chiste Comhtháthaithe) luachanna na bliana 2023 do tháscairí toraidh na gclár, bídís ó staidreamh nó ó fhoinsí faisnéise a bhaineann go sonrach leis an tosaíocht (amhail suirbhéanna), ag pointí ama ar leith. Ní mór cion an chláir agus cion tosca eile a chuimsiú sna luachanna sin. Baineann siad le gach tairbhí féideartha (an t-aonad anailíse céanna le sainmhíniú na bonnlíne). |
Moltar do na Ballstáit gan na spriocanna a athbhreithniú i ndiaidh 2022, ach amháin i gcásanna ina bhfuil an t-athbhreithniú mar thoradh ar athruithe ar leithdháiltí i ndáil le tosaíocht áirithe nó céimniú oibríochtaí áirithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhaint amach na spriocanna agus an fhaisnéis atá curtha ar fáil i dtuarascáil deiridh ar chur chun feidhme an chláir á cur san áireamh, lena n-áirítear gnéithe agus tosca a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar na spriocanna atá socraithe a bhaint amach.
5.1. Luachanna gnóthaithe táscairí aschuir a thuairisciú
Maidir le luachanna gnóthaithe táscairí aschuir a thuairiscítear sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme do CEMI i leith cláir, ba cheart go ndéanfadh siad tagairt dá bhfuil curtha ar fáil leis na hoibríochtaí a dtacaítear leo faoin gclár. Cé gur cheart go bhfreagródh na luachanna gnóthaithe táscairí don staid ag an 31 Nollaig 2023, i gcleachtas, féadfar aschuir arna soláthar leis na hoibríochtaí cómhaoinithe go dtí an dáta a gcuirfear isteach an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme le haghaidh CEMI an chláir a thuairisciú sna doiciméid sin. Ba cheart d’údaráis iniúchóireachta an chláir cinneadh a thabhairt maidir le hiontaofacht na sonraí feidhmíochta sa tuarascáil bhliantúil ar rialú don bhliain chuntasaíochta deiridh.
I gcás oibríochtaí céimnithe (féach cuid 6 de na treoirlínte seo), ní fhéadfar ach aschuir arna soláthar de réir na céime a chuimsiú i gclárthréimhse 2014-2020 a thuairisciú i dtuarascáil deiridh cur chun feidhme an chláir. Ní mór aschuir eile (mar aon leis an gcaiteachas gaolmhar) a thuairisciú faoin gclárthréimhse 2021-2027.
Maidir le hoibríochtaí neamhfheidhmiúla (féach cuid 7 de na treoirlínte seo), níor cheart ach aschuir arna soláthar go hiarbhír bunaithe ar an gcaiteachas arna dhearbhú faoin gclár a thuairisciú i dtuarascáil deiridh cur chun feidhme an chláir. I gcásanna áirithe, ciallóidh sé sin gur tuairiscíodh aschur nialasach. Déanfar aschuir arna soláthar le hoibríochtaí neamhfheidhmiúla a mheasúnú i ndiaidh an 15 Feabhra 2027, an spriocdháta do na Ballstáit chun oibríochtaí den sórt sin a chur i gcrích go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán agus áiritheoidh siad go gcuirfidh siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha.
5.2. Na himpleachtaí a bhaineann leis an gcreata feidhmíochta maidir le dúnadh
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar bhaint amach na spriocluachanna i leith na dtáscairí sa chreat feidhmíochta bunaithe ar na luachanna arna dtuairisciú sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme nó sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme le haghaidh CEMI an chláir.
Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar spriocanna a mholadh trí leasú a dhéanamh ar an gclár i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, amhail athrú suntasach i ndálaí comhshaoil, saothair agus an mhargaidh eacnamaíoch, agus nuair a dhéanfar an t-athbhreithniú mar thoradh ar athruithe ar leithdháiltí i leith tosaíocht ar leith (36). Féadfaidh na Ballstáit athbhreithniú ar na spriocanna a mholadh trí leasú cláir i gcás céimniú oibríochtaí áirithe i gcomhréir le cuid 6 de na treoirlínte seo.
D’fhéadfadh mainneachtain na spriocanna nach mbaineann ach le táscairí airgeadais, le táscairí aschuir agus le príomhchéimeanna cur chun feidhme a bhaint amach a bheith ina cúis le ceartúcháin airgeadais má chomhlíontar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 22(7) den Rialachán Airgeadais (37). Déantar measúnú ar mhainneachtain thromchúiseach i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 6(3) agus (4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 (38) ón gCoimisiún.
I gcás ina gcinneann údarás an chláir oibríochtaí neamhfheidhmiúla a chuimsiú i gclár, d’fhéadfadh an t-easpa aschur dochar a dhéanamh do bhaint amach na spriocanna a roghnaíodh don chreat feidhmíochta. Má bhíonn na hoibríochtaí neamhfheidhmiúla a chuimseofar sa chlár ina gcúis le mainneachtain thromchúiseach na spriocanna a roghnaíodh don chreat feidhmíochta a bhaint amach, déanfar an gealltanas ón mBallstát oibríochtaí den sórt sin a chur i gcrích go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán agus a áirithiú go gcuirfidh siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha faoin 15 Feabhra 2027, a chomhshamhlú le gníomhaíocht cheartaitheach chun na spriocanna, dá dtagraítear in Airteagal 22(7) den CPR, a bhaint amach. Tá sé seo faoi réir an choinníll go ndéanfar na haschuir is gá a sholáthar leis na hoibríochtaí lena mbaineann, sa tréimhse bhreise a dheonaítear le halt 7 de na treoirlínte seo. Féadfar ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm mura mbeidh na haschuir soláthartha faoin 15 Feabhra 2027.
Má bhíonn mainneachtain thromchúiseach na spriocanna a roghnaíodh don chreat feidhmíochta a bhaint amach mar thoradh ar chéimniú oibríochtaí áirithe, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ceartú airgeadais a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 22(7) den CPR.
I gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 480/2014 (39) ón gCoimisiún, socrófar ceartuithe airgeadais ar bhonn ráta comhréidh ag féachaint don chomhéifeacht maidir le gnóthú/ionsú, i.e., meán na rátaí gnóthaithe deiridh i leith na dtáscairí aschuir uile agus na bpríomhchéimeanna cur chun feidhme arna roghnú don chreat feidhmíochta faoi thosaíocht ar leith arna roinnt ar an ráta gnóthaithe deiridh don táscaire airgeadais a roghnaíodh don chreat feidhmíochta faoi thosaíocht ar leith. I gcomhréir le hAirteagal 3(2) den Rialachán Tarmligthe céanna, tá an ceartú ar ráta comhréidh le cur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht ón gCiste bunaithe ar an gcaiteachas arna dhearbhú ag an mBallstát faoin tosaíocht lena mbaineann. Faoi Airteagal 3(4) den Rialachán Tarmligthe, ní bheidh leibhéal an cheartaithe airgeadais a bheidh mar thoradh ar chur i bhfeidhm an ráta chomhréidh díréireach.
I gcomhréir le hAirteagal 92b(13)( c) den CPR (40), níl feidhm ag na ceanglais maidir leis an gcúlchiste feidhmíochta agus cur i bhfeidhm an chreata feidhmíochta maidir le hacmhainní REACT-EU.
6. CÉIMNIÚ OIBRÍOCHTAÍ ÁIRITHE THAR DHÁ CHLÁRTHRÉIMHSE
Tá an chuid seo bunaithe ar Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41) lena soláthraítear coinníollacha maidir le “roghnú oibríochta arb í an dara céim í d'oibríocht a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta agus a tosaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013”, agus ar Airteagal 118a de Rialachán (AE) 2021/1060 lena soláthraítear coinníollacha le haghaidh “oibríochtaí atá faoi réir cur chun feidhme céimnithe a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta roimh an 29 Meitheamh 2022 faoi Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013” agus faoi na Rialacháin Chiste-shonracha (42) (43).
Ba cheart na hoibríochtaí a chur i gcrích go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán agus ba cheart go gcuirfidh siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha tráth na doiciméid um dhúnadh a chur isteach. Toisc go mbíonn sé deacair uaireanta cur chun feidhme oibríochtaí a ailíniú leis an gclárthréimhse, áfach, agus chun a áirithiú go gcuirfear oibríochtaí i gcrích agus go gcuirfidh siad leis na spriocanna beartais, i gcomhréir le hAirteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfar oibríochtaí céimnithe a dhéanamh de réir a chéile i gclárthréimhse 2021-2027 (cé is moite d'ionstraimí airgeadais) ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas go léir:
|
— |
ní raibh an oibríocht cómhaoinithe ó na Cistí ná ó CEMI faoi chlárthréimhse 2007-2013; |
|
— |
gur mó ná EUR 5 mhilliún costas iomlán dhá chéim na hoibríochta; |
|
— |
go bhfuil dhá chéim inaitheanta ag baint leis an oibríocht ó thaobh airgeadais de; |
|
— |
go bhfuil rian iniúchóireachta mionsonraithe agus iomlán ann don chaiteachas lena áirithiú nach ndearbhófar an caiteachas céanna faoi dhó don Choimisiún; |
|
— |
go bhfuil an dara céim den oibríocht incháilithe i gcomhair cómhaoiniú ó CFRE, ó CSE+, ón gCiste Comhtháthaithe nó ó CEMID (44) faoi chlárthréimhse 2021-2027 agus go gcomhlíonann sí rialacha infheidhme uile chlárthréimhse 2021-2027; |
|
— |
go ngeallfaidh an Ballstát, sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 141 den CPR, nó i gcomhthéacs CEMI sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme, go dtabharfaidh sé an dara céim agus an chéim dheiridh chun críche le linn chlárthréimhse 2021-2027. |
Mar an gcéanna, in ainneoin Airteagal 118 de Rialachán (AE) 2021/1060, meastar go bhfuil oibríochtaí a roghnaíodh le haghaidh tacaíochta agus ar cuireadh tús leo roimh an 29 Meitheamh 2022 faoin CPR agus faoi na Rialacháin Chiste-shonracha (45) incháilithe le haghaidh tacaíochta freisin faoi Rialachán (AE) 2021/1060 agus faoi na Rialacháin Chiste-shonracha chomhfhreagracha i gclárthréimhse 2021-2027 (46) i gcomhréir le hAirteagal 118a den Rialachán seo (47). Dá bhrí sin, tá an dá chéim de na tionscadail chéimnithe sin faoi réir na gcoinníollacha incháilitheachta uile maidir le clárthréimhse 2014-2020. Níl aon athrú tagtha ar rialacha 2021-2027 maidir le díriú téamach cistí.
De mhaolú ar Airteagal 73(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2021/1060, féadfaidh an t-údarás bainistíochta a chinneadh (48) tacaíocht a dheonú i gcomhair oibríochtaí den sórt sin faoi Rialachán (AE) 2021/1060 ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:
|
— |
gur mó ná EUR 1 mhilliún costas iomlán dhá chéim na hoibríochta; |
|
— |
go bhfuil dhá chéim inaitheanta ag baint leis an oibríocht ó thaobh airgeadais de; |
|
— |
go bhfuil rian iniúchóireachta mionsonraithe agus iomlán ann don chaiteachas lena áirithiú nach ndearbhófar an caiteachas céanna faoi dhó don Choimisiún; |
|
— |
go bhfuil an oibríocht laistigh de na gníomhaíochtaí atá cláraithe faoi chuspóir sonrach ábhartha agus tá sí inchurtha i leith cineál idirghabhála i gcomhréir le hIarscríbhinn I le Rialacháin (AE) 2021/1060 (49); |
|
— |
go ngeallfaidh an Ballstát, sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme arna cur isteach i gcomhréir le hAirteagal 141 den CPR, nó i gcomhthéacs CEMI sa tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme, go dtabharfaidh sé an dara céim agus an chéim dheiridh chun críche le linn chlárthréimhse 2021-2027. |
Ba cheart do na Ballstáit liosta de na hoibríochtaí céimnithe go léir, in éineacht leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (nó, i gcás CEMI, in éineacht leis an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme) a chur isteach (i gcomhréir le hAirteagal 118 agus/nó Airteagal 118a de Rialachán (AE) 2021/1060), ag baint úsáid as an teimpléad a soláthraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na treoirlínte seo.
Agus é sin á dhéanamh acu, geallfaidh na Ballstáit go mbeidh na hoibríochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na treoirlínte seo ag feidhmiú, i.e. curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán, agus go gcuireann siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha faoin spriocdháta chun an pacáiste dearbhaithe a chur isteach don bhliain chuntasaíochta deiridh de chlárthréimhse 2021-2027. Ní mheasfar go bhfuil oibríocht a chéimnítear mar sin ina hoibríocht iomlán agus ní mheastar go mbeidh sí curtha i gcrích go dtí go mbeidh an dá chéim curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus nuair a chuir sí le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha. D’fhéadfadh mainneachtain oibríocht chéimnithe a chur i gcrích mar a bhí beartaithe, a bheith ina cúis le ceartúcháin airgeadais ar dhá chéim na hoibríochta.
Chun céimniú mórthionscadail a iarraidh go foirmiúil, ba cheart do na Ballstáit mórthionscadal a chur isteach nó fógra a thabhairt ina leith, ar mórthionscadal é ina dtuartar céimniú thar dhá chlárthréimhse nó iarratas ar leasú ar mhórthionscadal a faomhadh cheana in 2014-2020 (féach cuid 3.2 de na treoirlínte seo).
I gcomhréir le cuid 11.2 de na treoirlínte seo, ní fhéadfar liosta na n-oibríochtaí céimnithe a cuireadh isteach leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (nó, i gcás an CEMI, an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme) ag baint úsáid as an teimpléad in Iarscríbhinn I de na treoirlínte seo a mhionathrú i ndiaidh an spriocdháta chun na doiciméid um dhúnadh a chur isteach, ach amháin i gcás ina n-iarrann an Coimisiún mionathrú nó i gcás botúin chléireachais.
7. OIBRÍOCHTAÍ NEAMHFHEIDHMIÚLA
Mar a luadh thuas, nuair a chuirtear na doiciméid um dhúnadh isteach, ní mór do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na hoibríochtaí uile (lena n-áirítear na hoibríochtaí de réir a chéile ó chlárthréimhse 2007-2013) sa chlár ag feidhmiú, i.e., go bhfuil siad curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus gur chuir siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha (50).
Iarrtar ar na Ballstáit caiteachas a tabhaíodh agus a íocadh as oibríochtaí nach bhfuil curtha i gcrích go fisiceach nó nach bhfuil curtha chun feidhme go hiomlán agus/nó nach gcuireann le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha (“oibríochtaí neamhfheidhmiúla”) a eisiamh ó na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh, áfach, caiteachas den sórt sin a áireamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh ar an gcoinníoll:
|
— |
gur mó ná EUR 1 mhilliún an costas iomlán a bhaineann le gach oibríocht neamhfheidhmiúil; agus |
|
— |
nach mó an caiteachas iomlán arna dheimhniú don Choimisiún ar na hoibríochtaí neamhfheidhmiúla ná 20 % den chaiteachas iomlán incháilithe (AE agus náisiúnta) arna chinneadh don chlár. |
Trí chaiteachas le haghaidh oibríochtaí neamhfheidhmiúla a chuimsiú sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh, geallann na Ballstáit na go ndéanfaidh siad na hoibríochtaí neamhfheidhmiúla sin uile a chur i gcrích go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán agus a áirithiú go gcuirfidh siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra 2027, agus na méideanna lena mbaineann a aisíoc le buiséad AE mura mbeidh na hoibríochtaí sin ag feidhmiú faoin dáta sin.
Ba cheart do na Ballstáit liosta de na hoibríochtaí neamhfheidhmiúla arna gcuimsiú sa chlár, mar aon leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (nó, i gcás CEMI, an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme), a chur isteach, ag baint úsáid as an teimpléad a sholáthraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na treoirlínte seo. Ba cheart do na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar na hoibríochtaí neamhfheidhmiúla agus faoin 15 Feabhra 2027, ba cheart dóibh an fhaisnéis is gá maidir lena gcur i gcrích go fisiceach nó lena gcur chun feidhme go hiomlán agus maidir lena gcion le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha a sholáthar don Choimisiún.
Mura mbeidh na hoibríochtaí ag feidhmiú faoin 15 Feabhra 2027, ba cheart do na Ballstáit na méideanna atá le ceartú a thabhairt don Choimisiún mar aon le húdar maith a thabhairt faoin dóigh ar ríomhadh na méideanna sin, agus stádas cur chun feidhme agus gnóthú chuspóirí foriomlána na n-oibríochtaí á gcur san áireamh acu. Nuair a gheobhaidh sé an fhaisnéis sin, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh le gnóthú na méideanna lena mbaineann. Féadfar caiteachas iomarcach (má tá sé ar fáil) a chur in ionad méideanna neamhrialta ar bith.
Mura n-aontaíonn an Coimisiún le ríomh na méideanna atá le ceartú, féadfaidh sé a chinneadh nós imeachta um cheartú airgeadais a thionscnamh.
Ina theannta sin, mura mbeidh na hoibríochtaí curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus/nó mura chuir siad le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha faoin spriocdháta thuas, d'fhéadfadh sé sin a bheith ina chúis le ceartú airgeadais mar gheall ar mhainneachtain thromchúiseach na spriocanna a roghnaíodh don chreat feidhmíochta a bhaint amach (51).
8. OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE NÁISIÚNTA LEANÚNACHA ORTHU NÓ ATÁ CURTHA AR FIONRAÍ LE hIMEACHT DLÍTHIÚIL NÓ LE hACHOMHARC RIARACHÁIN A BHFUIL ÉIFEACHT FIONRAÍOCHTA LEIS
Sula gcuirfidh siad na doiciméid um dhúnadh isteach, ba cheart do na Ballstáit a chinneadh an eisiafar nó nach n-eisiafar ó na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh an caiteachas go léir nó cuid den chaiteachas as aon oibríocht a bhfuil tionchar ag imscrúduithe náisiúnta leanúnacha uirthi, nó atá curtha ar fionraí le himeacht dlí nó le hachomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leis.
Áirítear ar shamplaí d'imscrúduithe leanúnacha náisiúnta imscrúduithe a dhéanann comhlachtaí náisiúnta nach ionann iad agus údaráis an chláir (amhail imscrúduithe póilíneachta, imscrúduithe breithiúnacha nó imscrúduithe coiriúla) agus a bhféadfadh a dtoradh dul i gcion ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht an chaiteachais.
Ní chuirfidh fionraí oibríochta le himeacht dlí nó le hachomharc riaracháin síneadh leis an dáta deiridh chun caiteachas incháilithe a thabhú a leagtar amach in Airteagal 65(2) den CPR (52).
Ní fhéadfar aon chaiteachas a dhearbhú le haghaidh oibríochtaí a cuireadh ar fionraí le himeacht dhlíthiúil nó le hachomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leis i ndiaidh an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach.
Mura ndéantar oibríochtaí a bhfuil tionchar ag imscrúduithe náisiúnta leanúnacha orthu nó a cuireadh ar fionraí le himeacht dhlíthiúil nó le hachomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leis a eisiamh ó na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh, ba cheart do na Ballstáit liosta de na hoibríochtaí sin mar aon leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme a chur isteach ag baint úsáid as an teimpléad dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na treoirlínte seo.
Ní mór do na Ballstáit toradh imscrúduithe náisiúnta (53), imeachtaí dlíthiúla agus achomhairc riaracháin a chur in iúl don Choimisiún. I gcás ina ndearbhaítear go bhfuil neamhrialtachtaí ann, rachaidh an Coimisiún ar aghaidh le gnóthú na méideanna lena mbaineann. Féadfar caiteachas iomarcach (má tá sé ar fáil) a chur in ionad méideanna neamhrialta ar bith.
9. CAITEACHAS A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE LEANÚNACHA OLAF, TUARASCÁLACHA OLAF NÓ INIÚCHTAÍ AN CHOIMISIÚIN NÓ CHÚIRT INIÚCHÓIRÍ NA hEORPA AIR
Sula gcuirfidh siad na doiciméid um dhúnadh isteach, iarrtar ar na Ballstáit caiteachas a raibh tionchar ag neamhrialtachtaí ionchasacha a sainaithníodh in imscrúduithe leanúnacha OLAF (má tá imscrúduithe den sórt sin agus an caiteachas lena mbaineann ar eolas ag na Ballstáit ag an gcéim sin), tuarascálacha OLAF nó iniúchtaí an Choimisiúin nó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa air a eisiamh ó na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh. Má chuireann an Ballstát i gcoinne cinntí den sórt sin nó i gcoinne mhéideanna an chaiteachais lena mbaineann agus má áirítear leis an gcaiteachas lena mbaineann sna cuntais, leanfaidh an Coimisiún den nós imeachta bréagnaitheach, a bhféadfadh ceartú airgeadais a bheith mar thoradh air. Gan dochar d’Airteagal 145(7) den CPR (54), féadfar caiteachas iomarcach (má tá sé ar fáil) chur in ionad méideanna neamhrialta ar bith.
10. NEAMHRIALTACHTAÍ
Ní mór go gcuimseofaí an méid seo a leanas sna cuntais do bhliain chuntasaíochta ar bith, lena n-áirítear an bhliain deiridh, ar leibhéal gach tosaíochta agus, i gcás inarb infheidhme, ar leibhéal an Chiste agus na catagóire réigiúin:
|
— |
na méideanna arna n-aistarraingt agus arna ngnóthú i rith na bliana cuntasaíochta; |
|
— |
na méideanna atá le gnóthú ag deireadh na bliana cuntasaíochta; |
|
— |
an gnóthú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 71 den RFC; agus |
|
— |
na méideanna do-inghnóthaithe (55). |
Leagtar amach sa tsamhail do na cuntais a bhunaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1011/2014 ón gCoimisiún (Foscríbhinní 2, 3, 4 agus 5 faoi seach) an fhormáid chun aistarraingtí agus gnóthú, na méideanna atá le gnóthú, an gnóthú a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 71 den CPR agus na méideanna do-inghnóthaithe a thuairisciú (56).
10.1. Láimhseáil neamhrialtachtaí sa bhliain chuntasaíochta deiridh
Ós rud é, i ndiaidh an t-iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach atá le cur isteach faoin 31 Iúil 2024, nach féidir aon iarratas ar íocaíocht a chur isteach chuig an gCoimisiún ina dhiaidh sin, ní mór aon asbhaintí riachtanacha (in ainneoin go bhféadfaí tagairt a dhéanamh iontu don chaiteachas a dearbhaíodh i mblianta cuntasaíochta roimhe sin) a dhéanamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh agus ní mór iad a thuairisciú i gcomhréir leis an tsamhail do na cuntais, go háirithe Foscríbhinní 1, 2 agus 8 a ghabhann leis.
Ní bhaineann sé sin le méideanna atá le gnóthú, méideanna do-inghnóthaithe nó méideanna dá dtagraítear i gcuid 8 agus i gcuid 9 de na treoirlínte seo ar chinn an Ballstát an caiteachas lena mbaineann a choimeád sna cuntais ina leith.
Má chinneann an Ballstát, de bhun Airteagal 137(2) den CPR (57), caiteachas a eisiamh ó na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh de bharr measúnú leanúnach ar dhlíthiúlacht agus ar rialtacht an chaiteachais sin, má fhaightear ina dhiaidh sin go bhfuil an caiteachas sin dlíthiúil agus rialta, ní fhéadfar é a athdhearbhú toisc nach mbeidh aon iarratais ar íocaíocht eatramhach ann ina dhiaidh sin lena gcuimsiú ann.
10.2. Méideanna atá le gnóthú agus méideanna do-inghnóthaithe
Sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh, féadfaidh na Ballstáit méideanna atá le gnóthú agus méideanna do-inghnóthaithe a bhaineann le caiteachas a dearbhaíodh, ní hamháin sna blianta cuntasaíochta roimhe sin, ach sa bhliain chuntasaíochta deiridh chomh maith, a thuairisciú (58). Féadfaidh na Ballstáit méideanna atá tagtha chun bheith ina méideanna atá le gnóthú nó ina méideanna do-inghnóthaithe i ndiaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta deiridh a thuairisciú freisin sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh ach sula gcuirfear na doiciméid um dhúnadh isteach.
Eisiafaidh an Coimisiún na méideanna a tuairiscíodh mar mhéideanna atá le gnóthú agus méideanna do-inghnóthaithe ó ríomh an iarmhéid deiridh (59).
Cinnfidh an Coimisiún an aisíocfaidh sé na méideanna arna dtuairisciú as buiséad an Aontais, bunaithe ar thoradh phróiseas an ghnóthaithe agus/nó ar mheasúnú an Choimisiúin maidir le méideanna do-inghnóthaithe, i gcomhréir leis an nós imeachta a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 ón gCoimisiún (60). Maidir leis na méideanna i bhFoscríbhinní 3 agus 5 de na cuntais a bhaineann le caiteachas a dearbhaíodh sa bhliain chuntasaíochta deiridh, ba cheart na méideanna sin a chuimsiú freisin i bhFoscríbhinn 1 de na cuntais ionas go bhféadfaí iad a aisíoc amach anseo as buiséad an Aontais, ar feitheamh thoradh na nósanna imeachta nó na measúnuithe sin.
Ba cheart don Bhallstát toradh an phróisis gnóthaithe atá ar feitheamh a chur in iúl don Choimisiún a luaithe is féidir.
Má chinneann Ballstát gur cheart méideanna do-inghnóthaithe a ghearradh ar bhuiséad an Aontais, ba cheart dó iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin chun an cinneadh sin a dhearbhú de réir na foirme a leagtar amach in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 ón gCoimisiún. Cinnfidh an Coimisiún ar cheart na méideanna do-inghnóthaithe a ghearradh ar bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis na rialacha a bhunaítear in Airteagal 3 den Rialachán céanna. Baineann sé sin le méideanna do-inghnóthaithe atá ar áireamh i bhFoscríbhinn 5 (“méideanna do-inghnóthaithe”) de chuntais an chláir a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1011/2014 ón gCoimisiún agus méideanna atá ar áireamh i bhFoscríbhinn 3 (“méideanna atá le gnóthú”) den Iarscríbhinn chéanna mar mhéideanna atá le gnóthú a d’fhéadfadh teacht chun bheith ina méideanna do-inghnóthaithe i ndiaidh na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh a chur isteach.
10.3. An baol go ndéanfaidh údaráis an chláir deimhnithe breise ar chaiteachas a dearbhaíodh cheana féin don Choimisiún mar thoradh ar neamhrialtachtaí
Má aimsíodh riosca neamhrialtachtaí a fhágann go ndéanann údaráis an chláir deimhniú breise ar chaiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún cheana féin, ní mór do na húdaráis náisiúnta na spriocdhátaí seo a leanas a chomhlíonadh:
|
— |
maidir le caiteachas a asbhaineadh as cuntais na bliana cuntasaíochta roimh an mbliain chuntasaíochta deiridh i gcomhréir le hAirteagal 137(2) den CPR, ní mór na deimhnithe breise a thabhairt chun críche in am ionas go mbeifear ábalta an caiteachas a dhearbhú san iarratas deiridh ar íocaíocht eatramhach don bhliain chuntasaíochta deiridh ar a dhéanaí, arb é an 31 Iúil 2024 an spriocdháta faoinar gá é a chur isteach; |
|
— |
i gcás ina bhfuil baol ann go ndéanfaí deimhniú breise ar chaiteachas a dearbhaíodh sa bhliain chuntasaíochta deiridh mar thoradh ar neamhrialtachtaí, ba cheart an cinneadh maidir lena dhlíthiúlacht agus lena rialtacht agus, dá bhrí sin, an cinneadh maidir leis an gcaiteachas sin a choimeád sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó é a asbhaint astu, a dhéanamh tráth a gcuirfear na cuntais isteach, arb é an 15 Feabhra 2025, nó an 1 Márta 2025, má chuireann an Coimisiún síneadh leis, an spriocdháta faoinar gá iad a chur isteach. |
10.4. Méideanna a gnóthaíodh i ndiaidh an dúnta
Má dhearbhaigh an Ballstát neamhrialtachtaí i ndiaidh an dúnta i ndáil leis an gcaiteachas atá ar áireamh sna cuntais, ní mór na méideanna a gnóthaíodh i ndiaidh an dúnta a aisíoc le buiséad an Aontais. Féadfar caiteachas iomarcach (má tá sé ar fáil) a chur in ionad méideanna neamhrialta ar bith.
11. DOICIMÉID UM DHÚNADH A CHUR ISTEACH
11.1. Spriocdháta chun doiciméid um dhúnadh a chur isteach
Ní mór na doiciméid um dhúnadh a chur isteach faoin 15 Feabhra 2025 (61) (seachas an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme CEMI atá le cur isteach faoin 31 Bealtaine 2024 (62)). Féadfaidh an Coimisiún an spriocdháta sin a shíneadh go dtí an 1 Márta 2025, i ndiaidh teachtaireacht a fháil ón mBallstát lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 63(7) den Rialachán Airgeadais.
Saorfaidh an Coimisiún go huathoibríoch an chuid sin de na gealltanais a bheidh fós oscailte an 31 Nollaig 2023 mura mbeidh aon cheann de na doiciméid um dhúnadh curtha faoi bhráid an Choimisiúin faoin 15 Feabhra 2025 (nó faoin 1 Márta 2025, má shíneann an Coimisiún é) (63). Sa chás sin, déanfar an clár a dhúnadh ar bhonn na faisnéise a bheidh ar fáil.
D’fhéadfadh mainneachtain aon cheann de na doiciméid um dhúnadh a chur isteach easnamh tromchúiseach i gcóras bainistíochta agus rialaithe an chláir a léiriú, rud a chuirfeadh ranníocaíocht an Aontais a íocadh leis an gclár cheana féin i mbaol. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh ceartú airgeadais a fhorchur sna cásanna sin.
11.2. Mionathrú ar na doiciméid um dhúnadh i ndiaidh an spriocdháta lena gcur isteach
Ní fhéadfaidh na Ballstáit aon cheann de na doiciméid um dhúnadh a mhionathrú i ndiaidh an spriocdháta lena gcur isteach, ach amháin nuair a iarrfaidh an Coimisiún mionathrú nó i gcás botúin chléireachais.
11.3. Infhaighteacht doiciméad
I gcomhréir le hAirteagal 140(1) den CPR (64), d’fhéadfaí briseadh ar an tréimhse choinneála maidir le hinfhaighteacht na ndoiciméad i gcás imeachtaí dlíthiúla nó trí iarratas ón gCoimisiún a mbeidh údar cuí leis.
Má roghnaíonn an Ballstát oibríocht a chéimniú thar dhá chlárthréimhse (de réir chuid 6 de na treoirlínte seo), iarrfaidh an Coimisiún briseadh sa tréimhse choinneála don chéad chéim den oibríocht sin go dtí go dtosóidh an tréimhse choinneála don dara céim den oibríocht i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d'Airteagal 140 (1) den CPR.
Má roghnaigh an Ballstát úsáid a bhaint as an am breise a dheonaigh an Coimisiún chun an oibríocht neamhfheidhmiúil a chur i gcrích go fisiceach nó a chur chun feidhme go hiomlán agus lena áirithiú go gcuirfidh sí le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha (de réir chuid 7 de na treoirlínte seo), déanfaidh an Coimisiún iarratas, i gcomhréir leis an gceathrú fomhír d'Airteagal 140(1), ar bhriseadh na tréimhse coinneála maidir leis an oibríocht sin go dtí go gcuirfear in iúl don Choimisiún go bhfuil sí ag feidhmiú, i.e. go bhfuil sí curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus gur chuir sí le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha.
Tá údar maith leis an mbriseadh sin ós rud é nach féidir le seirbhísí an Choimisiúin nó Cúirt Iniúchóirí na hEorpa incháilitheacht agus feidhmiú foriomlán na hoibríochta iomláine (an dá chéim) a dheimhniú ná a iniúchadh ach amháin nuair a bheidh sí curtha i gcrích.
12. ÁBHAR NA nDOICIMÉAD UM DHÚNADH
12.1. Tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme
Ní mór an fhaisnéis a thuairiscítear in Airteagal 50(2) agus (5) (le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus le haghaidh chláir IPA II) (65) agus in Airteagal 111(3) den CPR (le haghaidh sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post) a bheith sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme na gclár lena dtacaíonn CFRE, CSE agus an Chiste Comhtháthaithe (66).
Leagtar amach struchtúr na tuarascála deiridh ar chur chun feidhme in Iarscríbhinn V (sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post) agus in Iarscríbhinn X (sprioc an Chomhair Chríochaigh Eorpaigh) a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 (67) ón gCoimisiún.
I gcomhréir leis an tríú fomhír d'Airteagal 92b(7) den CPR (68), déanfaidh na Ballstáit tuairisciú sa tuarascáil deiridh ar cur chun feidhme ar an úsáid a bhaintear as an réamh-mhaoiniú tosaigh breise ó acmhainní REACT-EU chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin imirce atá le sárú mar gheall ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise agus maidir leis an méid a chuireann an réamh-mhaoiniú tosaigh breise sin le téarnamh an gheilleagair.
Tuairisceoidh na Ballstáit freisin sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme faoi chomhlíonadh an choinníll a leagtar amach sa cheathrú fomhír d'Airteagal 98(4) den CPR (69), lena gceanglaítear i gcás ina bhfuil ais tosaíochta tiomnaithe ag clár chun oibríochtaí a mhaoiniú lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin imirce mar thoradh ar fhogha míleata Chónaidhm na Rúise trí úsáid a bhaint as an tsolúbthacht dá bhforáiltear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír d'Airteagal 98(4) CPR, go ndéanfar 30 % ar a laghad de leithdháileadh airgeadais na haise tosaíochta sin a shannadh d'oibríochtaí lena mbaineann tairbhithe ar údaráis áitiúla agus eagraíochtaí sochaí sibhialta iad a oibríonn i bpobail áitiúla. I gcás nach gcomhlíonfar an coinníoll sin, déanfar an aisíocaíocht ón gCoimisiún faoin ais tosaíochta lena mbaineann a laghdú go comhréireach lena áirithiú go n-urramófar an coinníoll sin agus an t-iarmhéid deiridh atá le híoc leis an gclár á ríomh.
Ina theannta sin, ba cheart na nithe seo a leanas a bheith sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme:
|
— |
liosta de na hoibríochtaí céimnithe go léir agus méid an chaiteachais incháilithe don chéad chéim arna thabhú sa chlárthréimhse 2014-2020 i gcomhréir le cuid 6 de na treoirlínte seo. Ba cheart go leanfadh an liosta an teimpléad in Iarscríbhinn I a ghabhann leis na treoirlínte seo; |
|
— |
liosta de gach oibríocht neamhfheidhmiúil de réir chuid 7 de na treoirlínte seo. Ba cheart go leanfadh an liosta an teimpléad in Iarscríbhinn II a ghabhann leis na treoirlínte seo; |
|
— |
liosta de na hoibríochtaí go léir a bhfuil tionchar ag imscrúduithe náisiúnta leanúnacha orthu nó atá curtha ar fionraí le himeacht dlí nó le hachomharc riaracháin a bhfuil éifeacht fionraíochta leis i gcomhréir le cuid 8 de na treoirlínte seo. Ba cheart go leanfadh an liosta an teimpléad in Iarscríbhinn III a ghabhann leis na treoirlínte sin. |
Maidir leis na cláir a bhfaightear tacaíocht ina leith ó CEMI, ní theastaíonn tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme. Ina ionad sin, ní mór an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme (ar cheart na táblaí in Iarscríbhinn I, II agus III a ghabhann leis na treoirlínte seo a áireamh iontu, i gcás inarb infheidhme) a chur isteach faoin 31 Bealtaine 2024, agus ní mór an fhaisnéis a ndéantar cur síos uirthi in Airteagal 50(2) den CPR agus in Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a chur inti. Leagtar amach struchtúr na tuarascála bliantúla sin ar chur chun feidhme in Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1362/2014 ón gCoimisiún.
12.1.1. Mórthionscadail a thuairisciú (70)
Trí mhórthionscadal a chur san áireamh sa tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (tábla 12 d’Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 ón gCoimisiún), dearbhaíonn an Ballstát go bhfuil an mórthionscadal curtha i gcrích go fisiceach nó curtha chun feidhme go hiomlán agus go gcuireann sé le cuspóirí na dtosaíochtaí ábhartha. Ba cheart mórthionscadail nach bhfuil ag feidhmiú, nó atá céimnithe a thuairisciú de réir chodanna 6 agus 7 de na treoirlínte seo.
Sa cholún “Barúlacha” i dtábla 12, ba cheart do na Ballstáit a léiriú ar cuireadh an mórthionscadal chun feidhme i gcomhréir leis an doiciméadacht a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin nó ar tugadh fógra dó ina leith faoi Airteagal 102 nó 103 den CPR a bhí mar bhonn don chinneadh ón gCoimisiún lenar faomhadh an ranníocaíocht airgeadais i gcomhair an tionscadail, i bhfoirm an chinnidh nó an chomhaontaithe intuigthe. Ba cheart do na Ballstáit cur síos a dhéanamh agus míniú a thabhairt ar aon éagsúlacht i gcur chun feidhme an mhórthionscadail i gcomparáid leis an méid a luadh sa doiciméadacht thuasluaite.
Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chomhlíonadh an mhórthionscadail a cuireadh chun feidhme leis an doiciméadacht a cuireadh isteach nó ar tugadh fógra ina leith (agus déanfaidh sé measúnú ar an gcinneadh ón gCoimisiún lena bhfaomhtar an ranníocaíocht airgeadais i gcás inarb ábhartha). Agus é sin á dhéanamh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na cúiseanna agus na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhlíonadh an mhórthionscadail a cuireadh chun feidhme leis an doiciméadacht a thacaíonn le faomhadh an Choimisiúin agus féadfaidh sé ceartú airgeadais a fhorchur.
12.1.2. Glacadh agus spriocdhátaí
Scrúdóidh an Coimisiún an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme agus cuirfidh sé a bharúlacha in iúl don Bhallstát laistigh de chúig mhí ó dháta a fála (71). Sa chás nach gcuireann an Coimisiún barúlacha in iúl laistigh den spriocdháta sin, measfar gur glacadh leis an tuarascáil.
Tabharfar dhá mhí do na Ballstáit freagra a thabhairt ar bharúlacha an Choimisiúin maidir le tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún síneadh dhá mhí eile a chur leis an spriocdháta sin, arna iarraidh sin do Bhallstát. Glacfar leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme mura bhfuil barúlacha ag an gCoimisiún nó má tugadh aghaidh leordhóthanach ar bharúlacha uile an Choimisiúin.
12.2. Cuntais
Ní mór an fhaisnéis a thuairiscítear in Airteagal 137(1) den CPR a chur san áireamh sna cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh, mar atá sé d'aon bhliain chuntasaíochta eile. Leagtar amach struchtúr na gcuntas in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1011/2014 ón gCoimisiún. Ní mór iad a ullmhú agus na ceanglais shonracha don bhliain chuntasaíochta deiridh á gcur san áireamh (féach cuid 10 thuas go sonrach).
12.2.1. Scrúdú agus glacadh
Maidir le scrúdú agus glacadh na gcuntas don bhliain chuntasaíochta deiridh leantar na rialacha céanna arna mbunú maidir le cuntais a scrúdú agus a ghlacadh d'aon bhliain chuntasaíochta eile.
Cuirfidh an Coimisiún nósanna imeachta i bhfeidhm maidir leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh a scrúdú agus glacadh leo agus cuirfidh sé an Ballstát ar an eolas faoin 31 Bealtaine 2025 i dtaobh an nglacann sé leis go bhfuil na cuntais iomlán, cruinn agus fíor (72).
12.3. Dearbhú bainistíochta agus achoimre bhliantúil
Leagtar amach struchtúr an dearbhaithe bainistíochta don bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a leagtar amach d’aon bhliain chuntasaíochta eile, in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 (73) ón gCoimisiún.
12.4. Tuairim iniúchóireachta agus tuarascáil ar rialú
Leagtar amach struchtúr an na tuairime iniúchóireachta don bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a leagtar amach d’aon bhliain chuntasaíochta eile, in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 (74) ón gCoimisiún.
Leagtar amach struchtúr na tuarascála ar rialú don bhliain chuntasaíochta deiridh, mar a leagtar amach d'aon bhliain chuntasaíochta eile, in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/207 (75) ón gCoimisiún.
I gcás ina bhfuil feidhm ag córas coiteann bainistíochta agus rialaithe maidir le níos mó ná clár amháin, féadfaidh an Ballstát a roghnú an fhaisnéis nach mór a sholáthar in aon tuarascáil rialaithe amháin ina gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann.
Ba cheart an méid seo a leanas a bheith sa tuarascáil ar rialú don bhliain chuntasaíochta deiridh freisin:
|
— |
faisnéis faoi thorthaí oscailte a eascraíonn as na hiniúchtaí arna ndéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin nó ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, agus ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar i gcuid 8 “Faisnéis eile” den tuarascáil ar rialú; |
|
— |
dearbhú maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais faoi ionstraimí airgeadais (Airteagal 41 agus Airteagal 42 den CPR); |
|
— |
dearbhú maidir le hiontaofacht na sonraí a bhaineann le táscairí; |
|
— |
dearbhú go bhfuil méid an chaiteachais phoiblí a íoctar le tairbhithe comhionann ar a laghad leis an ranníocaíocht ó na Cistí agus ó CEMI arna híoc ag an gCoimisiún leis an mBallstát (Airteagal 129 den CPR (76)). |
12.4.1. Ionstraimí airgeadais (77)
Maidir le hionstraimí airgeadais, ba cheart d’údaráis iniúchóireachta an chláir dearbhú a fháil go bhfuil na méideanna deiridh a dhearbhaítear tráth an dúnta incháilithe. Ba cheart an fhaisnéis sin a sholáthar in alt 9 “Leibhéal foriomlán dearbhaithe” den tuarascáil ar rialú agus, más iomchuí, i gcodanna eile den tuarascáil (go háirithe, i gcuid 4 “Iniúchtaí córais” agus 5 “Iniúchtaí oibríochtaí”).
I gcás ionstraimí airgeadais atá faoi réir iarratais chéimnithe ar íocaíochtaí eatramhacha (tráinsí réamhíocaíochtaí) (78), d’fhéadfadh sé nach mbeadh incháilitheacht caiteachais a bhaineann leis an tráinse deireanach, ná suas le 15 % de na méideanna a bhí ar áireamh i dtráinsí roimhe sin, cumhdaithe in iniúchtaí a rinneadh roimhe seo ar oibríochtaí. Ba cheart d'údaráis iniúchóireachta an chláir dearbhú a fháil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais sin sula gcuirfear isteach na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh. Ní gá, áfach, go mbeadh cur chun feidhme infheistíochta a thacaíonn leis an ionstraim airgeadais curtha i gcrích ag an bhfaighteoir deiridh trí na doiciméid um dhúnadh a chur isteach. Ba cheart d'údaráis iniúchóireachta an chláir tuairisciú a dhéanamh ar an dóigh a bhfuair siad an dearbhú sin agus incháilitheacht chaiteachas iomlán na n-ionstraimí airgeadais a dhearbhú don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 42 den CPR sa tuarascáil ar rialú don bhliain chuntasaíochta deiridh.
Maidir le hionstraimí airgeadais tráth an dúnta, moltar go gclúdóidh údarás iniúchóireachta an chláir pobalú atá fágtha an chaiteachas incháilithe nár clúdaíodh roimhe seo le linn iniúchtaí ar oibríochtaí. Ní gá go ndéanfaí iniúchadh ar na hionstraimí airgeadais uile tráth an dúnta, ach níor cheart aon ionstraim airgeadais a eisiamh ó roghnú randamach. Ina theannta sin, féadfaidh údaráis iniúchóireachta an chláir a chinneadh na hionstraimí airgeadais roghnaithe a ghrúpáil chun críche a n-iniúchtaí, ós rud é go mbeidh na torthaí a gheofar infheidhme maidir leis na hionstraimí airgeadais uile laistigh den ghrúpa.
Ba cheart d'údaráis iniúchóireachta an chláir iniúchadh a dhéanamh ar shampla staidrimh d'infheistíochtaí agus de chostais agus táillí bainistíochta agus féadfaidh siad an caiteachas sin a láimhseáil mar thréimhse samplála bhreise chun torthaí na n-iniúchtaí a rinneadh roimhe seo a úsáid (79).
12.4.2. Iontaofacht sonraí
Ba cheart d’údaráis iniúchóireachta an chláir cinneadh a dhéanamh maidir le hiontaofacht na sonraí a bhaineann le táscairí sa tuarascáil ar rialú don bhliain chuntasaíochta deiridh, lena n-áirítear cinneadh ar an measúnú ar phríomhcheanglas 6 “Córas iontaofa chun sonraí a bhailiú, a thaifeadadh agus a stóráil chun críocha faireacháin, meastóireachta, bainistíochta airgeadais, deimhnithe agus iniúchóireachta, lena n-áirítear naisc le córais leictreonacha malartaithe sonraí le tairbhithe” a leagtar amach i dtábla 1 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 480/2014 ón gCoimisiún (80). Sa mheasúnú sin ar phríomhcheanglas 6, ba cheart go n-áireofaí dearbhú go bhfuil na sonraí comhiomlánaithe a tuairiscíodh don Choimisiún ceart.
12.4.3. Caiteachas poiblí a íoctar le tairbhithe
Ba cheart don údarás deimhniúcháin a áirithiú go n-urramófar comhlíonadh Airteagal 129 den CPR ina ríomhanna le haghaidh na gcuntas deiridh. Ba cheart don údarás iniúchóireachta náisiúnta an ghné sin a chur ar áireamh ina iniúchadh ar chuntais na bliana cuntasaíochta deiridh agus ba cheart dó an dearbhú a fuarthas i gcaibidil 6 den tuarascáil deiridh ar rialú a thuairisciú.
13. ÍOCAÍOCHT AN IARMHÉID DEIRIDH
Íocfar an t-iarmhéid deiridh tráth nach déanaí ná trí mhí tar éis an dáta a glacadh leis na cuntais don bhliain chuntasaíochta deiridh nó mí amháin tar éis an dáta a glacadh leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme, cibé dáta is déanaí (81).
Tá sé sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin an spriocdháta le haghaidh íocaíocht an iarmhéid deiridh a bhriseadh nó íocaíocht den sórt sin a chur ar fionraí.
14. SAINCHEISTEANNA DLÍTHIÚLACHTA AGUS RIALTACHTA
Féadfaidh an Coimisiún saincheisteanna a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart bunúsach a bhaineann le caiteachas sna cuntais ghlactha a ardú i ndiaidh an t-iarmhéid deiridh a íoc agus i ndiaidh dhúnadh an chláir.
Tá dúnadh an chláir gan dochar do cheart an Choimisiúin ceartuithe airgeadais a fhorchur i gcomhréir le hAirteagal 85, le hAirteagal 144 agus le hAirteagal 145 den CPR (82) agus, ina theannta sin, i gcás CEMI, le hAirteagal 105 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014.
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320 (“CPR”).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir le forálacha sonracha a bhaineann le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006, IO L 347, 20.12.2013, lch. 289.
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lch. 259).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 470).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1084/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 281).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(7) I gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 92b(8) den CPR, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus le socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a sholáthar chun deisiú géarchéimeanna a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus chun téarnamh glas, digiteach agus athléimneach an gheilleagair (REACT-EU) a ullmhú (IO L 437, 28.12.2020, lch. 30), cumhdófar sna cláir a leithdháilfidh na Ballstáit acmhainní REACT-EU ina leith an tréimhse go dtí an 31 Nollaig 2022, faoi réir mhír 4 den Airteagal sin.
(8) Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) (IO L 77, 15.3.2014, lch. 11) (“Rialachán IPA II”).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 447/2014 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2014 maidir leis na rialacha sonracha maidir le Rialachán (AE) Uimh. 231/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) a chur chun feidhme (IO L 132, 3.5.2014, lch. 32) (“Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II”).
(10) Maidir le cláir um chomhar a dtacaíonn CFRE leo faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh agus maidir le cláir um chomhar trasteorann a dtacaíonn IPA II leo, ba cheart “Ballstát” mar a luaitear sna treoirlínte reatha a thuiscint mar an Ballstát a bhfuil an t-údarás bainistíochta á óstáil aige.
(11) I gcomhréir le hAirteagal 138(1) den Chomhaontú maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO C 384I, 12.11.2019, lch. 1), (“an Comhaontú um Tharraingt Siar”), i ndáil le cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoi CAI 2014-2020 nó faoi dhearcthaí airgeadais a bhí ann roimhe sin, beidh feidhm fós ag dlí is infheidhme an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le ceartuithe airgeadais agus maidir le himréiteach cuntas, maidir leis an Ríocht Aontaithe i ndiaidh an 31 Nollaig 2020 go dtí go ndúnfar na cláir agus na gníomhaíochtaí sin de chuid an Aontais, mura mbeidh bearta teicniúla glactha ag an gComhchoiste i gcomhréir le hAirteagal 138(5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Ba cheart a thabhairt faoi deara, áfach, nach bhfuil feidhm ag forálacha na dtreoirlínte seo a bhaineann le hacmhainní REACT-EU maidir leis an Ríocht Aontaithe, de réir chúigiú fomhír Airteagal 154 den CPR, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(12) Tá feidhm ag Airteagal 141 CPR maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(13) Airteagal 30(1) de CPR.
(14) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/460 an 30 Márta 2020 agus Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(15) Arna leasú le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(16) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(17) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(18) Ní bhaineann mórthionscadail leis na cláir a dtacaíonn CEMI leo. Níor thacaigh cláir CCE agus IPA II le mórthionscadail.
(19) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/207 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na samhlacha don tuarascáil ar dhul chun cinn, le faisnéis a chur isteach maidir le mórthionscadal, leis an bplean gníomhaíochta comhpháirtí, leis na tuarascálacha cur chun feidhme maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, leis an dearbhú bainistíochta, leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus leis an tuarascáil bhliantúil ar rialú agus maidir leis an modheolaíocht chun an measúnú costais is tairbhe a dhéanamh agus de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an tsamhail do na tuarascálacha cur chun feidhme maidir le sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 38, 13.2.2015, lch. 1).
(20) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1011/2014 ón gCoimisiún an 22 Meán Fómhair 2014 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le samhlacha d’fhaisnéis áirithe a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na rialacha mionsonraithe maidir le malartuithe faisnéise idir tairbhithe agus údaráis bhainistíochta, údaráis deimhniúcháin, údaráis iniúchóireachta agus comhlachtaí idirmheánacha (IO L 286, 30.9.2014, lch. 1).
(21) Airteagal 86(2) de CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(22) Airteagal 86(4) agus 136 (2) den CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(23) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(24) An cúigiú fomhír d’Airteagal 92b(5) den CPR, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(25) Airteagal 82 den CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(2) de Rialachán IPA II.
(26) An tríú fomhír d’Airteagal 92b(7) den CPR, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(27) Airteagal 139(7) den CPR, arna leasú le Rialachán (AE) 2020/460 an 30 Márta 2020; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán IPA II.
(28) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/460 an 30 Márta 2020.
(29) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/558 an 23 Aibreán 2020 agus Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(2) de Rialachán IPA II.
(30) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1) ('an Rialachán Airgeadais').
(31) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/558 an 23 Aibreán 2020 agus Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(32) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(33) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1362/2014 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le nós imeachta simplithe do cheadú leasuithe áirithe ar na cláir oibríochtúla arna maoiniú faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus rialacha i dtaca le formáid agus cur i láthair sonraí carnacha tuarascálacha bliantúla maidir le cur chun feidhme na gclár sin (IO L 365, 19.12.2014, lch. 124).
(34) Tábla 1 agus Tábla 2 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/207 ón gCoimisiún do CCE agus IPA II (de bhua Airteagal 42 (1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II).
(35) Tábla 3 d’Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2015/207 ón gCoimisiún do ETC agus IPA II.
(36) Pointe 5 d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 34(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II agus Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (b)(v) CCE.
(37) Airteagal 22(7) agus 144 (4) den CPR; tá feidhm ag an dara ceann maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(38) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 215/2014 ón gCoimisiún an 7 Márta 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh maidir le modheolaíochtaí i gcomhair tacaíocht i leith an athraithe aeráide, cinneadh garspriocanna agus spriocanna sa chreat feidhmíochta agus ainmníocht na gcatagóirí idirghabhála le haghaidh Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 69, 8.3.2014, lch. 65). Tá feidhm ag Airteagal 6 de Rialachán (AE) 215/2014 maidir le IPA II de bhua Airteagal 34(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II agus Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (b)(v) CCE.
(39) Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 480/2014 an 3 Márta 2014 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 138, 13.5.2014, lch. 5). Tá feidhm ag Airteagal 2 agus 3 de Rialachán (AE) 480/2014 maidir le IPA II de bhua Airteagal 34 (1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II agus Airteagal 8(2), an chéad fhomhír, pointe (b)(v) CCE.
(40) Arna leasú le Rialachán (AE) 2020/2221.
(41) Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159) arna leasú le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(42) Rialacháin dá dtagraítear i bhfonótaí 2 go 6.
(43) Níl siad infheidhme maidir le cláir um chomhar trasteorann faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II).
(44) Faoi chlárthréimhse 2021-2027, athraíodh teideal an Chiste Eorpaigh Muirí agus Iascaigh (CEMI) go dtí an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID).
(45) Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1300/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2014/508 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(46) Airteagal 118a de Rialachán (AE) 2021/1060, a tugadh isteach le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(47) Arna leasú le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(48) Coiste Faireacháin i gcás CCE [agus IPA II].
(49) Arna leasú le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039.
(50) Níor cheart oibríocht, a chomhlíon ceanglas Airteagal 71 den CPR ach nach raibh ag feidhmiú a thuilleadh nuair a dúnadh an clár, a mheas mar oibríocht neamhfheidhmiúil.
(51) Airteagal 22(7) de CPR.
(52) Socraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II 43(1) dáta deiridh le haghaidh incháilitheachta do chaiteachas arna íoc do chláir um chomhar trasteorann IPA II amhail an 31 Nollaig 2023.
(53) Gan dochar do na hoibleagáidí maidir neamhrialtacht a thuairisciú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/1970 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus forálacha sonracha maidir le neamhrialtachtaí a thuairisciú a bhaineann le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 293, 10.11.2015, lch. 1). Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2015/1970, bunaithe ar Airteagal 122 (2) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(54) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(55) Airteagal 137(1)(b) den CPR.
(56) Tá feidhm ag Iarscríbhinn VII, bunaithe ar Airteagal 137(3) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 46 (5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(57) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(58) Chun deis a thabhairt do na Ballstáit leas a bhaint as an bhféidearthacht faoin CPR méideanna atá le gnóthú tráth an dúnta nó i ndiaidh an dúnta a dhearbhú le haghaidh na méideanna atá le gnóthú i ndáil le bliain chuntasaíochta deiridh na clárthréimhse.
(59) Is é an toradh a bheidh air sin go mbeidh méid níos ísle le híoc nó le himréiteach i gcásanna ina bhfuil an t-iarmhéid deiridh dearfach nó go mbeidh méid níos airde le gnóthú i gcásanna ina bhfuil an t-iarmhéid deiridh ina ghnóthú.
(60) Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/568 ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na coinníollacha agus na nósanna imeachta chun a chinneadh an aisíocfaidh na Ballstáit méideanna do-inghnóthaithe maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh (IO L 97, 13.4.2016, lch. 1). Tá feidhm ag Rialachán (AE) 2016/568, bunaithe ar Airteagal 122 (2) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(61) Airteagal 138 agus Airteagal 141(1) den CPR agus Airteagal 63(5) den Rialachán Airgeadais. Tá feidhm ag forálacha an CPR maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(62) Airteagal 114(1) de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 149, 20.5.2014, lch. 1).
(63) Airteagal 136(2) de CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(64) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(65) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 42 de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(66) Tá feidhm ag Airteagal 14 CCE maidir le IPA II freisin de bhua Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(67) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(68) Arna leasú le Rialachán (AE) 2022/613 an 12 Aibreán 2022.
(69) Arna leasú le Rialachán FAST CARE (AE) 2022/2039. Níl feidhm ag Airteagal 98 ach maidir le sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.
(70) Ní bhaineann mórthionscadail leis na cláir a dtacaíonn CEMI leo. Níor thacaigh cláir CCE agus IPA II le mórthionscadail.
(71) Airteagal 50(7) de CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 42(1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II, ag tagairt dá réir sin d'Airteagal 50.
(72) Airteagal 139 den CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(73) Tá feidhm ag Iarscríbhinn VI, bunaithe ar Airteagal 125(4) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 37 (1) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(74) Tá feidhm ag Iarscríbhinn VIII, bunaithe ar Airteagal 127(5) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 37 (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(75) Tá feidhm ag Iarscríbhinn IX, bunaithe ar Airteagal 127(5) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 37 (3) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(76) Tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(77) Níl sé ábhartha le haghaidh cláir CCE agus níl sé infheidhme maidir le cláir um chomhar trasteorann faoi IPA II.
(78) Airteagal 41 den CPR.
(79) Maidir le hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi phointe (a) agus pointe (c) d'Airteagal 38(1) den CPR agus maidir le hionstraimí airgeadais arna mbunú faoi phointe (b) den Airteagal céanna arna gcur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) nó ag institiúid airgeadais idirnáisiúnta eile, déanann iniúchóirí seachtracha BEI/CEI iniúchadh ar na costais agus táillí bainistíochta a ghearrann BEI/Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) nó institiúid airgeadais idirnáisiúnta eile. Ina theannta sin, seiceálann iniúchóirí seachtracha BEI/CEI aon chostais agus táillí bainistíochta a ghearrann na hidirghabhálaithe airgeadais a roghnaíonn CEI ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh iasachtaí agus ionstraimí cothromais.
(80) Tá feidhm ag Iarscríbhinn IX, bunaithe ar Airteagal 144(6) CPR, maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(81) Airteagal 141(2) de CPR; tá feidhm aige maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(5) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
(82) Tá feidhm ag trí fhoráil maidir le IPA II de bhua Airteagal 46(6) de Rialachán Cur Chun Feidhme IPA II.
IARSCRÍBHINN I
LIOSTA NA nOIBRÍOCHTAÍ GO LÉIR ARNA gCÉIMNIÚ Ó 2014-2020 GO 2021-2027
(le cur i gceangal leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (1))
|
TEIDEAL AN CHLÁIR |
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
UIMHIR CCI |
|
|
|
||||||||
|
|
|
|
|
||||||||
|
TOSAÍOCHT/CISTE/CATAGÓIR RÉIGIÚIN |
TAGAIRT DON OIBRÍOCHT |
TEIDEAL NA hOIBRÍOCHTA |
DÁTA [AGUS UIMHIR] AN CHOMHAONTAITHE INTUIGTHE/ AN CHEADAITHE ÓN gCOIMISIÚN (MÁS MÓRTHIONSCADAL ATÁ I gCEIST) |
OIBRÍOCHTAÍ CÉIMNITHE FAOI AIRTEAGAL 118 |
OIBRÍOCHTAÍ CÉIMNITHE FAOI AIRTEAGAL 118 a |
COSTAS IOMLÁN NA hOIBRÍOCHTA (in EUR) |
CAITEACHAS DEIMHNITHE IOMLÁN DON CHÉAD CHÉIM (in EUR) |
RANNÍOCAÍOCHT PHOIBLÍ DON CHÉAD CHÉIM (in EUR) |
DÁTA CRÍOCHNAITHE BEARTAITHE/DEIRIDH NA DARA CÉIME (BLIAIN, RÁITHE) |
CLÁR 2021-2027 FAOINA gCUIRFEAR/FAOINAR CUIREADH AN OIBRÍOCHT I gCRÍCH (2) |
|
|
Iomlán (don dá chéim, iomlán deiridh nó measta) |
Don dara céim (iomlán deiridh nó measta) |
||||||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1) Le haghaidh CEMI, a chuirfear i gceangal leis an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme.
(2) Ainm an chláir don tréimhse chláraithe 2021-2027 faoina gcuirfear/faoinar cuireadh an dara céim den oibríocht i gcrích.
IARSCRÍBHINN II
LIOSTA D'OIBRÍOCHTAÍ NEAMHFHEIDHMIÚLA
(le cur i gceangal leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (1))
|
TEIDEAL AN CHLÁIR |
|
|||||
|
|
||||||
|
UIMHIR CCI |
||||||
|
|
||||||
|
TOSAÍOCHT/CISTE/CATAGÓIR RÉIGIÚIN |
TAGAIRT DON OIBRÍOCHT |
TEIDEAL NA hOIBRÍOCHTA |
AINM AN TAIRBHÍ/AN FHAIGHTEORA |
COSTAS IOMLÁN NA hOIBRÍOCHTA (in EUR) |
CAITEACHAS DEIMHNITHE IOMLÁN (in EUR) |
RANNÍOCAÍOCHT PHOIBLÍ (in EUR) |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(1) Le haghaidh CEMI, a chuirfear i gceangal leis an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme.
IARSCRÍBHINN III
LIOSTA OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE NÁISIÚNTA LEANÚNACHA ORTHU/ATÁ CURTHA AR FIONRAÍ LE hIMEACHT DLÍTHIÚIL NÓ LE hACHOMHARC RIARACHÁIN A BHFUIL ÉIFEACHT FHIONRAÍOCHTA LEIS
(le cur i gceangal leis an tuarascáil deiridh ar chur chun feidhme (*1))
|
TEIDEAL AN CHLÁIR |
|
|
|||||
|
|
|
||||||
|
UIMHIR CCI |
|
||||||
|
|
|
||||||
|
TOSAÍOCHT/CISTE/ CATAGÓIR RÉIGIÚIN |
TAGAIRT DON OIBRÍOCHT |
TEIDEAL NA hOIBRÍOCHTA |
AINM AN TAIRBHÍ/AN FHAIGHTEORA |
CAITEACHAS DEIMHNITHE IOMLÁN LENA mBAINEANN (in EUR) |
RANNÍOCAÍOCHT PHOIBLÍ LENA mBAINEANN (in EUR) |
OIBRÍOCHTAÍ A BHFUIL TIONCHAR AG IMSCRÚDUITHE NÁISIÚNTA LEANÚNACHA ORTHU* |
OIBRÍOCHTAÍ A CUIREADH AR FIONRAÍ LE hIMEACHT DLÍTHIÚIL NÓ LE hACHOMHARC RIARACHÁIN A BHFUIL ÉIFEACHT FHIONRAITHEACH LEIS* |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
(*1) Le haghaidh CEMI, a chuirfear i gceangal leis an tuarascáil bhliantúil dheireanach ar chur chun feidhme.Cuir X sa cholún cuí.
IARSCRÍBHINN IV
SAMPLA DE CHUR I bhFEIDHM SOLÚBTHACHT AGUS UASTEORANNÚ AN CHAITEACHAIS PHOIBLÍ LAISTIGH DE RÍOMH AN IARMHÉID DEIRIDH DO CHLÁR AONCHISTE